25 minute read
An saibhriú teanga ón mbonn aníos le hacmhainní digiteacha
An Dr Niall Mac Uidhilin, Bairbre Ní Thuairisg & Sinéad Ní Mhullaoidh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
ACHOIMRE
Cruthaíonn acmhainní digiteacha an 21ú haois deiseanna nua do phobail mionteangacha pleanáil teanga ón mbonn aníos a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtaí agus níos mealltaí don ghlúin óg. Déanann an páipéar seo cur síos ar chlár saibhrithe teanga nua atá bunaithe ar dhea-chleachtais na pleanála teanga agus staidéir na litearthachtaí nua leis an nasc idir an scoil agus an baile a threisiú. Tá go leor deiseanna eile acmhainní digiteacha agus cuir chuige nuálacha a úsáid le tacú leis an saibhriú agus leis an sealbhú teanga. Tá sé riachtanach do thodhchaí na Gaeltachta go dtacódh an córas oideachais le tuilleadh forbairtí a spreagadh sa réimse seo.
ABSTRACT
21st century digital resources create new opportunities for minority language communities to develop micro-level language planning solutions to their complex needs in tackling language shift. These can be easier to implement and more attractive to the younger generation. This paper describes a new programme for language enrichment which is based on sound language planning principles and the New Literacies Studies and aims to strengthen the links between school and home. There are many other opportunities which could harness digital resources and innovative approaches to support language enrichment and acquisition. It is essential for the future of the Gaeltacht that the education system support further developments in this area.
1. RÉAMHRÁ 1.1 Pleanáil Teanga ón mBonn Aníos Is cur chuige é an phleanáil teanga ón mbonn aníos (Hornberger, 1996; Hornberger & McCarty, 2012) (nó pleanáil teanga ag an micrileibhéal (Baldauf Jr, 2006)) atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas i measc pobail mionteangacha ar fud an domhain. Is éard atá i gceist leis seo ná in ionad a bheith ag brath ar eagraíochtaí lárnacha le polasaithe teanga a fhorbairt, go bhfuil polasaithe á bhforbairt “that draw their force and movement from the lives of real people” (Ó Laoire, 2012, lch 141). Leis an tsamhail seo, is féidir le daoine, teaghlaigh agus eagraíochtaí áitiúla i bpobail atá ag déileáil le meath na teanga áitiúla smacht a ghlacadh ar an bpróiseas pleanála teanga. Is féidir leo polasaithe a dhearadh bunaithe ar a gcuid sainriachtanas féin ag baint úsáid as acmhainní teanga áitiúla (Baldauf Jr, 2006; Hermes & King, 2013), rud a mhéadaíonn an seans go n-éireoidh le hidirghabhálacha athneartaithe teanga sa cheantar áitiúil (Hornberger, 1996; Ó Laoire, 2012). Tá sé seo ag tarlú faoi láthair ar fud na Gaeltachta trí na pleananna teanga áitiúla atá á réiteach ag 26 coiste pleanála teanga áitiúla don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) ar mhaithe lena stádas mar cheantar Gaeltachta a chaomhnú. Bunaíodh iad sin mar thoradh ar chur i bhfeidhm gnéithe áirithe de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus feidhmiú Acht na Gaeltachta [S20 agus AnaG as seo amach]. Áitíonn Ó Giollagáin nach ndéileálann S20 ná AnaG leis an teip i seachadadh na máthairtheanga atá ag tarlú fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre agus léiríonn sé amhras freisin faoi fhorbairt na bpleananna teanga áitiúla ón mbonn aníos (Ó Giollagáin, 2014, lch 109). Tá Street (1996) níos meáite ina chuid tuairimí faoin bpleanáil teanga ón mbonn aníos. Feiceann sé na deiseanna a bhaineann léi ó thaobh aitheantas a thabhairt do chanúintí agus don chultúr áitiúil, ach tugann sé foláireamh go bhfuil sé an-deacair an cineál pleanála seo a mheas agus go gcruthaíonn sé dúshláin maidir le hoiliúint múinteoirí agus cruthú ábhair. Ag an am céanna, áitíonn sé nach féidir le lucht déanta polasaithe neamhaird a thabhairt ar “the importance of bottom-up efforts and the significance of local languages and literacies for national policies” (Street, 1996, lch 370). Is duine de bhunaitheoirí an réimse taighde Na Litearthachtaí Nua é Street, réimse taighde a bhí lárnach i bhforbairt na Scéime Saibhrithe Teanga a ndéanfar cur síos uirthi ar ball.
