nós* - eagrán 25

Page 1

nós*

borróga blasta

Oideas le haghaidh borróga cola

an craiceann ina bhfuilim Scannán nua Pedro Almódovar

Mac lochlainn don áras?

Agallamh eisiach leis an iarrthóir is úire

iris ghaeilge don nua-aois

lúnasa 11 eag. 25

cabaret ag ! h d a r ú i l i e c

l e a g n a n e t il á e ic a r h c ir cóis d ó f h b n a r a a n a li b í r t is ano

www.nosmag.com

bunaithe 2008


* * * * * **** * ** *

* * * *

* *

fáilte

Leathnaímis an chóisir Cár imigh an samhradh? Sin an cheist atá mise á cur orm féin agus mé ag scríobh an eagarfhocail seo ag deireadh mhí Lúnasa. In amanna bíonn an chuma ar chúrsaí go ngiorraíonn duine éigin cúpla seachtain amach as an dea-aimsir a bhí againn tráth agus go mbogann siad an fómhar chun tosaigh, ach sin an saol ina bhfuil muid beo faoi láthair. (Agus má shíleann tú go bhfuil sé deacair na séasúir a thuar, ba cheart duit súil a chaitheamh ar an scannán nua de chuid Pedro Almódovar, La Piel Que Habito... breis eolais faoi sin ar an chéad leathanach eile.) Ní gá dúinn bheith faoi bhrón áfach go bhfuil críoch ag teacht le tréimhse na gréine agus an spraoi mar go bhfuil go leor cúiseanna eile ceiliúrtha amach rómhainn mar Ghaeil. Is é an chéad cheann acu sin, agus ceann suntasach lena chois, ná go mbeidh an Cabaret Craiceáilte trí bliana ar an fhód amárach agus go bhfuil cóisir iontach beartaithe acu leis an ócáid a cheiliúradh. Is tógáil croí é an Cabaret a thugann deis do dhaoine bualadh le chéile go sóisialta ag imeacht nua-aoiseach Gaelach agus a chuireann ardán riachtanach ar fáil do nuacheoltóirí na Gaeilge mar aon le healaíontóirí traidisiúnta. Tá muintir an Chabaret i ndiaidh a gcuid imeachtaí a thabhairt chuig áiteanna eile agus tá cóisirí comhaimseartha Gaeilge á reáchtáil go rialta anois ar fud na tíre - go leanaimis ar aghaidh leis an obair thábhachtach seo. I measc na mbronntanas eile atá againn daoibh in eagrán na míosa seo tá agallamh eisiach leis an iarrthóir rúndiamhrach i dtoghchán na hUachtaránachta, Conchubhair Mac Lochlainn. Tá an fear óg seo as Muineachán tar éis go leor airde a tharraingt air féin tríd an fheachtas mór atá aige ar líne agus insíonn sé a thuilleadh dúinn anseo. Tá cúrsaí bia agus faisin faoi chaibidil sna leathanaigh os bhur gcomhair chomh maith mar sin léimigí isteach! Beirígí bua, Tomaí Ó Conghaile Eagarthóir nós*

nós EAGARTHÓIR Tomaí Ó Conghaile RANNPHÁIRTITHE Seanán Ó Coistín, Caoimhe Ní Chathail, Felim Borland

2  www.nosmag.com

TEAGMHÁIL www.nosmag.com eolas@nosmag.com

FÓGRA Is é nós* atá freagrach as gach ábhar san fhorlíonadh seo.


scáileán

la piel que habito Pedro Almódovar, 16

T

3.5/5

á aithne idirnáisiúnta ar an stiúrthóir Spáinneach Pedro Almódovar as scannáin atá cineál éagsúil agus ar an imeall a dhéanamh agus níl aon amhras ann go bhfuil an saothar is déanaí seo uaidh ag cloí leis an nós sin. Mar an gcéanna le cuid mhór eisiúintí eile dá chuid, tá sé deacair La Piel Que Habito (An Craiceann ina bhFuilim) – a bheas le taispeáint anseo in Éirinn ón lá inniu faoin teideal The

