nós* - eagrán 2

Page 1

nós* iris ghaeilge don nua-aois

eag. 2

STÍL an tséasúir

Bí ar an eolas faoi na nósanna is déanaí faisin

FIRENZE FAOI BHLÁTH

Léirmheas taistil ar chathair na hAthbheochana

DEARADH AR TAISPEÁINT

Rannóg nua ealaíne le tallann úr a cheiliúradh

!

Tonnta an tSAMHRAIDH

agus go leor eile istigh...


*


fáilte Tá séasúr an tsamhraidh buailte linn gan aon agó agus aghaidheanna ar fud na tíre ag éirí níos gealgháirí dá bharr. Bhí an mhí seo caite ar an Bhealtaine is teo ó cuireadh tús leis na taifid breis agus céad bliain ó shin agus - muna smaoiníonn tú an iomarca ar na cúiseanna taobh thiar de! - cén fáth nach mbainfeá sult agus spraoi as an aimsir chéanna? Mheas muidne ag nós* mar sin nach raibh bealach níos fearr chun an ráithe is spleodraí seo a cheiliúradh ná blas samhrúil a chur ar eagrán 2 agus amharc ar chuid de na rudaí ar féidir a dhéanamh sna míonna beaga amach romhainn. Ó scannáin mhóra an tsamhraidh go turais chun na hIodáile, ó shaol surfála na hÉireann go dtí an faisean is úire, cibé rud a bhíonn ar siúl agat an samhradh seo bí cinnte taitneamh a bhaint as agus an t-uacthar gréine a chur ort.

* ***** ***** **

Is fiú go mór chomh maith breathnú ar ár rannóga úrnua - Faisean 7 Scéimh agus Ar Taispeáint - agus beidh tuilleadh á chur againn leis an iris amach anseo. Ar aghaidh libh!

foireann (chorraitheach) nós*

istigh

t


istigh 46 ar taispeáint Dearadh 7 Ealaín

37 faisean 7 scéimh Rannóg úrnua leis an líne taobh istigh ar stíl an tsamhraidh

ceol 7 Anoir Aduaidh Sunrise Not Secular 9 Léirmheasanna Albaim agus gigeanna

scáileán

t t

18 Léirmheasanna Persepolis, Genghis Khan 20 Leo ina Leon Gaelach? Scannán úrnua Bhriain Bhóirmhe

stíl bheatha 27 Cowabunga a chara! Surfáil in Éirinn 30 Íomhá Che Guevara Fás an íocóin 32 Ealaíona Comhairc - Cuid 2

taisteal 41 Firenze faoi Bhláth 44 An Pótaire Ceart Tábhairne Leo, Tír Chonaill

léargas

t

55 Vive an Eoraip? Argóintí ar son 7 in éadan Chonradh Liospóin

collaíocht 50 An Cailín sa Chathair Cliche na n-uimhreacha - cad é do cheannsa?

t

teicneolaíocht 23 Creative Zen 25 Gael-Ghuthán Tocco Samsung 24 Gael-Teic Pacáiste Open Office

t t t


* ceol

t


ceol


a lb A n a n n a e in é r G Éirí na

anoir aduaidh FOCAIl tim armstrong

I

s iongantach an scene ròc a tha a’ dol air adhart ann an Leòdhas agus anns na Hearadh o chionn goirid. Tha na còmhlanan ròc air am breacadh siod agus an seo air feadh an eilein, agus grunn math dhiubh stèidhichte ann an Steòrnabhagh fhèin. Cha bhite idir an dùil gum biodh a leithid de rud ann agus cho gnìomhach ann am baile far nach eil ach mu ochd mìle duine a’ fuireach uile gu lèir. Ach gu dearbh, thàinig còmhlan seach còmhlan às an eilean anns na beagan bhliadhnaichean a chaidh, agus lean feadhainn dhiubh mar Our Lunar Activities agus Dragging The Lake orra agus rinn iad ainm math dhaibh fhèin air tìr-mòr. Mas e a’ chiad annas a th’ ann gu bheil ròc cho beòthail air an eilean, ‘s e an darna annas a th’ ann gun dèan cha mhòr a h-uile còmhlan sin an cuid ròc ann am Beurla, agus seo ann an eilean far a bheil Gàidhlig aig thar 70% dhen t-sluagh ann an cuid dhe na sgìrean. Is cinnteach gun lorgar na h-adhbharan dòrainneach àbhaisteach sòiseo-chànanach aig cnag na cùise sin, ach tha e na bhrosnachadh mòr mar sin gu bheil beagan chòmhlanan a’ nochdadh a-nis ann an Leòdhas agus anns na

o

TODHCHAÍ GHEAL: Sunrise Not Secular


gluaisghaelach Hearadh a bhios a’ sgrìobhadh agus a’ cluich ceòl ùr ann an Gàidhlig, agus tha Sunrise Not Secular aig toiseach an dream sin. Cha robh an còmhlan ri chèile ach greis ach dh’èirich e gu math dhaibh agus gu luath. Chluich iad aig an fhèis mhòir ann an Loch Nis, Beat the Drum, samhradh ‘s a chaidh, agus nochd iad air Rapal T.Bh. às dèidh sin. Bidh iad a’ falbh air turas beag mun cuairt Albann an ath mhìos gus comharrachadh air bogadh a’ chlàir ùir aca, Toiseach an Turas. Bidh ceithir òrain air agus a dhà dhiubh ann an Gàidhlig. “Bha e faireachdainn nàdarra dhomh, mar ‘s gur e Gàidhlig a’ chiad cànan agam,

gun sgrìobhainn òrain innte,” thuirt David Nicolson, seinneadair sa chòmhlan. “Agus a-nis, tha sinn ag iarraidh gun tèid sinn le ceòl Gàidhlig far nach deach duine a-riamh.” Is coltach gun tèid. Tha Sunrise Not Secular a’ cluich ann an stoidhle ris an canar ‘epic’, agus gu math cosmhail ris an stoidhle a bh’ aig na còmhlanan mòra Ceilteach anns na h-ochdadan mar Big Country. “Is fìor toigh leam sgreuch nan riofan Ceilteach mòra,” dh’aidich David, “is toigh leam mar a rinn na balaich sin fuaim air a’ ghiotàr a tha fìor nuadh ach Albannach aig a’ cheart àm.” ‘S e òran slaodach treun a th’ anns a’ chiad

òran Ghàidhlig aca, Solas na Maidne, le fonn san t-sèist a tha air leth gabhaltach. Abair thusa gu bheil guth David mòr gu leòr dhan obair agus ‘s e Brian Macleod an drumair òg as fheàrr a bhios a’ cluich ann an Steòrnabhagh an-dràsta. Tha a h-uile coltas ann gun tèid iad bho neart gu neart o seo a-mach. “Tha mi air mo dhòigh ga dhèanamh ann an Gàidhlig,” thuirt David, “agus tha sinn an dùil gum bi co-dhiù dà òran ùr Gàidhlig eile deiseil againn airson an turais san t-samhradh.” Siuthadaibh a bhalachabh! Ròc ceart Gàidhlig à Leòdhas mu dheireadh thall.

*

air feadh ar fud grunn dream mu thart ar còmhlan banna annas rud iontach dòireannach dóghrainneach brosnachadh spreagadh greis tamall a’falbh ag imeacht toigh maith, deas coltas cuma deiseil réidh airson le haghaidh, faoi choinne


léirmheas gig bruce springsteen

hhhhh

RDS, Baile Átha Cliath Ag 58 bliain d’aois, bíonn mórchuid na bhfear ag glacadh cúrsaí go réidh agus ní minic a fheictear iad ag sleamhnú ar ardáin ach an oiread. Ní hamhlaidh an scéal le Bruce Springsteen áfach atá lán chomh fuinniúil anois agus a bhí ariamh. Bhí an Boss é féin anseo in Éirinn an tseachtain seo caite le sraith gigeanna a chur i láthair san RDS agus, mar a bheifeá ag súil, bhí an teach lán go doras gach oíche. Turas domhanda in éineacht leis an E Street Band atá á dhéanamh ag an Meiriceánach faoi láthair agus níor loic sé a lucht leanúna Éireannach in aon chor. Ní hamháin go raibh spleodar nach beag sa taispeántas ach ba mhór an dáimh a bhí ag Springsteen lena cuid fans - óna bheith ag bualadh bos leo os comhair an stáitse go damhsa a dhéanamh leo le linn ‘Dancing in the Dark’ - is ceoltóir faoi leith é a chruthaíonn atmaisféar speisialta a thaitníonn go mór leis an lucht éiseachta. Eispéaras ann é máistir mar seo a fheiceáil beo, é go fóill i mbarr a réime agus fós sásta na hamháin chlúiteacha a bhualadh amach go hard.


t a g a l ceo

?

lann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge

Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheo

l a chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi tá Gaeilge agat, déan teagmháil linn anois ar eolas@nosmag.com ach beidh na traiceanna is fearr le Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* gmháil! cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dtea


léirmheas gig

Rónán Ó SNODAIGH

hhhhh

An Chultúrlann, Béal Feirste Dé hAoine 30 Bealtaine tháinig príomhamhránaí Kíla agus duine de mórcheoltóirí na Gaeilge, Rónán Ó Snodaigh, go Béal Feirste agus ba shultmhar amach an cheolchoirm a rinne sé ar an oíche. Is annamh a bhíonn deis ag an lucht éisteacht ceangal pearsanta a chruthú le ceoltóir agus iad i mbun ceoil ach d’fhág cur i láthair Rónáin go raibh na héisteoirí tarraingthe isteach aige ón tús. Tá glór iontach ag an bhfear seo a chuirfeadh cloch faoi dhraíocht agus ba dheas an meascán d’amhráin Bhéarla agus cinn Ghaeilge a cheol sé. Ina measc seo bhí Tigh Mo Mháthair - leagan cumhachtach den dán cáiliúil Bascach, Nire Aitaren Etxea Defendituko Dut le Gabriel

Aresti. Ní ceol amháin a bhí i gceist áfach nó léigh sé amach roinnt dánta óna chnuasach úr The Garden Wars chomh maith. Bhí cuid de na dánta glice seo chomh sultmhar céanna leis na sealanna a chaith sé ar a ghiotár nua - a bhí á bhriseadh isteach aige le linn an gig! - agus chuir siad go mór le taispeántas antaithneamhach go deo. Dála an scéil, an tseachtain roimhe sin, bhailigh ceann de an sluaite ba mhó riamh sa Chultúrlann do gig speisialta an ghrúpa, Blunderbrau. Is le linn an tsamhraidh i dTír Chonaill a bhíonn an banna seo - Dónall Mac Ruairí, Joe Green 7 Niocaí Mac Cathmhaoil - ag seinm de ghnáth agus mheall siad a lucht leanúna go Béal Feirste leis an trad bríomhar beoga s’acu - coinnígí súil amach faoina gcoinne.

