25 minute read
Tumoideachas ar oileáin scoite amach ó chósta na hÉireann – Féinmheastóireacht nó féinchaomhnú?
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin
ACHOIMRE
Advertisement
Tá iar-bhunscoileanna ar oileáin scoite amach ón gcósta ag stracadh le fada agus iad faoi mhíbhuntáistí iomadúla le blianta. Tá an easpa polasaí maidir le hoileáin na hÉireann go ginearálta, agus easpa polasaí maidir le hoideachas ar oileáin ach go háirithe, ainneoin na ndúshlán aitheanta, ina spreagadh do na scoileanna seo agus do phobail na n-oileán chun gníomhú lena dtodhchaí a chinntiú mar iar-bhunscoileanna Gaeltachta atá ag feidhmiú faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna. Tá daonra na n-oileán ag laghdú go leanúnach in Éirinn (CSO, 2016), rud a chuireann le práinn na scoileanna todhchaí a rianadh dóibh féin agus dá bpobail, iad ag tarraingt ar pholasaithe agus ar chur chuige réamhghníomhach tíortha eile. Tá an t-iomlán seo ag tarlú i gcomhthéacs ina bhfuil rialachas, riarachán agus éilimh ó scoileanna ag méadú de shíor, ach féinchaomhnú seachas féinmheastóireacht a bheith mar phríomhspreagadh ag iar-bhunscoileanna ar oileáin in Éirinn.
ACHOIMRE
Ireland’s off-shore island post-primary schools have been struggling for many years as they face numerous disadvantages, the most obvious being their remote location and small size. The lack of a national policy for islands’ development or sustainability, or any coherent islands’ education policy, has caused island schools to identify the significant disadvantages that they face and to engage with island communities, Education and Training Boards, with Government and with wider society, to address these disadvantages and challenges. Ireland’s island populations are falling continuously, which has caused already vulnerable post-primary schools to create a self-preservation plan for their future. These ‘community active’ schools recognised that some other countries have implemented progressive legislation to ensure islands’ sustainability through sensitive development. Islands schools’ struggle is occurring against a backdrop of the increased governance, regulatory and administrative burden faced by all schools. Island schools’ primary focus in recent years has been self-preservation, which provides a particularly unique focus to the Department of Education and Skills requirement regarding School Self-Evaluation (SSE) and School Improvement Plan (SIP).
1. COMHTHÉACS AGUS CÚLRA
Tá saindúshláin an oideachais ar oileáin faoi chaibidil anseo, agus iarrachtaí leanúnacha ar siúl le blianta sa chúlra le todhchaí oileáin Ghaeltachta na hÉireann a chinntiú trí na scoileanna orthu a dhaingniú. Nissology (Baldacchino, 2006; Gill, 2017; Mac Pháidín, 2018; McCall, 1994, 1996) is ea staidéar ar oileáin. Ní raibh téarma Gaeilge do nissology le fáil in aon fhoclóir clóite ná ar líne. Tá anois, agus an téarma iniseolaíochtgo hoifigiúil san fhoclóir. Ní raibh aon téarma Gaeilge ar insulaphobia nó ‘uamhan roimh oileáin’ ach oiread ag tús an taighde seo. Díríonn an páipéar seo ar an iomaíocht idir riachtanais na féinmheastóireachta agus an fhéinchaomhnaithe i scoileanna tumoideachais ar oileáin scoite amach ón gcósta.
1.1 Feidhmeanna scoileanna agus dualgais féinmheastóireachta Tá réimse feidhmeanna ag gach scoil in Éirinn faoin Acht Oideachais (1998), agus dualgais na cáilíochta ag eascairt as sin (an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS), 2016; Ó Foghlú, 2014; Mac Pháidín, 2018a). Dualgais agus feidhmeanna scoileanna aitheanta de réir an Achta Oideachais (1998): • Chun a chinntiú go ndéanfar riachtanais oideachais gach mic léinn, lena n-áirítear iad sin atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, a shainaithint agus go ndéanfar soláthar faoina gcomhair, • Chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ar threoir chuí chun cabhrú leo i dtaca lena roghanna oideachais agus gairme, • Chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do mhic léinn agus d’fhoireann na scoile, idir fhireannaigh agus bhaineannaigh, • I gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail, • Chun forbairt na Gaeilge agus thraidisiúin na hÉireann, litríocht na hÉireann, na healaíona agus nithe cultúrtha eile, a chur chun cinn. (An tAcht Oideachais, 1998) Leis an bpróiseas féinmheastóireachta scoile Féinmheastóireacht Scoile– Treoirlínte 2016-2020agus Ag Breathnú ar an Scoil Againne (BASA / LAOS), dírítear gach scoil, scoileanna tumoideachais san áireamh, ar bhóthar na féinmheastóireachta. In Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí,2016, dírítear foireann teagaisc na scoile ar a gcuid freagrachtaí agus riachtanas maidir le cur i bhfeidhm na gcéimeanna d’fhonn cáilíocht an teagaisc, na foghlama, na féinmheastóireachta agus na cumarsáide a dhearbhú (ROS, 2016; Ó Foghlú, 2016; Mac Pháidín, 2008; Mac Pháidín, 2018a; Mac Pháidín, 2018b). Tá an páipéar seo ag díriú go sonrach ar iar-bhunscoileanna seachas bunscoileanna ar oileáin ar dhá chúis: • Tá géarchéim sna hiar-bhunscoileanna ar oileáin, géarchéim atá á gcur i mbaol láithreach • Eagraítear bunscoil ar oileán, a bheag nó a mhór, ar aon dul le bunscoil ar an mórthír, rud nach amhlaidh do na hiar-bhunscoileanna, cheal acmhainní.
