28 minute read

Conas a roghnaíonn tuismitheoirí réamhscolaíocht agus naíonraí Gaeilge dá bpáistí?

Máire Mhic Mhathúna, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Fiona Nic Fhionnlaoich, Ollscoil Mhá Nuad

ACHOIMRE Ní fios go cruinn cad iad na cúiseanna a gcuireann tuismitheoirí in Éirinn a gcuid páistí chuig réamhscoileanna ná cén fáth a roghnaíonn siad naíonra Gaeilge mar shuíomh luathoideachais. Tá sé tráthúil eolas a bhailiú anois nuair atá na critéir iontrála i mbunscoileanna faoi scrúdú. Cuireadh scéim phíolótach ar bun i bpáirt le Gaeloideachas agus iarradh ar thuismitheoirí i naíonraí áirithe ceistneoir a líonadh chun a dtuairimí faoi na cúiseanna seo a nochtadh. Pléifear torthaí an taighde seo sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta (Ó Duibhir agus Ní Thuairisg 2016, Sollars 2017, Forry 2013) agus déanfar moltaí faoi na himpleachtaí.

Advertisement

ABSTRACT

The reasons Irish parents send their children to preschools and why they choose Irish-medium naíonraí are not known scientifically. It is timely to investigate these reasons at this time when entry criteria to primary schools are being debated. A pilot scheme was set up in partnership with Gaeloideachas and parents in a number of naíonraí were asked to complete a questionnaire to ascertain the reasons for their choice. The findings will be discussed in the context of national and international research (Ó Duibhir and Ní Thuairisg 2016, Sollars 2017, Forry 2013) and recommendations made arising from the implications of the study.

1. RÉAMHRÁ De réir An tAcht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna),2018 (an Roinn Oideachais agus Scileanna, 2018), ní féidir le gaelscoileanna tús áite a thabhairt sa pholasaí iontrála do pháistí a d’fhreastail ar naíonra. Bhí an-chuid plé i roinnt de na meáin (mar shampla in Irish Times 24.11.2017) faoin bpolasaí nua iontrála scoile seo a bhí á bheartú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ag an am. B’ábhar mór spéise é an plé ar an bpolasaí do lucht na ngaelscoileanna agus do lucht na naíonraí toisc gur ardaíodh ceist faoi bhuntáiste a bheith ag páistí naíonraí chun áit a fháil i ngaelscoileanna ina raibh ró-éileamh ar áiteanna. Mar shampla, bhí liosta feithimh ag 15 ghaelscoil i mBaile Átha Cliath in 2016-17 dar le Gaeloideachas (15 as 37 = 41%) agus ag ceithre ghaelscoil i gCorcaigh (4 as 27 = 15%). Ar an ábhar sin, beartaíodh gurbh fhiú scéim phíolótach taighde a chur ar bun sa dá chontae sin, féachaint: • Cén cúlra teanga agus gaeloideachais atá ag na tuismitheoirí? • Cén fáth a roghnaíonn siad a bpáistí a chur chuig réamhscoil? • Cén fáth a roghnaíonn siad naíonra seachas aon saghas eile réamhscoile? • An bhfuil siad ag iarraidh a bpáistí a chur chuig gaelscoil? Deineadh scagadh ar an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an ábhar. Bunaithe ar an taighde sin, dréachtaíodh ceistneoir in Earrach 2018 agus cuireadh é chuig 56 naíonra i gContae Bhaile Átha Cliath agus 26 naíonra i gContae Chorcaí le scaipeadh ar na tuismitheoirí. Deineadh anailís ar na freagraí agus pléifear iad sa pháipéar seo i leith an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Feicfear ansin cad iad na himpleachtaí atá ag éirí as an staidéar seo.

2. LÉARGAS AR AN LITRÍOCHT

Tá iliomad tosca ann agus tuismitheoirí ag roghnú réamhscoile dá bpáistí, lena n áirítear tosca a bhaineann leis an teaghlach, leis an bpobal, le luachanna na dtuismitheoirí, agus le riachtanais chúram leanaí (Chaudry et al., 2010; Weber, 2011). Tá fráma tagartha Weber (2011) úsáideach chun scagadh a dhéanamh ar an méid eolais atá ar fáil. Molann Weber (2001, lch 4) féachaint orthu seo a leanas: 1) Próiseas chun cinneadh a dhéanamh faoi chúram leanaí agus réamhscolaíocht 2) Roghanna agus tosaíochtaí tuismitheoirí i roghnú cúraim leanaí 3) Baic ar an rogha sin a bhaint amach 4) Polasaithe agus bealaí a chuideodh le tuismitheoirí rogha a dhéanamh Déantar idirdhealú áirithe sa litríocht idir cúram lae iomlán agus luath-oideachas seisiúnach agus idir leanaí óga agus páistí réamhscoile ó thrí go cúig bliana d’aois. Beimid ag díriú ar an luath-oideachas seisiúnach do pháistí réamhscoile sa pháipéar seo ó tharla gurb é sin an soláthar is mó atá sna naíonraí.