GRIANGHRAF Kiritia Images


an g spota CLUB GAEILGE BHÉAL FEIRSTE

G COOLCHEOL, DJANNA, SÉISIÚIN, DEOCHANNA & BIA AR REIC 1ú Aoine de gach mí cumann chluain ard, sráid na sceiche, BF

AIMSIGH É! www.bebo.com/angspota

beidh Is leabhrán úrnua ceoil é CEÒL ina m i arr na focail de 50 de na hamhráin is fe iamh. nGaeilge na hÉireann 7 na hAlban ar do hí Idir trad agus nuacheol, is áis iontac nasa. AR FÁIL mí lú Ghael.


THE ting tings We Started Nothing

hhhhh

I

s cur síos cruinn é gur meascán de cheol neamhspleách agus popcheol a sheineann an bheirt seo as Sasana. Níos cruinne fós d’fhéadfaí a rá gur leagan nua de na B-52s ó na seachtóidí atá iontu. Tá cáil ar a n-amhrán Shut Up and Let Me Go ó fhógraí teilifíse agus idirlín an iPod ach i láthair na huaire is é a n-amhrán nua That’s Not My Name an ceann is coitianta atá le cloisteáil ar na stáisiúin raidió agus bhí Great DJ le cloisteáil go forleathan i mí an Mhárta. Cuireadh trí shingil amach sular eisíodh an t-albam ag deireadh mhí na Bealtaine. Ag éisteacht leis an trí shingil sin cheapfaí go mbeadh an t-albam níos fearr ná mar atá sé ach fós tá barr na gcairteacha toilte go maith aige. Is cinnte go gcloisfear a gcuid ceoil sna clubanna oíche go minic amach anseo. Is é Shut Up and Let Me Go an t-amhrán is fearr ar an albam agus níl aon amhras go gcuirfidh sé do chloigeann ag bogadh leis an rithim réchúiseach. Is fiú éisteacht chomh maith le Keep Your Head agus We Started Nothing. Cabhróidh an nochtadh a fuair siad ar fhógraí iPod agus ar na cláir One Tree Hill agus Gossip Girl sna Stáit Aontaithe go mór le rath an ghrúpa.

gemma hayes The Hollow of Morning

hhhhh

I

s é The Hollow of Morning an tríú halbam leis an mbean óg seo as Tiobraid Árann. Go luath tar éis eisiú a halbaim dheireanaigh in 2005, cuireadh deireadh lena conradh leis an lipéad ceoil Source Records, lipéad lena raibh sí ceangailte le roinnt blianta roimhe sin agus lenar eisigh sí an chéad albam, Night On My Side. Thóg sí sos dhá bhliain tar éis sin ach is cosúil gur thug an neamhspleáchas seo an tsaoirse a bhí uaithi di mar tá an chuma air go raibh an deis aici díriú ar an gceol agus é a chur i láthair ina bealach féin. Tá roinnt mór-cheoltóirí eile le cloisteáil ar an albam i dteannta Hayes: iar-ghiotáraí The Frames, David Odlum, ar an méarchlár agus é ina chomh-léiritheoir le Hayes chomh maith; amhránaí Bell X1 Paul Noonan ag seinnt na ndrumaí; agus amhránaí agus giotáraí My

Bloody Valentine, Kevin Shields. Is mór an trua nach bhfuil Rith Mé go Crích ó Ceol 2007 le cloisteáil air ach ní féidir locht a aimsiú ar an albam seachas go mbeadh sé deacair na hamhráin a sheinnt ar an raidió toisc a shéimhe is atá siad. Is é Out Of Our Hands an t-amhrán is aitheanta ón gcnuasach, é eisithe mar shingil dhigiteach ar líne nuair a tháinig an t-albam féin amach ag tús mhí na Bealtaine Ní bheidh díomá ar a lucht leanúna leis an albam seo – an fíor-Gemma Hayes atá le cloisteáil ann. Agus má tá fonn ar aon duine The Hollow of Morning a bhlaiseadh go beo, beidh iníon Hayes ag seinm ag Electric Picnic i gCo. Laoise i mi Lúnasa.

FOCAIl félim borland


comÓrTAS T-léinTe - nA gAeil ÓgA San eagrán seo, le ceiliúradh a dhéanamh ar shuíomh nua idirlín na gaeil Óga - www.nagaeiloga.com - tá 4 t-léine de chuid an eagrais le buachan againn. Le bheith san iomaíocht níl le déanamh ach freagra na ceiste seo thíos a sheoladh chuig duais@nosmag.com roimh 28 Meitheamh. cén BHLiain inÁr BunaDH na gaEiL óga?


an raibh a fhios agat gur féidir cliceáil ar na naisc san iris seo? ó áidh, is féidir. bain triail as! nach iontach an teicneolaíocht seo?


*


scรกileรกn agus ardรกn


FOCAIl tomaí ó conghaile 7 Stiofán Ó hAodha

persepolis

hhhhh

Marjane Satrapi, Vincent Paronnaud, 12A

Is scannán dírbheathaisnéise é ar shaol Marjane Satrapi an beochan gleoite seo atá curtha i láthair i gceithre theanga éagsúla, an Fhraincis agus an Pheirsis go príomha. Bhí saol eachtrúil ag Marji - d’fhás sí aníos i gclann chumannach san Iaráin le linn na 70aí agus leantar í óna hóige shoineanta go dtí go ndéantar í a pholaitiú níos déanaí ina saol. Cuireann déine agus leithcheal an rialtais nua isteach ar Marji óg de réir a chéile agus tá uirthi imeacht chun na hEorpa. Filleann sí ar Tehran sa deireadh ach faoin am sin is éan corr í gan mórán de bhaint aici lena tír dhúchais. Cé go mbaineann Persepolis le ceisteanna do dhaoine fásta ar nós príosúnachta, diancheistithe, drúgaí agus gnéis, tá greann éadrom sultmhar leis an scannán agus tá éifeacht nach beag leis na léaráidí dubha agus bána. Is fiú go mór é an ceann seo a fheiceáil ach is léir nach bhfuil údaráis na Liobáine ar aon intinn linn mar chuir siad cosc ar an scannán ar eagla go gcuirfeadh sé as do dhreamanna sa tír atá ar son na hIaráine.

gone baby gone Ben Affleck, 16

hhhhh

Seans nach raibh mórán daoine ag súil le sárshaothar ón chéad iarracht de chuid Ben Affleck ar an taobh eile den cheamara ach is é sin an toradh ar an dráma coire seo. Is bleachtaire crua é Patrick Kenzie (Casey Affleck) a rugadh i gceantar garbh i mBoston agus a oibríonn lena chailín (Michelle Monaghan) chun teacht ar dhaoine atá ar iarraidh. Nuair a fhuadaítear Amanda McCready, ceithre bhliain d’aois, iarrtar ar an bheirt tabhairt faoin chás agus de réir a chéile faightear amach go raibh máthair Amanda amuigh ag mangaireacht drúgaí ar an lá a fuadaíodh a hiníon. Ó thaispeántas na ndeartháireacha Affleck go cumas síoraí Morgan Freeman agus Ed Harris - atá mar phéas áitiúil - tá tarraingt faoi leith ag an scannán seo a chruthaíonn atmaisféar agus íomhá chumhachtach den chathair ina bhfuil sé suite. Mar gheall ar na cosúlachtaí le cás Madeleine McCann cuireadh moill ar eisiúint Gone Baby Gone ach beidh sé amuigh gan mhoill agus is fiú go mór é a fheiceáil.

narnia: prince caspian Andrew Adamson, pg

hhhhh

Seo an dara scannán de chuid Disney bunaithe ar shraith leabhar Narnia leis an scríbhneoir Ultach, CS Lewis. Cé nár ghnóthaigh an chéad cheann, The Lion, The Witch & The Wardrobe - a tháinig amach in 2005 - an oiread airgid is a rinne na mórscannáin eile fhantaisíochta a bhuail an scaileán mór le blianta beaga anuas - The Lord of the Rings agus Harry Potter ar ndóigh - ghóthaigh sé go leor chun leanúint leis an tsraith, agus b’fhiú go mór é. Andrew Adamson atá ar ais ag stiúradh an scannáin ina bhfilleann clann Pevensie ar Naria le fáil amach go bhfuil breis is 1,000 bliain caite ó bhí siad ann go deireannach. Tá an tír scriosta agus an tiarna olc Miraz (Sergio Castellitto) i gceannas in ionad an fhíor-chomharba Caspian. Caithfidh clann Pevensie an Prionsa a aimsiú chun an ríocht a shábháil agus leanann cath in aghaidh catha go deireadh an scannáin. Is cinnte go bhfuil forbairt déanta acu ar an chéad iontráil sa tsraith seo agus bainfidh lucht leanúna na fantaisíochta an-sult as an cheann seo chomh maith.


MongoL

hhhhh

Sergei Bodrov An Mhongóil/An Chasacstáin 15A

An ceAnnAire: Tadanobu Asano mar Genghis

SEo scannán cogaidh ón stiúrthóir Rúiseach Sergei Bodrov a léiríonn saol an ghaiscígh genghis Khan. Tosaíonn an scéal sa bhliain 1172 agus Khan ina ghasúr óg 9 mbliana d’aois agus críochnaíonn sé sa bhliain 1206 nuair a thagann na treibheanna fánacha uilig le chéile faoi smacht agus riail Genghis. osclaíonn mongol le Khan gafa agus é ag amharc siar ar a shaol mar a bhí agus é ina ghasúr. Cuimhníonn sé ar an lá a d’imigh sé féin agus a athair ar lorg mná a ghlacfadh sé féin mar chéile, ach ar ndóigh níor roghnaigh sé an bhean cheart - mar a dhéanaimid uilig go léir ó am go chéile! Chuir sé suim i spéirbhean eile agus cuireadh cor gan cheartú ina shaol. Le teanga dhúchais Khan in úsáid sa scannán ar fad, tugann sé léargas domhain éifeachtach dúinn ar an traidisiún Mongólach mar a bhíodh sa dara haois déag, áit narbh é an t-éadach a rinne an fear, ach an capall a bhí aige! Rinneadh an scannaíocht uilig san áise Láir agus is iontach na radharcanna agus na tírdhreacha atá le feiceáil ann. Is i bhfad níos iontaí arís áfach na radharcanna móra cogaidh atá ann a léiríonn fíor-chrógacht agus scileanna troda na Mongólach nach ndearna trócaire ar bith riamh ar a gcéile comhraic. Tá tóraíocht chatha ar dhroim capaill, chomh maith le troideanna claímh ar an láthair chatha, a chuirfeadh eagla is éisealacht ar an té is fearúla! Scéal maith cogaidh atá ann anseo ina bhfuil níos mó le feiceáil ná doirteadh fola agus pleascadh putóg agus, má thaitníonn sé libh, is féidir bheith dóchasach mar tá ráflaí gur tríológ a bheas ann - coinnígí súil ar an spás seo.