2. IAR-BHUNSCOILEANNA AR OILEÁIN – PÁTRÚNACHT AGUS BAINISTÍOCHT
Maidir le hiar-bhunscoileanna ar oileáin atá scoite amach ón gcósta, a bhfuil cúig cinn díobh sa tír go hiomlán, tá siad uile in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna (ETB): tá trí cinn díobh faoi chúram Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) agus dhá cheann faoi phátrúnacht agus faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (DETB) (GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017; Oireachtas Éireann, 2018). Is scoileanna den scoth iad le bainistíocht inscoile, foirne agus boird bhainistíochta atá tiomanta agus díograiseach, faoi bhainistíocht agus phátrúnacht GRETB agus DETB. Mar sin féin, tá siad ag feidhmiú le blianta gan na tacaíochtaí riachtanacha breise, a eascraíonn as a gcomhthéacs oileánda, a bheith aitheanta ná ceadaithe dóibh ag an státchóras go lárnach (GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017; Oireachtas Éireann, 2018).
2.1 Comhthéacs iar-bhunoideachais ar oileáin GRETB (Clárúcháin scoláirí 2017/18) • Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, 56 scoláire (bunaithe 1953) • Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, 40 scoláire (bunaithe 2002) • Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, 27 scoláire (bunaithe 1986)
DETB (Clárúcháin scoláirí 2017/18) • Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, 106 scoláire (bunaithe 1994) • Coláiste Pobail Cholmcille, Oileán Thoraigh, 6 scoláire (bunaithe 2006)
Nuair atá iar-bhunscoileanna Gaeltachta eile ar an mórthír ag treabhadh i ngort na féinmheastóireachta agus ag oibriú trí BASA / LAOS agus ag díriú ar Mheasúnú chun Foghlama (McF); litearthacht; uimhearthacht; caighdeán na cumarsáide inscoile srl (ROS, 2016; Mac Pháidín, 2017; Mac Pháidín, 2008; Mac Pháidín, 2004; Ó Foghlú 2014a; Ó Foghlú 2014b), tá na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin ag tabhairt tosaíochta, de bharr riachtanais an fhéinchaomhnaithe, dóibh seo a leanas: 1. Leithdháileadh easnamhach múinteoirí 2. Rochtain ar fhoireann chuí cháilithe 3. Buiséad scoile neamhdhóthanach 4. Rollú agus Scoláireachtaí 5. Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin: Stádas neamhspleách á lorg 6. Faoi mhíbhuntáiste ach gan Stádas DEIS ag iar-bhunscoileanna ar Oileáin 7. Seirbhísí gan rochtain éasca ag scoláirí orthu –- síceolaithe - teiripeoirí urlabhra - tacaíocht mheabhairshláinte - treoir - corpoideachas
2.2 Foinse scoláirí do na hiar-bhunscoileanna ar oileáin Dúshlán leanúnach eile do na hiar-bhunscoileanna ar oileáin is ea foinse na scoláirí. Tagann 50% de scoláirí Árainn Mhór amach ón mórthír go laethúil agus tá cuid mhaith de phobal scoile Oileáin Árann na Gaillimhe ar scoláireacht bliana thar na trí Oileán Árann gach bliain (Mc Hugh, 2017; GRETB, 2017). Cothaíonn sé sin éiginnteacht maidir le sóláthar leanúnach scoláirí, agus dúshláin maidir le pleanáil ó bhliain go bliain don scoil. • Aistriú 100% ón mbunscoil áitiúil • Scoláireachtaí – 3 Oileán Árann (32/123) • Deontas na gCeantar Iargúlta (6/123) • Scoláirí ón mórthír (Árainn Mhór amháin) go laethúil (59/103) Mar shampla, maidir le Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin (CNE), do 2017/2018, is ó na contaetha seo a leanas a thagann an 41 scoláire:
Tábla 1 Lonnaíocht na scoláirí Contae Cailín Buachaill Iomlán
1. Inis Meáin, Co na Gaillimhe 5 10 15 2. Mórthír na Gaillimhe 3 3 6 3. Baile Átha Cliath 3 3 6 4. Co na Mí 2 1 3 5. Co Loch Garman 1 2 3 6. Co Mhaigh Eo 1 0 1 7. Co Liatroma 1 0 1 8. Co an Longfoirt 1 0 1 9. Co Phort Láirge 1 0 1 10. Co Laoise 1 0 1 11. Co Chorcaí 1 0 1 12. Co an Chláir 0 1 1 13. Co Thiobraid Árann 1 0 1 Mór-iomlán 21 20 41
Foinse: Múinteoir i bhFeighil, CNE Fearacht gach aon scoile eile sa tír, is iad scoláirí na bliana reatha a ghinfidh leithdháileadh múinteora don bhliain dar gcionn. Bhí an comhthéacs níos casta, áfach, mar níl aitheantas oifigiúil mar scoil neamhspleách ag CNE ó 2002. Tá sí aitheanta mar ‘Aonad’ de chuid Choláiste Cholmcille (169 scoláire) ar an mórthír, coláiste atá 10 muirmhíle thar farraige, mar aon le 15 km eile ar bhóthar, ar shiúl ón scoil. Is Múinteoir i bhFeighil, ar leibhéal Príomhoide Cúnta, an t-aon phost freagrachta atá ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (an Roinn) do CNE ar an oileán (GRETB, 2017; Oireachtas Éireann, 2018). Bhí impleacht eile leis an easpa aitheantais: is é sin go gceadaítear formhór na foirne do Choláiste Naomh Eoin trí Lamháltais Churaclaim (Curricular Concessions) na Roinne gach bliain, i ndiaidh próiseas comhfhreagrais, achainí, agus idirghníomhaíochta ag CNE agus GRETB le ROS. Ídíonn an éiginnteacht foirne ó bhliain go bliain aon deis phleanála agus iontaíonn fuinneamh cuí na féinmheastóireachta (Ó Foghlú, 2014) go fuinneamh an fhéinchothaithe (ETBI, 2016; Oireachtas Éireann, 2018; Mac Pháidín, 2017, 2018).
