nós* - eagrán 23

Page 1

nós* iris ghaeilge don nua-aois

MÉ TÓonGadAMACH h speisialta le gaelscéal forlí

Scéal senna

Clár nua ar shaol an laoich F1

corraíl sa chairib

Mórfhadhbanna leanúnacha Háítí

iar-amharc

Sár-scannán nach mór á fheiceáil

meitheamh 11 eag. 23

!

croí na cóisire... an bhfuil a gcúis caillte ag féilte ceoil?

www.nosmag.com

bunaithe 2008


* * * * * **** * ** *

* * * *

* *

fáilte

Fliuch agus féiltiúil Tá séasúr na bhféilte samhraidh buailte linn arís ach tá athrú chomh mór i ndiaidh theacht ar aeráid na hÉireann le roinnt blianta anuas gur beag féile cheoil ó cheann ceann na tíre nach bhfeiceann muir scáthanna fearthaine nó cochall plaisteach am éigin roimh dheireadh an spraoi. Níos minice ná a mhalairt is grianghraif de dhaoine i mbuataisí clúdaithe le clabar is mó a bhíonn le feiceáil sna nuachtáin an lá dar gcionn seachas Éireannaigh ghriandóite mar a bhí sna laethanta a d’imigh... bhuel sin mar a shamhlaím é ar aon nós! Más láib agus fliuchras an dá rud is mó a cheanglaítear le féilte an lae inniu, tar éis an cheoil agus na craice ar ndóigh, bhí eilimintí eile a bhain leis na mórfhéilte nuair a tháinig siad ar an saol den chéad uair i lár na haoise seo caite. Is cinnte go raibh gnéas ann, agus ól agus drugaí agus saoirse ó ghnáthamh an tsaoil, ach bhí cuspóirí eile ann chomh maith. Ba mhinic foshruth polaitiúil bheith le brath san aer agus mhothaigh an lucht freastail go raibh siad bailithe le chéile le teachtaireacht éigin a thabhairt don domhan, don bhunaíocht nach raibh ag stiúradh cúrsaí mar ba chóir. Má tá an aeráid athraithe, tá an saol athraithe leis, agus níl an faobhar céanna ag baint le mórchuid na bhféilte sa lá atá inniu ann. Bíodh sin mar atá ach ní sin le rá nach bhfeicfear arís é amach anseo. Ó tharla ag caint ar fhéilte ceoil mé, bíonn muidne mar Ghaeil ag ceiliúradh le linn na bliana tríd ach is cinnte go bhfuil sé in am dúinn tús a chur arís le mórfhéile chomhaimseartha dár gcuid féin. Tá clú fós ar an Fhéile Chraiceáilte - bíonn an Cabaret féin ar siúl i nGaoth Dobhair gach mí - agus tá dul chun cinn iontach déanta leis an Phuball Gaeilge ag Electric Picnic ach cén fáth nach mbeadh picnic mhór againn féin sa samhradh chomh maith? Tá an pobal againn, tá na grúpaí nuacheoil agus an sean-nós againn, tá an tsamhlaíocht againn... ní gá dúinn anois ach píosa clabair agus fearthairne agus bheadh féile den scoth againn! Fágfaidh mé an smaoineamh sin, agus an chuid eile, agaibh féin! Idir an dá linn, bainígí sult as an eagrán is déanaí seo, Tomaí Ó Conghaile Eagarthóir nós*

nós EAGARTHÓIR Tomaí Ó Conghaile RANNPHÁIRTITHE Ian Mac Murchaidh, Seanán Ó Coistín, Colin Ryan, miss.libertine

2  www.nosmag.com

TEAGMHÁIL www.nosmag.com eolas@nosmag.com

FÓGRA Is é nós* atá freagrach as gach ábhar san fhorlíonadh seo.