Skin I Live In – a mhíniú gan mórán eolais atá riachtanach don scéal a thabhairt ar shiúl ag an am céanna. Seo an chéad iarracht ag Almódovar dul isteach i réimse an uafáis agus cé nach mbeidh an lucht féachana ag screadaíl os ard go minic mothóidh siad an-mhíchompordach lena linn tríd. Díríonn an plota ar iar-mháinlia plaisteach (Antonio Banderas) a d’éirigh as a phost chun dul i mbun taighde tar éis gur dódh a bhean chéile go holc i dtimpiste gluaisteáin. Ba mhian leis craiceann sintéiseach a chruthú atá in ann cur suas le droch-thaismí

agus is í a mhuc ghuine don obair seo ná bean óg álainn Vera (Elena Anaya) a gcoinníonn sé faoi ghlas í ina theach mór iargúlta. Cuirfidh an scéal, a bhfuil mothúchán láidir gnéis le brath ann, isteach ar dhaoine ach cuirfidh sé go leor ceisteanna orthu fosta. Is scannán aisteach é gan aon agó ach tá draíocht an stiúrthóra le feiceáil ann agus tá sé dodhéanta na himeachtaí a thuar, rud a choinneoidh greim ar bhreathnóirí go dtí an deireadh. Má tá rud éigin uait a spreagann smaointeoireacht agus a thugann éalú ó mórscannáin Hollywood an tsamhraidh, seo duit.

www.nosmag.com  3


ceol

AR SON NA CÚISE 3 BLIANA DEN CHABARET CRAICEÁILTE!

I

s ócáid mhór i gcónaí í oíche an cheabairé is spleodraí agus is Gaelaí ar domhan, An Cabaret Craiceáilte, ach beidh cúis cheiliúrtha sa bhreis ag an slua a bheas i láthair amárach (Dé Sathairn 27) le haghaidh chóisir na míosa seo mar beidh an Cabaret trí bliana d’aois. Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an spraoi craiceáilte atosaithe arís ó bhí Lúnasa 2008 ann agus is iomaí imeacht den scoth atá curtha ar fáil ag muintir an Chabaret ó shin i leith, ní amháin i nGaoth Dobhair ach ar fud na tíre chomh maith, le cuid de na himeachtaí chomh maith sin nach féidir cuimhniú orthu! Tógra iomlan deonach é an Cabaret a bhíonn á eagrú ag an réalta raidió Rónán Mac Aodha Bhuí agus a bunaíodh chun ardán a thabhairt do cheoltóirí áitiúla agus eile a bhíonn i mbun ceoil as Gaeilge agus chun saol siamsa sóisialta sa teanga a spreagadh sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon. Míníonn Rónán gur siar sa bhliain 1993 a cuireadh síolta Chabaret an lae inniu. “Tháinig An Ciorcal Craiceáilte ar an saol in 1993 ar mhaithe le saol sóisialta lán-Ghaelach

4  www.nosmag.com

a chruthú, chomh maith le tionscal ceoil chomhaimseartha trí Ghaeilge a spreagadh agus a chothú,” arsa sé. “Tá an meon sin go fóill beo inniu, tá sé ag neartú arís, agus tá lúchair orm go bhfuil ag éirí linn na haidhmeanna sin a chur i gcrích, go deonach agus ar bheagán achmhainní. “De réir a chéile, tá an soiscéal ag spréadh go bhfuil rudaí maithe ag tarlú, go bhfuil an chraic sa cheol agus go bhfuil muid bródúil. Tá an taobh sóisialta den Ghaeilge iontach tábhachtach mar tugann sé deis do dhaoine bualadh le chéile agus cuireann sé in iúl go bhfuil beocht ar leith i saol na teanga.” Luann Rónán go bhfuil sé fíor-bhuíoch do na ceoltóirí uilig a bhíonn páirteach sa Chabaret, chomh maith leis an lucht gnó áitiúil a thugann tacaíocht dóibh. “Bíonn imeachtaí den chineál seo ag tarlú mar go bhfuil daoine sásta cuidiú a thabhairt ar bhonn rialta agus tá Réabhlóid An Cheoil (RAC) go mór faoi chomaoin acu,” ar seisean. “Ní fhéadfaí an Cabaret a choinneáil beo, mar shampla, gan an cuidiú a thugann leithéidí Ealaín na Gaeltachta, obair dheartha