2.1 Próiseas chun cinneadh a dhéanamh faoi chúram leanaí

De réir an taighde ar an ábhar seo, bhunaigh an-chuid tuismitheoirí i Meiriceá, i Sasana, in Albain agus i Málta a rogha ar thuairiscí neamhfhoirmiúla, is é sin tuairiscí ó chomharsana, ó chairde agus ó ghaolta (Forry, 2013; Daycare Trust, 2010; Sollars, 2017; Stephen et al., 2010; McLeod et al., 2015). Níor thug breis is 50% de thuismitheoirí cuairt ar an suíomh réamhscoile/cúraim lae sular dhein siad an rogha (Forry et al. 2013; Sollars 2017). Pléann Chaudry (2010, lch 17) an bealach seo chun cinneadh a dhéanamh agus rangaíonn sí é mar chreat líonra shóisialta chun cinntí a dhéanamh. Sa chreat seo, imríonn caidreamh sóisialta, i.e. teagmháil le daoine agus a gcuid eolais agus a gcuid tacaíochta praiticiúla, tionchar ar chinntí. Cuireann an caidreamh pearsanta idir gaolta, cairde, comharsana agus daoine eile, eolas agus tacaíocht ar fáil agus imríonn tuairimí, luachanna agus noirm an ghrúpa tionchar ar an gcinneadh. Maidir le réamhscoileanna, faigheann an-chuid daoine a gcuid eolais faoin earnáil ó dhaoine eile go neamhfhoirmiúil (Chaudry, 2010, lch 18).

2.2 Roghanna agus tosaíochtaí tuismitheoirí i roghnú cúraim leanaí Tosca praiticiúla

De réir an taighde idirnáisiúnta, chuir roinnt daoine, go háirithe daoine ar ioncam níos ísle, tosca praiticiúla amhail costas agus áisiúlacht san áireamh go mór, ach chuir daoine le hoideachas níos airde (mar shampla céim ollscoile) béim níos mó ar cháilíocht na seirbhíse. Chuir máithreacha le níos lú uaireanta a chloig oibre agus aithreacha le hioncam níos airde spéis níos mó i gcáilíocht na seirbhíse ná i gcúinsí praiticiúla agus costais (Peyton et al., 2001). Dar le Sollars (2017), léiríonn sé sin go bhfuil baint ag aicme shóisialta le roghnú, le húsáid agus le coincheap na réamhscolaíochta ag tuismitheoirí.

Cáilíocht

Tá tuiscintí éagsúla ag tuismitheoirí maidir le cáilíocht luaite sa taighde idirnáisiúnta agus is cosúil go gcuireann siad san áireamh: tosca struchtúrtha mar an t-ionad luath-óige agus na háiseanna ann, leibhéal oideachais agus taithí na gcúramóirí (Rose & Elicker, 2008; Daycare Trust, 2010), an coibhneas idir leanaí agus daoine fásta, agus cúrsaí sláinte/sláinteachas tosca dinimiciúla/idirghníomhacha mar an caidreamh idir na daoine go léir, idir an fhoireann, na leanaí agus na tuismitheoirí, an clár foghlama agus an t atmaisféar ginearálta sa suíomh (Sollars 2017; Rose & Elicker 2008; Chaudry et al., 2011; Gamble et al., 2009). Chuir tuismitheoirí na bpáistí níos sine/réamhscoile tábhacht níos mó le deiseanna foghlama ná tuismitheoirí na leanaí níos óige (Gamble et al., 2009). Chuir na tuismitheoirí in Éirinn agus thar lear an-bhéim ar fhorbairt shóisialta na bpáistí (Sollars, 2017; Ring et al., 2016; Forry et al., 2013) ach bhí difear áirithe sa bhéim ar dhea-cháilíocht de réir na haidhme a bhain leis an réamhscoil, dar leo. Chuir na tuismitheoirí a bhreathnaigh ar an réamhscoil mar ionad spraoi agus foghlama trí spraoi béim ar ghníomhaíochtaí súgartha, ar cheol agus ar iontaofacht na foirne. Mheas siad go raibh sé an-tábhachtach go dtabharfadh na hoideoirí aird indibhidiúil ar na páistí. Chuir tuismitheoirí eile, a leag béim ar an réamhscoil mar ionad ullmhaithe don scoil, béim ar cháil acadúil na réamhscoile, ar ullmhacht don scoil, ar dhisciplín, agus ar mhodhanna teagaisc agus foghlama (Chaudry 2001; Rose & Elicker, 2008). In Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige (CNCM, 2009), leagtar an-bhéim ar an gcaidreamh idir na tuismitheoirí agus an suíomh luath-óige ach ní chuirtear mórán ceisteanna faoin gcaidreamh sin sa taighde atá ar fáil.

2.3 Baic maidir le roghnú seirbhísí Easpa eolais faoin soláthar

Fuair Chaudry (2011, lch 24) amach i Meiriceá go raibh níos lú roghanna ar fáil do theaghlaigh na n imirceach ar ioncam íseal ná do theaghlaigh áitiúla arbh é an Béarla teanga an teaghlaigh. Ní raibh eolas ag roinnt de na himircigh ar an soláthar réamhscolaíochta sa cheantar ná ar na roghanna a bhí ann. Ardaíonn sé seo an cheist faoi sholáthar naíonraí gaelacha. An bhfuil rogha ag tuismitheoirí páiste a chur chuig roinnt naíonraí gaelacha, nó an bhfuil aon cheann amháin ann gan rogha ar fáil? Is léir go bhfaigheann an-chuid tuismitheoirí a gcuid eolais faoin réamhscolaíocht ó chairde agus ó chomharsana ach cad iad na háiteanna eile a bhféadfaidís eolas a fháil uathu? Tá liosta naíonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Gaeloideachas (www.gaeloideachas.ie). Ach chaithfeadh a fhios a bheith ag tuismitheoirí go bhfuil Gaeloideachas freagrach as seirbhísí áirithe tacaíochta a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht sna 26 chontae ó 2014, agus go bhfuil bunachar cuimsitheach ag an eagraíocht de na naíonraí sin. Tá liosta naíonraí le fáil ar shuíomhanna eile i measc seirbhísí Béarla ach eolas a bheith ag tuismitheoirí go bhfuil teacht ar naíonraí ar na suíomhanna sin: TUSLA, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach: http://www.tusla.ie/services/preschool-services/list-of-pre-school-services-by-county/ Luath-óige Éireann: https://www.earlychildhoodireland.ie/work/information-parents/choosing-childcare/ecce-free-preschool-year/ Coiste Cúraim Leanaí de réir contae/cathrach, mar shampla https://www.corkcitychildcare.ie/ An scaiptear eolas trí na gaelscoileanna nó an bhfuil fadhb ag baint leis sin? B’fhéidir go mbeadh leisce ar roinnt scoileanna eolas faoi ghnóthaí príobháideacha a chur ar fáil. Tá suíomh gréasáin ag roinnt naíonraí agus leathanach Facebook ag cuid eile acu, ach níl na scileanna teicniúla sin ag gach naíonra. Is dóigh linn go bhfuil bearna sa tslí inar féidir teacht ar eolas faoin soláthar.