3/5

green lantern

Martin Campbell, 12

B

unaithe ar an sárcharachtar sna greannáin de chuid DC, is scannán lán aicsin 3D é seo ón Nua-Shéalannach Martin Campbell, an fear a stiúir na scannáin GoldenEye agus Casino Royale i sraith James Bond. Tugann an saothar seo is déanaí uaidh réamhamharc ar an todhchaí nuair a thiocfaidh daonnaithe agus coimhthígh as pláinéid eile a chaomhnaíonn an chruinne le chéile. Is saighdiúirí iad na Green Lantern Corps a úsáideann a gcuid cumhachtaí iontacha chun síocháin a choinneal ar fud na cruinne. Ach nuair a thagann sé chun solais go bhfuil aimhleas úr, i bhfoirm an neacha Parallax, le theacht nach féidir stopadh agus é ag dul ó phláinéad go pláinéad, briseann na Green Lantern Corps nós seanbunaithe agus iarrann siad ar dhuine (Ryan Reynolds) ón

scáileán

domhan seo chun cuidiú leo. Cé go bhfuil na gnáthlaigí daonna ag Hal Jordan, tugtar cumhachtaí dó a nglacann tamall air éirí cleachta leo, ach faigheann sé tacaíocht óna rúnsearc Carol Ferris (Blake Lively) agus na Green Lanterns Abin Sur (Temeura Morrison) agus Thaal Sinestro (Mark Strong). Is é an drochdhuine leis an chumhacht ná an t-eolaí Hector Hammond (Peter Sarsgaard), a bhfuil cuid de DNA Parallax istigh ann, ach sa deireadh éiríonn le Jordan agus a chomhghleacaithe an domhan a shábháil le cuidiú na gréine. Le plota a théann thar fóir ón tús, is iad na héifeachtaí speisialta agus gníomhíocht na gcarachtar atá ag croí an scannáin seo, rud a thaitneoidh go mór le lucht féachana níos óige, san aois nó sa chroí.

FOCAIl ian mac murchaidh

Iar-Amharc: 2009 inglourious basterdS “This might be my masterpiece,” an líne dheireanach den scannán seo de chuid Quentin Tarantino a tháinig amach in 2009 agus tá gach cuma ar an scéal gur seo ráiteas an stiúrthóra féin ar a shaothar. Tá Tarantino ag scannánú i gCorcaigh faoi láthair le haghaidh Rebel City Rumble agus beidh sáriarracht de dhíth má tá sé chun an scannán cogaíochta seo a shárú.

Ní thaitneoidh an stíl le gach breathnóir ach tá téagar agus scil in Inglourious Basterds nach mbíonn le feiceáil ar an scáileán go rómhinic. Leanann an scannán dhá scéal ón Dara Cogadh Domhanda - ceann amháin faoi bhuíon beag saighdiúirí Meiriceánacha Giúdacha agus iad ag feidhmiú mar throdairí Cherokee, ag baint na bplaiteanna de Naitsithe sa Fhrainc faoi fhorghabháil; agus ceann eile a dhíríonn isteach ar shaol chailín Ghiúdaigh, Shosanna (Mélanie Laurant), a maraítear a teaghlach i radharc cumhachtach ag tús an

scannáin agus a théann ar aghaidh go Paris, áit a bhfaigheann sí pictiúrlann le hoidhreacht óna haintín agus a mheallann aird na nGearmánach ar bhealach nach raibh sí ag súil leis. Bhailigh Tarantino foireann iomráitreach le chéile don scannán - a phleanáil sé ar feadh deich mbliana - le Brad Pitt i ról an Mheiriceánaigh Aldo Raine atá i gceannas na saighdiúirí speisialta fiána, agus Michael Fassbender ó Hunger an-snasta mar shaighdiúir Sasanach atá ag cuidiú leo. Tá Mike Meyers ann fiú ar feadh radhairc amháin ach is dócha gurb é Christoph Waltz

a thugann uaidh an taispeántas is fearr mar Choirnéal Hans Landa, ‘Sealgaire na nGiúdach’, é ag malartú idir trí theanga le linn an scannáin. Tagann an dá shnáithe den scéal le chéile sa deireadh, le Hilter féin fiú le feiceáil ag an bhuaic, ach is í an fhírinne ná gur soiléir caighdeán Inglourious Basterds díreach ón tús. Mar is nós le Tarantino, ní bhíonn aon drogall air príomhcharachtair a mharú le linn an phlota agus meascann sé an greann leis an fhoréigean go sciliúil, a fhágann go bhfuil sé seo ar na scannáin is fearr go dtí seo ón 21ú aois.

