nós* iris ghaeilge don nua-aois
Ceol ‘08
eag. 0
cailín sa chathair
Eachtra na mbréagán gnéis
T-LÉINTE GAELACHA
An stíl is fearr don Ghael réchúiseach
A LAND DOWN UNDER
Imreoirí CLG agus tarraingt pheil na hAstráile
agus go leor eile!
Léirmheas, Comórtas The Coronas
*
fáilte An tEarrach. Beocht úr le mothú san aer, loinnir i súile an domhain mhóir, rudaí nua ag teacht ar an saol. Is leis an splanc corraitheach sin a chuirtear fáilte romhaibh chuig an chéad eagrán seo de nós*, an iris Ghaeilge don nua-aois. Agus nach iontach an nua-aois chéanna ina bhfuil muid beo? Scannáin Ghaeilge ar taispeáint ar an scáileán mór, pop-amhráin Ghaeilge le cloisteáil ar na haerthonnta, bannaí ag ceol i nGaeilge ar an teilifís, na mílte ag freastal ar imeachtaí Gaeilge fud fad na cruinne. Tá nós* ag cur leis an liosta, agus ag an am céanna, ag tabhairt na ngnéithe éagsúla sin ar fad le chéile. Tá fócas de dhíth ar aon phobal bríomhar, áis a thugann deis do dhaoine léamh faoi, amharc ar agus sult a bhaint a bhfuil ag tarlú, ní hamháin i saol s’acu féin, ach sa saol mór chomh maith. Mar sin tá súil againn go dtaitneoidh an chéad ofráil seo libh - ó léirmheas CEOL ‘08 go dtí na t-léinte Gaeilge is fearr ar an bpláinéad, ón léargas ar phunc na Gàidhlig go nósanna leapa an Chailín sa Chathair - tá rud ann do chách. Is libhse an iris seo. Bígí linn ar an turas.
foireann (iontach) nós*
* **** *****
** *
istigh
t
16 IN BRUGES Na scannáin faoi scrúdú
10 Ceol ‘08 Léirmheas agus comórtas albam Sheachtain na Gaeilge
ceol
t
5 Ceol na hAlba agus na Breataine Bige 8 Deis Roc Grianghraif de sheó mór TG4 9 Léirmheas Gig Kíla i mbun ceoil i mBF le déanaí 10 CEOL ‘08 13 Léirmheasanna Albam
scáileáin 7 ardáin
16 Na Scannáin is Déanaí 18 Seó Des Bishop
taisteal 26 Breizh Go Deo 29 An Pótaire Ceart
istigh
léargas 35 Tarraingt AFL Ceist na peile idirnáisiúnta
t
stíl bheatha
t
collaíocht
21 Na T-léinte Gaeilge is Fearr Stíl úr do na fir 7 na mná
32 An Cailín sa Chathair Spraoi leis na breagáin ghnéis
t t t
21 stíl ghaelach An 10 t-léine Ghaeilge is fearr
ceol
ceol fa o i
anoir aduaidh
Oi Polloi agus an Stuth Cruaidh cheilt C Tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh anois ag Gaeil na hÉireann maidir le nuacheol a chumadh inár dteanga féin ach ní muid an t-aon dream sna hoileáin seo atá ag treabhadh sa ghort céanna. Amharcann an ceoltóir Tim Armstrong ar scéal Oi Polloi, an nuabhanna is mó atá ag ceol as Gáidhlig na hAlban sa lá atá inniu ann. Agus breathnaíonn an láithreoir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí ar fhás punc na Breatnaise agus an tionchar a bhí ag an cheol ar na glúine ina dhiaidh.
han eil teagamh ann gur e Oi Polloi an còmhlan-ciùil Gàidhlig às cudthromaiche a th’ againn anns an aonamh linn ar fhichead. Tha a h-uile coltas ann gu bheil barrachd dhaoine ag èisteachd ris na h-òrain Ghàidhlig aig Oi Polloi na tha ag èisteachd ri còmhlan no ri seinneadair Gàidhlig sam bith eile, traidiseanta no nuadh. Agus ann an linn anns a bheil an cànan ann an sàr èiginn, tha e gu sònraichte brìoghmhor gu bheil an luchd-èisteachd sin òg, deugairean agus inbhich nam ficheadan sa chuid as motha, agus mòran dhiubh a’ leantainn còmhlan Gàidhlig airson a’ chiad uair nam beatha. Thàinig an soirbheas seo le tòrr obair. Bha Oi Polloi air an rathad gun sguir fad còrr agus fichead bhliadhna agus is iomadh car a chuir an saoghal dhiubh air an t-slighe bho na puncairean aineolach neo-chiontach a bh’ annta tràth ann an Dùn Èideann gus na laoich Ghàidhlig a th’ annta san latha an-diugh. Thòisich iad ann an 1981 nuair a bha saoghail nam puncairean fhathast òg. “Cha robh mòran againn a thaobh ionnstramaidean aig an toiseach,”
“Cha do rinn sinn leisgeul a-riamh airson an t-seasaimh phoilitigich againn.”
Ruairidh, OI POLLOI thuirt Ruairidh, an seinneadair sa chòmhlan, “Chluich sinn ann an seada le drumaichean a rinn sinn à seann bhucaidean mus robh na h-innealan-ciùil cheart againn.” Chuir iad a’ chiad chlàr aca air bhog ann an 1986, Resist the Atomic Menace, agus lean iad orra leis an uabhas de chlàran gus an ìre gun do dh’aidich Ruairidh nach eil fios cinnteach aige cia mheud clàr a chuir iad a-mach rè nam bliadhnaichean. Cha do ghabh iad ris na companaidhean-ciùil mhòra a-riamh san ùine sin agus mhair iad na chòmhlan fontalamh suas gus an latha an-diugh. Is cinnteach nach e taghadh furasda a bh’ ann dhaibh an-còmhnaidh, a bhith a’ seachnadh taic an ghnìomhais-chiùil, ach aig a’ cheart àm, leis an taghadh
FOCAIl tim armstrong ceoltóir gáidhlig as seattle mheiriceá
sin, choisinn iad an t-saorsa a leig leotha cluich ann an stoidhle sam bith a thogradh iad. Agus abair thusa gu bheil iad garbh! Nì iad ceòl cho trom ri còmhlan sam bith eile ann an Alba, punc, meatailt, gaba no eile. Agus mar a chithear bho ainmean nan clàran aca, tha iad gu math poilitigeach cuideachd agus fada air an taobh chlì, rud nach còrdadh ris na companaidhean-ciùil mhòra na bu mhotha, bhite an dùil. “Cha do rinn sinn leisgeul a-riamh airson an t-seasaimh phoilitigich againn,” arsa Ruairidh.
o
“Agus cha dèan. Cluichidh sinn ceòl a tha gu math spòrsail, tha mi an dòchas, ach ‘s e còmhlan le teachdaireachd a th’ annainn cuideachd, agus cha creid sinn gu bheil an dà amas sin, spòrs agus poileataics, ag obair an aghaidh a chèile ann an dòigh sam bith.” ‘S e pàirt dhen teachdaireachd phoilitigeach a th’ aca a-nis gu bheil iad a’ sgrìobhadh a’ mhòr-chuid dhe na h-òrain ùra aca ann an Gàidhlig. Thòisich an còmhlan ann am Beurla, ach rinn iad clàr làn Ghàidhlig o chionn ghoirid, Ar Ceòl, Ar Cànan, Ar-a-mach, agus nochd corra òran Gàidhlig eile air na clàran eile aca. “Rinn sinn seisean do Rapal mìos sa chaidh,” arsa Ruairidh, “Chluich sinn trì dhe na h-òrain ùra Gàidhlig againn, agus chanainn gun tàinig iad a-mach glè mhath. Tha sinn gu math toilichte leotha.” Tha Oi Polloi a’ dol bho neart gu neart a-nis. Tha clàr-ama nan turasan aca a’ lìonadh ron t-samhradh seo tighinn agus iad an dùil cluich bho Dhùn Èideann gu Bulgaria agus air ais. ‘S ann gun amharas nach còrd faram Oi Polloi ris a h-uile neach,
ach chanainn seo, mus miann leat ceòl cruaidh, chan fhaighear cuirm nas fheàrr na gig Oi Polloi. Math thig iad dhan bhaile agad, na leig an cothrom seachad.