1.2 An Córas Oideachais Aithnítear go bhfuil ról criticiúil ag an gcóras oideachais i bpróiseas na pleanála teanga ón mbonn aníos (Hornberger & King, 1996; Hornberger & McCarty, 2012). Mar chuid de S20, d’fhorbair an Roinn Oideachais agus Scileanna Polasaí don Oideachas Gaeltachta(ROS, 2016) [POG]. Réitíodh é sin trí choimisiúnú a dhéanamh ar thuairiscí cuimsitheacha taighde (ROS, 2015a; 2015b; 2015c; 2015d) agus trí phróiseas comhairliúcháin leis an bpobal. Chuir eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge fáilte mhór roimhe nuair a foilsíodh é (Ó Coimín, 2016). Bhí éileamh á dhéanamh ar a leithéid de phlean le blianta fada (Mac Donnacha et al., 2004; Ó Flatharta, 2007). San idirlinn, tá go leor gasúr imithe trí dhoirse scoileanna Gaeltachta le cumas labhartha na Gaeilge níos measa acu agus iad ag fágáil na scoile ná mar a bhí agus iad ag tosú amach, ach is fearr go deireanach ná go brách. Aithnítear in POG na dúshláin seo a leanas atá roimh na scoileanna Gaeltachta: éagsúlacht teangeolaíochta i measc na scoláirí, meath ar líon na gcainteoirí dúchais, meath ar úsáid agus inniúlacht na Gaeilge i measc na bhfoghlaimeoirí, méid bheag na scoileanna, easpa fála ar mhúinteoirí le hinniúlacht sa Ghaeilge chun an curaclam a sholáthar trí Ghaeilge, agus éilimh chontrártha ó na tuismitheoirí (ROS, 2016, lch 17). Leagtar béim in POG ar an bpleanáil teanga ón mbonn aníos freisin. Tugadh cuireadh do scoileanna i gceantair Ghaeltachta spéis a léiriú aitheantas mar ‘Scoil Ghaeltachta’ a bhaint amach roimh dheireadh na scoilbhliana 20162017 agus ansin pleananna gníomhaíochta a réiteach agus a sheoladh isteach in 2017-2018 chuig aonad nuabhunaithe – an tAonad um Oideachas Gaeltachta (ROS, 2017). Bhí an Roinn ag súil le pleananna “a dhíríonn ar fheabhsúchán san oideachas trí Ghaeilge ina gcuimsítear mar is cuí na critéir theanga-bhunaithe agus an sain-chomhthéacs teanga ina bhfuil an scoil ag feidhmiú” (ROS, 2017, lch 8). Déantar go leor tagairtí in POG don sealbhú agus don saibhriú teanga agus cuirtear an cainteoir dúchais i lár an aonaigh den chéad uair ariamh i bpolasaí Stáit ó thaobh na Gaeilge (ROS, 2016). Leagtar béim ann freisin ar an tábhacht a bhaineann le hacmhainní foghlama feiliúnacha a úsáid leis an saibhriú teanga a chur chun cinn. Tarraingíonn Glynn et al. (2009) aird ar cé chomh leochaileach is atá na dinimicí cumhachta sa Ghaeltacht agus ar an gcaoi a n-imríonn siad sin tionchar ar an luach a chuirtear ar shaibhreas cultúrtha na ngasúr i seomraí ranga na Gaeltachta. Maíonn siad nach mbíonn an córas oideachais Gaeltachta ag tabhairt aitheantais don chiste eolais shaibhir atá acu maidir leis an gceantar agus leis an gcanúint áitiúil. Éilíonn siad go bhfuil gá le cur chuige oideachasúil trasfhoirmithe sa chóras oideachais Gaeltachta. An bhfeicfimid é sin á chur i bhfeidhm trí POG? Beidh le feiceáil.
