nós* - eagrán 7

Page 1

nós*

obamamania

Dóchas as an úr i SAM

AR AN gcaiRpéad dearg

Réamhbhlaiseadh ar na hOscars

ÓN IODÁIL go BARRAigh

iris ghaeilge don nua-aois

Scéaltaí taistil agus spraoi

feabhra 09 eag. 7

7

? SHOCanKgcEláD r dána

Léargas ar

www.nosmag.com

&3.90 £3.50


*


* * * * * *** * ** fáilte

* **

Is féidir linn

Is trí fhocal simplí iad sin thuas ach tá cumhacht acu. Léirigh Barack Hussein Obama gur féidir meon a chruthú agus fís a chur i gcrích bunaithe ar na focail chéanna agus tá teachtaireacht dhearfach an mhana á scaipeadh anseo i measc na nGael anois chomh maith. Le 11 mí anuas tá nós* ag dul chun tosaigh agus ag cruthú gur féidir pobal léitheoireachta a mhealladh agus beocht a chur isteach sa teanga scríofa, ar líne agus i gcló. Is ardú meanman dúinn go bhfuil meáin eile na Gaeilge ag léiriú an bhealaigh anois fosta, ag iarraidh tógáil ar a ndeachaigh roimhe agus ag feabhsú na seirbhísí a bheas ar fáil dár bpobal amach anseo. Tá áthas orainn ag nós* bheith mar chuid d’earnáil atá ag iarraidh níos bisiúla gach lá. Tá áthas orainn chomh maith an t-eagrán is déanaí seo a chur ar fáil dár léitheoirí iontacha. Ar aghaidh libh mar sin, léigí agus bainigí súp as! Tomaí Ó Conghaile Eagarthóir nós* www.nosmag.com  3


fáilte

subscribe! Anois go bhfuil nós* ar fáil ar líne agus i gcló, níl leithscéal fágtha ag aon duine gan síntiús a ghlacadh amach ;-) Mar sin, má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu. Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach, nach é? Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 61 agus ar www.nosmag.com

foireann nós* PO BOX 188 An tIúr BT35 5BA eolas@nosmag.com www.nosmag.com

4  www.nosmag.com

EAGARTHÓIR Tomaí Ó Conghaile MARGAÍOCHT Félim Borland RANNPHÁIRTITHE Frainc Mac Cionnaith, Seoirse Mac Giolla an Chloig, Ciarán Dunbar, Sinéad Ní Churnáin, Diarmuid

Ó Muirgheasa, Cillian de Búrca, Scott de Buitléir, An Seanduine Liath, Sinéad Ní Uallacháin, Tim Armstrong, RG Cuan GRIANGHRAIF Kiritia Images - www.kiritia.com

*


eile 39 Faisean Hataí an gheimhridh 50 Ar Taispeáint Ruga an Téimh Dhomhanda 59 Liosta Imeachtaí

t

istigh taisteal t 43 Oileán Bharraigh 46 An Pótaire Ceart Ól san Iodáil

beatha

t

29 An Seanduine Liath 31 The Token Info and events of the English language community :-)

ceol 7 Léirmheasanna Albaim 8 Nòs Ùr 12 Anoir Aduaidh Déan do cheol féin

t

I gcló 34 Leabhair Eacnamaíochta Ná bí ar chúl le cúrsaí airgeadais 36 Comórtas Mhanchán Magan

LÉARGAS 55 Is féidir leis Ré úrnua i dTeach Bán na Stát Aontaithe

scáileán 17 Iomaíocht Oscar 20 Sex, Drugs, Rock & Roll Seacht ar ais arís

t teicneolaíocht 23 Logiteach V470 23 Liosta na Míosa Earraí saor in aisce

t t t

24 Teic-Obama Uachtarán na teicneolaíochta i SAM

www.nosmag.com  5


ceol


LIAM Ó MAONLAÍ To Be Touched

C

é nár shroich na Hothouse Flowers deireadh an bhóthair go fóill, tá aithne fhorleathan anois ar Liam Ó Maonlaí mar amhránaí aonair, ceoltóir a bhfuil tionchair éagsúla le cluinstin ar a chuid amhrán. Agus tá na tionchair éagsúla sin le brath ar an albam is déanaí seo uaidh chomh maith. Is saothar suaimhneach machnamhach é To Be Touched a chuireann an t-éisteoir ar a shuaimhneas ach ag an am céanna a spreagann chun smaointeoireachta é chomh maith. Glór galánta agus pianó séimh Uí Maonlaí na fuaimeanna atá ag croí an albaim agus is iontach amach an comhcheangal a chruthaíonn siad. Tá draíocht éigin ag baint leis an traic What Do We Do Now agus tugann Worry

BRUCE SPRINGSTEEN Working On A Dream

D

óchas. Sin ceann de na focail is mó a cheanglaítear le ré úr Barack Obama thall i SAM agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an mothúchán céanna le brath ar an albam is déanaí ó chara seo an Uachtaráin nua. Is é Working On A Dream an 16ú albam stiúideo ó Bruce Springsteen agus má bhí teachtaireachtaí polaitiúla le léamh ar a albam deireanach Magic, tá na teachtaireachtaí i bhfad níos gealgháirí an iarraidh seo. Tá fuaim aitheanta Springsteen le cluinstin ann ó thús deireadh, beag nó mór, agus ar chuid de na hamhráin téann sé ar ais chuig an tobar a spreag é sa chéad dul síos. Is amhrán clasaiceach é Working On A Dream féin agus cuireann My Lucky Day leithéidí Glory Days i gcuimhne duit. In áit na ngnéithe domhanda lenar

hhhhh Not ort moilliú síos píosa, suí siar agus sult a bhaint as an fhonn agus na liricí áille. De réir mar a théann an t-albam isteach tuigeann tú go bhfuil tú ag éisteacht le ceoltóir i mbarr a chruthaitheachta agus le Saved meascann sé an stíl leithleach s’aige féin le macallaí ón cheol dúchasach traidisiúnta. Is í an Astráil atá mar inspioráid aige san amhrán Mimi Dreaming Song, ina bhfuil ceol brionglóideach na mBundúchasach go láidir ann, agus cé gur rian as an ghnáth é éiríonn leis é a nascadh leis an albam iomlán. Tá cúpla traic as Gaeilge ann chomh maith, mar atá Siobhán Ní Dhuibhir agus Amhrán na Féidireachta, agus tá cumhacht faoi leith leis an dara ceann ach go háirithe. Níl an Duibhlinneach leis féin ar

an albam áfach nó tá iarbhuaiteoirí an ghradaim Oscar, Marketa Irglova agus Glenn Hansard, á thionlacan ar dhá thraic agus cuireann siad go mór le tionchar iomlán an cheoil. Sár-albam mar sin a léiríonn ardchumas an amhránaí seo. Beidh Liam Ó Maonlaí ag seinm i Sráid Vicar, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 7 Feabhra mar chuid de cheolchoirm ar son phobal Gaza agus tabharfaidh sé cuairt ar Bhéal Feirste ag tús Sheachtain na Gaeilge faoi choinne gig speisialta sa Black Box. TOMAÍ Ó CONGHAILE

hhhhh phléigh an laoch seo le tamall, filleann sé ar scéaltaí níos pearsanta san albam seo agus tá roinnt amhrán láidir grá san áireamh chomh maith. Ina measc sin tá Queen of the Supermarket ina gceolann Springsteen faoi chailín a oibríonn i siopa agus lena bhfuil sé go mór i ngrá. Seans nach í an ghnáth-íomhá a shamhlaítear leis an Boss ach oibríonn an stíl seo, den chuid is mó, agus is léir go raibh réaltaí roc ar nós Roy Orbison ag dul i bhfeidhm air nuair a bhí sé ag cur an albaim le chéile. Bíonn fuinneamh agus dóchas an cheoil i gcodarsnacht dheas in amanna le fírinne na bhfocal fosta agus in Outlaw Pete insítear scéal greannmhar mothúchánach atá lonnaithe go domhain i saol traidisiúnta Mheiriceá. Ar bhuaiceanna eile an albaim tá The Wrestler, amhrán a scríobh sé don

scannán den teideal céanna agus a bhuaigh gradam Golden Globe i mí Eanáir. Tá an t-amhrán céanna ag croílár chuid mhór cainte ar líne chomh maith ar an ábhar nach bhfuair sé ainmniúchán Oscar fiú, ach sin scéal eile do lá eile. Cé go bhfuil siad ann a déarfadh nach bhfuil mórán sa difear idir an eisiúint seo agus albaim eile de chuid Springsteen, agus b’fhéidir go bhfuil amhrán nó dhó ina measc atá cosúil go leor lena chéile, is cinnte go gcuirfidh lucht leanúna s’aige an-dúil go deo ann, agus gach ceart acu chomh maith. Beidh Bruce Springsteen ag seinm sa RDS i mBÁC i mí Iúil. RG CUAN

www.nosmag.com  7


ceol

8  www.nosmag.com


NÒS ÙR AR AIS Tá an comórtas nuacheoil do na teangacha Ceilteacha, Nòs Ùr, á reáchtáil in Inbhir Nis na hAlba arís i mbliana agus tá spriocdháta na n-iontrálacha ag druidim linn. Anuraidh ghlac grúpaí as gach cearn den domhan Ceilteach páirt ann agus ba é an Briotánch Gwennyn (thíos) agus na Breatnaigh Yr Annioddefol (ar clé) a bhuaigh na príomhghradaim sa deireadh. Is é 28 Feabhra an sprioc do chomórtas na bliana seo - a bheas ar siúl i mí an Mheithimh - mar sin má tá spéis agat cur isteach air, nó breis eolais a fháil amach faoi, gabh chuig www.nos-ur.eu láithreach!

www.nosmag.com  9


ceol

CELTIC CONNECTIONS Gach Eanáir bailíonn na mílte duine le chéile i nGlaschú le haghaidh ceann de na féilte ceoil is spleodraí san Eoraip, mar atá Celtic Connections. Féile ollmhór cheoil traidisiúnta í ‘Ceangail Cheilteacha’ ina mbíonn scoth na mbannaí agus na gceoltóirí ag bualadh amach na dtiúineanna agus na n-amhrán. Ar bhuaiceanna na féile, tá an Club a thiteann amach go mall

10  www.nosmag.com

gach oíche ó thús deireadh na n-imeachtaí agus ar na hionaid is fearr sa chathair tá an Old Fruitmarket, a gcuireann a atmaisféar go mór le haon cheolchoirm a bhíonn ar siúil ann. B’ann a sheinm an grúpa Albanach Bodega (thuas) Déardaoin 29 Eanáir, lena meascán deas d’amhráin Bhéarla agus Ghàidhlig. Thíos tá na fidléirí óga Jeana Leslie agus Siobhan Miller a bhí ar an ardán in éineacht leis an laoch Meiriceánach Judy Collins an oíche chéanna.


Tá siad fós ag teacht :-) Status Quo: 4 & 8 Feabhra - Waterfront, Béal

Eric Clapton: 11 Bealtaine – O2, BÁC

Feirste agus Olympia, BÁC

Boyzone: 24, 25 & 26 Bealtaine – Odyssey,

The Datsuns: 4 & 6 Feabhra - The Think

Béal Feirste agus O2, BÁC

Tank, BÁC agus Spring & Airbrake, Béal Feirste

Elton John: 6 Meitheamh - Páirc Thomond,

The Wailers: 10 & 11 Feabhra – Dolan’s,

Cathair Luimnigh

Luimneach agus The Academy, BÁC.

