nós*
imeachtaí go leor Craic & spraoi SnaG
AG Dul chun na gaeltachta? Comórtas dearbhán Ghael Linn
RaTH HUNGER
Tuairisc ar bhuanna an mhórscannáin
iris ghaeilge don nua-aois
márta 09 eag. 8
a speisialt tuilleadh ar Ceol ‘09 Diuc agus
www.nosmag.com
&3.90 £3.50
* 2  www.nosmag.com
* * * * * *** * ** fáilte
* **
Bliain ar an bhfód
Tá ár gcéad bhreithlá ann an mhí seo :-) agus shíl muid nach raibh aon bhealach níos fearr chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid ná eagrán eile spraíúil a chur os bhur gcomhair. Tá neart istigh ann mar is gnáth ach tá bronntanas eile againn dóibh, is é sin ár suíomh nua idirlín atá á sheoladh againn chomh maith. Cuirfidh na seirbhísí breise atá anois le fáil ar nosmag. com go mór leis an eagrán míosúil clóite - ina mbeidh ábhar éagsúil le léamh ann i gcónaí - agus tá súil againn go mbeidh sé ina chroí-ionad ar líne ag Gaeil bheoga an domhain. Agus ó tharla dom bheith ag caint ar cheiliúradh, tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís eile agus tá go leor deiseanna spraoi ann do chách, in Éirinn agus thar lear. Gheofar eolas faoi imeachtaí SnaG sna leathanaigh seo agus ar snag.ie Beannachtaí, Tomaí Ó Conghaile Eagarthóir nós* www.nosmag.com 3
fáilte
subscribe! Anois go bhfuil nós* ar fáil ar líne agus i gcló, níl leithscéal fágtha ag aon duine gan síntiús a ghlacadh amach ;-) Mar sin, má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu. Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach, nach é? Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 61 agus ar www.nosmag.com
foireann nós* PO BOX 188 An tIúr BT35 5BA eolas@nosmag.com www.nosmag.com
4 www.nosmag.com
EAGARTHÓIR Tomaí Ó Conghaile MARGAÍOCHT Félim Borland RANNPHÁIRTITHE Seoirse Mac Giolla an Chloig, Ciarán Ó Meachair, Ciarán Dunbar, Sinéad Ní Churnáin, Diarmuid
Ó Muirgheasa, Cillian de Búrca, An Seanduine Liath, Roibeárd Ó Conchúir, Micheál Johnny Ó Meachair, RG Cuan GRIANGHRAIF Kiritia Images - www.kiritia.com
*
eile 41 Stíl Treochtaí an earraigh 58 Liosta Imeachtaí Ócáidí móra SnaG
t
istigh taisteal t 45 Barraigh 2 An dara cuid ó chuairt Sheoirse ar Bharraigh
beatha
t
35 The Token 36 Sean-nós* Tuilleadh saíochta ón Seanduine Liath
ceol 9 Léirmheasanna Albaim 10 Seachtain na Gaeilge 13 CEOL ‘09 Blaisín d’albam mór SnaG 14 Gig-ghraif
scáileán 19 Léirmheasanna Scannáin Role Models, Watchmen 22 Rath an Ocrais Bliain mhaith Hunger 24 Flight of the Conchords Léimheas ar an tsraith nua
t
I gcló 39 Buaiteoir Comórtais Cé a bhuaigh leabhar Mhancháin?
LÉARGAS
t
55 Tine Ifrinn Tuairisc ar thinte marfacha na hAstráile
teicneolaíocht 29 Ubuntu v Vista 31 Ardghléine Cad is HD ann?
t t t
33 Twitter na nGael Lá Twitter na Gaeilge ar 17 Márta
www.nosmag.com 5
comórtas
dhá dhéarbhán Gaeltachta le buachan! Tá dhá dhearbhán de luach €400 le buachan do chúrsa Gael Linn i mBun an Inbhir an samhradh seo chugainn. Eagraíonn Gael Linn cúrsaí samhraidh Gaeilge gach bliain i mBun an Inbhir, Gaoth Dobhair. Tá na cúrsaí seo oscailte do gach duine idir 11 agus 18 bliain d’aois. Is féidir leis na buaiteoirí a gcuid dearbhán a úsáid le costais aon cheann de na cúrsaí seo a chlúdach: • Cúrsa A: 01/06/09 – 23/06/09 • Cúrsa B: 28/06/09 – 19/07/09 • Cúrsa C: 19/07/09 – 09/08/09 Is é costas iomlán na 3 seachtaine ná €800 agus is feidir sainchúrsa spóirt uisce a dhéanamh ar chostas breise €30. Le ceann de na dearbháin €400 seo a bhuachan, díreach freagair an cheist seo a leanas:
Fíor nó bréagach?: Tá Gaoth Dobhair i gContae Bhaile Átha Cliath. Cuir an freagra, le d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir theagmhála chuig: Comórtas Gael Linn, Oifig Ard Mhacha, Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise, 20 Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha BT61 7QX Má chuireann tú isteach ar an gcomórtas seo aontaíonn tú gur féidir le Gael Linn teagmháil a dhéanamh leat maidir lena gcoláiste samhraidh Gaeilge.
6 www.nosmag.com
1
ba maith le NÓS* bUÍOCHAS Ó CHROÍ A GHABHÁIL LE GACH GAEL a chabhraigh linn le bliain anuas trí shíntiús a cheannach, cóipeanna a fháil, fógraí a ghlacadh amach nó an deA-scéal a scaipeadh. AG SÚIL GO MÓR LE BLIAIN EILE LÁN SPRAOI AMACH ROMHAINN... YEE HAA!