1.3 An Saibhriú Teanga Agus Cultúrtha Ceann de na straitéisí oideachais is mó atá tar éis an saibhriú teanga a chur chun cinn i scoileanna Gaeltachta is ea Scéim na gCúntóirí Teanga (SgCT). Gníomhaíocht pleanála teanga eile a tharla ón mbonn aníos is ea í seo. Bunaíodh SgCT in 1992 le tacú leis an sealbhú teanga i scoileanna Gaeltachta (Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 2016). I luathbhlianta na scéime, bhí sí in úsáid le tacú le gasúir T2 ach tá fianaise ann anois go bhfuil scoileanna i gCatagóir A ag baint leas aisti chun tacú le gasúir T1 (Ní Shéaghdha, 2010). Tá an t-aiseolas ina leith ó thuismitheoirí, scoileanna agus na pobail áitiúla an-dearfach (Ó Flatharta, 2007; ROS, 2015c) agus is maith an rud é go bhfuil an Scéim láidrithe ó foilsíodh POG agus í maoinithe anois go dtí deireadh 2022. Cé go bhfuil an SgCT an-luachmhar, tá teorainn áfach ar an méid ama atá ag gach cúntóir le tionchar a imirt ar shaibhreas teanga na ngasúr lena bhfuil siad ag plé. Tá teicneolaíochtaí ar nós cartlanna digiteacha agus teicneolaíochtaí néalríomhaireachta in ann deiseanna nua a chruthú le tacú le saibhriú agus le sealbhú mionteangacha (Hermes et al., 2016; Mac Uidhilin, 2013; Villa, 2002). Ceann de na forbairtí ba thábhachtaí i stair na Gaeltachta ná bunú Raidió na Gaeltachta (RnaG) in 1972 (Mac Con Iomaire, 2006). Forbairt ón mbonn aníos a bhí ann – bunaíodh RnaG mar gheall ar Shaor-Raidió Chonamara, stáisiún raidió mídhleathach, a bhfuil a chuid préamhacha le feiceáil i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta (ibid). D’éirigh le RnaG “inter-dialect unity” a bhaint amach, rud a spreagann “a sense of the importance of one’s own dialect, and of the language overall” (Cotter, 2001, lch 305). Is i rith luathbhlianta RnaG a craoladh an t-ábhar ba luachmhaire agus ba shaibhre ó thaobh teanga agus cultúir ó phobail na Gaeltachta – “ábhar atá anois chomh luachmhar sin mar nach bhfuil fáil ar a leithéid níos mó” (Mac Con Iomaire 2006: 5). Aistríodh an t-ábhar sin ó fhoirm analógach go foirm dhigiteach mar chuid de scéim fostaíochta pobail faoi stiúir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua sna 1990idí agus 2000idí. Is sampla é an t-ábhar cartlainne seo d’ábhar dílis, is é sin, an cineál ábhair a mholtar a úsáid sa seomra ranga leis an sealbhú agus an saibhriú teanga a chur chun cinn (Little et al., 1994; Villa, 2002). Sna glúine roimhe seo, nuair a bhí dlús níos mó ann ó thaobh líon na gcainteoirí dúchais, bhíodh sealbhú agus saibhriú na teanga ag tarlú go nádúrtha trí sheachadadh na máthairtheanga ó ghlúin go glúin sa teaghlach. Ní féidir muinín a chur sa phróiseas sin a thuilleadh, faraor, agus caithfear breathnú ar bhealaí eile lena bhaint amach. Maíonn KellyHolmes (2001) gur féidir le cartlanna digiteacha feidhmiú mar ionadaí ar an nglúin níos sine le seachadadh na máthairtheanga a chur chun cinn. Ní gá brath ar chartlanna amháin, áfach. D’fhéadfadh múinteoirí nó cúntóirí teanga ábhar a thaifeadadh iad féin nó ligean do na gasúir gléasanna taifeadta a thabhairt abhaile le taifid bhaile a dhéanamh. Nuair a thugtar deis d’fhoghlaimeoirí plé le hábhair thaifeadta a mbraitheann siad ceangal leo, “told and written by people who the students know or even are related to” (Dicker et al., 2009, lch 109), is minic a ardaíonn sé sin a gcuid airde agus a gcuid suime, rud a chabhraíonn le dílseacht an ábhair a mhéadú (Rost, 2013).
1.4 Staidéir Na Litearthachtaí Nua (SLN) Tá go leor macallaí sna samplaí seo don réimse taighde Staidéir na Litearthachtaí Nua (SLN), réimse taighde a bhí lárnach i ndearadh na Scéime Saibhrithe Teanga. Tá SLN fréamhaithe i dteoiricí soch-chultúrtha – breathnaítear ar na bealaí a chasann daoine le téacsanna (tá brí leathan ag ‘téacs’ faoin dearcadh seo) mar theagmhais litearthachta agus tarlaíonn siad sin i gcomhthéacsanna sóisialta (Coiro et al., 2014). Breathnaítear freisin ar an gcaoi a bhfuil mianach na litearthachta, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta, tar éis athrú le roinnt blianta