nós* iris ghaeilge don nua-aois
ceol cymru
Beocht Phunc na Breataine Bige
GIG-GHRAiF na bliana
Íomhánna ó mhórimeachtaí ceoil
no klingon
Agallamh le Manchán Magan
eag. 5
ceol ‘08 breizh surfáil eile! www.nosmag.com
&3.80 $3.00
*
* * * * * *** * ** fáilte
* **
Breis agus seacht mí ó tháinig nós* ar an saol i Márta na bliana seo, tá an chéim is mó go dtí seo glactha ag an iris. Is ea, a chairde, tá nós* i gcló. Tréimhse chorraitheach spreagúil í gan aon amhras agus tá gliondar orainn an iris Ghaeilge is snasta agus is úire ar an mbloc a chur ar fáil dár léitheoirí, ní hamháin ar líne ach i bhfoirm chlóite chomh maith. Is eagrán speisialta é seo - bailiúchán d’ábhar a bhí ar nós* cheana - chun bronntanas beag a thabhairt do phobal na Gaeilge agus, ag an am céanna, chun taispeáint cad a bheas i gceist leis an iris nuair a chuirfear tús leis an gcló míosúil sa bhliain úr. Mar sin, má thaitníonn an t-eagrán seo leat, is é an bealach is fearr chun do chóip a chinntiú ná síntiús a ghlacadh amach. Ó tharla nach bhfaigheann nós* aon mhaoiniú stáit, tá síntiúis an-tábhachtach dúinn agus beidh muid an-bhuíoch go deo! Ar aghaidh libh isteach sa chéad ofráil chlóite seo... foireann nós* www.nosmag.com 3
fáilte
subscribe! Anois go bhfuil nós* ar fáil ar líne agus i gcló, níl leithscéal fágtha ag aon duine gan síntiús a ghlacadh amach ;-) Mar sin, má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu. Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£32 ar shíntius bliana - margadh iontach, nach é? Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 64 agus ar www.nosmag.com
foireann nós* PO BOX 188 An tIúr BT35 5BA eolas@nosmag.com www.nosmag.com
4 www.nosmag.com
EAGARTHÓIR Tomaí Ó Conghaile
Rosie Cheeks, Ciarán Dunbar, Tim Armstrong, Anthony Kenny
MARGAÍOCHT Félim Borland
GRIANGHRAIF Kiritia Images - www.kiritia.com
RANNPHÁIRTITHE Rónán Mac Aodha Bhuí, Sinéad Ní Churnáin, Diarmuid Ó Muirgheasa, Cillian de Burca, Scott de Buitléir,
*
eile 36 Faiseán agus Scéimh 48 Ar Taispeáint 54 An Cailín sa Chathair 62 Liosta Imeachtaí
t
istigh stíl t bheatha 31 Cowabunga! Surfáil in Éirinn 34 Rugbaí Aerach Corn Bingham i mBÁC
ceol 7 Léirmheasanna Albaim 8 Beocht na Breatnaise Saol punc Cymru 10 CEOL ‘08 12 Anoir Aduaidh Sunrise Not Secular 14 Gig-Ghraif
scáileán
t
taisteal 41 Breizh go Deo Turas ar an Bhriotáin álainn 43 Firenze faoi Bhláth
t
LÉARGAS
t
57 Cás Cogaidh Tuairimí ar son agus i gcoinne ionradh na hIaráice
t
19 Meabhrúcháin Mhancháin Barúlacha an Uasail Magan 22 Filleadh an Laoich Léirmheas ar scannán úr Indie
teicneolaíocht
t
27 An tÚll Mór Ré nua tosaithe ag iPhone Apple 28 Sionnach Glic Eolas taobh istigh ar an mbrabsálaí Firefox
www.nosmag.com 5
ceol 6  www.nosmag.com
FOCAIl antHony kenny
CEOLTÓIRÍ ÉAGSÚLA Indiecator Vol. 2
T
á an coincheap simplí - tóg cuid de na bannaí neamhspleácha is fearr dá bhfuil ann, cuir amhrán amháin ó gach grúpa ar chnuasach digiteach agus díol é ar phraghas maith ar líne. Cur chuige uaillmhianach gan amhras ach an n-oibríonn sé? Bhuel, tá an chuma air go n-oibríonn. Is togra de chuid an bhlagálaí Éireannaigh mp3hugger é indiecater - a bhfuil an dara bailiúchán sa tsraith i ndiaidh theacht amach - agus ar na gnéithe is tarraingtí faoi ar fad ná go dtéann sciar den airgead (níl air ach ¤4.50 ag deireadh an lae) a dhéantar ar na halbaim ar ais chuig na ceoltóirí féin. Thuill an chéad eisiúint moladh go leor ar líne agus i gcló agus ní
GLASVEGAS Glasvegas
I
s minic a chloisimid an seanphort faoi bhanna nua atá ag teacht ar an bhfód, grúpa ógánach faiseanta le bearraí gruaige cliste a mholtar go hard na spéire ag na saineolaithe in irisí eile ceoil. Mar sin, nuair a fheicimid na focail sin ‘Albam na Bliana’ ar chlúdach CD, is ceart dúinn bheith amhrasach. Ach caithfear a rá go bhfuil substaint leis na moltaí an babhta seo, mar tá rud ar leith curtha le chéile ag na hAlbanaigh Glasvegas ar a gcéad eisiúint faoin teideal céanna. Albam snasta é ó bhun go barr deich rian láidre agus dea-chumtha a shníonn ó rian go rian ar nós stoirme leictrí - dian, domhain agus dorcha ach lán le paisean. Maireann an chéad amhrán Flowers and Football Tops naoi
hhhhh chuirfidh an ceann is déanaí díomá ar mhórán ach an oiread, lucht indie ach go háirithe. Ar na grúpaí Éireannacha a cuireadh san áireamh an iarraidh seo ta The Spook Of The Thirteenth Lock as an ardchathair agus Mumblin’ Deaf Ro, a léiríonn a bpríomhamhránaí mianach maith cé nach bhfuil a n-amhrán mealltach What’s To Be Done With El Salvador ró-olc ach an oiread. Cruthaíonn an ceoltóir Ceanadach Montag fuaim atmaisféarach le Going Places agus is deas réamhbhlaiseadh a fháil ar The Ruby Suns as Aotearoa a bheas anseo in Éirinn ag tús mhí na Samhna, ach is iad na grúpaí de chuid na Stát a sholáthraíonn buaiceanna an bhailiúcháin. Ina measc sin tá Eagle Seagull
as Nebraska lena macallaí de David Bowie agus liricí greannmhara in I’m Sorry But I’m Beginning To Hate Your Face - is é, is féidir a léamh ón teideal cén saghas traic atá i gceist. Amhrán mór é The Status Quo ó The Van Allen Belt, a bhfuil gliceas nach beag ann chomh maith, agus déanann The Very Most as Boise Idaho (cá háit? eag.) tiúin áthasach chomh cumasach le dream ar bith atá le cloisteáil ar an raidió faoi láthair. Tá an ceol maith ann féin mar sin ach gnóthaíonn an cnuasach seo pointí breise as dul in iomaíocht chruthaíoch leis na lipéidí móra.
hhhhh nóiméad, rud nach molfá ar do chéad albam riamh ach glactar leis mar chomhartha d’fhéinmhuinín an bhanna. Seasann an tsingil Geraldine amach chomh maith, ní hamháin mar shár-amhrán ach mar shampla maith den fhoirmle atá ag Glasvegas - amhrán réasúnta simplí le liric lom agus neamhbhalbh curtha i láthair le muinín agus macántacht. An t-ábhar a phléitear ná gnáthníthe an tsaoil gnáthdhaoine neamh-rómánsúla ag déanamh gnáthrudaí (Geraldine an t-oibrí sóisialta, sa chás seo). Canann Allan gach nóta ina chanúint Ghlaschú féin - rud beagan difriúil arís - agus taispeántar go bhfuil rac-rianta seanaimseartha iontu freisin, mar atá Lonesome Swan agus Go Square Go.
Críochnaíonn siad le rian taibhseach dorcha eile, Ice-Cream Van, ina bhfuil blas Sigur Rós le cloisteáil. Seolann an ceol ar aghaidh ar thonn doiléir dorcha - callánach agus fuaim-bháite i gcónaí, ar nós My Bloody Valentine nó na “shoegazers” eile. Cuirtear na hAlbanaigh eile Jesus and Mary Chain i gcuimhne duit freisin, ach sin rud nach ndéanann pioc dochair i mo thuairimse. Jesus and Mary Chain le léiritheoireacht ó Phil Spector, abair. Le fírinne, ní hiad an banna is oiriúnaí riamh, ach tá géarghá anois le substaint, rud atá ag Glasvegas go flúirseach.
www.nosmag.com 7
ceol
punc cymru
C
uireadh tús le tionscal ceoil na Breataine Bige, mar is ceart, in 1969 nuair a bunaíodh an príomhlipéad Breatnaise, Sain. D’eisigh siad ceirníni le ceoltóirí traidisiúnta na Breatnaise ach sa bhliain 1990 bhunaigh siad lipéad
8 www.nosmag.com
úr chun díriú ar mhargadh níos óige, agus ceol chomhaimseartha an lae. Go dtí sin, ní raibh lipéad mór ar bith ann ag amharc i ndiaidh racghrúpaí Breatnaise, agus bhí na bannaí iad féin ag bunú lipéidí beaga chun a gcuid ceirníní féin a chur
amach. I ndeireadh na seachtóidí, agus sna hochtóidí, bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise. Ina measc bhí, Rhys Mwyn, dordghiotáraí le Anrefhn agus
FOCAIl rónán mac aodha bhuí fear atá i gceannas ar an lipéad Crai anois. “Bhí cineál post punk vibe ag tarlú agus bhí grúpaí ceoil ag reachtáil a gcuid lipéidí féin, agus ag éisiúint ceirníní singil seacht n-orlaigh. Bhí mise i mo bhall den ghrúpa Anhrefn, agus thosaigh muid ár lipéad féin in 1983, Anhrefn Records. Bhí muid faoi thionchar léithéidí Factory Records i Manchain Shasana, agus an lipéad a bhí ag Crasse i dtús na n-ochtóidí. Bhí ár lipéad féin againn gan aon chúnamh airgid ón Stáit. Bhailigh muid airgead trínár ngigeanna féin a eagrú, agus chuirfeadh muid an brabús uilig isteach sa lipéad arís. Obair dheonach den chuid is mó a bhí ann, cé go raibh muid ag obair air go lán-aimseartha.” Ba sa Bhreatain Bheag féin a bhí siad ag seinm den chuid is mó go dtí gur chuir duine de na láithreoirí raidió ceoil is mó sa Bhreatain ag an am spéis iontu féin agus grúpaí eile a bhí ag canadh as Cymraeg. “Thosaigh John Peel ag seinm ár gcuid ceirníní idir 1985 agus 1987, agus mar gheall air sin, tugadh cuireadh dúinn coirmeacha ceoil a dhéanamh taobh amuigh den Bhreatain Bheag den chéad uair.” Cé gur chan siad i mBreatnais, deir Rhys go raibh síad frithnáisiúnach. “Grúpa punc a bhí ionainn agus
“Bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise.” rhys mwyn meas againn ar gach aon chultúr. Ní raibh muid ag iarraidh daoine a choinneáil amuigh. Creideann muid go bhfuil an náisiúnachas caite i mbosca brúscair na stáire le fada. Scaip muide an scéala gur chóir duit do theanga féin a labhairt. “Bhí cineál achrann inmheánach ansin sa ghrúpa maidir leis an dóigh is fearr leis an teachtaireacht a chur chun cinn. An mbeadh muid ar son cultúir, ar son indibhidiúlachais, frithnáisiúnach, nó caidé? “Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an
Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais. Agus bhí muid ag mealladh daoine i dtreo na teangan lenár gceol. Ag an deireadh choinnigh an pholaitaíocht síar muid cionnas go raibh muid ró-radacach.” Ach tá luach saothair anois ar a gcuid oibre. Tá an lipéad Crai iontach gnóthach, agus grúpaí ceoil cosúil le Big Leaves, Gogz, Maharishi, agus Gwenno ag eisiúint ceirníní atá ag tarraingt aird mhór ar cheol na Breatnaise. “Tá grúpaí curtha ar fáil againn atá ag déanamh go maith ar an stáitse idirnáisiúnta, agus is cúis bróid dúinn go bhfuil grúpaí cosúil leis na Super Furry Animals, ina bhfuil iar-bhall Anhrefn ag buaileadh na ndrumaí, ag tabhairt cheol na Breataine Bige amach os comhair an tsaoil mhóir.” Sa lá atá inniu ann tá beocht as cuimse i saol ceoil Cymraeg, réabhlóid a tosaíodh siar sna 60í, a neartaigh puncairí cosúil le Rhys sna 80í agus atá anois ag cur amach na scórtha amhrán roc agus pop gach bliain. Ag croí na réabhlóide seo tá eagrais ar nós Cymdeithas yr Iaith Gymraeg agus Ciwdod a thugann deis agus tacaíocht do bhannaí nua a gcuid scileanna a thaispeáint dá bpobal féin. Cool Cymru gan aon amhras.
www.nosmag.com 9
ceol ceol ‘08 Albam Sheachtain na Gaeilge
hhhhh Drochdhomhan Mór Álainn Declan O’Rourke Tá clú bainte amach ag an Ruarcach leis an leagan Béarla den amhrán seo agus cuireann an leagan Gaeilge tús fóirsteanach bríomhar le halbam na bliana seo. Tá draíocht faoi leith ag glór an Duibhlinnigh a chuireann splanc réchúiseach sa lucht éisteachta. Amhrán mór álainn.
trasna aige faoi théama pearsanta. Tá an mianach ann.
