17 minute read
Comhtháthú ábhar agus teanga san iarbhunscoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta: Tuairimí agus taithí múinteoirí
Muiris Ó Laoire, Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí Máire Uí Chonghaile, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
ACHOIMRE
In ainneoin nádúr éagsúil agus dinimiciúil na gclár tumoideachais, is dúshlán oideolaíoch coiteann é oideolaíocht stuama den teagasc teanga agus ábhair a cheapadh. Sa taighde feidhmeach seo, bailíodh sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla ó fhoinsí éagsúla ar fud an timthrialla chun iniúchadh a dhéanamh ar eispéiris forbartha gairmiúla a mbíonn tionchar dearfach acu ar mhúinteoirí chun tacú leo ábhar agus teanga a chomhtháthú ina gcuid teagaisc. Is de réir dearcadh múinteora eolaigh agus dearcadh atá fréamhaithe sa seomra ranga a fhéachtar ar na gnéithe sin. Sa pháipéar áirithe seo, tugtar breac-chuntas ar shainriachtanais na rannpháirtithe agus ar dheiseanna nuálacha forbartha gairmiúla agus déantar cur síos ar réimsí inar féidir taighde breise a dhéanamh.
ABSTRACT
Despite the diverse and dynamic nature of immersion programmes, the formulation of a coherent pedagogy of integrated language and content instruction remains a common pedagogical challenge. In this applied research, qualitative and quantitative data were collected from various sources across the cycle to investigate the professional development experiences which positively impact teachers and support them in integrating content and language in their teaching. These considerations will be examined from a classroom-based, teacher-informed perspective. In this paper, particular needs of participants and innovative professional development opportunities are outlined and areas for further research are delineated.
1. RÉAMHRÁ
Tá sé ina dhúshlán ag údaráis iarbhunscoileanna tumoideachais go hidirnáisiúnta teacht ar mhúinteoirí ábhair atá cumasach agus sásta ábhair a mhúineadh trí mheán na sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn ardchumas sa teanga labhartha agus scríofa de dhíth ar na múinteoirí sin, ach ní mór dóibh a bheith inniúil ar shainteanga an ábhair a úsáid chomh maith. Ní foláir an t-ábhar agus an teanga a chomhtháthú de shíor. Is é an comhtháthú seo bun agus barr agus mórdhúshlán an tumoideachais. Is é an dála céanna é, dar ndóigh, ag iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta abhus. Sa pháipéar seo atá bunaithe ar thionscadal taighde (Ó Ceallaigh, Ó Laoire agus Uí Chonghaile, 2020), féachtar ar chás na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus tugtar spléachadh ar thuairimí agus ar thaithí múinteoirí iarbhunscoile i leith an chomhtháthaithe ábhar agus teanga. Mínítear an cheist taighde agus an bunús atá léi, rianaítear cúlra an staidéir, na hionstraimí taighde a úsáideadh agus déantar plé ar chuid de na torthaí a tháinig chun solais faoi thaithí, faoi ionchais, agus faoi thuairimí múinteoirí i leith an chomhtháthaithe ábhar agus teanga.
2. AN CHEIST TAIGHDE
Ba é cuspóir an tionscadail taighde iniúchadh criticiúil a dhéanamh ar na heispéiris forbartha gairmiúla is éifeachtaí, dar le múinteoirí, a chabhródh leo teanga agus ábhar a chomhtháthú in oideolaíocht an oideachais lán-Ghaeilge. Is í an cheist taighde a ndírítear uirthi sa pháipéar seo (atá bunaithe ar an tionscadal taighde thuasluaite) taithí agus tuairimí múinteoirí iarbhunscoile san earnáil tumoideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i leith an chomhtháthaithe ábhar agus teanga.