anuas agus go bhfuil réimse cleachtas iomlán nua ag teastáil le bheith in ann dul ag plé leis an “stuif” nua seo (Gee, 2008; Lankshear & Knobel, 2011). Tá tionchar na dteoiricí seo le feiceáil anois i bpolasaithe an Stáit i leith na litearthachta (ROS, 2011, lch 8). Tá laghdú mór tagtha ar an gcostas atá ar threalamh taifeadta, rud a chruthaíonn deiseanna chun tograí oideachais agus tograí caomhnaithe teanga a bhunú ar chostas an-íseal (Villa, 2002). Tá borradh mór le feiceáil in úsáid na teicneolaíochta i dtograí taighde a bhaineann le hoideachas agus le caomhnú mionteangacha (Dyson et al., 2007; Jones & Uribe-Jongbloed, 2013; Penfield et al., 2006). Is minic gur tograí ón mbonn aníos iad na tograí sin. Luann Hermes et al (2016, lch 273) “a compelling need to counter dominant homogenizing cultural forces” agus go dtabharfaidh sé sin deis do phobail mionteangacha feidhmiú mar “active participants in the world’s media ecologies”. 1.4.1 Torthaí an Taighde Déantar cur síos anois ar Scéim Saibhrithe Teanga a forbraíodh mar chuid de thaighde dochtúireachta i rith na scoilbhliana 2013-2014 in dhá bhunscoil atá lonnaithe i gCatagóir A de Ghaeltacht Chonamara – Scoil Chluain Locha agus Scoil Bharr na Leice
1
Lean an taighde cur chuige taighde dearadh-bhunaithe (TDB). Cur chuige atriallach é TDB atá dírithe ar idirghabháil shuntasach a fhorbairt i gcomhthéacs oideachais réalaíoch agus an taighdeoir ag comhoibriú leis na múinteoirí agus leis na gasúir (Barab & Squire, 2004). Is iad na torthaí a bhíonn ar TDB go hiondúil ná léargas nua ar na prionsabail dearaidh theoiriciúla agus an idirghabháil í féin (Hoadley, 2006; McKenney et al., 2006). Tharraing dearadh an taighde ar theoiricí na litearthachtaí nua (Street, 1998), chomh maith le réimsí gaolmhara eile ar nós na foghlama suite (Lave & Wenger, 1991), scoileanna ag táirgeadh eolais (Bigum, 2002; Rowan & Bigum, 2010), cistí eolais (González et al., 2013; Moll et al., 1992) agus téacsanna féiniúlachta (Cummins & Early, 2010). De réir an dea-chleachtais in TDB (Gravemeijer & Cobb, 2006), rinne mé
2
fístaifeadadh ar na seisiúin ranga uile agus mé ag glacadh páirt ghníomhach in éineacht leis na múinteoirí i gcur i bhfeidhm na hidirghabhála. Bhailigh mé go leor sonraí eile freisin trí ghrúpaí fócais a reáchtáil leis na gasúir, agallaimh a chur ar na múinteoirí, dialann mhachnaimh a choinneáil agus scrúdú a dhéanamh ar na scéalta (déantáin) a chruthaigh na gasúir. Cuirfear dhá insint “thiubha” (Geertz, 1973) i láthair anois le blaiseadh a thabhairt ar chur i bhfeidhm na hidirghabhála. Léirítear dearcadh na gcleachtóirí in Insint 1 agus dearcadh na ngasúr in Insint 2. 1.4.2. Insint 1: Forléargas ar an Scéim Saibhrithe Teanga Tar éis roinnt cur is cúiteamh leis na múinteoirí, shocraigh muid ar “Mo cheantar féin” mar théama an tionscadail, rud a chuireann an cultúr agus an chanúint áitiúil chun cinn (Street, 1996). Sa chéad seisiún, rinne na gasúir tobsmaointeoireacht le cinntiú go n-aimseofaí téamaí a raibh suim acu iontu faoin gceantar áitiúil. D’úsáid muid uirlis tobsmaointeoireachta ar líne le meabhairmhapa (Fíor 1) a chruthú. Úsáideadh na heochairfhocail a mhol na gasúir mar na téarmaí a ndearnadh cuardach orthu i gcartlann an raidió. Léirigh sé sin do na gasúir gurbh iadsan a bhí i gceannas ar an bpróiseas roghnúcháin. Fíor 1 Meabhairmhapa digiteach a forbraíodh i Scoil Bharr na Leice
Bhain muid úsáid as crua-earraí fuaime simplí sa taighde seo faoi mar a mholann Villa (2002) – taifeadáin MP3, cluasáin, micreafóin agus scarthóirí fuaime (Fíor 2). Chuidigh na scarthóirí fuaime go háirithe leis an gcur chuige oideolaíoch (foghlaim chomhoibríoch) a chur i bhfeidhm i rith na hidirghabhála. Is féidir suas le cúig sheit cluasán a cheangal le scarthóir. Cuireann siad sin ar chumas grúpaí páistí éisteacht go comhoibríoch le míreanna fuaime difriúla. Ciallaíonn sé sin gur féidir idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar chumas teanga na ngasúr (m.sh. gasúir T1 agus T2) – rud a mholtar go láidir in POG (ROS, 2016).