Bunús ar Gach Uile Ní Delorentos Roc ailtéarnach an forte atá ag na Delorentos agus tá sampla cruinn dá stíl sa traic seo. Taitneoidh sé leis an ghlúin úrnua rocairí atá amuigh ansin ach níl an guth glan go leor le lánmharcanna a thabhairt dó.
Comhaireamh chun Codladh Grian Gheal Lonrach Wallis Bird The Walls Bíonn i gcónaí iontas nó dhó
ar bhailiúcháin Sheachtain na Gaeilge agus seo ceann acu. Tá dóigh dá cuid féin ag an éan beag seo ach oibríonn a fuaim éagsúil lena línte gleoite - ‘thit mé thar fhocal a bhí os mo chomhair’ - le traic measartha láidir a chruthú sa deireadh.
Na giotáir agus na drumaí ag tús an amhráin seo a dhéanann so-aitheanta é agus is iontach go bhfuil leagan ar fáil anois inár dteanga féin. Ceann foirfe don aimsir mhaith a bheas againn sa samhradh (!), beidh an tiúin seo ag lonrú amach as raidiónna agus ipodanna Gaelacha ar fud na tíre.
Cailín na Gaillimhe Mundy
Taibhsí nó Laochra The Coronas
Tá clasaic Steve Earle ar eolas againn ar fad agus beidh antóir chomh maith ar an iarracht iontach seo ó Mundy. Ceol tíre le mana, cuirfidh buillí agus rithim an amhráin do chosa ag bogadh gan aon amhras. Ceann de bhuaicphointí an albaim.
Sea Táim Fiach Bhí an-amhrán ag an leaid óg tallannach seo de chuid na Príomhchathrach ar Ceol ‘07 agus seo ceann maith uaidh arís. Tá an chumhacht sna focail an uair seo agus atmaisféar dáiríre á chur
10 www.nosmag.com
Cé nach bhfuil siad ar an fhód ach le dornán de bhlianta, tá fuinneamh forbartha aimsithe ag na Coronas atá le mothú san amhrán seo chomh maith. Tá doimhneacht mheallacach ann nach mbíonn le fáil go rómhinic agus is binn an glór atá ag an phríomhamhránaí, Danny O’Reilly. Tá sé ráite ag na Coronas nach bhfuil sé as an cheist go gcuirfeadh siad albam Gaeilge amach. Ar aghaidh libh a bhuachaillí! DEISEAL ÓN BHARR: WALLIS BIRD, DECLAN O’ROURKe, luan parle, gavin glass, the walls, tadhg cooke
Cailéideascóp Dave Geraghty Tá beocht dheas sa cheann seo ón Uasal Geraghty agus a chairde, é curtha le chéile go snasta ag ceoltóirí cumasacha. Seans nach bhfanfaidh an port féin leat chomh fada ná furasta le roinnt rianta eile ar an dlúthdhiosca ach tá aistriúchán Gabriel Rosenstock fileata amach.
Cruthaítear Éad Tadhg Cooke Amhrán néata é seo a bhfuil rithim éadroim leis. Is dócha nach cupán tae gach duine é ach is deacair locht a fháil ar an atmaisféar saghas broinglóideach a chruthaíonn sé.
Wickerman Lir Macalla ó na 90í é an ceann seo ón bhanna Lir, a raibh an-tóir orthu i measc lucht ceoil na mílaoise seo caite. Fuaim réchúiseach a bhí acu i gcónaí agus tagann sé trasna arís san aistriúchán Gaeilge seo ar Wickerman. Cuirfidh sé gliondar ar go leor go bhfuil traic acu ar an albam.
Oscail do Theorainn Jack L Téann guth draíochta an fhir seo as Cill Dara i bhfeidhm ar gach neach a éisteann leis agus tá an éifeacht chéanna san amhrán álainn seo. Ní hamháin gur tarraingteach an ceol é ach tá focail an traic breá cumhachtach chomh maith.
Taibhse Luan Parle Buaic eile an albaim é an iarracht ghalánta seo ó bhean óg atá i ndiaidh moladh mór a thuilleadh ó chriticeoirí i gcóngar agus i
gcéin. Aistrithe go deas ag Traic Ó Braonáin, gnáthóidh an taibhse áirithe seo go ceann i bhfad thú, agus cuirfidh tú fáilte mhór roimpi.
An Dragún The Guggenheim Grotto Tá fuaim iontach ag na boic seo a bhfuil lucht leanúna acu ní hamháin in Éirinn ach i SAM chomh maith. Is aislingeach amach an ceol a chuireann siad ar fáil agus bainfear sult as bheith ag tógáil go bog é ag éisteacht leis an cheann seo.
Mo Ghrá Geal Gavin Glass Is iad na buillí Meiriceánacha a chuireann le tarraingt an amhráin seo ó cheoltóir atá gnóthach ar an turas Éireannach le tamall anuas. Oibríonn an port leis na focail, a chantar go séimh, le toradh maith a chruthú.
Fill Fill a Rún Ó Dingle White Females Amhrán tromchúiseach traidisiúnta curtha i láthair go gleoite ag na sárcheoltóirí Pauline Scanlon agus Éilís Kennedy. Níl mórán ar an albam as taobh amuigh de cheantar na Príomhchathrach agus cuireann mná seo an Daingin - a bhfuil Donagh Hennessy á dtionlacan ar an ghiotár - go mór leis an bhailiúchán iomlán.
Ar Shiúl go Rinn Spáinneach Slide Banna cumasach lán le ceoltóirí den chéad scoth, is traic an-deas é seo, cumtha agus aistrithe acu féin. Andrew Murray atá i mbun na bhfocal agus nascann a ghlór go réidh leis an fhuaim iomlán. Táthar ag súil le tuilleadh ábhar Gaeilge ó Slide.
www.nosmag.com 11
ceol
a lb A n a n n a e in é r G Éirí na I s iongantach an scene ròc a tha a’ dol air adhart ann an Leòdhas agus anns na Hearadh o chionn goirid. Tha na còmhlanan ròc air am breacadh siod agus an seo air feadh an eilein, agus grunn math dhiubh stèidhichte ann an Steòrnabhagh fhèin. Cha bhite idir an dùil gum biodh a leithid de rud ann agus cho gnìomhach ann am baile far nach eil ach mu ochd mìle duine a’ fuireach uile gu lèir.
12 www.nosmag.com
Ach gu dearbh, thàinig còmhlan seach còmhlan às an eilean anns na beagan bhliadhnaichean a chaidh, agus lean feadhainn dhiubh mar Our Lunar Activities agus Dragging The Lake orra agus rinn iad ainm math dhaibh fhèin air tìr-mòr. Mas e a’ chiad annas a th’ ann gu bheil ròc cho beòthail air an eilean, ‘s e an darna annas a th’ ann gun dèan cha mhòr a h-uile còmhlan sin an cuid ròc ann am Beurla, agus seo ann an eilean far a bheil Gàidhlig aig thar
70% dhen t-sluagh ann an cuid dhe na sgìrean. Is cinnteach gun lorgar na h-adhbharan dòrainneach àbhaisteach sòiseo-chànanach aig cnag na cùise sin, ach tha e na bhrosnachadh mòr mar sin gu bheil beagan chòmhlanan a’ nochdadh a-nis ann an Leòdhas agus anns na Hearadh a bhios a’ sgrìobhadh agus a’ cluich ceòl ùr ann an Gàidhlig, agus tha Sunrise Not Secular aig toiseach an dream sin.
FOCAIl tim armstrong
Cha robh an còmhlan ri chèile ach greis ach dh’èirich e gu math dhaibh agus gu luath. Chluich iad aig an fhèis mhòir ann an Loch Nis, Beat the Drum, samhradh ‘s a chaidh, agus nochd iad air Rapal T.Bh. às dèidh sin. Bidh iad a’ falbh air turas beag mun cuairt Albann an ath mhìos gus comharrachadh air bogadh a’ chlàir ùir aca, Toiseach an Turas. Bidh ceithir òrain air agus a dhà dhiubh ann an Gàidhlig. “Bha e faireachdainn nàdarra dhomh, mar ‘s gur e Gàidhlig a’ chiad cànan agam, gun sgrìobhainn òrain innte,” thuirt David Nicolson, seinneadair sa chòmhlan. “Agus a-nis, tha sinn ag iarraidh gun tèid sinn le ceòl Gàidhlig far nach deach duine a-riamh.” Is coltach gun tèid. Tha Sunrise Not Secular a’ cluich ann an stoidhle ris an canar ‘epic’, agus gu math cosmhail ris an stoidhle a bh’ aig na
còmhlanan mòra Ceilteach anns na h-ochdadan mar Big Country. “Is fìor toigh leam sgreuch nan riofan Ceilteach mòra,” dh’aidich David, “is toigh leam mar a rinn na balaich sin fuaim air a’ ghiotàr a tha fìor nuadh ach Albannach aig a’ cheart àm.” ‘S e òran slaodach treun a th’ anns a’ chiad òran Ghàidhlig aca, Solas na Maidne, le fonn san t-sèist a tha air leth gabhaltach. Abair thusa gu bheil guth David mòr gu leòr dhan obair agus ‘s e Brian Macleod an drumair òg as fheàrr a bhios a’ cluich ann an Steòrnabhagh an-dràsta. Tha a h-uile coltas ann gun tèid iad bho neart gu neart o seo a-mach. “Tha mi air mo dhòigh ga dhèanamh ann an Gàidhlig,” thuirt David, “agus tha sinn an dùil gum bi co-dhiù dà òran ùr Gàidhlig eile deiseil againn airson an turais san t-samhradh.”
anoir aduaidh Siuthadaibh a bhalachabh! Ròc ceart Gàidhlig à Leòdhas mu dheireadh thall.
*
gluaisghaelach air feadh ar fud grunn dream mu thart ar còmhlan banna annas rud iontach dòireannach dóghrainneach brosnachadh spreagadh greis tamall a’falbh ag imeacht toigh maith, deas coltas cuma deiseil réidh airson le haghaidh, faoi choinne
LADS LEÒDHAIS: Sunrise Not Secular
www.nosmag.com 13
ceol
14  www.nosmag.com
GRIANGHRAIF KIRI BARKER
GIG-PIC Bhí nós* i láthair ag cuid mhór gigeanna ceoil i mbliana agus seo sampla de na híomhánna a foilsíodh go dtí seo. Deiseal ón deas tá; Óisín Mac Diarmada agus Damien Stenson ón bhanna Téada; Rónán Ó Snodaigh i mbun ceoil sa Chultúrlann, Béal Feirste; Captain Kennedy ag seinm ag Deis Roc agus The Dirty Nines, buaiteoirí shraith cheoil TG4.
www.nosmag.com 15
ceol agat? fógra nós*
Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge la Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi il chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmhá linn anois ar eolas@nosmag.com Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!
16 www.nosmag.com
www.nosmag.com  17
scáileán 18 www.nosmag.com
Meabhrúcháin Mhancháin Ba mhór an chonspóid a ghníosaigh an tsraith No Béarla - agus ancaire an chláir Manchán Magan - nuair a craoladh é ar TG4 anuraidh. San agallamh seo le nós* admhaíonn an láithreoir barúlach go raibh laigí ar an chéad sraith agus gur spreag sé sin é cur chuige éagsúil a úsáid in No Béarla II.