www.nosmag.com  3


senna

scáileán

n i o a f í a n á s a l m o o i s t h t o r p á s s FOCAIl Seanán ó coistín

senna

Asif Kapadia

U

aireanta nuair a shamhlaítear scannán faisnéise, síltear go mbeidh sé leamh, tur agus leadránach. Ach is é a mhalairt iomlán atá fíor faoi Senna. Is éard atá ann ná scannán snasta, corraitheach faoi shaol agus saothar an tiománaí F1, Ayrton Senna, arbh as an mBrasaíl dó. Ba é Senna duine de na tiománaithe F1 is clúití agus is fearr riamh agus mura raibh mórán ar eolas agat faoina shaol go dtí seo (mar nach raibh ag an léirmheastóir seo), beidh a fhios agat tar éis an scannán cuimsitheach seo a fheiceáil. Mar aon leis sin beidh tú báúil leis mar is deacair gan bheith corraithe agus meas bheith agat air tar éis na héachtaí a rinne sé a fheiceáil. Insítear a scéal trí fheidhm a bhaint as fiseáin agus taifid eile. Cloistear Senna ag labhairt agus ag insint a scéil féin – ar bhealach shílfeá go raibh sé fós beo. Ní raibh drogall air a thuairimí faoi cad a tharla agus an dírathú a bhí air de bharr na cleasaíochta a bhí ar siúl ag lucht stiúrtha Formula 1 a nochtú.

4  www.nosmag.com

5/5 Duine ionraic, uaillmhianach, dathúil, cráifeach, gealgháireach ab ea é. Bhí sé sotalach freisin. Theastaigh uaidh rásanna a bhuacaint agus rinne sé amhlaidh. Theastaigh uaidh an chéad áit a bhaint amach. D’éirigh idir é agus tiománaithe eile, go háirithe Alain Prost, laoch mór eile F1 agus díríonn cuid mhór den scannán ar an eascairdeas a mhéadaíonn idir é agus an Francach, a bhí san fhoireann chéanna, McLaren, leis ar feadh tréimhse. An rud a chuir ionadh ar an léirmheastóir seo ná an líon mór taifead ar baineadh feidhm as chun an scannán a chruthú. Ní fhacthas riamh cheana iad. Is é bua an tsaothair an dóigh a ndearna an stiúrthóir, Asif Kapadia, eagarthóireacht ar na taifid seo. Shílfeá go raibh Ayrton Senna dea-bheo agus gur scannán é faoi shaol agus imeachtaí atá ag tarlú faoi láthair, seachas rudaí a tharla san am a chuaigh thart. Ní fheictear daoine ag labhairt mar is gnáth i scannán faisnéise. Cloistear na daoine ag caint fad agus a fheictear Ayrton

Senna ag tiomáint nó ag caitheamh a shaoil. Labhraítear Béarla, Portaingéilis, Fraincis agus teangacha eile i rith an scannáin, rud a léiríonn sé cé chomh domhanda is atá F1 mar spórt. Feictear Senna ag fás aníos, ag tiomáint, ag troid le daoine, ag machnamh, ag spraoi agus, faraor, ag fáil bháis.

Feictear an físeán óna ghluaisteán agus é ag tiomáint in Imola i nGrand Prix Shan Mairíne in 1994, an rás ina maraíodh é gan ach 34 bliain slánaithe aige. Ní chloistear aon rud ná aon duine ag caint sa phíosa seo - is léir go bhfuil eachtra uafásach ar tí tarlú. Stadann an scannán meandar sula mbuaileann sé an balla a mharaigh é. Ní féidir ach a bheith corraithe agus croíbhriste ag breathnú ar cad a tharla agus an tslí ar cailleadh é agus é fós óg. Léirítear gnéithe eile dá shaol seachas an tiomáint chomh maith. Cé gur thuill sé an dúrud airgid agus ba dhuine gustalach é, bhronn sé an rachmas sin i ngan fhios ar dhaoine sa Bhrasaíl a bhí ar an ngannchuid. Ba laoch ollmhór é ina thír féin agus ghoil a bhás go mór ar mhuintir na Brasaíle. Fiú mura bhfuil suim ar bith agat i rásaíocht F1, taitneoidh an scannán faisnéise seo go mór leat mar is scéal duine faoi leith é seachas scéal rásaíochta. Bhí an amharclann lán, idir fhir agus mhná, nuair a chonaic mé féin é agus déarfainn go mbeidh go ceann tamaill. Rachaidh ionracas agus dúthracht Ayrton Senna abhaile ar pé duine a fheicfidh é.