Fíor 2 Crua-earraí fuaime simplí le tacú leis an idirghabháil seo – taifeadáin MP3, cluasáin, micreafóin agus scarthóirí fuaime
Chomh maith leis na hacmhainní fuaime ó chartlann an raidió, iarradh ar na gasúir acmhainní a thabhairt isteach ón mbaile a bhain leis an gceantar áitiúil. Ba iad na míreanna ba choitianta agus ba luachmhaire a tógadh isteach ná cóipeanna d’irisleabhair bhliantúla (Fíor 3) a fhoilsíonn na coistí pobail áitiúla. Bíonn siad seo lán le scéalta (scríofa sa chanúint áitiúil) agus, níos tábhachtaí fós, pictiúir den cheantar agus de mhuintir an cheantair. Chomh luath agus a thosaigh gasúir ag tabhairt na n-irisleabhar seo isteach, chonaic muid an-chuid deiseanna leas a bhaint as na pictiúir a bhí iontu i scéalta digiteacha na ngasúr.
Fíor 3 Dhá cheann de na hirisí bliantúla a tógadh isteach agus a ndearnadh scanadh agus uaslódáil orthu
Tugadh rogha do na grúpaí scéal digiteach a chruthú bunaithe ar mhír ón gcartlann nó ar mhír a ndearna siad taifead uirthi sa mbaile. Den chuid is mó, roghnaigh siad míreanna ón gcartlann, ach bhí na taifid a rinne siad sa mbaile thar a bheith speisialta (féach Insint 2 thíos). I measc na dtéamaí a roghnaigh siad, bhí amhránaíocht, damhsa, seanchas áitiúil, agus go leor eile.
Nuair a bhí mír fuaime roghnaithe ag na gasúir dá scéal digiteach – ceann ón gcartlann nó ceann a thaifead siad féin – d’éist siad go cúramach léi fad is a bhí bileog shioncronaithe á líonadh acu (Fíor 4). Dearadh an bhileog sin le cuidiú leis na daltaí leagan físiúil dá scéal a shamhlú agus a phleanáil ó thaobh cúrsaí ama de.
Fíor 4 Bileog Shioncronaithe fholamh
Mharcáil na gasúir an bhileog sin leis na hamanna ar mhian leo go ndéanfaí sioncronú idir an méid a bhí á rá sa mhír fuaime agus a rogha pictiúir (féach Insint 2). Cruthaíonn sé sin deis an tsinéistéise a chur chun cinn (Mac Uidhilin, 2017). Coincheap tábhachtach é seo i gcomhthéacs na litearthachtaí nua – “the process of shifting between modes and re-representing the same thing from one mode to another” (Kalantzis et al. 2010: 67). Áitíonn Kress go bhfuil ceangal láidir idir an tsinéistéise agus an chruthaíocht agus, dá bhrí sin, an fhoghlaim: ... increased semiotic richness and hybridity, both linguistic and extralinguistic, could only serve to increase the possibility of emergent knowledge, which may in turn positively affect intellectual and affective development (Kress 2003: 71). Baineadh úsáid as an mbogearra scéalaíochta Microsoft Photostory ansin ar mhaithe leis na scéalta digiteacha a chruthú trí fhuaim agus íomhanna digiteacha a mheascadh lena chéile (Fíor 5).
Fíor 5 Mír fuaime a mheascadh le sraith pictiúr i Photostory le scéal digiteach a chruthú
Ionas go bhféadfaí tacú leis an riachtanas dearaidh go mbeadh an idirghabháil ag feidhmiú trasna na dteorainneacha idir an scoil agus an baile, socraíodh cuntas néalríomhaireachta le go bhféadfadh na gasúir na míreanna fuaime, na híomhánna agus na scéalta digiteacha a raibh siad ag oibriú orthu a roinnt lena muintir sa mbaile (Fíor 6).
Fíor 6 Bonneagar láidir teicniúil ag baint úsáid as cuntas néalríomhaireachta
Cuireadh deireadh leis an Scéim sna scoileanna ag ócáid inár tugadh cuireadh do mhuintir na ngasúr agus don phobal teacht le chéile le breathnú ar scéalta na ngasúr agus bhí toradh an-dearfadh air sin. Seo mar a rinne Múinteoir Bríd, príomhoide Scoil Chluain Locha cur síos ar an ócáid: ... mmm... an coiste pobail... bhí an coiste pobail chomh mórtasach as... bhfuil a fhios agat... Johnny... chomh bródúil... so, bhí an ceangal... rinneadh ceangal i bhfad níos forleithne ná pobal na scoile... Agallamh deiridh, Cluain Locha
2.2 Insint 2: An Scéal Digiteach a chruthaigh Grúpa an Oileáin Mhóir Luaigh Síle, múinteoir rang 3-6 i Scoil Bharr na Leice, go raibh sceitimíní ar bheirt chol ceathracha, Siobhán agus Róisín, faoin tionscadal fiú sular leaindeáil mé sa scoil. D’fhás a seanmháthair aníos ar oileán áitiúil – An tOileán Mór – oileán atá tréigthe anois. Chomh luath agus a chuala siad faoin tionscadal, bhí a fhios acu go raibh siad ag iarraidh scéal digiteach a chruthú bunaithe ar an saol mar a bhí agus a seanmháthair ag fás aníos ar an Oileán Mór.