Spreag No Béarla I go leor * díospóireachta, le daoine áirithe ag cáineadh na sraithe agus daoine eile á molladh, ach cad é an sprioc a leag tú féin síos roimh thús a chur leis an chlár? Ní raibh aon choincheap mórchúiseach nó aon rud laistiar de. Bhíos ag siúl timpeall Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, trí bliana ó shin nó mar sin, agus bhíos ann ar feadh coicíse, ag caint as Gaeilge an t-am ar fad agus bhíos díreach ag smaoineamh - bhí an Ghaeilge nádúrtha ann ach cád a tharlódh dá n-imeoinn amach as limistéar na Gaeltachta agus dá ndéanfainn iarracht turas a dhéanamh. Ar dtús bhíos ag smaoineamh turas timpeall na hEorpa a dhéanamh agus Gaeilge amháin á labhairt agam ach ansin thuigeas nach mbeadh aon bhrí leis sin in aon chor. Mar sin bheartíos dul timpeall na hÉireann. B’shin an t-aon rud a bhí i gceist. Cheapas go mbeadh sé
suimiúil ar shlí amháin agus b’fhéidir go mbeadh beagán grinn ann ach ní raibh aon mhór teoiric agaim, chun an fhírinne a rá, ní raibh mórán smaoinimh nó macnaimh déanta agam ar an teanga nó ar thodhchaí na teanga. Thuigeas go raibh sí lag in a lán áiteanna agus gan dabht go raibh sí níos sláintiúla ná aon áit eile sna Gaeltachtaí. Agus níorbh é i ndáiríre go dtí an chéad lá a thosnaíomar ag scannánaíocht gur thuigeas go raibh an cheist chomh hachrannach sin agus go mbeadh i bhfad níos mó sa gclár ná mar a cheapas ag an tús. Thosnaíomar i mBaile Átha Cliath agus, formhór na ndaoine, ní raibh aon suim acu sa rud a bhí á dhéanamh agam, ach bhí daoine áirithe chomh diúltach gur baineadh geit asam, baineadh siar asam mar níor cheapas go mbeadh an iarmhairt sin ar mo chuid iarrachtaí díreach Gaeilge a labhairt.
o www.nosmag.com 19
scáileán Maidir leis na píosaí sa tsraith ina * raibh tú le feiceáil ag béicíl amach in ard do chinn ar thaobh na sráide. Bheadh daoine ann a déarfadh nach rachadh siad a fhad le duine mar sin ar aon chaoi, ba chuma i nGaeilge nó i mBéarla a bhí siad ag scairteadh. Agus tá an ceart iomlán acu. Bhí a lán amaidíochta i gceist sa tsraith, mar a bhíonn i gcónaí le clár teilifíse. Faraor, tá a fhios agat, is uafásach an meán í an teilifís nó fiú an clár is fearr faisnéise déanann sé iarracht greann nó éadroime éigin a thabhairt isteach ann. Clár éadrom a bhí ann. Ar shlí amháin bhí muid díreach ag déanamh cleasanna. I mBarra an Teampail bhí mé i mo sheasamh i gcuinne ag scréachach ar dhaoine ag rá go dtabharfainn cúig phunt dóibh. Gan dabht ní féidir aon rud a thógaint as sin ach go mbíonn pleidhcíocht agus amaidíocht i gcónaí i gceist le teilifís.
*
Agus ba í an amaidíocht sin ba chúis leis an cháineadh dar leat? Ón méid a chuala mise, an t-aon ghrúpa a bhí diúltach faoin gclár ná Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath agus baicle i mBéal Feirste. Sna Gaeltachtaí eile bhíodar sásta, cheapadar go raibh sé greannmhar. Thuigeadar gurbh é an rud céanna a tharla i gcónaí aon am a ndeachaigh siad féin ó Chonamara nó ó Chorca Dhuibhne go Baile Átha Cliath nó aon áit eile - chasadar ar an
20 www.nosmag.com
mBéarla. Ach ní foláir go raibh fiúntas éigin ag na daoine a bhí ag cáineadh an chláir, agus bhí mionlach cuíosach láidir ann. Cheap siad go raibheas ag díspeagadh na teanga, nó rud eile go raibheas ag caint ró-thapa, nach raibheas ag déanamh iarrachta bheith sothuigthe agus tá an ceart acu faoi sin. B’shin an rud a theastaigh uaim a dhéanamh. Níor theastaigh uaim Gaeilge na scoile, Gaeilge pháistiúil nó leanbaí a úsáid, theastaigh uaim an teanga a úsáid mar a úsáidim aon teanga eile.
*
Cad é atá éagsúil mar sin faoin dara sraith de No Béarla? Bhí suim ag RTÉ go ndéanfaimis sraith eile agus go ndéanfaimis an rud céanna arís ach dhiúltaíomar ar fad. Ní fhéadfainn seasamh os cionn sraithe eile den gclár dá mbeadh an cur chuige céanna ann mar níl aon dabht nach deas an rud é ceamara a bhrú isteach in aigheanna daoine. D’fhéadfá a rá go bhfuil gá leis uaireanta má tá pointe áirithe le déanamh agat ach níor theastaigh uainn sin a dhéanamh don dara huair. An rud ba shuimiúla domsa sa gcéad sraith ná na mothúchain éagsúla a bhí le feiceáil i súile daoine agus mé ag déanamh iarrachta Gaeilge a labhairt leo - an náire, an eagla, an scannal, an ghráin, na seansmaointe a tháinig chun cinn arís. Mar sin theastaigh uaim féachaint níos mine ar
na rudaí sin go léir, féachaint cad iad na tuairimí atá againn faoin teanga agus cén fáth a bhfuil na tuairimí sin againn. Toisc gur teilifís é b’éigeán dom teacht ar shlite suimiúla, nó slite aisteacha chun na cúrsaí seo a mheas.
* Níos mó cleasanna mar sin? Tá, tá i bhfad níos mó cleasanna ann agus, arís, ní féidir aon eolas oibiachtúil a thógaint ó chleasanna ach tá siad suimiúil. Rud amháin, mar shampla, is cúis dhóchais í athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste faoi láthair ach, bím ag smaoineamh, seo canúint eile. Canúint bhreá í atá ó thuaidh ach an t-aon rud nach bhfuil ón teanga anois ná canúint eile mar tá an oiread sin de chanúintí againn. Nuair a éistímse le Raidió na Gaeltachta, nó le haon staisiún, agus má tá Gaolainn bhinn bhlasta Chúige Mumhan á labhairt éistím leis ach, mura bhfuil, ní éistím.
* Anois, sin mar atá sé? Faraor, is é, n’fheadar an ndéanann daoine eile é sin nó nach ndéanann? An rud a dheineas don gclár mar sin ná chuas go Dún na nGall agus chuireas ar mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill éisteacht le Gaolainn na Mumhan ar feadh dhá uair a chloig chun féachaint an raibh aon tionchar aige ar a gcumas intleachta. Rinneadar scrúdú IQ roimh an éisteacht agus ceann eile tar éis an ruda agus d’ardaigh a gcumas
focail tomaí ó conghaile léaráidí sinéad ní uallacháin
intleachta timpeall 20%.
*
An bhfuil a fhios agat cad chuige?
N’fheadar, arís caithfidh mé a rá nach bhfuil sé eolaíoch, ach is dócha gurb é an rud atá taobh thiar de ná go raibh orthu smaoineamh agus éisteacht níos géire agus go raibh an intinn ag obair níos crua dá bharr, toisc nach bhfuil an saghas eile Gaeilge nádúrtha dóibh. Rud eile a dheineas ná deireann gach éinne go ndéanann siad deich mbliana de ranganna Gaeilge ar scoil ach tagann siad amach gan focal. Bhíos ag smaoineamh mar sin an bhfuil bac socheolaíoch ann, an bhfuil rud éigin laistigh den intinn a chuireann cosc orainn an Ghaeilge a labhairt nó a fhoghlaim? An triail, an cleas, a bhí agam chun é seo a mheas ná rang ansimplí Gaeilge a mhúineadh do scata Éireannach - daoine a chuaigh tríd an gcóras scoile - agus an rang ceannann céanna a mhúineadh do ghrúpa Polannach nach raibh focal Gaeilge foghlamtha riamh ina saol acu. Chuireas an scrúdú céanna ar an dá ghrúpa agus, cé gur éirigh beagán níos fearr leis na hÉireannaigh, ní raibh ach 10% sa difear eatarthu - sin tar éis do na hÉireannaigh 10 mbliain de Ghaeilge a dhéanamh ar scoil! N’fheadar cad a deireann sé sin ag deireadh an lae, go bhfuil na Polannaigh iontach cliste nó díreach nach bhfuil an teanga chomh deacair sin.
*
An raibh na Polannaigh cleachta le teangacha eile? Bhí Béarla ar a dtoil acu cinnte, agus beagán Rúise, is é, nuair a fhéiceann tú go mion ar na rudaí seo go léir titeann siad as a chéile! Agus b’shin an fhadhb le No Béarla 1, bhí daoine ag féachaint róghéar air. Faraor, ní dhéanaim cláir intleachtúla.
*
Agus tá scrúdú eile atá sa tsraith agat, an difear idir Gaeilge agus Klingon? Is ea, cáineadh go mór an chéad sraith mar dúirt daoine go raibh níos mó Gaeilge amuigh ansin ná mar a bhí mise ag maíomh in No Béarla 1. Chun é sin a shoiléiriú don lucht feáchana theastaigh uaim a thaispeáint dóibh, má thógann tú baicle mac léinn as aon ollscoil sa tír, nach mbeadh siad in ann focal Gaeilge a aithint ó Klingon, an teanga seo a chum lucht Star Trek sna 60í. Tá cosúlacht éigin idir an dá theanga - b’fhéidir go bhfuil nasc naomhshaolta nó rud éigin ann - agus i gcuid mhór de na cásanna bhí siad in ann iad a dhealú ach in 30% de na cásanna ní raibh siad in ann déanamh amach an focal Gaeilge nó Klingon a bhí ann.
*
Ach an ndeara tusa an scrúdú a dhéanamh ní ba dheacra dóibh?
Is ea, beagán, ach ag an am céanna ní fhéadainn bheith go hiomlán míchothrom. Níor chabhraigh mé leo ach bhí mé féaráilte a dhóthain.
*
I ndiaidh dhá shraith anois den chlár, cad é an dearcadh atá agat ar staid agus ar thodhchaí na Gaeilge? Tá sé an-deacair sin a rá. I ndáiríre is dócha go bhfuilim níos dearfaí anois ná ag aon am ariamh. Tá an oiread sin cúiseanna taobh thiar de chlaochlú na teanga ach ceann de na fadhbanna móra a bhí ann ná go raibh baint aici leis an sean-am, leis an mbochtanas. Níl an mothuchán sin ann anois. Tá bród agus rachmas sa tír agus dá mbeadh aon am ann ina dtiocfadh an Ghaeilge i réim arís, is é anois an t-am sin. Agus ar na rudaí is mó a thugann ardú meanman dom tá Des Bishop. Bhí No Béarla tábhachtach anuraidh toisc nár bhain aon duine triail as roimhe agus gur thaispeáin sé rud a bhí ar eolas againn ach nár dhíríomar isteach air. Níor thuig éinne againn áfach go mbeadh rud chomh simplí is a dhein Des Bishop - díreach Gaeilge a fhoghlaim, rud a dhéanaimid go léir - go mbeadh teachtaireacht chomh tábhachtach laistiar de. Tá mé ag súil go b’fhéidir gurb é sin tús gluaiseachta nua, is cinnte go gceapann Des gurb é! Deireann sé ag an am céanna go b’fhéidir go bhfuil sé ró-ideálach, go bhfuil sé lán d’fhuinneamh, de spiorad. Ach tá súil agam gurb é tús nua, ré nua.
*
www.nosmag.com 21
indiana jones & the kingdom of the crystal skull Steven Spielberg, 12A
I
hhhhh
s ón mórstiúrthoir cailiúil sin Steven Spielberg a thagann Indiana Jones and the Kingdom of the Crystal Skull chugann - an ceathrú scannán i sraith Indiana Jones - agus d’fhéadfá a rá go raibh lucht leanúna de chuid an Dochtúra Jones ag tnúth go mór leis an gceann nua seo le tamall fada. Tá scéal an scannáin féin suite in 1957, 19 bliain tar éis Indiana Jones and the Last Crusade, (tugann sin leithscéal dúinn faoin bpríomhaisteoir, Harrison Ford, ag dul anonn in aois!) agus cé go raibh saol deas ciúin ag Indiana sa tréimhse sin, caitear isteach san aicsean arís é agus é sa tóir ar chloigeann déanta amach as criostal, cloigeann a cheaptar cumhachtaí ósnádurtha bheith aige. Is mar gheall ar na cumhachtaí sin, de réir dealraimh, atá an tAontas Sóivéadach ag iarraidh seilbh a fhail ar an gcloigeann chomh maith agus bogann na heachtraí ó na Stáit go Péiriú, agus fiú chuig an trádstóras céanna a bhí le feiceáil ag deireadh an chéad scannáin, Raiders of the Lost Ark. Cé go bhfuil Indie beagáinín níos sine ná mar a bhí sé tráth, is ábhar grinn é níos mó ná aon rud eile agus tá sé fós aclaí go leor do na héachtaí go fóill. Dar le Shia LeBoeuf, atá i bpáirt Mutt sa scannán, nach raibh a fhios aige fiú cén plota a bheadh ann nuair a d’aontaigh sé le bheith mar sidekick an Dochtúra. “Ón am a bhfuair mé amach go mbeinn sa scannán seo,” arsa LeBoeuf, “níl aon rud eile déanta agam ach breathnú ar Indiana Jones, gan stad, le mo chairde. “Nuair a bhíos 8 mbliana d’aois, is cuimhin liom a bheith ag amharc ar an gcéad dá
22 www.nosmag.com
ar ais, ach caillte?