3. SCOILEANNA AR OILEÁIN – ACMHAINNIÚ, POLASAÍ NA ROINNE OIDEACHAIS AGUS SCILEANNA (ROS) UM OIDEACHAS AR OILEÁIN; AN STÁTCHÓRAS AGUS OILEÁIN Níl aon Pholasaí um Oideachas ar Oileán ag Éirinn, agus níl aon pholasaí ná reachtaíocht oileánda a thacaíonn nó a rialaíonn cur chuige áisíneachtaí stáit, soláthar oideachais san áireamh, i leith na n-oileán (ETBI, 2015, 2017; GRETB, 2017; Oireachtas Éireann, 2017, 2018; Mac Pháidín, 2018). Fágann sé seo go mbíonn na scoileanna an-bheag, a bhfuil 5- 55 scoláire ag a bhformhór agus beagán thar an 100 scoláire in aon scoil amháin díobh, ag cothú leithroinnt foirne 19:1 ar nós scoileanna na mórchathracha. Tugtar múinteoir amháin ex-quota ‘scoil ar oileán’, do cheithre cinn díobh mar chuid den leithroinnt foirne go bliantúil, ach caithfidh Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, dul i mbun próiseas achainí agus achomhairc gach bliain leis an Roinn ar bhonn ad hoc chun é sin a bhaint amach (ROS, 2001; GRETB, 2017).
3.1 Leithdháileadh 0.5 WTE don Scoil Chomhoideachais aon Abhantraí Amháin (Co-ed Single Catchment Area) Cinntíonn an leithdháileadh seo curaclam agus rogha ábhair chuí do bhuachaillí agus do chailíní araon i scoileanna beaga comhoideachais ag a bhfuil leithroinnt íseal múinteoireachta. Faraor, níor cháiligh Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, don leithdháileadh sin ón Roinn i mbliain ar bith ó 2002 i leith, agus dhá chúis tugtha leis sin: • Tá scoil ar oileán eile atá laistigh d’íosmhéid riachtanach 32 km • Níl uimhir rolla neamhspleách ag CNE.
In Oileáin Árann, níl aon bhealach le dul ó oileán go hoileán seachas teacht amach ar an mórthír agus an dara bád nó an dara heitilt a fháil. Sa gheimhreadh, níl ach seoladh amháin sa ló isteach ná amach, mar sin d’fhéadfá a bheith ag caint faoi thuras thar oíche chun taisteal idir oileáin.
3.2 Tacaíocht na Roinne do scoileanna atá aitheanta ag an Roinn mar ‘scoileanna beaga’ Is é ‘aitheanta’ an príomhfhocal anseo. Ní aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna Coláiste Ghobnait, Inis Oírr (27 scoláire) ná CNE Inis Meáin (42 scoláire) mar iar-bhunscoileanna beaga, rud a cheadódh an choibhéis múinteoir lánaimseartha 1.0 sa bhreis dóibh faoi seach, ainneoin go bhfuil scoileanna le breis agus 100 scoláire aitheanta ag an Roinn mar scoileanna beaga agus an leithroinnt chuí á fáil acu ar an mórthír. Tá 27 scoláire ag freastal ar Choláiste Ghobnait agus tá sé ar an dara hiar-bhunscoil is lú sa tír.
3.3 Córas Cigireachta na Roinne Oideachais agus Scileanna – dúshláin agus taifid Maíonn Action Plan for Educationna Roinne Oideachais agus Scileanna (2018) go ndéantar 5,500 cigireacht go bliantúil ar 3,900 scoil (ROS, 2018, lch 7). Thar thréimhse 17 mbliana, bheadh scoil ag súil le 20-25 cigireacht ar an meán. Níl aon taifead ag Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, ná ag GRETB, go ndearna aon chigire ón Roinn aon chigireacht mheastóireachta ar an scoile uile (MSU); Cigireacht Ábhair; Cigireacht Théamach, Cigireacht Leantach, ná fiú Cigireacht gan Choinne (‘drive-by inspection’ mar a ghlaoitear orthu, nó ‘sail-by inspection’ sa chás seo) ar aon ócáid in Inis Meáin idir 2002 agus 2018, fiú agus MSU ar siúl sa mháthairscoil in Indreabhán. Ainneoin nach bhfuil an taifead cigireachta chomh lom ag na coláistí eile ETB ar na hoileáin, ní flúirse de chigirí ón Roinn a fheiceann siad, rud a shásódh cuid mhór scoileanna ar an mórthír, ní foláir. Fáiltíonn scoileanna ar oileáin roimh chigirí, mar cuirtear na dúshláin aitheanta ar an taifead oifigiúil don scoil, don Roinn agus don tsochaí.