ceol
van morrison Astral Weeks: Live at the Hollywood Bowl
N
uair atá albam agat a aithnítear i measc sárshaothar dhomhan an cheoil, ní smaoineodh mórán ceoltóirí ar an albam a chur amach arís le blas nua air. Ach ní gnáthcheoltóir é Van Morrison. Sular tháinig Astral Weeks amach in 1968 bhí clú ar an bhFeirsteach as rac maith a chumadh, agus bhí an-rath ar fad ar a amhán, Brown Eyed Girl, a bhuail aerthonnta na cruinne an bhliain roimhe. B’albam éagsúil é Astral Weeks áfach a léirigh go raibh buanna sa bhreis ag
Morrison agus níorbh fhada go raibh áit bainte amach ag leithéidí Sweet Thing agus Ballerina i stair an cheoil. Chuir an fhuaim fhionnuair éisteoirí faoi gheasa agus ag an am céanna baineadh siar astu ag cóirithe eile. Guth cumhachtach smaointeach atá ag Morrison sa bhunalbam agus éiríonn leis sin a thabhairt leis ar an taifeadadh beo seo a rinneadh in Los Angeles. Cuireann sé píosaí breise de na gormacha leis agus athraíonn sé deireadh an amhráin Madame George le dul i
the prodigy
T
bhfeidhm níos mó ar an lucht éisteachta a d’fhreastail ar an gceolchoirm speisialta. Tá ábhar iontais ann chomh maith ag críoch Slim Slow Slider a bhfuil groove níos tapa aige ná dord réidhchúiseach na ‘60í. Breis agus 40 bliain ar aghaidh agus is réalta é Astral Weeks go fóill.
hhhhh
Invaders Must Die á fathaigh an cheoil leictreonaigh ar ais le splanc arís eile agus tá an lucht leanúna s’acu ag tacú leo go trean arís chomh maith – dhíol a dturas is déanaí amach taobh istigh d’uair a chloig agus is cinnte go mbeidh na mílte i láthair chun bogadh leis na buillí nuair a bheas said ag Caisleán Bhaile Shláine i mí an Mheithimh. Is díol suntais ar mórán bealaí é an fuinneamh atá go fóill ag Liam Howlett agus a chairde sa Prodigy, go háirithe nuair nach mbíonn formhór na mbannaí nua damhsa ar an saol ach bliain nó dhó sula gcailltear an faobhar. Le roinnt blianta anuas, bhí an spotsolas á bhaint den Prodigy ag an
hhhhh
ghlúin úr ach is léir nár chuir sé sin isteach ar na seanfhondúirí. Tugann na macallaí rac atá le cloisteáil ar Invaders Must Die – a gcúigiú albam – le fios go raibh Howlett & co. ag éisteacht le leithéidí na Klaxons agus Pendulum ach tá a rian leithleach féin le mothú ann chomh maith. Tá tionchar na seantiúineanna tríd an albam síos – is féidir an tsingil Out of Space ó 1992 a chloisteáil ar an traic nua Thunder mar shampla – agus tagann Dave Grohl isteach ar na drumaí in Run With the Wolves le cur in iúl go bhfuil an chumhacht acu go fóill. Seans go ndearfadh roinnt daoine go bhfuil cuid den albam ag amharc siar ar
laethanta órga rave trí spleaclaí rósdaite ach is fearr i bhfad an cruachór áthais seo ná an saothar bog a bhí á chruthú ag an Prodigy le tamall anuas. Taitneoidh láidreacht ghlórach an ghrúpa go mór le daoine a thosaigh ag éisteacht leo sna 1990í ach, cé gur albam maith é, is dócha nach mbeidh siad in ann an chéad gheit sin a bhain siad as an saol nuair a tháinig siad amach ar dtús, nach mbeidh siad in ann sin a athchruthú arís go deo.
Albaim le heisiúint an mhí seo... 2 Márta U2 - No Line On The Horizon 9 Márta Kelly Clarkson - All I Ever Wanted; Starsailor - All The Plans; lan- House Of Ill Repute Mary Cough Come Easy Go: 2cd 16 Márta Pete Doherty - Grace /Wastelands; Marianne Faithfull - Easy 23 Márta Pet Shop Boys - Yes; 50 Cent - Before I Self Destruct n A Man Walked By 30 Márta Diana Krall - Quiet Nights; PJ Harvey & John Parish - A Woma
www.nosmag.com 9
ceol
10  www.nosmag.com
SnaG faoi lán seoil I
s é an t-am sin den bhliain arís nuair a chuirtear splanc le saol na Gaeilge in Éirinn agus mealltar na mílte duine amach chun freastal ar imeachtaí agus ócáidí teanga ó cheann ceann na tíre. Titeann Seachtain na Gaeilge 2009 amach idir 2-17 Márta (is fada an tseachtain í! - Eag.) agus bhí na céadta i láthair sa Button Factory, Barra an Teampaill, BÁC, ar 25 Feabhra chun an fhéile a sheoladh go hoifigiúil agus blaiseadh
beag a fháil ar a bhfuil beartaithe i mbliana. An láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh agus fear an bhricfeasta é féin Ian Dempsey a sheol SnaG agus bhí pearsantacht mhór RnaG Rónán Mac Aodha Bhuí, mar aon le hAoibhinn Ní Shuilleabháin, ar an ardán le spraoi breise a chur os comhair an tslua a bhí i láthair. ‘Croí na Teanga - It’s You’ mana na féile i gcónaí agus is éasca páirt a ghlacadh ann agus do chuid féin a dhéanamh de chlár na bliana
seo. Tá Lá Fhéile Pádraig féin san áireamh arís chomh maith agus tá imeachtaí den scoth eagraithe mar chuid de Gaelspraoi, turas Gaeilge timpeall an Guinness Storehouse agus an Cabaret Craiceáilte ar cuairt sa phríomhchathair ina measc. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www. stpatricksfestival.ie agus tá liosta iomlán imeachtaí SnaG ar fáil ó shuíomh idirlín na féile, www.snag.ie. Is iomaí ócáid eile a bheas ar siúl le linn na míosa
chomh maith mar sin bí cinnte go mbreathnaíonn tú ar lch. 58 le fáil amach cad atá ag dul ar aghaidh i do cheantar féin. Beannachtaí na féile ort! Deiseal ón chlé: Declan O’Rourke, a bhí ar Ceol ‘08; An Ruareach i mbun ceoil le Fiach sa Button Factory; agus ag seoladh SnaG, Rónán Mac Aodha Bhuí, Bláthnaid Ní Chofaigh, Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Aoibhinn Ní Shuilleabháin agus Ian Dempsey.
www.nosmag.com 11
ceol
...ar FM! T
á an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg ag dul beo ar an aer le linn Sheachtain na Gaeilge 2009. An bhfuil sibh réidh le haghaidh Raidió Rí-Rá? Bliain ó shin sheas 100 duine i bhfoirm X ollmhór ar fhaiche i gColáiste na Tríonóide chun cairt-stáisiún raidió lánGhaeilge don aos óg a sheoladh. An coincheap bunúsach a bhí ag an stáisiún idirlín seo ná go mbeadh na hamhráin phopcheoil is mó ó na cairteacha á seinm 24/7 agus Gaeilge le cloisteáil fite fuaite tríd. An mana? Na cnaga ar fad, an t-am ar fad! Bliain níos déanaí, tá an stáisiún céanna ag feidhmiú faoin ainm Raidió RíRá anois agus ag craoladh ar líne ag www. raidiorira.ie Ní hamháin sin ach d’éirigh leis an ógstáisiún ceadúnas sealadach ilchathrach a fháil ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann le dul beo ar an aer ar 100.3 FM i mBaile Átha Cliath, 106.7 FM i gCorcaigh, 99.1 FM i nGaillimh agus 105.5 FM Luimneach idir 1 agus 22 Márta.