nuacht Saol Bhriain? Tá comhlacht in Hollywood California chun scannán úr a dhéanamh faoi shaol agus eachtraí Bhrian Bóirmhe. Is é Freedom Within the Heart an teideal a bheas air agus tuigtear go bhfuil an príomhról ag Leonardo DiCaprio. Seans go mbeidh Vinnie Jones taobh le Leo ach ní léir go fóill cén ról ina mbeidh sé. Níl aon amhras go bhfuil meas ar DiCaprio anois mar aisteóir ach, i samhlaíocht na tíre seo, fathach láidir crua a bhí i mBrian Bóirmhe, tréithe nach bhfuil ag Leo beag. Ar a bharr sin, in ainneoin gurbh iad an Ghaeilge agus an Lochlannais teangacha na spairne clúití sin - Cath Chluain Tairbh in 1014 inár éirigh le Brian tromlach na dtaoiseach in Éirinn a tabhairt le chéile i gcoinne namhaid na haimsire sin, na Lochlannaigh - is i mBéarla amháin a bheas Freedom Within the Heart. Le roinnt blianta anuas d’éirigh go hiontach le cuid mhór scannán nach scannáin Bhéarla iad ag díoloifigí fud fad an domhain. Ón teagmháil atá ag an iris seo le Marion Pictures áfach ní dóiche go n-athrófar an cinneadh seo. Nárbh fhéidir le Leo agus Vinnie scoláireacht a fháil le freastal ar dhianchúrsa éigin an samhradh seo? FOCAIl frainc rua mac cionnaith

FATHACH LÁIDIR?: Leonardo DiCaprio


* teicneolaĂ­ocht

t


teicneolaĂ­ocht


creative zen 2GB - 32GB

M

¤65-¤267 ó www.komplett.ie

FOCAIl diarmuid ó muirgheasa

ás mian le duine seinnteoir ceoil a cheannach na laethanta seo, is minic nach bhféachann sé/sí níos faide ná iPod. Ní haon ionadh é seo ó gurb é an iPod an seinnteoir is rathúla atá ann le blianta beaga anuas, ach tá roghanna eile ann chomh maith. Tá an Zen mar tháirge ceannais ag Creative agus iad ag dul sa tóir ar an margadh atá beagnach go hiomlán faoi smacht ag Apple. Laige amháin atá ag an iPod ná na teoireannacha maidir leis na comhaid a sheinneann sé, agus is léir gur thug Creative sin faoi deara agus iad i ndiaidh an Zen a threalmhú chun bua láidir a fháil ar an iPod: Idir formáidí fís agus ceoil, seinneann

gléasta: An Zen

hhhhh

sé - anall mór anois... - DivX (4&5), XviD, WMV9, MJPEG, MPEG4-SP, MP3, WAV, WMA, Audible, AAC agus ADPCM. Is cuma, i ndáiríre, muna dtuigeann tú a leath de sin. An pointe tábhachtach ná murb ionann agus brandaí eile, ní díreach Apple amháin - go bhfuil tú clúdaithe, cuma pé rud ar mhian leat a sheinm. Caithfear marcanna a bhaint, áfach, toisc gur gá ath-mhéadú a dhéanamh ar fhíseáin sula seinntear iad, muna bhfuil said cheana ag 320x240 cosúil le scáileán an ghléis. Le bheith fírinneach níl sé chomh huafásach sin nó bíonn bogearra iniata chun an t-ath-mhéadú a dhéanamh. An t-aon locht eile ar an Zen ná nach féidir leis amhráin atá cosanta ag iTunes a

sheinm gan bogearra eile - tuneclone nó a mhacasamhail - a úsáid, ach is é Apple féin is cúis leis an teorann sin. Ó thaobh an scáileáin de, tá ardmholadh tuillte ag an Zen anseo. Ag 2.5”, ní hamháin go bhfuil a sé níos mó ná an iPod Nano (2”), ach tá sé nach mór ar aon dul leis an iPod Classic (2.8”) chomh maith. Tá sé geall go leor le húsáid amuigh faoin ngrian, cé nach molfainn féachaint ar scannán in áit gheall, agus tá na dathanna i bhfad níos beoga ná mar atá ar an iPod. Bua eile do Creative, chomh fada is nach bhféachaimid ró-ghéar ar an iPod Touch nó an iPhone ar aon nós. Tá mórán a thaithníonn liom faoin ngléas seo, agus nílim i ndiaidh tagairt don

spás atá ann don chárta SD, rud a ligeann duit breis a chur leis an spás stórála atá ann ó thús, nó don raidió, nó don modh úsáide atá nach mór chomh snasta le ceann an iPod. Ó thaobh an chadhnra de tá sé rud beag níos laige ná an Nano ó Apple ach in ainneoin go bhfuil comporáid i ndiaidh comporáide déanta agam tríd síos idir an Zen agus clann Apple, is í an fhírinne ná go bhfuil an iPod ar aon dul leis an Zen ach suas le 50% níos costasaí. Má tá tú ag féachaint ar bharr an mhargaidh, bhuel, níl mórán ann le dul in iomaíocht leis an iPod Touch agus Classic ach más i lár an mhargaidh atá do thriall, níl faic atá ar aon dul leis an Creataive Zen.


GAEL-TEIC

Chun openoffice as Gaeilge a chur ar do ríomhaire: 1) Le tamall anuas tá fadhb le suíomh Gaeilge OpenOffice www.ga.openoffice.org 2) Idir an dá linn, is féidir an pacáiste a íoslódáil ó www.tinyurl.com/5omd4k Is é an trí rogha ná Windows, Mac OSX nó Linux. Roghnaigh an ceann cuí agus lean na treoracha.

openoffice FEIDHM: Pacásite Oifige

M

COSTAS: Saor in aisce

urb ionann agus Firefox (féach eagrán 1), níor tháinig mé chuig OpenOffice as Gaeilge ag súil go mbeadh sé ar an rud is fearr ar an margadh. In ainneoin an chreidimh láidir atá agam i mbogearraí foinse oscailte, agus in ainneoin go molaim OpenOffice do dhaoine éagsúla ar bhonn rialta, ní féidir a shéanadh go bhfuil Microsoft Office níos cumasaí ar a lán slite. (Tá leagan de Microsoft Office ar fáil as Gaeilge agus déanfar plé cuimsitheach air in eagrán 3.) Rud amháin atá ag dul do OpenOffice, áfach, ná an praghas. Ní éiríonn rudaí mórán níos saoire ná saor in aisce, agus sin díreach an costas atá ar Openoffice. Air sin faigheann tú Writer, Calc, Impress, Base (cosúil le Word, Excel, Powerpoint agus Access, faoi seach), Math agus Draw.

Seachas ionadaí do Publisher (féach ar Scribus más mian leat an fheidhmiúlacht úd a bheith agat saor in aisce), níl in easnamh ach clár ríomhphoist (féach ar Mozilla Thunderbird má tá a leithéid uait). Ó tharla gur maith le daoine rudaí saor in aisce ar líne (sampla foirfe í an iris seo), cad é mar bhogearra mar sin? Gan dearmad a dhéanamh ar atá ráite agam faoi Microsoft Office thuas, tá OpenOffice an-chumasach ar fad. Nuair a smaoiníonn tú ar an bpraghas, níl aon argóint ar chor ar bith faoin méid ar féidir leis déanamh agus, más duine tú nach mbaineann úsáid ach as na feidhmeanna is bunúsaí de chuid Microsoft Office tá gach seans nach n-aithneoidh tú an difear ar aon nós. I gcomporáid le Firefox, tá i bhfad níos mó dul-i-dtaithí i gceist le OpenOffice a úsáid trí Ghaeilge. Cé go bhfuil caighdeán an

“Ní éiríonn rudaí níos saoire ná saor in aisce. Más duine tú nach mbaineann úsáid ach as na feidhmeanna is bunúsaí de chuid Microsoft Office, tá gach seans ann nach n-aithneoidh tú an difear ar aon nós.”

aistriúcháin iontach ard, ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé soiléir i gcónaí, agus muna bhfuil tú líofa i dtéarmaí teicneolaíochta na Gaeilge beidh deacrachtaí áirithe agat. Ar a laghad tá sé éasca malartú ó Ghaeilge go Béarla agus ar ais arís. Cé dó a bhfuil an pacáiste seo, mar sin? Bhuel, murb ionann agus Firefox, bheadh drugall orm é seo a mholadh do chách. Is dócha go bhfuil sé oiriúnach do dhuine ar bith ar mian leis nó léi pacáiste oifige saor in aisce a fháil, nach n-úsáideann gach uile gné de na pacáistí is nua-aimseartha agus a bhfuil caighdeán cuíosach ard Gaeilge acu. Más sin tusa, ar fheabhas. Muna n-oireann sé sin duit áfach beidh spéis agat i léirmheas na míosa seo chugainn. AN MHÍ SEO CHUGAINN: MICROSOFT OFFICE


TEIC-nuacht

* BAIN DON Tocco Scéal mór na míosa ná an Samsung Tocco. Nuair a eisítear é ar an gcéad lá de mhí Iúil beidh sé ar an gcéad fón riamh le bheith ar fáil as Gaeilge. Ós rud é go bhfuil sé ag dul in iomaíocht leis an iPhone, tá an Tocco trom le teic, agus ina measc sin atá aige tá ceamara 5 mheigea-phictilín, scáileán-tadhail 2.8” agus teicneolaíocht d’arbh ainm “differentiated tactile technology”, a chuirfidh go mór le taithí an úsáideora dar

*

deacrachtaí zune

D’fhógair GameStop, miondíoltóir iontach mór sna Stáit Aontaithe, nach mbeadh an Microsoft Zune á dhíol acu a thuilleadh, mar gheall ar easpa suime ó thomhaltóirí. Is seinnteoir MP3 é an Zune a bhfuil an-infheistiú déanta ag comhlacht Bill Gates air ó eisíodh é roimh mhí na Nollag 2006. Níl an gléas i ndiaidh ach 4% den mhargadh a ghabháil ón iPod áfach agus níor eisíodh anseo san Eoraip é riamh. Comhartha eile laige ó Microsoft, nó díreach coirín beag ar bhóthar an ratha?