3.4 Pobail na n-oileán agus éilimh na scoileanna I bpáirt le Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI), scátheagraíocht na mBord Oideachais agus Oiliúna, tá an dá ETB i ndiaidh an Roinn a chur ar an eolas faoi na saindeacrachtaí atá ag na scoileanna seo ó 1997 i leith. Tá cur chuige comhtháite eagraithe agus Polasaí um Oideachas ar Oileáin á éileamh ón Roinn ó 2013. Seo cuid de na dúshláin a bhíonn roimh scoileanna ar oileáin atá aitheanta ag ETBI agus ag Comhchoistí Oireachtais idir 2016 agus 2018: 1. Leithdháileadh Múinteoirí 2. Rochtain ar fhoireann chuí cháilithe 3. Buiséad Scoile Neamhdhóthanach 4. Rollú agus Scoláireachtaí 5. Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin: Stádas neamhspleách (uimhir rolla) á lorg 6. Stádas DEIS do Scoileanna ar Oileáin 7. Seirbhísí do scoláirí –- síceolaithe - teiripeoirí urlabhra - tacaíocht mheabhairshláinte - treoir - corpoideachas Mar réiteach eatramhach gearrthéarmach, ag baint úsáid as GRETB mar shampla, cuireadh na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil gach bliain ó 2013 (maoinithe trí athdháileadh ó scoileanna eile an Bhoird) ionas nach dteipfeadh ar na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin le linn don Roinn Oideachais agus Scileanna a bheith ag bailiú eolais (ROS, 2018; GRETB, 2017; Mac Pháidín, 2018): • Airgead €27,000 do gach scoil GRETB, CNE san áireamh, mar aon le caipitíocht de €175 in aghaidh an scoláire, sin circa €34,000 sa bhliain de chaipitíocht tugtha go bliantúil do CNE ag GRETB, seachas an €10,200 de mhaoiniú ón Roinn • Breis uaireanta teagaisc tugtha do na scoileanna ar oileáin, ach tógtha ó scoileanna eile GRETB.
Ag Comhdháil Bhliantúil ETBI in 2015 agus 2017, cuireadh béim speisialta ar an Iar-bhunoideachas ar Oileáin, le sainliosta de ghnéithe inár theastaigh gníomhaíocht phráinneach ón Roinn (Bruton, 2017; ETBI 2016, 2017; GRETB 2017; Mac Pháidín, 2018; O Sullivan, 2015). Ó shin, tá pobail na n-oileán tar éis ceist an pholasaí d’oileáin na hEorpa a ardú sa Bhruiséil agus freisin tathaint ar 5 Chomhchoiste de chuid Oireachtas Éireann an cheist faoi oideachas ar oileáin na hÉireann a scrúdú. Tá moltaí na gcomhchoistí ag teacht le moltaí ETBI agus moltaí na scoileanna féin: i. Go ndéanfaí an liúntas do mhúinteoirí i scoileanna ar oileáin a athbhunú chun aitheantas a thabhairt do na brúnna agus do na srianta breise a bhaineann leis an ról ii. Gur chóir buiséad na scoileanna a ardú €20,000 ar a laghad i gcomhair gach meánscoil iar-bhunscoile ar oileán amach ón gcósta chun léargas a thabhairt ar fhíorchostas reatha na scoile sin iii. Go leasófaí an fhoirmle a bhaineann le leithroinnt múinteoirí ar scoileanna ar oileáin agus go méadófaí na huimhreacha chun riachtanais uathúla na scoileanna ar oileáin a léiriú iv. Go ndéanfadh an tAire imscrúdú ar an bhféidearthacht an scéim scoláireachta do scoileanna ar oileáin a leathnú agus eisiamh na ndaltaí Gaeltachta a bhaint ó na critéir incháilitheachta, lena n-áirítear teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe sa chomhaireacht nuair is gá chun go ndéanfaí amhlaidh v. Go mbronnfaí stádas mar scoil neamhspleách ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin vi. Go mbronnfaí stádas DEIS ar na cúig iar-bhunscoil ar oileáin vii.Go ndéanfar beartas sonrach a dhréachtú agus a chur i ngníomh ina dtabharfar aghaidh ar riachtanais scoileanna ar oileáin viii.Go gcuirfí córas a bhaineann le ‘promhadh ó thaobh na n-oileán’ i ngníomh maidir le reachtaíocht, beartais agus tionscnaimh a bheidh á gcur i dtoll a chéile ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa todhchaí (Comhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna, 2018).