Eolas foirmiúil faoi chúrsaí caighdeáin sna naíonraí Tá eolas foirmiúil ar fáil faoi chaighdeán na naíonraí ag an dá roinn stáit a bhfuil freagracht orthu ina leith, cé gur dóigh linn nach dtuigtear é sin go coitianta: • Eolas faoin gcóras cigireachta ag TUSLA: (http://www.tusla.ie/services/preschool-services/creche-inspection-reports/): déantar cigireacht ar 2,000 ionad in aghaidh na bliana • An Roinn Oideachais agus Scileanna: (https://www.education.ie/en/Publications/Inspection-ReportsPublications/Early-Years-Education-Reports/): bhí 41 thuairisc ar chigireacht ar naíonraí gaelacha ar fáil ar 25.03.2020.

De réir taighde i Meiriceá le Elicker et al. (2011), is beag eolas a bhí ag tuismitheoirí Mheiriceá faoi thuairiscí den chineál sin. Is ó ionad cúraim lae a tháinig an t-eolas do na daoine a chuala fúthu. Níor luaigh oiread agus aon tuismitheoir amháin sa taighde seo na tuairiscí sin. Mhol Elicker et al. (2011) go ndéanfaí feachtas fógraíochta nó margaíochta faoi na tuairiscí i Meiriceá is níor mhiste an rud céanna a dhéanamh in Éirinn.

2.4 Polasaithe agus bealaí a chuideodh le tuismitheoirí rogha a dhéanamh Oideachas trí Ghaeilge: Conair an leanúnachais in Albain agus in Éirinn Féadtar an t-eolas atá ar fáil faoi dhearcadh tuismitheoirí naíonraí i gcás na Gaeilge in Éirinn a chur i gcomparáid leis an dearcadh i gcás na Gàidhlig in Albain. Ag breathnú ar thaighde faoi roghnú tumoideachais sna naíonraí in Albain, dhein Stephen et al. (2010) agus McLeod agus O’Rourke (2015) achoimre ar na cúiseanna éagsúla a thugann ar thuismitheoirí a bpáistí a chur chuig naíonra Gàidhlig: • Spéis i nGaeilge an hAlban: Gaeilge/Gàidhlig sa teaghlach, spéis i gcúrsaí oidhreachta (Stephen et al., 2010), ceangal le Gaeilge na hÉireann (McLeod agus O’Rourke, 2015) • Buntáistí an dátheangachais: spéis sa dátheangachas, cé nár ghá gur Gàidhlig a bhí uathu ach b’shin an méid a bhí ar fáil; éascaíocht foghlama teanga ag aois óg, éascaíocht leis an tríú teanga. B’fhéidir nár thuig roinnt tuismitheoirí cén toradh a bheadh ar bhliain amháin sa naíonra Gàidhlig is bhí tuairimí míréadúla ag roinnt acu. Ní raibh sé i gceist ag roinnt tuismitheoirí na páistí a chur ar aghaidh chuig bunscoil lán-Ghàidhlig. • Buntáistí oideachasúla agus sóisialta taobh amuigh den Ghàidhlig: Cheap roinnt tuismitheoirí go raibh oideachas níos fearr le fáil sa naíonra/bhunscoil Gàidhlig ná sna cinn Bhéarla, mar shampla ranganna níos lú sa bhunscoil, tosú ar chonair na Gàidhlig sa naíonra; cúinsí sóisialta: bhí aithne ag na múinteoirí ar gach páiste sa scoil is bhí spéis ag tuismitheoirí eile san oideachas. Dhein roinnt tuismitheoirí gearán faoi líon na ndaoine gan spéis sa teanga agus mheas siad gur laghdaigh an easpa spéis sin caighdeán agus minicíocht úsáid na Gàidhlig sa naíonra. Is dúshlán do na stiúrthóirí in Albain na cúiseanna iomadúla sin dar le Stephen et al. (2010) agus bhí sé deacair orthu freastal ar mhianta éagsúla na dtuismitheoirí.

