Comhtháthú ábhar agus teanga san iarbhunscoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta: Tuairimí agus taithí múinteoirí Muiris Ó Laoire, Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí Máire Uí Chonghaile, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
ACHOIMRE In ainneoin nádúr éagsúil agus dinimiciúil na gclár tumoideachais, is dúshlán oideolaíoch coiteann é oideolaíocht stuama den teagasc teanga agus ábhair a cheapadh. Sa taighde feidhmeach seo, bailíodh sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla ó fhoinsí éagsúla ar fud an timthrialla chun iniúchadh a dhéanamh ar eispéiris forbartha gairmiúla a mbíonn tionchar dearfach acu ar mhúinteoirí chun tacú leo ábhar agus teanga a chomhtháthú ina gcuid teagaisc. Is de réir dearcadh múinteora eolaigh agus dearcadh atá fréamhaithe sa seomra ranga a fhéachtar ar na gnéithe sin. Sa pháipéar áirithe seo, tugtar breac-chuntas ar shainriachtanais na rannpháirtithe agus ar dheiseanna nuálacha forbartha gairmiúla agus déantar cur síos ar réimsí inar féidir taighde breise a dhéanamh. ABSTRACT Despite the diverse and dynamic nature of immersion programmes, the formulation of a coherent pedagogy of integrated language and content instruction remains a common pedagogical challenge. In this applied research, qualitative and quantitative data were collected from various sources across the cycle to investigate the professional development experiences which positively impact teachers and support them in integrating content and language in their teaching. These considerations will be examined from a classroom-based, teacher-informed perspective. In this paper, particular needs of participants and innovative professional development opportunities are outlined and areas for further research are delineated.
38
| Ar ais go Clár na nÁbhar |