FOCAIl diarmuid ó muirgheasa

le Samsung. Tá an fón le bheith ar fáil ar an mórroinn go luath, ach beidh orainn in Éirinn fanacht mí eile – níl an bogearra aistrithe go Gaeilge ina iomlán go fóill. Táimid ag súil le sampla léirmheastóireachta a fháil chomh luath is atá siad ar fáil, agus beidh léirmheas againn in eagrán Lúnasa. Tosóidh praghsanna ag ¤129 ar chonradh.

na foinse * facebook oscailte

* cás ar ceal 7 forbairt leighis Tá an RIAA (Recording Industry Association of America) i ndiaidh ligean don chás cúirte a bhí acu i gcoinne www.allofmp3. com titim. Tá siad ag maíomh go bhfuil bua bainte amach acu, in ainneoin nach bhfuair siad pingin rua ón suíomh ceoil Rúiseach. Ní haon ionadh nár íoc allofmp3.com, áfach – bhí an RIAA ag lorg breis agus $1.65 trilliún, figiúr a bhi cúpla céad billiún níos mó ná GDP ná Rúise nuair ar cuireadh tús leis an gcás in 2006. Tá seirbhís íoslódála allofmp3.com

bogtha go mp3sparks. com, ach leis an mbrú atá á chur ag rialtas Mheiriceá ar rialtas na Rúise na cosúil go mbeidh sé sin ann rófhada ach oiread. Tá Georgia Tech i ndiaidh an chéad fíor “tricorder” a dhearadh. Is féidir leis an scanóir déine-ghortú a ríomh ar an spota, scil atá réasúnta gann fiú i measc pearsanra oilte. Taobh amuigh de na húsáidí practiciúla leighis a bhaineann leis, dar ndóigh, taithneoidh sé go mór le lucht tacaíochta StarTrek...

Tá ráflaí ar fud an idirlín go bhfuil Facebook ar tí an cód foinseach uilig acu a oscailt amach don phobal – go bunúsach tá siad ar tí an suíomh a athrú isteach i dtionscnamh foinse oscailte. Cé nach bhfuil Facebook féin sásta a dheimhniú, níl siad á shéanadh ach oiread. Seans an-mhaith go mbeidh an gníomh déanta faoin am a léann tú seo.


stĂ­l bheatha


cowabunga a chara! FOCAIl TOMAÍ Ó CONGHAILE BBC RAIDIÓ ULADH

A

n Astráil, California nó Haváí na háiteanna is mó a shamhlaítear leis an tonnmharcaíocht ach sa lá atá inniu ann ní gá dul chomh fada sin leis an spórt corraitheach seo a bhlaiseadh. Seans gur i gculaith fhluich a bheas tú seachas bristí gairde ach tá scoth na surfála le fáil ar fud chósta na hÉireann agus le roinnt blianta anuas tá fás nach beag i ndiaidh theacht ar spéis an phobail sa chaitheamh aimsire seo.

Meallta isteach b’fhéidir ag íomhá réchúiseach na surfála, bíonn na mílte duine ag tarraingt ar an chósta ó cheann ceann na bliana anois le triail a bhaint as a dtonnchláir agus le sult a bhaint as corraíl na farraige. Níl aon amhras ann go leanfar leis an nós nua mara seo go háirithe má bhíonn tuilleadh dea-aimsire againn! - mar sin má tá tú ag bualadh na dtránna an samhradh seo, cén áit is fearr tosnú? Nó más ag iarraidh tógáil ar do chuid scileanna atá tú,

cad iad na háiteanna is oiriúnaí duit? Ar an chéad dul síos, ní mór cuimhne a choinneáil ar bheith airdeallach i gcónaí agus tú amuigh ar muir. Tá spraoi ag baint leis an tonnmharcaíocht ach níor cheart d’aon duine triail a bhaint as marcaíocht ar bith atá thar a chumas féin. Más foghlaimeoir glan tú is féidir ceachtanna d’ardchaighdeán a fháil ag aon cheann de scoileanna surfála na tíre. Breis eolais ag www.isasurf.ie

o


an cósta theas Agus mórtais fharraige ag teacht isteach ó thrí thaobh - An tAtlantach, Bá na Bioscáine agus Muir nIocht - bíonn surfáil mhaith le fáil ar an chósta theas le linn na bliana tríd, ó Phort Láirge siar go Ciarraí. Is lárionad tonnmharcaíochta é Trá Mhór le saol fadbhunaithe surfála a chlúdaíonn gach gné den spórt - óna bheith amuigh ar na tonnta go dtí na caifeanna agus siopaí - T-Bay Surf Club san áireamh atá coitianta i measc lucht na gclár. Má tá tú sa tóir ar áit níos ciúine chun do ghnó a chleachtadh tá trá ghalánta ag Inse Duine, taobh amuigh de Chloich na Coillte in iarthar Chorcaí. Ní hamháin go bhfuil brat gorm ag an trá ach fágann an fána séimh gur áit fhoirfe í do dhaoine atá díreach ag tosnú ar an surfáil. Tá roinnt guairí den scoth ann áfach a thaitneoidh go mór le marcaigh atá sa tóir ar thonnta níos dúshlánaí. Áit eile a bhfuil scoil aitheanta surfála chomh maith le saol maith mara tá trá Bhaile Ghearóid ag Baile Átha an Spidéil, atá fosta i gContae na gCeannairceach. Níos faide anonn i dtreo an aigéin mhóir, tá a rogha áiteanna ag muintir Chiarraí, le cuid mhaith acu i gCorca Dhuibhne. I measc na gceann is clúití tá Trá Bhréannain, atá fóirsteanach do gach cineál surfálaí mar gheall ar an réimse leathan tonnta atá le fáil ann.

an cósta thiar Ag taisteal ó thuaidh anois agus faoi ionsaí leanúnach ag gaoithe an Atlantaigh, tá formhór na surfála san iarthar le fáil i gcontae an Chláir, agus ar na hionaid is mó sa taobh seo tíre tá Leacht Uí Choncubhair/ Leath Inse. Le trí shiopa mara agus scoil cháiliúil, is deacair gan saol na surfála a thabhairt faoi deara sa bhaile agus meallann sé na mílte lena thrá mhór. Mar gheall ar an iomaíocht bíonn praghsanna réasúnta le fáil sa Leacht culaith agus clár ar ¤30 - ach is féidir leis bheith an-ghnóthach dá bharr chomh maith. Áit an-choitianta í fosta i measc shurfálaithe na-ollscoileanna agus is ann a d’éirigh le 44 marcach tonn bheag a shurfáil in 2006 - rud a chuir sna leabhair staire iad don líon is mó ar thonn amháin riamh. Is trá níos suaimhní ná an Leacht í Fánóir i dtuaisceart an Chláir, rud atá deas go háirithe le linn an tsamhraidh, ach ní mór bheith níos cumasaí má tá tú le tabhairt faoi na tonnta ansin. Cosúil le go leor áiteanna ar fud an oileáin, braitheann a lán ar an taoide agus ar na sruthanna san fharraige mar sin, muna bhfuil tú eolach air cheana, is fearr i gcónaí eolas a fháil ar shaintréithe na háite roimh ré.

o


Agus ag caint ar chumhacht na mara, tá an tonn is mó in Éirinn - agus ceann de na tonnta is mó ar domhan - le fáil sa cheantar seo chomh maith. Is oll-tonn í Aill na Searrach, atá gar d’Aillte an Mhothair, agus tagann surfálaithe as gach cearn, ó Mheiriceá go dtí na Fritríotha, le triail a bhaint asti. Marcaíodh í den chéad uair cúpla bliain ó shin agus rinneadh scannán den eachtra shuntasach. Níos faide ó thuaidh fós is féidir theacht ar shurfáil mhaith i gceantar eile Gaeltachta, mar atá oileán Acla, agus

i gContae Shligigh tá lárionad eile ann ar an leathros. Bíonn briseadh láidir sa cheantar, atá ag iarraidh níos faiseanta i measc lucht na surfála, agus tá beár tonnmharcaíochta dá chuid féin acu chomh maith, The Dunes Tavern, a chuireann go mór le saol an spóirt sa bhaile. Ag fanacht i Sligeach, tá scoil a bhfuil tóir uirthi lonnaithe in inis crabhann agus ní nach ionadh nó tá deiseanna go leor ar an trá álainn, trí mhíle ar fhad.

an cósta thuaidh

an cósta thoir

Ó Inis Eoghain i dtreo Shruth na Maoile, bíonn mórtas farraige ag bualadh an chósta ó gach treo arís, rud a fhágann gur féidir leis an tsurfáil bheith níos fiáine, agus níos fuaire, ar an chuid seo den chósta. Is é ceantar phort rois i gContae Dhoire an príomhionad tonnmharcaíochta sa taobh seo tíre agus tá clú ar shiopa Troggs ar an bhaile as réimse a gcuid earraí mara. Tá go leor tránna sa dúiche leis an ghnáthshurfálaí a shásamh ach ar na háiteanna níos deacra tá port Bhaile an Trá. Tá dhá bhriseadh anseo, ceann ag béal na habhann agus ceann eile ar an trá féin a bhfuil sruth an-láidir cuilitheála aige.

Mar gheall ar a shéimhe is atá Muir Éireann i gcomparáid le cóstaí eile na hÉireann, níl saol na surfála chomh forbartha in oirthear na tíre. Mar sin féin, nuair a bhuaileann stoirm an tír is minic a bhíonn na tonnta is fearr le fáil anseo agus tá áiteanna éagsúla ann atá go breá do shurfálaithe nua i rith na bliana. Ní dhéantar na háiteanna is fearr a fhógairt go poiblí ar eagla go mbeadh barraíocht daoine ag tarraingt orthu mar sin má fheiceann tú tonnchlár ar dhíon cairr, bí cinnte go bhfiafraíonn tú díobh cá háit a bhfuil a dtriall!

I nDún na nGall, bíonn mórchuid an aicsin ag tarlú i mBun Dobhráin, áit bheoga atá oiriúnach don ghlan-tosaitheoir ach a bhfuil tonnta níos mó aici chomh maith dóibh siúd ar mhian leo scrúdú a chur ar an tonnchlár. Gach seans go mbeidh Bun Dobhráin ró-ghnóthach duit sa samhradh ach ó ros neamhlach ar aghaidh chuig inis eoghain - áit a mbíonn tonnta maithe le fáil ar bhonn rialta - bíonn surfálaithe ag aimsiú áite dóibh féin agus ag cur na gclár ar uisce.