Taighde gaolmhar in Éirinn De réir Ní Thuairisg agus Ó Duibhir (2016, lch 13) is iomaí cúis a bhíonn ag tuismitheoirí an tumoideachas sa ghaelscoil a roghnú dá bpáistí, ina measc: • Buntáistí an dátheangachais • Buntáistí eacnamúla agus fostaíochta (san iarbhunscoil) • Léargas ar chultúir eile • Féiniúlacht grúpaí áirithe Is minic a bhíonn an tiomantas don tumoideachas an-láidir i dtús ama agus tuismitheoirí sásta scoil tumoideachais a roghnú thar scoileanna eile, fiú má tá na scoileanna tumoideachais sin níos faide uathu. Is minic freisin go leanann an tiomantas seo ón réamhscoil ar aghaidh tríd an mbunscoil agus ar aghaidh go dtí an t-iar-bhunleibhéal (Hodges, 2011; Morton et al., 1999). Dúirt 30% de na tuismitheoirí gur céim eile ar chonair an leanúnachais an bhunscoil lánGhaeilge tar éis dá bpáistí freastal ar naíonra lán-Ghaeilge (Ní Thuairisg agus Ó Duibhir 2016, lch 30) agus dúirt 68% díobh go raibh an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge ina n aigne acu agus iad ag roghnú na bunscoile lán-Ghaeilge (ibid). Bíonn iliomad cúiseanna ag tuismitheoirí agus iad ag roghnú réamhscolaíochta agus naíonraí dá bpáistí. Baineann cuid acu leis an saol sa teaghlach agus cuid acu leis an bpolasaí teanga sa naíonra. Bíonn na cúiseanna sin fite fuaite lena chéile ach dheineamar iarracht teacht ar roinnt de na cúiseanna is tábhachtaí dar le tuismitheoirí agus iad ag roghnú an luath-thumoideachais sa naíonra trí cheistneoir a chur chucu. Bhí an ceistneoir bunaithe ar shuirbhé a dhein Ní Thuairisg agus Ó Duibhir sa bhliain 2016 ar mhaithe le comparáid a dhéanamh idir an dá ghrúpa tuismitheoirí ar chonair an leanúnachais.

3. MODHEOLAÍOCHT

Cuireadh scéim phíolótach taighde ar bun in Earrach 2018 i gcomhpháirt le Gaeloideachas. Cuireadh ceistneoir chuig naíonraí i gContae Bhaile Átha Cliath agus i gContae Chorcaí. Bhí 56 naíonra i gceist i gContae Bhaile Átha Cliath agus 26 naíonra i gContae Chorcaí. Iarradh ar na stiúrthóirí na ceistneoirí a thabhairt do na tuismitheoirí/caomhnóirí is táimid fíorbhuíoch de na daoine go léir a chabhraigh linn. Bhí na ceisteanna dírithe ar na gnéithe thíos: • Cúlra teanga agus gaeloideachais na dtuismitheoirí; • Cúiseanna a roghnaíonn siad a bpáistí a chur chuig réamhscoil; • Cúiseanna a roghnaíonn siad naíonra seachas aon saghas réamhscoile eile; agus • A dtuairimí maidir lena bpáistí a chur chuig gaelscoil. Tháinig freagra ó 156 tuismitheoir: 93 ó Chontae Bhaile Átha Cliath agus 63 ó Chontae Chorcaí. Spéisiúil go leor, ní raibh aon difear suntasach idir na freagraí ó Chontae Bhaile Átha Cliath agus ó Chontae Chorcaí, in ainneoin go raibh liostaí feithimh sna gaelscoileanna níos faide i gContae Bhaile Átha Cliath. D’fhreagair 321 tuismitheoir an ceistneoir le Ní Thuairisg agus Ó Duibhir (2016), sampla randamach náisiúnta.

4. TORTHAÍ AN TAIGHDE 4.1 Úsáid agus cumas na Gaeilge sa teaghlach Sa chuid seo den pháipéar, tá cur síos ar thorthaí an taighde, agus déantar comparáid leis an staidéar le Ní Thuairisg agus Ó Duibhir (2016).

Tábla 1 Úsáid agus cumas na Gaeilge sa teaghlach

Téama Naíonraí 2018

Úsáid na Gaeilge sa teaghlach Gaeilge mar theanga theaghlaigh Teangacha eile Taithí na dtuismitheoirí ar an oideachas lán-Ghaeilge Naíonra amháin Naíonra & bunscoil lán-Ghaeilge Naíonra, bunscoil & iarbhunscoil lán-Gaeilge Bunscoil & iarbhunscoil lán-Gaeilge Bunscoil lán-Ghaeilge amháin Iarbhunscoil lán-Gaeilge amháin Béarla in uachtar: 89% 7% Spáinnis (2), Ungáiris (1)

1% 1%

267

4% 16% 5% 3% Ní Thuairisg agus Ó Duibhir 2016 (lch 26) Béarla in uachtar: 95% 5% 0.6%

Níor cuireadh an cheist. Níor cuireadh an cheist. Níor cuireadh an cheist. 6% 3% 2%

Béarla a bhí in uachtar i bhformhór na dteaghlach ach bhí mionlach suntasach ann a labhair Gaeilge lena gclann: 7% i gcás na naíonraí agus 5% i gcás na bunscoile. Bhí taithí ar an tumoideachas ar leibhéal na bunscoile agus/nó iarbhunscoile ag 16% de na tuismitheoirí naíonra agus 6% ag na tuismitheoirí bunscoile, figiúr sách ard nuair a chuirtear san áireamh nach raibh an soláthar ard ag an am a bhí na tuismitheoirí seo ag freastal ar scoil.