Chaomháin Uí Scolaí, Teach Hiúdaí Beag, Teach Sheáin Óig, Ollmhargadh Uí Ghallchóir, Teach Chambell, Siopa Mhatt, Busanna McGinley agus Feda agus araile. “Ar a bharr sin meallann an Cabaret cuid mhór cuairteoirí go Gaoth Dobhair achan mhí, rud atá maith don cheantar agus a léiríonn arís eile an borradh atá faoi chúrsaí Gaeilge i láthair na huaire.” Cé gurb í Gaeltacht Thír Chonaill baile an Chabaret bíonn sé ar cuairt go minic in áiteanna eile sa tír agus le trí bliana anuas bhí ócáidí craiceáilte ar siúl sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic, ag Fleadh Feirste i mBéal Feirste, ceiliúradh na Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath, Féile Oirialla i Muineachán, Pléaráca Chonamara, Oileán Thoraí agus eile. Ar an mhí seo chugainn beidh sé ar ais i mBéal Feirste faoi choinne cheiliúradh mór 20 bliain Chultúrlann McAdam Ó Fiaich nuair a osclóidh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa síneadh úr an fhoirgnimh agus a cheolfaidh grúpa iontach John McSherry, The Soma Band. Bíonn cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr, na bannaí Gaeilge is nuálaí agus na

damhsóirí sean-nóis is gnéasúla in Éirinn le cloisteáil agus le feiceáil ag an Chabaret ar bhonn rialta agus is amhlaidh an scéal chomh maith don tríú breithlá oíche amárach i dTí Hiúdaí. Beidh an t-amhránaí cumhachtach Feirsteach, Gráinne Holland, a bhfuil a céad albam Teanga na nGael díreach eisithe aici, ar an ardán in éineacht le Feilimí O’Connor, Rohan Young, Mark Kane agus Conor Caldwell. Cuirfidh na deartháireacha ceolmhara as Cill Mhantáin, Mo Hat Mo Gheansaí, a n-amhráin nuachumtha i láthair agus beidh Na Muca Mire, Na Scoodelys agus ceoltóirí eile i mbun aicsin chomh maith. Is léir mar sin go ndéanfar ceiliúradh mór maith ar na trí bliana atá curtha isteach ag an Chabaret go dtí seo, agus bí cinnte go mbeidh go leor ábhar eile ceiliúrtha ag Gaeil chraiceáilte amach anseo. Mar a deir an tUasal Mac Aodha Bhuí é féin; “Cuirigí críoch ceart leis an samhradh agus bainigí sult as an réabhlóid Chraiceáilte!”

FOCAIl tomaí Ó conghaile


beatha

AN RÁS

AG FÁS

Agus tuairimíocht ann fós faoi cé eile a bheas san iomaíocht d’Uachtaránacht na hÉireann, tá capall dorcha as Muineachán tar éis a hata a chaitheamh isteach sa chró. San agallamh eisiach seo le nós*, míníonn Conchubhair Mac Lochlainn a bhuntáistí mar iarrthóir, an nasc atá aige le muintir na Libia agus an aithne a chuir sé ar Rós Thrá Lí... nós*: Cad é an buntáiste is mó atá agat mar iarrathóir Uachtaráin? CML: Gan dabht, is é m’óige. Faoi mar a thaispeánann mo theastas breithe (atá fíor, agus nach bhfuil in aon bhealach bréagach nó deisithe...), rugadh mé in Éirinn ar an dáta céanna a rugadh Barack Ó Bama (in Hawaii, bíodh a fhios agat), agus má tá seisean maith go leor don bpost sna Stáit Aontaithe, cad chuige nach mbéinnse féin maith go leor d’Éirinn? Thairis sin, agus mé dífhostaíthe le fada an lá, tuigim go huile ‘s go hiomlán céard atá i gceist le bheith gan acmhainn ‘s gan ionchais, faoi mar atá an tír. Agus is breá liom ‘singsong’ ó am go chéile so tá mé cineáilín ar nós Dana. Freisin, tá mé in ann léamh agus tá mé sásta an post a ghlachadh ar scéim FÁS. nós*: Cé hé nó cé hí an t-iomaitheoir is mó sa rása, dar leat? CML: Sin ceist mhaith. Agus muid ag iarraidh an post is tábhactaí sa tír (dar le Máire Mhic Giolla Íosa agus Dev), tá daoine iontach mór le rá san iomaíocht. Faoi mar a sheasann sé, bheadh Michael D ag ithe isteach ar thacaíocht s’agamsa, agus b’fhéidir Pat Spillane ina dhiaidh sin.

