Conas a roghnaíonn tuismitheoirí réamhscolaíocht agus naíonraí Gaeilge dá bpáistí? Máire Mhic Mhathúna, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Fiona Nic Fhionnlaoich, Ollscoil Mhá Nuad
ACHOIMRE Ní fios go cruinn cad iad na cúiseanna a gcuireann tuismitheoirí in Éirinn a gcuid páistí chuig réamhscoileanna ná cén fáth a roghnaíonn siad naíonra Gaeilge mar shuíomh luathoideachais. Tá sé tráthúil eolas a bhailiú anois nuair atá na critéir iontrála i mbunscoileanna faoi scrúdú. Cuireadh scéim phíolótach ar bun i bpáirt le Gaeloideachas agus iarradh ar thuismitheoirí i naíonraí áirithe ceistneoir a líonadh chun a dtuairimí faoi na cúiseanna seo a nochtadh. Pléifear torthaí an taighde seo sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta (Ó Duibhir agus Ní Thuairisg 2016, Sollars 2017, Forry 2013) agus déanfar moltaí faoi na himpleachtaí. ABSTRACT The reasons Irish parents send their children to preschools and why they choose Irish-medium naíonraí are not known scientifically. It is timely to investigate these reasons at this time when entry criteria to primary schools are being debated. A pilot scheme was set up in partnership with Gaeloideachas and parents in a number of naíonraí were asked to complete a questionnaire to ascertain the reasons for their choice. The findings will be discussed in the context of national and international research (Ó Duibhir and Ní Thuairisg 2016, Sollars 2017, Forry 2013) and recommendations made arising from the implications of the study.
263
| Ar ais go Clár na nÁbhar |