The Prodigy: 18 Meitheamh – Ceantar na

Judas Priest, Megadeth agus Testament: 10

nDugaí, Cathair Chorcaí

& 11 Feabhra - O2, BÁC agus Odyssey, Béal

Shane Ward: 19 Meitheamh – Ceantar na

Feirste.

nDugaí, Cathair Chorcaí

Kaiser Chiefs: 19 & 20 Feabhra - O2, BÁC

Oasis: 20 Meitheamh – Caisleán Bhaile

agus Odyssey, Béal Feirste

Shláine (Ticéid Uas Kasabian: 21 Meitheamh – Ceantar na

Snow Patrol: 1, 19, 20, 21 & 23 Márta – O2,

nDugaí, Cathair Chorcaí

BÁC agus Odyssey, Béal Feirste

Christy Moore: 27 Meitheamh – Ceantar na

Franz Ferdinand: 1 Márta – Olympia, BÁC

nDugaí, Cathair Chorcaí

Smokie: 8 Márta – Olympia, BÁC

AC/DC: 28 Meitheamh – Ráschúrsa Bhaile

Lionel Richie: 13, 14, 16 & 17 Márta: O2,

Phúinse, Co. Chill Dara.

BÁC agus Odyssey, Béal Feirste

Eagles: 28 Meitheamh & 2 Iúil – Páirc an

Finbar Furey & His Band: 26 Márta: Vicar

Phiarsaigh, Gaillimh agus RDS, BÁC.

Street, BÁC Tina Turner: 26 & 27 Márta agus 11 &

Josh Ritter: 4 Iúil – Ceantar na nDugaí,

12 Aibreán: O2, BÁC (Ticéid Phlatanam

Cathair Chorcaí

amháin)

Rod Stewart: 4 & 5 Iúil – Páirc Thomond, Cathair Luimnigh agus RDS, BÁC

Eagles of Death Metal: 1 Aibreán – Spring &

Bruce Springsteen and the E Street Band: 11

Airbrake, Béal Feirste

Iúil – RDS Arena

Presidents of the United States: 3 Aibreán – Vicar Street, BÁC

Coldplay: 14 Meán Fómhair – Páirc an

Pink: 22 Aibreán – Odyssey, Béal Feirste

Fhionnuisce, BÁC.

Morrissey: 28 & 29 Aibreán agus 2 Bealtaine

Pink: 14 & 17 Deireadh Fómhair – O2, BÁC

- INEC, Cill Áirne; Leisureland, Gaillimh;

agus Odyssey, Béal Feirste.

agus Waterfront, Béal Feirste Oasis: 20 Meitheamh - Caisleán Bhaile Bob Dylan: 6 Bealtaine - O2, BÁC

Shláine (Ticéid

Counting Crows: 7 & 8 Bealtaine – Odyssey,

UB40: 19, 20 & 21 Samhain – INEC, Cill

Béal Feirste agus O2, BÁC

Áirne, O2, BÁC agus Odyssey, Béal Feirste.

ÓN BHARR: COUNTING CROWS, TINA TURNER

Albaim le heisiúint an mhí seo... 2 Feabhra Zazie - Zest Of Zazie; Coldplay - Life In Technicolor Ii 9 Feabhra Lily Allen - Its Not Me Its You 12 Feabhra Killers - Spaceman 16 Feabhra U2 - Get On Your Boots; Morrissey - Years Of Refusal

www.nosmag.com  11


ceol

I mbun ceoil? diy. Insíonn an ceoltóir ceannródaíoch Tim Armstrong dúinn conas dul i mbun taifeadta ar bhealach cost-éifeachtach ach gairimiúil. mar a deir sé féin, Rac é go crua!

M

holadh san cholbh seo gu bheil eòlas aig na puncairean a thig gu feum ma tha thu airson ceòl nuadh a dhèanamh ann an Gàidhlig na h-Alba no Gàidhlig na h-Èireann. Rinneadh agallamhan leis an dithis, Ruairidh Neithercut bho Problem? Records agus Ruairidh MacAilein bho Oi Polloi, agus dh’innse iad dhuinn dìreach cho furasta ‘s a tha e ceòl a chruthachadh agus a chur a-mach air do cheann fhèin, DIY, mar a chanar. ‘S urrainn dhut còmhlan a chur ri chèile, a shanasachadh air myspace.com, turas a chur ri chèile, CD a chur a-mach air nas lugha na not gach fear ma nì thu mìle dhiubh, an cèol agad a chur air iTunes air cho beag ri £20 ma chleachdas tu seirbheisean mar cdbaby.com no tunecore.com, uile gun taic sam bi bho na companaidhean-ciùil mhòra. ‘S e deagh naidheachd a th’ ann an sin don fheadhainn a dhèanadh ròc, teacno, hip-hop, meatailt, punc no ceòl nuadh sam bith eile ann an Gàidhlig, oir chan eilear idir an dùil ri sgillinn ruadh de thaic bhon ghnìomhachas-ciùil mhòr ma nithear ceòl nuadh ann am mion-chànan mar a’ Ghàidhlig. Agus tha sin ceart gu leòr. Taigh na croich orra. Chan eil feum againn air an taic-san co-dhiù. Ach... gu ruige seo, bha aon cheum air fhàgail ann am beatha còmhlan DIY a bha fhathast reusanta cosgail, agus far an robh e doirbh farpais a dhèanamh an aghaidh nan còmhlanan snasail a bhiodh an sàs anns na companaidhean mòra, agus b’ e sin clàrachadh. Cosgaidh stiùideo-clàrachaidh eadar £30 agus £1500 gach uair agus gu h-ìre,

12  www.nosmag.com

gheibh tu na chosgas tu. Cluinnidh tu sa bhad an diofar eadar CD a chaidh a chlàrachadh air £200 agus CD a chaidh a chlàrachadh air £20,000. Chan eil cothrom air. Mar sin, ‘s e fìor deagh naidheachd a th’ ann gu bheil prìsean nan prògramanclàrachaidh mar Pro Tools, Logic, Sonar agus Cubase a-nis air an ìsealachadh gus an ìre far a bheil e eaconomach an ceannach agus an còmhlan agad a chlàrachadh leat fhèin. Chan e dèideagan a th’ anns na prògraman seo, ach innealan-clàrachaidh cheart, agus leothasan, ‘s urrainn dhut an còmhlan agad a chlàrachadh air do shocair fhèin agus fuaim a chur sìos a bhiodh a cheart cho dreuchdail lainnireach ris na h-òrain a thig bho na stiùideoan mòra craicte cosgail. Rinn sinne anns Na Gathan an dearbh rud a chionn goirid, agus feumaidh mi aideachadh gu bheil sinn duilich nach do ghabh sinn an leum na bu thràithe, ach bha sinn feumach air put. Fhuair sinn am put sin san t-samhradh sa chaidh nuair a dh’fheuch sinn ri òran ùr a chlàrachadh ann an stiùideo dreuchdail. Chosg sinn ceithir mìosan agus còrr ‘s sia ceud not ach chaidh a’ chùis air

fad air iomrall agus cha d’ fhuair sinn òran às. Abair thusa gun robh sin goirt! Cha leig mi leas an sgeulachd bhrònach innse agus mìneachadh carson nach do shoirbhich an clàrachadh, ach b’ e sin am put a bha a dhìth oirnn co-dhiù. Mar sin, thòisich sinn air fèinchlàrachadh a rannsachadh, agus aig a’ cheann thall, am measg nam prògramanclàrachaidh air an ainmeachadh gu h-àrd, cho-dhùin sinn gun rachamaid le dreach de Pro Tools. Chan eil teagamh ann gur e Pro Tools am prògram as cliùitiche nam measg. Chleachdadh a’ mhòr-chuid dhe na stiùideoan mòra dreach air choireigin de Pro Tools HD, ach tha HD fhèin cosgail,


bho £6,000 suas gu £50,000 no nas àirde ma thogras tu, agus fada cus dhan stiùideo-thaighe co-dhiù. Gu fortanach, nì Digidesign, an companaidh air cùl Pro Tools, dreach nas saoire, Pro Tools LE, a bhiodh cumhachdach gu leòr airson stiùidio sam bith ach na stiùidioan a bu mhotha. Gus Pro Tools a ruith, feumar batharcruidh sònraichte a cheannach. Cha ruith Pro Tools leis fhèin agus seo far a bheil an sgeulachd a’ dol toinnte. Tha taghadh farsaing romhad nuair a thig e gus am bathar-cruaidh a chleachdas tu còmhla ri Pro Tools, ach chanainn gun rachadh a’ mhòr-chuid dhe na stiùideoan-taighe le Mbox2. ‘S e seòrsa eadar-aghaidh a th’ ann am Mbox2 agus fhuair sinne an tè againne air £280. Thig Pro Tools LE 8 air a phasgadh leis agus ‘s ann tron Mbox2 a cheanglas sinn na h-innealan-ciùil no na micean againn ris a’ PC againn. Tha dà phort sa chùl do mhicean no do dh’ionnsramaidean, cho math ri MIDI, DI agus S/PDIF. Ceanglaidh am Mbox2 fhèin ris a’ Mac no ris a’ PC leis an dà chuid USB (saor) no Firewire (nas luaidhe ach nas doire). Chan eil puirt gu leòr ann an cùl a’ Mbox2 gus drumaichean

“Go hádhúil, déanann Digidesign, an comhlacht ar chúl Pro Tools, leagan níos saoire a bheadh cumhachtach go leor airson stiúidio ar bith ach na cinn is mó.” a chlàrachadh. Sin an aon bheud, gun feum sinn fhathast dol dhan stiùidio gus na drumaichean a chur sìos, ach cho luath ‘s a tha sin deiseil againn, ‘s urrainn dhuinn a h-uile nì eile a dhèanamh dhuinn fhìn. Cheannaich sinn mic spreigeach reusanta math air £120 (AKG Perception 400), agus b’ e sin na chosg sinn uile gu lèir. Nuair a dh’fhosgaileas tu Pro Tools a’ chiad uair agus gus am fàs thu eòlach air, is coltach gum bi iomagain ort ron chumadh dhoirbh a th’ air a’ phrògram fhèin, ach gu fàbharach, tha bhideoanoideachaidh gu leòr rin lorg air youtube. com, agus sin na rinn mi fhìn. Choimhead mi sreath de bhideoan

feumail a lorg mi agus cha b’ ann fada gus an robh mi a’ dèanamh ceòl leis. Is iongantach na gheibh tu air cho beag ri £280. Creididh mi gum b’ urrainn dhut stoidhle-chiùil sam bith a chruthachadh le Pro Tools LE. Tha na goireasan uile ann do ròc, agus clàrachadh ionnsramaidean beò, ach cuideachd, tha goireasan MIDI seòlta na bhroinn agus a h-uile ionnsramaid bathair-bhog a dh’iarradh tu gus teacno no hip-hop a chruthachadh. Thig Pro Tools LE paisgte le prògrammaighstireachd dreuchdail, Maxim, agus mar sin, cha leig tu leas airgead a chosg air stiùideo-maighstireachd nas motha. Mholainn Pro Tools LE 8 agus Mbox2 do cheòladair no do chòmhlan sam bith a tha ag iarraidh an cuid ceòl a chlàrachadh gu saor. Gheibh tu fuaim dreuchdail às agus bidh smachd agad air a’ ghnìomh aig a h-uile ceum. Is bochd nach do rinn na Gathan an leum spòrsail cruthachail seo na bu thràithe.

*

www.digidesign.com www.akg.com

www.nosmag.com  13


ceol agat? fógra nós*

Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge la Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi il chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmhá linn anois ar eolas@nosmag.com Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!