*
www.myspace.com/oipolloialba
punc cymru: fréamhacha thionscal ceoil na breataine bige
FOCAIl rónán mac aodha bhuí láithreoir le rté rnag
C gluaisghaelach cudthromach tábhachtach còmhlan banna soirbheas rath fhasthast fós, go fóill uabhas neart, uafas ùine am cuideachd chomh maith amas aidhm cothrom cothrom, deis òran amhrán faram tormán
uireadh tús le tionscal ceoil na Breataine Bige, mar is ceart, in 1969 nuair a bunaíodh an príomhlipéad Breatnaise, Sain. D’eisigh siad ceirníni le ceoltóirí traidisiúnta na Breatnaise ach sa bhliain 1990 bhunaigh siad lipéad úr chun díriú ar mhargadh níos óige, agus ceol chomhaimseartha an lae. Go dtí sin, ní raibh lipéad mór ar bith ann ag amharc i ndiaidh rac-ghrúpaí Breatnaise, agus bhí na bannaí iad féin ag bunú lipéidí beaga chun a gcuid ceirníní féin a chur amach. I ndeireadh na seachtóidí, agus sna hochtóidí, bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise. Ina measc bhí, Rhys Mwyn, dordghiotáraí le Anrefhn agus fear atá i gceannas ar an lipéad Crai anois. “Bhí cineál post punk vibe ag tarlú agus bhí grúpaí ceoil ag reachtáil a gcuid lipéidí féin, agus ag éisiúint ceirníní singil seacht n-orlaigh. Bhí mise i mo bhall den ghrúpa Anhrefn, agus thosaigh muid ár lipéad féin in 1983, Anhrefn Records. Bhí muid faoi thionchar léithéidí Factory Records i Manchain Shasana, agus an
“Bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise.” rhys mwyn lipéad a bhí ag Crasse i dtús na n-ochtóidí. Bhí ár lipéad féin againn gan aon chúnamh airgid ón Stáit. Bhailigh muid airgead trínár ngigeanna féin a eagrú, agus chuirfeadh muid an brabús uilig isteach sa lipéad arís. Obair dheonach den chuid is mó a bhí ann, cé go raibh muid ag obair air go lán-aimseartha.” Ba sa Bhreatain Bheag féin a bhí siad ag seinm den chuid is mó go dtí gur chuir duine de na láithreoirí raidió ceoil is mó sa Bhreatain ag an am spéis iontu féin agus grúpaí eile a bhí ag canadh as Cymraeg. “Thosaigh John Peel ag seinm ár gcuid ceirníní idir 1985 agus 1987, agus mar gheall
o
air sin, tugadh cuireadh dúinn coirmeacha ceoil a dhéanamh taobh amuigh den Bhreatain Bheag den chéad uair.” Cé gur chan siad i mBreatnais, deir Rhys go raibh síad frithnáisiúnach. “Grúpa punc a bhí ionainn agus meas againn ar gach aon chultúr. Ní raibh muid ag iarraidh daoine a choinneáil amuigh. Creideann muid go bhfuil an náisiúnachas caite i mbosca brúscair na stáire le fada. Scaip muide an scéala gur chóir duit do theanga féin a labhairt. “Bhí cineál achrann inmheánach ansin sa ghrúpa maidir leis an dóigh is fearr leis an teachtaireacht a chur chun cinn. An mbeadh muid ar son cultúir, ar son indibhidiúlachais, frithnáisiúnach, nó caidé? “Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais. Agus bhí muid ag mealladh daoine i dtreo na teangan lenár gceol. Ag an deireadh choinnigh an pholaitaíocht síar muid cionnas go raibh muid ró-radacach.” Ach tá luach saothair anois ar a gcuid oibre. Tá an lipéad Crai iontach gnóthach, agus grúpaí ceoil cosúil le Big Leaves, Gogz, Maharishi, agus Gwenno ag eisiúint ceirníní atá ag tarraingt aird mhór ar cheol na Breatnaise. “Tá grúpaí curtha ar fáil againn atá
“Scaip muid an scéal gur chóir duit do theanga féin a labhairt... Bhí sé ho huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais.” rhys mwyn ag déanamh go maith ar an stáitse idirnáisiúnta, agus is cúis bróid dúinn go bhfuil grúpaí cosúil leis na Super Furry Animals, ina bhfuil iar-bhall Anhrefn ag buaileadh na ndrumaí, ag tabhairt cheol na Breataine Bige amach os comhair an tsaoil mhóir.” Sa lá atá inniu ann tá beocht as cuimse i saol ceoil Cymraeg, réabhlóid a tosaíodh siar sna 60í, a neartaigh puncairí cosúil le Rhys sna 80í agus atá anois ag cur amach na scórtha amhrán roc agus pop gach bliain. Ag croí na réabhlóide seo tá eagrais ar nós Cymdeithas yr Iaith Gymraeg agus Ciwdod a thugann deis agus tacaíocht do bhannaí nua a gcuid scileanna a thaispeáint dá bpobal féin. Cool Cymru gan aon amhras.
*
neamhcheol: Radio Luxembourg, grúpa úr Breatnaise a fuair a gcéad deis ó scéimeanna Ciwdod
ag rocáil na deise Tá na babhtaí leathcheannais anois bainte amach ag DEIS ROC, an mórchomórtas ceoil de chuid TG4, atá á thaifeadadh i mBéal Feirste agus bhuail nós* isteach le déanaí chun cluas éisteachta a thabhairt do na bannaí atá fágtha. Craolfar an babhta ceannais beo ar 25 Márta. DEISIEAL ÓN CHLÉ: Ebo; an láithreoir Síle Ní Bhraonáin; The Dirty 9s agus Captain Kennedy. GRIANGHRAIF KIRITIA
DEISIEAL ÓN CHLÉ: Bannaí Deis Roc, Dirty Faced Kids; Liz is Evil; Saccade agus Venture Now.
léirmheas gig kíla
hhhhh
Black Box, Béal Feirste
Is iomaí gig speisialta a bhíonn ar siúl thart ar Lá Fhéile Pádraig ach níl mórán a bheadh ar chomhchaighdeán leis an ócáid seo de chuid na laochra úd, Kíla. Is i mBocsa Dubh Bhéal Feirste, atá suite i lár na cathrach, a thit sé amach cúpla lá roimh an Fhéile náisiúnta agus ní mór a lua gur ionad iontach é seo do cheolchoirmeacha den chineál seo. Deas pearsanta ach mór go leor chun an fhuaim a bhualadh amach ar fud an halla. Mar is gnáth ag gigeanna chlann Uí Shnodaigh agus a chairde, bhí meascán bríomhar de phoirt agus amhráin, cinn Ghaeilge ina measc, agus níor ghlac sé i bhfad ar an lucht éisteachta úsáid cheart a bhaint as an urlár damhsa. Bhí caidreamh deas idir an banna agus an slua agus ba léir go raibh an-aithne ag an mhórchuid ar shaothar na gceoltóirí cumasacha seo. Locht amháin ar an oíche ná gur dhruid an beár ar 11.30in - rialacha an tí de réir dealraimh - ach bhí go leor pubanna eile sa cheantar le críoch a chur leis an scléip!
ceol ‘08 Albam Sheachtain na Gaeilge
hhhhh láidir a chruthú sa deireadh.
Cailín na Gaillimhe Mundy Drochdhomhan Mór Álainn Declan O’Rourke Tá clú bainte amach ag an Ruarcach leis an leagan Béarla den amhrán seo agus cuireann an leagan Gaeilge tús fóirsteanach bríomhar le halbam na bliana seo. Tá draíocht faoi leith ag glór an Duibhlinnigh a chuireann splanc réchúiseach sa lucht éisteachta. Amhrán mór álainn.
Comhaireamh chun Codladh Wallis Bird
Tá clasaic Steve Earle ar eolas againn ar fad agus beidh an-tóir chomh maith ar an iarracht iontach seo ó Mundy. Ceol tíre le mana, cuirfidh buillí agus rithim an amhráin do chosa ag bogadh gan aon amhras. Ceann de bhuaicphointí an albaim.
Sea Táim Fiach Bhí an-amhrán ag an leaid óg tallannach seo de chuid na Príomhchathrach ar Ceol ‘07 agus seo ceann maith uaidh arís. Tá an chumhacht sna focail an uair seo agus atmaisféar dáiríre á chur trasna aige faoi théama pearsanta. Tá an mianach ann.
Bíonn i gcónaí iontas nó dhó ar bhailiúcháin Sheachtain na Gaeilge agus seo ceann acu. Tá dóigh dá cuid féin ag an éan beag seo ach oibríonn a fuaim éagsúil lena línte gleoite - ‘thit mé thar fhocal a bhí os mo chomhair’ - le traic measartha
Bunús ar Gach Uile Ní Delorentos Roc ailtéarnach an forte atá ag na Delorentos agus tá sampla cruinn dá stíl sa traic seo. Taitneoidh sé leis an ghlúin úrnua rocairí atá amuigh ansin
ach níl an guth glan go leor le lánmharcanna a thabhairt dó.
Grian Gheal Lonrach The Walls Na giotáir agus na drumaí ag tús an amhráin seo a dhéanann so-aitheanta é agus is iontach go bhfuil leagan ar fáil anois inár dteanga féin. Ceann foirfe don aimsir mhaith a bheas againn sa samhradh (!), beidh an tiúin seo ag lonrú amach as raidiónna agus ipodanna Gaelacha ar fud na tíre.
Taibhsí nó Laochra The Coronas Cé nach bhfuil siad ar an fhód ach le dornán de bhlianta, tá fuinneamh forbartha aimsithe ag na Coronas atá le mothú san amhrán seo chomh maith. Tá doimhneacht mheallacach ann nach mbíonn le fáil go rómhinic agus is binn an glór atá ag an phríomhamhránaí, Danny O’Reilly. Tá sé ráite ag na Coronas nach bhfuil sé as an cheist go gcuirfeadh siad albam Gaeilge amach. Ar aghaidh libh a bhuachaillí!
o
Cailéideascóp Dave Geraghty Tá beocht dheas sa cheann seo ón Uasal Geraghty agus a chairde, é curtha le chéile go snasta ag ceoltóirí cumasacha. Seans nach bhfanfaidh an port féin leat chomh fada ná furasta le roinnt rianta eile ar an dlúthdhiosca ach tá aistriúchán Gabriel Rosenstock fileata amach.