12 www.nosmag.com
Is le tacaíocht ón chomhlacht Samsung agus Conradh na Gaeilge a tháinig an t-éacht chun cinn agus tá an grúpa oibre taobh thiar den togra ag tnúth go mór leis an deis iontach seo don stáisiún. “Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus fógraíonn an stáisiún óg úr seo ré nua don teanga,” arsa Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha le Conradh na Gaeilge agus comhrúnaí ar ghrúpa oibre Raidió Rí-Rá. Beidh an tseirbhís sealadach FM á seoladh Dé Máirt 3 Márta idir 12.00 – 1.00in ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúla ar fud na tíre. Dar le Dusty Rhodes - DJ clúiteach agus úinéir Digital Audio Productions a sholáthraíonn seirbhísí teicniúla don stáisiún - gurb é craoladh sealadach Raidió Rí-Rá an chéad chéim chun stáisiún Gaeilge lánaimseartha don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM. “Tá éileamh ar stáisiún raidió náisiúnta a dhíríonn go hiomlán ar
Ghaeilgeoirí óga na tíre seo agus ar an gcineál ceoil go n-éisteann siad leis, agus tá ríméad orm go bhfuil Raidió Rí-Rá tagtha chun cinn chun an bhearna sin a líonadh.” Beidh teacht ag milliún go leith duine ar an gcnag-stáisiún ar an raidió nuair a théann sé beo ar an aer i mBÁC, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach, agus na mílte eile ag éisteacht leis ar líne ag raidiorira.ie Beidh deis ag éisteoirí iarratais a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag eolas@ raidiorira.ie, agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig 085 1328000 le linn an chraolacháin bheo. Chomh maith leis na cláracha PopNuacht, GigNuacht agus Top40 Oifigiúil na hÉireann atá cheana féin ar fáil ar líne, beidh seónna beo á gcraoladh i mí an Mhárta le neart cainte agus comhrá agus roinnt aíonna speisialta ag bualadh isteach freisin. Tá cúpla seachtain den scoth geallta ar na haerthonnta ag Raidió Rí-Rá, tiúineáil isteach!
ceol ‘09 chugainn N
íl aon amhras ann gurb í buaic Sheachtain na Gaeilge do chuid mhór Gael amuigh ansin ná an t-albam a eisítear gach bliain ar a mbíonn ceoltoírí clúiteacha Éireannacha agus idirnáisiúnta i mbun aicsin as Gaeilge. Tá a nideog féin bainte amach le blianta beaga anuas ag an tsraith CEOL agus tá albam ‘09 réidh le seoladh ag tús na míosa seo. Cé atá air mar sin? Bhuel mar aon lenár seanchairde iontacha Paddy Casey, John Spillane agus Fiach, tagann Glen Hansard ar ais chomh maith ach le caipín an Swell Season air, é in éineacht le Markéta Irglová le leagan draíochta den amhrán a bhuaigh
an Oscar dóibh anuraidh, Falling Slowly. Tá an Feirsteach Duke Special, atá tar éis clú mór a tharraingt air féin le tamall anuas, le cloisteáil ann freisin, mar aon le hamhránaithe eile a bhí ar na haerthonnta go minic le déanaí mar atá Mick Flannery, Noelie McDonnell, Ray Heffernan, Cathy Davey agus Camille O’Sullivan. Tá blas Albannach agus Meiriceánach ann le Eddie Reader agus Nell Bryden faoi seach agus tá an fhuaim mhór á soláthar ag na bannaí Saccade, Earthquake Hair, Ham Sandwich agus Caruso. An leor sin le sceitimíní a chur ort? Léirmheas iomlán ar eagrán mhí Aibreáin agus ar www. nosmag.com
www.nosmag.com 13
ceol
14  www.nosmag.com
FÉILE AN EARRAIGH Gach bliain tá borradh ag teacht ar Fhéile an Earraigh i mBéal Feirste agus i mí Feabhra bhí an ceann is leithne agus is spleodraí ann go dtí seo. Cearnóg an Bhainc i lár na cathrach atá mar chroí na n-imeachtaí agus ina measc sin a bhí ar ardán ann bhí Lúnasa (ar clé) a las an marquee lena gcuid cheoil. Tá blas an-láidir Gaelach ar an Fhéile chomh maith agus bhí ról lárnach ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in ócáidí na bliana seo, le Mairéad Ní Mhaonaigh (thuas), a nia Ciarán (ar dheis) agus eile ag seinm ann thar an deireadh seachtaine.
www.nosmag.com 15
ceol agat? fógra nós*
Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge la Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi il chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmhá linn anois ar eolas@nosmag.com Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!