4.2 Cumas sa Ghaeilge Tábla 2 Cumas sa Ghaeilge ag na tuismitheoirí

Cumas sa Ghaeilge Naíonraí 2018 Ní Thuairisg agus Ó Duibhir 2016

Gan aon Ghaeilge Corrfhocal Roinnt abairtí simplí Codanna de chomhráite

1% 7% 4% 32% An chuid is mó de chomhráite 24% Cumas cainteora dúchais 9% 2% 10% 23% 40% 18% 7%

Léirigh 9% de na tuismitheoirí naíonra gur cainteoirí dúchais iad agus thuig 24% an chuid is mó de chomhráite (Tábla 2). Tá an-tionchar ag an gcumas sa Ghaeilge ar ábaltacht na dtuismitheoirí chun Gaeilge a labhairt leis na páistí sa bhaile (Ní Thuairisg agus Ó Duibhir, 2016) is dúirt 5% gur labhair siad Gaeilge amháin sa bhaile agus 2% eile gur labhair siad Gaeilge den chuid is mó (Tábla 3). Dar le Ní Thuairisg agus Ó Duibhir (2016), tá tionchar suntasach ag an leibhéal cumais agus úsáide Gaeilge ar thaithí na ndaltaí ar an teanga lasmuigh de thimpeallacht na scoile agus laghdaítear feidhm phraiticiúil na Gaeilge sa tsochaí go mór mura gcuirtear leis an taithí seo laistigh de sféar an oideachais. Ina theannta sin, tá tionchar nach beag ag leibhéal cumais sa teanga ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí. Bhí cumas sa Ghaeilge beagáinín níos airde ag na tuismitheoirí naíonra ná na tuismitheoirí bunscoile (Tábla 2), rud a chuirfeadh ar a gcumas labhairt lena bpáistí agus páirt a ghlacadh in oideachas a gcuid páistí.

4.3 Cén teanga a labhraíonn tú le do pháiste? Tábla 3 Na teangacha a labhraíonn na tuismitheoirí lena bpáistí

Teanga Naíonraí 2018 Ní Thuairisg agus Ó Duibhir 2016, (lch. 25) Béarla amháin 3% 17% Béarla den chuid is mó le roinnt focal/frása i nGaeilge 53% 51% Béarla agus Gaeilge, ach Béarla den chuid is mó 33% 27% Meascán cothrom de Ghaeilge agus Béarla 2% 4% Béarla agus Gaeilge, ach Gaeilge den chuid is mó 0% 0.6% Gaeilge den chuid is mó le roinnt focal/frása i mBéarla 2% 0.6% Gaeilge amháin 5% 0.3% Eile 2% 0.6%

Dúirt 53% de na tuismitheoirí naíonra gur labhair siad Béarla den chuid is mó lena gclann, figiúr cosúil le figiúr 51% sa suirbhé náisiúnta le Ní Thuairisg agus Ó Duibhir in 2016 (Tábla 3). Labhair 33% Béarla agus Gaeilge, ach Béarla den chuid is mó. 5% a dúirt gur labhair siad Gaeilge amháin, is bhí teanga eile á labhairt ag 2%.

4.4 Cúiseanna ar roghnaigh tuismitheoirí na páistí a chur chuig réamhscoil Tábla 4 Cúiseanna ar roghnaigh tuismitheoirí na páistí a chur chuig réamhscoil

Cúis Roghnaigh

Forbairt shóisialta an pháiste Forbairt chognaíoch an pháiste Cúraimí oibre an tuismitheora/caomhnóra Níl cabhair le cúram leanaí ar fáil ó ghaolta Cúiseanna eile Cúraimí eile 95% 87% 15% 5% 5% 0%

Forbairt shóisialta agus forbairt chognaíoch an dá phríomhchúis ar roghnaigh tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig réamhscoil (Tábla 4). Bhain cúiseanna chun naíonra a roghnú le sealbhú agus forbairt na Gaeilge mar shealbhú na Gaeilge ag na páistí (87%), a spéis féin sa teanga (74%) agus réamhscoil ar cháilíocht ard (73%).

Cén fáth ar shocraigh tú do pháiste a chur chuig naíonra/bunscoil lán-Ghaeilge? (cuir tic le gach bosca a bhaineann le hábhar) Tábla 5 Cúiseanna ar roghnaíodh na páistí a chur chuig naíonra/bunscoil lán-Ghaeilge

Cúis Naíonraí 2018 Ní Thuairisg agus Ó Duibhir 2016 Theastaigh uaim go mbeadh an Ghaeilge ag mo pháiste 81% 77% Tá suim agam féin sa Ghaeilge 74% 54% Bhí cáil mhaith ar an naíonra 73% 47% Theastaigh uaim go mbeadh mo pháiste dátheangach 62% 62% Chuala mé dea-thuairiscí faoin naíonra ó chomharsana nó cairde 49% 45% Bhí deartháir / deirfiúr mo pháiste ag freastal ar an naíonra 35% 27% Bheadh sé níos éasca áit a fháil sa ghaelscoil 27% Ní bhaineann le hábhar Bhí suíomh an naíonra áisiúil 24% 23% Tá mo pháiste á thógáil le Gaeilge 16%* Tá suim ag mo pháiste sa Ghaeilge 13% D’fhreastail tuismitheoir / caomhnóir mo pháiste ar an naíonra céanna 4% Bhí cairde mo pháiste ag freastal ar an naíonra céanna 3% Ní raibh áit ar fáil sa réamhscoil Bhéarla 0% Ní bhaineann le hábhar

*Ba léir go raibh tuiscintí éagsula ag na tuismitheoirí ar thógáil clainne le Gaeilge mar dúirt 16% go raibh siad ag tógáil clainne le Gaeilge ach ní dúirt ach 7% díobh go raibh an Ghaeilge in uachtar sa bhaile (Tábla 3). Bhain an scéal céanna nach mór le roghnú bunscoile lán-Ghaeilge.