FOCAIl scott de buitléir
scannán – Raiders of the Lost Ark agus Temple of Doom - agus b’in iad na scannáin ab fhearr liom nuair a bhíos i mo pháiste.” Tá Cate Blanchett mar Irina Spalko, bean atá ag obair do na Sóivéidigh, agus dúirt sí go raibh sí an-sásta an ról a ghlacadh toisc go raibh sí ag iarraidh carachtar ‘olc’ a dhéanamh le tamall anuas. “Cúis bróid í bheith ag obair ar an scannán seo,” arsa sí, “mar b’aoibhinn
liom go mór na cinn roimhe.” I rith na 70í déanacha, chinntigh George Lucas – stiúrthóir sárbhuach Star Wars - agus Spielberg cúig scannán d’Indiana Jones a dhéanamh ach, tar éis The Last Crusade in 1989, dúirt Lucas nach raibh aon smaoineamh nó scéal aige chun ceann eile a dhéanamh agus cuireadh na pleananna ar ceal. Sin go dtí gur chuir mac Spielberg féin an cheist faoi cathain a mbeadh
an chéad scannán eile ag teacht amach. Seans go ndearfadh cuid daoine go bhfuil roinnt den draíocht caillte ag Indie in Ríocht an Chloiginn Chriostail mar is cinnte go dtéann an plota thar fóir in amanna - go háirithe agus coimhthígh ann! - ach más maith leat aicsean, gunnaí, greann agus pléascthaí, beidh tú sásta go leor leis an scannán is déanaí sa tsraith chlúiteach seo.
www.nosmag.com 23
scáileán
Sin a bhfuil ! e d r i a h c a T á sé de nós* ag an iris seo bheith ag amharc chun tosaigh i gcónaí ach tá a fhios againn chomh maith gur breá linn ar fad bheith ag smaoineamh siar ar laethanta na hóige; an samhradh iontach sin nuair a bhí tú 16, na bréagáin is fearr a bhí agat agus na cartúin a bhí coitianta nuair a bhí tú ag
fás aníos. Ceapann gach glúin go bhfuil na cartúin ar bhreathnaigh siad féin orthu níos fearr ná cinn ar bith eile ach - mar a thugtar faoi deara go minic maidin Dé Sathairn - ní bhíonn cuimhne bheacht againn i gcónaí ar gach rud a thit amach roimhe. San eagrán seo mar sin, agus sna heagráin amach romhainn, breathnófar ar chuid de chartúin chlasaiceacha na haoise seo caite agus, ag an am céanna, aistreofar tú ar ais go dtí an saol mar a bhí. Agus muna bhfuil do chartún is fearr clúdaithe? Cuir in iúl dúinn ag eolas@nosmag.com
24 www.nosmag.com
inspector gadget
Bíonn téamamhráin mhaithe ag na cartúin is fearr i gcónaí agus tá tiúin Inspector Gadget ar na cinn is so-aitheanta go fóill, cé go bhfuil breis is 20 bliain ann anois ó bhuail sé scáileáin an domhain den chéad uair. D’fhág timpiste éigin go raibh ar na húdaráis an chuid is mó de chorp Gadget a aththógáil arís le giuirléidí glice de gach saghas - láimhe insíte agus héileacaptar ina hata san áireamh - agus baineann sé úsáid astu ar fad le smacht a choinneáil ar an choirpeach Dr. Claw, ceannaire an eagrais MAD. Bhuel tá sé in ainm is bheith mar, i ndáiríre, is cigire measartha ciotach é Gadget agus is é a neacht Penny agus a mhadadh Brain a réitíonn na fadhbanna ar fad sa deireadh. Ní dhearnadh riamh ach dhá shraith de Inspector Gadget - cuid acu aistrithe go Gaeilge ar TG4 - ach tugadh aitheantas dó in 1999 nuair a rinneadh fadscannán - ina raibh Mathew Broderick agus nach raibh ró-iontach! - de chlár an chigire.
the smurfs Ní ionann agus cartúin eile, is branda idirnáisiúnta iad na Smurfs ar chruthaigh an cartúnaí Beilgeach Peyo ar dtús agus a leathanaigh ar fud an domhain mar gheall ar shraitheanna teilifíse Hanna-Barbera. Cónaíonn siad i sráidbhaile gorm smurfach, bíonn sean-smurfaí agus smurfaí óga gnéasacha ann agus is iad Gargamel agus a chat Azrael na naimhde atá acu. Éiríonn leis na Smurfaí fanacht ar shiúil ó Gargamel den chuid is mó agus bíonn saol maith smurfach acu i measc na gcrann. Rith na sraitheanna le linn na 80í ar fad agus is léir go raibh tionchar éigin acu ar aos óg na linne nó is minic a fheictear daoine ‘aibí’ na laethanta seo agus iad gléasta i ngorm tráth na Samhna!
SCOOBY DOO Is deacair a chreidiúint gur tháinig Scooby amach siar sa bhliain 1969 ach tá an madra aiféiseach fós i measc na gcartún, agus na n-aimhnithe, is clúití dá bhfuil ann. Agus a chara Shaggy i gcónaí lena thaobh, déanann Scoob iarracht eachtraí mistéireacha a oibriú amach ach is é féin a chruthaíonn na fadhbanna seachas iad a réiteach. Hippies na 60í iad cairde s’aige, iad ag taisteal thart ina veain ghlas, an Mystery Machine, agus cé gur tháinig roinnt spinoffs dá bharr - drochscannáin san áireamh - is é an bunchartún an réalta mhór go fóill.
*
(advertise anseo) Chun fógra a chur anseo, gabh chuig nosmag.com/ fograiocht nó seol rphost chuig fogra@nosmag.com
www.nosmag.com 25
teicneolaíocht 26 www.nosmag.com
FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa
apple iPhone Gléas: 8GB ¤399 nó 16GB ¤499 Conradh: ¤45 - ¤100 sa mhí ó O2
A
n chéad rud ar gá a rá faoin iPhone - agus ní ghlacfaimid le haon díospóireacht air seo - ná gurb é an fón is inmhianaithe atá ar an margadh inniu. Cosúil leis an iPod i margadh an cheoil so-ghluaiste, is é an iPhone an rí sa mhargadh faisin, agus níl ráiteas faisin níos deise ar féidir leat a dhéanamh ná an iPhone a bhreith leat agus tú ag screadaíl ar bharr do ghutha, “Is cuma liom má chosnaíonn sé ¤500 le conradh 18 mí ar a bharr sin, FÉACH AIR!”. Más suim leat é sin, tá go breá, ach tá mórán eile maith faoin ngléas freisin. Tá spás stórála 8GB nó 16GB ann, neart spáis do 2000/4000 amhrán faoi seach, nó do rogha meascán de cheol, pictiúirí, físeán agus pé rud eile gur mian leat. Taitneoidh sé leat bheith ag tocailt trí d’albaim freisin le cover flow - an teicneolaíocht chéanna a úsáideann Apple ar a ríomhairí - é chomh hálainn le húsáid is a bhí riamh, nó atá fós má tá do cheol deas néata ina n-albaim agus clúd-ealaín le gach ceann ar aon nós. Tá an scáileán iltadhaill - multitouch display - chomh nuálach le
haon phíosa teicneolaíochta atá feicthe le blianta anuas sa chaoi go ligeann sé duit brú suas/síos i ndoiciméid nó ar an idirlíon gan smaoineamh, agus brú isteach/ amach ar phictiúirí níos éasca ná riamh agus snaidhmeann cover-flow isteach go foirfe leis chomh maith. Go bunúsach níl fón eile ar an margadh le comhéadan úsáideora a thagann i bhfoisceacht scread asail den leagan amach seo.
“Taitneoidh sé leat bheith ag tocailt trí d’albaim freisin le cover flow... Go bunúsach níl fón eile ar an margadh le comhéadan úsáideora a thagann i bhfoisceacht scread asail den leagan amach seo.”
hhhhh Cuirfear isteach ar dhaoine áirithe go bhfuil MMS in easnamh (is gá pictiúirí nó físeanna a sheoladh le ríomhphost), dream eile go bhfuil ort an clár deighilteach úd, iTunes, a úsáid le ceol agus físeán a aistriú ó do ríomhaire - nó go hoifigiúil ar a laghad, tá leitheidí Winamp ag déanamh iarrachta aithris a dhéanamh ar an bhfeidhmiúlacht úd, ach iad gan bheith iomlán ansin go fóill. Agus tá neart daoine eile ann a bheidh ag gearán faoi cheann amháin nó ceann eile den iliomad fadhbanna beaga a bhaineann leis an nguthán iontach seo, cé gur chóir dúinn a shoiléiriú nach bhfuil an cadhnra chomh dona is a tuairiscíodh in áitanna áirithe ar dtús. Más duine tú a bhíonn ag gearán faoi mhionrudaí, seans nach n-oirfeadh an iPhone duit ag an nóiméad seo. Más féidir leat cur suas le cúpla earráid áfach, agus má tá tú sásta athmhorgáistiú a dhéanamh ar do theach chun íoc as an íoschostas áiféiseach de ¤1209 i ndiaidh 18 mí, is é an iPhone an gléas duit. Is é sin fad is dá mb’fhearr leat gan bheith i d’íobartach faisin.
MÉ-GHUTHÁN: Tá leibhéal eile baint amach ag Apple leis an iPhone
www.nosmag.com 27
teic firefox 3 Brabhsálaí Idirlín
hhhhh
Saor in aisce ó www.getfirefox.com
M
ás duine tú a chuireann spéis i gcúrsaí ríomhaireachta, tá gach seans ann go bhfuil tú mar chuid de lucht tacaíochta Firefox. Murach sin, is dócha go bhfuil tú tinn tuirseach den lucht tacaíochta úd. Pé slí é, tá cloiste ag cách, faoin am seo, faoi Firefox 3 – an leagan is nua agus is snasta atá eisithe ag Mozilla go fóill. Ar aon slat tomhais a bhfuil aithne agamsa air, tagann Firefox amach go mór chun tosaigh ar an bpríomhiomaitheoir atá aige, Internet Explorer (IE). Ní hamháin go mbíonn gach leagan de ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le gach teanga eile, ach tá sé níos sciobtha agus níos so-aistrithe ná IE chomh maith. Measaim chomh maith go léiríonn sé go bhfuil ciall agus stíl ar leith
agat nuair a thuigeann daoine nach mbacann tú le IE - ach ní dóigh liom go mbunaíonn léitheoirí ciallmhara nós* a gcinntí teicneolaíochta ar fhaisean, an mbunaíonn? Tá argóintí i gcoinne IE ann, agus argóintí láidre chomh maith – trí neamhaird a dhéanamh de na caighdeáin atá leagtha síos don ghréasán, déanann Microsoft obair éinne a dhearann don idirlíon i bhfad níos deacra ná mar is gá dó bheith. Deir an saineolaí teicneolaíochta Paul Thurrott – duine a thacaíonn le Microsoft de ghnáth – “My advice is simple: Boycott IE. It’s a cancer on the Web that must be stopped.” Tá iontas orm uaireanta nuair a fheicim go bhfuil níos mó daoine fós a úsáideann IE ná mar a úsáideann Firefox. Cé go mb’fhéidir go bhfuil mionlaige nó dhó ag an mbrabhsálaí seo, tá sé i bhfad amach chun tosaigh
ar iarrachtaí Microsoft (más féidir iarracht a ghlaoch ar cad atá á dhéanamh acu le IE) agus tá buntaistí aige thar Safari chomh maith. An t-aon chúis nach bhfuilim amuigh ar an sráideanna, ag lorg geallúintí ó chuile dhuine a fheicim go bhfaighfidh siad ré leis an ailse úd, ná an cartún glic seo ar féidir feiscint ag xkcd.com/198/. Mar sin féin, níl aon gheallúint ann go gcoimeádfaidh sé sin siar ar feadh i bhfad mé - ná bí ar an duine atá fós ag úsáid IE nuair a ghéillim don fhonn!