Duine acu atá breá cleachtaithe le teacht amach le rudaí nach seasann le ciall agus nach dtugann daoine aon aird orthu, agus an ceann eile toisc go mbeadh sé leath-sách maith ag an post. Sin ráite, níl na hainmniúcháin druidthe go fóill agus seans go seasfadh duine éicint eile isteach roimh i bhfad. Tá ráfla ag dul thart go bhfuil Gadaffi ag cuartú poist faoi láthair freisin, agus tá an-CV aige... eisean nó Big Jack Charlton. nós*: An rud ciallmhar é duine as Muineachán bheith ina Uachtarán ar Éirinn? CML: Freagróidh mé an cheist sin le ceist eile. Nach seasann sé le ciall Muineachánach a bheith san iomaíocht? Má tá láithreoir teilifíse ón Chabhán chun a bheith ann, is deas an rud é frith-chothromaíocht de shaghas éicint a bheith ann ó thaobh an daonlachais de. Níl na leaids sin ag fáil aon rud eile in uachtar orainne má tá deis agamsa rud éicint a rá faoi. nós*: Ar cheart go mbeadh vóta ag saoránaigh Éireannacha sa tuaisceart i dtoghchán an Uachtaráin? CML: Cinnte gur cheart. Is post tábhactach é seo ó thaobh ionaid

nua siopadóireachta a oscailt agus mar sin de, mar aon le Ferrerro Rocher a ghreamú i dtriantáin ar plátaí, don dhá taobh den teorainn. Ba chóir go mbeadh guth ag gach saoránach sa phróiseas seo, fad ‘s nach ndéanann siad dearmad go bhfuil mo Phritt-Stick féin agam. nós*: Cé dó nó di an mbeidh tú féin ag caitheamh do vóta? CML: Dom féin a mhac! Is fiú gach uile vóta amuigh ansin. Tá cúigear i dteach ‘s agamsa, agus faoi mar a sheasann sé ceapaim go bhfuil thart ar trí cinn acu agam. Tús maith, leath na hoibre. nós*: Deirtear go mbíonn ‘Tá Conchubhair mór maith!’ á ghlaoch amach ag muintir na Libia le seachtain nó dhó anuas agus gur rann coitianta do pháistí anois é ‘Conchubhair mar Uachtarán’. An féidir leat cur síos a dhéanamh ar fhocail an amhráin seo? CML: Téann sé seo siar na blianta fada anois ón am a chaith mé amuigh ansin ar mhalartú cultúrtha agus mé óg. Bhí mé ag obair i scoil le páistí óga, agus iad ag iarraidh foghlaim faoi cheol na hÉireann ‘s mar sin de. Is sean-amhrán thart ar Baile Mhuineacháin é (ach go háirithe i dteach s’agamsa) a théann siar go

dtí an lá a chum mé féin agus Vanilla Ice é sa seomra suite. Ní dhearna mé taifead air nó aon rud, agus chúir sé iontas orm cúpla bliain ó shin nuair a chuala mé Jedward á chanadh san X-Factor thall i Londain. Buíochas le mac Dé níor chuala siad gur chum mé ‘Informer’ le Snow thart ar an am céanna freisin... nós*: Cén freagra atá agat ar na líomhaintí a deir go raibh tusa ar bord an eitleáin de chuid Ryanair inár lig Gerard Depardieu a mhún le déanaí, agus go mb’fhéidir go raibh lámh agat san eachtra? GML: Níl faic le rá agam maidir leis sin, seachas seo: Gerard: Tá a fhios agat go rí-mhaith caidé a tharla, so gabh do leithscéal as ucht an méid a dúirt tú, nó beidh troiblóid ann. Tá mé bréan le do chac. Fágfaidh mé mar sin é. nós*: Tá feachtas láidir agat ar na gréasáin shóisialta, Facebook ach go háirithe. An dóigh leat go mbíonn Uachtaráin agus ceannairí an domhain ag tabhairt soncanna dá chéile ar líne? CML: Cuid acu tá, agus cuid eile acu nach bhfuil. Táimid uilig ar an eolas mar gheall ar cé chomh gníomhach ‘s a bhíonn Ó Bama ar twitter, facebook,