Bhí ríméad orainn nuair a chonaic muid cé chomh tógtha is a bhí siad leis an tionscadal agus nuair a dúirt siad go raibh Mamó sásta dul faoi agallamh don tionscadal. Sula ndeachaigh Siobhán leis an taifead a dhéanamh, chuidigh Síle léi roinnt ceisteanna a ullmhú agus thaispeáin mise di cén chaoi leis an ngléas taifeadta a úsáid. Is é seo a leanas an cheád nóiméad den agallamh a rinne Siobhán lena Mamó faoi bheith ag fás aníos ar an oileán mór:
Tras-scríbhinn den chéad nóiméad den agallamh idir Shiobhán agus a Mamó
Bhí sé i gceist ag Dónal, col ceathrair eile leo, an pheil a roghnú mar théama ach nuair a chuala sé an taifead a rinne Siobhán, shocraigh sé go raibh sé ag iarraidh oibriú léi-se agus le Róisín ar scéal digiteach a chruthú bunaithe ar an taifead. Ar dtús, d’éist an grúpa leis an taifead agus d’úsáid siad an bhileog shioncronaithe le clárú a dhéanamh ar na cóid ama de na hathruithe suntasacha sa scéal agus ar na cineálacha pictiúir ar mhaith leo a úsáid (Fíor 7 & Fíor 8)
Fíor 7 agus Fíor 8 Ar chlé: Ag aithint cód ama sa taifead fuaime ar an mbileog shioncronaithe; Ar dheis: An bhileog líonta
Ansin, chuardaigh siad na pictiúir sin ar an idirlíon agus d’úsáid siad Photostory le sioncronú a dhéanamh idir na pictiúir agus an fhuaim. Is samplaí iad na gníomhaíochtaí sin den timthriall sioncronaithe á chur i bhfeidhm (Fíor 9) áit a gcuireann nádúr an taisc iachall ar na gasúir éisteacht le sleachta fuaime arís agus arís fad is a bhíonn íomhánna á sioncronú acu leis an bhfuaim. Is i rith an timthrialla sioncronaithe seo a tharlaíonn an tsinéistéise a chruthaíonn na deiseanna nua don sealbhú agus don saibhriú teanga.
Fíor 9 An timthriall sioncronaithe
5. CONCLÚIDÍ
Léiríonn an taighde seo gur féidir rannpháirtíocht dhomhain le hacmhainní teanga saibhre a bhaint amach má tá spéis ar leith ag na foghlaimeoirí in ábhar na dtaifead nó sna daoine atá le cloisteáil iontu. Léiríonn an taighde freisin go bhfuil acmhainní saibhre teanga ann cheana féin i bhfoirm ábhar cartlainne ar nós chartlann RnaG agus cartlanna eile ar nós chartlanna na n-irisleabhar áitiúil atá curtha le chéile ag coistí áitiúla le blianta fada. Tá sé tábhachtach go mbeidh rochtain ag muintir na Gaeltachta ar an ábhar luachmhar seo agus is féidir é sin a bhaint amach ach tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thograí cartlannaithe dhigitithe agus tograí oideachais ar nós na Scéime Saibhrithe Teanga atá pléite sa pháipéar seo. Ní hamháin go bhfuil tograí den sórt seo in ann tarraingt ar acmhainní cartlainne ach tá trealamh saor ar fáil a ligeann do ghasúir ábhar nua a bhailiú trí thaifid shaibhre a dhéanamh dá muintir féin. Nuair atá bailiúchán acmhainní saibhre cruinnithe le chéile ag scoil, is féidir leo iliomad úsáide a bhaint as chun tacú leis an saibhriú teanga. Ní hamháin go mbeidh na hacmhainní bunaithe ar fhocail agus ar nathanna saibhre Gaeilge, beidh siad fréamhaithe sa chanúint áitiúil agus sa chultúr dúchais. Léiríonn an scéim a ndéantar cur síos uirthi sa pháipéar seo sampla de cheann de na deiseanna is féidir a thapú a bhuíochas leis an teicneolaíocht. Is é sin, míreanna fuaime a mheascadh le pictiúir le scéalta digiteacha a chruthú. Má chuirtear acmhainní den sórt seo ar fáil do scoileanna Gaeltachta, is cinnte go bhfeicfidh múinteoirí iliomad deiseanna eile le tarraingt ar an saibhreas seo chun leas na teanga áitiúla a chur chun cinn.
TAGAIRTÍ Baldauf Jr, R. B. (2006). Rearticulating the case for micro language planning in language ecology context. Current Issues in Language Planning,7(2-3), 147-170.
Barab, S., & Squire, K. (2004). Design-based research: Putting a stake in the ground. The Journal of the Learning Sciences,13(1), 1-14. Bigum, C. (2002). The knowledge producing school: Rethinking computing and communication technologies in schools. Professional Voice, 2(2), 1-3.