3. CÚLRA AN TAIGHDE
Ní mór staidéar ar an teanga agus ar an ábhar ag an am céanna a spreagadh chun go n-éireodh le cláir thumoideachais a mbunaidhmeanna a bhaint amach (Brinton, Snow, & Weshe, 2003, lch ix). Teastaíonn cur chuige cothromaithe comhtháite ina dtugtar tús áite do chuspóirí teanga agus ábhair araon lena chéile. Ainneoin gurb é an comhtháthú seo croílár an tumoideachais, tugann sé dúshlán múinteoirí go mion minic. Éilíonn an cur chuige obair agus ullmhúchán breise anuas ar ghnáthullmhúcháin agus réamhphleanáil an mhúinteora (Perez-Cañado, 2015). Cuireann sé go mór le hualach oibre múinteoirí, mar a áitíonn Ball (2018:224) sa ráiteas seo a leanas: “The main problem for practising teachers is time, or the lack of it. Countless teacher-based feedback forms bear witness to this simple truth.” Anuas ar an mbrú ama seo a thuairiscítear i gcás na Gaeilge chomh maith céanna (feic Ní Dhrisceoil, 2015; Ní Thuairisg, 2014; Nic Réamoinn, 2017; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017), cruthaíonn an comhthathú ábhar agus teanga dúshlán mór do mhúinteoirí le linn an teagaisc féin (Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017), sa mhéid is go dtéann díobh deiseanna foghlama agus ceachtanna éifeachtacha a dhearadh (Ó Ceallaigh, 2013; Uí Ainiféin, 2015). Níl fianaise ann de réir staidéar áirithe go bhfuil an chothromaíocht chuí idir ábhar agus teanga á cleachtadh ag múinteoirí (Walenta, 2018). Tá an chuma ar an scéal chomh maith go mbíonn foghlaimeoirí tumoideachais i gcoitinne míchruinn ó thaobh úsáid agus chruinneas teanga de (Dalton-Puffer, 2007: 295; Lyster, 2007: 14). Ó thaobh taighde ar an tumoideachas de, dírítear níos mince ná eile ar eispéiris foghlaimeoirí agus ar an gcaighdeán teanga a bhaineann siad amach, rud a fhágann bearna maidir le taithí agus tuairimí múinteoirí agus a n-ullmhacht in earnáil an iarbhunoideachais leis an gcomhtháthú ábhar agus teanga a thabhairt chun críche ina gcuid cleachtas. Déantar iarracht sa pháipéar seo cuid bheag den bhearna sin a líonadh.
4. MODHEOLAÍOCHT, RANNPHÁIRTITHE AGUS CUR CHUIGE Chun an cheist taighde a fhreagairt, tugadh faoi thaighde feidhmeach a dhéanamh. Measadh gurbh é sin an mhodheolaíocht ab oiriúnaí, mar sa taighde feidhmeach cuirtear béim i gcónaí ar thaithí múinteoirí agus tugtar deis dóibh iniúchadh a dhéanamh ar a gcleachtas féin agus athruithe a chur i bhfeidhm dá réir. Ghlac naonúr múinteoirí ábhair (beirt mhúinteoirí ealaíne, triúr múinteoirí tíreolaíochta, beirt mhúinteoirí eolaíochta, múinteoir eacnamaíochta amháin agus múinteoir gnó amháin) ó thrí cinn d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge (iarbhunscoil Ghaeltachta, aonad lán-Ghaeilge, agus gaelcholáiste) páirt sa staidéar. I bhfómhar na bliana 2017, seoladh nasc le suirbhé fairsing ar líne chuig na trí iarbhunscoil tumoideachais rannpháirteacha. Ceithre mhír is fiche a bhí sa suirbhé ar líne a bhain le faisnéis fhíorasach, a dtuiscintí agus a riachtanais ó thaobh na forbartha gairmiúla de, maidir leis an gcomhtháthú ábhair agus teanga, mar aon lena dtaithí ar chineálacha éagsúla forbartha gairmiúla. Cuireadh agallamh scoilbhunaithe ar gach rannpháirtí ag tús an tionscadail chun inniúlachtaí agus riachtanais
éagsúla na múinteoirí a shainaithint. Thug na hagallaimh sin deis do mhúinteoirí a dtuairimí, a ndearcadh agus a dtaithí maidir leis an bhforbairt ghairmiúil sa tumoideachas a chur in iúl trí chomhrá agus trí phlé. Cuireadh ceisteanna oscailte orthu a raibh mar aidhm leo inniúlachtaí, a gcuid tuiscintí agus a riachtanais a mhealladh lena n-úsáid mar bhunsraith chun gníomhaíochtaí foghlama an tionscnaimh forbartha gairmiúla a dhearadh agus a fhorbairt. Reáchtáladh dhá lá forbartha gairmiúla faoi stiúir baill den fhoireann taighde agus sainchomhairleoirí oideachais le linn an tionscadail taighde seo. Tugadh cuairt ar gach scoil le linn an tionscnaimh chun tuiscint a fháil ar shaol laethúil iarbhír na múinteoirí iarbhunscoile mar theagascóirí lán-Ghaeilge. Gineadh sonraí ar fhóram plé ar líne freisin maidir le heispéiris chomhroinnte agus machnaimh na múinteoirí. Sa chuid eile den pháipéar seo, dírítear ar chuid de na sonraí a bhaineann le tuairimí, taithí agus ionchais na múinteoirí a tháinig chun solais in anailís ar an gceistneoir ar líne agus in anailís ar shonraí an taighde fheidhmigh.