foursquare ‘s a leithéid, ach rud atá ag cur i bhfad níos mó buartha orm le déanaí ná an méid ‘re-tweets’ atá le féiceáil ó Sarkozy agus Merkel ó Darth Vader, ach go háirithe i ndiaidh an méid a tharla ar Alderan. Tóg mar shampla: ‘Lolz @ Alderan, #DeathStar ag obair mar is ceart. Thnx @IMF’ agus ansin nasc go dtí twitpic den áit ina raibh an plainéad sular phléasc sé. Is níos tábhactaí atá sé anois ná ariamh Uachtarán nua láidir inniúil a chur san Áras ar eagla gur muidine anseo in Éirinn an chéad dream eile don láimhseáil céanna uathu. Ní féidir dul sa seans gurb í an Ghréig a bhfaighfeadh é, cé nár chuma le haon duine fúthu i ndáiríre. Vótáil Conchubhair. nós*: Agus ar deireadh, cad é an scéal seo fút féin agus buaiteoir Rós Thrá Lí, Tara Talbot? Tá foinse againn a d’inis dúinn gur rugadh ort agus í in éineacht leat taobh thiar den siopa sceallóga ‘Green Rooster’ oíche Mháirt seo caite… CML: D’iarr sí orm mo ‘dhamhsa sicín’ a thaispeáint di. Níl tada eile le rá agam! Is féidir feachtas Uachtaránachta Chonchubhair a leanúint ar Facebook (Conchubhair for President) nó ar a bhlag www. blarneytimes.com

*

www.nosmag.com  5


Cístí cola aon duine?

beatha

S

eo oideas do bhorróga milse blasta atá an-éasca a dhéanamh. Bainfidh tú sult as iad a dhéanamh agus dár ndóigh iad a ithe. Ní thógann sé mórán ama iad a ullmhú agus tá neart sna méideanna thíos chun 15 borróg a dhéanamh. Ar aghaidh leat, bain triail astu! Comhábhair: 2 cupa de do rogha cola (Mecca, Coca-Cola ach ní Diet Coke!) 1 cupa de phúdar cócó neamhmhilis ½ cupa ime, gearrtha i míreanna 2 cm 1 ¼ cupa de shiúcra gránaithe ½ cupa de shiúcra rua dorcha 2 cupa de phlúr bán 1 ¼ tae-spúnóg de shóid bhácála 1 tae-spúnóg de shalann 2 ubh mhór Reoán: 1 ½ cupa d’uachtar le coipeadh 4 tae-spúnóga de shiúcra ina phúdar ½ tae-spúnóg d’úscra fainile Silíní mar sméar mullaigh Próiseas: Réamhthéamh an t-oigheann go 160 céim Celsius. Smearaigh le him nó ola an taobh istigh den múnlán borróg. I gcorcán beag, téamh an cola, an púdar cócó, agus an t-im go

dtí go bhfuil an t-im leáite. Cuir isteach an dá shiúcra nuair atá an t-im leáite. Measc gach rud go dtí go bhfuil an siúcra díleáite. Bain ón teas agus lig dó fuarú. I soitheach mór, gread an plúr, an tsóid agus an salann le chéile. I soitheach beag, coip na huibheacha le chéile go dtí go bhfuil siad coipthe, agus ina dhiaidh sin gread isteach sa mheascán cócó iad go dtí go bhfuil an t-ábhar ar fad cumasctha. Cumasc an meascán plúir sa mheascán cócó. Beidh an fuidreamh mealltach – ná gread an iomarca é nó beidh na borróga crua. Doirt an fuidreamh isteach sa múnlán borróg agus cuir san oigheann é ar feadh 20 nóiméad. Cas an múnlán timpeall tar éis 10 nóiméid. Sáigh scian nó briogún iontu chun iad a dhearbháil. Má thagann an scian nó briogún amach glan, tá siad réidh. Tóg amach iad agus cuir ar eallóg iad chun fuarú. I soitheach eile, coip an t-uachtar, an siúcra ina phúdar agus an t-úscra fainile le chéile go dtí go n-éiríonn sé beagáinín righin. Doirt isteach i scairdeán reoáin é. Steall an reoán i bhfáinne ar mhullach na mborróg agus ansin mar sméar mullaigh, cuir silín ina shuí ar bharr an reoáin. Roinn leis na daoine is ansa leat iad agus bain sult astu!