NUACHT eile teicneolaíochta, léirmheas ar an tocco, guthán Gaelach Samsung, san áireamh, le léamh anois ag www.nosmag.com
28 www.nosmag.com
NÁ DÉAN DEARMAD gur féidir cliceáil ar na naisc idirlín...
...sa leagan pdf ar ndóigh, ní sa leagan clóite :-) www.nosmag.com 29
stíl bheatha 30 www.nosmag.com
cowabunga a chara!
FOCAIl TOMAÍ Ó CONGHAILe
A
n Astráil, California nó Haváí na háiteanna is mó a shamhlaítear leis an tonnmharcaíocht ach sa lá atá inniu ann ní gá dul chomh fada sin leis an spórt corraitheach seo a bhlaiseadh. Seans gur i gculaith fhluich a bheas tú seachas bristí gairde ach tá scoth na surfála le fáil ar fud chósta na hÉireann agus le roinnt blianta anuas tá fás nach beag i ndiaidh theacht ar spéis an phobail sa chaitheamh aimsire seo. Meallta isteach b’fhéidir ag íomhá réchúiseach na surfála, bíonn na mílte duine ag tarraingt ar an chósta ó cheann ceann na bliana anois le triail a bhaint as a dtonnchláir agus le sult a bhaint as corraíl na farraige. Níl aon amhras ann go leanfar leis an nós nua mara seo - go háirithe má bhíonn tuilleadh dea-aimsire againn! - mar sin má tá tú ag bualadh na dtránna an samhradh seo, cén áit is fearr tosnú? Nó más ag iarraidh tógáil ar do chuid scileanna atá tú, cad iad na háiteanna is oiriúnaí duit? Ar an chéad dul síos, ní mór cuimhne a choinneáil ar bheith airdeallach i gcónaí agus tú amuigh ar muir. Tá spraoi ag baint leis an tonnmharcaíocht ach níor cheart d’aon duine triail a bhaint as marcaíocht ar bith atá thar a chumas féin.
Más foghlaimeoir glan tú is féidir ceachtanna d’ardchaighdeán a fháil ag aon cheann de scoileanna surfála na tíre. Breis eolais ag www.isasurf.ie
an cósta theas Agus mórtais fharraige ag teacht isteach ó thrí thaobh - An tAtlantach, Bá na Bioscáine agus Muir nIocht - bíonn surfáil mhaith le fáil ar an chósta theas le linn na bliana tríd, ó Phort Láirge siar go Ciarraí. Is lárionad tonnmharcaíochta é Trá Mhór le saol fadbhunaithe surfála a chlúdaíonn gach gné den spórt óna bheith amuigh ar na tonnta go dtí na caifeanna agus siopaí - T-Bay Surf Club san áireamh - atá coitianta i measc lucht na gclár. Má tá tú sa tóir ar áit níos ciúine chun do ghnó a chleachtadh tá trá
ghalánta ag Inse Duine, taobh amuigh de Chloich na Coillte in iarthar Chorcaí. Ní hamháin go bhfuil brat gorm ag an trá ach fágann an fána séimh gur áit fhoirfe í do dhaoine atá díreach ag tosnú ar an surfáil. Tá roinnt guairí den scoth ann áfach a thaitneoidh go mór le marcaigh atá sa tóir ar thonnta níos dúshlánaí. Áit eile a bhfuil scoil aitheanta surfála chomh maith le saol maith mara tá trá Bhaile Ghearóid ag Baile Átha an Spidéil, atá fosta i gContae na gCeannairceach. Níos faide anonn i dtreo an aigéin mhóir, tá a rogha áiteanna ag muintir Chiarraí, le cuid mhaith acu i gCorca Dhuibhne. I measc na gceann is clúití tá Trá Bhréannain, atá fóirsteanach do gach cineál surfálaí mar gheall ar an réimse leathan tonnta atá le fáil ann.
o
www.nosmag.com 31
an cósta thiar Ag taisteal ó thuaidh anois agus faoi ionsaí leanúnach ag gaoithe an Atlantaigh, tá formhór na surfála san iarthar le fáil i gcontae an Chláir, agus ar na hionaid is mó sa taobh seo tíre tá Leacht Uí Choncubhair/Leath Inse. Le trí shiopa mara agus scoil cháiliúil, is deacair gan saol na surfála a thabhairt faoi deara sa bhaile agus meallann sé na mílte lena thrá mhór. Mar gheall ar an iomaíocht bíonn praghsanna réasúnta le fáil sa Leacht - culaith agus clár ar ¤30 - ach is féidir leis bheith an-ghnóthach dá bharr chomh maith. Áit an-choitianta í fosta i measc shurfálaithe na-ollscoileanna agus is ann a d’éirigh le 44 marcach tonn bheag a shurfáil in 2006 - rud a chuir sna leabhair staire iad don líon is mó ar thonn amháin riamh. Is trá níos suaimhní ná an Leacht í Fánóir i dtuaisceart an Chláir, rud atá
32 www.nosmag.com
deas go háirithe le linn an tsamhraidh, ach ní mór bheith níos cumasaí má tá tú le tabhairt faoi na tonnta ansin. Cosúil le go leor áiteanna ar fud an oileáin, braitheann a lán ar an taoide agus ar na sruthanna san fharraige mar sin, muna bhfuil tú eolach air cheana, is fearr i gcónaí eolas a fháil ar shaintréithe na háite roimh ré. Agus ag caint ar chumhacht na mara, tá an tonn is mó in Éirinn - agus ceann de na tonnta is mó ar domhan - le fáil sa cheantar seo chomh maith. Is oll-tonn í Aill na Searrach, atá gar d’Aillte an Mhothair, agus tagann surfálaithe as gach cearn, ó Mheiriceá go dtí na Fritríotha, le triail a bhaint asti. Marcaíodh í den chéad uair cúpla bliain ó shin agus rinneadh scannán den eachtra shuntasach. Níos faide ó thuaidh fós is féidir theacht ar shurfáil mhaith i gceantar eile Gaeltachta, mar atá Oileán Acla, agus i gContae Shligigh tá lárionad eile ann ar an Leathros. Bíonn briseadh láidir sa cheantar,
atá ag iarraidh níos faiseanta i measc lucht na surfála, agus tá beár tonnmharcaíochta dá chuid féin acu chomh maith, The Dunes Tavern, a chuireann go mór le saol an spóirt sa bhaile. Ag fanacht i Sligeach, tá scoil a bhfuil tóir uirthi lonnaithe in Inis Crabhann agus ní nach ionadh nó tá deiseanna go leor ar an trá álainn, trí mhíle ar fhad. I nDún na nGall, bíonn mórchuid an aicsin ag tarlú i mBun Dobhráin, áit bheoga atá oiriúnach don ghlantosaitheoir ach a bhfuil tonnta níos mó aici chomh maith dóibh siúd ar mhian leo scrúdú a chur ar an tonnchlár. Gach seans go mbeidh Bun Dobhráin ró-ghnóthach duit sa samhradh ach ó Ros Neamhlach ar aghaidh chuig Inis Eoghain - áit a mbíonn tonnta maithe le fáil ar bhonn rialta - bíonn surfálaithe ag aimsiú áite dóibh féin agus ag cur na gclár ar uisce.
an cósta thuaidh
an cósta thoir
Ó Inis Eoghain i dtreo Shruth na Maoile, bíonn mórtas farraige ag bualadh an chósta ó gach treo arís, rud a fhágann gur féidir leis an tsurfáil bheith níos fiáine, agus níos fuaire, ar an chuid seo den chósta. Is é ceantar Phort Rois i gContae Dhoire an príomhionad tonnmharcaíochta sa taobh seo tíre agus tá clú ar shiopa Troggs ar an bhaile as réimse a gcuid earraí mara. Tá go leor tránna sa dúiche leis an ghnáthshurfálaí a shásamh ach ar na háiteanna níos deacra tá Port Bhaile an Trá. Tá dhá bhriseadh anseo, ceann ag béal na habhann agus ceann eile ar an trá féin a bhfuil sruth an-láidir cuilitheála aige.
Mar gheall ar a shéimhe is atá Muir Éireann i gcomparáid le cóstaí eile na hÉireann, níl saol na surfála chomh forbartha in oirthear na tíre. Mar sin féin, nuair a bhuaileann stoirm an tír is minic a bhíonn na
tonnta is fearr le fáil anseo agus tá áiteanna éagsúla ann atá go breá do shurfálaithe nua i rith na bliana. Ní dhéantar na háiteanna is fearr a fhógairt go poiblí ar eagla go mbeadh barraíocht daoine ag tarraingt orthu mar sin má fheiceann tú tonnchlár ar dhíon cairr, bí cinnte go bhfiafraíonn tú díobh cá háit a bhfuil a dtriall!
“Is oll-tonn í Aill na Searrach, atá gar d’Aillte an Mhothair, agus tagann surfálaithe as gach cearn, ó Mheiriceá go dtí na Fritríotha, le triail a bhaint asti.”
bbb
www.nosmag.com 33
stíl bheatha
Corn Bingham i mBÁC
FOCAIl tom shanahan emerald warriors
B
unaíodh an chéad chlub aerach rugbaí i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2003 agus ó shin i leith tá an club ag dul ó neart go neart. Tá sé mar phríomhaidhm ag na Emerald Warriors deis a thabhairt d’fhir aeracha agus déghnéasacha rugbaí comórtais a imirt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Faoi láthair, tá an club páirteach i sraith J4 Laighean, iad ag imirt in aghaidh chlubanna cosúil le Cluain Tairbh, Old Belvedere, Old Wesley agus Coláiste Naomh Mhuire. I mbliana áfach bhí an spotsolas idirnáisiúnta ar an gclub nuair a reáchtáladh Corn Bingham - an comórtas idirnáisiúntna aerach rugbaí - i mBaile Átha Cliath idir 13 agus 15 Meitheamh. Ainmnítear an Corn i gcuimhne Mark Kendall Bingham, imreoir diongbháilte clúiteach le foireann San Francisco Fog a fuair bás ar 9 Meán Fómhair 2001 i Nua Eabhrach. An bhliain dar gcionn tháinig foirne aeracha rugbaí le chéile chun cumann nua a bhunú - IGRAB ina bhfuil le 32 foireann as gach
34 www.nosmag.com
cearn den domhan - a bhfuil sé mar sprioc aige rugbaí a chur chun cinn mar spórt cuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach ar féidir le chuile dhuine a imirt, beag beann ar chlaonadh gnéasach. Tharla an chéad chomórtas de Chorn Bingham in 2002 i San Francisco, Londain in 2004 agus Nua Eabharac in 2006. I mbliana bhí na mílte turasóirí as ar fud an domhain in DCU le haghaidh an chomórtais, iad ag tabhairt tacaíochta d’fhoirne as an Astráil, an Nua-Shéalainn, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Eoraip, an Bhreatain, Béal Feirste (Ulster Titans) agus Baile Átha Cliath (Emerald Warriors).
“I mbliana bhí na mílte turasóirí as ar fud an domhain - An Astráil, SAM, an Eoraip - in DCU le haghaidh an chomórtais.”
Bhí an-iomaíocht i measc na bhfoirne agus bhí bua tuaisceartach ann sa deireadh le Titans Uladh ag buachan Sciath Bingham; bhuaigh Sydney Convicts an Corn; bronnadh Pláta Bingham ar World Barbarians agus Bhabhla Bingham Bowl ar Atlanta Bucks. Bhí dhá foireann de chuid Emerald Warriors ag glacadh páirte sa chomórtas - fuair siad an lámh in uachtar ar Northern Stag (26-5) agus ar na Philadelphia Gryphons (18-17) agus níor éirigh leo in aghaidh San Francisco Fog (22-0) agus Leoin Caerdydd (21-19). Go raibh rath níos fearr orthu in 2010! Bíonn na Warriors ag traenáil dhá uair le linn na seachtaine i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Tymon, Tamhlacht. Níl aon taithí riachtanach agus tá fáilte roimh chuile dhuine a bhfuil spéis aige sa rugbaí. Tuilleadh eolas le fáil faoi Emerald Warriors ag www.ewrfc.ie agus faoi na Ulster Titans ag www.ulstertitans. com
*
i bprionta rannóg nua litríochta ag teacht go luath www.nosmag.com 35
faisean agus scéimh
36 www.nosmag.com
*
BÍ AR AN EOLAS FAOI NA LEIDEANNA IS DÉANAÍ FAISIN LE SiNÉAD NÍ CHURNÁIN. LÉIGH ANOIS AR LÍNE AG WWW.NOSMAG.COM
www.nosmag.com 37
gaeil 贸ga
na
do theanga, do thodhcha铆
t-l茅inte, p贸staeir agus eolas le fail
anois ag www.nagaeiloga.com
an g spota CLUB GAEILGE BHÉAL FEIRSTE
Dé SATHAIRN 15 samhain
G
Dé haoine 19 nollaig
DJANNA, SÉISIÚIN, DEOCHANNA AR REIC cumann chluain ard, sráid na sceiche
www.bebo.com/angspota www.nosmag.com 39
taisteal 40  www.nosmag.com
breizh go deo Thug nós* cuairt ar an Bhriotáin le déanaí agus fuair amach go bhfuil neart le tairiscint ag an tír stairiúil. Degemer mat...