5. TORTHAÍ
Mar a luadh thuas, scaipeadh an ceistneoir ar líne trí SurveyMonkey ar 150 múinteoirí sna hiarbhunscoileanna ionadaíocha a bhí roghnaithe don tionscadal taighde. Líon beirt is caoga an ceistneoir – aisfhreagairt arbh ionann é agus 34.6% de na múinteoirí ar fad. Bhí ceithre mhír is fiche sa suirbhé féin a bhain le tuiscintí agus riachtanais na múinteoirí agus a n-ionchais ó thaobh an chomhtháthaithe ábhair agus teanga de.
5.1. Cúlra, braistintí agus taithí na rannpháirtithe Léirigh torthaí an tsuirbhé go raibh taithí teagaisc idir 0-5 bliana ag 27.6% d’fhaisnéiseoirí an tsuirbhé, taithí 6-10 mbliana ag 15.6% díobh, agus taithí fiche bliain nó níos mó ag a bhformhór acu .í. 38.6% d’fhaisnéiseoirí (feic Fíor 1).
Fíor 1. Taithí teagaisc de réir blianta
Nuair a ceistíodh na faisnéiseoirí faoinar spreag iad le bheith ina múinteoirí san earnáil lán-Ghaeilge iarbhunoideachais, tháinig roinnt smaointe agus coincheapa chun tosaigh go minic mar atá léirithe thíos:
Fíor 2. Spreagthaigh múinteoirí
Spreagthaigh Na torthaí: Sonraíóngceistneoir [52 faisnéisneoirí(as 150)=34.6%]
Bhain spreagthaigh na múinteoirí le fís agus le heispéiris dhearfa a bhí acu a bhí leabaithe sa ghrá agus sa tiomantas a mhothaigh siad don teanga agus don chultúr agus san fhonn í a neartú in atmaisféar na scoile lán-Ghaeilge. Anuas air sin, luadh an taithí a bhí ag cuid acu ar a bheith fostaithe san earnáil cheana féin. Earcaíodh daoine áirithe i gcomhair poist i scoil tumoideachais agus mheall eispéiris dhearfa a gcairde daoine eile Ceistíodh na faisnéiseoirí i dtaobh a mbraistintí maidir lena gcumas teanga chun ábhair a mhúineadh agus tá na torthaí léirithe i bhfíor 3 thíos. Bhí a bhformhór mór acu, 87.9%, sásta nó an-sásta maidir lena gcumais féin. D’fhéadfaí gur imir cúlra agus taithí na mblianta tionchar ar fhéinmhuinín na múinteoirí a bhí dearfa i leith a gcumais teanga féin, go háirithe má chuirtear san áireamh go raibh taithí teagaisc níos mó ná aon bhliain déag ag 64.9% díobh.