OÍCHE REGGAE AGUS SKA GHAELACH LEIS AN GHRÚPA REGGAE IS FEARR IN ÉIRINN! Caith ort do Bhróga damhsa agus buail isteach chuig an Chabaret Craiceáilte:

Teach Hiúdaí Beag An Bun Beag, Gaoth doBhair

Dé Sathairn 9i.n.

28 FEABHRA 2009

GACH EOLAS AR FÁIL ÓN CHLÁR RÓNANBEO@3 AR RNAG AGUS WWW.CRAICEAILTE.COM


scรกileรกn


Iomaíocht Oscar

FOCAIl TOMAÍ Ó CONGHAILE

Ó

fógraíodh gearrliosta na nGradam Oscar i mí Eanáir tá gach criticeoir agus léirmheastóir scannáin ar domhan ag tomhas cé acu a mbeidh an lá leo nó cén scannán a bhuafaidh an phríomhdhuais. Is iomaí rud a imríonn tionchar ar mholtóirí an Acadaimh agus tá dúshlán rompu arís i mbliana nó is géar an iomaíocht atá ann, go háirithe do na mórghradaim.

Agus tá Éireannaigh i measc na n-ainmniúchán fosta le Martin McDonagh ainmnithe sa rannóg don Script Scannáin is Fearr (In Bruges) agus Roddy Doyle, ar cuireadh a scéal New Boy in oiriúint don scáileán, san iomaíocht don Ghearrscannán Beoghníomh is Fearr. Bhí Redmond Morris, ar as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, ar dhuine de léiritheoirí The Reader,

atá istigh don Scannán is Fearr, agus ainmníodh Nathan Crowley as a obair dheartha ar The Dark Knight. Titeann an ócáid amach in Los Angeles ar 22 Feabhra ach, san idirlinn, seo blaiseadh beag ar an 5 príomhscannán atá ar ghearrliosta an Scannáin is Fearr 2009. Grán rósta aon duine?

SLUMDOG MILLIONAIRE Seo scannán áthais na n-ainmniúchán agus ceann a bhfuil gradam nó dhó buaite aige cheana. Leanann Slumdog Millionaire scéal Jamal Malik (Dev Patel) - dílleachta 18 bliain d’aois a d’fhás aníos i bplódcheantair Mumbai - ar éirigh leis an cheist deiridh a bhaint amach ar ‘Who Wants To Be A

Millionaire?’ na hIndia. Nuair a ghlacann an seó sos don oíche, gabhann na péas é agus cuirtear ina leith go raibh caimiléireacht ar bun aige le linn an chláir: conas is féidir le buachaill sluma an oiread sin bheith ar eolas aige? Agus é ag míniú go bhfuil sé neamhchiontach, insíonn sé scéaltaí

éagsúla óna shaol féin a thugann le fios cén áit ar fhoghlaim sé freagraí na gceisteanna. Tá an-jab déanta ag an stiúrthóir cumasach Danny Boyle agus bheadh sé deacair gan sult a bhaint as an scannán gleoite seo. Seans iontach aige ar an Oscar mór.

www.nosmag.com  17


scáileán

Ceann amháin de dhá scannán polaitiúla ó SAM na 1970í, díríonn Milk ar shaol an ghníomhaí aeraí Harvey Milk arbh é an chéad pholaiteoir a bhí go hoscailte homaighnéasach le hoifig phoiblí a bhaint amach sa tír. Cé gur éirigh leis roinnt athruithe a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse a bhí aige ar Bhord San Francisco, níor mhair saol polaitiúil Milk i bhfad nó, bliain tar éis a cheapacháin, scaoileadh é féin agus Méara na cathrach chun báis. Tá stádas íocónach ag baint le Harvey Milk ó thaobh chearta aeracha de agus bhí cuid dá sheanchairde fiú páirteach san fhadscannán. Is é Sean Penn atá sa phríomhról agus cuireann an fuinneamh leitheach aige go mór le rithim an scannáin.

18  www.nosmag.com

the curious case of benjamin button

p

p MILK

Tá plota draíochta amach ag an The Curious Case of Benjamin Button, scannán bunaithe ar ghearrscéal de chuid F. Scott Fitzgerald agus a bhfuil 13 ainmniúchán faighte aige i nGradaim Oscar na bliana seo. Tagann an tUasal Button (Brad Pitt) ar an saol, ní ina leanbh óg ach ina sheanduine 86 bliain d’aois agus éiríonn sé níos óige seachas níos sine de réir mar a théann na blianta isteach. Suite in New Orleans idir an Chéad Chogadh Domhanda agus an 21ú Céad, tugtar léargas ar chora éagsúla a shaoil, idir na háiteanna a dtugann sé cuairt orthu, na daoine a mbuaileann sé leo agus léirítear a mhothúcháin féin go beoga ó bheatha go bás.


p

Bunaithe ar an leabhar Gearmánach, Der Vorleser, le Bernhard Schlink, pléann The Reader leis an chaidreamh idir an déagóir Michael (Ralph Fiennes) agus an bhean níos sine Hanna (Kate Winslet) sna blianta díreach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Éiríonn a gcaidreamh rúnda níos paiseanta de réir a chéile agus baineann Hanna an-taitneamh as na scéaltaí éagsúla a léann Michael léi agus iad le chéile. Lá amháin imíonn Hanna go tobann áfach agus ní fheiceann Michael í go dtí go mbuaileann sé léi i dteach cúirte 8 bliain ina dhiaidh, áit a bhfaightear amach faoi chúlra dorcha na mná. Le criticeoirí scaoilte faoi éifeacht an scannáin, ní dócha go mbeidh an mhórdhuais aige ag deireadh na míosa.

FROST/NIXON

p

the reader

1977. Trí bliana i ndiaidh go raibh air imeacht ón Teach Bán, cinneann Richard Nixon (Frank Langella) ar agallamh teilifíse a dhéanamh os comhair phobal SAM. An fear a roghnaíonn sé chun na ceisteanna a chur ná David Frost (Michael Sheen), láithreoir Sasanach agus duine, dar leis an Iar-Uachtarán, a mbeadh sé in ann an lámh in uachtar a fháil air agus iad beirt faoin spotsolas. Tá dul amú ar Nixon áfach agus titeann ceann de na hagallaimh is clúití i stair na Stát amach dá bharr. Cé go gcuirfear suim i bpolaitíocht an scéil féin, is é Langella réalta Frost/ Nixon agus thuill an taispeántas cumasach a thug sé uaidh ainmniúchán dó don Aisteoir is Fearr.

www.nosmag.com  19


scáileán

20  www.nosmag.com


sex, drugs & rock ‘n’ roll Tá an dara sraith de Seacht faoi lán seoil i láthair na huaire agus é chomh spleodrach grágach is a bhí ariamh. Breathnaíonn nós* ar cad atá difiriúil faoin dráma an babhta seo...

N

í raibh a leithéid feicthe ariamh ag lucht féachana na Gaeilge. Nuair a bhuail an dráma Seacht scáileáin bheaga na tíre ag tús na bliana seo caite, ba chlár ceannródaíoch é ar go leor bealaí. Bhí talamh nua á bhriseadh aige ó thaobh ábhair agus stíle de. Cinnte, bhí cláracha eile ann roimhe a phléigh le caidrimh fhisiciúla agus le duáilcí an tsaoil ach ní raibh aon cheann ann ina raibh na sonraí chomh follasach ná an teachtaireacht chomh soiléir. Ó phóga leispiacha go spraoi leapa de shórt éigin eile, ó bholadh na dtoitíní draíochta go séisiúin mhóra ólacháin, cuireadh saol na mac léinn a bhí ag freastal ar choláiste taibhealaíon Seacht i láthair mar eispéireas iomarcach gan srian. Chonacthas scolairí ollscoile ag dul ar mire ar an teilifís roimhe ar ndóigh ach bhí an dream seo difiriúil - bhí siad á dhéanamh i nGaeilge. Mar sin féin ba iad eachtraí aonaracha na ndaoine óga a chuaigh i bhfeidhm ar an lucht féachana seachas mionghnéithe an phlota féin - agus cé go mb’fhéidir go ndearnadh d’aon ghnó é, le cur in iúl go dtiocfadh leis an Ghaeilge bheith chomh edgy céanna le teanga ar bith eile ar domhan - bhí an baol ann i gcónaí nach mbeadh an éifeacht chéanna leis an iompar cráiceáilte an dara huair, nach

mbeadh breathnóirí na sraithe chomh tógtha leis an ró-iompar is a bhí nuair a bhuail an tsraith isteach inár seomraí suí den chéad uair. Ach níorbh amhlaidh a thit amach. In ainneoin go bhfuil cúpla athrú san fhoireann aisteoirí a chuirfidh isteach orthu sin a bhíonn ag coinneáil súl ar chúrsaí leanúnachais, tá cuma níos aibí, ach ní ró-aibí, ar an dara sraith seo de Seacht. Tá an spleodar céanna ann ar ndóigh - le breis coimhlintí fiú idir na mic léinn éagsúla - ach tá feabhas áirithe le mothú ar an phacáiste iomlán, ní hamháin maidir leis an bhunscéal ach maidir le radharcanna agus seatanna stílmhara chomh maith. “Tá an plota níos fearr i mbliana,” arsa Eoghan McDermott, aka Pete, le nós*. “Tháinig rudaí le chéile don tsraith seo agus tá an scéal agus an toradh deiridh níos iomláine dá bharr.”

“tá cuma níos aibí, ach ní róaibí, ar an dara sraith seo de Seacht...”

Ní raibh an oiread sin taithí aisteoireachta ag roinnt d’fhoireann an dráma sular thug siad faoin chéad sraith ach is léir anois go bhfuil siad i ndiaidh theacht isteach ar a róil éagsúla. “Tá muid níos muiníní anois is dócha ach bhí foireann nua againn an babhta seo chomh maith. “Mar sin de bhí sé i gcónaí dul bheith difriúil ach d’éirigh go maith linn ar an iomlán.” I measc na ndaoine úra a tháinig isteach ar an seó bhí scríbhneoirí agus stiúrthóirí de chuid na sraithe clúití Sasanaí, Hollyoaks, agus tá an faobhar a chuir siad leis an tsraith le feiceáil cheana. Ach an dóigh le hEoghan go dtéann an plota thar fóir in am ar bith go fóill, gur léiriú áibhéileach ar shaol an choláiste? “Ceapaim féin go bhfuil sé ró-tame!”, arsa sé. “Má bhreathnaíonn tú ar chláracha ar nós Hollyoaks nó Skins bíonn scéaltaí i bhfad níos scannalaí acusan. “Tá ólachán agus gnéas srl. ag dul ar aghaidh ar Seacht ach i ndáiríre níl aon scannal ró-mhór ann... go fóill.” Cibé rud a thiteann amach idir seo agus deireadh na sraithe, tá aisteoirí agus foireann Seacht cheana féin i ndiaidh lucht leanúna a mhealladh do dhrámaí óige Gaeilge, agus neart ábhar cainte a chruthú ag an am céanna. Ní olc an rud é sin.