I
s minic a thiomáineann daoine trí chúinne iarthuaisceartach na Fraince agus iad ar a mbealach chuig ionaid mhóra saoire an deiscirt. Ní gá taisteal chomh fada sin áfach chun ceantar saoire, atá chomh tarraingteach céanna le háit ar bith sa République, a bhaint amach. Suite ar imeall mhór-roinn na hEorpa, ag amharc amach ar fhairsinge fhiáin an Atlantaigh, is tír álainn í an Bhriotáin atá go fóill ag coinneáil greama ar a nósanna agus a cultúr féin.
TEANGA Ar ndóigh, go traidisiúnta, is teanga Cheilteach a bhí á labhairt
ag mórchuid phobal na Briotáine Breizh ina dteanga féin - a tháinig chun na tíre le muintir Chorn na Breataine thart ar 1,500 bliain ó shin. Cé nach raibh an Fhraincis ag tromlach an stáit nuair a cuireadh an chéad Phoblacht ar bun in 1792, rialaigh údaráis Paris nach mbeadh ann ach an t-aon teanga oifigiúil amháin sa Fhrainc agus - cosúil leis an Bhascais, an Ocsatáinis, an Alsáisis, an Chorsaicis agus eile níor tugadh aitheantas mar is ceart don Bhriotáinis ariamh. In ainneoin go ndeirtear go bhfuil ceathrú milliúin cainteoirí laethúla sa lá atá inniu ann, mionlaíodh an teanga an oiread sin
thar na blianta gur deacair anois don chuairteoir teacht ar áiteanna ina bhfuil Brezhoneg in úsáid mar phríomh-mhodh cumarsáide. Ní hé sin le rá áfach nach bhfuil sciar den phobal gníomhach in athchruthú shaol na teanga agus páirteach i gcur chun cinn chultúr dúchasach na Briotáine trí chéile. Cé nach bhfuil polasaí cuimsitheach dátheangach i bhfeidhm, cuirfidh an turasóir Gaelach suim i gcónaí sna logainmneacha áitiúla agus is iomaí ionad nó scoil dhátheangach, Diwan, atá le fáil ar fud na tíre chomh maith.
ÁILLEACHT Má tháinig meath ollmhór ar
o
www.nosmag.com 41
taisteal theanga dhúchais na Briotáine, níl aon mheath - ná baol air - ar bhia, ar dheoch nó ar áilleacht na háite. Is í Rennes - Roazhon sa Bhriotáinis agus Resnn in Gallo, an chanúint áitiúil Rómánsach - an phríomhchathair, agus mar an gcéanna le cathracha móra ar fud na domhain, ní samhail fhoirfe í den chuid eile den tír. Mar sin féin, is baile bríomhar í le pobal suntasach mac léinn a chinntíonn go mbíonn go leor le déanamh le linn na bliana tríd. Is ar an taobh ó dheas de Place Ste-Anne atá na bialanna agus pubanna is spéisiúla le fáil agus is fiú súil a chaitheamh chomh maith ar an mheascán eagsúil d’fhoirgnimh mhaorga agus sráideanna cúnga meánaoiseacha. Cathair eile ar áit mhaith í chun tús a chur le turas ar Breizh ná Nantes/Naoned. Cé go bhfuil sí suite i gceantar Pays de la Loire, go stairiúil is cuid den Bhriotáin í agus tá an blas sin le mothú uirthi fós. Bhí an Château des Ducs mar phríomhchaisleán ag ceannairí na Briotáine nuair a bhí an tír go fóill neamhspleách ón Fhrainc
agus, i lár an bhaile, tá cúpla pub deas Ceilteach ann ina mbíonn ceol Briotánach, agus Éireannach, le fáil go minic. Más sa tóir ar an nádúr atá tú, gach seans gurb é an cósta a bheas mar cheann scríbe agat. Ó Nantes aneas go Brest, tá an iliomad tránna agus beann galánta ann, agus nuair a chuirtear sin leis na sráidbhailte tarraingteacha cois farraige, d’fhéadfá do chuid laethanta saoire iomlán a chaitheamh sa chuid seo den tír. Ó chuannacht Vannes/Gwened agus Quimper/Kemper go galláin ársa Carnac - atá ar na hionaid is tábhachtaí seandálaíochta san Eoraip - téann cultúr agus draíocht na Briotáine i bhfeidhm ort go héasca. Cé gur féidir a áitiú nach mbíonn an oiread spóirt agus rí-rá ar siúl san oíche agus a bhíonn ag dul ar aghaidh sna cathracha móra - nó anseo in Éirinn b’fhéidir - bíonn craic go leor ann sa samhradh agus tá baile áirithe amháin a bhíonn mar chroí an spraoi ar fad ar feadh seachtaine i mí Lúnasa.
Gach bliain tugann na mílte cuairt ar Lorient/An Oriant le haghaidh Le Festival Interceltique, féile ollmhór cheoil ag a mbíonn na ceoltóirí agus bannaí is fearr ón diaspóra Ceilteach ag seinm agus a chruthaíonn atmaisféar leictreach sa bhaile cósta. Bíonn an áit lán go béal le linn na féile agus is buaicphointe suntasach í ar fhéilire imeachtaí na bliana. Buaicphointe eile ar aon turas chuig Breizh ná an bia. Tá gach cineál bia mara sa dúiche, é uilig úr blasta, agus ar ndóigh ní féidir cuairt a thabhairt ar an tír iontach seo gan blaiseadh den crêpe milis. Bon appetit! Kalon digor!
*
{focal ar fhocal} Degemer mat Fáilte Mat an traoù ganeoc’h? Conas atá tú? Ya, mat-tre. Go maith, grma. Ha ganit/ganeoc’h? Agus tú féin? Yec’hed mat! Sláinte! Kenavo Slán
Ur yezh hepken n’eo ket a-walc’h Ní leor teanga amháin
CEOL Ceoltóirí i Lorient 42 CUAIN: www.nosmag.com
FOCAIl CIARÁN DUNBAR Giuseppina Siriu
cathair faoi bhláth
I
s é Flórans príomhchathair na Tuscáine, ceann de na ceantair is áille san Iodáil, agus tá sí ar na dúichí is mó turasóireachta sa tír dá bharr. Tá ard iomrá ar Firenze de bhrí gur príomhchathair na Renaissance é, athbheochan na n-ealaíon agus an léinn a tharla san Eoraip tar éis na meánaoiseanna dorcha inár ionsaigh na Gotaigh (Gotaigh na hEorpa seachas Gotaigh Ghaoth Dobhair!) agus na Hunaigh an Iodáil. Ar go leor bealaí, is cathair
renaissance í Flórans go dtí an lá atá inniu ann agus is léir go raibh dúil ag daoine i gcónaí ann - bhaistigh na Rómhánaigh Florentia, ‘áit an bhlátha’ ar an chathair. Fiú más í An Róimh príomhchathair na hIodáile inniu - agus príomhchathair dhomhan na hEaglaise Caitlicí agus lárionad Impireacht na Róimhe - is é Firenze croí na hIodáile mar stát nuaaimseartha agus ba é príomhchathair na hIodáile idir 1865 agus 1870. Mar a dúirt Iodálach amháin, “is ionann
Firenze agus an Iodáil”. I ndiaidh na mblianta de chogadh le linn na meánaoiseanna, blianta de chreach agus d’fhuadach, ní raibh fágtha ag muintir Fhlórans ach a gcomharsana féin chun cogadh a chur orthu ach níor throid siad ar an bhlár catha amháin - bhí comórtas de chineál éigin eile ann chomh maith. Is é sin ná go raibh na teaghlaigh mhóra chumhachtacha in iomaíocht le chéile tríd na healaíona, agus tríd an ailtireacht ach go háirithe.
www.nosmag.com 43
taisteal DEA-DHEALBH: Dáithí de chuid Michelangelo
Sháraigh Flórans gach iomaitheoir eile sa Guerra del Bello seo agus ba í clann Medici a bhí i mbun na cathrach ar feadh na cianta agus a chruthaigh Flórans mar atá sé inniu. Ba sa dóigh seo a léirigh siad a saibhreas agus a gcumhacht don tsaol mhór - tá gach droichead, teach, áirse, eaglais agus ardeaglais déanta as cloch den chéad grád, snoite ag na saoir chloiche is fearr sa tír.
FIORENTINI CLÚITEACHA Is as Firenze a d’fhás teanga agus litríocht na hIodáile de bhrí gurb í seo an áit ar rugadh is ar tugadh an t-údar Dante, Athair na hIodáilise, sa 13ú céad. Ba é Dante a chruthaigh an Iodáilis mar atá sí á labhairt inniu nuair a chuir sé a mháthairtheanga féin, Florentine, le hábhair a bhailigh sé as go leor canúintí eile de chuid na hIodáile agus as Provençal i ndeisceart na Fraince. Ba leis an teanga seo a chum sé an Choiméide Dhiaga (Divina Commedia), saothar atá breac le muintir Fhlórans a raibh aithne ag Dante orthu, daoine a raibh cion aige orthu is daoine a raibh gráin aige orthu, agus de réir sin chuir sé chun na bhFlaitheas nó go hIfreann iad! I measc na ndaoine eile mór le rá a rugadh in Florentia, nó deas dó, tá Leonardo da Vinci, Michealanglo agus an scríbhneoir Niccolò Machiavelli. Uime sin, ní doiligh a aithint cad chuige a bhfuil Firenze ar na háiteanna is mó saibhreas cultúrtha ar an tsaol.
AN TURASÓIREACHT Más féidir locht a fháil ar an chathair, is í sin an turasóireacht féin. Ar nós cuid mhór cathracha móra turasóireachta, bíonn Flórans
44 www.nosmag.com
lán turasóirí le linn na bliana tríd agus más duine thú a bhfuil spéis agat i muintir na háite, bheifeá ag streachailt chun an Iodáilis a chloisteáil ar na sráideanna fiú, í iomlán báite ag an Bhéarla ach go háirithe. Tá torann agus scairteanna ann - níl siad dona iontu féin - ach ar bhealach cuireann siad isteach ar rómánsachas na háite. Tá an striapachas daonna sin ann chomh maith - daoine ag díol rudaí, ag rith ar shiúl ón phéas, ag iarraidh ort géilleadh dóibh i rith an ama – ach bíonn sé sin ann i dtólamh in áiteanna den chineál seo.
LE FEICEÁIL Tá neart rudaí le feiceáil in Firenze - iarsmalanna, áiléir agus ailtireacht – agus ar na buaicphointí tá an Ponte Vecchio. Droichead is ea é thar an abhainn Arno ach ní droichead
gAEILge I gCÉIN Bíonn grúpa comhrá Gaeilge ag bualadh le chéile i dTeach Tábhairne Finnegan (123/R, Via San Gallo, Firenze) gach seachtain. Tabhair cuairt ar www.bebo. com/grpac le haghaidh tuilleadh eolais. lom é seo mar iompraíonn sé ar a dhroim sean-siopaí a togadh air sna meánaoiseanna. Buaicphointe eile ar thuras ar bith ar Fhlórans tá Ardeaglais Santa Maria del Fiore, nó an Duomo, agus is léir ó na sluaite a bhíonn ag tarraingt air i rith an ama go bhfuil an tuairim sin ag gach duine eile sa chathair.
LE hITHE Dar ndóigh, tá clú agus cáil ar an
Tuscan ar fad mar cheantar mór bia agus nach tuillte go maith atá an clú céanna. Is doiligh cur in iúl d’Éireannaigh cad is féidir a fháil ar e60 i mbailte beaga taobh amuigh de Firenze ach is leor a rá gur rogha coitianta é an torc allta! Ansin tá an tstéig t-chnáimhe ghriollta ann, Bistecca alla Fiorentina. De réir cosúlachta seo an bia is clúití sa chathair ach ní dúradh sé sin leis na cuairteoirí áirithe seo go dtí gur baineadh an baile amach ar ais in Inis Fáil! Ar an iomlán tá bia den scoth le fáil i bhFlórans ach ná smaoinigh gur rud deimhnithe é sin - is tric a fhaigheann turasóir rud nach gcuirfí os comhar Iodálaigh. Agus ag caint ar rudaí a bhlaiseadh, tá blas ar an fhíor-Iodáil le fáil sa chathair seo – cathair álainn chultúrtha nach mór cuairt a thabhairt uirthi.