Fíor 3. Braistint na múinteoirí maidir lena gcumas ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge
5.2. Ullmhacht le haghaidh an teagaisc tumoideachais Mar a luadh thuas, is é dúshlán an tumoideachais ná múineadh agus foghlaim na n-ábhar difriúil trí mheán na sprioctheanga, rud a éilíonn inniúlacht agus cumas múinteoirí leis na hábhair sin a mhúineadh trína meán. Tá tábhacht faoi leith ag baint, ar ndóigh, le hoideachas tosaigh oidí chuige sin. Sa chás seo, tuigtear nár ullmhaigh a gclár oideachais tosaigh iad chun ábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, dar le formhór mór na bhfaisnéiseoirí (73%) de réir na dtorthaí atá léirithe i bhfíor 4 thíos.
Fíor 4. Oideachas tosaigh múinteoirí: Ullmhacht le haghaidh an teagaisc tumoideachais
Gan oideachas tosaigh éifeachtach oidí, ní bhíonn ar chumas múinteoirí na scileanna teanga agus oideolaíochta a shealbhú chun feidhmiú go lán-éifeachtach i mbun a gceirde. I ngeall air sin, bíonn dúshláin earcaíochta ag príomhoidí agus iad ag iarraidh teacht ar mhúinteoirí ábhar leis na hinniúlachtaí cuí sa Ghaeilge. Tá sé léirithe ag Ó Grádaigh i dtaighde a rinneadh in 2015, mar shampla, go ndúirt 68% de phríomhoidí go raibh múinteoirí ina scoileanna nach raibh caighdeán sásúil Gaeilge acu, go raibh 88% de na príomhoidí céanna imníoch a ndóthain faoi chruinneas scríofa roinnt múinteoirí, go ndúirt 85% díobh go raibh orthu ceapachán a dhéanamh fós, fiú nuair nach raibh siad sásta le caighdeán Gaeilge an iarratasóra. Is é an easpa cumais sa teanga is mó a ghoilleann ar mhúinteoirí áirithe, mar a léirigh múinteoir amháin i gceann de na hagallaimh: Níor oileadh mar mhúinteoirí teanga sinn.
Nuair a cuireadh ceist faoi na bealaí a bhíonn acu chun an t-ábhar agus an teanga a chomhtháthú, d’admhaigh múinteoir eile go neamhbhalbh: Níl a fhios agam conas tabhairt faoi.
Leagann na sonraí seo béim nach beag ar thábhacht an oideachais tosaigh i gcás múinteoirí in earnáil an tumoideachais.
5.3. Dúshláin
Fiafraíodh de na múinteoirí faoi na dúshláin ba mhó a bhain le hábhar a mhúineadh trí Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal. Tá liosta na ndúshlán sin le feiceáil i dTábla 1 thíos. Níl an liosta in ord tábhachta agus níor athraíodh ráitis na bhfaisnéiseoirí. Baineann cuid de na dúshláin seo go sonrach le cúrsaí teanga (feic Tábla 1 thíos). D’fhéadfadh téarmaíocht agus stór focal na n-ábhar a bheith deacair dúshlánach go háirithe i dteanga “chasta” “nach labhraíonn” scoláirí ag an mbaile. Feictear chomh maith go bhféadfadh cumas labhartha na scoláirí a bheith ina chonstaic. Is inspéise an lua seo ar chumas labhartha, mar bheifí ag súil leis go mbeadh béim ar an scríobh amháin, nuair a chuirtear san áireamh go gcaitear an-dua agus an-am ar scrúduithe scríofa ag an iarbhunleibhéal. Luadh chomh maith bearna i dteanga acadúil na scoláirí agus d’fhéadfaí gur tagairt í seo do chomparáid idir cumas teanga acadúla na ndaltaí sa Bhéarla agus a gcumas sa teanga acadúil i nGaeilge. Is inspéise an bhraistint seo i dtaobh bearna idir an dá theanga.