TonnTA áille: An Leathros, Sligeach


bua an íocóin El Che: Guairille gaisciúil go caithréim an Chaipitleachais? Amharcann nós* ar fhás agus ar fhorbairt na híomhá íocónaí FOCAIl CILLIAN DE BURCA

F

aoin am ar maraíodh Ernesto ‘Che’ Guevara Lynch sa Bholaiv in 1967, bhí clú agus cáil dhomhanda ar an Airgintíneach mar réabhlóidí, ceannaire sóisialach agus laoch ag daoine bochta ar fud Mheiriceá Theas. Ba de bhunadh Éireannach agus Bascach iad a mhuintir, rud, dar leis féin, a chuir lena nadúr reibiliúnach. Thiontaigh Guevara chun an Mharxachas i ndiaidh dó turas a dhéanamh fríd an mhór-roinn ar ghluaisrothar le cara dá chuid (a n-eachtraí atá le feiceáil sa scannán iontach The Motorcycle Diaries). Chuaigh an bhochtaineacht fhairsing I bhfeidhm go mór air agus gheall ‘El Che’ go gcaithfeadh sé a shaol ag troid ar son daoine bochta. Ar feadh a shaoil, thaistil sé timpeall an domhain ag spreagadh daoine le héirí amach i réabhlóidí sóisialacha i dtíortha ar nós Guatamala agus an Chongó. I gCúba, throid Guevara taobh le taobh le

Fidel Castro agus réabhlóidaithe eile óna gcró folaigh i sléibhte an Sierra Maestra, agus nuair a ghlacadh cumhacht ón deachtóir Fulgencio Batista rinneadh aire rialtais de. Ba ag ócáid chuimhneacháin sa tír in 1960 a glacadh an grianghraf, “Guerrillero Heroico”, nó “Guairille Gaisciúil”, ag cumannaí dílis, Alberto Korda. Ar ndóigh, is íomhá fíor-chumhachtach é ach cén fáth a bhfuil grianghraf a glacadh breis agus daichead bliain ó shin go fóill le feiceáil ar t-léinte, póstaeir agus fiú mar thatúnna? Creid nó ná creid, is mar gheall ar Éireannach atá an íomhá sin go forleathan inniu. Ba é Jim Fitzpatrick - ealaíontóir Ceilteach as Laighin - a d’athraigh grianghraf Korda go dtí an íomhá íocónach sin a aithnítear fud fad na cruinne sa 21ú aois. Dar le Fitzpatrick go raibh sé ag iarraidh ar an íomhá “to breed like rabbits”, agus ní raibh fanacht

o


aige. Roimh i bhfad bhí orduithe ag teacht ó ghrúpaí polaitiúla ó gach aon chearn den domhan. Áit ar bith a mbeadh coimhlint ann - An Phalaistín, Tír na mBascach, An Cholóim - thiocfadh íomhá Che chun tosaigh mar shiombail na réabhlóide. Is féidir leis an phortráid amháin seo daoine a spreagadh chun an fód a sheasamh in aghaidh leatroim, agus sa dóigh sin, spiorad Guevara a choinneáil beo. I ndiaidh bháis Che, bhí an dá leagan den phictiúr le feiceáil i rith círéibeacha na mac léinn ar shráideanna Pháras, Milano agus Amstardam. Bhí na scairteanna “Maireann Che!” le cloisteáil, agus b’fhíor dóibh - bhí athbheochán suime sa sóisialachas ar siúl agus an duine áirithe seo ba chúis le cuid mhór dó. Is léir mar sin go raibh, agus go bhfuil, tionchar ollmhór ag Guevara ar shóisialaithe agus réabhlóidithe mar aon go fóill. Ach caidé atá i ndán do spiorad seo na réabhlóide san am atá le teacht?

“Creid é nó ná creid, is mar gheall ar Éireannach atá an íomhá chomh forleathan inniu.” Is minic a fheictear an frása, ‘Hasta la Victoria Siempre’ - Go dtí an bua i gcónaí - ach cé acu a bhfuil an fíor-bhua? I ndomhan atá ag éirí níos iarthar-nósaí gach bliain, ní éalaíonn comrádaí Guevara Ó Loinsigh fiú! Thóg an t-iarthar saibhir an íomhá le cur ar éadaí, greamaitheoirí, fiú i bhfeachtas poiblíochta de chuid comhlachta vodca. Úsáidtear a chuma ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta, iad siúd a chreid sé a bhí ag déanamh dóchair don lucht oibre. Mar sin, nach bhfuil Che agus a aisling anois ach mar bhranda caipitlíoch?

B’fhéidir san iarthar, a deir easaontóirí, áit nach dtuigtear an teachtaireact a bhí ag laoch na gcumannach, ach i Meiriceá Laidineach, seasann íomhá Che, lena chuid gruaige dorcha fiáine, beret dubh agus stánadh géar, seasann sé do streachailt armtha an phobail agus don réabhlóid go fóill. “Ní bhfaighfidh a íomhá bás choíche, ní bhfaighfidh a ainm bás choíche”, arsa Fitzpatrick, agus seans go bhfuil an ceart aige. Bhí cuma ar an scéal go raibh Che den bharúil chéanna; ba iad a fhoclaí deireanacha ná, “Scaoil leat a chladaire, níl tú ag dul ach fear a mharú”. Thuig sé go rachadh an réabhlóid ar aghaidh, agus go gcuimhneodh sóisialaí ar a theachtaireacht. Go deimhin, ní dhéanfaidh muintir Chúba dearmad air, agus ar fud an domhain beidh súile nearta an ‘Guairille Gaisciúil’ ag amharc amach ó bhallaí seomraí leapa sna bliantaí atá le teacht, agus a fhoclaí ag dul i bhfeidhm ina slí féin ar ghlúine eile.

*


cosaint i

ealaionta In eagrán 1 d’amharc muid ar chuid de na healaíona comhairc is coitianta in Éirinn. Seo an chuid eile. An bhfuil tú réidh? FOCAIL ciarán dunbar


i

Aikido

Dar ndóigh, tá sé foirfe do Ghardaí agus mar sin de agus deirtear go ndéanann SAS na Breataine traenáil ar nós Aikidó chomh maith. I ndeireadh na dála áfach, is ealaín álainn thaitneamhach í Aikidó atá an-teiripeach. Baineann daoine an-sult as - níor cheart smaoineamh go mbeifeá ag troid mar Steven Seagal tar éis cúpla rang. Fáil ar scoileanna / Caighdeán scoileanna: Measartha Leibhéal folláine de dhíth: Íseal Spioradáltacht: Ard Am chun scileanna féinchosanta a fhoghlaim: 10 mí - 2 bhliain

Karate

i

Is ealaín bhog í, agus ní masla é sin, ach is ealaín inmheánach spioradálta í Aikidó. Maítear gur dóigh chun tú féin a chosaint gan foréigean é Aikidó ach an féidir sin? Déanta na fírinne, caithfear a thuigbheáil go raibh an-eolas ar fad ag an fhear a d’fhorbair Aikidó as Aiki-Ju-Jitsú - is é sin Morihei Ueshiba ar dheis - go raibh an-eolas aige ar na healaíona troda ar fad agus go raibh sé breá cleachtaithe lena bheith ag baint úsáide astu. Bhí sé maith go leor dó ealaín na síochána a chruthú agus is dócha go raibh sé ábalta a dhéanamh ach, dá mba rud é nach raibh, thiocfadh leis titim siar ar chleasanna eile a bhí aige go dearbh. Seo an rud, muna bhfuil agat ach Aikidó, is doiligh muinín a bheith agat go mbeifeá in inmhe déileáil le dornálaí nó dornálaí Muay Thai nó trodaire sráide fiú. Ní bheifeá crua go leor, bun agus barr an scéil. Má tá scileanna eile agat áfach agus síleann tú gur mhaith leat a fhoghlaim cén dóigh daoine a smachtú ar bheagán foréigin, is í Aikidó an ealaín duit.

Bhí clú níos fearr ar Karaté roinnt blianta ó shin, ansin chuaigh lucht na healaíne isteach san UFC agus fuair siad greadadh iomlán gan eisceacht. Is í an fhadhb le Karaté ná nach mbíonn an traenáil réalaíoch go rómhinic agus nach bhfoghlaimíonn daltaí Karaté cén dóigh coraíocht a dhéanamh agus conas a throid ar an urlár. Ní féidir maireachtáil i bhfíor-throid gan na scileanna seo – lom na fírinne. Is é mo thuairim ná go bhfuil Karaté bunaithe ar ealaín chomhraic ach nach comhrac í anois, rinneadh simpliú ar ealaíona troda Okinawa chun gurbh fhéidir á dteagasc do chuid mhór daoine

ag an am ceánna. Dá bhrí sin, is minic nach mbíonn an traenáil réalaíoch ar chor ar bith - ní fhoghlaimíonn daoine cén dóigh troid gan speáráil cheart agus ní féidir foghlaim cén chaoi a throid trína bheith ag dornálaíocht leis an aer i líntí móra díreacha. Fáil ar scoileanna / Caighdeán scoileanna: Ard Leibhéal folláine de dhíth: Measartha Spioradáltacht:

Measartha

Am de dhíth chun scileanna féinchosanta a fhoghlaim: 8-10 mí


Muay Thai

Íseal

Leibhéal folláine de dhíth:

Ard

Spioradáltacht:

Measartha

Am chun scileanna féinchosanta a fhoghlaim: 2-4 mí

dornálaíocht amháin na scileanna a bheadh de dhíth ort i gcomórtas ar nós an Ultimate Fighting Championship duit. Ná dean dearmad áfach gur fearr i bhfad fanacht i do sheasamh má dhéantar ionsaí ort ar an tsráid.

Is ealaín de chuid na Cóiré é TKD, agus tá an-chosúlachtaí idir é agus Karaté ach bíonn níos mó spéarála ann sa TKD. Baintear úsáid as ciceanna den chuid is mó i dTKD agus dá bharr sin tá sé mórthaibhseach gan aon amhras. Arís luíonn sé le ciall go mbeadh sé fíordhoiligh ciceanna móra a úsáid go héifeachtach ar an tsráid agus go mbeadh sé féinmharfach triall a bhaint as cic mór agus pionta nó dhó ólta agat. Arís, ní fhoghlaimeoidh tú coraíocht agus trodaíocht talún.

Fáil ar scoileanna / Caighdeán scoileanna: Ard

Fáil ar scoileanna / Caighdeán scoileanna: Ard

Leibhéal folláine de dhíth: Ard

Leibhéal folláine de dhíth: Ard

Spioradáltacht: Íseal Am chun scileanna

Spioradáltacht: Measartha Am chun scileanna féinchosanta a fhoghlaim: 8-10 mí

i

Dornalaiocht Thiocfadh leat a rá gur seo an cineál comhairc a thagann chuig daoine - sa tír seo ar aon nós - go nádúrtha ach is mór idir an dornálaí eolach agus an dornálaí aineolach. Má bhíonn tú i dtrioblóid i dteach tábhairne éigin, bheadh dornálaíocht doiligh a bhualadh agus beidh tú i do throdaire níos fearr ón chéad oíche traenála ar aghaidh - tugaim mo dheimhin daoibh air sin. Cinnte, má bhuaileann tú le duine a bhfuil scileanna coraíochta aige / aici - mar a chruthaigh muintir Gracie - tá tú i dtrioblóid mar ní thugann

Fáil ar scoileanna / Caighdeán scoileanna:

Tae Kwon Do i

Is córas troda an éifeachtach é Muay Thai nó dornálaíocht na Téalainne, tá clú agus cáil ar mar gheall ar an traenáil fíorchrua a théann leis. Ní fhoghlaimeoidh tú mórán coraíocht nó trodaíocht talún ach mar dhisciplín seasaimh, níl Muay Thai le sárú. Mar sin is beartaíocht éifeachtach don tsráid ach bheadh

ort a bheith cúramach nach bhfaigheadh duine Júdó nó JJB greim ort! Is spórt crua é seo nach don té fannchroíoch é.

féinchosanta a fhoghlaim: 2-4 mí


M

ar sin de, cé acu is fearr as an 10 nealaín chomhairc seo? Bhuel is léir go mbaineann sé sin le cibé ruda atá uait ach is cinnte go bhfuil

rud éigin ann do gach duine. Ba mhaith le gach duine bheith in ann iad féin a chosaint ach níl aon draíodóireacht ann agus ní féidir a shéanadh gurb ionann scileanna

féinchosanta agus scileanna troda i ndeireadh na dála. Ag an am ceánna is maith le daoine rud cultúrtha agus spioradálta a dhéanamh chomh maith agus níl

Ealaíona Comhraic Measctha agus an Ultimate Fighting Championship ó gach duine. Chun na mataí linn!