Luadh cúiseanna eile mar an dátheangachas (62%), dea-cháil an naíonra (49%) agus páistí eile sa teaghlach a bhí ag freastal ar ghaelscoil (35%). Bhí éascaíocht áit a fháil sa ghaelscoil i bhfad in íochtar ar an liosta (27%). Tá sé soiléir ón méid thuas gur ar mhaithe le cúiseanna teanga is mó a chuireann tuismitheoirí a gcuid páistí chuig naíonra, idir spéis sa Ghaeilge nó an dátheangachas ach, ag am céanna, tá sé soiléir freisin go bhfuil tábhacht ag baint le deacháil a bheith ar an naíonra, leis an gceangal leis an ngaelscoil, agus le háisiúlacht an ionaid.

4.5 Cá fhad a fhanfaidh do pháiste sa naíonra? Tábla 6 An fad a fhanfaidh an páiste sa naíonra

Bliain amháin Dhá bhliain 39% 60%

Beidh dhá bhliain réamhscoile saor in aisce ar fáil ó Mheán Fómhair 2018. Dúirt 60% de na tuismitheoirí go bhfanfaidh a bpáiste sa naíonra ar feadh an dá bhliain. Bhí roinnt de na páistí i réamhscoileanna eile an bhliain roimh an suirbhé is dúirt tuismitheoir amháin “My child previously attended (another preschool) ... but he much prefers the naíonra where he gets to ‘play’ and I prefer the focus of the naíonra on play, interaction and communication”. Dúirt tuismitheoir eile go raibh amhras uirthi i dtosach faoin bpáiste a bhogadh ó crèche “but seeing the passion of the naíonra staff helped me to know that I had made the right decision. They are wonderful”. Dúirt 39% go bhfanfaidh an páiste bliain amháin. Ní fios an dtiocfaidh athrú air sin nuair a bheidh dhá bhliain réamhscoile saor in aisce neadaithe síos amach anseo.

4.6 Conair an leanúnachais san oideachas lán-Ghaeilge Dúirt 30% de thuismitheoirí sa suirbhé le Ní Thuairisg agus Ó Duibhir (2016, lch 30) gur céim eile ar chonair an leanúnachais an bhunscoil lán-Ghaeilge tar éis dá bpáistí freastal ar naíonra lán-Ghaeilge agus deir 68% díobh go raibh an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge ina n-aigne acu agus iad ag roghnú na bunscoile lán-Ghaeilge. Cheap siad gur aistriú nádúrtha a bhí ann. Bhí sé ar intinn ag 94% de na tuismitheoirí i suirbhé na naíonraí a bpáistí a chur chuig gaelscoil, cé nach fios cá mhéad acu ar éirigh leo leanúint leis an mian sin. Léiríonn sé sin go bhfuil na tuismitheoirí ag smaoineamh ar an leanúnachas ón naíonra go dtí an bhunscoil agus faoi leanúint ar aghaidh go dtí an iarbhunscolaíocht ag aois an-óg. Is céim thábhachtach í an naíonra, mar sin, ar chonair an leanúnachais san oideachas lán-Ghaeilge.

4.7 Cén leibhéal Gaeilge a bhfuil tú ag súil a bheith ag do pháiste ag deireadh na bliana? Tábla 7 An leibhéal Gaeilge a bhfuil na tuismitheoirí ag súil leis ag deireadh na bliana

Tuiscint ar an nGaeilge a labhraítear sa naíonra Focail aonair a rá Rainn agus amhráin a rá Frásaí a úsáid Caint níos forbartha a dhéanamh 74% 52% 51% 51% 19%

Bhí an tuiscint ar an leibhéal Gaeilge is féidir a bhaint amach níos réadúla ná an tuiscint a léirigh roinnt tuismitheoirí ar shealbhú Gàidhlig i suirbhé Stephen et al. (2010). Dúirt tuismitheoir amháin go raibh a páiste líofa cheana féin.

5. PLÉ AGUS IMPLEACHTAÍ 5.1 Próiseas chun cinneadh a dhéanamh

Tagann torthaí an taighde seo leis an staid a léiríodh sa litríocht: glacann an-chuid tuismitheoirí an cinneadh páiste a chur chuig naíonra bunaithe ar mholtaí ó ghaolta, ó chomharsana agus ó lucht aitheantais eile (Chaudry, 2010). Anuas air sin, glacann roinnt tuismitheoirí an cinneadh ginearálta bunaithe ar a dtaithí féin nó ar thaithí a gcuid gaolta ar an gcóras tumoideachais is socraíonn siad gur mhaith leo a bpáiste a chur chuig naíonra áitiúil.

5.2 Réamhscolaíocht Chuir na tuismitheoirí an-tábhacht le forbairt shóisialta an pháiste (95%) agus le forbairt chognaíoch (87%) faoi mar a dhein na tuismitheoirí i suirbhéanna eile (Forry et al, 2013; Ring et al., 2016; Sollars, 2017). Ní raibh an tábhacht chéanna le feighlíocht na leanaí mar níor luaigh ach 15% gur chabhraigh an naíonra lena gcúraimí oibre. Ní fios an toradh é sin ar easpa seirbhíse lae (is seirbhísí seisiúnacha iad formhór na naíonraí, is é sin trí uair an chloig sa lá de ghnáth) nó an rogha ghlan a bhí ann. Ní fios an bhfuil éileamh ar chúram lae iomlán trí Ghaeilge chun freastal ar pháistí a bhfuil a dtuismitheoirí ag obair go lán-aimseartha.