Tábla 1 Dúshláin a bhaineann le hábhair a mhúineadh trí Ghaeilge
NA DÚSHLÁIN
Téarmaíocht/foclóir Freastal ar éagsúlacht Easpa acmhainní oiriúnacha/leabhair Cumas teanga an mhúinteora Am ag aistriú Suim na ndaltaí a choinneáil Teanga chasta Cumas labhartha na ndaltaí Easpa tacaíochta Múineadh teanga eile trí theanga nach labhraíonn na daltaí An bhearna sa teanga acadúil idir an Ghaeilge agus an Béarla
Baineann cuid eile de na dúshláin le heaspa acmhainní agus tacaíochta. Luadh easpa leabhar agus acmhainní, rud a chuireann, ar ndóigh leis an am a chaitheann múinteoirí ag aistriú foinsí agus téacsleabhar ó Bhéarla go Gaeilge. Le linn na n-agallamh, d’admhaigh múinteoir amháin, mar shampla: Caithim an t-am ar fad ag aistriú ón téacsleabhar Béarla.
Le linn agallaimh scoilbhunaithe eile, thaispeáin múinteoir téacsleabhar ábhair i mBéarla agus ceann don ábhar céanna i nGaeilge agus léirigh sí díspeagadh mar gheall ar an téacsleabhar sin a bheith as dáta agus ar an nganntanas fíricí reatha a bhí ann.
5.4. An comhtháthú le linn teagaisc Ceistíodh na múinteoirí i dtaobh na modhanna agus na straitéisí a bhí in úsáid acu agus an comhtháthú ábhar agus teanga á chur i bhfeidhm acu le linn teagaisc. Measadh go mbeadh a leithéid de léargas an-tábhachtach d’fhonn bunachar sonraí a chur le chéile faoi chleachtas reatha na múinteoirí. Tá na príomhstraitéisí a luaigh na múinteoirí imlínithe i dTábla 2 (thíos). Arís anseo, níl an liosta in ord tábhachta agus fantar iomlán dílis do ráitis agus d’fhocail na bhfaisnéiseoirí.
Tábla 2 Straitéisí chomhtháthú ábhar agus teanga Múineadh foclóra ar mhaithe le scileanna tuisceana a fhorbairt Trasteangú (cúrsaí aistriúcháin) Tosaíocht don ábhar – Múinim trí Ghaeilge – sin uile! Tagairt don ghramadach Ionchur cruinn – Gaeilge a labhairt Ionchais arda don Ghaeilge An fhoghraíocht a cheartú Eagar ranga – gníomhaíochtaí Samplaí agus léiriú a úsáid
Ní lia múinteoir ná modh, ar ndóigh, ach anseo feictear straitéisí ilghnéitheacha nach mbaineann go hiomlán le téarmaíocht ná le stór focal an ábhair, mar a bheifí ag súil leis. Gnáthmhodhanna an tseomra ranga iarbhunscoile, seachas modhanna nó straitéisí ar leith don chomhtháthú ábhar agus teanga, atá á ríomh acu, mar shampla eagar, gníomhaíochtaí agus samplaí á dtabhairt. Tá an fheasacht faoi thábhacht an chruinnis le sonrú anseo chomh maith. Sa tábla luaitear: “Ionchur cruinn – Gaeilge a labhairt”, “Tagairt don ghramadach”, agus “An fhoghraíocht a cheartú”. Tugadh breis mínithe ar an bhfeasacht seo i leith thábhacht an chruinnis nuair a luaigh duine de na múinteoirí le linn agallaimh: “Bheinn buartha dá mbeadh a lán botún gramadaí sa cheacht baile acu”. Bhí mír sa cheistneoir a bhain le hearráidí daltaí agus modhanna ceartaithe a bhíonn in úsáid ag múinteoirí. Tá na freagraí a tugadh ar an gceist sin le feiceáil i dTábla 3 (thíos)
Tábla 3 Modhanna ceartaithe