4. TASCGHRÚPA ARDLEIBHÉIL NA ROINNE UM OIDEACHAS AR OILEÁIN
Ainneoin toilteanas an tascghrúpa ardleibhéil d’fheidhmeannaigh na Roinne, ar bunaíodh é i Márta 2017 go sonrach chun réiteach a fháil do na hiar-bhunscoileanna ar oileáin, tá curtha in iúl ag an Roinn go leanúnach nach bhfuil a dóthain eolais ná tuisceana aici ar chomhthéacs na n-oileán, ar dhúshláin scoileanna na n-oileán, ná ar na réitigh inoibrithe do na hoileáin mar atá á moladh ag an dá ETB le fada. Creideann an earnáil ETB go gcabhródh na céimeanna seo a leanas le Tascghrúpa Ardleibhéil na Roinne um Oideachas ar Oileáin chun teacht ar thuiscint faoi chás scoileanna na n-oileán: • go dtabharfadh cigirí agus feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne cuairt ar CNE, nó scoil oileánda ar bith eile, chun na deacrachtaí sonraithe a fheiceáil; • tarraingt ar an saineolas atá ag COGG, áisíneacht na Roinne, chun comhairle a chur ar an Roinn maidir le scoileanna Gaeltachta; • tarraingt ar an saineolas atá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhfuil freagrachtaí reachtúla orthu maidir le hoileáin na tíre.
4.1 Todhchaí na n-oileán agus na n-iar-bhunscoileanna ar oileáin? Tá todhchaí na n-oileán féin agus todhchaí na scoileanna ar na hoileáin fite fuaite ina chéile (Egelund & Laustsen, 2006; Gill, 2017; Gill, 2018; Mac Pháidín, 2004, 2008; Solstat, 1994). Lárnach anseo, tá idir sholáthar oideachais ag an mbunleibhéal agus an soláthar iar-bhunoideachais. Má chailleann oileán ar bith an bhunscoil, leanann tréigeadh an oileáin ag an nglúin le páistí go tapaidh, agus iarmhairtí diúltacha ag sreabhadh as sin maidir le comhdhéanamh phobal an oileáin, daonra an oileáin, agus todhchaí an oileáin mar phobal beo (Egelund & Laustsen, 2006; Gill, 2017; Mac Pháidín, 2004; Solstat,1994). Is minic gur próiseas uaislithe a bhíonn mar thoradh air sin (Egelund & Laustsen, 2006; Gill, 2017). Is ceist ar leith í an bhunscolaíocht ar oileáin nach bhfuil ach tagairt fhánach déanta sa pháipéar seo di agamsa, ach is ceist í a bhfuil taighde agus anailís ar leith tuillte aici.
4.2 Todhchaí an iar-bhunoideachais ar oileáin na hÉireann – cáilíocht agus caighdeán Tá dhá mhórcheist anseo; agus baineann an chéad cheann le soláthar cainníochtúil: • An bhfuil scoil ar fáil ar an oileán? • An bhfuil áiteanna inti? • An bhfuil sí feiliúnach mar rogha do mhuintir an oileáin i ndiaidh na bunscoile? Tá aon chíoradh maidir le soláthar cáilíochtúil níos dúshlánaí agus níos caolchúisí, is é sin an bhfuil an scoil iomaíoch agus ionchurtha le scoil ar an mórthír maidir leo seo a leanas: • Réimse ábhar • Réimse de chláir oideachais éagsúla: AT; ATG; Idirbhliain: AT Fheidhmeach; Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh (JCSP); Riachtanais Speisialta Oideachais • An bhfuil dúshlán ann maidir le hearcú agus forbairt múinteoirí do na hábhair speisialta? • An bhfuil dúshlán ann maidir le múinteoirí cuícháilithe a choinneáil do na hábhair speisialta? • Eispéireas iomlán na scoláirí. Léiriú fianaiseach amháin ar chastacht an chomhthéacs oibre ar oileáin is ea an leibhéal an-ard iarratas ar aistriú na láithreach oibre a fhaigheann GRETB ó mhúinteoirí ar oileáin chun bogadh chuig an mórthír. Tá 36/1900 (1.9%), d’fhoireann GRETB ag obair ar oileáin agus is ar oileáin atá 126/26,000 (0.48%) dá chuid scoláirí. Rinne 22/1900 ball foirne iarratas ar aistriú na láithreach oibre laistigh de GRETB in 2018, ach bhí aistriú ó oileáin chuig an mórthír á lorg ag 7/22 (31.8%) díobh siúd. Rinne baill foirne eile teagmháil go díreach le ROS faoin Scéim Phíolótach Athlonnaithe agus scoileanna in áiteanna eile sa tír á lorg acu mar láthair oibre. Ó thaobh na féinmheastóireachta de, an gcuimsíonn an córas oideachais na míbhuntáistí sainiúla a bhfuiltear i ngleic leo ó lá go lá agus ó bhliain go bliain sna cúig iar-bhunscoil ar oileáin atá scoite amach ón gcósta? Nó an bhfuil cur chuige an státchórais le fada i leith na n-oileán, ‘mair a chapaill agus gheobhair féar’, oiriúnach don todhchaí?