Cruthaítear Éad Tadhg Cooke Amhrán néata é seo a bhfuil rithim éadroim leis. Is dócha nach cupán tae gach duine é ach is deacair locht a fháil ar an atmaisféar saghas broinglóideach a chruthaíonn sé.
Wickerman Lir Macalla ó na 90í é an ceann seo ón bhanna Lir, a raibh an-tóir orthu i measc lucht ceoil na mílaoise seo caite. Fuaim réchúiseach a bhí acu i gcónaí agus tagann sé trasna arís san aistriúchán Gaeilge seo ar Wickerman. Cuirfidh sé gliondar ar go leor go bhfuil traic acu ar an albam.
Oscail do Theorainn Jack L Téann guth draíochta an fhir seo as Cill Dara i bhfeidhm ar gach neach a éisteann leis agus tá an éifeacht
chéanna san amhrán álainn seo. Ní hamháin gur tarraingteach an ceol é ach tá focail an traic breá cumhachtach chomh maith.
Taibhse Luan Parle Buaic eile an albaim é an iarracht ghalánta seo ó bhean óg atá i ndiaidh moladh mór a thuilleadh ó chriticeoirí i gcóngar agus i gcéin. Aistrithe go deas ag Traic Ó Braonáin, gnáthóidh an taibhse áirithe seo go ceann i bhfad thú, agus cuirfidh tú fáilte mhór roimpi.
An Dragún The Guggenheim Grotto Tá fuaim iontach ag na boic seo a bhfuil lucht leanúna acu ní hamháin in Éirinn ach i SAM chomh maith. Is aislingeach amach an ceol a chuireann siad ar fáil agus bainfear sult as bheith ag tógáil go bog é ag éisteacht leis an cheann seo.
Mo Ghrá Geal Gavin Glass Is iad na buillí Meiriceánacha a chuireann le tarraingt an amhráin seo ó cheoltóir atá gnóthach ar an turas Éireannach le tamall anuas. Oibríonn an port leis na focail, a chantar go séimh, le toradh maith a chruthú.
o
Ar Shiúl go Rinn Spáinneach Slide
Amhrán tromchúiseach traidisiúnta curtha i láthair go gleoite ag na sárcheoltóirí Pauline Scanlon agus Éilís Kennedy. Níl mórán ar an albam as taobh amuigh de cheantar na Príomhchathrach agus cuireann mná seo an Daingin - a bhfuil Donagh Hennessy á dtionlacan ar an ghiotár go mór leis an bhailiúchán iomlán.
Banna cumasach lán le ceoltóirí den chéad scoth, is traic an-deas é seo, cumtha agus aistrithe acu féin. Andrew Murray atá i mbun na bhfocal agus nascann a ghlór go réidh leis an fhuaim iomlán. Táthar ag súil le tuilleadh ábhar Gaeilge ó Slide.
*
grianghraif Tiziana Corvisieri, dara munnis, paul mccarthy
Fill Fill a Rún Ó Dingle White Females
comórtas ceol ‘08
Tá 2 chóip den albam ceol ‘08 sínithe ag The Coronas! - le buachan againn san eagrán seo. Díreach seol freagra na ceiste seo thíos chuig duais@nosmag.com roimh 14 Aibreán le bheith sa reicneáil. Is focal Spáinnise é ‘Corona’, ach cad a chiallaíonn sé?
FOCAIl félim borland
D
íolaim chuimsitheach de shaothar ‘Cheoltóir na gCeoltóirí’ is ea an t-albam dúbailte seo ón tsraith The Essential de chuid Sony BMG. Mar a chuirtear in iúl ó theideal na sraithe, is albam riachtanach é seo do lucht leanúna rac nach bhfuil ábhar ceoil acu ón ngiotáraí rac/gormacha is fearr a d’eascair as Éirinn riamh. Spreagfaidh sé éisteoirí le tuilleadh dá chuid ceoil a cheannach: leagtar amach na halbaim as ar tógadh na hamhráin ar gcúl an chlúdaigh. Léiríonn an t-albam go maith an réimse leathan ceoil atá ar fáil ón gCorcaíoch aitheanta seo (de bhunadh Dhún na nGall). Is rogha maith é an chéad amhrán Follow Me chun an t-éisteoir a mhealladh isteach san albam, cordaí corraitheacha mar réamhrá air a chuirfidh príomh-ghiotár dúbailte Thin Lizzy i gcuimhne duit ar
rory gallagher The Essential Rory Gallagher
duffy Rockferry
hhhhh
hhhhh
uairibh. Cloistear fuaimeanna Thin Lizzy arís in Philby, cé nach Phil Lynott atá i gceist san amhrán ach spiaire an KGB Kim Philby. Bainfidh an t-éisteoir sult as Bought & Sold, Laundromat agus In Your Town, amhráin ghormacha mar chruthú gléineach ar a dhlúithe is atá a ghrúpa taca i dtéarmaí rithime agus uirlisí ceoil ag comhlánú a chéile. Níos fearr fós tá They Don’t Make Them Like You Anymore. Cé nach dtaitníonn mórán snagcheoil liom, tá sé soiléir tar éis éisteacht leis an amhrán seo nárbh fhéadfaí Gallagher a shrianadh le haon chatagóir cheoil amháin, mar aon le saineolas a ghrúpa ar a gceird a chur in iúl. Shílfeá nach bhfuil ach tallann giotáir leictrigh ag Gallagher, amhráin ar nós Crest of a Wave, Bad Penny, I Could’ve Had Religion agus Bullfrog Blues mar shampla, ach ní fhéadfaí an t-albam a chur amach gan leithéidí As The Crow Flies agus Barley & Grape Rag, amhráin a thugann deis dó a chlisteacht ar an ngiotár fuaimiúil agus ar an sliodghiotár a thaispeáint. Aithníonn go leor ceoltóirí go
raibh Rory Gallagher mar thionchar ar a gcuid ceoil, ceoltóirí ar nós Eric Clapton, Brian May ó Queen, Jimmy Page ó Led Zeppellin, Gary Moore (iarghiotáraí le Thin Lizzy), Johnny Marr ó The Smiths, agus tá meas faighte aige ó Bob Dylan, U2, Rolling Stones agus Van Morrison. An t-aon locht a bhfaighinn ar an díolaim ná a laghad amhrán beo atá ann: cúig amhrán as 28. Deireadh Rory féin gurbh fhearr leis a chuid amhrán beo agus is beag duine nach n-aontódh leis. É sin ráite, bheinn ag súil leis go gceannódh an t-éisteoir nua Live In Europe nó Irish Tour díreach tar éis éisteacht leis seo. Mar albam ‘réamhrá’ do Gallagher, tá a sprioc bainte amach go díreach aige.
TALLANN NUA? Ag ceol as Gaeilge? Amhráin agat? Ag iarraidh clúdach a fháil in iris úr idirnáisiúnta? DÉAN TEAGMHÁIL LINN www.nosmag.com
A
n chéad albam fadseinnte ón amhránaí/scríbhneoir Breatnach Aimee Duffy. Tá sé ag barr na gcairteacha d’albaim cheoltóirí aonaracha in Éirinn agus sa Bhreatain ag am foilsithe. Albam ceol anama atá snasta ach gearr é, ó bhean óg a bhfuil ardú le teacht ar a cáil i mbliana. Cuirtear i gcomparáid go mion minic í le hAmy Winehouse, bíodh is gur leagan níos glaine, mar a déarfá, í Duffy. Téann an t-albam seo i bhfeidhm go mór orm os rud é nach mbrúim an cnaipe ar aghaidh agus mé ag éisteacht leis. Cabhraíonn a ghairide (38 nóiméad) leis sin ach fágfaidh sé éisteoirí ar bís leis an gcéad albam eile cé nach bhfuil an t-albam seo ach seolta le mí anuas. Tá sé an-éasca éisteacht le ceol Duffy. Meallann sí éisteoirí de gach aois agus inscne. Faoi láthair is é an t-amhrán
Mercy atá le cloisteáil go forleathan ar an raidió. I mo thuairimse ní hé seo an ceann is fearr atá ar an albam: amhráin an-mhealltacha iad Delayed Devotion, Distant Dreamer agus Serious chomh maith. Chuirfeadh sé ionadh ort go ndeachaigh Duffy agus iarghiotáraí Suede, Bernard Butler, i mbun oibre le chéile ar go leor den albam seo. Cloistear Butler ag seinnt ar Syrup & Honey, amhrán arb é an tsimplíocht an rud is deise faoi. Suantraí deas atá ann le giotár leictreach glan. Is gné choitianta iad na téaduirlisí agus an pianó ar an albam seo chomh maith, ar Hanging On Too Long mar shampla, rud a chuireann le haibíocht Duffy ó thaobh a ghutha agus a spriocmhargaidh de. Is albam deas é seo a thaithneoidh leat ar an gcéad éisteacht. Tagann críoch leis gan choinne, ach tá uimhir a haon ar bharr na gcairteacha toilte go maith aige. Tá sraith ghigeanna san Eoraip le seinnt aici i mbliana, go leor féilte san áireamh. Táthar ag súil leis go mbeidh sí ag fógairt gigeanna in Éirinn go gairid.