e l i é f a n s i cú T

á ceann de na féilte ceoil is clúití ar domhan faoi lán seoil i láthair na huaire le beagnach 175,000 ragairneálaí ag damhsa sa chlabar i Somerset Shasana. Agus leithéidí U2, Coldplay agus Beyonce ar an phríomhardán, mar aon le costas €220 ar gach ticéad - a díoladh amach taobh istigh de cheithre uair a chloig dála an scéil – níl an chuma ar Glastonbury gur lárionad easaontas polaitiúil é a thuilleadh ná go bhfuil na sluaite atá i láthair ag cóisireacht in éadan an status quo. Dar le bunaitheoir na féile, Michael Eavis, áfach go mbeidh tionchar ag na ciorruithe atá á ndéanamh ag rialtas na Breataine, agus ag rialtais eile ar fud na hEorpa, ar mheon dhaoine óga an lae inniu, go n-imeoidh a bpatuaire agus go léireoidh siad a míshásacht ag féilte ceoil amach anseo. “Sílim go n-éireoidh Glastonbury níos polaitiúla arís,” arsa Eavis, a chuir tús leis an fhéile ar a fheirm féin in 1970. “Ba chineál ardáin muid i gcónaí le haghaidh daoine a bhí ag iarraidh a nglór a ardú faoi dhroch-chuinsí an domhain. Cuireann an ghéarchéim seo, agus na rudaí a bhaineann leis, fearg ar an phobal, gríosaíonn sé chun gnímh iad, agus is é sin an treo a bhfuil muid ag dul arís.” Dar leis gurb í an pholaitíocht anam Glastonbury agus gurb í sin a thugann cúis nó cuspóir ar leith don féile. “Cuirim an-tábhacht sna luachanna seo agus le déanaí bhí díomá orm go raibh siad ag dul in éag. Tá luach maith ar na ticéidí ach níl sé ar a n-acmhainn ag gach duine iad a cheannach. “Is fuath liom é a admháil ach bhí an faobhar polaitiúil a bhí ag an fhéile tráth ag laghdú le tamall anuas. Is í an phríomhchúis a dtagann daoine anseo anois ná le sult a bhaint as ach is dóigh liom go bhfeicfear cúiseanna eile san am amach romhainn.” Beidh léiriú éigin ar athpholaitiú na féile le feiceáil ag Glastonbury i mbliana nuair a eagróidh an grúpa Art Uncut léirsiú i gcoinne U2 agus iad ar an ardán mór anocht, Dé hAoine 24. Is ealaíontóirí agus ceoltóirí

iad Art Uncut a bhfuil baint acu leis an fheachtas UK Uncut agus a leagann béim ar sheachaint cánach agus ar chiorruithe do sheirbhísí pobail. Sa bhliain 2006 d’aistrigh U2 a ndualgas cánach ó Éirinn go dtí an Ísiltír ionas nach mbeadh orthu an oiread cánach a íoc, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-ilmhilliúnaí Bono agus a chairde ag séanadh airgid agus acmhainní ar a dtír dhúchais agus ag teacht salach ar a bhfeachtais féin chun bun ceart a chur faoi fhorbairt i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Reáchtálfar aicsin éagsúla darb ainm ‘Bono Pay Up!’ le linn na ceolchoirme ach deir Art Uncut nach gcuirfear isteach ar an gig féin. “Bhog saibhreas ollmhór suas an dréimire, ar shiúl ó na gnáthdhaoine, de bharr iompar na mbanc agus na mboc mór a raibh an t-airgead acu ach tá freagra moillithe anois á thabhairt air sin ag an phobal,” arsa ball de Art