*

www.nosmag.com  21


teicneolaĂ­ocht


FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa

LOGITECH V470 Luchóg Bluetooth

Dath gorm/bán

D

on ghnáth-dhuine, más luchóg don ríomhaire atá uathu, luchóg don ríomhaire a cheannaíonn siad. Is cuma leo más rud é go bhfuil bluetooth aige, nó má ligeann sé duit scrollú suas-síos agus anonn-anall, nó más rud é go bhfuil ‘laser precision’ scríofa i litreacha móra ar an mbosca. Tá na rudaí sin uilig ag an V470, ach an cuma leat? Bhuel, más rud é go bhfuil bluetooth iniata i ríomhaire glúine agat, agus gur mian leat luchóg raidió a úsáid gan ceangal a iompar timpeall leat, níl ach cúpla rogha agat agus, ar pháipéar, sé an V470 an ceann is fearr. Agus nuair a oibríonn sé mar is ceart tá sé iontach maith. B’fhéidir go bhfuil an ‘laser precision’ beagán láidir, ach cinnte tá sé caoiseach cruinn, agus tá sé chomh maith le haon luchóg raidió eile atá timpeall. Muna bhfuil tú tógtha go mór le cluichí preabarnacha ar nós CounterStrike, déanfaidh sé cúis. An fhadhb atá ann ná, chun go mbeadh sé úsáideach duit, is gá go n-oibreodh sé. Agus cé go n-oibríonn sé beagnach i gcónaí, agus cé go bhfuil sé an-mhaith nuair a oibríonn sé, anois is arís teipeann ar an nasc ar feadh cúig nó deich

hhhhh

Costas: ¤29.85 ó dabs.com

nóiméad. Uaireanta glacann sé ceithre nó cúig atosú agus athnascú chun go nascfaidh sé arís Is gnáthluchóg mhaith í seo, leis an ngnáth-thrí chnaipe, agus scollú 4-slí atá go maith. Tá cadhnra aige atá go maith (maireann sé 4 mhí ar 2xAA) ach ní féidir an fhadhb amháin sin a mhaitheamh dó. Gach seans go bhfuil mórán daoine amuigh ansin gan an fhadhb úd agus, muna raibh sé againn, bheadh 4 nó 5 as 5 tuillte aige. Bhí sé againn áfach, agus 2/5 atá aige.

LUCHÓG LOCHTACH: An Logitech V470

Liosta na míosa – cláir úsáideacha saor in aisce 1) Firefox (www.getfirefox.com) Muna bhfuil Firefox in úsáid agat tá tú ag cailliúnt amach. Níos fearr ná Internet Explorer gan aon dabht, agus níos fearr ná Chrome i mórán slite, ba chóir dó bheith ar gach ríomhaire ar Domhan, idir ríomhairí Windows, Mac agus Linux. 2) True-Crypt (www.truecrypt.org) Slí saor-in-aisce chun do chuid comhad srl a choinneáil sábháilte agus faoi rún. So más mian leat rud ar bith a choimeád ar an ríomhaire nach mbeidh éinne

ábalta aimsiú, seo an gléas duit. Aon rud nach mian leat go n-aimseoidh daoine eile... aon rud ar bith, idir doiciméid agus... eile... 3) Cooliris (www.cooliris.com) Le bheith ionraic, níl sé chomh húsáideach sin ar chor ar bith. Ach tá sé cúl. Chomh cúl le haon rud a fheicfidh tú aon am go luath. Ach, mar a deir mé, níl sé chomh húsáideach ar chor ar bith. Triáil é, áfach. Is fiú é.

www.nosmag.com  23


teic

FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa

Uachtarán na teicneolaíochta

M

ar is eol do gach mac máthair, toghadh Barack Obama mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí agus, cé go bhfuil clúdach déanta air níos faide anonn in eagrán na míosa seo, táimid anseo sa roinn teicneolaíochta i gcónaí sásta léim ar aon bandwagon atá ag dul thar bhráid, agus ní haon eisceacht é bandwagon an Uasail Obama. So, Obama. Cad is féidir rá faoi? Bhuel, an príomhrud, is dócha, ná gurb é an chéad Uachtarán as 44* a thuigeann an t-idirlíon mar is ceart. Tá buntáiste míchothrom aige thar leithéidí Washington agus Lincoln, cinnte, ach ná ligfimís do sin baint uaidh. Ní hamháin gur éirigh leis an feachtas polaitiúil is fearr riamh a reáchtáil leis an saineolas sin in úsáid aige, ach tá sé freisin mar chosantóir láidir ar an idirlíon neodrach, is é sin go bhfuil sé in éadan na bpleananna atá ag comhlachtaí telecom ‘lána scioptha’ a chruthú ar an idirlíon agus breis airgid a lorg uait más mian leat é a úsáid. Féar plé do Bharack as ucht an tseasaimh sin, a deirimid anseo in oifigí nós*, agus ní díreach toisc go bhfuil gach seans go mbeimís fágtha sa lána mall sa chás sin… Taobh amuigh den idirlíon, ní fhéadfá labhairt faoi theic Obama gan trácht a dhéanamh ar a Blackberry. Taibhsítear dúinn nach dtéann sé amach gan é, ach – agus seo an fíor-scéal anseo – ní bheidh cead aige é a úsáid anois gur Uachtarán é. Deirtear go n-athrófar é i gcomhair gléas Windows

24  www.nosmag.com

Mobile, atá “níos sábháilte”. Agus sea, sin é an chéad uair riamh ar dúradh sin faoi aon táirge de chuid Microsoft. Bain taitneamh as Bill, ní tharlóidh sé arís go ceann tamall. Ag déanamh neamhairde ar feadh soicind dá thaithí phearsanta, líne óna chéad óráid mar Uachtarán a sheas

“Is é an chéad Uachtarán a thuigeann an t-idirlíon mar is ceart. Tá buntáiste míchothrom aige thar leithéidí Washington agus Lincoln, cinnte, ach ná ligfimís dó sin baint uaidh.”

amach do lucht teicneolaíchta an Domhain ná gur dhúirt sé go raibh sé i gceist aige “to return science to its rightful place”, agus ní féidir ach gur rud maith é sin dóibh siúd ar aoibhinn leo teic. Tá mórán ar gá a dhéanamh chun an sprioc fadradharcach sin a bhaint amach, áfach, agus is bóthar fada agus deacair a bheas ann. Bheadh gá go mbeadh leathanbhanda ar fáil chuile áit sa tír, mar shampla. Breis infheistíochta in eolaíocht agus teicneolaíocht ag tríú leibhéal ag taisteáil chomh maith. Breis béime ar eolaíocht agus mata ar scoil. Ionrachas eolaíochta a athlonnú sa Teach Bán. Breis infheistíochta i dtaighde gaschealla. Infheistíocht i gcóras leictreonach chun an córas sláinte a eagrú. An deá-scéal atá ann ná gurb iad sin díreach na rudaí atá á gheallúint ag Obama.

Le bheith ionraic, tá mórán ar an liosta ag whitehouse. gov nach smaoineofá orthu fiú, ach déanann chuile ceann acu ciall. Deir sé freisin go bhfuil sé chun “Chief Technology Officer” a fhostú, chun cúrsaí teicneolaíochta a reáchtáil sa tír. Ó tharla go bhfuil post dá leithéid i ngach mórchomhlacht ar Domhan, nach mór, déanann sé ciall go mbeadh a leithéid ag gach tír chomh maith, ach... ciall choiteann sa Teach Bán? B’fhéidir go mbeidh orainn dul i dtaithí air. Díreach trua nach bhfuil an rud céanna ag tarlú anseo in Éirinn… Is féidir breis a léamh faoi phlean teicneolaíochta Obama ag whitehouse.gov

*

*Bhuel 43 i ndáiríre. Fágfaimid faoi roinn éigin eile insint daoibh cén fáth.


GLUAISEACHT NA SCÁILEÁN

Motionflow Teilifís 120Hz/200Hz/240Hz Cad é, cén fáth ar cuma liom agus cén fáth sa diabhal a bhfuil 5 ainm éagsúil aige? Bhuel, mar a thuigfeadh duine ar bith a smaoineodh faoi, tá difríocht idir teilifís le 100Hz scríofa air agus 200Hz. Agus níl i motionflow ach an t-ainm a thugann Sony air, ó tharla gur gá dóibh bheith difriúil – agus is ainm deas é a bhfuilimid lán-sásta a úsáid, mar a tharlaíonn sé. Cinnte, ach cad é? De ghnáth athraíonn pictiúr ar teilifíseán 60 uair sa soicind, sin 60Hz.

Den chuid is mó, ní athnaíonn súil an duine faic níos tapúla ná sin ach, nuair a thosaíonn rudaí ag titim amach go tapa ar an scáileán, uaireanta éiríonn an pictiúr rud beag stadach, nó ar a laghad tagann an chuma sin air. Trí bhreis pictiúr a chur isteach sa tsraith, is féidir an ráta a ardú go 100Hz, 120Hz srl agus cuid den stadachas sin a bhaint. Ach cad as a dtagann na pictiúir nua seo? Bhuel, sin an deacaracht. Cé go ligeann motionflow duit pictiúirí a athrú go tapaidh, muna bhfuil aon phictiúr ann le hathrú chuige, ní dhéanann an luas sin maitheas ar bith duit. Chun an fhadhb seo a shárú tá

déantúsóirí i ndiaidh bheith ag obair ar fhoirmlí mata chun an spás idir dhá phictiúr a líonadh leis an rud a bheadh ann, dá mbeadh aon rud ann. Má thuigeann tú. Agus an oibríonn sé? Bhuel, mar aon le haon dul chun cinn eile mar seo deir daoine áirithe nach féidir leo filleadh ar shean-teilifís, deir daoine eile nach bhfeiceann siad an difríocht. Chun rudaí a dhéanamh níos casta fós tá difear idir iarrachtaí déantúsóirí éagsúla. Má tá teilfís nua á lorg agat, in ainm Dé téigh agus féach air roimh ré, le feiscint an bhfuil aon mhaitheas leis, agus más féidir, féach air taobh le taobh le scáileán gan motionflow.

www.nosmag.com  25


teic

nuacht

USB 3.0 Níl mórán daoine a bhfuil an difríocht idir USB1.1 agus USB 2.0 ar eolas acu, gan trácht ar USB 1.0 nó roimhe sin, ach tá USB 3.0 ar an mbealach ar aon chaoi. Beidh sé suas le 6 uair níos tapúla ná USB 2.0 a deir siad, agus bainistiú cumhachta níos fearr aige chomh maith. Bí ag súil leis i dtreo dheireadh 2010.

TUARTHÉACS GAEILGE Mar is eol do léitheoirí nós*, tá tuarthéacs as Gaeilge ar fáil ar feadh tamaillín anois ar fhóin ar nós an Samsung Tocco nó an L700 a cheannach. Anois, áfach, a bhuí le Foras na Gaeilge agus Vodafone, is féidir le húinéirí beagnach fón ar bith tuarthéacs a íoslódáil trína mbrabhsálaí a threorú i dtreo http://wap.teacs.ie. Breis eolais in eagrán Mhárta.