scรกileรกn
FOCAIl Roibeárd Ó Conchúir
ROLE MODELS David Wain, 15A Chonaic mé réamhbhlaiseadh an scannáin seo agus mé ag féachaint ar Zack and Miri Make a Porno agus d’fhéach sé greannmhar go leor. Bhí jócanna anseo agus ansiúd a chuir ag gáire mé mar gheall ar an ngairsiúlacht ainspianta a bhain leo agus rith sé liom nach bhféadfá scannán tubaisteach a dhéanamh le Paul Rudd ann ar aon nós. Ach le bheith féaráilte, ní raibh clú agam cé chomh greannmhar, tarraingteach, rómánsúl ná gníomhach a bheadh an scannán. Tá chuile shórt ann, do chuile dhuine. In ainneoin na droch-theanga agus na gairsiúlachta, d’fhéadfá do dhéarthair óg agus do mháthair a thógáil chuig an scannán seo. Is ionadaí margaíochta é Danny
hhhhh (Rudd) a théann ó scoil go scoil ag déanamh fógraíochta don deoch fuinnimh ‘Minotaur’ lena chomhghleacaí díograiseach, Wheeler (Seann William Scott leis an páirt a bhíonn aige i ngach scannán a mbíonn sé ann). Is fuath le Danny an post agus tá droch-dhearcadh aige ar an saol i gcoitinne. Lá amháin, i ndiaidh dá chailín briseadh suas leis, éiríonn sé chomh feargach go milleann sé a ghluaisteán oibre i dtimpiste carr (le bheith fírinneach is deacair cur síos éifeachtach a dhéanamh ar an ngreann sa phíosa seo). Mar phíonós, seachas dul go príosún ar feadh tréimhse 30 lá, bíonn air siúd agus Wheeler aire a thabhairt agus am a chaitheamh le pleidhce do pháiste agus
déagóir an-aisteach ar fad. Tríd síos an scannán, tagann an ceathrar le céile i scéal éadrom, ach amannta a théann do chroí go hiomlán. Ait is atá sé mar scéal, críochnaíonn sé leis an troid claímh is fearr dá bhfaca mé ó bhí Antonio Banderas ag léim timpeall mar Zorro roinnt blianta ó shin. Ar an iomlán, tá an scannán seo le moladh go hard. Is fada ó bhí scannán grinn Meiriceánach le haon mhaitheas ag baint leis sa phictiúrlann gan ainm Judd Apatow nó Seth Rogen bheith luaite leis. Is deas chomh maith scannán de chuid léiritheoirí eile a fheiscint agus tá súil agam go gcloisfear níos mó fós faoi Paul Rudd agus Seann William Scott amach anseo, mar is iontach an jab atá déanta acu beirt anseo. Tá Role Models amuigh ar DVD/Blu-ray 10 Márta.
www.nosmag.com 19
scáileán
20 www.nosmag.com
watchmen Zack Snyder, 16 Ní minic a dhéantar scannán greannáin do dhaoine fasta ach sin díreach an rud atá i gceist le Watchmen. Le heachtraí foréigeanacha agus go leor radharc nochta ó thus deireadh, pléann an scannán le carachtair a bhfuil cumhachtaí speisialta acu agus iad ag déileáil le domhan ailtéarnach. Bunaithe ar ghreannáin Alan Moore agus Dave Gibbons, cuirtear turas spleodrach os comhair an lucht féachana agus cé go bhfuil an baol ann go mbeidh daoine nár léigh
na bunleabhair píosa beag caillte, is féidir suí siar agus sult a bhaint as an aicsean iomlán. B’fhéidir fosta go mbeadh cuid den atmaisféar díreach ró-sci fi do roinnt breathnóirí – na radhairc de Dr. Manhattan ach go háirithe - ach dá mba mhian leat sárlaochra a fheiceáil i mbun fíorghnímh agus drochspionn orthu ag an am céanna, ní bheifeá ag iarraidh Watchmen a chailliúint. Eiseofar Watchmen 6 Márta.
www.nosmag.com 21
scáileán
rath an ocrais Thóg Hunger, scannán faoi laethanta deiridh Bobby Sands, an príomhghradam leis ag na hIFTAs le déanaí. Amharcann Cillian de Búrca ar an saothar rathúil seo.
Ó
Cannes go Baile Átha Cliath, bhain saothar Steve McQueen an anáil den lucht feachána fud fad na cruinne. Ón chéad radharc, tarraingtear an bréathnóir go hiomlán isteach i scánnan atá in amanna chomh mealltach agus atá sé scáfar, ach gan amhras a théann i bhfeidhm go láidir mar sin féin. Agus ba chosúil nach raibh aon easaontas i measc criticeoirí ar an phointe sin; d’éirigh leis duais i ndiaidh duaise a bhuachan ar na mallaibh ag gradaim IFTA, gan trácht ar fhéile scannánaíochta Cannes, ar a raibh an
22 www.nosmag.com
première aige i mí na Bealtaine anuraidh. Insíonn Hunger scéal Bobby Sands, óglach de chuid an IRA a fuair bás ar stailc ocrais 28 bliain ó shin i bpríosún na Ceise Fada, gar do Lios na gCearrbhach. Bunaithe ar laethanta deireanacha a shaoil, leanann an scannán Sands (Michael Fassbender) agus a chuid comrádaithe mar a throideann siad ar son stádais pholaitiúil, i gcoinne na gcoinníollacha taobh istigh de na H-blocanna, na buailtí laethúla a thugtar dóibh agus ar aghaidh go dtí cinneadh an phríomhcharachtair le dul ar stailc ocrais. Léirítear dúinn na cúiseanna a raibh
an oiread paisin ag na príosúnaithe is a bhí, agus ag an am céanna tugann sé léargas ó thaobh na n-oifigeach príosúin, mar a throid siad leis na mothúcháin a bhí ag cuid acu féin, agus an gníomh gránna a bhí ar bun acu. Rud amháin nach ndéanann an scannán seo ná dul isteach go domhain sa pholaitíocht. Ní plé é ar cé acu trodaire saoirse nó sceimhlitheoir a bhí i Sands, ní insítear dúinn cén fáth ar cuireadh i bpríosún é fiú, ach cuirtear fírinne gharbh shearbh an dá thaobh i láthair; brúidiúlacht agus comrádaíocht mar aon, agus fágtar an