FOCAIl seanán ó coistín

Cuairt chairdiúil ar bhialann cheannairceach amicus

Cathair Chorcaí

C

úpla coiscéim ó Shráid Naomh Pádraig i lár chathair Chorcaí, ní fhéadfaí bialann ní b’fhearr a aimsiú a bhfuil an caighdeán bia, seirbhíse agus atmaisféir chomh hard sin aici. Ar Shráid Phóil atá Amicus, bialann Iodálach ina bhfuil praghsanna réasúnta, biachlár a d’oirfeadh don uile chustaiméir agus freastalaithe a bhíonn aireach agus réchúiseach. Cé nach dtaitníonn bialanna móra le gach duine, éiríonn le Amicus na custaiméirí a chur ar a gcompord, cé acu a bhíonn boird do ghrúpa mór nó bord do bheirt ag teastáil. Ach is é caighdeán an bhia an fáth a mbíonn Amicus nach mór lán ó cheann ceann

6  www.nosmag.com

na seachtaine. Mar réamhchúrsa, leagadh rogha aráin agus anlainn amach (¤5), ina measc bhí an t-anlann Arabach hummus, anlann olóige, agus pesto basal. Bhí an t-arán chomh blasta céanna – arán tais donn baile, arán tráta agus arán bog Francach. Is cinnte gur bhain an comhluadar an oiread suilt chéanna as an sailéad caesar (¤8) le croutons briosca agus slisíní úra de cháis parmesan. Cé gur leor réamhchúrsa a bhlaiseadh le moladh a thabhairt don bhialann, tá moladh níos airde le dul don phríomhchúrsa (¤12) – pasta penne orgánach le sliseanna den ispín Spáinneach chorizo agus slisíní beaga courgette, iad measctha in anlann tráta agus basal. Ar a bharr bhí cnónna péine rósta in ola

olóige, rud a chuir áthas ar na blaslóga. Ag an gcomhluadar bhí pasta tagliatelle (¤11) le sicín, beacáin agus oinniúin in anlann uachtarach. An t-aon ghearán ná go ndearnadh barraíocht cócaireachta ar an bpasta agus gur thit sé as a chéile ar deireadh, ach é blasta ag an am céanna. Mar leithscéal chun cuairt eile a thabhairt ar Amicus – gan trácht ar na boilg lána - níor bacadh le milseog a ordú. Chosain an béile iomlán ¤45, buidéal fíona san áireamh. Tá sé le haithint go bhfuil samhlaíocht ag príomhchócaire na bialainne, Keith Woods, as ucht biachlár idirnáisiúnta a chur ar fáil gan dul thar fóir leis na comhábhair.

FOCAIl felim borland


beatha

Pócaí lána is tóin tinn...

Téann Caoimhe Ní Chathail ar thóir gúna a oireann dá cruth coirp

T

á mé ag tabhairt cuid mhór airde ar na cláir fhaisin a bhíonn ar an teilifís na laetha seo agus mé ag iarraidh dul i dtaithí ar na cineálacha éadaí a oireann dom agus a chuireann cuma mhaith orm. I ndiaidh dom fáil amach cén cruth coirp atá orm - piorra dar le suíomh idirlín amháin, orláiste dar le ceann eile agus gan ceachtar acu bheith ceart dar liom! shocraigh mé dul sa tóir ar an ghúna foirfe. Tá a fhios ag gach duine gan stríoca cothrománacha a chaitheamh agus tú rud beag thar meachán, gur fearr sraitheanna agus ábhar rufaí a sheachaint agus gurb iad na stríoca ingearacha do chara is fearr i gcónaí, ach cén fáth nár dhúirt duine ar bith do na dearthóirí faisin nach dtagann sciorta gairid do gach duine?