26  www.nosmag.com


HDTV (ach gan na cáblaí) Tuigimid uilig an fhadhb. Táimid i ndiaidh teilifís 150” a cheannach agus a chrocadh ar an mballa, ach cad faoi na cáblaí? Bhuel tá tú leat féin ag déileáil leis an cábla cumhachta, ach le W-HDTV tá bosca - atá ar nós seinnteoir DVD ó thaobh méid agus cuma de - a shuíonn áit éigin sa seomra agus é nasctha gan sreang leis an teilifís. Ceangail an seinnteoir DVD/Blu-ray, an X-bhosca agus an bosca Sky+ chuig an mbosca úd agus ar aghaidh leat. Ní hamháin sin, ach is féidir an teilifís a dhéanamh níos tanaí trí chuid den stuiff leictreonach a bhogadh chuig an mbosca eile. Bhí samplaí ar taispeáint ag Samsung, Panasonic agus LG, agus ba chóir go dtosóimid á bhfeiscint sna siopaí go luath. Neural Input Actuator Bhí an “Neural Impulse Actuator” is déanaí á thaispeáint ag an chomhlacht OCZ, agus is cosúil go bhfuil sé mórán níos fearr ná an ceann deireanach. Smaoinigh faoi Jedi ag smachtú

ríomhaire le cumhacht intinne, nó rud dá leithéid, agus sin an saghas ruda atá i gceist leis an ngléas seo. Ar a laghad, sin an íomhá a thugann OCZ dúinn sa bhumpf margaíochta. Beidh léirmheas againn anseo go luath... Ultra HDTV (4K) Nílimid iomlán cinnte cad ar chóir glaoch

“Smaoinigh faoi Jedi ag smachtú ríomhaire le cumhacht intinne, nó rud dá leithéid, agus sin an saghas gléis atá i gceist anseo.”

ar na scáileán seo, agus tá siad ann a deir gur ainm uafásach é “hi-def” ar rud ar bith. Ar aon nós, tá Toshiba anois ag fógairt teilifíse le gléine 3840 x 2160 (sin FullHD x 2, más mian leat). Ó tharla nach bhfuil blu-ray fiú i ndiaidh codán ceart den margadh a ghabhadh, tá drogall orainn a rá cathain a fheicimid na scáileáin seo, ach is dócha go mbeidh siad ar fáil chomh luath is a bhíonn ábhar ann le húsáid a bhaint astu. Nvidia 3D Vision Le tamall fada táimid ag fanacht le virtual reality teacht chun cinn ar shlí mhór. Níl an táirge nua seo ó NVidia chun é seo a dhéanamh é féin, ach is céim eile ar an mbóthar é. Tá cárta cumhachtach grafaic ag taisteáil, chomh maith le scáileán nua-aoiseach agus na spéaclaí féin, a chosnaíonn timpeall €200, ach deir foinsí neamhspleácha go bhfuil an éifeacht dochreidthe. Tá siad ar fáil i Meiriceá cheana agus beidh siad anseo go luath.

www.nosmag.com  27


beatha


sean-nós*

leis an seanduine liath

N

uair a bhí mise meánaosta (ní raibh mé riamh óg), bhíodh cotadh éigin orainn faoin ghlacaireacht aonair. Déanta na fírinne, is léir nach raibh ach buneolas againne ar an ábhar mar níor ghnách linn an aidiacht sin ‘aonair’ a chur leis an ghníomh ar chor ar bith; ach feicim anois ó fuck.all.ie go bhfuil a leithéid de rudaí agus ‘glacaireacht’, ‘glacaireacht aonair’ agus ‘comhghlacaireacht’ ann, cibé cén oibríocht chasta atá sa ‘chomhghlacaireacht’. B’fhéidir go gcuireann tú scairt ghutháin ar chara leat roimh ré agus go ndeir tú rud éigin cosúil le, “Éist, a mhic, tá adharc ar dóigh orm agus tá mé ag dul go teach an asail le staidéar ceart a dhéanamh uirthi, má thuigeann tú mé. Déan tusa an rud céanna agus malartóidh muid nótaí i ndiaidh cúig bhomaite.” Ach na laethanta seo, is beag am a

chuirim an raidió gan sreang ar siúl nach gcluinim láithreoir éigin – mná cuid acu – ag caint gan aiféala faoi chruachás an wank, nó faoi ghéarchéim wankóirí na tíre. A leithéid d’oscailteacht neamhGhaelach ar chúrsaí leathair níor chuala mé ariamh! Agus ar aerthonnta beannaithe Raidió Éireann fiú! Má leantar leis an nós nua seo an fhírinne lom(nocht) a chur os comhair an phobail, beidh ar ár gcuid polaiteoirí post nua a aimsiú go gasta cheal aithne acu ar fhírinne de shórt ar bith. Ní bheidh sé furasta acu post a aimsiú mar – agus níl mé iomlán cinnte gur thuig mé an argóint seo i gceart ar an raidió – tá baint éigin le deacrachtaí wankóirí na tíre leis an mhéadú a tháinig ar an dífhostaíocht.

Ní fheadar cad chuige seo: nach bhfuil an luach céanna ar jab láimhe is atá ar jab ar bith eile? Ní uaigneach a bheidh na polaiteoirí sa scuaine dóil cibé ar bith, mar tuigtear dom go bhfuil an chuid is fearr de wankóirí an stáit i ndiaidh éirí as. Más amhlaidh atá, bheartaigh mé go dtiocfainn (stadaigí…) i gcomharbacht orthu agus go mbainfinn triail ag an am céanna as an inghlacthacht nua phoiblí atá ag an ghlacaireacht. Sin mé barrtha as caifé sráide eile taobh thiar de Shráid Grafton. Aimseoidh mé ceann acu ina ndíoltar cupán ceart tae ar an ráta seo. B’fhéidir nach ndeachaigh mé i dtaithí go fóill ar an nós nua seo caife a ól – fiú an ‘caife gan chaife’ a ordaíonn cuid mhór daoine, nó an é sin an cód le haghaidh cupán tae a fháil sna siopaí sin?

o

BARÁILTE: Tá cosc ar ár Seanduine Liath i gcaifé sráide i gceantar Shráid Grafton

www.nosmag.com  29


beatha – ach cuireann sé iontas orm cé chomh faiseanta is a d’éirigh mo sheanraidió gan sreang, fiú má théann sé deacair orm an ceallra a choinneáil fliuch an t-am ar fad. Cluinim na boic óga uile ag maíomh i gcónaí as an ghleás seo nó an gléas siúd gan sreang atá díreach faighte acu, agus seo mé ag éisteacht le raidió gan sreang ón lá fónta seilge sin a chaith mé sna Rosaibh sna daichidí. (Muna dtuigeann sibh an tagairt sin, gabhaigí agus léigí an leabhar as ar éalaigh mé, An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, Dia idir sinn agus an drochrud.) Anois, ar ábhar ar fad eile, tuigtear dom go bhfuil fadhb mhór airgeadais ag tír seo na naomh is na scoláirí faoi láthair. Mo nuar, ní amháin go bhfuil an fhadhb seo mór, ach níl sí inréitithe, mar d’éist mé le gach saineolaí ar an ábhar agus theip orthu an fhadhb a mhíniú fiú, gan trácht ar réiteach a fháil uirthi.

“Ní bheidh sé furasta acu post a aimsiú mar – agus níl mé iomlán cinnte gur thuig mé an argóint seo i gceart ar an raidió – tá baint éigin le deacrachtaí wankóirí na tíre leis an mhéadú a tháinig ar an dífhostaíocht.” Le fadhb chomh mór is chomh casta is atá an ceann seo, níl ach an t-aon chur chuige amháin ann.

Cuir an cheist ar dhéagóir: nach eol don saol go bhfuil fios gach ruda acusan? Nochtfainn féin an fhuascailt daoibh ach amháin nach raibh mé riamh i mo dhéagóir: gineadh sean mé, agus is mar sin a fhanfaidh mé, is dócha. Ach éist, tá cead agaibh triail a bhaint as an chomhairle seo. Deirtear liom go bhfuil drochthionchar ag an easpa caiteachais ar an fhadhb airgeadais atá againn. Ach an bhfeiceann sibh na bainc sin ar leo na cártaí creidmheasa atá i seilbh achan duine? Níl aon chinnteacht ann go mbeidh siad anseo amárach, agus imeoidh ár gcuid fiachra leo. Ná bíodh aon staonadh oraibh ón chaiteachas, mar sin. Agus má leanann an rialtas leis an bheartas atá aige faoi láthair, ba linne na bainc uile roimh i bhfad, agus má tá fiacha agat ort féin, ar ndóigh ní gá iad a ghlanadh.

*

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag www.rnl106.com

Ceol Comhaimseartha Caint Chomhaimseartha Cuisle na Cathrach 30  www.nosmag.com


english

The Token

THE page of the english language community in ireland BELP LAUNCHED

The empire strikes T

he Rashidun Caliphate, also referred to as the Islamic Empire, was the first of the four Arab caliphates. Controlled by the first four successors of the founder of Islam, Muhammad, the Caliphate was established after Muhammad’s death in 632 and lasted until ‘Ali’s death in 661. At its height, the power of the Rashidun Caliphs extended throughout North Africa, the Arabian Peninsula, and the Iranian highlands. As the empire expanded, the non-Muslim inhabitants of the conquered lands were given the status of ‘Dhimmi’ according to Islamic law. Those who accepted

Islam were treated in a similar manner as other Muslims, and were given equivalent rights in legal matters. Dhimmi peoples were allowed to “practice their religion, subject to certain conditions, and to enjoy a measure of communal autonomy” and were guaranteed their personal safety and security of property in return for paying tribute and acknowledging Muslim rule. Dhimmis were thus subject to pay special taxes which were considered material proof of their subjection. The non-Muslims were therefore given permission to follow their own religions

and there has been no record of any forced conversions to Islam. The Rashidun Caliphate also heralded an economic boom in the lives of ordinary people due to revolutionary policies developed by Caliph Umar and his successor Caliph Uthman. These included a regular annual allowance which was given only to the urban population, as they formed the backbone of the state’s economic resources. Bedouin tribes in desert areas, cut off from affairs of the state, were sometimes given various stipends instead. Tá leagan iomlán den alt seo le léamh ar Wikipedia

Members of the English Language community from throughout Ireland gathered in Dublin recently for the launch of the latest organisation to champion their linguistic cause. Be With Us In An English Language Pool (BELP) aims to promote traditional English language customs, including synchronized swimming and cricket ball juggling. BELP also announced it will open a LANGER (Language E-Retail) Unit - in the Capital which will sell recordings of the first known English speakers in Ireland.

‘REPORT’ ADMISSION REPORT, the weekly news column of the English Language community in Ireland, has admitted 94% of its stories are sourced from press releases. “The weekly updates place our team under a lot of pressure and therefore we often have to rely on news releases from other organisations,” a press release said.

www.nosmag.com  31


i gcl贸


HOMEPAGES Blagálaithe éagsúla Tá saol na blagála in Éirinn ag fás i rith an ama leis na mílte mílte iontráil scríofa ag blagálaithe na tíre le tamall anuas. Anois tá 50 blagálaí i ndiaidh tarraingt le chéile agus leabhar a thugann léargas ar a saothar idirlín a fhoilsiú. An chéad leabhar den chineál seo in Éirinn, tá scríbhneoireacht ó na blagálaithe is fearr sa tír le fáil in Homepages – Tales From The Irish

Blogosphere, ina measc tá na colúnaithe Bryan Mukandi agus John Butler ón Irish Times agus Twenty Major, a bhfuil duais An Blag is Fearr bainte aige i nGradaim Bhlagála na hÉireann trí bliana as a chéile. Tagann na scéalta ar fad faoi théama ‘an baile’ agus is í an t-aisteoir, scríbhneoir agus blagálaí Pauline McLynn a scríobh an réamhrá. Tá gach píosa scríbhneoireachta chomh hindibhidiúil leis an duine a scríobh agus cuimsíonn an leabhar réimse iontach pearsantachtaí, stíleanna scríbhneoireachta agus ábhair - tá greann

agus tragóid, fíoras agus ficsean ann. Ní hamháin go bhfuil saothar ó bhlagálaithe scríofa sa leabhar ach tá ábhar ó ghrianghrafadóirí amaitéireacha chomh maith. Is í an blagálaí Catherine Brodigan a chur an leabhar le chéile agus tá an t-airgead ó dhíol an leabhair - a cuireadh le chéile ar bhonn iomlán deonach - ag dul díreach go Focus Ireland, eagraíocht charthanach a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídean in Éirinn. homepagesthebook.wordpress.com

www.nosmag.com  33


i gcló

Géarchéim cad é?