breithúnas ag an bhreathnóir, go dtí nach bhfuil fágtha ach scéal nach mór é a fheiceáil. I radharc amháin tochtmhar, amharcann muid ar na hiarrachtaí a dhéanann sagart óg cinneadh Sands le dul ar stailc a athrú. Ar feadh 10 bomaite gan aon bhriseadh sa radharc, labhraíonn an bheirt fhear ar a n-óige, na slite difriúla a thóg siad, agus faoi dheireadh, ar an chinneadh atá Sands i ndiaidh a dhéanamh. Is comhrá é a théann i bhfeidhm go mór ort, mar is as sin amach a bhíonn Sands ar meathlú, an chéad chéim dó ar shlí na fírinne. Ar feadh cuid mhaith den scannán, níl caint nó comhrá ar bith ann fiú, ach in amanna níl gá leis; is leor an salachar, an foréigean agus an tragóid le tionchar a imirt ar an lucht féachana. Ní mór an t-iontas é mar sin gur bronnadh an duais Camera d’Or, ceann de na duaiseanna is airde sa tionscáil ar Hunger ag féile scannánaíochta Cannes. Tugtar an duais go speisialta do dhaoine a rinne scannán den chéad uair, ach ní raibh gach duine sásta leis an rogha. Lochtaíodh McQueen faoin bheith ag glóiriú chúis na stailceoirí ach chosain na
moltóirí an cinneadh, ag rá gur scannán é “faoi na rudaí a dhéanann daoine nuair atá siad faoi bhrú géar”. Thug an stiúrthóir féin freagra ar an cheist, ag rá go raibh coinníollacha sna H-blocanna san am sin chomh holc le Bá Ghuantánamo nó príosún Abu Ghraib sa lá atá inniu ann. Go deimhin, ní hé Hunger an chéad scannán Éireannach a raibh conspóid bainte leis ag Cannes. Nuair a taispeánadh Some Mother’s Son in 1996, dúradh nár cheart “clú a tharraingt ar sceimhlitheoirí” ach anois cuimhnítear é mar cheann de na scannáin is cumhachtaí le teacht amach as an tír. Bhí tuilleadh ratha ag Hunger ar Lá Fhéile Vailintín i mbliana nuair a bhain sé 6 dhuais ag na gradaim IFTA (Irish Film & Television Awards), ‘An Scannán Is Fearr’ agus ‘An tAisteoir Is Fearr’ do Fassbender san áireamh. Táthar ag súil nach é seo an duais dheireanach don aisteoir óg, ar as Ciarraí ó dhúchas é, mar sin is cinnte go gcluinfidh tú an t-ainm i bhfad níos minice i ndomhan Hollywood san am atá le teacht. Is léir fosta go bhfuil todhchaí gheal á cruthú di féin ag earnáil scannánaíochta na hÉireann trí chéile.
Is é Hunger an tríú scánnán le bua a bhreith ag Cannes le cúpla bliain anuas; anuraidh bhí bua ag The Wind that Shakes the Barley agus roimhe sin bhí ag an scannán Garage. Má bhí scannán Éireannach ann ariamh a léiríonn stair an phoblachtánachas ar dhóigh ealaíonta neamhchlaonta, is é Hunger an scannán. Ní chuireann sé barúil nó dearcadh áirithe amháin in iúl don bréathnóir, ach ina áit sin tugann sé tuairisc ar cad é a tharlaíonn nuair a bhuaileann dhá thaobh le chéile i gcoimhlint nach bhfuil ceachtar acu réidh a ghéilleadh. Ar thaobh amháin tá grúpa a bhfuil creideamh chomh neartmhar acu go bhfaighfidh siad bás ar a shon, agus ar thaobh eile tá dream ann a bhfuil dualgas acu dlí agus ord a chur i bhfeidhm agus é a choinneáil thar dhaoine a bhfuil fíorghráin acu orthu. Saothar cumhachtach atá ann, grafach b’fhéidir, ach go dtí go n-amharcann tú féin ar an scannán ollrathúil seo, ní fheicfidh tú go díreach cén fáth ar bronnadh na duaiseanna ar fad air. Fagtar mé féin, agus chuirfinn geall go leor eile, ag smaointiú cén fáth nach bhfuair sé trácht ag na hOscars.
*
www.nosmag.com 23
scáileán
conchords ar eitilt T
á an dara sraith den chlár grinn Flight of the Conchords á léiriú ar HBO arís ar deireadh, agus ar fáil don chuid eile againn trí shuíomhanna éagsúla idirlín éagsúla ónar bhféidir an clár a shruthú. In 2007 léirigh HBO an chéad sraith, a bhí iontach greanmhar le beirt phríomhaisteoir an-cheanúil mar charachtair. Déanann Brett McKenzie agus Jemaine Clement ón Nua-Shéalainn iad féin a léiriú, agus is é ceol grinn a gceolchoirmeacha beo bunús téama gach cláir. Tá an beirt ó Aotearoa i ndiaidh teacht go Meiriceá agus a bpasanna a cháilúint, is é seo an tslí ina mbuaileann siad le bainisteoir a mbanna ceoil, Murray Hewitt (Rhys Darby), atá ina oibrí in Ambasáid na Nua-Shéalainne. Tá an greann sna cláracha éagsúil óna gcéile ó thaobh téama agus scéal grinn de, ach an-chosúil lena chéile ó thaobh foirme de. Gealltar go mbeidh cruinniú ag an mbanna áit a léireofaí saineolas samhalta na Nua-Shéalannach dúinn i leith an domhain mórthimpeall orthu i slí iontach greanmhar a thuigfidh muintir na hÉireann go maith. Úsáidtear aoir le spochadh as na carachtair uilig go bunúsach, agus le biorra a chur faoin ghreann. De ghnáth, is é an bealach a dhéileálann an bheirt le tréithe chultúr SAM a bhíonn mar théama an amhráin a sheinnfidh siad sa chlár.