5.3 Naíonra a roghnú Cé go bhfuil tábhacht le roinnt tosca struchtúrtha mar an áisiúlacht (24%), chuir na tuismitheoirí sa suirbhé seo tábhacht níos mó le cáilíocht na seirbhíse faoi mar a dhein tuismitheoirí le hoideachas níos airde sa taighde idirnáisiúnta (Sollars, 2017). Cheap 73% go raibh cáil mhaith ar an naíonra is luadh tosca mar atmaisféar an naíonra, an caidreamh idir na stiúrthóirí agus na páistí, agus an clár leanbh-lárnaithe bunaithe ar shúgradh. Thar aon ní eile, bhí tábhacht leis an nGaeilge is luaigh 81% gur theastaigh uathu go mbeadh Gaeilge ag a bpáistí, go raibh spéis acu féin sa teanga (74%) is gur theastaigh uathu go mbeadh a bpáistí dátheangach (62%). Ba léir go raibh tuiscint réalaíoch acu ar an méid den teanga a d’fhéadfadh páiste a fhoghlaim sa naíonra. Dúirt 74% go raibh siad ag súil go mbeadh tuiscint ag an bpáiste ar an nGaeilge a labhraítear sa naíonra ag deireadh na bliana agus mheas c.50% go mbeadh na páistí in ann focail aonair, rainn agus amhráin agus frásaí as Gaeilge a rá. Bhí an leibhéal tuisceana sin réalaíoch i gcomparáid le tuairimí a léirigh roinnt tuismitheoirí a bhí ag súil le líofacht tar éis bliana i staidéar Stephen et al. (2010) in Albain. Dúirt 7% go raibh siad ag tógáil clainne le Gaeilge den chuid is mó, gur thacaíocht do theanga an bhaile a bhí sa tumoideachas is go raibh sé tábhachtach go mbeadh cuid den saol taobh amuigh den teaghlach á chaitheamh trí Ghaeilge. Dúirt 94% go mbeadh spéis acu a bpáistí a chur chuig gaelscoil is go raibh sé sin ar intinn acu sular shocraigh siad an páiste a chur chuig an naíonra. Cheap 27% go mbeadh sé níos éasca áit a fháil sa ghaelscoil ach bhí gnéithe eile de chonair an leanúnachais i gceist chomh maith. Luaigh tuismitheoirí áirithe an tábhacht a bhain le tosú luath ar fhoghlaim na Gaeilge sular thosaigh a bpáiste ar an ngaelscoil is go mbeadh “bunchloch iontach Ghaeilge aige sula dtéann sé ar scoil”, “It’s a fantastic setting to learn Irish”, agus “it gives my child more confidence with the Irish language when they will begin at the gaelscoil”. Dúirt tuismitheoir eile gur buntáiste é “to have even a little bit of Irish before attending any school”. Tá an dara bliain réamhscoile saor in aisce i bhfeidhm ó Mhéan Fómhair 2018. Deis iontach é seo chun go mbeadh sealbhú teanga dhá bhliain ag na páistí sula dtosaíonn siad ar an ngaelscoil nó ar aon bhunscoil eile.

5.4 Polasaí iontrála scoile Cén tionchar a bheidh ag an Acht Oideachas (2018), ina leagtar síos critéir faoi pholasaí iontrála scoile, ar iontráil sna naíonraí? Dar leis an acht seo, ní thabharfar cead do scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí ó naíonraí i gcás ró-éileamh a bheith ar an scoil. B’fhearr an deis chun áit a fháil i ngaelscoil a choimeád oscailte don phobal a léiríonn spéis mhór sa Ghaeilge faoi mar a dhein tuismitheoirí an tsuirbhé seo. Mura mbeidh buntáiste iontrála ag páistí naíonra, an mbeidh siad in ann áit a fháil sa ghaelscoil chun leanúint ar aghaidh leis an oideachas lán-Ghaeilge? Léirigh an taighde le Ní Thuairisg agus Ó Duibhir (2016) agus an suirbhé seo go gcuireann tuismitheoirí tábhacht le conair an leanúnachais san oideachas lán-Ghaeilge, ón naíonra go dtí an ghaelscoil agus ón ngaelscoil go dtí an iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Braitheann an leanúnachas seo ar naíonraí agus ar ghaelscoileanna áitiúla a bheith ann agus ar theacht ag páistí naíonra ar áit iontu. Mar sin, tá an-tábhacht ag baint le polasaí iontrála scoile ní hamháin ar bhunscoileanna ach ar naíonraí chomh maith.

5.5 Baic maidir le roghnú seirbhísí réamhscolaíochta: easpa eolais faoin soláthar Faigheann an-chuid tuismitheoirí in Éirinn agus thar lear a gcuid eolais faoi naíonraí ó dhaoine muinteartha, ó líonraí sóisialta srl., is é sin ar bhealaí neamhfhoirmiúla. Ach d’fhéadfadh tuismitheoirí a raibh spéis acu sa naíonra a bheith lasmuigh de na gréasáin sin. Dúirt tuismitheoir amháin nach raibh aon eolas aici faoi naíonra go dtí gur thosaigh páiste níos sine ar an ngaelscoil. Chuir tuismitheoir eile spéis san eolas ar an dátheangachas a bhí á thabhairt ag an ngaelscoil is mhéadaigh sé sin an fonn a bhí uirthi páiste níos óige a chur chuig naíonra. Treisíonn sé sin féin an tábhacht a bhaineann le caidreamh láidir gairmiúil a bheith idir gaelscoileanna agus naíonraí chun gur féidir leis an dá ghrúpa tacú lena chéile. Ní fios ach an oiread an bhfuil bealaí níos foirmiúla eile ar eolas ag tuismitheoirí, mar níor cuireadh ceist faoi sin ar an gceistneoir. Mar sin féin, níor luaigh oiread agus aon tuismitheoir amháin na tuairiscí oifigiúla ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ná ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Dúirt tuismitheoirí i Meiriceá go bhfuair siad eolas ar na tuairiscí sin ón réamhscoil acu féin. Is cinnte gur gá do na ranna stáit na tuairiscí sin a phoibliú agus is léir go bhfuil ról ag na naíonraí féin i scaipeadh an eolais oifigiúil sin. B’fhiú do Gaeloideachas naisc leis na suíomhanna gréasáin oifigiúla a chur ar an suíomh gréasáin acu féin. Cuireann tuairiscí oifigiúla le gairmiúlacht na hearnála, naíonraí san áireamh, agus ba chóir go mbeadh rochtain ag tuismitheoirí orthu.