5. GNÍOMHACHTÚ POBAIL Le teacht Acht na Gaeltachta (2012) agus an díriú ag pobail agus ag scoileanna ar Limistéir Phleanála Teanga, mar aon le Polasaí um Oideachas Gaeltachta (2016) de chuid na Roinne, polasaithe a bhfáiltíonn an earnáil ETB rompu, tá gníomhachtú déanta ar phobail na n-oileán agus ar phobail scoileanna ar oileáin (ETBI, 2016; Gill, 2018; GRETB, 2017; Mac Pháidín, 2018). Is gá do scoileanna, ó thaobh na féinmheastóireachta, na pleanála teanga, agus an fhéinchaomhnaithe de, idirghníomhaíocht a dhéanamh lena bpobail oileánda féin, mar aon le hidirghníomhaíocht a dhéanamh leis an státchóras agus leis an gcóras polaitiúil trí chéile, d’fhonn easnaimh agus riachtanais atá aitheanta acu féin mar chuid den phróiseas féinmheastóireachta a réiteach. Rinne an tOllamh Peter Gill, in Ollscoil Gävle sa tSualainn, tagairt do thrí chineál sochaí atá aitheanta i dtaighde le Egelund & Laustsen sa Danmhairg (Egelund & Laustsen, 2006; Gill, 2017), áit a bhfuil 26 oileáin ar a bhfuil daoine ina gcónaí, agus scoileanna ar 10 de na hoileáin sin: • Sochaí bhríomhar áitiúil • Sochaí áitiúil faoi mheath • Sochaí an oileáin bhig. Thagair Gill (2017, p.39) do thaighde Egelund and Laustsen faoin tsochaí bhríomhar áitiúil mar seo a leanas: Most often schools are used as activity centres for the local population, sometimes with a special branch for the elderly, and often with the establishment of a nursery school. Tugann Gill (2017) dúshlán do phobail oileáin na hÉireann, cé díobh catagóir gníomhachtaithe scoile ina bhfuil siad agus ina mbeidh siad, más áil leo féinchaomhnú agus iad ag stracadh le státchóras nach bhfuil tacúil ná tuisceanach. Tagraíonn Solstad (1994) agus Gill (2017) do cháilíocht agus do chatagóirí éagsúla caidrimh idir scoileanna agus a bpobal scoile sa tSualainn agus san Fhionlainn: • Scoileanna neamhbhainteacha / scoite amach ón bpobal • Scoileanna támha agus éighníomhacha i leith an phobail • Scoileanna pobalghníomhacha
San Fhionlainn, tuairiscíonn Gill (2017) ar thaighde Solstad (1994), nach bhfuil ach 50% de scoileanna sa tír sin ina scoileanna pobalghníomhacha, áit a bhfuil pobal agus scoil ag maireachtáil ar scáth a chéile. Tá cur chuige comhtháite na gcoláistí tumoideachais Gaeltachta de chuid GRETB agus DETB (GRETB, 2017; Ó Foghlú, 2014; Oireachtas Éireann, 2018) i ndiaidh a dhearbhú gur ‘scoileanna pobalghníomhacha’ iad na cúig iar-bhunscoil ar oileáin scoite amach ó chósta na Gaillimhe agus ó chósta Dhún na nGall faoi seach. Sampla den phobalghníomhachtú sin ag feidhmiú go praiticiúil ó 2013 is ea iad seo a leanas: • Gur spreag pobal na scoileanna cúig Chomhchoiste Oireachtais éagsúla le dúshláin scoileanna ar na hoileáin a chíoradh idir Samhain 2016 agus Márta 2018, agus gur thug ionadaithe ó na scoileanna fianaise ag gach ceann de na héisteachtaí poiblí a d’eagraigh Oireachtas Éireann. • Go ndearna na scoileanna teagmháil le heagraíochtaí náisiúnta, ceardchumainn, áisíneachtaí stáit agus leathstáit d’fhonn téagar agus tacaíocht a fháil dá gcruachás. • Féachaint thar sáile chun dea-chleachtais idirnáisiúnta a chur os comhair na Roinne Oideachais agus Scileanna agus an státchórais. Eolas bailithe faoi oideachas ar oileáin agus/nó oideachas trí mhionteanga ón Nua-Shéalainn, ón tSualainn, ón Danmhairg, ó Albain agus ó Cheanada. • Gníomhú le gréasán de thíortha san AE a bhfuil inmharthanacht oileán beag mar aidhm agus mar chúram acu, Líonra Oileáin Bheaga na hEorpa (European Small Islands Federation nó ESIN), agus cás Oileáin na hÉireann a thabhairt chuig an mBruiséil in 2016 agus arís in 2018. • Treoracha AE ar chosaint mionteangacha agus cosaint an phobail i gceantair iargúlta a aimsiú agus eolas a chur orthu d’fhonn iad a mheabhrú don státchóras agus a gcearta a thuiscint agus a éileamh. • Cásanna oideachais san Ard-Chúirt in Éirinn a scrúdú, go háirithe iad siúd a bhain le cearta teanga nó cearta Gaeltachta a chosaint ó thaobh soláthar oideachais de. • Comhdháil faoi Oideachas ar Oileáin á eagrú in 2018. • Eolas a bhailiú faoi dhúnadh na bunscoile ar an mBlascaod (1941), ar Inis Arcáin (2016), agus ar roinnt mhaith d’oileáin eile na hÉireann, rud a chuir fuadar faoi mheath na n-oileán sin mar phobail inmharthana bhríomhara. • Reachtaíocht a éileamh a réiteodh dúshláin na n-oileán, fearacht chur chuige na hAlban agus na Cróite (http://www.parliament.scot/Islands%20(Scotland)%20Bill/SPBill15PMS052017.pdf). • Féidearthachtaí maidir le comhdháil idirnáisiúnta faoi Oideachas ar Oileáin a fhiosrú do Bhealtaine 2020 in Éirinn. Is maith is léir do mhuintir na gcúig oileán ar a bhfuil iar-bhunoideachas in Éirinn an íoróin nár ritheadh aon reachtaíocht chun an Blascaod a chosaint ná chun tacú leis go dtí go raibh de dhaoine ar an oileán sin seolta amach as, mar chuid de pholasaí athlonnaithe in 1953. Tháinig meath tubaisteach ar an daonra nuair a dúnadh an scoil in 1941.