an raibh a fhios agat gur féidir cliceáil ar na naisc san iris seo? ó áidh, is féidir. bain triail as! nach iontach an teicneolaíocht seo?
scรกileรกn agus ardรกn
FOCAIl scott de buitléir 7 Tomaí ó conghaile
in bruges Martin McDonagh, 16
hhhhh
Seo an chéad mhórscannán ón scríbhneoir/stiúrthóir Martin McDonagh cé go bhfuil duaiseanna buaite aige dá dhrámaí The Lieutenant of Inishmore agus The Pillowman. Sa scéal seo, tagann beirt hitmen Éireannacha (Colin Farrell agus Brendan Gleeson) go Bruges - sa Bheilg! chun éalú óna dtír dhúchais tar éis dóibh sagart a mharú, Agus iad sa chathair tagann a saoiste Sasanach orthu agus ní mó ná sásta atá sé leis an bheirt a theith. Déanann na hÉireannaigh sáriarracht fanacht faoi cheilt sa bhaile mór Beilgeach, iad ag cur i gcéill gur turasóirí iad, ach is beag an difear a dhéanann sé agus tosaíonn an spraoi ar fad go luath ina dhiaidh sin. Oibríonn Gleeson agus Farrell go hiontach lena chéile, an-chaidreamh eatarthu ar an scáileán, agus cothaíonn siad an greann go héasca. Is plota sultmhar é seo gan aon agó atá lán den ghnáthchraic Éireannach, nó Bleá Cliathach go fiú, agus moltar dul agus breathnú air seo chomh luath agus is féidir.
battle for haditha Nick Brommfield, 16
hhhhh
An Sasanach Nick Broomfield a stiúir an scannán seo a leanann fiosrúchán a cuireadh ar bun tar éis gur maíodh gur mharaigh 4 saighdiúir Meiriceánacha 24 Iarácach gan aon chúis in Haditha na hIaráice. Roinntear Battle For Haditha idir scéal clainne Iarácaí, scéal ó thaobh na Meiciceánach agus scéal na ndaoine a chuireann buama faoi bhóthar sa tír chráite. Agus é bunaithe ar fhíor-eachtraí a tharla san Iaráic, rinneadh iarracht mockumentary a dhéanamh as an scannán seo, rud nár éirigh leo a dhéanamh go hiomlán, cé go gcuireann sé le cumhacht an scannáin ar bhealach. Rud eile atá suimiúil faoin saothar ná go raibh taithí phearsanta ar an gcogadh ag an gcuid is mó de na haisteoirí a glacadh páirt ann. Más maith leat cúrsaí cogaidh, nó má tá spéis agat i gCogadh na hIaráice, bainfidh tú taitneamh as an scannán seo, ach murab amhlaidh an scéal duit, b’fhearr fanacht amach ó Battle For Haditha.
Die Fälscher, Stefan Ruzowitzky, 15
hhhhh
Tharraing Die Fälscher - nó The Counterfeiters sa Bhéal Rá - aird an domhain air féin an mhí seo caite nuair a bhuaigh sé ‘An Scannán Is Fearr i dTeanga Iasachta’ ag na Gradaim Oscar agus níl aon amhras go raibh an duais mhór tuillte go maith aige. Suite le linn an Dara Cogadh Domhanda, baineann an scannán Ostarach seo le góchumadóir Giúdach, Salomon Sorowitsch (Karl Markovics), a chuirtear isteach i gcampa géibhinn Naitsíoch. Nuair a fhaigheann na Naitsithe amach go bhfuil tallann faoi leith aige, iarrtar air bheith páirteach in Operation Berhard, scéim chuimsitheach chun geilleagar Shasana a scrios trí airgead bréige a chur isteach sa tír. Tugann Salomon faoin dúshlán sula molann cara dá chuid, Adolf Burger (August Diehl), gur chóir gníomhú i gcoinne na Naitsithe in ionad cur lena n-iarrachtaí cogaidh. Scéal dúspéisiúil láidir le haisteoireacht mhaith, cuirfidh an scannán seo ag smaoineamh tú.
nuacht
FUADAITHE: Camilla Belle i ról Evolet in 10,000 BC
Soilse sa dorchadas?
10,000 BC
hhhhh
Roland Emmerich SAM / Aotearoa 12A
Ó Roland Emmerich, an stiúrthóir céanna a thug Independance Day agus The Day After Tomorrow dúinn, tá 10,000 BC againn - scéal réamhstaire faoi fhear óg darb ainm D’Leh (Steven Strait) atá díreach tar éis a ghrá geal Evolet (Camilla Belle) a aimsiú. Tagann slua mistéireach ó thír eile áfach agus sciobann siad Evolet ar shiúl ón sealgaire mamat - gan mórán cúise, de réir dealraimh agus tá ar D’Leh dul sa tóir orthu chun í a fháil ar ais. Téann grúpa óna bhaile féin in éineacht leis agus, mar a théann siad trí thíortha nach raibh aon eolas acu orthu roimhe, faigheann siad amach nárbh é a n-áit féin an t-aon cheantar a ndearna an dream coimhthíoch cogaidh
damáiste dó, agus go bhfuil lámh ag na déithe ann chomh maith. Chun an fhírinne a rá, cé go bhfuil na héifeachtaí speisialta ar fheabhas - mar is dual do stíl Emmerich - tá plota 10,000 BC go hiomlán ósréalaíoch agus áibhéalach. Más mac léinn staire thú, seans maith go gcuirfidh an scannán seo isteach ort mar níl aon bhunús ar chor ar bith lena chúlra nó fíricí staire. Mar sin féin, má thógann tú an scéal mar phíosa ficsin, agus é sin amháin, bainfear sult go leor as an aicsean agus na radhairc mhórthaibhseacha. Tá 10,000 BC ar eisiúint anois
Ní fios fós cé acu an ndéanfar nó nach ndéanfar scannán leantach den eipic fantaisíochta, The Golden Compass. Caitheadh e123 milliún ar an scannán - atá bunaithe ar Northern Lights, leabhar de chuid an údair Shasanaigh Philip Pullman - ach níor ghnóthaigh sé an méid airgid a raibh súil leis nuair a eisíodh é i bpictiúrlanna SAM i mí na Nollag. Bhí sé i gceist ag New Line Cinema, an comhlacht a bhí taobh thiar de The Lord of the Rings, go dtabharfadh siad faoin dara leabhar The Subtle Knife a chur in óiriúint don scáileán mór ach is léir anois go bhfuil cúrsaí airgid ag cur moille ar an chinneadh deiridh. Thug réalta The Golden Compass, Dakota Richards aka Lyra Belacqua, le fios le déanaí nach bhfuil aon scéal cloiste aici go fóill ón stiuideo agus dúirt comh-cheannaire New Line, Michael Lynne, nach bhfuil socrú ar bith déanta fós, “cé gur éirigh go maith leis thar sáile ní mór dúinn suí síos go luath agus fáil amach cén áit a bhfuil muid ag dul leis an scannán leantach”.