Uncut. “De réir mar a thosaíonn an rialtas ag gearradh siar, feicfidh muid glúin úrnua á polaitiú agus taispeánfar sin ag na féilte ceoil.” Tá láithreacht ag grúpaí feachtasaíochta eile ag an fhéile, False Economy agus Climate Camp ina measc, agus leanann Glastonbury leis an traidisiún gan urraitheoirí corparáideacha a ligean isteach sa suíomh – is iad bratacha Greenpeace, Water Aid agus Oxfam amháin a bhíonn ar foluain ó na hardáin. Bhí polaitíocht ghlas i gcónaí gar do bharr liosta imeachtaí Glastonbury agus beidh Tony Benn, Caroline Lucas, War on Want, agus grúpaí frithnúicléacha le cloisteáil sa ‘Pháirc Ghlas’ go dtí an Domhnach. Aontaíonn Liz Elliott, comhordaitheoir imeachtaí timpeallachta, le hEavis sa chiall is go gcreideann sise chomh maith go bhfuil gné áirithe den fheachtasaíocht ag teacht ar ais. “Cuireadh díomá orm mar

gheall ar an phatuaire a bhí ann le linn na 1990í ach is cinnte go bhfuil muid ag imeacht as sin anois,” ar sí. “Tá daoine níos toilteanaí seasamh suas agus a gcás a chur chun cinn. Tá glúin nua ann a bhfuil eolas acu faoi athrú aeráide mar shampla agus tá na fíricí acu. “Tá Glastonbury ag éirí níos polaitiúla de réir mar atá an domhan ag éirí níos polaitiúla.” Is fada Glastonbury na linne seo ó mheon na hipithe agus gluaiseacht CND (Feachtas ar son Dí-armála Núicléiche) a spreag an fhéile cheoil ar dtús báire 41 bliain ó shin agus tá siad ann a déarfadh go bhfuil féilte den sórt seo ag éirí níos scothroghnaí seachas bheith ag brú chun tosaigh smaointeoireacht nua pholaitiúil. Ag an am céanna, thaispeáin na hagóidí a rinne mic léinn i Londain ag deireadh na bliana seo caite go bhfuil feasacht áirithe á cothú faoi mhórcheisteanna an lae agus gach seans go léireofar sin níos soiléire ag féilte óige san am

ceol Amharcann Tomaí Ó Conghaile ar ról na polaitíochta i mórfhéile Glastonbury agus fiafraíonn sé an ndéanfar aon ráiteas polaitiúil ag féile ar bith in Éirinn an samhradh seo? atá le teacht. Ní mór an cheist a chur, mar sin, an bhfeicfidh muid féin polaitiú na ndaoine óga, agus na bhféilte ceoil dá bharr, ar an taobh seo de Mhuir Éireann? Reáchtáil Shell Chun Sáile cóisir a raibh teachtaireacht láidir aige ag tús mhí an Mheithimh nuair a bhailigh daoine le chéile i Maigh Eo le haghaidh an Party Against The Pipe agus ar ndóigh bíonn imeachtaí agus gigeanna neamhspleácha ar siúl go minic i ngach cearn den tír ar son cúiseanna éagsúla, ón Ghaeilge go dtí an Phalaistín. Ó thaobh na mórfhéilte ceoil áfach, is beag cúis atá nasctha leo agus téann formhór a lucht freastail ar mhaithe leis an spraoi, mar atá de cheart acu! Bíonn gné dhíospóireachta agus chainte ag baint le leithéidí Electric Picnic, a bheas ar siúl i gContae Laoise i mí Mheán Fómhair, ach díríonn Oxegen - an fhéile is mó sa tír a chosnaíonn €100 in aghaidh an lae - ar cheol tráchtála amháin agus, cé go mbeidh sé ar siúl i gceann coicíse, ní léir go bhfuil aon agóid ar nós Art Uncut beartaithe dó go fóill. Shílfeá go mb’fhéidir go ndéanfaí ráiteas éigin faoi staid reatha na tíre ag féilte ceoil an tsamhraidh seo ach gach seans go mbeidh dúil ró-mhór ag daoine sa ragairne. Má tá aon Ghael amuigh ansin mar sin atá ag dul chuig na féilte agus suim acu ina n-athpholaitiú, beidh oraibh tús a chur leis an nós sibh féin...