Coiro, J., Knobel, M., Lankshear, C., & Leu, D. J. (2014). Handbook of Research on New Literacies.Routledge. Cotter, C. (2001). Continuity and Vitality—Expanding domains through Irish-language radio. In L. Hinton & K. Hale (eag.) The Green Book of Language Revitalization in Practice. Academic Press. 301-331 Cummins, J., & Early, M. (2011). Identity Texts: The Collaborative Creation of Power in Multilingual Schools.
Trentham Books. Dicker, J., Havens, J., Dunbar, E., & Johns, A. (2009). Developing Intermediate Language Learning Materials A Labrador Inuttitut Story Database. In J. Reyhner & L. Lockard (eag.) Indigenous Language Revitalization: Encouragement, Guidance & Lessons Learned. Northern Arizona University. 155-166. Le fáil ar: http://citeseerx.ist.psu.edu/viewdoc/summary?doi=10.1.1.206.4177 Dyson, L. E., Hendriks, M. A. N., & Grant, S. (Eag.). (2007). Information Technology and Indigenous People. Information Science Pub. (inphrionta de chuid Idea Group Inc.). Gee, J. P., (2008). Social linguistics and literacies: Ideology in discourses. Routledge.
Glynn, T., Ó Laoire, M., Berryman, M., & May, S. (2009). Transformative pedagogy and language learning in Maori and Irish contexts. Refereed Conference Proceedings and Keynotes.2nd International Conference on Language, Education and Diversity, The University of Waikato, Hamilton, an Nua-Shéalainn. Le fáil ar: http://researchcommons.waikato.ac.nz/handle/10289/3237 González, N., Moll, L. C., & Amanti, C. (2013). Funds of Knowledge: Theorizing Practices in Households, Communities, and Classrooms. Routledge.
Gravemeijer, K., & Cobb, P. (2006). Design research from a learning design perspective. Educational Design Research,17-51.
Hermes, M., Cash, P. C., Donaghy, K., Erb, J., & Penfield, S. (2016). New domains for indigenous language acquisition and use in the USA and Canada. In Coronel Molina & T. McCarty (eag.) Indigenous Language Revitalization in the Americas.Routledge. 269-287.
Hermes, M., & King, K. A. (2013). Ojibwe language revitalization, multimedia technology, and family language learning. Language Learning and Technology,17(1), 125-144.
Hoadley, C. (2006). Interview at AERA International Convention [Agallamh]. Le fáil ar: http://projects.coe.uga.edu/dbr/expertinterview.htm Hornberger, N. H. (1996). Language planning from the bottom up. In N. H. Hornberger (eag.) Indigenous literacies in the Americas: Language planning from the bottom up (Iml. 75, lgh 357-366). Walter de Gruyter.
Hornberger, N. H., & King, K. A. (1996). Language revitalisation in the Andes: Can the schools reverse language shift? Journal of Multilingual and Multicultural Development,17(6), 427-441.
Hornberger, N. H., & McCarty, T. L. (2012). Globalization from the bottom up: Indigenous language planning and policy across time, space, and place. International Multilingual Research Journal,6(1), 1-7. Le fáil ar: https://doi.org/10.1080/19313152.2012.639251 Jones, E. H. G., & Uribe-Jongbloed, E. (eag.). (2013). Social Media and Minority Languages: Convergence and the Creative Industries (Iml. 152). Multilingual Matters. Kalantzis, M., Cope, B., & Cloonan, A. (2010). A multiliteracies perspective on the new literacies. New Literacies: Multiple Perspectives on Research and Practice,61-87.
Kelly-Holmes, H. (2001). Minority Language Broadcasting: Breton and Irish(Iml. 7) Multilingual Matters. Lankshear, C., & Knobel, M. (2011). New Literacies: Everyday Practices and Social Learning. McGraw-Hill
International.
Lave, J., & Wenger, E. (1991). Situated Learning: Legitimate Peripheral Participation. Cambridge University Press. Little, D., Devitt, S., & Singleton, D. (1994). The communicative approach and authentic texts. Teaching Modern Languages, 43-47.
Mac Con Iomaire, T. R. (2006). Seirbhís raidió ag seirbhísiú pobail. Léacht Bhord Na Gaeilge, OÉG. Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A., & Ní Mhainín, T. (2004). Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta/A Study of Gaeltacht Schools. An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Mac Uidhilin, N. (2013). Technology: Pedagogic opportunities for minority languages. In E. H. G. Jones & E. UribeJongbloed (eag.) Social Media and Minority Languages: Convergence and the Creative Industries.Iml. 152.