in ainm an Easpaig. DES BISHOP, Tongues Sráid an Bhiocáire, BÁC
“T
á réabhlóid na teanga ag teacht!” - ba iad sin na focail a bhí ag rith thart i mo cheann tar éis do Des Bishop seó nua s’aige Tongues a chur i láthair in ionad Vicar Street roimh thús Sheachtain na Gaeilge. “Céard dó a raibh sé ag tagairt?” a bhí mé ag smaoineamh ar feadh coicíse ina dhiaidh. An é go bhfuil sé ag iarraidh pobal na hÉireann a iompú isteach ina nGaeilgeoirí trí shraith sheónna grinn a thabhairt? Nó an bhfuil sé chun feachtas
FOCAIl félim borland poiblíochta a thosú? An gceapann sé gur féidir leis an Ghaeilge a thabhairt slán chomh héasca sin? Níor mhaith liom a cheapadh gur fear ciniciúil mé ach bhí amhras orm go bhféadfadh le fear amháin, fuirseoir fiú amháin, réabhlóid teanga a thionscnamh. Ach chruthaigh sé a dhearcadh dom leis an seó agus lena ghníomhaíochtaí eile i rith Sheachtain na Gaeilge. Céard é an réabhlóid féin mar sin? “Tá barraíocht ‘bagáiste’ againn
o
leis an teanga. Níl cead ach mála amháin a thabhairt leat as seo amach. Má dhíríonn tú ar an teanga a fhoghlaim, éireoidh leat.” Le teachtaireachtaí inspreagtha mar seo a roinnt leis an lucht féachana, maraon lena líofacht agus lena bhlas agus é ag gearradh suntais, tá Des Bishop ag dúnadh na bearna idir díograiseoirí na Gaeilge agus mórchuid na tíre ar cuma leo faoin teanga dhúchais. Bearna atá ann a chuireann na focail ‘coimhthiú’ agus ‘clique’ i gcuimhne dúinn. Cuireann Bishop ruaig ar na leithscéalta sin trí thaispeáint a fhurasta is atá sé í a fhoghlaim ach an meon ceart a bheith ag an bhfoghlaimeoir. Chuirfeadh a scigaithris ar dhaltaí scoile na Gaeilge thú ag coinneáil greim ar do bholg, é ag déanamh cuntais ar a iarrachtaí iomrascála leis na hollphéisteanna gránna sin a thugann tromluithe do na scoláirí; uafás an tuisil ghinidigh, éiginnteacht an mhodha choinníollaigh, na heisceachtaí arb amhlaidh gur níos rialta ná na rialacha féin iad. Shíl mé ag pointe amháin go raibh sé fiú ag iarraidh an lucht féachana
FIllteánfíricí DES BISHOP aois: 32 post: Fear Grinn TÍR DHÚCHAIS: SAM BAILE: De bhunadh Nua-Eabhrac, bhog sé go hÉirinn sa bhliain 1990 chun dul ar scoil i gContae Loch Garman. Clú 7 cáil: Ag deireadh na 90í, thosaigh sé ag déanamh seónna san International Comedy Cellar i mBÁC agus tháinig sé faoi aird an phobail mhóir in 2000 nuair a ghlac sé páirt in Don’t Feed The Gondolas ar RTÉ. Ó shin i leith tá clú bainte amach aige leis na sraitheanna Joy in the Hood 7 The Des Bishop Work Experience agus lena chuid gigeanna, i mBéarla 7 Gaeilge ar fud na tíre. ar líne: www.desbishop.com
a ghríosadh in aghaidh na teanga a fhoghlaim ar chor ar bith, ach ag breathnú thart dom, chonaic mé an t-iontas agus an t-éad ar aghaidheanna an lucht féachana: “Cén chaoi a bhfuil níos mó eolais ag an Meiriceánach seo ar theanga dhúchais mo thíre ná mar atá agamsa?” scríofa go soiléir ar a n-éadain. Sílim gurb i measc an phobail seo, an pobal nach gcuirtí mórán spéise sa teanga de ghnáth, a bheidh an chuid is mó d’éifeacht Des Bishop le feiceáil ann. Leoga tá sé ag cur ina luí do lucht na Gaeilge gur gá dúinn bheith níos foighní le foghlaimeoirí, gan trácht a dhéanamh ar fháilte a chur roimh dhaoine a chuireann spéis sa teanga a fhoghlaim. Dar ndóigh, bhí níos mó ná an Ghaeilge mar ábhar don seó. Chaith sé an dara leath ag magadh faoi ghnéithe éagsúla den tír, ar nós mhuintir ard-nósach Bhaile Átha Cliath 4, fadhb na nÉireannach leis an Eaglais Chaitliceach, agus eisimircigh Éireannacha i Nua-Eabhrac. Ní nach ionadh go bhfuil aithne chomh maith sin aige ar Éirinn: tá sé bunaithe anseo le 18 bliain anuas, rud nach gceapfaí
óna bhlas láidir Meiriceánach. Mar fhuirseoir measaim go mbaineann sé úsáid éifeachtach as a chlú chun saincheisteanna áirithe a phlé: i seónna a rinne sé sa bhliain 2000, ba é a thaithí le hailse mhagarlach ábhar a sceitsí. Rinne sé iarrachtaí col geise a dhéanamh den ghalar seo, galar a mbíonn náire ar roinnt fhear labhairt faoi. Is meon é seo nach bhfuil róchoitianta ar an gciorcal fuirseoireachta agus ar chóir a fhorbairt amach anseo. Ar an iomlán mar sin mholfainn go hard freastal ar cheann dá sheónna Tongues atá á chur ar siúl fud fad na tíre idir seo agus deireadh an tsamhraidh. Idir an dá linn is féidir breathnú ar a chlár teilifíse In the Name of the Fada gach Déardaoin ar RTÉ 1 ag 10.15in go dtí 17 Aibreán , nó ar do chaoithiúlacht ar an suíomh idirlín www.rte.ie/tv/ inthenameofthefada Agus ní hamháin go bhfuil tuilleadh eolais ar a shuíomh pearsanta féin, www. desbishop.com, ach ceachtanna teanga chomh maith. Cé a dúirt nach ndearna na heaspaig mórán ar son ár dteanga ariamh?
“Tá Des Bishop ag dúnadh na bearna idir díograiseoirí na Gaeilge agus mórchuid na tíre ar cuma leo faoin teanga dhúchais.”
*
* stĂl bheatha
t
stĂl bheatha
FOCAIL Tomaí Ó Conghaile láithreoir le bbc raidió uladh
An gcaitheann tú Gaeilge? Breathnaíonn nós* ar na t-léinte Gaeilge is fearr atá ar fáil ar an mhargadh i láthair na huaire
A
r cheann de na rudaí is mó a thugaim faoi deara nuair a théim thar sáile le linn an tsamhraidh - nó fiú sa ghreimhreadh anois go bhfuil téamh domhanda i barr réime - tá na t-léinte leithleacha sin a bhíonn á gcaitheamh ag aos óg féinmhuiníneach na gcathracha agus na mbailte móra ar fud na hEorpa. Ní ar éadaí cineálacha atá le fáil sna mórshiopaí domhanda atá mé ag caint, ach ar an stíl nua orgánach sin atá ag baint le ceantar nó cultúr faoi leith agus, ag an am céanna, a chuireann in iúl go bhfuil sé mar chuid lárnach den nuashaol comhaimseartha. Is fíor go mbíonn an Béarla le feiceáil níos minice ar chléibh agus ar bhrollaigh na mórroinne - is ar na t-léinte amháin a bhím ag
amharc, dáiríre - ach ón Ibeir aníos go dtí na tíortha Lochlannacha, bíonn an blas áitiúil le mothú chomh maith. Agus ní na mórtheangacha amháin a bhíonn le léamh ar éidí mar, i gcuid mhór áiteanna, is iad na mionteangacha, nó pobail na dteangacha mionlaithe, atá chun tosaigh sa chleachtas seo. Níl na Bascaigh ná na Catalónaigh le sárú ag poibliú a dteangacha sa dóigh ghléasta ach praiticiúil seo - tá an aimsir acu ar ndóigh - ach níl muintir na Breataine Bige i bhfad ar a gcúl. Ní thiocfadh leat dul chuig gig de chuid banna Breatnaise
o
Daon-Phoblacht Chorcaí
t
Is í an stíl chumannach a mheallann isteach tú ar dtús chuig an t-léine chlúiteach seo de chuid na Daonphoblachta. Ar fáil i roinnt teangacha anois - an Pholainnis agus an Chantainis san áireamh - tá cumhacht faoi leith ag an leagan Gaeilge a chuireann idé-eolaíocht Chorcaí in iúl ar bhealach dalba láidir. Ach ní gá gur Corcaíoch thú chun an dearg seo a chur ort, tá tóir air i measc na nGael ar fud na tíre, cé nach bhfacthas é ar Chiarraíoch fós. www.peoplesrepublicofcork.com
u
An Cósta Eabhair
Tá acmhainn grinn ag na Gaeil ar ndóigh agus baineann an bharréide seo leis an ghreann agus an gliceas. Nuair nár éirigh le foireann sacair na hÉireann áit a bhaint amach i gCorn an Domhain arú anuraidh, shocraigh na fir ag Nutmeg go mbeadh spraoi acu le linn an tsamhraidh ar aon nós. Cad é a rinne siad? Thionnaigh siad brat na hÉireann bun os cionn agus thug siad tacaíocht don Chósta Eabhair. Abair smaoineamh! www.nutmegclothing.com
Ní bheidh mo leithéid arís ann t
Is t-léine íocónach anois é an t-ionadaí seo ó chomhlacht fadbhunaithe Chonamara. Tá sé chomh coitianta anois agus a bhí nuair a tháinig sé amach ar dtús sa mhílaois seo caite agus ní baol dó imeacht san am amach romhainn. Níl aon léaráid ann, díreach sé fhocal, ach is leor iad. Ní bheadh liosta t-léinte Gaeilge lán gan é. www.spailpin.com
An Daingean
t
gan bualadh in éadan cailín a bhfuil t-léine as Cymraeg uirthi nó dul amach in Donostia gan leath do phionta a dhoirteadh ar bhoc le focail in Euskara scríofa ar a ucht. Bíodh sin mar atá ach cad fúinn, na Gaeil, mar sin? Cá bhfuil muidne sa ghnó stílmhar seo? Bhuel ní gá domsa a lua nach bhfuil an nós seo chomh tréan i measc phobal na Gaeilge agus atá i measc na nEorpach atá luaite agam - cuirfidh muid an locht ar an fhearthainn arís - ach mar sin féin tá go leor t-léinte Gaelacha againn do shamhradh amháin ar a laghad. Tá tuilleadh de dhíth ar ndóigh agus tiocfaidh siad de réir a chéile - ar an luas céanna leis an téamh domhanda is dócha - ach idir an dá linn seo an 10 t-léine is fearr, dar liomsa!, atá le fáil ar an mhargadh i láthair na huaire.