*

www.nosmag.com  5


beatha

háítí

cruatan sa chairib

N

íl i Háítí ach an tríú cuid d’oileán Hispaniola; an Phoblacht Dhoiminiceach atá sa chuid eile, agus stair aige atá chomh suaite le stair Háítí féin. Sléibhte, tránna geala, coillte, agus aeráid mheirbh Mhuir Chairib. D’fhéadfá a rá nach é an sonas atá i ndán do na Háítígh ach a mhalairt: an t-ár agus an daoirse ar dtús, ansin an t-aintiarnas, an tsaint, an t-achrann. Cuirimís tubaistí nádúrtha san áireamh. Ní raibh i gcrith talún na bliana 2010 ach cuid den scéal. Déanann na hanfaí scrios mar a rinne sa bhliain 2008, agus is mór an fhadhb é an dífhoraoisiú, rud

6  www.nosmag.com

is cionsiocair le creimeadh talún, maidhmeanna talún agus bochtanas.

SCOILT MHÓR Tá rath ar scothaicme na tíre – tithe deasa acu, Fraincis acu in áit na canúna áitiúla, oiliúint orthu. Ach tá 80% de na Háítígh bocht agus tá 54% ar an anás ar fad. Ní fhaigheann os cionn milliún duine acu a ndóthain le hithe, agus tá os cionn 65% gan obair. Tá boilsciú ard ann agus is beag infheistíocht a dhéantar de bharr díth sábháilteachta, díth tráchtála agus drochionfrastruchtúir. Is mór an tábhacht atá leis an airgead a chuireann na deoraithe

abhaile, agus é dhá uair níos mó ná luach na n-earraí a easportáiltear. Is mór an bhearna a bheadh i mbuiséad an rialtais gan chabhair ón iasacht. Tá droch-chaoi ar chúrsaí oideachais, uisce, sláinte agus glaineachta i Háítí. Is fada scolaíocht in easnamh ar fhormhór an phobail. Is deacair teacht ar uisce inólta agus tá cóiriú ag teastáil ón gcóras soláthair. Is beag duine a bhfuil guthán póca aige agus is lú fós an líon daoine a bhfuil an tIdirlíon acu.

NASC LEIS AN FHRAINC Labhraítear dhá theanga oifigiúil i

Tugann Colin Ryan léargas ar na fadhbanna atá ag háítí de bharr tubaistí nádúrtha agus rialtas mhíéifeachtúil

Háítí: Fraincis agus criól Háítíoch, teanga a fáisceadh as an bhFraincis agus a ndearnadh teanga oifigiúil di sa bhliain 1961. Ní féidir tionchar an Bhéarla a sheachaint ar fad agus na Stáit Aontaithe (áit ar mhaith le mórán Háítíoch a bhaint amach) i mbéal an dorais, ach ní stadfaidh Háítí de bheith ar an aon tír labhartha Fraincise amháin de chuid Mheiriceá Theas. Sa bhliain 1825 thug Seárlas X, Rí na Fraince, neamhspleáchas iomlán do Háítí mar mhalairt ar fhiach 150 milliún franc, suim airgid a laghdaíodh go 90 milliún sa bhliain 1838. (Sa bhliain 2003 d’éiligh an