24 www.nosmag.com
GREANN CEOLMHAR: Jemaine Clement agus Brett McKenzie Tagann na hamhráin ón seó beo a dhéanann an bheirt, agus atá iontach greanmhar iontu féin, ach atá thar bheith éifeachtach mar pháirt den chlár freisin. Roinnt samplaí iontacha de seo ná amhráin Bowie, áit a ndéantar spochadh as David Bowie trí imeartas focal a dhéanamh as focla a amhrán,
agus Hiphopapotamous vs Rhymenoceros, áit a n-úsáidtear rapcheol le labhairt faoi na carachtair rapcheoil atá cumtha acu, agus leis sin, spocadh as steiréitíopaí rap go ginearálta. Tá láithreacht iontach grinn ag Jemaine, agus cabhraíonn sé seo go mór leis an ról atá aige ag déanamh
jócanna aonsiolacha i ngan fhios dó fhéin. I leith Brett, déanann siad imeartas ar easpa muiníne samhalta an charachtair go hiondúil, agus na slite áiféasacha ina ndéanann sé iad seo a sharú. Cé nach bhfuil ach an chéad cheithre chlár den dara sraith feicthe agam, is
“tá siad ag breathnú ar chultúr SAM ón taobh istigh anois seachas mar NuaShéalannaigh” oth liom a rá, go bhfuil an chuma ar an gclár go bhfuil an iomarca ama caite acu i Meiriceá. Is cosúil go bhfuil siad ag breathnú ar chultúr Mheiriceá ón taobh istigh anois seachas mar Nua-Shéalannaigh mar a raibh siad i sraith a haon. Níor éirigh leo an greann céanna a aimsiú lena n-amhráin nua ach an oiread go dtí an ceathrú clár, áit ar tháinig feabhas mór ar an gclár ina iomlán. Dá bharr seo ceapfainn nach bhfuil an bheirt charachtair, seachas an bheirt san fhíorshaol, chomh mór lena chéile agus a bhí siad. Cé go bhfuil ag éirí go geal leis an gclár i SAM, ní mholfainn do dhaoine breathnú air mar a mhol mé breathnú ar an gcéad sraith go fóill. Táim ag súil go mbeidh smaoineamh nua ag stiúrtheoir an chláir, James Bobin a stiúir Da Ali G Show roimhe seo, mar a bhí aige le carachtar Ali G a athrú go Borat. Tá ábhar gáire ann go fóill áfach agus cé nach bhfuil an moladh céanna le dul do shrath a dó, ní hé sin le rá gurb ionann an clár agus an t-eitleán den ainm céanna ó thaobh deireadh ré de! Tá an clár thar mholadh ceathrar i gcónaí. FOCAIl MICHEÁL Johnny Ó MEACHAIR
advertise anseo fogra@nosmag.com
scáileán
NA BAILÍTHEOIRÍ CEOIL Is sraith trí chlár í Na Bailítheoirí Ceoil a dhíríonn isteach ar scéaltaí na bhfear sin a chuaigh amach i measc na ndaoine ón 18ú go dtí an 20ú céad chun ceol na hÉireann a bhailiú. Curtha i láthair ag an cheoltóir Seán
26 www.nosmag.com
Corcoran, thuas, cuireann an tsraith meascán de cheol, cuntais stairiúla agus athchruthuithe i láthair agus I measc na mbailítheoirí a thiocfaidh faoin spotsolas tá Edward Bunting, George Petrie agus Francis O’Neill. Mar aon le scéal agus cúlra na
mbailítheoirí féin, déanfaidh leithéidí Tríona Ní Dhomhnaill, Róisín Elsafty, Ronan Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Conor Byrne an ceol a bhailigh siad a chur ina bheocht arís. Cuirfear tús le Na Bailítheoirí Ceoil ar TG4 Dé Céadaoin 4 Márta ar 9.30in.
teicneolaĂocht
FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa
UBUNTU Córas Oibriúcháin, saor in aisce
N
íl aon dabht ach go bhfuil na milliúin duine amuigh ansin a úsáideann bogearraí Microsoft gan smaoineamh faoi. Tá muidne anseo ag nós* ag déanamh gach iarracht an meon seo a ruaigeadh, agus chuige sin tá orlaigh cholúin tugtha againn le cúpla mí anuas chuig leithidí Openoffice, Firefox agus Chrome. Ní shaoraíonn siad sin ó ghreim Microsoft tú, áfach, ó go bhfuil Windows féin fós ag déanamh a choda faoin dromchla. Anois, nílimid i gcoinne comhlachtaí ar nós Microsoft – tá mórán a dhéanann siad atá iontach dearfach, 1200 post in Áth an Ghainimh ina measc sin. Sin ráite, áfach, nach bhfuil cursaí níos fearr i gcónaí nuair atá rogha agat? Táimid i gcónaí ag lorg deiseanna rudaí nua a thriail chun gur féidir linn iad a roinnt libhse, ár léitheoirí, agus mar sin cuirimd os bhur gcomhair, Ubuntu. Sula dtéimid níos faide, ba chóir dúinn míniú a thabhairt ar cad go díreach é Ubuntu. ‘S éard atá ann (agus ná lig dó seo tú a scanrú anois) ná córas oibriúcháin
bunaithe ar Debian GNU/Linux, atá féin bunaithe go daingin ar Unix. Smaoinigh Windows ach saor in aisce agus níl tú ró-fhada ón fhírinne. Anois, cén fáth go mbacfá le Ubuntu? Nach bhfuil Windows ceart go leor, go raibh míle maith agat, agus ná bac anois leis an stuiff saor in aisce sin? Bhuel, tá agus níl. An rud faoi Ubuntu ná go bhfuil sé rud beag deacair dul i dtaithí air d’éinne nár úsáid mórán ach Windows riamh cheana. Munar féidir liom nascadh leis an idirlíon agus Windows in úsáid agam, tá leath dhosaen rud ar féidir liom seiceáil láithreach bonn. Táim ar mo chompord nuair atá Windows in úsáid agam, ach Ubuntu? Gan taithí, n’fheadar cad ar féidir déanamh faoi aon fhadhb a bhíonn agat? Bhuel, mar a tharlaíonn sé, tá mórán cúnaimh ar fáil má lorgaíonn tú é, ar shuíomhanna ar nós www.help.ubuntu. com agus www.ubuntuforums.org Fiú leis an gcabhair úd, áfach, ní rud éasca é athrú go córas oibriúcháin nua, agus d’fhéadfá go héasca comparáid a dhéanamh idir sin agus bogadh go tír éigin san Aifric nó i lár na hÁise, áit nach mbeadh cliú agat cad atá ar siúl. Níl a fhios agat nach bhfuil cead ag mná tiomáint, nó cén chaoi ar chóir do chuid ríse a ithe, nó cén áit a bhfuil
UBUNTU v WINDOWS VISTA Brabhsálaí idirlín
Conas é seo a mheas? In ár dtuairim tá Firefox ar an mbrabhsálaí is fearr atá ann, agus is sin díreach cad a thagann le Ubuntu. Ar an lámh eile de, cé go dtagann an bodach úd, Internet Explorer, le Vista, fágtar tú le rogha aon cheann de na mór brabhsálaithe eile. Cad an fiú an rogha idir Chrome, Firefox, Opera, Safari agus eile, áfach, nuair atá an rogha is fearr ag Ubuntu cheana? BREITH: Comhscór
Ceol
In ainneoin nach bhfuilimid ró-thógtha le Windows Media Player, caithfear
admháil go bhfuil sé, ar an iomlán, caoiseach maith. Rhythmbox a thagann le Ubuntu, agus níl sé go dona ach oiread. Cé acu is fearr? Ar an dromchla, Media Player, agus i ndáiríre é sin atá níos fearr faoin dromchla chomh maith. Níl mórán eadarthu, áfach – más ceol amháin atá uait, tá neart rogha ag an dá cheann chun tú a choimead sásta. BREITH: Windows
Bogearra oifige Arís, tá an réimse rogha is fearr ag Windows, ach tá costas le sin.