*
EAGLAIS ARD: Duomo Firenze
www.nosmag.com 45
taisteal
an pótaire ceart ON TOUR!
T
GRIANGHRAIF KIRI BARKER
46 www.nosmag.com
á an Duke of York, nó an Diúc mar a deir lucht na Gaeilge, suite ar cheann de na sráideanna is sine i mBéal Feirste, sráidín beag bídeach i gCeathrú na hArdeaglaise, seancheantar a bhí lán daoine bochta tráth dá raibh ach atá anois athcheaptha mar cheantar boihéamach, cultúrtha is spraoi. Cé gur tháinig an fhorbairt seo ar an cheantar le cúpla bliain anuas, tá an Diúc breá Feirsteach go fóill, sean-Bhéal Feirste atá i gceist agam, an Béal Feirste a bhaineann le lár na cathrach seachas leis na ceantracha imeallacha udaí a shainmhíníonn an chathair inniu. Seans gur ceantar boihéamach cultúrtha i gcónaí é an ceantar ceánna? Bíonn beocht ar leith le fáil amuigh ar an tsráid bheag dhuirleogach sin de bhrí nach mbíonn carranna ar bith ann agus, a fhad is nach mbíonn sé ag cur fearthainne, bíonn an méid céanna spraoi amuigh is a bhíonn istigh. Seo iad na flaithis do lucht caite tobac, an daingean deireannach s’acu. Is pub é seo ina mbeadh daoine de gach sórt le fáil ann i dtólamh ach níl sé scriosta ag na turasóirí mar atá roinnt beáranna i mBéal Feirste. Cinnte, bíonn fáilte roimh thurasóir i gcónaí ach is féidir leo Disneyland a dhéanamh as áit ar bith agus leipreachán a dhéanamh as duine ar bith mar aon. Áit ghnóthach a bhíonn ann de ghnáth agus ní go hannamh a bheadh
Tábhairne ríoga na nGael sé plódaithe amach. Sin ráite tá na freastalaithe iontach maith ann - ní sheasfá i bhfad ag iarraidh di ach más ag iarraidh imeacht atá tú, thiocfadh leat a bheith fada go leor sa chlibirt. Anois, tá sé iontach measctha mar phub, sea! Feicfidh tú idir cailíní agus buachaillí! Goitse is cogar mar a dearfá, tá sé measctha sa chiall ‘thuaisceartach’ den fhocal, ní bhíonn aon chreideamh nó polaitíocht le mothú san áit in am ar bith. Ach bíonn fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí, agus ní bréag le rá go mbíonn an méid céanna Gaeilge á labhairt oíche Dhéardaoin sa Diúc is a bheadh i dteach tábhairne Gaeltachta ar bith sa tír. Níl Gaeilge ar bith ag an fhoireann ach níl siad diúltach di ach an oiread, is breá cleachtaithe léi atá siad.
The Duke of York 7-11 Commercial Court Béal Feirste BT1 2NB
Is tábhairne seo lán de chomhrá, áit don chomhráiteach is ea é gan dabht. Níl aon phreabairí le feiceáil ann, níl siad de dhith, níl aon ‘dress code’ ann, níl aon fhearg ann, is é atá ann go díreach ná óg is aosta ag meascadh is ag caint le chéile go furasta. Chan ionann sin is a rá nach mbíonn ceol ann, muise bíonn. Tá clú agus cáil ar sheisiúin Dhónal O’Connor, a fhaigheann greim iomlán ar an áit gach oíche Dhéardaoin. Bheadh aithne mhaith ag fidléirí na tíre seo ar Dhónal ar ndóigh agus is minic cairde móra le rá in éineacht leis, John McSherry agus Alan Burke mar shampla. Anois áfach, déanta na fírinne, bíonn sé doiligh go leor an ceol a chloisteáil in amanna. Cuireann sé sin leis an chomhrá ach is fadhb í fosta don té ag a bhfuil suim sa cheol.
Más sa cheol Gaelach a bhfuil do spéis, gabh go luath is faigh suíochán in aice leo. Is é an rud atá ann ná go bhfuil an beár leagtha amach go haisteach agus tá ‘bottleneck’ nó dhó san áit. Muise, níl na leithris thar mholadh beirte ach an oiread ach is mionrudaí iad siúd dáiríre. Tá áiteanna níos glaine amuigh ansin go dearbh ach tá an phearsantacht ag an bheár seo. Anois, cé go bhfuil mé théis moladh a thabhairt don teach, is doiligh liom a rá cad chuige a bhfuil an Diúc chomh maith sin, daoine maithe is dócha an rud is tábhachtaí i dteach óil ar bith agus an rud nach féidir le duine ar bith a cheannach. Éist, más ar cuairt i mBéal Feirste atá tú, is riachtanach duit pionta nó dhó a bheith agat sa Diúc.
*
“Ní bréag le rá go mbíonn an méid céanna Gaeilge á labhairt oíche Dhéardaoin is a bheadh i dteach tábhairne Gaeltachta ar bith.”
www.nosmag.com 47
ar taispeáint 48 www.nosmag.com
CIARÁN ADAMSON - DEARTHÓIR
Rinne Ciarán Adamson dearadh ar oifig nua i gCo. na Mí do chomhlacht a bhí ag iarraidh timpeallacht phroifisiúnta a chothú ina mbeadh go leor spáis agus a bheadh in ann freastal mar oifig fhoirmiúil agus oifig neamhfhoirmiúil araon. Bhí suim ag an gcuistiméar sa nós reatha atá ag baint le dearadh oifige - is é sin go mbeadh an oifig mar áit le bheith ar do sháimhín só, chomh maith le háit ina ndéantar obair chrua. Ag baint úsáide as solas lae mar phríomh-áis, rinne Ciarán spás oifige a chothú, a bhreathnaíonn simplí, reasúnta agus feidhmeach. Baintear úsáid as gloine mar phríomhábhar, ní hamháin sna doirse agus fuinneoga ach sna ballaí freisin. Baineann Ciarán úsáid as ábhair dhúchasacha Éireannacha agus sa tionscnamh seo tá marmar Chonamara, slinn ghorm Éireannach, dair dhúchasach agus cairpéid olla dúchasaí. Tá an éifeacht agus an ghlaineacht le feiceáil go soiléir. www.adamson.ie
www.nosmag.com 49
taispeáint LAURA dE búrca - EALAÍoNTóIr Bunaithe i mBÁC, d’fhreastal Laura ar NCAD, áit ar bhain sí céim amach in 2004. Ó shin tá dhá leabhair do pháistí i gcló atá maisithe aici, mar atá ‘Cleití Órga’ agus ‘Puisín’ - www.litríocht.com Tá ealaín le haghaidh clúdaí albaim déanta aici le déanaí, ina measc sin bailiúchán do www.indiecater.com atá faoi léirmhéas againn ar CEOL an mhí seo. Tá sraith de phriontaí ar shíoda aici le feiceáil ar www.flickr.com/photos/lauradeb Seo roinnt samplaí dá cuid saothar.
50 www.nosmag.com
www.nosmag.com  51
taispeáint
MILK - Søren Kjær Is deasc an-íostach é Milk ón dearthóir Danmhargach Søren Kjær. Ní hamháin nach mbíonn na cáblaí le feiceáil ach is féidir bosca bruscair, umar éisc, irisí agus eile a chur isteach ann. Praiticúil, nuálach agus glan. www.milk.dk
52 www.nosmag.com
www.nosmag.com  53
collaíocht 54 www.nosmag.com
cailín sa
m chathair
LÉIGH FAOI EACHTRAÍ AN CHÁILÍN ghaelaigh IS clúití ar domhan ag WWW.NOSMAG.COM
www.nosmag.com 55
léargas 56 www.nosmag.com
h d i a g o c s cá Tá cogadh conspóideach fuiltach ar siúl san Iaráic anois le cúig bliana anuas. Tugann nós* deis don dá champa - iad ar son agus in éadan an chogaidh - a dtaobh féin den scéal a thabhairt. www.nosmag.com 57
léargas
ar son
T
á cúig bliana ann anois ó cuireadh tús leis an gcogadh san Iaráic agus tá na daoine céanna ag rá na rudaí céanna - nó an bhfuil? Sna Stáit, tá na Poblachtaigh ag tacú leis go fóill, John McCain san áireamh. Agus tá na Daonlathaigh ina éadan, ach amháin Joe Lieberman. Ach i bhfírinne, ní raibh siad i gcónaí. Tá na Daonlathaigh ag insint an ruda ab áil le moveon. org, an Huffington Post (blaganna liobrálacha) agus a leithéid sin. Ach ag an dtosach, chaith an móramh díobh a gcuid vótaí chun cead a thabhairt don uachtarán an cogadh seo a fhearadh, Hillary Clinton san áireamh. (Níor chaith Obama vóta ar son an chogaidh, dar ndóigh. Ní raibh sé ina sheanadóir go fóill). Cheap siad nach
58 www.nosmag.com
marbh le cogadh, agus marbh gan é FOCAIL séamAs ó neachtAin
raibh aon amhras ann go raibh airm ollscriosta ag Saddam – Nancy Pelosi agus Al Gore san áireamh. Bhíodh siad ag rá go raibh Saddam baolach dúinn. Ba é sin tuairim an domhain – mar gheall ar an gcur i gcéill a rinne Saddam agus an dúshlán a thug sé don saol go háirithe. Bhí siad sásta leis na fíricí sin ansin, ach ní bhíonn siad sásta sa lá atá inniu ann na fíricí a scrúdú, nó ar aon nós an scéal fíor a insint. Ach tá a fhios acu go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas san Iaráic, de réir a chéile, ach go háirithe i ndiaidh an fheachtais is déanaí, an surge. D’inis an ginearál Petraeus sin dóibh le déanaí, ach ní raibh siad ag éisteacht. Tá suirbhé nua ag Opinion Research Business de thuairimí na
nIarácach, agus tá an móramh níos sásta faoin rialtas nua seo, d’ainneoin an chogaidh, ná faoin seanrialtas, ach is cuma leo tuairimí na nIarácach.
PÁRTHAS DO-AIMSITHE Deir na Daonlathaigh go dtiocfadh na saighdiúirí abhaile gan mhoill, dá mbeadh siad i gcumhacht. Dá mbeidís chun an fhírinne a insint, déarfaidís nach féidir na saighdiúirí a thabhairt abhaile gan tubaiste, agus nach féidir an cogadh a stadadh le focal ná le dea-mhéin. Tuigeann siad go bhfuil an scéal níos casta ná sin. Fadhb bhunúsach atá ag Hillary agus Obama atá ag mórán daoine. Ba mhaith leo Párthas ar talamh a chruthú, ach ní sin réaltacht an tsaoil. Marbh le tae agus marbh gan é, sin an fhadhb. Ní maith le haon duine sibhialta an cogadh mar rud ach tá daoine ann a chuireann buamaí ar dhaoine le Dia chun iad a phléascadh i measc sibhialtach neamhurchóideach. Tá daoine ann a mhúineann dá bpáistí conas a bheith ina mbuamadóirí féinmharaithe. Tá daoine ann gur mhaith leo eitleáin a úsáid mar dhiúracáin agus cúpla míle duine a mharú agus iad ag obair nó ar saoire. Tá daoine ann atá lán-sásta daoine a dhícheannú. Tá a leithéid ann, agus má éiríonn na daoine sibhialta as an gcogadh
seo ina n-éadain, ní éireoidh na sceimhlitheoirí as. Má stadtar taobh amháin de chogadh, gan síocháin a dhéanamh leis an taobh eile, tugtar ‘géilleadh’ air sin. Dá n-imeodh na Stáit Aontaithe agus na comhghuaillithe ón Iaráic, bheadh gach cumhacht ag na sceimhlitheoirí inti. Agus mharóidís an iliomad daoine, i bhfad níos mó ná a bhfuair bás sa chogadh seo. Daoine cróga atá ag iarraidh a dtír a fheabhsú is a shábháil, atá ag iarraidh an daonlathas a chothú agus cearta daoine a chur i bhfeidhm i dtír a bhí scriosta go maith ag an aintiarna marfach sin Saddam. Dá mbeadh an saghas sin ‘síochána’ ann, bheadh cúrsaí i bhfad ní ba dhona san Iaráic. Ach an féidir go mbeadh breis vótaí ag an bpáirtí daonlathach sna Stáit?