Amharcann nós* ar chuid de na leabhair a chabhróidh leat na fadhbanna reatha eacnamaíochta a thuiscint.

G

éarchéim airgeadais, cúlú eacnamaíochta, moilliú geilleagair, postanna á gcailleadh... sin a bhfuil ar an nuacht faoi láthair ach cá mhéad againn i ndáiríre atá go hiomlán eolach ar na cúrsaí seo? Cá mhéad againn a thuigeann béalrá na heacnamaíochta? Níl an t-am againn go léir staidéir eacnamaíochta a dhéanamh mar sin cén dóigh le bheith ar an eolas agus ciall a bhaint as na ceannlínte reatha?

Bhuel tá cuid mhór leabhar amuigh ansin, leabhair don gnáthdhuine a dhéanann iarracht cursaí eacnaíochta a mhíniú ar bhealach suimiúil agus furasta a thuigbheáil. Seo na cinn is mó clú, níl na leabhair seo ar fáil i nGaeilge faraor agus is trua sin mar tá siad ar fáil go forleathan i dteangacha éagsúla an domhain.

Stair an airgid Níl le sárú mar thús eolais ná The Ascent of Money: A Financial History of the World (Allen Lane) leis an staraí Albannach Niall Ferguson a bhí le feiceáil ar shraith teilifíse de chuid Channel 4 le déanaí chomh maith. Sa leabhar seo déanann Mac Fhearghuis staidéar ar stair an chorais eacnamíochta mar a thuigeann muid inniu é, míníonn sé cad é mar a d’fhorbair an coras baincéireachta, an stocmharagadh srl. Is scríbhneoir an-cumusach ar fad é Ferguson agus is léamh riachtanach an leabhar seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh an domhan airgeadais a thuigbhéail. Is leabhar ar leith é seo ach ní thaitneoidh sé le gach duine mar is léir gur duine den

34  www.nosmag.com

éite dheis é Ferguson.

Very Short Introductions Céard é an caipitleachas? Cárb as ar tháinig sé? Cad é an caipiteal seo? An féidir córas eile a chur i bhfeidhm? Tá na ceisteanna seo á bhfreagairt in Capitalism: A Very Short Introduction (Oxford) le James Fulcher. Leabhar an-mhaith is ea é seo, mar atá an tsraith Oxford Very Short Introductions ar fad. Leabhar eile sa tsraith sin ná Economics: A Very Short Introduction le Partha Dasgupta, atá spéisiúil, inléite, taitneamhach agus scríofa i stíl láidir díreach ach é lán ábhar ag an am céanna.

Eacnamaíocht, mínithe Anois, is é Naked Economics - Undressing the Dismal Science (W. W. Norton & Co.), le Burton G. Malkiel agus Charles Wheelan, an leabhar is mó clú agus cáil den seánra ‘popular economics’ agus is dócha go bhfuil an clú céanna tuilte aige. Déanann sé go díreach cad atá scríofa ar an channa: iarracht chun an t-ábhar leadranach seo a mhíniú ar dhóigh shuimiúil. Leabhar beag deas é fosta The Economic Naturalist: Why Economics Explains Almost Everything (Virgin Books) le Robert Frank. Tugann Frank iarraidh prionsabail na heacnamaíochta a mhíniú, ag baint úsáide as samplaí ón gnáthshaol. Tá a fhios agam anois cén fáth ar chaith píolótaí Kamikaze clogaid agus cad chuige nach n-oibríonn DVD as Meiriceá anseo in Éirinn! Ba leabhar é seo áfach a bhí iontach suimiúil ag an tús ach caithfidh mé a rá gur éirigh mé rud beag bréan de. Ba bheag substaint a bhí ann sa deireadh. Saothar eile a raibh móréileamh air ar fud an domhain ná Freakonomics: A


FOCAIl CIARÁN DUNBAR Rogue Economist Explores the Hidden Side of Everything (Pengiun) le Steven D. Levitt agus Stephen J. Dubner. Is é an fáth leis an rath ar an cheann seo ná go bhfuil idir shúgradh agus dáiríre, sult agus ábhar machnaimh: sin moladh mór do leabhar ar bith. Tá cuid mhór leabhar eile ar nós Freaknomics, The Economic Naturalist agus Naked Economics - na céadta acu i bhfírinne – agus ní dóigh liom gur gá iad uile go léir a léamh, má tá an triúr acu sin léite beidh ag éirí go maith leat.

TEIDIL CHLasaiceacha Má bheas na teidil sin thuas léite, b’fhéidir go mbeadh duine agaibh réidh dul i ngleic le do leabhar nó dhó atá rud beag níos troma? Cad faoi Capitalism and Freedom le Milton Friedman, biobla na heite deise agus chaipitlachas an tsaormhargaidh? Nó Wealth of Nations le Adam Smith (Oxford World’s Classics). Más duine den eite chlé thú, b’fhéidir go gcuirfeá spéis in Das Kapital le Karl Marx, bunús teoiricí eacnamaíochta na gCumannach. Nó más duine den lár thú, bheadh do leabhar naofa féin agat ó thaobh chursaí eacnamaíochta de in The

General Theory of Employment, Interest and Money le John Maynard Keynes (i. Keynesian Economics) ina bpléitear luach an gheilleagair mheasctha. Cibé ar bith, ní gá dúinn bheith aineolach agus na cúrsaí tábhachtacha seo á bplé. Beidh siad ábhartha i gcónaí agus, mar is léir dúinn ar fad faoin am seo, tá tionchar ag cúrsaí eacnaíomachta ar ár saolta ar fad, níl aon éalú as.

*

www.nosmag.com  35


i gcló

chan againn. Mhanchán Magan, Bí i nGrá, le bua ár chl éar mh ó l céa úrs ad ché an tá An mhí seo, agat ach freagra na ithe ag an údar féin, níl le déanamh sín ip, chó do cht aío iom san ith a Le bhe is@nosmag.com roimh 18 Feabhr dua ig chu dh ola she a , inm d’a le ceiste seo thíos, mar aon

se, curtha i láthair ag Manchán, CEIST: Cad is ainm don tsraith teilifí e in Éirinn? a dhírigh isteach ar cheist na Gaeilg

“An bua is mó, agus is mór an moladh seo i réimse litríocht na Gaeilge: tá an leabhar soléite... tá chéad úrscéal Mhanchán Magan dúshlánach, tarraingteach agus misniúil. Tá sé scríofa go soiléir, go samhlaíoch agus, thar aon rud eile, go paiseanta.” Alex Hijmans Foinse


An B héaltr iail á dé anamh agat? Tabharfaidh Foinse cúnamh duit!

Tá áthas ar Foinse cúrsa teagaisc a r líne ar Bhéaltriail na hArdteiste a fhógairt. Beidh sibh in ann suí isteach le scrúdaitheoir a gus scoláire i seomra na Béaltrialach féachaint cad a tha rlaíonn. Is é Nicholas Clancy, Scrúdaitheoir Comhairleach agus Monatóir Sinse arach ag Béaltrialacha G aeilge na hArdteistiméireachta do Choimisiún na Scrúduithe Stáit a chuir an beart 25 ceac ht le chéile.

� Buntáiste mhór ná gur féidir le daltaí féachaint ar an gcúrsa in am scoile nó sa bhaile, de ló nó d’oíche, ar a suaimhneas féin �

www.foinse.ie


faisean agus scĂŠimh


hataí geimhridh Bhí am ann nach raibh hataí geimhridh chomh cúl sin ach tá an scéal iomlán athraithe sa lá atá inniu ann. Bíonn ceanródaithe faisin i gcónaí ag fobairt agus ag athrú sean-éadaí, ag iarraidh stíl dá gcuid féin a chruthú, agus sin atá tar éis tarlú don cheannbheart traidisiúnta le tamall de bhlianta anuas. I measc na stíleanna is coitianta atá le feiceáil ar mhná, agus ar fhir, óga faoi láthair tá an ceannbheart gambach cniotáilte, é le fáil i ngach dath faoi spéir agus cuma saghas hipí air chomh maith. “Is é an beret cniotáilte atá ag teacht chun cinn le tamall anuas, é níos mó agus níos gioblaí ná an beret traidisiúnta,” arsa an dearthóir Meiriceánach Tamara Connor. Dar léi go mbeidh níos mó daoine á chaitheamh amach anseo, é curtha le geansaithe mórthomhais, luiteoga agus buataisí, ach ar ndóigh is é an rud

is fearr faoin beret ná go bhfuil sé ilúsáideach. “Tá sé an-solúbtha,” arsa Kim Maxwell, comhairleoir faisin. “Is féidir le daoine é a chaitheamh le t-léinte agus jíons ach ag an am céanna d’fhéadfainn é a shamhlú ar dhuine le casóg dheas agus sciorta tanaí.” “Más mian leat, is féidir é a chur thar do chluasa le haghaidh íomhá faoi leith, nó é ar chur ar thaobh amháin le haghaidh íomhá eile.” Agus anois go bhfuil hataí níos faiseanta ná ariamh, is féidir an rud céanna a dhéanamh le do rogha ceannbhirt. Mar sin má tá seanhata cniotáilte ina luí áit éigin agat - nó fiú má tá fonn ort ceann nua a aimsiú sna sladmhargaí atá ar siúil i láthair na huaire - caith ort é mar ní hamháin go mbeidh tú ag cur le do stíl féin ach beidh tú breá te teolaí san aimsir fhuar seo chomh maith!

Andúiligh stíle ag teastáil An andúileach faisin thú? An mbíonn tú gléasta mar a bheadh réalta ionat? An bhféadfá stíl dearthóra a chruthú ar bheagán costais? Bhuel is cinnte go mbeidh spéis agat i Stíl na Réalt, sraith úrnua teilifíse atá á déanamh do TG4 Sa chlár, téann beirt in iomaíocht le beirt eile agus iad ag iarraidh éadaí

a cheannach a chuireann síos ar ‘stíl na réaltaí’. Ar bheagán ama agus ar chostas íseal, caithfidh siad culaith lae agus culaith oíche a aimsiú, mar aon leis na bróga agus leis na hoiriúintí cuí faisin. Cuirfear na cultacha seo ar taispeáint ar ardán taispeána agus déanfaidh painéal moltóirí na buaiteoirí a roghnú.

Tá an comhlacht teilifíse atá ina bhun, Waddell Media, anois ag cuartú daoine - fir agus mná - le páirt a ghlacadh sa tsraith. Mar sin má tá dúil agat i gcúrsaí faisin agus siopadóireachta, agus más duine bríomhar thú, is féidir glaoch a chur ar (048) 90 427646 nó r-phost a sheoladh isteach chuig info@ waddellmedia.com

www.nosmag.com  39


gaeil 贸ga

na

do theanga, do thodhcha铆

t-l茅inte, p贸staeir agus eolas le fail

anois ag www.nagaeiloga.com


an g spota CLUB GAEILGE BHÉAL FEIRSTE

G DJANNA, SÉISIÚIN, DEOCHANNA AR REIC ag teacht chugat arís go luath...


taisteal


Thar Barraigh Is oileán beag Gaelach é Barraigh atá suite 190km ó thuaidh ó Inis Eoghain. Ach, mar a fuair Seoirse Mac Giolla an Chloig agus a chairde amach, ní hionann iargúlacht agus easpa spraoi, ná baol air. Seo a scéal...