leictreachas ar fáil. Ní bhíonn a fhios agat, agus is mar sin go díreach a bhíonn an saol i gcóras oibriúcháin nua. Ná lig dó sin tú a chur ón smaoineamh, áfach, ó go bhfuil mórán iontach sásúil faoin athrú úd a dhéanamh, díreach mar a bheadh mórán sásúil faoi thréimhse a chaitheamh i dtír atá chomh héagsúil le hÉirinn is atá cailc ó cháis. Sa chúpla mí atá amach romhainn tá iliomad cúiseanna ar son agus in aghaidh an athraithe le cur os bhur gcomhair, agus ag deireadh beidh moladh le déanamh. An bhfuilimid ag iarraidh dul go lár na hAifrice, agus neamhaird a thabhairt ar na compoird bhaile atá ag fanacht dúinn i Windows? Féachaimid san eagrán seo ar an dá rogha faoi chúpla rannóg éagsúil, agus críochnóimid an scagadh sa dá eagrán atá amach romhainn.
Cosnaíonn an leagan is bunúsaí do Microsoft Office airgead mór, agus san aeráid eacnamaíochta seo tá an té ciallmhar ag fanacht le bogearraí saorin-aisce. Ní sin amháin, ach tá Openoffice ar chomh-chaighdeán le Microsoft Office i mbeagnach gach aon slí. Mar a tharlaíonn, tá an alt seo á scríobh in Openoffice, agus gan locht ar bith air dá bharr. Mar aon le mórán rudaí eile, tagann Openoffice mar chuid de Ubuntu ón tús, agus dá bhrí sin chaithfeá rá go bhfuil an buntáiste don ghnáth-dhuine ag Ubuntu. BREITH: Ubuntu
www.nosmag.com 29
teic
FOCAIl DIARMUID Ó Muirgheasa
Cinsireacht ar leac an dorais?
R
inneamar trácht cheana sna leathanaigh seo do chás cúirte PirateBay, agus an meon do-mhaiteach úd a bhí acu i gcónaí riamh. Fós fíor? Bhuel, d’ullmhaíodar don chás trí chóisir a reáchtáil agus dul ar thuras bus mórthimpeall na hEorpa. Ar shlí, thuigfeá dóibh – tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil cliú ag dlíodóirí an RIAA cad go díreach atá ar siúl ag PirateBay. Tá cuid den chás athraithe acu cheana féin, ó tharla nár thuigeadar conas go díreach a oibríonn Pirate Bay, agus tá fianaise tagtha chun cinn anois go bhfuil suas le 80% den ábhar atá ar Pirate Bay iomlán dleathach.
30 www.nosmag.com
Tá an chosúlacht ann mar sin go bhfuil an t-ionchúiseamh ag titim as a chéile, ach feicimid. Tá daoine eile mórthimpeall na cruinne ag tabhairt airde ar PirateBay chomh maith. Agus muid ar tí dul ag na clódóirí, tuairiscíodh sna nuachtáin náisiúnta go bhfuil Eircom i ndiaidh an doras a oscailt a ligeadh do leithidí an IRMA (Irish Recorded Music Association) iachall a chur orthu PirateBay a bhlocáil. Cén fhadhb leis seo, a deir tú, ag ceapadh nach bhfuil ar PirateBay ach físeáin mhídleathacha? Bhuel, mar atá thuasluaite, tá 80% den ábhar ar PirateBay iomlán dleathach.
“Ciallaíonn sé sin go bhfuil Eircom ar tí na mílte comhad atá go hiomlán dleathach a bhaint ón tseirbhis idirlín atá ar fáil dá gcustaiméirí.”
Ciallaíonn sé sin go bhfuil Eircom ar tí na mílte comhad atá go hiomlán dleathach a bhaint ón tseirbhis idirlín atá ar fáil dá gcustaiméirí. Níos tábhachtaí i bhfad ná an cúpla comhad sin, áfach, ná an sampla atá á leagadh síos. Anois, nílimid ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir údaráis na Síne agus Eircom ó thaobh chinsireacht na meán de, ach má oireann an caipín... Beimid anseo ag nós* ag coimead súil an-ghéar ar fad ar an scéal seo agus é ag titim amach, ach ní deas an rud a cheapadh go bhfuil cinsireacht díreach timpeall an chúinne uainn. Leanann an triail sa tSualainn ar aghaidh.
*
ARD... CAD É? HD Teilifís Ardghléine Ach anois, tá’s againn cad é HD. Leis an bhfógraíocht ar fad conas nach mbeadh? Ah, ach an bhfuil tuiscint cheart agat ar na saghasanna éagsúla HD, agus conas is féidir teacht orthu? Agus cad faoi Blu-ray, an dtuigeann tú sin i gceart? Bhuel... Sin go díreach a cheapamar. Faoi láthair tá trí chaighdeán ann: 720p, 1080i agus 1080p. Ar chúis a bhaineann leis an bpróiseas
déantúsaíochta, áfach, ní féidir teilifís 720p a cheannach – tá siad uilig beagán os cionn 720p. Níos fearr mar sin? Níl. N’fheadar an bhfuil siad níos measa, ós rud é go mbraitheann sé ar an té a cheistíonn tú, ach déantar dochar éigin nuair a athraítear an pictiúr mar sin. Ach má tá suim agat i gcaighdeán físe ceannóidh tú teilifís le caighdeán 1080p air, ó tharla go bhfuil sé sin níos fearr ná 1080i. Ach bhí sé sin ar eolas agat, nach raibh? Sea... Agus leis an scáileán 1080p tá chuile rud togha? Faraor, níl. Cé go bhfuil beagnach gach BD (Blu-ray Disc) a cheannaíonn tú
anois ar chaighdeán 1080p, níl an oiread sin dúinn ag féachaint ar Blu-ray amháin. Ceannaigh SkyHD agus tá tú ar ais i ndomhan atá bunaithe ar 720p, agus ní sin amháin ach caithfidh tú smaoineamh go bhfuil formhór den stuiff a bhféachann tú air bunaithe ar ghnáth SD, seachas HD, agus ní dhéanfaidh an scáileán is fearr aon difríocht chuige sin. Uaireanta is fearr i bhfad teilifís nach bhfuil chomh maith ag HD más ar SD atá tú ag breathnú don chuid is mó. So conas sa diabhal a bhfuil a fhios agam cén teilifís ar chóir dom A cheannach mar sin? Bhíos ag fanacht ar an gceist úd. Ceannaigh nós* mí Aibreán agus feicfidh tú...