Chuala mé ar na mallaibh go gcaithfidh mainicíní bheith cosúil le crochadán éadaí, iad díreach thuas is thíos gan rud ar bith sa lár, ach an ionann sin agus a rá go gcaithfidh na sciortaí stopadh ag bun an chrochadáin? Is cailín measartha ard mé, timpeall 5’7”, agus mar sin de tá cosa réasúnta fada agam, idir 32 agus 34 ag brath ar na bróga, agus cé go bhfuil mé ag traenáil liom agus ag obair go crua, tugann mo stócach “Chun Li thighs” orm ar fad! Do dhuine ar bith nach n-aithníonn an t-ainm sin, carachtar í amach as an chluiche Street Fighter a bhfuil másaí móra uirthi. Ní miste liom an leasainm seo óir tá a fhios agam go bhfuil dúil aige sna leasracha móra ach taobh amuigh de sin déarfainn

nach iad an chuid is fearr do mo cholainn! Ar aghaidh liom ar an torraíocht seo fríd siopaí Bhéal Feirste go ndeachaigh an ghriain i bhfostú ach gúna ar bith ní bhfuair mé - gach gúna a thriall mé orm, is ar éigean gur chlúdaigh sé mo thóin! Anois tá am agus áit ann le do thóin a thaispeáint (go háirithe má bhíonn tú ag iarraidh an aird a bhaint de do mhásaí Chun Li) ach ní ar an tsráid le linn an ‘tsamhraidh’ Éireannaigh seo. Lena chois sin, is mise an cinéal duine a bheadh ag coimhéad amach fá choinne duine a bheith gléasta go contráilte agus dá mba mise duine eile ag amharc orm sna gúnaí sin, bheinn a rá “cé a shíleann sí is í leis an chulaith ghairid sin uirthi?! Ní aici atá na cosa don chinéal sin!”

Mar sin de cad iad na roghanna atá agat? Tá mé tinn tuirseach bheith ag caitheamh riteoga, nó teanntaí mar a thugann muintir Bhéal Feirste orthu, tá mé dubh dóite leis an bhriste géine, tá mé ag dul as mo mheabhair leis na leggings, ba mhaith liom mo chosa a thaispeáint gan mo thóin a nochtadh os comhair an tsaoil mhóir! Bíonn cleasanna éagsúla ag gach cailín, agus oireann cuid de na roghanna sin go maith do chuid mhór, ach is cosúil go bhfanfaidh mo chosa i bhfolach go dtí go gcaillfidh mé tuilleadh meacháin, nó go dtí go n-athraíonn an stíl arís agus go mbeidh gnáthbhean cosúil liomsa le mo mhásaí Chun Li in vogue arís.

nuacht24 físeáin • scéalta • plé • gach lá • www.nuacht24.com

*


Cóisir Bhreithlá Raidió Fáilte! Ceolchoirm ‘5 bliain de Raidió Fáilte’ le Gráinne Holland agus na Stonethrowers Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, 22 Meán Fómhair 2011 Doirse ag Oscailt 8:30in, £5 ar an doras Tuilleadh sonraí le fáil www.raidiofailte.com nó www.grainneholland.com Glaoigh ar (+44) 28 9031 0013 nó seol ríomhphost chuig oifig@raidiofailte.com

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió Tá Raidió Fáilte ag tabhairt an deis do Ghaeilgeoirí cruthaitheacha páirt a ghlacadh i gcúrsa nua traenála atá á reáchtáil againn i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen. Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar. Gabh i dteagmhéal le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com roimh 2 Meán Fómhair 2011.

Ag tógáil líonra raidió pobail lán-Ghaeilge sa tuaisceart Tá Raidió Fáilte an stáisiún raidió lán-Ghaeilge i mBéal Feirste ag tabhairt cuireadh do ghrúpaí Gaeilge sa tuaisceart freastal ar chruinniú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar 22 Meán Fómhair 2011 ar 2:00 in le ceist raidió pobail lán-Ghaeilge a phlé. Beidh tréimhse trí mhí ann luath i 2012 nuair a bheidh OFCOM ag tabhairt an deis do ghrúpaí, iarratais do cheadúnas raidió pobail a chur isteach agus tá Raidió Fáilte ag iarraidh go mbeidh grúpaí Gaeilge ullmhaithe le hiarratais s’acu a dhéanamh. Beidh saineolaithe ar leith ag an chruinniú le heolas a scaipeadh agus le ceisteanna a fhreagairt faoin phróiseas. Duine ar bith a bhfuil suim acu freastal ar an chruinniú déan teagmháil le Fergus ag oifig@raidiofailte. com

Le tacaíocht ó / Supported by the Creative Industries Innovation Fund


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.