T

á mo shaith cuimhne agam ar an am a ndeachaigh mé féin agus beirt chara liom go hOileán Bharraigh. Bhí muid i ndiaidh camchuairt a thabhairt ar na hInse Siar eile: ar an Sgitheanach, ar Leodhas, na Hearadh, Uidhist a Deis. Bhí muid ar an drábhlas le seachtain anuas, agus cé gur bhreá an comhluadar fear sinn, d’fhéadfaí a rá go raibh muid

braon den deoch faoin am seo. Seachas cuairt a thug muid ar chlocha Chalanais, is ar an rágairne ar fad a bhí ár n-aird roimhe sin. Bhí athrú scéil le bheith ann don dá lá dheireannacha den chamchuairt i mBarraigh, dar linn. Leag muid amach go rachadh muid ag cnocadóireacht, ag snámh srl srl, go mbeadh muid níba ghníomhaí i mbun imeachtaí lasmuigh.

Mar sin amach linn an chéad lá i ndiaidh dúinn teacht den bhád agus lóistín a shocrú. Bhí na bróga siúil orainn agus thug muid aghaidh ar na cnoic. Bhí muid ag gabháil go maith don chéad leathmhíle nó mar sin, go dtí gur chinn muid ar sos a ghlacadh. Bhí achan fhear againn spíonta, ach ní raibh duine ar bith sásta ligint air gurbh amhlaidh a bhí.

o

www.nosmag.com  43


taisteal

AS AN GHNÁTH: Is é an trá an rúidbhealach i mBarraigh

LÀ brèagha: Radharc ar Bhagh a’Chaisteil

“D’amharc muid triúr ar a chéile, chroith muid ár gceann, thiompaigh muid ar na sála agus chuaigh síos an cnoc. Bhí sé in am dúinn tabhairt faoin rágairne mar ba cheart.”


INSPIORÁID

3) Ní mór go mbíonn an tríú véarsa fichead de ‘An Draighneán Donn’ ar eolas aici.

Dúradh ariamh gur ghnách le fealsúnaithe agus saoithe gabháil chuig na háiteanna arda lena gcuid machnaimh a dhéanamh, go bhfuil ionsparáid le fáil acu amuigh ar an fhiántas. Is mar sin a bhí an scéal dúinne. D’amharc muid triúr ar a chéile, chroith muid ár gceann, thiompaigh muid ar na sála agus chuaigh síos an cnoc. Bhí sé in am dúinn stad a chur leis an leamhaireacht agus tabhairt faoin rágairne mar ba cheart. Is iomaí teach óil a ghnáthaigh mé thar na blianta, agus is iomaí comrádaí óil a ndearna mé cairdeas leis, ach is beag comhluadar a casadh orm a thug faoin ól chomh díograiseach docheansaithe céanna agus a thug muintir Bheáir Bhagh an Chaisteil faoi.

Ní raibh bean ar bith i measc na mban a bhí ag obair i mBeár Bhagh an Chaisteil ábalta na coinníollacha seo a chomhlíonadh. Mar sin, ní raibh Guinness ar bith agam an oíche sin.

ÓGÁNAIGH AN OILEÁIN

ÉAGSÚLACHT DÍ Oíche Aoine a bhí sa chéad oíche a ndeachaigh muid ann, agus bhí scaifte breá bailithe isteach. I dtaca le deochanna de bhí cuid mhór daoine ag ól Tennents. Deoch atá anseo nach gcuirfinn dúil rómhór ann de ghnách, ach ní mór a rá go bhfuil caighdeán na beorach seo i bhfad níos airde in Alba ná mar atá in Éirinn. Sin agus Smithwicks a bhí mé féin agus duine eile den chuideachta ag ól (tabharfaimis Eochaidh Binneach air). Bhí na piontaí mar a d’iarrfadh do bhéal a bheith – fliuch, fuar agus flúirseach. Bhí an treas fear sa chuideachta (tabharfaimis An Macaomh Toinleasc air)

ag ól piontaí Guinness, agus dúirt sé go raibh siad go breá. Is coiméadach ceart ardnósach mé féin, áfach, agus diúltaím Guinness a ól in áit ar bith taobh amuigh d’Éirinn. Lena chois sin, tá coinníollacha áirithe a bhaineann le Guinness a ól, dar liom. Ina measc seo, tá na coinníollacha seo leanas: 1) Ní mór gur chainteoir Gaeilge í a duine a tharraingíonn an pionta. 2) Ní mór gur Nábla, Méabha nó Sibeál an t-ainm atá ar an duine a tharraingíonn an pionta.

Mar sin féin, is iomaí deoch eile a bhí agam, agus de réir mar a chuaigh an oíche ar aghaidh thóg mé féin, Eochaidh Binneach agus An Macaomh Toinleasc suas le scaifte daoine óga ón oileán. Chuir muid an oíche isteach go soilbhir suairc go dtí gur druideadh an beár faoi dheireadh. Níorbh fhada ó Bheár Bhagh An Chaistéil an lóistín a bhí againn, agus thosaigh muid a shiúl a fhad leis. Ar mhaithe leis an chraic, chuir muid an ordóg amach, agu d’éirigh linn síob a fháil ar ball ina dhiaidh sin. Ólta go leor agus a bhí muid, thug muid faoi dear gásta go leor nach raibh gaothscáth ar bith ar an charr. Lena chois sin, bhí an tiománaí – fear óg sna fichidí – ag ól vodca lom ó bhuidéal lítir a bhí leis ina láimh chlí. Dár ndóighe tá ciall leis seo. Is cosúil go raibh an tiomanaí feannta ag an fhuacht a bhí ag teacht isteach in éagmais an ghaothscátha agus go raibh rud éigin de dhíth air lena théadh suas.... LÉIGH CUID 2 DE SCÉAL SHEOIRSE AR NÓS* NA MÍOSA SEO CHUGAINN


taisteal

an pótaire ceart ON TOUR!

M

ar a fuair muid amach an mhí seo caite, a chairde, ní in Inis Fáil ná in Alba amháin a bhíonn na Gaeil ag ól* ach is nós coitianta san Iodáil é chomh maith, tír inar chaith an Pótaire seo agaibh roinnt ama i mbun taighde... muise obair mhaslach a bhí ann a deir sibh féin. Anois, chaith mé an chuid is mó den am i mo bheár áitiúil, Bar Lidamo, agus gnáthbheár Iodálach den atá ann. Ar ndóigh, is féidir deoch a fháil in Bar Lidamo mar a bheadh duine ag súil leis - fíon, beoir, uisce beatha cibé rud atá uait seachas ceirtlis, nach dtaitníonn leo - ach ólann an chuid is mó de na daoine a thagann isteach caifé, nó espresso mar a thugann muid air i nGaeilge. Is féidir pionta a fháil, bhál ‘media’ déanta na fírinne, atá beagnach mar an gcéanna ach nach mbíonn an gloine lán go scornach. Is áil liom beoir Iodálach, tá sé briosc agus glan ach ag an am ceánna bíonn sé rud beag ró-ghásáilte dom agus b’fhéidir

Bar lidamo Ponzano Magra La Spezia An Iodáil

go mbeadh do bholg rud beag tinn an lá dar gceann, má thuigeann sibh mé. Ní leann dubh é, ag deireadh an lae: níl sé oiriúnach don seisiún trom. Chomh maith leis sin, is féidir ithe san áit. Is é a chomráidí s’agam a dhíbríonn an tart le sú eorna, níl ort dul abhaile ar chór ar bith, leoga tá leithreas ann fosta! Dá mbeadh leapa ann bheinn ansin fós. Thig leat paste (cineál croissants nó Danishes le hábhar milis istigh ann), panino (ceapaire), uachtar reoite, pizza, salad, milseáin, brioscáin, gach sórt a fháil ann. Tá rud éigin eile ann freisin, mar atá aperitivo, an rud is fearr liom faoin Iodáil ar fad. Cineál manglaim a óltar roimh an dinnéar leis an chorp a ullmhú atá i gceist go bunúsach ach is féidir beoir a fháil más fearr leat agus is féidir cinn neamhmheisciúla a fháil do na bambini. Tagann an aperitivo le giotaí beaga bia, potaí beaga le bia éagsúil a bhíonn ann de ghnáth. Piseanna talún, ológa,

cilíthe, brioscáin, oinniúin charamailiste, gircíní, píotsa, ispíní, paté agus neart eile. Tá siad rud beag cosúil le tapas na Spáinne ach níos fearr, cad chuige? Mar bíonn siad saor in aisce i gcónaí. Is féidir leat an lotto a dhéanamh ann fosta nó cúpla punt a chur ar chapall, púl a imirt, cártaí a imirt, bheith ag súgradh ar na meaisíní agus mar sin de - ní nach ionradh nach mbíonn go leor ama acu díriú isteach ar an ól mar is ceart, fiú agus mise ag iarraidh an pléisiúr simplí sin a theagaisc dóibh. Ar ais chuig an bheár, is é an difear eadar beár áitiúil den chineál seo agus na tábhairní atá againn i bhFódhla ná gur rud pobail atá ann, tá sé níos sóisialta ná mar a bhíonn tithe tábhairne s’againne, tá sé geal oscailte agus glan. Cha bhíonn sé lán déagóirí ólta ag éisteacht le Bon Jovi agus ag ligean orthu féin go bhfuil siad crua ag ól vodca, chan é idir: rud sibhialta atá ann, tá cultúr thar ólachán trom fágtha ann ach is cinnte cé go gcronaíonn Gael fánach thall rud beag ruaille buaille agus callán. Má bheas duine ar bith thall san Iodáil, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar na beáranna áitiúla, b’fhearr i bhfad sin ná dul thart ag iarraidh beár flatpack Éireannach a aimsiú ina bhfuil drochleann dubh agus bréag-Éireannachas gallda á bhrú i rith an ama. Sin ráite tá pubanna ‘Éireannacha’ ann atá fíormhaith thall ach is cineál stíl atá i gceist acu sin seachas bheith ag ligean orthu go bhfuil siad in Éirinn. Saluté! * Ar ndóigh, tá measarthacht ar gach rud agus ní bhíonn an Pótaire ag moladh in am ar bith gur cheart bheith ag ól barraíocht, bíonn blas ar an bheagán chomh maith :-) GRIANGHRAIF: Stella Siriu

46  www.nosmag.com



ar taispeรกint


*

AN EALAÍONTÓIR NÓ DEARTHÓIR THÚ? NÓ DÍREACH AN BHFUIL SUIM AGAT I LÉARÁIDÍ? CUIR DO SHAOTHAR CHUGAINN AGUS TABHARFAR ARDÁN DÓ! eolas@NOSMAG.COM

www.nosmag.com  49


taispeáint RUGA AN TÉIMH DHOMHANDa - déarthóirí nel Is grúpa dearthóirí Meiciseacha é NEL a dhéanann iarracht dearadh leithleach

50  www.nosmag.com

spraíúil a tháirgeadh, ó thograí a bhfuil teachtaireacht pholaitiúil leo go fiosrúcháin

chruthaitheacha. Leis an ruga seo a bhfuil oighearchlár agus béar beag bán atá ina sheasamh

mar chuid de, cuireann na dearthóirí compord an táirge i gcodarsnacht le fadhb chasta an Téimh Dhomhanda. Tá traidisiúin ársa ag baint leis an ruga mar ghléas cultúrtha, go háirithe i measc phobal dúchasach Mheiriceá, agus tugann an ruga áirithe seo orainn machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn againn ar an domhan thart orainn, fiú agus muid ag ligean ár scíthe breá teolaí taobh istigh dár dtithe comporacha féin. Agus má tá tú ag iarraidh an ruga seo a cheannach duit féin, tá sé ráite ag lucht NEL linn nach bhfuil an béar bán contúirteach in aon chorr...


www.nosmag.com  51


collaĂ­ocht


cailín sa

m chathair

BHÍ SOS beag TUILlTE AG ÁR gCaILÍN ach tá áthas orainn a chur in iúl daoibh go dtiocfaidh sí... ar ais i mí mhárta. BÍGÍ RÉIDH.

www.nosmag.com  53


lĂŠargas


S I E L R I D I É F IS


léargas Amharcann Cillian de Búrca ar cheann de na heachtraí is suntasaí i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá; insealbhú Barack Obama mar Uachtarán na tíre ar 20 Eanáir 2009.