ÍOBAIRT Deirtear uaireanta nach fiú beatha duine amháin an cogadh seo. Is mór an chailliúint é bás aon duine, go háirithe na daoine is fearr, na hóglaigh seo atá ar dualgas san Iaráic. Ach nach fiú bás duine amháin a íobairt in ionad bhás na mílte eile? Roinnt mhór daoine atá ann a deir go bhfuil grá acu do gach éinne agus gur fuath leo an cogadh ach, de réir dealraimh, is cuma leo na hIarácaigh. Fiú amháin má tá siad toilteanach glacadh le bás cúpla céad míle duine i dtír i bhfad uainn, an é go mbeidís sásta leis an toradh eile a bheadh air ina dhiaidh? Is cinnte go bhfuil na sceimhlitheoirí ag teacht chun na hIaráice chun seasamh i gcoinne an Iarthair. Dá mbeadh an Iaráic acu mar bhaile buan, d’úsáidfidís é mar a d’úsáid an Talaban an Afganastáin. Gan trácht ar an gcumhacht a bheadh ag an Iaráin, a bhíonn ag spreagadh
is ag cothú na sceimhlitheoirí, sa Mheánoirthear, agus sa saol ar fad. Agus dhéanfaí ionsaithe eile ar an Iarthar, an tIarthar nach raibh sásta seasamh ina gcoinne go fóill. Go háirithe ar an tír is mó agus is tábhachtaí, an sprioc is mó, an tír a chosain na tíortha eile - na Stáit Aontaithe.
“Is cailliúint mhór é bás aon duine, go háirithe na hóglaigh seo atá ar dualgas san Iaráic. Ach nach fiú bás duine amháin a íobairt in ionad bhás na mílte eile?”
Má tá siad sásta géilleadh leis na sceimhlitheoirí, agus rud ar bith a dhéanamh ionas go mbeadh síocháin ann, mar a deir daoine áirithe, is dócha go mbeidís sásta bheith ina ndaoir. Bheadh na mná faoi bhurca, gan cearta ar bith. Bheadh ar gach duine bheith ina Mhuslamach radacach, fiú na Muslamaigh nach nglacann leis an dearcadh sin, an móramh, sin a rá. Agus más Giúdach thú, bhuel, slán leat. Níl siad ina sceimhlitheoirí mar gheall ar an gcogadh seo. Tá siad ina sceimhlitheoirí chun na rudaí sin a chur i bhfeidhm ar fud an domhain. Is fuath leis na liobrálaigh an cogadh. Is fuath linn go léir é. Ach is fuath le daoine freagracha na torthaí a bhíonn ann nuair a sheachnaítear an dualgas atá orainn chun seasamh in éadain an oilc. Sea, rogha an dá dhíogha is ea an cogadh seo. Ach níl aon Phárthas ann sa saol seo. caomhach.blogspot.com
www.nosmag.com 59
léargas
in éadan níl léamh ná scríobh ar an tubaiste
FOCAIl CIARÁN Ó BROLLCHÁIN
B
hí drochmhí ag fórsaí na forghabhála san Iaráic an mhí seo caite gan aon amhras. Ar dtús, mhol an Ginearál Patraeus gur chóir moill a chur ar chúlú thrúpaí Stáit Aontaithe Mheiriceá ón tír. Ansin, thréig fórsaí an rialtais a bpost agus thug siad a ngluaisteáin agus a n-armra do lucht na frithbheartaíochta, agus bhris an rialtas níos mó ná míle póilín as a bpost de bhrí gur dhiúltaigh siad troid in éadan na frithbheartaíochta. Ina dhiaidh sin, tháinig deireadh tubaisteach ar ionsaí a rinne an rialtas puipéid le cuidiú ó bhuamadóirí SAM ar Bhasra i ndeisceart na tíre in iarracht chun an freasúra a mhilleadh. Is é Basra an dara cathair is mó san Iaráic agus is calafaort ola é atá ríthábhachtach do fhórsaí an impiriúlachais. Déanfaidh seo dochar don Phríomhaire Nuri Al-Maliki sna toghcháin chúige atá le teacht i mí Dheireadh Fómhair, nó léirigh teip an ionsaithe nach bhfuil smacht ceart ag an rialtas puipéid ná ag fórsaí an impiriúlachais ar chuid ar bith den tír, cúig bliana i ndiaidh an ionraidh.
60 www.nosmag.com
tír scaoilte Tá na cathanna agus na hionsaithe is fuiltí ó bhí tús na forghabhála ann ag tarlú i rith an ama. Níl fiú an ‘Crios Glas’ slán agus is é sin an áit ina bhfuil ambasáidí Sasana agus SAM agus tithe an rialtais phuipéid, agus tromlach na gcos-saighdiúirí impiriúlacha. Tá an tír anois scoilte go domhain ar bhonn seicteach agus tá an iliomad duine marbh mar gheall ar fhoréigean le cúig bliana anuas. Nuair a cuireadh ceist ar Ghinearál Poncánach amháin faoi líon na marbh, d’fhreagair sé, “Ní dhéanann muid cuntais bháis.” Nach breá an léargas sin go bhfuil fórsaí an impiriúlachais ar nós cuma liom faoi na daoine atá in ainm is bheith faoina gcúram. D’fhág sin an obair ag grúpaí eile. Ar ndóigh bhí deacrachtaí as cuimse ag na grúpaí uilig a bhí ag iarraidh teacht ar fhigiúr ach is féidir a lua go raibh an staidéar ba bheachta le feiceáil san iris leighis Sasanach The Lancet. Sa staidéar a foilsíodh ar an iris sin, sa tríú bliain den fhorghabháil, chonacthas dóibh go bhfuair
timpeall 650,000 duine bás mar gheall ar an fhorghabháil. Cé go bhfuair cuid mhaith acu bás as siocair an fhoréigin, chuir siad san áireamh na daoine a d’éag as siocair na gcoinníollacha maireachtála sa tír mar gheall ar an fhorghabháil. De réir mhodh an staidéir seo tá beagnach 1,000,000 duine anois marbh mar gheall ar an fhorghabháil. Ní gá dom a lua gur cháin leithéidí George Bush an staidéar go fíochmhar.
EASPA Tá caighdeán maireachtála mhuintir na hIaráice ag laghdú bliain i ndiaidh bliana ó thús na forghabhála. Tá na mílte duine ag fáil bháis d’easpa biatachais, agus araon leis sin tá ganntanas ollmhór ann ó thaobh soláthar uisce, leictreachais, teasa agus cumhachta de. Mar bharr air sin, tá níos mó ná 2.5 milliún Iaráiceach anois gan dídeán, iad díláithrithe ina dtír féin, agus tá 2 milliún eile acu anois ina dteifigh i dtíortha eile. Ach a fhad ’s atá an ola ag rith, is cuma faoi fhulaingt na ndaoine. Más rud é gur tháinig rud amháin dearfach as tubaiste ollmhór na hIaráice, is é sin go bhfuil cuspóir na bPoncán agus a ngiollaí le feiceáil go soiléir. Tá a fhios ag an saol mór anois gur bhréag mhór a bhí sna scéalta faoi na hairm ollscriosta, gur bhréag mhór a bhí sna scéalta faoin cheangal idir Saddam Hussein agus Osama Bin Laden. Drochfhear a bhí i Saddam gan aon amhras, ach ar ndóigh rinne siad ‘dearmad’ a lua go raibh sé ina chara maith le rialtais Shasana agus SAM nuair a bhí sé ag marú na mílte Coirdíneach agus nuair a chuaigh sé chun cogaidh leis an Iaráin.
ACMHAINN NÁDÚRTHA Ach cén difear a dhéanann sin anois? Tá smacht ag na Poncáin ar ola na tíre ar a laghad agus is féidir leo an 300 billiún bairille d’ola atá sa tír (luach $30 trilliún leis) a roinnt ar na hollchomhlachtaí trasnáisiúnta, go háirithe na hollchomhlachtaí sin atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. I mí Iúil na bliana seo caite dhréacht na Poncáin féin reachtaíocht faoi acmhainní ola na hIaráice agus ghlac an rialtas puipéid leis gan stró. Sin an ‘daonlathas’ atá ag muintir na hIaráice anois. Téann sé chun sochair do fhórsaí an impiriúlachais go bhfuil muintir na hIaráice scoilte ar bhonn seicteach agus ró-ghnóthach ag troid eatarthu féin le haird a thabhairt ar an scéal, nach dtéann? Tá cléir agus ceannairí áitiúla éagsúla ag iarraidh an tír a stróiceadh as a chéile agus a dtiarnais bheaga sheicteacha féin a chruthú. Ach nár luaigh mé frithbheartaíocht ag an bharr? Tá sí ann. I ndeisceart na tíre mar shampla, tá Gluaiseacht Sadr ann. Tá 1.5 milliún ball acu, agus 30 TD sa pharlaimint ag lucht leanúna a gceannaire, Moqtada Al-Sadr. Síleann siad gur chóir go mbeadh ceannas ag muintir na hIaráice ar ola na hIaráice agus go mbeadh poblacht aontaithe amháin ann. Ar ndóigh is fuath leis na Poncáin iad. Tugann siad ‘sceimhlitheoir’ ar Al-Sadr agus tá siad ag déanamh iarrachta chun nach mbeidh a ghrúpa in ann seasamh sna toghcháin chúige atá le teacht (deashampla eile den daonlathas atá ag muintir na hIaráice anois).
Iaráic. Cé go bhfuil cos-saighdiúirí an impiriúlachais gafa faoi láthair san Iaráic agus san Afganastáin, tá na handúiligh chogaidh i SAM ag leagadh súl ar an Iaráin. Má dhéanann siad ionradh ar an tír sin, cá bhfios cad é atharlóidh ina dhiaidh. Tá neart tíortha eile ar an liosta – an tSiria, an Chóiré Thuaidh, Cúba, Veiniséala, srl. Ar mhaithe le muintir na hIaráice agus pobal an domhain mhóir, guímis gach rath ar fhórsaí an daonlathais sa tír úd. Agus abraimis paidir nach dtiocfaidh aon duine ar ola anseo in Éirinn.
“tá níos mó ná 2.5 milliún Iaráiceach anois gan dídeán... agus tá 2 milliún eile acu anois ina dteifigh i dtíortha eile.”
CONTÚIRT EILE Tá géarghá ann anois go bhfaightear an lámh in uachtar ar na Poncáin san
www.nosmag.com 61
liosta imeachtaí
TR A U LN O CE LE EI IN Á N N A SC D A R FT CEOLNUA STUIF
Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Cuir d’imeacht féin sa liosta! Seol rphost chuig liosta@nosmag.com
62 www.nosmag.com
CEOL NUA
STUIFF TRAD
EILE
Rasta Ruaidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Club Ghort na Móna, Béal Feirste
Club Chronáin Ranganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10in Ceol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in Cead Isteach: €4 eolas@araschronain.com 01-4574847
Oireachtas na Samhna Mór-imeacht bliantúil na Gaeilge, Corcaigh 28 Deireadh Fómhair - 2 Samhain www.antoireachtas.ie
Bréag Banna Reggae Gaeilge ag seinm 7 Mí na Samhna 2008, 9.30in, Féile le Bród, Béal Feirste & 19 Nollaig, An Chultúrlann, Béal Feirste Sult Club Gaeilge Bhaile Átha Cliath, Break for the Border gach dara Déardaoin idir Meán Fómhair & Bealtaine, www.clubsult.vpweb.ie
Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceist Cumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha Theas Aoine dheireannach den mhí
Cabaret Craiceáilte Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag, Gaoth Dobhair 22 Samhain le Tucan, Ciarán Ó Maonaigh, Rasta Rua agus eile Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí www.cnocadoiri.com
R
www.nosmag.com 63
síntiúis
glac síntiús linn LE SÍNTIÚS BLIANA: • Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí • Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise • Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*
subscribe now and put nós* in your hands!
ÍOC: • Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com • Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bocsa) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go: nós* PO BOX 188 An tIúr/Newry BT35 5BA
Éire ¤40 / £32 Sasana, Alba, Cymru £40 An Eoraip ¤70 Cuid eile den Domhan ¤80
ainm / name: ........................................................................ seoladh / address: ................................................................................................................... ............................................................................................................................................................. ............................................................................................................................................................. RPHOST / EMAIL: .................................................................. 64 www.nosmag.com
*
Má tá aon mholadh agat don iris, nó dá mba mhaith leat bheith páirteach, déan teagmháil linn eolas@NOSMAG.COM
www.nosmag.com 65
*
GO RAIBH MAITH AGAT AS SULT A BHAINT AS AN EAGRÁN SEO. BEIDH MUID AR AIS IN 2009. WWW.NOSMAG.COM
66 www.nosmag.com
* www.nosmag.com  67
* 68  www.nosmag.com