*


*

(advertise anseo) Chun f贸gra a chur anseo, gabh chuig nosmag.com/ fograiocht n贸 seol rphost chuig fogra@nosmag.com


FAISEAN agus SCÉIMH


jeans Tá na Hollywood celebs ar fad ag caitheamh uatha na ‘skinny jeans’ an samhradh seo agus ag caitheamh flares, stíl na 70aí. Cé go mb’fhéidir go gceapann daoine go bhfuil sé deacair an stíl seo a chaitheamh, níl sé seo fíor! Tá an-chuid saghsanna difriúla ann agus tá péire ann a oireann do gach duine. Tugann flares an iomhá go bhfuil cosa níos faide agat, lomann siad do cheathrúna agus oireann siad don dtóin chomh maith - céad bhuíochas le Dia! Tá gach éinne á gcaitheamh - leithéidí Kate Moss, Victoria Beckham, Nicole Richie agus Rachel Bilson.

nóda stíle: Ní mór éadach deas neata a chur leo chun go mbeadh an corp i gcothromaíocht. Tóg d’aimsir ag cuardach an péire ceart agus bí siúráilte go bhfuil siad fada go leor chun barr do bhróg a chlúdach. Caith bróga arda leo nó platforms.

gúnaí maxi Más cuimhin libh an samhradh seo caite bhí gúnaí maxi a chaitheamh ag gach éinne. Bhuel, ta an stíl ar ais arís agus bímís sásta faoi! Tá an-stíl seo an-áisiúil, compordach agus cool agus go deimhin foirfe don trá. Ach, ní gá go gcoimeádfaí don trá amháin na gúnaí maxi - do chaith Mary Kate

Olsen ceann órga le seacainí le déanaí ag an Met Ball i Nua Eabhrach agus d’fhéach sí anfhaiseanta mar is gnách.

nóda stíle: Caith le bróga arda (platforms), gladiators agus stilettos iad - ná caith bróga ísle leo. Caith go leor bráisléad in éineacht leo.

an mhí seo bí ag faire amach do: Kate Moss in Topshop Wedges * Éadach * le gualainn amháin * Gúnaí treibheacha Bráisléid adhmaid * * Slabhraí (accessories) ar dhathanna geala * Gabhálais Scairfeanna cloiginn * Aon rud déanta as éadach plaisteach * Criosanna daite * Poka Dots ar éadach nó bróga, mór nó beag is cuma * Stíl na mara Cótaí gearr * Briste gairid sciortaí deinim * Buataisí rúitín 7 * * FOCAIl SINÉAD NÍ CHURNÁIN THE ONCE A WEEK SHOW RTÉ 2


an ghrian Ná déan dearmad ar an SPF an samhradh seo agus hata breá leathan chun d’aghaidh agus do shúile a chlúdach ón ngrian - tá cinn atá saor in H&M agus Penneys. Triall iad seo in ionad bheith ag luí faoin ngrian. Cuir uachtar ar do chorp roimh ré agus déan scamhadh (exfoliation) freisin. Coimeád an smidiú breá éadrom agus bí cinnte go mbíonn sé uiscedhíonach (waterproof) má bheartaíonn tú an lá a chaitheamh ar an trá.

coSAinT STÍlmhAr: Cosain tú féin an samhradh seo le hata breá leathan


taisteal


FOCAIl CIARÁN DUNBAR Giuseppina Siriu

Is cathair Dante, da Vinci, Michelangelo agus Machiavelli í Flórans. Chuaigh nós* ar cuairt le fáil amach cén fáth a bhfuil sí chomh speisialta sin.

cathair faoi bhláth


DEALBH DIAGA: Neiptiún in Piazza della Signoria

I

s é Flórans príomhchathair na Tuscáine, ceann de na ceantair is áille san Iodáil, agus tá sí ar na dúichí is mó turasóireachta sa tír dá bharr. Tá ard iomrá ar Firenze de bhrí gur príomhchathair na Renaissance é, athbheochan na n-ealaíon agus an léinn a tharla san Eoraip tar éis na meánaoiseanna dorcha inár ionsaigh na Gotaigh (Gotaigh na hEorpa seachas Gotaigh Ghaoth Dobhair!) agus na Hunaigh an Iodáil. Ar go leor bealaí, is cathair renaissance í Flórans go dtí an lá atá inniu ann agus is léir go raibh dúil ag daoine i gcónaí ann - bhaistigh na Rómhánaigh Florentia, ‘áit an bhlátha’ ar an chathair. Fiú más í An Róimh príomhchathair na hIodáile inniu - agus príomhchathair dhomhan na hEaglaise Caitlicí agus lárionad Impireacht na Róimhe - is é Firenze croí na hIodáile mar stát nua-aimseartha agus ba é príomhchathair na hIodáile idir 1865 agus 1870. Mar a dúirt Iodálach amháin, “is ionann Firenze agus an Iodáil”. I ndiaidh na mblianta de chogadh le linn na meánaoiseanna, blianta de chreach agus d’fhuadach, ní raibh fágtha ag muintir Fhlórans ach a gcomharsana féin chun cogadh a chur orthu ach níor throid siad ar an bhlár catha amháin - bhí comórtas de chineál éigin eile ann chomh maith. Is é sin ná go raibh na teaghlaigh mhóra chumhachtacha in iomaíocht le chéile tríd na healaíona, agus tríd an ailtireacht ach go háirithe.

gAEILge I gCÉIN Bíonn grúpa comhrá Gaeilge ag bualadh le chéile i dTeach Tábhairne Finnegan (123/R, Via San Gallo, Firenze) gach seachtain. Is ar an Luan a thagann na Gaeil le chéile de ghnáth ach tabhair cuairt ar www.bebo.com/grpac le haghaidh tuilleadh eolais.

Sháraigh Flórans gach iomaitheoir eile sa Guerra del Bello seo agus ba í clann Medici a bhí i mbun na cathrach ar feadh na cianta agus a chruthaigh Flórans mar atá sé inniu. Ba sa dóigh seo a léirigh siad a saibhreas agus a gcumhacht don tsaol mhór - tá gach droichead, teach, áirse, eaglais agus ardeaglais déanta as cloch den chéad grád, snoite ag na saoir chloiche is fearr sa tír.

FIORENTINI CLÚITEACHA Is as Firenze a d’fhás teanga agus litríocht na hIodáile de bhrí gurb í seo an áit ar rugadh is ar tugadh an t-údar Dante, Athair na hIodáilise, sa 13ú céad. Ba é Dante a chruthaigh an Iodáilis mar atá sí á labhairt inniu nuair a chuir sé a mháthairtheanga féin, Florentine, le hábhair a bhailigh sé as go leor canúintí eile de chuid na hIodáile agus as Provençal i ndeisceart na Fraince. Ba leis an teanga seo a chum sé an Choiméide Dhiaga (Divina Commedia), saothar atá breac le muintir Fhlórans a raibh aithne ag Dante orthu, daoine a raibh cion aige orthu is daoine a raibh gráin aige orthu, agus de réir sin chuir sé chun na bhFlaitheas nó go hIfreann iad! I measc na ndaoine eile mór le rá a rugadh in Florentia, nó deas dó, tá Leonardo da Vinci, Michealanglo agus an scríbhneoir Niccolò Machiavelli. Uime sin, ní doiligh a aithint cad chuige a bhfuil Firenze ar na háiteanna is mó saibhreas cultúrtha ar an tsaol.

AN TURASÓIREACHT Más féidir locht a fháil ar an chathair, is í sin an turasóireacht féin. Ar nós cuid mhór cathracha móra turasóireachta, bíonn Flórans lán turasóirí le linn na

o


bliana tríd agus más duine thú a bhfuil spéis agat i muintir na háite, bheifeá ag streachailt chun an Iodáilis a chloisteáil ar na sráideanna fiú, í iomlán báite ag an Bhéarla ach go háirithe. Tá torann agus scairteanna ann - níl siad dona iontu féin - ach ar bhealach cuireann siad isteach ar rómánsachas na háite. Tá an striapachas daonna sin ann chomh maith daoine ag díol rudaí, ag rith ar shiúl ón phéas, ag iarraidh ort géilleadh dóibh i rith an ama – ach bíonn sé sin ann i dtólamh in áiteanna den chineál seo.

le Feiceáil

{FOCAL AR FHOCAL}

le hiThe

Hi! Ciao! (tiá-ó) Buongiorno! (Buon diórnó) Maidin Mhaith Buona sera! (buona sae-ra) Tráthnóna Maith Come sta? (com-é stá) Conas atá tú? Grazie (grá tsi-é) Go raibh maith agat Benvenuto! (bénvenútó) Fáilte Arrivederci (á-rívé daértí) Slán Mi chiamo... (mi cuí-a-mó) Is mise … -lá ga-é-lí-có) (pár ? lico gae Parla An bhfuil Gaeilge agat? o italiano parl non , iace Mi disp nó) (mi doí-spí-aite, non parló iotálí-á al, níl Gabh mo leithscé Iodáilis ar bith agam favore? per no, bag il è Dove (dó-vé íl bán-nió, pér fá-vór-e) reas Cá bhfuil an leith le bhur dtoil?

eAglAiS ArD: Duomo Firenze

Tá neart rudaí le feiceáil in Firenze iarsmalanna, áiléir agus ailtireacht – agus ar na buaicphointí tá an Ponte Vecchio. Droichead is ea é thar an abhainn Arno ach ní droichead lom é seo mar iompraíonn sé ar a dhroim sean-siopaí a togadh air sna meánaoiseanna. Buaicphointe eile ar thuras ar bith ar Fhlórans tá Ardeaglais Santa Maria del Fiore, nó an Duomo, agus is léir ó na sluaite a bhíonn ag tarraingt air i rith an ama go bhfuil an tuairim sin ag gach duine eile sa chathair.

Dar ndóigh, tá clú agus cáil ar an Tuscan ar fad mar cheantar mór bia agus nach tuillte go maith atá an clú céanna. Is doiligh cur in iúl d’Éireannaigh cad is féidir a fháil ar e60 i mbailte beaga taobh amuigh de Firenze ach is leor a rá gur rogha coitianta é an torc allta! Ansin tá an tstéig t-chnáimhe ghriollta ann, Bistecca alla Fiorentina. De réir cosúlachta seo an bia is clúití sa chathair ach ní dúradh sé sin leis na cuairteoirí áirithe seo go dtí gur baineadh an baile amach ar ais in Inis Fáil! Ar an iomlán tá bia den scoth le fáil i bhFlórans ach ná smaoinigh gur rud deimhnithe é sin - is tric a fhaigheann turasóir rud nach gcuirfí os comhar Iodálaigh. Agus ag caint ar rudaí a bhlaiseadh, tá blas ar an fhíor-Iodáil le fáil sa chathair seo – cathair álainn chultúrtha nach mór cuairt a thabhairt uirthi.

*

*

ag dul? eiTilTÍ

ryanair BáC - Pisa Alitalia BáC - Firenze (Via Paris)

BreiS eolAiS

www.aboutflorence.com


Tarraingt an cheoil

an pótaire ceart

tábharine leo Mín a’Leice Na Rosa Dún na nGall

S

uite idir Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair tá Teach Tábhairne Leo ar cheann de na tithe tábhairne is cáiliúla i nDún an nGall. “Le theacht an tsamhraidh achan bhliain tig gliondar ar mo chroí...” agus tig na sluaite go Leo’s chomh maith. Is áit mhór turasóireachta í Tí Leo ina mbíonn turasóirí le haimsiú ó cheann ceann na bliana. Tagann na sluaite ó gach aon chearn le hatmaisféar aoibhinn agus cultúr Gaelach Leo’s a bhlaiseadh. Chomh maith le turasóirí, bíonn neart de bhunadh na háite le feiceáil faoin áit fosta, agus má bhíonn an t-ádh ort, seans go bhfeicfeá Leo é féin chomh maith. Tá Gaeilge ag an fhoireann ar fad agus is í an Ghaeilge príomhtheanga lucht an óil. Cluintear Gaeilge á labhairt go rialta idir mhuintir na háite agus chuairteoirí ó na coláistí Gaeilge atá sa cheantar agus fáiltítear roimh dhuine ar bith eile ar suim leo caint agus cuideachta na Gaeltachta bheith acu. Is le Leo Brennan an teach tábhairne seo. Tá clú an cheoil amuigh ar an fhear céanna agus is minic é ag gabháil cheoil sa phub. Ach más maith an ceol atá ag Leo is fearr arís an ceol atá ag a iníon chlúiteach Enya agus ag a chlann chumasach, mar atá an grúpa Clannad. Is iomaí ceirnín órga de chuid Enya agus Clannad

atá le feiceáil thart ar na ballaí sa teach tábhairne. Cruthaíonn sé seo meascán maith den tsean agus den úr san áit le tine mhór oscailte ag bun agus barr an tí agus ceirníní úra órga ar taispeáint ar na ballaí mar aon le seanphictiúir de bhunadh na háite. Ní nach ionadh mar sin gur áit mhór cheoil atá i dTí Leo - bíonn ceol ar fáil ann beagnach achan oíche, i rith an tsamhraidh ach go háirithe. Bíonn ceoltoirí áitiúla ag bualadh agus ag canadh ann agus cuirtear fáilte mhór roimh dhuine ar bith den lucht féachana ar mhian leo a theacht amach ar ardán agus amhrán nó dhó a rá. A bhuí leis an cheol beo agus leis an atmaisféar cairdiúil is féidir oíche mhór mhaith bheith ag duine ar bith, oíche ar bith i dTábhairne Leo. Bhí lucht an tábhairne i mbarr a gcéille roinnt blianta ó shin nuair a scriosadh an teach de bharr dhoinneann an gheimhridh ach cuireadh dóigh ar an áit agus osclaíodh arís í. Cuireadh leis an phub agus bíonn bia anois ar fáil ann go laethúil. Tá rogha mhaith leathán ar an bhiachlár don lón nó don dinnéar agus bíonn spólann mhór dheas ar fáil Dé Domhnaigh. Le rogha gach bí agus togha gach dí ar phraghasanna reasúnta, ar fad ar fáil faoin aon díon amháin, is dóiligh Teach Tábhairne Leo a sharú!

*

Fáilte/An Ghaeilge: Deoch: Ceol: Daoine: iomlán:

10 9 9 10

hhhhh

FÁILTE MHÓR: Tí Leo, Mín a’Leice


* ar taispeรกint

t


ar taispeรกint


SINÉAD NÍ UALLACHÁIN - EALAÍONTÓIR Is ealaíontóir í Sinéad Ní Uallacháin as Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Mhaisigh sí alt in eagrán 1 de nós* agus tá sampla eile dá saothar le feiceáil anseo sa rannóg nua, Ar Taispeáint.


ciArán ADAmSon - DeArThÓir Rinne Ciarán Adamson dearadh ar oifig nua i gCo. na Mí do chomhlacht a bhí ag iarraidh timpeallacht phroifisiúnta a chothú ina mbeadh go leor spáis agus a bheadh in ann freastal mar oifig fhoirmiúil agus oifig neamhfhoirmiúil araon. Bhí suim ag an gcuistiméar sa nós reatha atá ag baint le dearadh oifige - is é sin go mbeadh an oifig mar áit le bheith ar do sháimhín só, chomh maith le háit ina ndéantar obair chrua. Ag baint úsáide as solas lae mar phríomh-áis, rinne Ciarán spás oifige a chothú, a bhreathnaíonn simplí, reasúnta agus feidhmeach. Baintear úsáid as gloine mar phríomh-ábhar, ní hamháin sna doirse agus fuinneoga ach sna ballaí freisin. Baineann Ciarán úsáid as ábhair dhúchasacha Éireannacha agus sa tionscnamh seo tá marmar Chonamara, slinn ghorm Éireannach, dair dhúchasach agus cairpéid olla dúchasaí. Tá an éifeacht agus an ghlaineacht le feiceáil go soiléir. www.adamson.ie


Ar mhAiTh leAT BheiTh Ar TAiSpeáinT? Tá sé mar aidhm ag an rannóg nua ealaíne/dearaidh seo ardán a thabhairt do thallann nua agus é a thaispeáint don saol mór. Más spéis leat do chuid oibre a chur anseo, déan teagmháil linn ag eolas@nosmag.com


collaĂ­ocht


Foras feasa an tseomra leapa I

s ceist chonspóideach í ceist na n-uimhreacha agus tú ag caint ar chúrsaí collaíochta. Thar an gcoitiantacht agus is bó aonaigh thú, thíos faoi agus ceapann daoine go bhfuil tú fuaránta, doicheallach. Ach cad is uimhir thaitneamhach ann*? Tá sé deacair fiú teacht ar staitisticí ar féidir brath orthu mar ní nós le daoine bheith ionraic mar gheall ar líon na ndaoine ar luí siad leo – fiú nuair atá an t-eolas faoi rún. Ró-íseal agus b’fhéidir go gceapfadh daoine go bhfuil tú fuaránta, faiteach roimh chaidreamh, gan cleachtadh agus mar sin gan mhaith sa seomra leapa. Ró-ard agus bíonn siad amhrasach faoina gcumas féin mar pháirtí leathair; an mbeidh siad in ann tú a shásamh? An mbeidh cleasanna collaíochta agatsa nach bhfuil ainm acu orthu, fiú? An é go bhfuil tú ar nós cuma liom mar gheall ar chúrsaí craicinn (agus an bhfuil gá le coiscín sa bhreis..?)

Cruthaíonn ceist na n-uimhreacha níos mó aighnis ná rud ar bith eile agus ní dóigh liom go bhfuil aon fhreagra sásúil le tabhairt air. Is coincheapa coibhneasta iad róíseal agus ró-ard ar aon nós, mar níl aon uimhir dhraíochta ann agus braitheann gach rud ar thaithí do pháirtí. Go minic síleann fir go mbeidh

“Síleann na mná go mba cheart go mbeadh uimhir níos airde ag na fir... agus go bhfuil cead a gcinn ag na lads na cleiteacha a bhaint d’aon budgie a thagann ina dtreo.”

Babhta #3: An Uimhir Dhraíochta

uimhir na mban níos airde ná pé scór atá acu féin, mar go gceapann siad gur féidir le mná a mhéara a chniogadh agus fear a aimsiú ar an toirt - ní amhlaidh atá, faraor. Síleann na mná go mba cheart go mbeadh uimhir níos airde ag na fir, mar gur cheart dóibh féin bheith soineanta agus maighdeanúil de réir rialacha na patrarcachta – agus go bhfuil cead a gcinn ag na lads na cleiteacha a bhaint d’aon budgie a thagann ina dtreo. Braitheann go leor ar do chúinsí pearsanta, ar ndóigh. Ní raibh mórán ar siúl agam agus mé i mo chónaí sa bhaile le mo thuismitheoirí, ach ní raibh mórán le mo shúile a mhealladh sa bhaile beag ina rabhamar inár gcónaí ar aon nós. Tagann tuilleadh deiseanna i mo threo agus mé i mo chónaí anois in árasán i lár na cathrach, agus tuilleadh deiseanna fós toisc go bhfuil mé singil na laethanta seo (bhí mé tugtha don mhonagamas ar feadh na mblianta,

o

cailín sa

m chathair


chuir sin ceal in aon chathú a bheadh orm mo bháire baoise a imirt). Ní fheadar an mbíonn an oiread éagsúlachta idir fir agus mná agus a shamhlaíonn daoine. Is dóigh liom féin go mbraitheann sé ar mhianta an duine aonair seachas rud ar bith eile – cinnte tá na coinbhinsiún shóisialta ann agus an tseanfhimíneacht sin maidir le staileanna agus sraoilleanna, mar sin ní bhíonn mná sásta labhairt go hoscailte faoi. Tá fáinne fí ann agus is bocht an scéal é – táim féin ar an dóigh chéanna; bheadh faitíos orm go mbeadh déistin nó díomá ar dhaoine dá n-inseoinn dóibh cá mhéad duine ar luí mé leo mar níor maith liom go ndéanfaí aon bhreithiúnas

“Tá cuimhne agam ar gach uile dhuine acu... ón gcéad uair, mo thuismitheoirí ina gcodladh thuas staighre go dtí an uair is déanaí...” orm. Go dtí go mbeidh plé oscailte ag mná mar gheall ar chúrsaí collaíochta ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal, ach tá drogall orainn ar fad tús a chur leis, ar eagla go dtabharfar an t-ainm mór orainn...

Mar sin, maidir le m’uimhir féin, bhuel sin rún nach bhfuil scaoilte agam le héinne. An bhfuil sé ró-ard? Cinnte tá sé níos airde ná an uimhir atá ag an gcuid is mó do mo chairde – ach ní fheadar an fíor na huimhreacha meánach, sábháilte a thugadar dom? Cé go ndiúltaím féin an cheist a fhreagairt, ní bhím éiginnte faoin uimhir riamh. Tá cuimhne agam ar gach uile dhuine acu – ón gcéad uair (ag aois 16, mo thuismitheoirí ina gcodladh thuas staighre, leis an chéad bhuachaill a phóg mé riamh, muid ag siúl amach lena chéile ar feadh bliana) go dtí an uair is déanaí (Londain, cúpla mí ó shin, mé mór leis ar feadh tamaillín ach b’shin deireadh leis); ón mbabhta is fearr (cara liom a chuir

fuadach faoi mo chroí, agus a chuireann fós) go dtí an babhta is measa (cara liom nach raibh sé de cheart agam é a phógadh, fiú, gan trácht ar rud ar bith eile). Roinnt acu chuir mé aithne ar a dtuismitheoirí, roinnt eile ní raibh iontu ach codladh aon-oíche, roinnt acu bhí mé fiáin i ngrá leo, roinnt acu bhí siad fiáin i ngrá liomsa, roinnt eile ní raibh ann ach spraoi. Ach tá tábhacht faoi leith leo ar fad, rud nach gcuireann an ‘scór’ in iúl. Cuireann uimhir an luach céanna ar gach páirtí, agus is cinnte nach amhlaidh atá.

*

5 1 0 16 3 ? 8 6 ¿ 9 9 20 11 7 ½

*Yeah yeah, 69 agus pógadh féileacáin cinnte, ach sin scéal do bhabhta eile!

104


* lĂŠargas

t


lĂŠargas


? p i a r o e n vive a

Chonradh ar n rin Éi in nn ea ifr re h id be h m ea Ar 12 Meith campaí Tá agus na do is de s* nó nn ga tu o se An . Liospóin a mhíniú. dh ra on gc an ar a úl gs éa h m ai as se NÍL a


TÁ N

uair a síníodh Conradh Athchóirithe Liospóin ag cruinniú mullaigh an AE sa Phortaingéil anuraidh, leagadh síos go ndéanfadh sé “éifeachtúlacht agus dlisteanacht dhaonlathach an Aontais” a neartú. Agus sin díreach an rud a dhéanfaidh sé. Maidir le gnó ginearálta an AE, déanfaidh an Conradh níos éifeachtúla é agus cuirfear le maoirseacht dhaonlathach. Beidh breis cumhachtaí ag Parlaimint na hEorpa maidir le reachtú, buiséad an AE agus ceadú comhaontuithe idirnáisiúnta. Cuirfear srian le líon na bhFeisirí sa bParlaimint ach déantar seo ionas nach mbeidh sé ródheacair gnó na Parlaiminte a stiúradh agus a láimhseáil. Ar an iomlán beidh an córas níos éifeachtaí, níos comhsheasmhaí, níos oscailte agus níos trédhearcaí.

COMHIONANNAS Is beag an t-athrú atá le teacht ról Chomhairle na nAirí seachas an modh nua vótála – vótáil móraimh dhúbailte. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tacaíocht 55% de bhallstáit an AE ar a laghad bheith ann sula nglacfar le haon dlí. Is ionann an socrú nua vótála agus feabhas mór ar an gcóras reatha mar tabharfar aitheantas do

BREIS EOLAIS FAOIN CHONRADH LE FÁIL AG www.lisbontreaty2008.ie

FOCAIL Foireann vote4europe fianna fáil chomhionannas gach ballstát agus gach saoránach. Cé go laghdófar líon na gCoimisinéirí atá ag an AE ó 27 go 18, ní bheidh na ballstáit níos lú gan ghlór mar athróidh poist an Choimisiúin idir na tíortha go léir, idir bheag agus mhór, ar bhonn iomlán cothrom. In aineoinn na maíomh ina choinne, cinntíonn an Conradh go bhfuil teorainn le cumhachtaí an AE agus, pé cumhachta atá aige, go bhfaigheann sé sin ó na Ballstáit féin. Éilítear ar an Aontas freisin meas a léiriú ar an bprionsabal gur chóir cinntí a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta nuair is féidir.

FÓS NEODRACH Sa lá atá inniu ann is ceist mhór í an inimirce mhídhleathach ach de bharr an Chonartha beidh an tAontas in ann dul i ngleic níos fearr le coireacht trasteorann agus gáinneáil ar dhaoine. Rud atá cinnte áfach nach bhfuil ár neodracht i mbaol. Is é, treisíonn an Conradh an ról atá ag an AE i misin síochána agus dhaonnúla – misin a bheadh ag teacht le cuspóirí na Náisiún Aontaithe - ach tá cosaint shainiúil sa Chonradh do neodracht mhíleata stát mar Éire.

o


Ceist eile atá i mbéal an phobail ná cumhachtaí cánach an AE ach tá sé cinntithe go gcoinneoidh Éire an cead atá aici a córas cánach féin a chosaint. Tá sé seo aitheanta go hiomlán ag na ballstáit eile agus ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chomh maith. Agus níl na socruithe seo i mbaol ach an oiread mar tá an Conradh fíorshoiléir maidir le leasuithe amach anseo – ní féidir leasú a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le ceanglais bhunreachtúla na mballstát, rud a chiallaíonn reifreann in Éirinn. Tá baint lárnach ag ballraíocht san Aontas Eorpach leis an rath agus leis an dul chun cinn atá bainte amach ag ár dtír le blianta beaga anuas. Tá infheistíocht déanta ag an AE inár dtodhchaí agus tá deis tugtha aige dúinn ról tábhachtach bheith againn san Eoraip agus sa domhan mór. Ní hamháin go bhfágfaidh an Conradh seo go mbeidh an tAontas in ann leanúint lena chuid oibre ar shlí éifeachtúil éifeachtach ach cinnteoidh sé go rachaidh an obair sin chun táirbhe d’Éirinn chomh maith.

NÍL FOCAIL tomás ó searcaigh sinn féin

T

á áit lárnach ag an tír seo san Eoraip. Níl aon dabht faoi sin. Níl an stádas sin i mbaol. Dhearbhaigh Iar-Aire Ghnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, nach mbeidh impleachtaí diúltacha má dhiúltaímid tacú leis an Reifreann. Ní aontaím leis an Chonradh ar go leor cúiseanna, mar atá:

GUTH CAILLTE Caillfimid ár nguth. Ní bheidh Coimisinéir Éireannach ag an bhord 5 bliana as gach 15. Is oileán talmhaíochta seo, timpeallaithe ag an fharraige. Ní bheidh duine ná deoraí ag caitheamh geansaí glas na blianta sin. Níl sé le ciall go mbeidh muintir na hÉireann sásta cibé tionchar atá againn a ghéilliúint. Ar an chéad dul síos, creidim go ndéanann an Conradh

creimeadh ar an neodracht. Beidh sé de dhualgas ar gach Stát san Aontas cuir lena armlón agus lena chumas míleata. Ar an ábhar sin, is cuma cé chomh ocrach is a bheidh an chosmhuintir, cé chomh polltach is a bheidh díon an tseomra ranga - beidh dualgas ar an stát sin neamhaird a dhéanamh ar riachtanais na ndaoine agus airgead a chaitheamh ar shaighdiúirí agus armlón.

EURATOM Ar an dara dul síos, ceanglaíonn Conradh Liospóin gach stát le seanchonradh eile darb ainm Euratom. Tá sé luaite ar leathanach 199 gurb é atá i gceist leis an chonradh sin ná comhthuiscint chun an tionsclaíocht núicléach a chur chun cinn, a fhorbairt

o


agus fiú a mhaoiniú! Ní saineolaí mé ar an tionsclaíocht úd ach ní amadán mé ach an oiread. Tá muintir na hÉireann céasta cráite ag Sellafield. Mar a tharlaíonn sé, tá Comhairle Chondae Lughaí go huile is go hiomlán in éadan an Chonartha. Seo mar a tharla; ar 31 Márta 2008 ghlacamar le rún ag cur in éadan Euratom. Ar 19 Bealtaine rinne Fianna Fáil iarracht polasaí a mholadh a thacódh le Conradh Liospóin. Ach dhearbhaigh Cathaoirleach na Comhairle nach féidir a bheith in éadan Euratom agus ar son Liospóin.

EURATOM Ar an tríú dul síos, cuirfidh an Conradh seo tionsclaíocht agus eacnamaíocht na hÉireann i mbaol. Beidh sé de chumhacht ag na Coimisinéirí dlithe a mholadh chun cúrsaí cánach a chaighdeánú fud fad na hEorpa. Níl bunábhair nádúrtha ag an tír seo. Mar sin, tagann comhlachtaí móra idirnáisiúnta chugainn de thairbhe na rátaí cánach a ghearraimid orthu. Má chaillimid an chumhacht sin, ní bheidh ach 0.8% den vóta

againn san Eoraip. Tréigfidh na comhlachtaí muid agus rachaidh said chuig tíortha eile. Ní bheidh sé de chead againn cáin a ísliú agus comhlachtaí a mhealladh ar ais. Mar fhocal scor ar an ábhar seo, nuair a chaith muintir na Fraince a vótaí in éadan Bhunreacht na hEorpa dhá bhliain ó shin, níor thréig éinne de na comhlachtaí móra an tír sin agus níor chaill an tír sin stádas ar bith. A mhalairt ar fad atá fíor. Bhí borradh ar eacnamaíocht na Fraince nach bhfaca said riamh agus bhí Infheistíocht Dhíreach Eachtrach ar an leibhéal is airde i stair na tíre. Ní thiocfaidh impleachtaí diúltacha má vótálaimid in éadan an chonartha seo. Le bheith fíreannach, tiocfaidh bláth na síochána agus rath na heacnamaíochta.

*

PARLAIMINT NA MÓR-ROINNE: Forgneamh an AE in Strasbourg


liosta imeachtaí Sa chéad eagrán eile beidh liosta nua imeachtaí againn de na hócáidí siamsúla is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Dá mba mhaith leat go mbeadh d’imeacht féin san áireamh, seol rphost chuig liosta@nosmag.com


nós

sa chéad eagrán eile:

Corn Sacair na hEorpa Cartúin chlasaiceacha Turas ar an Pholainn SAM Gaelach léirmheasanna ceoil, scannán 7 pubanna beidh eagrán 3 ar fáil le híoslódáil IÚIL Má tá aon mholadh agat do nós*, nó dá mba mhaith leat cur leis an iris, seol rphost chuig eolas@nosmag.com


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.