beatha

tUachtarán Jean-Bertrand Aristide fiche billiún dollar ar an bhFraince mar chúiteamh.) Ba ghearr go raibh rian an ghanntanais, an dealúis agus na mírialach ar an tír, agus uachtaráin thiarnúla á leanúint a chéile anuas go dtí an fichiú haois. Sna 1880í, mar shampla, ba choitianta an rud í an chaismirt pholaitiúil, agus bhí a dhá oiread airgid á chaitheamh ag an rialtas is a bhí ag teacht isteach. Ba mhinic ceannairí na tíre ag dul i muinín na láimhe láidre. Bhí míchlú ar leith ar dheachtóireacht ‘Papa Doc’ Duvalier agus a mhac, réimeas a bhí ann idir na blianta 1957 agus 1986 agus ba chúis le méadú mór a theacht ar fhiachas eachtrach na tíre. Ba é Meiriceá a chuidigh le rialtas daonlathach a chur ar bun, cé nach le dea-mhéin ar fad é. Níor tháinig deireadh leis an míriar, ach cealaíodh cuid mhaith den fhiachas eachtrach sa bhliain 2009, cé nach lú fós é ná 780 milliún euró.

tionchar an chreatha talún Thug an crith talún aird an domhain ar Háítí ar feadh tamaill ghearr, agus léirigh idir dhrochstaid na tíre agus éifeacht (nó neamhéifeacht) na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a tháinig i dtír le cabhair. Leanann fadhbanna an chabhair chéannaIs minic nach dtagann an t-airgead a bailíodh de bharr tubaiste chun an dreama atá ina ghátar – goidtear é nó fanann sé i gcuntas bainc go dtí go socraítear conas is fearr é a úsáid. Lena chois sin, is mór an forchostas a bhaineann le heagraíochtaí móra neamhrialtasacha – costas óstán,

taistil, foirgneamh. Is iad na heagraíochtaí neamhrialtasacha an dream is mó éifeacht, toisc iad a bheith chomh seiftiúil sin agus gan suim acu ach san obair féin. Ní bhacann an rómhaorlathas iad. A leithéidí seo: Globaldirt.org, grassrootsunited.org agus JPHRO (jphro.org). Tá aird an domhain á ndíriú anois ar rudaí eile, ach tá obair le déanamh fós. Is díol trua iad mná Háítí agus an oiread sin le fulaingt acu, agus níor chuir an crith talún feabhas ar an scéal.

Minic go leor is é an t-aindlí a bhí i bhfeidhm. Bíonn mná á n-éigniú fós ag baiclí fear agus feictear gearrchailí a bhfuil sifilis nó gónairith orthu. Mar a dúirt banaltra áirithe: ‘Níl cóir ná cothrom anseo’. Ach tá clinicí le fáil anois timpeall Port-au-Prince, a bhuíochas sin ar Weadvance.org, agus iad ag freastal ar na mná.

gá le cabhair & rialtas maith Tá seiftiúlacht agus fulaingt sna Háítígh de bharr a staire. Éiríonn le mná creaplaithe

aire a thabhairt dá gclann, tugann dílleachtaí aire do dhílleachtaí eile atá níos óige. Tá nós ag an rialtas (pé rialtas atá ann) loiceadh orthu. Tá na seanfhadhbhanna gan fuascailt fós: earraí á gcoinneáil sna calaí, brabachóireacht, eagraíochtaí cabhrach ag treabhadh a n-iomaire féin, saint lucht rialtais agus lucht gnó, daoine ag iarraidh a gcuspóirí féin a bhaint amach. Mar a deir an bhanaltra úd: ‘Is garbh an gnó í an chabhair dhaonnúil – agus is gnó í gan aon agó!’ D’fhéadfadh lucht cabhrach ón

iasacht tairbhe mór a dhéanamh maidir le cóiríocht scoileanna, cúrsaí gnó agus athfhoraoisiú, ach is é is mó atá ag teastáil ná rialtas atá in ann cúram ceart a dhéanamh de ghnóthaí riaracháin. Ní maith an rud é a bheith beo ar an déirc. Mharódh an galar is lú thú i Háítí. Tá gá i gcónaí le lucht leighis agus beidh go ceann i bhfad eile. Ar na heagraíochtaí leighis is éifeachtaí tá na cinn a leanas: IMAT (www.imateam.org) agus CMAT (www.canadianmedicalteams.org). Tá fáilte acu roimh oibrithe deonacha i gcónaí.

nuacht24 físeáin • scéalta • plé • gach lá • www.nuacht24.com

*


Le taca铆ocht 贸 / Supported by the Creative Industries Innovation Fund


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.