Luaigh muid an dúil atá ag pobal Euskal Herria ina gcuid éadaí leithleacha féin ach tá cinneadh déanta ag grúpa amháin Bascach triail a bhaint as margadh na hÉireann chomh maith. Tá cúpla barréide as Gaeilge ag Kot baineann an chuid is mó acu le tírdhreach na tíre - agus i measc na gceann is fearr tá An Daingean. Foirfe don té a bhfuil dearcadh láidir aige faoi ainm phríomhbhaile Chorca Dhuibhne! www.kotgrafik.com
Níl aon tinteán mar do thinteán féin u
u
Ceart go leor
Cool an chéad fhocal a ritheann leat agus tú ag amharc ar an iarracht shnasta seo ó cheannaircigh Chorcaí. Is frása simplí é a bheadh ar eolas ag beagnach gach duine sa tír ach cuireann an moncaí úd gné bhreise leis an íomhá iomlán. Riachtanach don Ghael réchúiseach. www.peoplesrepublicofcork.com
Níl aon tintean mar do thinteán féin Is breá linn na seanfhocail go fóill agus baineann an dearadh seo ó Hairy Baby úsáid as ceann de na frásaí is cáiliúla sa Ghaeilge. Níl aon rud ársa ag baint leis an t-léine seo áfach nó tá an stíl tarraingteach comhaimseartha agus cuirfidh íomhá an charbháin aoibh an gháire ar chách. www.hairybaby.com
u
Labhair leis an lámh
Tá tionchar nach beag ag cultúr SAM ar shaol an lae inniu agus tá taithí nach beag ag pobal na hÉireann ar bheith ag déanamh aithrise ar nósanna coitianta na Stát. Seo ceithre fhocal a cumadh ar dtús i gcathracha Mheiriceá Thuaidh, a bhí coitianta go leor sna 90í agus atá anois faoi bhláth arís leis an leagan Gaelach seo. Níl an aghaidh ag éisteacht, ‘bhfuil a fhios agat? www.hairybaby.com
Me gusta mucho popcheol
t
Is teanga Eorpach í an Ghaeilge ar ndóigh, rud atá á léiriú go soiléir ag an bharr seo ón Cowbois, comhlacht éadaí ón Bhreatain Bheag. Is iomaí amhrán popcheoil atá againn as Gaeilge anois (féach lch Eag.) agus nuair a mheasctar sin le píosa Spáinnise, cuirtear splanc breise sa toradh deiridh. Arriba! www.cowbois.com
Is maith liom cáca milis t
A bhuí le fógra teilifíse Carlsberg tá an Ghaeilge ar ‘sweet cake’ ar eolas ag an domhan mór anois agus níl bealach ar bith níos fearr chun craic a bhaint as an fhrása ná é a chur ar do chuid éadaí. Barr deas don chailín milis, nó don chócaire ar ndóigh. www.hairybaby.com
u
I ndáiríre mo ghrá, ba chuma liom Is comhlacht ceannródaíoch é ‘Babaí Gruaigeach’ ó thaobh na stíle Gaelaí de agus ní loiceann siad orainn leis an cheann seo ach an oiread. In amanna nuair a aistrítear frásaí clúiteacha na scannán go Gaeilge, ní bhíonn an éifeacht chéanna leo - Beidh mé ar ais, mar shampla! - ach tá cumhacht faoi leith ag an líne seo. Is beag nach féidir liom Rhett féin a chluinstin anois agus Gaeilge bhinn ar a thoil aige! www.hairybaby.com
Bhuel sin an liosta don nóiméad ach ar ndóigh tá t-léinte eile ann a bhí gar don 10 is fearr. Ó Cowbois na Breataine Bige tá an barr s’acu Garda Síochána.
Tá Conamara, An Earagail agus Corrán Tuathail ag Kot agus tá na t-léinte seo a leanas ag na daoine sin arís, Hairy Baby: Buachaill Dána/Cailín Dána, Oscail do Bhriste Baby! agus Go dtí go mbeidh an bua againn.
Tá tóir go leor fosta ar Déanta in Éirinn agus 2 Rud Mór ó An Spailpín Fánach.
*
taisteal
breizh go deo r
Thug nós* cuairt ar an Bhriotáin le déanaí agus fuair amach go bhfuil neart le tairiscint ag an tír stairiúil. Degemer mat...
I
s minic a thiomáineann daoine trí chúinne iarthuaisceartach na Fraince agus iad ar a mbealach chuig ionaid mhóra saoire an deiscirt. Ní gá taisteal chomh fada sin áfach chun ceantar saoire, atá chomh tarraingteach céanna le háit ar bith sa République, a bhaint amach. Suite ar imeall mhór-roinn na hEorpa, ag amharc amach ar fhairsinge fhiáin an Atlantaigh, is tír álainn í an Bhriotáin atá go fóill ag coinneáil greama ar a nósanna agus a cultúr féin.
ÉIFEACHT: Tá an Bhriotáin lán de shéadchomharthaí réamhstairiúla ach níl mórán chomh mórthaibhseach le Carnac
TEANGA Ar ndóigh, go traidisiúnta, is teanga Cheilteach a bhí á labhairt ag mórchuid phobal na Briotáine - Breizh ina dteanga féin - a tháinig chun na tíre le muintir Chorn na Breataine thart ar 1,500 bliain ó shin. Cé nach raibh an Fhraincis ag tromlach an stáit nuair a cuireadh an chéad Phoblacht ar bun in 1792, rialaigh údaráis Paris nach mbeadh ann ach an t-aon teanga oifigiúil amháin sa Fhrainc agus - cosúil leis an Bhascais, an Ocsatáinis, an Alsáisis, an Chorsaicis agus eile - níor tugadh aitheantas mar is ceart don Bhriotáinis ariamh. In ainneoin go ndeirtear go bhfuil ceathrú milliúin cainteoirí laethúla sa lá atá inniu ann, mionlaíodh an teanga an oiread sin thar na blianta gur deacair anois don chuairteoir teacht ar áiteanna ina bhfuil Brezhoneg in úsáid mar phríomh-mhodh cumarsáide. Ní hé sin le rá áfach nach bhfuil sciar den phobal gníomhach in athchruthú shaol na teanga agus páirteach i gcur chun cinn chultúr dúchasach na Briotáine trí chéile. Cé nach bhfuil polasaí cuimsitheach dátheangach i bhfeidhm, cuirfidh an turasóir Gaelach suim i gcónaí sna logainmneacha áitiúla agus is iomaí ionad nó scoil dhátheangach, Diwan, atá le fáil ar fud na tíre chomh maith.
ÁILLEACHT Má tháinig meath ollmhór ar theanga dhúchais na Briotáine, níl aon mheath - ná baol air - ar bhia, ar dheoch nó ar áilleacht na háite. Is í Rennes - Roazhon sa Bhriotáinis agus Resnn in Gallo, an chanúint áitiúil Rómánsach - an phríomhchathair, agus mar an gcéanna le cathracha móra ar fud na domhain, ní samhail fhoirfe í den chuid eile den tír. Mar sin féin, is baile bríomhar í le pobal suntasach mac léinn a chinntíonn go mbíonn go leor le déanamh le linn na bliana tríd. Is ar an taobh ó dheas de Place Ste-Anne atá na bialanna agus pubanna is
o
{focal ar fhocal} Tá a fhios againn ar fad cé chomh a dhéanann cuairteoir iarracht Gaesásta is a bhíonn muid nuair cinnte go ndéanann tú féin iarrachtilge a labhairt, mar sin déan háirithe más teanga mhionlaithe atáagus tú thar sáile, go i gceist! Degemer mat Fáilte Mat an traoù ganeoc’h? Halo , conas atá tú? Ya, mat-tre. Go maith, grma. Ha ganit/ganeoc’h? Agus tú féin? Yec’hed mat! Sláinte! Kenavo Slán Ur yezh hepken n’eo ket a-walc ’h Ní leor teanga amháin
GRIAN 7 CEOL: Cuan Lorient le linn na Féile IdirCheiltí
ag dul? ÉITILTÍ Aer Arann Corcaigh - Lorient/Nantes Gaillimh - Lorient Ryanair BÁC - Brest/Nantes Shannon - Nantes Aer Lingus BÁC - Rennes
BÁID Irish Ferries Ros Láir - Roscoff Brittany Ferries Corcaigh - Roscoff
spéisiúla le fáil agus is fiú súil a chaitheamh chomh maith ar an mheascán eagsúil d’fhoirgnimh mhaorga agus sráideanna cúnga meánaoiseacha. Cathair eile ar áit mhaith í chun tús a chur le turas ar Breizh ná Nantes/Naoned. Cé go bhfuil sí suite i gceantar Pays de la Loire, go stairiúil is cuid den Bhriotáin í agus tá an blas sin le mothú uirthi fós. Bhí an Château des Ducs mar phríomhchaisleán ag ceannairí na Briotáine nuair a bhí an tír go fóill neamhspleách ón Fhrainc agus, i lár an bhaile, tá cúpla pub deas Ceilteach ann ina mbíonn ceol Briotánach, agus Éireannach, le fáil go minic. Más sa tóir ar an nádúr atá tú, gach seans gurb é an cósta
a bheas mar cheann scríbe agat. Ó Nantes aneas go Brest, tá an iliomad tránna agus beann galánta ann, agus nuair a chuirtear sin leis na sráidbhailte tarraingteacha cois farraige, d’fhéadfá do chuid laethanta saoire iomlán a chaitheamh sa chuid seo den tír. Ó chuannacht Vannes/Gwened agus Quimper/Kemper go galláin ársa Carnac - atá ar na hionaid is tábhachtaí seandálaíochta san Eoraip - téann cultúr agus draíocht na Briotáine i bhfeidhm ort go héasca. Cé gur féidir a áitiú nach mbíonn an oiread spóirt agus rí-rá ar siúl san oíche agus a bhíonn ag dul ar aghaidh sna cathracha móra - nó anseo in Éirinn b’fhéidir - bíonn craic go
leor ann sa samhradh agus tá baile áirithe amháin a bhíonn mar chroí an spraoi ar fad ar feadh seachtaine i mí Lúnasa. Gach bliain tugann na mílte cuairt ar Lorient/An Oriant le haghaidh Le Festival Interceltique, féile ollmhór cheoil ag a mbíonn na ceoltóirí agus bannaí is fearr ón diaspóra Ceilteach ag seinm agus a chruthaíonn atmaisféar leictreach sa bhaile cósta. Bíonn an áit lán go béal le linn na féile agus is buaicphointe suntasach í ar fhéilire imeachtaí na bliana. Buaicphointe eile ar aon turas chuig Breizh ná an bia. Tá gach cineál bia mara sa dúiche, é uilig úr blasta, agus ar ndóigh ní féidir cuairt a thabhairt ar an tír iontach seo gan blaiseadh den crêpe milis. Bon appetit! Kalon digor!