6. MOLTAÍ

Bunaithe ar an taighde sa pháipéar seo, déantar na moltaí seo a leanas: • Eolas a thabhairt do na naíonraí faoin tábhacht a chuireann tuismitheoirí leis an nGaeilge agus leis an dátheangachas • An tsástacht a léirigh na tuismitheoirí leis an gcur chuige sna naíonraí ó thaobh luath-oideachais agus sealbhú/saibhriú teanga de a chur in iúl do na stiúrthóirí • Féachaint faoi bhuntáiste a bhaint as líonraí sóisialta pearsanta agus líonraí níos leithne chun eolas faoi na naíonraí a scaipeadh. Bheadh na gaelscoileanna agus na heagrais Ghaeilge san áireamh anseo • Eolas faoi na tuairiscí oifigiúla stáit a scaipeadh trí na naíonraí agus ar shuíomhanna gréasáin ag na ranna stáit agus ag na heagrais Ghaeilge • Taighde a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an Acht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018, ar na naíonraí agus ar na gaelscoileanna.

TAGAIRTÍ An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (2009). Aistear. Creatchuraclam na Luath-Óige.Baile Átha Cliath: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe. An Roinn Oideachais agus Scileanna (2018). An tAcht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna).Rialtas na hÉireann: Baile Átha Cliath. Ar fáil ag https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2016/58/. Chaudry, A., Henly, J., & Meyers, M. (2010). ACF-OPRE White Paper. Conceptual Frameworks for Child Care DecisionMaking.Washington, DC: Office of Planning, Research and Evaluation, Administration for Children and Families, U.S. Department of Health and Human Services. Forry, N. D., Tout, K., Rothenberg, L., Sandstrom, H., & Vesely, C. (2013). Child Care Decision-Making Literature Review. OPRE Brief 2013-45. Washington, DC: Office of Planning, Research and Evaluation, Administration for Children and Families, U.S. Department of Health and Human Services. Gamble, W. C., Ewing, A. R., & Wilhelm, M. S. (2009). Parental perceptions of characteristics of non-parental child care: Belief dimensions, family and child correlates. Journal of Child and Family Studies,18, 70-82. McLeod, W. & O’Rourke, B. (2015). Irish Parents and Gaelic-medium education in Scotland. A report for Soillse. Ar fáil ag http://www.soillse.ac.uk/wp-content/uploads/Irish-parents-and-GME-Soillse-Report-2015-WM-BORFINAL.pdf. Ní Thuairisg, L. & Ó Duibhir, P. (2016). An Leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann.Baile Átha Cliath: Gaelscoileanna Teo. O’Brien, C. (2017). “New Law halts priority Gaelscoileanna intake”, The Irish Times,24 Samhain [ar líne]. Léite an 30 Samhain 2017. Peyton, V., Jacobs, A. C., O’Brien, M., & Roy, C. (2001). Reasons for choosing child care: Associations with family factors, quality and satisfaction. Early Childhood Research Quarterly, 16, 191-208. Ring, E., Mhic Mhathúna, M., Moloney, M., Hayes, N., Breathnach, D., Stafford, P., Carswell, D., Keegan, S., Kelleher, C., McCafferty, D., O’Keeffe, A., Leavy, A., Madden, R. agus Ozonyia, M. (2016). An examination of concepts of school readiness among parents and educators in Ireland.Baile Átha Cliath: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Ar fáil ag www.dcya.ie. Rose, K. K., & Elicker, J. (2008). Parental decision making about child care. Journal of Family Issues, 29, 1161-1184. Rose, K. K., & Elicker, J. (2010). Maternal child care preferences for infants, toddlers, and preschoolers: The disconnect between policy and preferences in the USA. Community, Work, & Family, 13, 205-229. Sollars, V. (2017) Parents’ expectations about early years services, Early Years, 37:3, 285-299, DOI: 10.1080/09575146.2016.1154507. Stephen, C., McPake, J., McLeod, W., Pollock, I. & Carroll, T. (2010). Review of Gaelic Medium Early Education and Childcare.Dún Éideann, Albain: Scottish Government Social Research. Tusla (2015). Tusla Annual Report 2016 of Tusla Child and Family Agency’s Early Years Inspectorate.Baile Átha Cliath:

Tusla. Tusla (2016). Tusla Annual Report 2016 of Tusla Child and Family Agency’s Early Years Inspectorate.Baile Átha Cliath:

Tusla. Weber, R. (2011). Understanding Parents’ Child Care Decision-Making: A Foundation for Policy Making, OPRE

Research-to-Policy, Research-to-Practice Brief OPRE 2011-12. Washington, DC: Office of Planning, Research and Evaluation, Administration for Children and Families, U.S. Department of Health and Human Services.

This article is from: