19 minute read
Cad chuige an tríú teanga, agus cén teanga?
Eoghan Mac Éinrí, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
ACHOIMRE An bhfuil muintir na hÉireann chomh lag agus a mhaítear in eolas teangacha? Cad é an buntáiste breise a thugann an Ghaeilge don dalta i bhfoghlaim teanga nua? Déanfar plé sa pháipéar seo ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den mholadh chun an tríú teanga a theagasc sna scoileanna lán-Ghaeilge. Pléifear fosta an rogha teangacha atá ann agus an iomaíocht a éiríonn as an rogha sin. Cuirfear an cheist. An bhfuil áit ann do theanga neodrach, an Esperanto, mar shampla?
ABSTRACT
Are the Irish as weak as is often claimed in language skills? What advantage does knowing Irish bring to learning another language? This paper will discuss the rationale behind the recommendation to teach a third language in gaelscoileanna. The choice of language and the rivalry that this could bring will also be considered. The question will be asked. Is there a place for a neutral language like Esperanto?
1. RÉAMHRÁ
I mí na Samhna 2017, d’fhógair an Foras Pátrúnachta go mbeidh daltaí sna naíonáin bheaga ar aghaidh i roinnt gaelscoileanna ag foghlaim ceann dá gcuid ábhar scoile trí mheán an tríú teanga (O’Brien, 2017; Tuairisc, 2017). Cur chuige na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) nó Content and Language Integrated Learning (CLIL) atá i gceist. Níl earnáil ar bith eile sa tír ní b’oiriúnaí chun an tríú teanga a theagasc sa bhunscoil ná na scoileanna lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht araon. Ach ní mór an cheist a chur: an é an cur chuige FCÁT seo an tslí is fearr chun an tríú teanga a thairiscint sna bunscoileanna lán-Ghaeilge?
2. NUATHEANGACHA SA CHURACLAM – AN COMHTHÉACS EORPACH Tá an moladh seo FCÁT ag teacht sna sála ar an chinneadh a glacadh chun deireadh a chur leis an Modern Languages in the Primary School Initiative(MLPSI) sa Phoblacht mar gheall ar imní faoin ualach oibre sa churaclam ar leibhéal na bunscoile agus faoi inniúlacht na hearnála agus na múinteoirí féin chun freastal ar theanga bhreise (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2014, lch 8) sna scoileanna Béarla. Ní mór an cheist a chur an mbeidh na tosca sin, ualach oibre agus mar sin de, i gceist sna gaelscoileanna fosta agus iad ag dul i mbun an tríú teanga? Tá buntáistí breise ag na scoileanna lán-Ghaeilge a thugann deis chun ratha dóibh leis an ilteangachas. Tá sealbhú an dara teanga curtha i gcrích ag na daltaí lán-Ghaeilge agus is féidir leo tógáil ar a gcuid scileanna inaistrithe i bhfoghlaim teangacha, agus ar an taithí atá acu ar an fheasacht teanga. Tá an chuma air, mar sin, go bhfuil bunús iontaofa le cinneadh an Fhorais Pátrúnachta an tríú teanga a chur chun cinn sna gaelscoileanna. Tá an moladh seo ag réiteach go maith fosta le bunphrionsabal an ilteangachais san Aontas Eorpach: Linguistic diversity is a fundamental component of European culture and intercultural dialogue, and […] the ability to communicate in a language other than one's mother tongue is acknowledged to be one of the key competences which citizens should seek to acquire. (An Coimisiún Eorpach. Comhairle an Aontais Eorpaigh, 2014) Ó thaobh polasaí de, tá an dóchas ann go gcomhlíonfaidh an beart bunscoile seo fosta an t-éileamh a tháinig ó chruinniú cheannairí na hEorpa i mBarcelona sa bhliain 2002 go múinfí ar a laghad dhá theanga nua ó aois an-óg ar aghaidh (‘An Mháthairtheanga Móide a Dó’) “...to improve the mastery of basic skills, in particular by teaching at least two foreign languages from a very early age: establishment of a linguistic competence indicator in 2003” (An Coimisiún Eorpach, 2002).
3. AN COMHTHÉACS ÉIREANNACH Is gá a aithint go mbíonn fadhb ag baint leis an bhfocal ‘foreign’ i gcomhthéacs na hÉireann. Ní ‘dhá theanga eile’ a mhol cruinniú Barcelona, ach ‘dhá theanga iasachta’. Cuirtear ceangal na gcúig chaol ar stádas na Gaeilge san Eoraip leis an choinníoll seo, agus i meon oifigiúil na hÉireann féin. I Mí na Nollag 2017, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna i mBaile Átha Cliath An Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-2026: Déanann Teangacha Nasc(An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017a). Tá an straitéis dírithe go príomha ar iarbhunscoileanna. Deirtear sa straitéis gur gá imeacht ó “dhátheangachas atá oifigiúil ach atá bacach ag an am céanna (lch 4) – an official but lame bilingualism”. Deir na cáipéisí Éireannacha uilig gur gá “sochaí ilteangach i ndáiríre a dhéanamh agus úsáid teanga iasachta amháin agus níos mó a chothú ag gach céim den chóras oideachais agus ar feadh an oideachais fadsaoil” (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017a, lch 1; Comhairle na hEorpa, 2008, lch 51). Ach tá an chuma air nach n-áirítear an Ghaeilge mar chuid dháiríre den ilteangachas seo. Sonraítear an méid seo a leanas san achoimre a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do EUROSTAT: Irish is a second language to the vast majority of pupils but is not considered a foreign language. At lower and upper secondary (ISCED 2 and 3), a modern language is not a compulsory element of either the required curriculum or of the State examinations. (EUROSTAT) Mar sin, ní teanga iasachta í an Ghaeilge, agus ní nuatheanga í ach an oiread. I ndeireadh na dála, níl sé soiléir cad é an cineál rud í an Ghaeilge i gcóras oideachais na hÉireann ar chor ar bith! Agus murar féidir le muintir na hÉireann í a rangú, cad é mar is féidir leis na heagrais Eorpacha áit na Gaeilge sa chóras oideachais a thuiscint? Tá polasaí teanga na Poblachta in abar ag an ‘Foreign Fetish’, nó an andúil iasachtach seo. Tá an t-oideachas lán-Ghaeilge ar fáil i dTuaisceart Éireann agus tá an Ghaeilge ar fáil fosta ansin in earnáil na scoileanna Béarla mar ‘Irish’. Aithnítear mar ‘Modern Language’ í, ní hionann is sa Phoblacht, agus ní luaitear an focal ‘foreign’.
4. AN COMHTHÉACS IDIRNÁISIÚNTA
Chaith an t-údar cuid mhaith blianta mar mholtóir seachtrach ar an Séala Eorpach Teanga, an gradam Eorpach do theangacha sa Phoblacht, go dtí gur éirigh an Ríocht Aontaithe as an tionscnamh roinnt blianta ó shin ar chúiseanna costais. Ba mhór an t-ábhar iontais agus frustrachais dó agus é ag dul isteach i mbunscoileanna, i meánscoileanna, in institiúidí tríú leibhéal, agus i ngnóthais sa Phoblacht, agus an téad choitianta a chloisteáil: “Ní nuatheanga í an Ghaeilge”. Tá sé iontach mealltach a bheith páirteach i dtionscnaimh idirnáisiúnta, Comenius, Erasmus, agus araile. Ach is minic nach raibh áit ar bith don Ghaeilge san ilteangachas seo, nó níos measa arís, daoine á rá go bhfuil an Ghaeilge ina bac ar fhorbairt an ilteangachais agus an idirnáisiúnachais. Bhí an t-údar sa tSualainn in 1994 nuair a chaith an tír sin an vóta ar son dul isteach san Aontas Eorpach. Bhi plé ann ag an am ar áit agus ar thodhchaí na Sualainnise san Aontas. Tír bheag agus teanga bheag a deirtí, ach tír a roghnaigh an Béarla sna caogaidí mar mheán cumarsáide idirnáisiúnta. Scríobh Ingmar Karlsson, iar-ambasadóir na Sualainne chun an Aontais Eorpaigh, alt nuachtáin ar na féidearthachtaí a bheadh i ndán don teanga agus don chultúr Sualannach taobh istigh den Aontas Eorpach. D’aithin sé buntáiste an Bhéarla a bhí ag an tSualainn fosta, ach bhí focal rabhaidh aige: …vi inte kan tänkas följa det irländska exemplet och avstå från att svenska blir ett officielt EU-språk. Detta är i grunden en demokratifråga. […ní féidir a shamhlú go leanfaimid sampla na hÉireann agus gan stádas teanga oifigiúla a éileamh don tSualainnis san Aontas Eorpach. Is ceist daonlathais í, go bunúsach.]
(Karlsson, 1994) Ráiteas eile a chuala mé: “Vi måste inte göra det Iriska felet” (“Ní mór dúinn an botún Éireannach a sheachaint”). Is é ‘fel’ an focal Sualainnise ar ‘botún’. Tá ceangal teangeolaíoch aige leis an fhocal Gaeilge ‘feall’, agus rinne Rialtas na hÉireann feall nuair nár éiligh sé aitheantas don Ghaeilge san Eoraip nuair a chuaigh an tír isteach sa Chomhphobal Eorpach in 1973. Ní ceacht staire ná sanasaíochta atá ar bun againn anseo, ach iarracht chun an díospóireacht ar an ilteangachas i scoileanna na hÉireann a shoiléiriú i gcomhthéacs sheasamh Rialtas na hÉireann. Ceap magaidh a bhí agus atá i bpolasaí teanga na hÉireann san Eoraip agus ar fud an domhain, agus ní haon bharántas ar leigheas é Déanann Teangacha Nasc, an straitéis nua uaillmhianach atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don iarbhunscoil. Bunaíonn an straitéis nua a réasúnaíocht i dtaca leis an ilteangachas ar dhrochsheasamh na hÉireann sna táscairí Eorpacha ar úsáid teangacha san Eoraip – leithéidí Eorabharaiméadar agus Eurostat. De réir na Roinne Oideachais agus Scileanna, léiríonn na suirbhéanna sin go bhfuil “saoránaigh na hÉireann chun deiridh ar mhórchuid dár gcomhshaoránaigh Eorpacha maidir le cumas teanga” (An Roinn Oideachais agus Scileanna 2017a, lch 10). Ach an bhfuil Poblacht na hÉireann chomh holc sin i ndáiríre maidir le cumas teanga i gcomparáid le tíortha áirithe eile san Eoraip? Tá Éire ag bun an liosta nuair nach gcuirtear an Ghaeilge san áireamh mar dhara teanga. Ní dócha go gcuirtear foghlaim an Bhéarla sna scoileanna Gaeltachta san áireamh mar ní áirítear an Béarla sna scoileanna Gaeltachta mar theanga iasachta.
6. AN BÉARLA SA CHOMHTHÉACS IDIRNÁISIÚNTA
Tá tíortha eile san Eoraip ina bhfuil an dara teanga, an tríú teanga, agus níos mó, uaireanta, ag go leor dá gcuid saoránach. Ach bíonn an Béarla ar thús cadhnaíochta ar theanga ar bith eile: At EU level, almost all students (97.3 %) learnt English during lower secondary education in 2014. In addition, the proportion of students learning English at primary level has increased at EU level by 18.7 percentage points since 2005, reaching a total of 79.4 %. (Eurydice, 2017) Déanann formhór na ndaltaí scoile san Eoraip staidéar ar an Bhéarla mar dhara teanga agus beidh na figiúirí sin ag fás de réir mar a thagann an ghlúin óg in aois. Is ionann an t-ilteangachas agus an Béarla ag cuid mhór den Eoraip, agus níl ag éirí go maith i gcónaí leis an sprioc ‘an mháthairtheanga móide a dó’. Fiú sa tSualainn, mar shampla, “… in the educational arena, the situation of second foreign language teaching is often described as ‘catastrophic’” (Cabau-Lampa, 2007).
6. COMHCHREAT TAGARTHA NA hEORPA UM THEANGACHA (CTET) MAR THÁSCAIRE AR AN CHUMAS TEANGA Moladh ag an chruinniú i mBarcelona go mbunófaí ‘a linguistic competence indicator’ agus is é Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET) an táscaire ar chumas teanga is forleithne úsáid san Eoraip. Tá sé bunaithe ar an chumas sa dara teanga ag daltaí in aois 14 go 16:
The assessment of language competences is based on the percentage of pupils aged 14-16 years old who attain the level of independent user in the second language studied. The term ‘independent user’ corresponds at least to level B1, as defined in the Common European Framework of Reference for language competences (CEFR).
(Comhairle an Aontais Eorpaigh, 2014)
Is é seo an sainmhíniú ar leibhéal B1 (úsáideoir neamhspleách): Is féidir leis na príomhphointí a thuiscint i ngnáthchaint shoiléir agus chaighdeánach ar chúrsaí coitianta a bpléitear go rialta leo san áit oibre, ar scoil, le linn caitheamh aimsire, srl. Is féidir leis deileáil le formhór na gcásanna ar dóigh dóibh teacht chun cinn agus é ag taisteal i gceantar ina labhraítear an teanga. Is féidir leis téacs atá simplí agus nasctha a tháirgeadh ar thopaicí a bhfuil cur amach aige orthu nó a bhfuil spéis phearsanta aige iontu. Is féidir leis trácht a dhéanamh ar eispéiris, ar eachtraí, ar mhianta, ar ábhair dhóchais agus ar uaillmhianta agus cúiseanna achoimre a thabhairt le tuairimí agus le pleananna agus mínithe achoimre a thabhairt orthu.
(Comhairle na hEorpa, gan dáta; CNCM, gan dáta: Aguisín A, Aguisín B) Luíonn na spriocanna seo leis na scileanna teanga a luaitear leis na torthaí foghlama don Ghaeilge ag an Teastas Sóisearach: Tá na torthaí foghlama atá luaite leis na trí shnáithe sa tsonraíocht seo ailínithe, a bheag nó a mhór, leis na tuairiscíní atá le fáil i mbandaí A2-B1 (ó bhonnúsáideoir go húsáideoir neamhspleách teanga) den FTCE (CEFR).
(An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017b) Ba chóir, mar sin, aitheantas faoin Eorabharaiméadar a thabhairt do na daltaí a n-éiríonn leo i scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh sna scoileanna Béarla, gan trácht ar na gaelscoileanna. Ní dócha ansin go mbeadh “saoránaigh na hÉireann chun deiridh ar mhórchuid dár gcomhshaoránaigh Eorpacha maidir le cumas teanga” (An Roinn Oideachais agus Scileanna 2017a, lch 10).
7. FOGHLAIM, SEALBHÚ AGUS ÉAGSÚLACHT TEANGACHA Luann an teangeolaíocht fheidhmeach trí athróg nó chritéar ratha i bhfoghlaim teangacha: Essentially, language achievement in immersion education, when compared to subject teaching, can be attributed to three fundamental variables of successful second language acquisition namely, the extent of time, the intensity of use and the quality of exposure to the second language. In immersion education, it is also expected that learners have access to the whole curriculum, through either one or both of the languages, but the immersion language will be the dominant language of learning and instruction. (McKendry 2007, lch 5) Is féidir na trí athróg sin a leathnú amach ón tumoideachas go dtí an teagasc teangacha go ginearálta. Sna scoileanna Béarla, níl ach teanga amháin ann a bheadh ábalta na hathróga sin a chomhlíonadh .i. an Ghaeilge. Caithfear amhras a chaitheamh, mar sin, ar acmhainn na straitéise nua Déanann Teangacha Nasc chun cainteoirí cumasacha a sholáthar sna teangacha iasachta. Tá sealbhú an dara teanga slánaithe a bheag nó a mhór ag na daltaí bunscoile sna gaelscoileanna. Is féidir le cuid mhaith acu bogadh ar aghaidh go dtí an tríú teanga, na cainteoirí dúchais Gaeilge ach go háirithe. Is fiú fosta amharc ar thionscnaimh ar nós na Trílitearthachta/Triliteracy sa Bhreatain Bheag (ESTYN). Ach bheadh amhras ann go mbeadh an acmhainn ag cuid mhór de na gnáth-ghaelscoileanna, ina bhfuil na daltaí ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga, tabhairt faoin tríú teanga. Is fíor é sin sa Tuaisceart ach go háirithe, cé go raibh cuid de na gaelscoileanna ansin páirteach sa scéim The Primary Modern Languages Programme(PMLP), ar cuireadh deireadh leis in 2015 ar chúiseanna costais agus beagratha. Tá baol ann go rachfar thar fóir sna gaelscoileanna, thuaidh agus theas, leis an tríú teanga a theagasc do pháistí nach bhfuil an dara teanga sealbhaithe acu go fóill. Ná déantar dearmad gur cuireadh deireadh, mar a dúradh cheana, leis an Modern Languages in the Primary SchoolInitiative sa Phoblacht fosta mar gheall ar an imní faoin ualach oibre sa churaclam agus faoi chumas na hearnála agus na múinteoirí féin freastal ar theanga breise.
8. AN FHOGHLAIM CHOMHTHÁITE ÁBHAR AGUS TEANGACHA (FCÁT) Ach, d’ainneoin gach amhrais, tá taobh dearfach leis an scéal. Abair go bhfuil an cinneadh déanta ag an bhainistíocht i ngaelscoil éigin gur tionscnamh indéanta é an tríú teanga a theagasc do na daltaí. Cad é mar is fearr tabhairt faoi?
Tairgeadh an páipéar seo sa snáithe comhdhála, Beartas agus Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha.Cur chuige bunaithe ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha, FCÁT nó CLIL, atá á mholadh ag an Fhoras Pátrúnachta, cé nach ndearnadh mórán plé ag an chomhdháil ar mhúineadh an tríú teanga faoi scáth FCÁT. Phléigh an t-údar CLIL sa ghaelscoil i dtaighde in 2006 a bhí maoinithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta agus COGG: CLIL uses the target language for a curricular purpose, so that the language becomes a means to an end rather than an end in itself. The focus is not on language learning, but on acquiring new information. While devised for language enrichment in mainstream schools, the CLIL approach now encompasses immersion education and the ‘long tradition (in Ireland) since the 1920s’ is recognised (Eurydice 2006, lch 15). Accordingly, the CLIL approach to teaching and its resources should be of relevance to IME. (McKendry, gan dáta, lch 14). (Cló iodálach ag an údar) Bhí toradh an traidisiúin fhadbhunaithe seo le léamh ar Churaclam na Bunscoile (CNCM, 1999). Sna scoileanna Béarla, “moltar an Ghaeilge a úsáid mar mheán cumarsáide go neamhfhoirmiúil i gcomhthéacs an tseomra ranga agus na scoile de réir mar a oireann” (CNCM, 1999, lch 3) – FCÁT i bhfocail eile – i raon cur chuige ó lag go láidir (Baker, 2016). Sa ghaelscoil (taobh amuigh den Ghaeltacht), is leagan láidir den oideachas dátheangach de réir Baker atá i gceist, ina múintear na hábhair trí mheán na sprioctheanga. Níl aon amhras ach go bhfuil straitéisí FCÁT/CLIL an-úsáideach sa ghaelscoil chun an dara teanga, is é sin an Ghaeilge, a theagasc do dhaltaí ón nGalltacht ach go háirithe, ag tógáil ar an dea-chleachtas atá i réim ó bunaíodh an stát. Ach an bhfuil buntáiste le baint as teagasc an tríú teanga faoi mhúnla FCÁT? Ba chóir machnamh a dhéanamh ar na míbhuntáistí a luadh cheana, ualach oibre teagaisc agus foghlama, baol mearbhaill, etc. Tá baol ann fosta go gcaillfear an friotal agus an cleachtadh sa Ghaeilge san ábhar a roghnaítear má dhéantar an mhatamaitic, mar shampla, a theagasc trí mheán an tríú teanga.
9. PUNANN NA dTEANGACHA EORPACHA
Má tá scoil chun an tríú teanga a theagasc, is féidir úsáid a bhaint as Punann na dTeangacha Eorpacha in áit chur chuige FCÁT. Comhairle na hEorpa a dhear an phunann (Comhairle na hEorpa g.d. [2]). Luaigh Harris agus Ó Duibhir (2011, lgh 68-69) na buntáistí a bhaineann leis an Phunann: Féadann sí freastal ar roinnt feidhmeanna, ach is iad na feidhmeanna a bhaineann leis an gcomhthéacs reatha ná (a) gnóthachtálacha foghlaimeoirí a thaifeadadh agus a ndul chun cinn a dhoiciméadú; agus (b) ionstraim a thugann deis do dhaltaí machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim. (2011, lch 68) Tá leagan Béarla den Phunann in úsáid i mbunscoileanna na hÉireann chun freastal ar riachtanais na ndaltaí nuathagtha ó thíortha eile (Little, 2005) agus d’fhéadfadh an acmhainn sin a oiriúnú a thuilleadh i dtreo na Gaeilge (Harris & Ó Duibhir, lch 69). D’fhoilsigh an Modern Languages in the Primary School Initiative leagan dátheangach Béarla/Gaeilge (MLPSI, 2005). Tá eiseamláirí eile ar fáil, mar shampla an leagan atá ag Scottish CILT (2014).
10. ÉAGSÚLACHT AGUS ROGHA TEANGACHA
Agus cén teanga a roghnófar? Ní thagann an cheist seo chun tosaigh mórán thar lear i ndiaidh an Bhéarla. Ach tá liosta iontach fada teangacha iasachta i gceist i gcóras oideachais na Poblachta: Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Rúisis, Seapáinis, Araibis, Sínis, agus anois teangacha na ndaltaí nuathagtha (An Roinn Oideachais agus Scileanna 2017a, lgh 26-29). An bhfuil baol ann go mbeidh comórtas cómharfach ann idir na teangacha éagsúla sa churaclam agus sa seomra foirne; iomaíocht ghéar nó ‘Cogadh na gCarad’ idir na teangacha éagsúla, chun áit agus fábhar a fháil ar an chlár ama, seachas breisteangachas dearfach. Ní féidir a thuar cén teanga a bheidh ‘úsáideach’ do dhaltaí an lae inniu i gceann 10-20 bliain nuair a rachaidh siad amach i mbun an tsaoil oibre. Níor shamhail an t-údar, mar shampla, agus é ar scoil go mba í an tSualainnis an chéad theanga iasachta a bhéarfadh tuarastal ceart dó (McKendry, 2013). Tá an Foras Pátrúnachta agus na gaelscoileanna ag iarraidh dea-nósanna agus cumas teanga na ndaltaí a fhorbairt i dteannta a gcumais sa Ghaeilge. In áit chur chuige FCÁT/CLIL, an fiú smaoineamh ar an Esperanto mar réamhchúrsa foghlama agus feasachta teanga, ag feidhmiú mar Lingchlár nó Springboard (Tellier) i dtreo teanga eile nuair a rachaidh siad isteach san iarbhunscoil (Mullarney; Ó Riain), nó amach sa saol mór?
TAGAIRTÍ Baker, C. (2006). Foundations of Bilingual Education and Bilingualism (An ceathrú heagrán) Multilingual Matters. Cabau-Lampa, B. (2007). Mother tongue plus two European languages in Sweden: Unrealistic educational goals? Language Policy, 6, 333-358.
Centre for Information on Language Teaching and Research (CILT). (2006). My Language Portfolio.Ar fáil ar: http://www.agtv.vic.edu.au/files/Website%202015/8871-junior-passport.pdf Coimisiún na hEorpa. (2002). Presidency Conclusions. Barcelona European Council. March 15 and 16, 2002. Ar fáil
ar: http://europa.eu/rapid/press-release_PRES-02-930_en.htm An Coimisiún Eorpach. Comhairle an Aontais Eorpaigh. (2014). Conclusions on multilingualism and the development of language competences. Education, Youth, Culture and Sport Council meeting, Brussels, 20 May 2014. Ar fáil ar: https://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/educ/142692.pdf (léite 24 Deireadh Fómhair 2018) Comhairle na hEorpa/Council of Europe. (gan dáta [1]). Common European Framework of Reference for Languages (CEFR).Ar fáil ag: https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/table-1-cefr3.3-common-reference-levels-global-scale Comhairle na hEorpa/Council of Europe. (gan dáta). (2). European Language Portfolio.Ar fáil ag: https://www/coe.int/en/web/portfolio Comhairle na hEorpa/Council of Europe. (2008). Language Education Policy Profile: Ireland.Ar fáil ag: https://www.education.ie/en/Publications/Education-Reports/Council-of-Europe-Language-Education-PolicyProfile.pdf An Coimisiún Eorpach. Comhairle an Aontais Eorpaigh. (2014). Conclusions on multilingualism and the development of language competences. Education, Youth, Culture and Sport Council meeting, Brussels, 20 May 2014. Ar fáil ar: https://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/educ/142692.pdf (léite 24 Deireadh Fómhair 2018) An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). (1999). Curaclam na Bunscoile: Gaeilge.An Roinn Oideachais agus Scileanna: Baile Átha Cliath. Ar fáil ar: https://www.curriculumonline.ie/getmedia/920c3fd9-1f534163-a045-90f07ebb6b71/PSEC01b-Gaeilge_curriculum.pdf An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). (gan dáta). An Teastas Sóisearach: An Ghaeilge. Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Gaeilge-T2-L2/Introduction-tothis-specification?lang=ga-ie Estyn (HMI for Education and Training in Wales). (2002). Developing dual literacy: An Estyn discussion paper. Estyn. Eurostat. (gan dáta). National Reference Metadata in ESS Standard for Quality Reports Structure (ESQRS). Statistical Presentation 2. National Education System – Provisions regarding language learning. Ar fáil ar:
https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/en/educ_uoe_enr_esqrs_ie.htm Eurydice. (2006). Content and Language Integrated Learning (CLIL) at school in Europe. Eurydice. Eurydice. (2017). Key Data on Teaching Languages at School in Europe.Ar fáil ar:
https://eacea.ec.europa.eu/national-policies/eurydice/content/key-data-teaching-languages-school-europe-–2017-edition_en Harris, J., Ó Duibhir, P. (2011). Múineadh Éifeachtach Teangacha: Sintéis ar Thaighde. Tuarascáil Taighde Uimh.13. CNCM: Baile Átha Cliath. Karlsson, I. (1994, Lúnasa 29) Svenska språket överlever i EU. Svenska Dagbladet. Little, D. (2005). The Common European Framework and the European Language Portfolio: Involving learners and their judgements in the assessment process. Language Testing,22(3), 321-336. McKendry, E. (gan dáta). Immersion Education: An Introductory Guide for TeachersComhairle na Gaelscolaíochta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). McKendry, E. (2007). An Tumoideachas / Immersion Education.Comhairle na Gaelscolaíochta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
McKendry, E. (2013). Conversations in Uppsala and Diversity in Language Learning. In A. Ó Corráin & G. Ó Riain (eag.) Celebrating Sixty Years of Celtic Studies at Uppsala University: Proceedings of the Eleventh Symposium of Societas Celtologica Nordica. (lgh 213-226). Uppsala Universitet. 213-226. Modern Languages in the Primary School Initiative (MLPSI). (2005). My European Language Portfolio(My ELP). Kildare Education Centre. Mullarney, M. (1989). Esperanto for Language Awareness. In B. Ó Meadhra, B. Richardson & C. Ó Cuilleanain (eag.) Languages in the 1990s: Proceedings of the MLTA’s Third National Modern Language Convention. MLTA/DCU. 78-
83. O’Brien, C. (21 Samhain 2017). Children in Gaelscoileanna to learn foreign languages. Irish Times. Ar fáil ar: https://www.irishtimes.com/news/education/children-in-gaelscoileanna-to-learn-foreign-languages-1.3298859 Ó Riain, S. (Márta 2009). Múineadh na Gaeilge: cabhair ó Esperanto? FEASTA, Clódhanna Teoranta. 23-26. An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2014). Creat Le hAghaidh Comhairliúcháin ar Straitéis Um Theangacha Iasachta San Oideachas d'Éirinn.Ar fáil ar: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Curaclaimagus-Siollabas/Teanga-Iasachta An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2017a). An Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 20172026: Déanann Teangacha Nasc. BÁC: An Roinn Oideachais agus Scileanna. Ar fáil ar: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Curaclaim-agus-Siollabas/TeangaIasachta/fls_languages_connect_strategy_ir.pdf (léite 24 Deireadh Fómhair 2018) An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2017b). Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí.Ar fáil ar: https://curriculumonline.ie/getmedia/ac4ea67a-3318-4900-a156-9e8cb9cafaac/JC-GAE-T2_sonraiocht-deiridh.pdf Scottish CILT. (2014). My European Language Portfolio.Ar fáil ar: https://www.scilt.org.uk/Portals/24/Library/resources/ELP/My%20European%20Language%20Portfolio%20electro nic%20V2%20May2015.pdf (léite 24 Deireadh Fómhair 2018) Tellier, A. (2013). Esperanto as a starter language for child second-language learners in the primary school. (An dara heagrán).Esperanto UK. Ar fáil ar: http://www.esperantoresearch.org.uk/sites/default/files/site/files/esperanto_as_a_starter_language.pdf Tuairisc (21 Samhain 2017) Leanaí i nGaelscoileanna le tosú ag foghlaim an tríú teanga sna naíonáin bheaga. Tuairisc.ie.Ar fáil ar: https://tuairisc.ie/leanai-i-ngaelscoileanna-le-tosu-ag-foghlaim-na-triu-teanga-snanaionain-bheaga/