6. CONCLÚID – SÚIL EILE AR FHÉINMHEASTÓIREACHT AGUS FÉINCHAOMHNÚ
Tá pobail scoileanna na n-oileán bíogtha chun tabhairt faoi Ag Féachaint ar an Scoil Againnele fuinneamh nua agus difriúil trí lionsa an fhéinchaomhnaithe, seachas mar a bhíodh ar siúl acu. Níl siad ag iarraidh go mbeidh oidhreacht oideachais, teanga agus chultúir a gcuid scoileanna á léiriú in ionaid oidhreachta amach anseo, ná go mbeidh reachtaíocht á cruthú ag cosaint a gcuid oileán mar Pháirceanna Náisiúnta agus iad tréigthe ag daoine go hiomlán. Níl siad ag iarraidh go mbeidh mana ar nós ‘ní bheidh ár leithéid arís ann’ (Ó Criomhthain, 1929) mar shuaitheantais ar t-léinte agus sin ag tagairt go stairiúil dár gcuid oileán, gan scoileanna gan daoine orthu. Tá pobail na nOileán ag éileamh gníomhaíocht dhearfach ón státchóras, seachas tréimhse eile de bhailiú eolais nó de thascghrúpaí taighde.
UASDÁTÚ – DEIREADH FÓMHAIR 2018
Tamall i ndiaidh an páipéar seo a bheith tugtha, d’fhógair Richard Bruton TD, Aire Oideachais agus Scileanna, pacáiste tacaíochta d’iar-bhunscoileanna ar oileáin na hÉireann ar an 17 Meitheamh 2018 (https://www.education.ie/en/PressEvents/Press-Releases/2018-press-releases/PR18-06-17.html)
TAGAIRTÍ Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. (2017). Tuarascáil maidir le cás scoileanna ar oileáin. Tithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Oideachas agus Scileanna. (2018). Tuarascáil maidir leis na dúshláin atá roimh scoileanna ar
oileáin. Tithe an Oireachtais. An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2016). Polasaí um oideachas Gaeltachta.Rialtas na hÉireann. Baldacchino, G. (2006). Islands, island studies. Island Studies Journal,1(1), 3-18. Bruton, R. (2017). Freagra an Aire Oideachais agus Scileanna ar óráid an Uachtaráin, ETBI, ag Comhdháil ETBI,
2017. An Roinn Oideachais agus Eolaíochta. (2001). The allocation of teachers to second level schools. Report of the expert group to the minister for education and science. Rialtas na hÉireann. An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2016). Féinmheastóireacht scoile: treoirlínte 2016-2020, iar-bhunscoileanna. Rialtas na hÉireann An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2016). Ag breathnú ar an scoil againne – féinmheastóireacht scoile. Rialtas na hÉireann An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2018). Plean Gníomhaíochta don Oideachas.Rialtas na hÉireann. Egelund, N., & Laustsen, H. (2006). School closure: what are the consequences for the local society? Scandinavian Journal of Educational Research,50(4), 429–439
ETBI. (2017). Aitheasc uachtaráinETBI. ETBI 2017 Comhdháil Bhliantúil, Cill Chainnigh, Meán Fómhair 2017, ETBI. Gill, P. (2017). A case study of how an Irish island school contributes to community sustainability, viability and vitality. Australian and International Journal of Rural Education,27(2) 2017, 31-45.
Gill, P. (2018). Island schools and community sustainability,Cur i láthair ag Comhdháil Oileáin na hÉireann, Comhdháil Bhliantúil, Inis Arcáin, Corcaigh, 18/04/2018. Rialtas na hÉireann. (1998). An tAcht Oideachais(1998) https://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/1998/a5198i.pdf GRETB. (2017a). Ráiteas tosaigh do chomhchoiste oireachtais um oideachas agus scileanna. Cur i láthair déanta ag
Comhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna maidir le cruachás scoileanna ar oileáin, 19 Nollaig 2017. GRETB. (2017b). Aighneacht a seoladh chuig chomhchoiste oireachtais um oideachas agus scileanna.Comhchoiste
Oireachtais um Oideachas agus Scileanna maidir le cruachás scoileanna ar oileáin, 19 Nollaig 2017. GRETB. (2017c). Aighneacht a seoladh chuig an Roinn Oideachas agus Scileanna, Meitheamh, 2017, maidir le haitheantas scoile a bheith ag Coláiste Naomh Eoin.