Cód ceartúcháin na scoile (scríobh) Leideanna (ceistiú, iarratas ar athrá, mealladh) Béim ar cheartú ábhair amháin Cur chuige ionduchtach Scrúdaithe Ní dhéantar é (ach amháin go bhfuil sé olc) Féincheartú Teagasc bunaithe ar phointí gramadaí Náire ar mhúinteoir iad a cheartú de bharr easpa Gaeilge. Béim ar eochairfhocail a mhúineadh I slí dheas (dhearfach) Trí shamplaí a thabhairt agus cúiseanna a mhíniú Go ginearálta go seachtainiúil
Ní lia múinteoir teanga ná slí nó modh chun botúin nó earráidí foghlaimeoirí a cheartú. Tugtar le fios anseo go bhfuil iolarthacht modhanna ag múinteoirí ag iarraidh dul i ngleic le heaspa cruinnis Gaeilge a gcuid foghlaimeoirí. Tugtar faoi deara go bhfuil cód ceartúcháin in úsáid i scoil amháin, is é sin cur chuige comhaontaithe maidir le botúin teanga foghlaimeoirí a cheartú. I gcásanna áirithe, léiríodh nach gceartaítear botún teanga “ach amháin má bhíonn sé go holc”. Tá sé inspéise go gcuireann múinteoirí áirithe béim ar cheartú botún a eascraíonn as easpa eolais nó tuisceana ar an ábhar agus ní bhactar le botúin nó earráidí teanga a cheartú. Tá sé le feiceáil sa tábla go ndéantar botúin a cheartú go seachtainiúil. Cuireann múinteoirí áirithe samplaí ar a súile d’fhoghlaimeoirí agus míníonn siad na cúiseanna atá leo agus, i gcodarsnacht leis sin, tá modhanna ionduchtacha agus féincheartúcháin á n-úsáid chomh maith céanna. Tá ceangal le braistint anseo chomh maith idir féiniúlacht ghairmiúil an mhúinteora agus modhanna ceartaithe. Luadh anseo go mbeadh “náire” ar mhúinteoirí áirithe botúin teanga foghlaimeoirí a cheartú mar go mbeadh easpa ar Ghaeilge na múinteoirí féin: “Náire ar mhúinteoir iad a cheartú de bharr easpa Gaeilge”. Feictear anseo an easpa féinmhuiníne gairmiúla agus an gá atá ag múinteoirí áirithe ábhar le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin. Le linn na n-agallamh scoilbhunaithe, mhínigh múinteoir amháin an easpa féinmhuiníne maidir le heolas ar rialacha chruinneas na teanga mar seo a leanas: Deineann(sic) XXXXX an-jab timpeall na scoile ach chun na fírinne a insint ní bheinn ródheimhin fé chuid de na rialacha mé féin.
Le linn an chúrsa forbartha gairmiúla, agus plé agus moltaí á ndéanamh maidir le straitéisí chun an teanga agus ábhar a chomhtháthú, d’admhaigh rannpháirtí amháin go mbeadh sé fuar aige na straitéisí céanna a úsáid i ngeall ar easpa eolais ar chruinneas na teanga: Níl an cruinneas Gaeilge agam fós chun an chuid is mó de na straitéisí/moltaí a úsáid.
Luaigh rannpháirtí eile: Tuigim agus táim lánsásta é a dhéanamh ach cuirfidh easpa féinmhuiníne isteach ar seo.
Is próiseas casta múnlaithe í forbairt na féiniúlachta gairmiúla agus i gcomhthéacs an tumoideachais Ghaeilge feictear go bhfuil tacaíocht ar leith ó thaobh teanga de agus treoir ó mhúinteoirí áirithe de dhíth le freastal go hinniúil ar shainriachtanais a ngairme .i. cumas agus inniúlacht maidir le chruinneas teanga agus a bheith feasach ar an bhféiniúlacht ghairmiúil.