A

r 20 Eanáir 2009, rinneadh stair. Ar Chnoc an Chaipeatóil, Washington DC, ghlac Barack Hussein Obama mionn os comhair an Domhain le bheith ar 44ú Uachtarán na Stát Aontaithe. (Bhuel thiocfadh a rá gurb é an 43ú Uachtarán mar bhí Grover Cleveland sa Teach Bán faoi dhó, ar dtús in 1885 agus ansin 1893). Ba lá é insealbhú Obama a chreid go leor, agus le fírinne a chreid mé féin, nach bhfeicfeadh siad choíche; fear gorm mar Uachtarán ar thír a streachail chomh fada le cearta sibhialta. Thosaigh an bóthar fada chun an Tí Bháin dó fadó, nuair i mí Feabhra 2007, d’fhógair Obama go hoifigiúil go raibh sé le seasamh mar iarrthóir don pháirtí Daonlathach. Ba chath fíochmhar é in éadan Hillary Clinton nach raibh gan chonspóid, ach d’éirigh leis an seanadóir as Illinois pobal SAM a spreagadh lena chuspóir, “Athrú”, “Dóchas”, agus dar ndóighe, a mhana cáiliúil, “Sea, Is féidir linn”. Mheall sé na míllte chuig a chuid óráidí; tháinig aosta agus óg, geal agus gorm, leis an fear a thosaigh breis agus fiche bliain ó shin mar oibrí pobail a chluinstin. D’éirigh leis an bua a bhreith taobh istigh dá pháirtí féin, ach anois bhí an dúshlán roimhe le croí an náisiúin a bhuachan. Den chéad uair i mblianta d’éirigh Meiriceánaigh tógtha faoina gcuid polaitíochta arís agus fiú thacaigh réaltaí ar nós Bono agus Oprah Winfrey leis agus é i mbun feachtas. San iomaíocht don phost mór, bhí John McCain, Poblachtánach ó Arizona. Mar shaighdiúir agus príosúnach cogaidh a throid i Vítneam, cuireadh McCain i láthair mar laoch Meiriceánach,

56  www.nosmag.com

eilimint a bhí i gcónaí coitianta agus a thaitin le lucht vótála na mblianta a tharla thart - John F. Kennedy agus Dwight Eisenhower mar shampla - ach chaill sé vótálaithe mar gheall ar a dhearcadh ar an chogadh san Iaráic agus a rogha conspóideach don Leas-Uachtarántacht, Sarah Palin. Mar sin chan amháin gur amharc muintir Mheiriceá ar Obama mar thús ré nua, ach d’amharc an Domhan ar fad air mar dhuine úr agus éagsúil ó cheannaireacht ‘Dubya’. Sheas sé go dian in éadan an chogaidh ar an Afganastán agus an Iaráic, ag cur síos air mar chogadh “nár bunaíodh ar an réasún, ach ar an pholaitíocht ”. Chuimhnigh sé ar an ghnáthMheiriceánach chomh maith áfach, ag gealladh go mbeadh cúram sláinte níos fearr do dhaoine bochta agus cothrom na féinne in ainneoin cine.

Obamáil tú féin! Is iomaí rud sa chultúr coiteann ar spreag Obama iad agus tá cuid mhór acu le fáil ar líne. Ón amhrán spraíúil ‘I’ve Got a Crush on Obama’ go dtí an cnag ‘There’s no-one as Irish as Barack Obama’ ó na deartháireacha Corrigan, is léir go bhfuil an tUachtarán tar éis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ar fud an domhain. Agus anois thig leat do phíosa spraoi féin bheith agat agus do rogha íomhá a chur i stíl phortráid íocónach an Uachtaráin úir. Díreach tabhair cuairt ar obamiconme.pastemagazine.com, cuir do phictúir isteach agus déan tú féin a Obamáil!

Is dócha go raibh sé fóirsteanach mar sin gurb é an lá roimh an insealbhú ná ‘Lá Martin Luther King’, nuair a dhéantar ceiliúradh gach bliain ar an laoch cearta sibhialta a maraíodh níos mó na 40 bliain ó shin. I measc na sluaite i láthair in DC ar an lá stairiúil bhí gníomhaithe cearta sibhialta eile a throid taobh King; is cinnte nach ndéanfar dearmad ar na pictiúir de Jesse Jackson ag caoineadh agus Obama ag seasamh chun tosaigh lena óráid a thabhairt. Rinne Obama féin trácht ar an athrú ón am sin a chuaigh thart san óráid, ag rá go bhfuil geall “tugtha ag Dia” go mbeidh gach aon Mheiriceánach saor agus comhionann. Mar sin, le fear gorm anois mar “an fear is cumhachtaí ar an domhan”, an bhfuil brionglóid MLK fíoraithe? Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil go fóill, ach níl dabht ar bith ann go spreagfaidh bua Obama daoine eile chun gnímh. Níl anseo ach an tús, agus is maith go bhfuil a fhios sin ag an Uachtarán úr. Tá an cúlú eacnamaíochta le héirí níos measa, a deir saineolaithe, agus le géarchéim sa Mheánoirthear beidh bliain ghnóthach ag Obama. Beidh le feiceáil cén tionchar, maith nó olc, a bheas ag Obama ar an Domhan sa 4 bliain amach romhainn, ach cheana féin tá ord sínithe aige le Bá Ghuantanamo, an campa príosúin i gCúba, a dhúnadh. Creidtear fosta go bhfuil sé ag bualadh le taoisigh an airm le tarraingt amach as an Iaráic a phlé; is cosúil gur mhaith leis críoch a chur le cúpla ord de chuid Bush óig chomh luath agus is féidir. An féidir linn muinín bheith againn as? Dar liomsa ar a laghad, “Sea, is féidir linn”.

*


DÓCHAS ÚR: Barack Obama

www.nosmag.com  57


liosta imeachtaí

TR A U LN O CE LE EI IN Á N N A SC D A R FT CEOLNUA STUIF

Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Cuir d’imeacht féin sa liosta! Seol rphost chuig liosta@nosmag.com


R

CEOL NUA Rasta Ruaidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Club Ghort na Móna, Béal Feirste Club Dhaonphoblacht Féach bosca

STUIFF TRAD Mairéad Ní Mhaonaigh, Ciarán Ó Maonaigh & Gearóid Ó Maonaigh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Aoine 6 Feabhra 8.30in Ticéid: £8.00 & £5.00 Dervish & Líadan London Irish Centre, Camden Dé Domhnaigh 1 Feabhra, 8in Ticéid: £13/£10 Club Chronáin Ranganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10in Ceol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in, €4 eolas@araschronain.com

Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceist Cumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha Theas Aoine dheireannach den mhí

EILE Seachtain na Gaeilge 2009 Imeachtaí ar siúil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta 2-17 Márta www.snag.ie

Scóráil Sciobtha Déardaoin 12 Feabhra Íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, BÁC 18+ amháin eolas@gaelport.com Lá Fhéile Vailintín Ceol agus béile trí chúrsa le do grá geal

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Dé Sathairn 14 Feabhra Praghas iomlán: £30 Mórléamh Filíochta Grá Séipéal na gCairmilíteach, Sráid na mBráithre Bána 56 Sráid Aungier, BÁC 2 Dé Sathairn 14 Feabhra, 11in Filíocht le Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, agus Colm Breathnach. Amhránaíocht ar an sean-nós le Lorcán Mac Mathúna. Beidh na filí ag léamh rogha dánta ón leabhar Filíocht Ghrá na Gaeilge, curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh, agus foilsithe ag Cois Life. Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí www.cnocadoiri.com London Irish Centre Caint agus Comhrá Dé Céadaoin 11 Feabhra, 7in Saor in aisce

CLUB NA DAONPHOBLACHTA! Déardaoin 5 Feabhra 2009 Corcaigh The Roundy, Sráid an Chaisléain, annairceach ar Tá an club is fearr i gCathair na gCe seinm ann an mhí ais agus beidh an banna Silta ag seo. ichead’ sa Bhuaigh Silta - a chiallaíonn ‘dro in UCC anuraidh bhFionlainnis - Cath na mBannaí cheol Gaelach agus seinneann siad meascán de

agus de cheol Lochlannach. en, Is as Iorua, Angun Sønnesyn Ols s tá beirt as agu príomhamhránaí an ghrúpa s duine ó Corcaigh, duine ón nGearmáin agu Bhostún sa ghrúpa chomh maith. ó thaobh amhrán Bíonn éagsúlacht an-leathan acu coirmeacha Silta is fonn de agus dá bharr sin bíonn agus insroichte ag lán le ceol nua, beoga, spreagúil cách.

www.nosmag.com  59


EUOSASNB fógra nós*

AN POST: AN ÁIT: AN CÚRAM: AN PÁ: NA CRITÉIR:

AN POST: AN ÁIT:

Díoltóir Fógraíochta (Páirt/Lánaimseartha) Baile Átha Cliath Fógróirí a aimsiú agus fógraí a dhíol ar nós* agus ar nosmag.com Coimisiún amháin, % le socrú • Taithí chuimsitheach díolacháin nó céim tríú leibhéal • Gaeilge agus Béarla líofa, idir labhartha agus scríofa • Ard-scileanna cumarsáide agus taighde • Duine éirimiúil atá in ann oibriú de réir spriocanna agus as a stuaim féin • Modh féin taistil úsáideach

Baill arm nós* Náisiúnta agus idirnáisiúnta

AN CÚRAM:

nós* a chur chun cinn agus a phoibliú trí phóstaeir/ greamaitheoirí a chur in airde agus scéal na hirise a scaipeadh

NA CRITÉIR:

Daoine cairdiúla spraíúla a chreideanna i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga shnasta chomhaimseartha

Chun cur isteach ar na poist seo thuas, nó le breis eolais a fháil, seol rphost chuig eolas@nosmag.com

EUOSASNB 60  www.nosmag.com


glac síntiús linn LE SÍNTIÚS BLIANA: • Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí • Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise • Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*

subscribe now and put nós* in your hands!

ÍOC: • Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com • Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bosca) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go: nós* PO BOX 188 An tIúr/Newry BT35 5BA

Éire ¤40 / £36 Sasana, Alba, Cymru £40 An Eoraip ¤70 Cuid eile den Domhan ¤80

ainm / name: ........................................................................ seoladh / address: ................................................................................................................... ............................................................................................................................................................. ............................................................................................................................................................. RPHOST / EMAIL: .................................................................. www.nosmag.com  61


*

GO RAIBH MAITH AGAT AS SULT A BHAINT AS AN EAGRÁN SEO. BEIDH MUID ar ais ar 2 MÁRTA. WWW.NOSMAG.COM


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.