Multilingual Matters 146-158. Mac Uidhilin, N. (2017). Deiseanna saibhrithe teanga tríd an sinéistéise idir míreanna cartlainne faoin gceantar áitiúil. Léann Teanga: An Réiviú,5, 31-54.
McKenney, S., Nieveen, N., & van den Akker, J. (2006). Design research from a curriculum perspective. Educational Design Research, 67-90.
Moll, L. C., Amanti, C., Neff, D., & Gonzalez, N. (1992). Funds of knowledge for teaching: Using a qualitative approach to connect homes and classrooms. Theory into Practice, 31(2), 132-141. Ní Shéaghdha, A. (2010). Taighde ar Dhea-chleachtais Bhunscoile i dtaca le Saibhriú/Sealbhú agus Sóisialú Teanga do Dhaltaí arb í an Ghaeilge a gCéad Teanga. An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus
Gaelscolaíochta. Ó Coimín, M. (2016, Deireadh Fómhair 28). ‘Cúis dóchais agus mhisnigh’ – fáilte roimh fhoilsiú an chéad pholasaí stáit don chainteoir dúchais Gaeilge. Tuairisc.ie. Le fáil ar: https://tuairisc.ie/cuis-dochais-agus-mhisnigh-failteroimh-fhoilsiu-an chead-pholasai-stait-don-chainteoir-duchais-gaeilge/ Ó Flatharta, P. (2007). Struchtúr Oideachais na Gaeltachta.COGG.
Ó Giollagáin, C. (2014). From revivalist to undertaker: New developments in official policies and attitudes to Ireland’s ‘First Language.’ Language Problems and Language Planning, 38(2), 101-127. https://doi.org/10.1075/lplp.38.2.01gio Ó Laoire, M. (2012). New perspectives on language policy for language revitalisation. Te Kaharoa, 5(1). Le fáil ar: http://tekaharoa.com/index.php/tekaharoa/article/viewArticle/123 Oidhreacht Chorca Dhuibhne. (2016). An Cúntóir Teanga. An Cúntóir Teanga. Le fáil ar: http://ancuntoir.ie/ Penfield, S., Cash, P., Galla, C. K., Williams, T., & ShadowWalker, D. (2006). Technology-enhanced Language Revitalization. Tucson, AZ: Ollscoil Arizona. Le fáil ar: http://www.academia.edu/download/30379628/draftpt1_telr2006.pdf ROS. (2011). An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga: 2011–2020.An Roinn Oideachais agus Scileanna. Le fáil ar: https://www.education.ie/ga/Scoileanna Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Litearthacht-agus-imhearthacht/lit_num_strat_ir.pdf ROS. (2015a). Athbhreithniú ar an Oideachas sa Ghaeltacht: Athbhreithniú ar an Litríocht Náisiúnta.An Roinn
Oideachais agus Scileanna. ROS. (2015b). Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta.An Roinn
Oideachais agus Scileanna. ROS. (2015c). Soláthar scoile i limistéir pleanála teanga ghaeltachta: Soláthar reatha agus éileamh.An Roinn
Oideachais agus Scileanna. ROS. (2015d). Tuarascáil ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge i Scoileanna Gaeltachta: Cás-staidéir
bunscoile agus iar-bhunscoile.An Roinn Oideachais agus Scileanna. ROS. (2016). Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. An Roinn Oideachais agus Scileanna. Le fáil ar: ar: http://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lachaBeartais/Polasai-don-OideachasGaeltachta-2017-2022.pdf ROS. (2017). Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022—Imlitir 0033/2017—An chéim fheidhmithe tosaigh (Aibreán 2017 go Meitheamh 2018).Le fáil ar: An Roinn Oideachaisagus Scileanna. https://www.education.ie/ga/Ciorcl%C3%A1in agus Foirmeacha/Ciorcl%C3%A1inGn%C3%ADomhacha/cl0033_2017_ir.pdf
Rost, M. (2013). Teaching and Researching: Listening.Routledge.
Rowan, L., & Bigum, C. (2010). At the hub of it all: Knowledge-producing schools as sites for educational and social innovation. In D. Clandfield & G. Martell (eag.) The School as Community Hub: Beyond Education’s Iron Cage
Canadian Centre for Policy Alternatives. 185-203. Le fáil ar: http://www.easywebdesignsolutions.com/EATORONTO/SchoolasCommunityHub% 0.pdf#page=185 Street, B. V. (1996). Local literacies and vernacular literacies: Implications for national literacy policy. In N. H. Hornberger (eag.) Indigenous Literacies in the Americas: Language Planning from the Bottom Up. 369-381.
Street, B. V. (1998). New literacies in theory and practice: What are the implications for language in education? Linguistics and Education,10(1), 1-24.
Villa, D. J. (2002). Integrating technology into minority language preservation and eaching efforts: An inside job. Language Learning and Technology,6(2), 92-101.