Mac Pháidín, T. (2004). Oideachas lán-Ghaeilge in Éirinn.Gaillimh: Páipéar comhdhála neamhfhoilsithe, comhdháil náisiúnta an Chumainn Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha, 2004. 10-12 Samhain 2004. Lgh 21-27. Mac Pháidín, T. (2008). An evaluation of mentoring provision for pre-service post-primary student teachers during teaching practice. Tráchtas neamhfhoilsithe M.Oid., Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Mac Pháidín, T. (2017a). Ráiteas tosaigh do chomhchoiste oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.
Cur i láthair déanta ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán maidir le cruachás scoileanna ar oileáin, 8 Bealtaine 2017. Mac Pháidín, T. (2017b). Ráiteas tosaigh don chomhchoiste oireachtais um oideachas agus scileanna. Cur i láthair
déanta ag an gComhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna maidir le cruachás scoileanna ar oileáin, 19 Nollaig 2017. Mac Pháidín, T. (2017c). Quality assurance through managing underperformance.Cur i láthair déanta ag
Comhdháil Oideachais ETBI do Phríomhoidí agus do Phríomhoidí Tánaisteacha, ETBI, An Muileann gCearr, 26 Meán Fómhair 2017. Mac Pháidín, T. (2018a). Fóram gaeloideachais ETBI – dúshláin reatha don tumoideachas san earnáil ETB agus
forbairtí le bliain. Cur i láthair déanta ag Comhdháil Oideachais ETBI do Phríomhoidí agus do Phríomhoidí Tánaisteacha, ETBI, An Muileann gCearr, 31 Eanáir 2018. Mac Pháidín, T. (2018b). Cás na n-iarbhunscoileanna ar oileáin. Cur i láthair déanta ag Comhdháil Oideachais, Comhdháil na nOileán, Inis Arcáin, Corcaigh, 19 Aibreán 2018.
Mac Pháidín, T. (2018c). How an appropriate curriculum can shape a school’s characteristic spirit. Cur i láthair
déanta ag Comhdháil Oideachais ETBI do Phríomhoidí agus do Phríomhoidí Tánaisteacha, ETBI, An Muileann gCearr, 24 Aibreán 2018. McCall, G. (1994). Nissology: The study of islands. Journal of the Pacific Society, 17(2-3), 1-14. Mc Hugh, A. (2017). Ráiteas tosaigh phríomhfheidhmeannaigh DETB a rinneadh ag an gComhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna maidir le cruachás scoileanna ar oileáin, 19 Nollaig 2017. Ní Dhonnacha, B. (2016). Iar-bhunscoil ar oileán – dúshlán ar leith. Off-shore island post-primary school – a unique challenge. ETBI, (2016), eagrán 1, lgh 12-13. Ó Criomhthain, T. (1929). An tOileánach. Talbot Press. Ó Foghlú, S. (2012). Óráid Ard-Rúnaí, an Roinn Oideachais agus Scileanna,ag Comhdháil Bhliantúil
Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, 23/11/2012. Aimsithe ar líne an 1/4/2018 http://www.gaelscoileanna.ie/2012/page/9/ Ó Foghlú, S. (2014). Óráid Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag Comhdháil Bhliantúil ACCS,
28/3/2014. Aimsithe ar líne an 1/4/2018 https://merrionstreet.ie/en/News-Room/Releases/speech-by-sean-ofoghlu-secretary-general-department-of-education-and-skills-at-the-2014-accs-annual-convention.html Ó Foghlú, S. (2014). Óráid Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag Comhdháil Bhliantúil
Gaelscoileanna, 25/11/2014. Aimsithe ar líne an 1/4/2018 http://www.gaelscoileanna.ie/news/media/oraid-an-ardrunai-an-roinn-oideachais-agus-scileanna-sean-o-foghlu-ag-comhdhail-gaelscoileanna-teo/ Ó Foghlú, S. (2016). Óráid Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileannaag Comhdháil Bhliantúil JMB,
28/4/2016. Aimsithe ar líne ar 1/4/2018 https://www.education.ie/en/Press-Events/Speeches/2016Speeches/SP2016-04-28.html Ó Foghlú, S. (2017). Fianaise ó Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag Comhchoiste na gCuntas Poiblí, (Tuarascáil Bhliantúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Cistí, 2015, agus Cuntas Leithreasa, 23/03/2017. Aimsithe ar líne an 1/4/2018 https://webarchive.oireachtas.ie/parliament/media/committees/pac/reports/annualreport2017/pac-annualreport-2017-final-3.pdf O Sullivan, J. (2015). Freagra an Aire Oideachais agus Scileanna ar óráid an Uachtaráin, ETBI, ag Comhdháil ETBI, 2015, i nGaillimh. Rialtas na hÉireann. (2012). Acht na Gaeltachta.https://www.oireachtas.ie/en/bills/bill/2012/53 Scottish Parliament. (2018). Purpose of bill: stage 1 report on islands (Scotland) bill.
https://digitalpublications.parliament.scot/Committees/Report/REC/2018/1/22/Stage-1-Report-on-the-Islands-Scotland--Bill-1 Solstad, K. J. (1994). Equity at risk: schooling and change in Norway.Tráchtas dochtúireachta, National Education Office, Nordland Office. TUI. (2018). TUI welcomes recommendations on off-shore islands schools.TUI News, Iml. 40, uimh. 5, lch 6.