*
* an p贸taire ceart
t
an pótaire ceart
Tábhairne ríoga na nGael The Duke of York 7-11 Commercial Court Béal Feirste BT1 2NB
T
á an Duke of York, nó an Diúc mar a deir lucht na Gaeilge, suite ar cheann de na sráideanna is sine i mBéal Feirste, sráidín beag bídeach i gCeathrú na hArdeaglaise, seancheantar a bhí lán daoine bochta tráth dá raibh ach atá anois athcheaptha mar cheantar boihéamach, cultúrtha is spraoi. Cé gur tháinig an fhorbairt seo ar an cheantar le cúpla bliain anuas, tá an Diúc breá Feirsteach go fóill, sean-Bhéal Feirste atá i gceist agam, an Béal Feirste a bhaineann le lár na cathrach seachas leis na ceantracha imeallacha udaí a shainmhíníonn an chathair inniu. Seans gur ceantar boihéamach cultúrtha i gcónaí é an ceantar ceánna? GRIANGHRAIF KIRITIA
Bíonn beocht ar leith le fáil amuigh ar an tsráid bheag dhuirleogach sin de bhrí nach mbíonn carranna ar bith ann agus, a fhad is nach mbíonn sé ag cur fearthainne, bíonn an méid céanna spraoi amuigh is a bhíonn istigh. Seo iad na flaithis do lucht caite tobac, an daingean deireannach s’acu. Is pub é seo ina mbeadh daoine de gach sórt le fáil ann i dtólamh ach níl sé scriosta ag na turasóirí mar atá roinnt beáranna i mBéal Feirste. Cinnte, bíonn fáilte roimh thurasóir i gcónaí ach is féidir leo Disneyland a dhéanamh as áit ar bith agus leipreachán a dhéanamh as duine ar bith mar aon. Áit ghnóthach a bhíonn ann de ghnáth agus
o
ní go hannamh a bheadh sé plódaithe amach. Sin ráite tá na freastalaithe iontach maith ann - ní sheasfá i bhfad ag iarraidh di ach más ag iarraidh imeacht atá tú, thiocfadh leat a bheith fada go leor sa chlibirt. Anois, tá sé iontach measctha mar phub, sea! Feicfidh tú idir cailíní agus buachaillí! Goitse is cogar mar a dearfá, tá sé measctha sa chiall ‘thuaisceartach’ den fhocal, ní bhíonn aon chreideamh nó polaitíocht le mothú san áit in am ar bith. Ach bíonn fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí, agus ní bréag le rá go mbíonn an méid ceánna Gaeilge á labhairt oíche Dhéardaoin sa Diúc is a bheadh i dteach tábhairne Gaeltachta ar bith sa tír. Níl Gaeilge ar bith ag an fhoireann ach níl siad diúltach di ach an oiread, is breá cleachtaithe léi atá siad. Is tábhairne seo lán de chomhrá, áit don chomhráiteach
an diúc Fáilte/An Ghaeilge: Deoch: Ceol: Daoine: iomlán:
8 9 8 9
hhhhh
is ea é gan dabht. Níl aon phreabairí le feiceáil ann, níl siad de dhith, níl aon ‘dress code’ ann, níl aon fhearg ann, is é atá ann go díreach ná óg is aosta ag meascadh is ag caint le chéile go furasta. Chan ionann sin is a rá nach mbíonn ceol ann, muise bíonn. Tá clú agus cáil ar sheisiúin Dhónal O’Connor, a fhaigheann greim iomlán ar an áit gach oíche Dhéardaoin. Bheadh aithne mhaith ag fidléirí na tíre seo ar Dhónal ar ndóigh agus is minic cairde móra le rá in éineacht leis, John McSherry agus Alan Burke mar shampla. Anois áfach, déanta na fírinne, bíonn sé doiligh go leor an ceol a chloisteáil in amanna. Cuireann sé sin leis an chomhrá ach is fadhb í fosta don té ag a bhfuil suim sa cheol. Más sa cheol Gaelach a bhfuil do spéis, gabh go luath is faigh suíochán in aice leo. Is é an rud atá ann ná go bhfuil an beár leagtha amach
go haisteach agus tá ‘bottleneck’ nó dhó san áit. Muise, níl na leithris thar mholadh beirte ach an oiread ach is mionrudaí iad siúd dáiríre. Tá áiteanna níos glaine amuigh ansin go dearbh ach tá an phearsantacht ag an bheár seo. Anois, cé go bhfuil mé théis moladh a thabhairt don teach, is doiligh liom a rá cad chuige a bhfuil an Diúc chomh maith sin, daoine maithe is dócha an rud is tábhachtaí i dteach óil ar bith agus an rud nach féidir le duine ar bith a cheannach. Éist, más ar cuairt i mBéal Feirste atá tú, is riachtanach duit pionta nó dhó a bheith agat sa Diúc.
*
tá siad ag teacht... TIGH JOSIE, an cheathrú rua
collaĂocht
Foras feasa an tseomra leapa N
í raibh aon bhréagáin ghnéis agam go dtí go raibh áit do mo chuid féin agam. Cé go raibh seomra liom féin agam i dteach mo thuistí bheadh baol ann i gcónaí go mbeadh mam ag tabhairt faoi ghlantachán earraigh agus go dtiocfadh sí ar ghiúirléidí faoin leaba, nó go mbeadh col ceathrair óg ag spraoi go soineanta thuas staighre agus go dtiocfadh siad anuas le bréagán lán cadhnraí. Mar sin, le mo neamhspleáchas a cheiliúradh tar éis dom bogadh amach ón mbaile, bheartaigh mé ar bhronntanas beag a cheannach dom féin. Ach cad? Agus cá rachainn ag siopadóireacht? Chinn mé ar dhul go Ann Summers mar go bhfuil cáil ar an siopa mar áit neamhbhagrach, fáilteach, geal, glan agus lán de mhná (murab ionann agus go leor siopaí eile gnéis). Foirfe mar phointe tosaigh do mo thuras taiscéalaíochta, mar sin!
An rud nár thuig mé faoi Ann Summers ná go bhfuil sé lán de mhná muiníneacha, na mná díolacháin ach go háirithe. Ní raibh nóisean agam cad a bhí uaim agus bhí mé náirithe amach is amach nuair a chuir duine acu an cheist orm, “Is this your first?”
“Ar mholadh s’aici, tháinig mé abhaile le ceann beag a raibh cuma réalaíoch air” Ceann síos, cogain cainte, leicne dearga. Thosaigh sí ansin ag caitheamh bréagán isteach i mo lámha – “feel this, press that button, flick those switches...” Bhí mé corcra san aghaidh le náire ag an bpointe seo agus níor
Babhta #1: Bréagáin le Batteries
theastaigh uaim ach ceann a roghnú le go n-éalóinn uaithi. Ar mholadh s’aici, tháinig mé abhaile le ceann beag a raibh cuma ‘réalaíoch’ air (‘réalaíoch’ seachas go raibh sé plaisteach, glioscarnach le glitter bándearg agus lán le cadhnraí). Tada ró-chasta, gan ach luas amháin aige, 6.5 orlach, foirfe don ghlantosaitheoir. Gheall bean an tsiopa dom go mbeinn sásta leis (‘Promises’ an t-ainm a bhí air, dála an scéal...) agus bhí. Ar feadh tamaill. An fhadhb leis na bréagáin ghnéis ná go bhfuil an oiread sin d’éagsúlacht ar an margadh go mbíonn an cathú ann gach ceann acu a thriail. Tar éis cúpla mí spraoi leis an mbod beag bándearg, bhí dóthain muiníne agam le tabhairt faoi rud éigin níos casta agus chinn mé ar ‘coinín’ a cheannach dom féin. Is é an Rampant Rabbit an bréagán gnéis is cáiliúla ar domhain, buíochas le Sex in The City.
o
cailín sa
m chathair
giota ar an taobh Bata is dornaisc Tugadh bata is bóthar do bhanphóilín san Ungáir i ndiaidh go bhfacthas í i scannán crua pornagrafaíochta. Bhí comhoibrí de chuid Livia Kovacs, 36, ag amharc ar scannán Trí X nuair a thug sé faoi deara gur aithin sé an príomh-aisteoir. Luaigh sé an scannán le húdaráis na bpóilíní in Budapest agus shocraigh siad deireadh a chur le conradh Kovacs as míchlú a tharraingt ar an bhfórsa agus as mí-úsáid a bhaint as a héide oibre. Sa scannán crua bhí sí mar phóilín ceannasach a bhaineann úsáid as smachtín agus dornaisc agus i radharc fiáin collaíochta. “Is cuma liom gur briseadh as mo phost mé,” arsa Kovacs. “Ó scaip an scéal faoi mo scileanna aisteoireachta fuair mé an oiread sin tairiscintí ó léiritheoirí chun scannáin eile a dhéanamh.”