6. CONCLÚID
Rinneadh iarracht sa pháipéar seo spléachadh a thabhairt ar thuairimí agus ar thaithí múinteoirí iarbhunscoile i leith an chomhtháthaithe ábhar agus teanga i iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Taispeánadh tríd an scagadh a rinneadh ar thaighde agus ar litríocht ábhartha ar an tumoideachas go ndíríonn an taighde céanna níos mince ná eile ar éispéiris agus ar chaighdeán teanga na bhfoghlaimeoirí, seachas ar thaithí agus ar thuairimí múinteoirí san earnáil. Léiríodh go bhfuil mar a bheadh leithcheal déanta ar thaighde ar ullmhacht múinteoirí iarbhunoideachais le hábhar agus teanga a chomhtháthú ina gcuid cleachtas. Ó thorthaí an taighde ar a bhfuil an páipéar seo bunaithe, nochtadh roinnt tuairimí inspéise maidir leis an gcomhtháthú céanna. Cé nár ullmhaigh a gclár oideachais tosaigh na múinteoirí chun ábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, mar sin féin, bhí siad tiomanta don teagasc éifeachtach, ainneoin easpa oiliúna agus acmhainní. Is léir na dúshláin a bhíonn le sárú acu áfach: easpa acmhainní; easpa ama ó bheith ag síoraistriú ó théacsleabhair Bhéarla; agus easpa sainoiliúna. Thar aon ní eile, áfach, is é an easpa cumais agus inniúlachta sa Ghaeilge is mó a thagann idir múinteoirí agus an comhtháthú éifeachtach ábhar agus teanga. Cé nach bhfuil anseo ach taighde ar scála beag teoranta, léiríonn sé an gá atá ann le tuilleadh staidéir ar an ábhar seo d’fhonn tuiscint ar dhúshláin múinteoirí a fhairsingiú a thuilleadh.
TAGAIRTÍ
Ball, P. 2018. Innovations and challenges in CLIL materials design, Theory into Practice, 57:3, 222-231. Brinton, D., Snow, M. & Wesche, M. (2003). Content-based second language instruction. Michigan, USA: University of Michigan Press. Dalton-Puffer, C. (2008). Outcomes and processes in content and language integrated (CLIL) learning: Current research in Europe.’’ In W. Delanoy agus L. Volkmann, (eag.) Future Perspectives in English Language Teaching. Carl Winter. Lyster, R. (2007). Learning and teaching languages through content: A counterbalanced approach. John Benjamins
Publishing Company. Ní Dhrisceoil, M. (2015). Conas mar a théann féiniúlacht an mhúinteora i bhfeidhm ar chleachtas foghlaim chomhtháite ábhair agus teanga(FCÁT) i nGaelcholáistí: Cás-staidéir. Tráchtas Máistreachta neamhfhoilsithe, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Éire. Ní Thuairisg, L. (2014). Léargas ar thaithí mhúinteoirí Iar-bhunscoileanna na Gaeltachta: Dúshláin ghairmiúla agus
riachtanais oiliúna. Tráchtas neamhfhoilsithe do chéim PhD san Oideachas, Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Nic Réamoinn, E. (2017). Forbairt teanga an mhúinteora sa Ghaelcholáiste.Tráchtas Máistreachta neamhfhoilsithe san Oideachas Lán-Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Ó Ceallaigh, T. J., & Ní Shéaghdha, A. (2017). Critéir aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agus dea-chleachtais do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn uile Éireann. Baile Átha Cliath: Gaeloideachas. Baile Átha Cliath: Gaeloideachas. Ó Ceallaigh, T.J. (2013). Teagasc foirm-dhírithe i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge: Imscrúdú criticiúil
ar dhearcthaí agus ar chleachtais mhúinteoirí.Tráchtas PhD neamhfhoilsithe, Corcaigh: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ó Ceallaigh, T.J., Ó Laoire, M., agus Uí Chonghaile. M. (2019). Comhtháthú an ábhair agus na teanga san iarbhunscoil Lán-Ghaeilge/Ghaeltachta: I dtreo eispéiris forbartha gairmiúla chun dea-chleachtais a nochtadh.COGG.
Pérez Cañado, M. ( 2015). Training teachers for plurilingual education: A Spanish case study.” In CLILin action: Voices from the classroom. Marsh, M. L. Pérez Cañado agus J. Ráez Padilla (eag.) lgh, 165–187. Cambridge Scholars. Uí Ainiféin, M. (2015). An fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga: Meon agus mianach. Tráchtas Máistreachta
neamhfhoilsithe san Oideachas Lán-Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Walenta, M. (2018) Balancing linguistic and extra-linguistic gains in CLIL: a case for content-based structured input. International Journal of Bilingual Education and Bilingualism,21(5), 578-590.