Tá leaganacha éagsúla de ar an margadh anois ach go bunúsach is creathadóir é le píosa breise air le do bhrillín a chuimilt. Tugtar an Rabbit air mar go mbíonn cruth coinín ar an bpíosa sin, coinín le srón bheag cute agus cluasa fada, a dhéanann an brillín a spreagadh nuair a chreathann siad. Cé gur thaithin an bod beag bándearg go mór liom, ba chorraitheach an smaoineamh é go bhféadfainn creathadóir a fháil a dhéanfadh an obair ar fad dom... thíos liom go Ann Summers arís, níos muiníní an tráth seo. “Is this your first?“ “No! Tá rud éigin lán bells agus whistles uaim!“ Bhí mé beagáinín amhrasach faoin gceann a mhol an bhean díolacháin liom; The Rampant Rabbit Wave. Dar léi go raibh an-tóir ar fad air, léirmheasanna iontacha ag teacht ó mhná nár éirigh leo súnás a bhaint amach ariamh, go dtí an coinín áirithe seo. Ach bhí cuma an-mhór air. An-mhór. 8 orlach ar fhad, le giorta 5¼ orlach. Ara, cén dochar, a shíl mé, bainimis triail as. Roinnt bealaidh agus beidh tú togh. Mo bhreithiúnas air sa deireadh? Ní fiú an hype. Tá sé rómhór - domsa ar aon nós. Ní hé go bhfuil mé ag gearán mar gheall ar fhad agus giorta go ginearálta anois, ach nuair is plaisteach agus laitéis
“Tá an meaisín seo cosúil le jackhammer - ó thaobh fuaime de seachas aon rud eile. Ní haon ionadh go n-alpann sé na cadhnraí.” atá i gceist bheinn buartha go mbeadh díomá ort le fear ar bith a mheallfá chun do leaba dá mbeifeá cleachta lena leithéid. Agus an trup! Tá roinnt creathadóir eile agam agus níl aon cheann acu atá níos torannaí ná scuab fiacla leictreach. Tá an meaisín seo cosúil le jackhammer – ó thaobh fuaime de seachas aon rud eile. Ní haon ionadh go n-alpann sé na cadhnraí. Tá na tonnta ar an Rampant Rabbit Wave chomh díomách sin nach mbainim úsáid astu ar chor ar bith agus chomh maith leis sin tá an seafta díreach, gan aon chuar le go spreagfadh sé an g-spota. ‘Size isn’t everything’, agus is lochtach an creathadóir nach bhfuil an g-spota tugtha san áireamh ina dhearadh. An t-aon rud le moladh faoin Wave ná an coinín féin. Agus wow, bhfuil sé sin le moladh. Tá sé thar a bheith éifeachtach ró-éifeachtach fiú. Trí nóiméad agus game
over, sásamh agus súnás ar an toirt. Cén spraoi sin? Na laethanta seo tá tuiscint i bhfad níos fearr agam ar cad atá uaim agus déanaim mo chuid siopadóireachta ar líne. Ní fhaca tú meangadh gáire riamh cosúil leis an gceann a bhíonn agamsa d’fhear an phoist. Má tá rud ar bith foghlamtha agam i leith na mbréagán gnéis, is é nach lia duine ná bréagán, agus gur mó an spraoi a bhaineann leo má tá páirtí agat don chluiche. Ach sin scéal eile.
*
CUMHACHTACH: An coinín féin
an chéad bhabhta eile: Spraoi gan Batteries!
tá sé de nós agam...
*
léargas FOCAIL cillian de búrca
A
AFL:
ag mealladh phlúr na hÉireann?
g tús mhí Dheireadh Fómhair anuraidh, d’imir Kevin Dyas as contae Ard Mhacha a chéad chluiche le Collingwood, an tÉireannach ba dhéanaí le himeacht ó pheil idir-chontae anseo agus imirt go proifisiúnta le club peile san Astráil. Ní hé an chéad imreoir óg Gaelach leis an turas a dhéanamh agus tiocfaidh tuilleadh ina dhiaidh ach an bhfuil an ceart ag Cumann Peile na hAstráile (AFL) tairiscintí mar seo a dhéanamh nó an bhfuil siad ag goid ár laochra Gael don am atá le teacht? Cuireadh atús le Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta in 1998 agus ó shin i leith tá suim na nAstrálach in imreoirí CLG ag fás agus ag forbairt. Nuair a shínigh sé conradh le fanacht sna Fritíortha ar feadh dhá bhliain, lean Dyas Éireannaigh eile ar nós Tadhg Kennelly as Ciarraí, dearthracha Uí Ailpín Chorcaí, Martin Clarke as an Dún
o
agus Colm Begley as Contae Laoise. Bhí todhchaí gheal sa bhaile ag na himreoirí óga seo uilig agus iad cheana féin ag imirt lena gcontaetha - mar sin, cén fáth a n-imeodh siad? Dar le Setanta Ó hAilpín - a chuaigh chun na hAstráile sa bhliain 2003 - gurbh í an chúis ba mhó dó féin ná an dóigh a bhfuil AFL gairmiúil. “Ba mhaith liom mé féin a fheiceáil mar imreoir gairmiúil sna bliantaí atá le teacht,” arsa sé. Is léir mar sin gur tarraingt láidir í proifisiúntacht an spóirt, idir áiseanna agus airgid, ach is deacair a rá go fóill cé acu an bhfuil nó nach bhfuil stádas amaitéarach CLG ag tabhairt ar dhaoine óga tallannacha an t-eagras a fhágáil. Tá an argóint gur chóir do CLG bheith ina eagraíocht ghairmiúil go mór i mbéal an phobail le tamall anuas ach cad é a deir na hAstrálaigh faoin cheist seo ar fad? Dearbhaíonn Kevin Sheedy, bainisteoir ar fhoireann idirnáisiúnta na hAstráile, nach gá do mhuintir na hÉireann bheith buartha ar chor ar bith. “Cé go ndéanfaidh imreoir Éireannach an t-athrú seo anois agus arís, ní shamhlaíonn muid go dtarlóidh sé go rialta.” Gach seans go bhfuil an ceart aige ach leis an nuacht go bhfuil sé ar intinn ag clubanna in Oz tús a chur le feachtas earcaíochta in Éirinn i mbliana, is cinnte nach mbeidh gach duine ar a shuaimhneas anseo.
Agus ní gá a lua nach gcuideoidh sé ach an oiread leis an chaidreamh corrach idir CLG agus AFL, iad go fóill ag iarraidh theacht ar réiteach faoi thodhchaí na Sraithe Idirnáisiúnta ó cuireadh inmharthanacht an chomórtais in amhras i ndiaidh na dtroideanna ollmhóra i bPáirc an Chrócaigh in 2005. Dar le Mickey Harte, bainisteoir peile Thír Eoghain, gur chóir do CLG gach ceangal atá aige le AFL a ghearradh. “Tá sé in am dúinn díriú ar ár gcluichí féin,” arsa sé. “Is gá dúinn bheith ag spreagadh daoine na cluichí Gaelacha a imirt, níor cheart dúinn nasc ar bith bheith againn le AFL.” Agus tá cuma ar an scéal go n-aontaíonn ar a laghad duine amháin d’imreoirí Harte leis nó tugadh cuireadh do Sheán Cavanagh imirt leis na Brisbane Lions ar feadh dhá bhliain ach chinn an fear óg fanacht i lár na páirce le contae na Láimhe Deirge. Léiríonn cinneadh sin Cavanagh go mbraitheann sé ar an imeoir féin ach má tá an próiseas le tarlú níos minice sna bliantaí amach romhainn, rud amháin atá cinnte ná go gcaithfidh an dá eagras peile bheith i gcomhaontú lena chéile maidir le rialacha agus srianta. Muna dtagann siad ar réiteach déanfar dochar dá gcaidreamh a bheas ó chóiriú. I láthair na huaire níl na socruithe seo curtha i bhfeidhm mar is ceart agus, go dtí go n-athraítear sin, tá daoine ann a bheas míchompordach leis an cheangal Astrálach i gcónaí.
“Agus ní gá a lua nach gcuideodh sé leis an chaidreamh corrach idir CLG agus AFL.”
*
EALA GHAELACH: Tadhg Kennelly
Chun d’fhógra féin a chur anseo, seol rphost chuig eolas@nosmag.com
t-léinte €20/£15
nós*
Déan teagmháil linn chun do cheannsa a chinntiú!
+353 8768 95612 nagaeiloga@gmail.com
nós* sa chéad eagrán eile:
agallamh le Manchán Magan an 10 Siopa Uachtar Reoite is Fearr sa tír Grianghraif eisiacha de ghig speisialta Horslips 7 Kíla Na físeáin is fearr ar líne léirmheasanna ceoil, scannán 7 pubanna beidh eagrán 1 ar fáil le híoslódáil 1 bealtaine Má tá aon mholadh agat do nós*, nó dá mba mhaith leat cur leis an iris, seol rphost chuig eolas@nosmag.com