www.nosmag.com 31
teic
nuacht Deireadh le haitheantas aghaidhe Cloisimid an t-am uilig faoi chosaint bhithmhéadrach ar féidir úsáid chun chuile rud ó ríomhairí agus fóin go diúracháin núicléacha a choimeád slán. Tá an t-am ann ar gá dúinn slán a fhágáil le ceann de na modhanna úda áfach – tá sé cruthaithe ag ollamh in Ollscoil Hanoi gur féidir córais aitheantas aghaidhe ó Lenovo, ASUS agus Toshiba a bhriseadh go héasca. Conas? Tóg buile faoi thuairim. Ar smaoinigh tú ar phictiúr don té atá ceadaithe a úsáid? Is cosúil gur féidir pictiúr a chur os comhair an cheamara agus dallamullóg a chur ar an gcóras. An t-aon cheist againne ná conas nár smaoinigh dearthóirí an chórais ar an mion-fhadhb seo. Shílfeá go mbeadh sé réasúnta lárnach mar choincheap... Fo-mhuireáin Tá aithne againn uilig ar an mothúcháin
32 www.nosmag.com
TUILLEADH TEIC LE LÉAMH AR ÁR SUÍOMH ÚRNUA AG WWW.NOSMAG.COM úd, “Cén fáth nach n-oibríonn tú?! Sin an méid atá uaim!!”. Uaireanta ní oibríonn teicneolaíocht, ar chúis amháin nó ar chúis eile, cuma cén iarracht a dhéanann tú. Uaireanta eile, ansin, b’fhearr i bhfad munar oibrigh sé. B’amhlaidh an scéal i lár an Atlantaigh le déanaí, nuair a bhí, deirimid, “timpiste bheag” ag fomhuireáin de chuid Sasana agus Poblacht na Fraince. Ar shlí, tréaslaímid leo, ach ag an am céanna, cad a thabharfá ar phíosa teicneolaíochta a d’oibrigh chomh maith leis an gcóras frith-sónár ar an dá long sin? Tuarthéacs Vodafone Gheallamar san eagrán deireanach go mbeadh breis le rá againn an mhí seo faoi sheirbhís thuarthéacs Vodafone agus Foras na Gaeilge, agus tá. Tá an tseirbhís féin go maith, ach
nuair nach n-oibríonn sé ar aon cheann den Samsung Tocco, LG Viewty nó iPhone, tá rud éigin as áit. Tá tuilleadh eolais faoi TÉACS ar www. nosmag.com agus más rud é go bhfuil an pacáiste tuarthéacs in úsáid agat, conas atá ag éirí leat? Bí i dteagmháil. Solas na gréine? In Éirinn? Tá sé ait, agus admhaímid sin, ach is cosúil go bhfuil comhlacht Éireannach i ndiaidh an córas grian-fhuinnimh is fearr ar domhan a dhearadh. Surface Power an comhlacht, iad bunaithe sa sun-trap úd, Co. Mhaigh Eo. 131% níos éifeachtaí luath ar maidin a mhaíonn siad, agus 76% níos éifeachtaí ag meán lae. N’fheadar an gciallaíonn sé seo go bhfuil ré nua ag teacht, ina soláthraítear ár bhfuinneamh uilig ó fhoinsí inathnuaite, ach pé slí é ní féidir gur droch rud é.
Tar chun na Gioltachta... A
r Lá ‘le Padraig na bliana seo beidh Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ag freagairt na ceiste “cad atá á dhéanamh agat?” ar an láithreán líonraithe sóisialta, Twitter. Seolfar grianghrafanna, ‘tbhaoitfear’ cúpla focal agus roinnfear an chraic. Seo agat #lnag :: Lá Twitter na Gaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Ach céard is Twitter ann? Go lom, séard atá ann ná uirlis ar líne a chuireann ar chumas úsáideóirí nótaí beaga 140 carachtar ar fhad a sheoladh, agus a ligeann do dhaoine eile na nótaí sin a leanúint. “Uafásach!” a chloisim. Agus ní mór dhom a admháil nach raibh aon ró-fhonn orm bacadh leis nuair a chuala trácht air an chéad lá riamh gléas eile social notworking a ghoideas dríodar m’ama, agus fuílleach m’anama. Síor-ghiolcaireacht, síor-nuashonrú: torann bán do-éalaithe. Tá’s agat féin: táim ag ithe mo lóin; táim ag freagairt m’fhóin; bhí an rud suimiúil seo agam do mo
bhricfeasta ... Agus tá sé sin ann, dar ndóigh - ní haon mhaith é a shéanadh - ach tá sé furasta go leor é a scagadh amach. Tá rud eile ann, chomh maith, áfach: I mo ghnáthshaol oibrím le ceol, ealaíon, agus ríomhairí, agus ní chreidfeá an oiread eolais a fhaighim anois ar chuile cheann acu siúd tré giolcairí cuí a leanúint. Gan trácht ar na seoda a sheolann mo dhlúth-chara @stephenfry go pearsanta chugam féin agus 200,000 leantóir nach mé.
BUNTÁISTE DON GHAEILGE Anois, agus é á rá ag daoine cheana féin go bhfuil Twitter, like, choooomh 2008, feictear dhomsa go bhfuil fiúntas ann do lucht labhartha na Gaeilge. Tá sé thar a bheith éasca comhluadar idirnáisiúnta neamhfhoirmealta Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt. Go deimhin tá a leithéid ar an saol agus ina mhion-óige cheana againn; ‘An Ghioltacht’ baistithe go cliste ag @ eamonj agus @ocuile air.
Ceist: Conas a thosnaÍm? 1. Téir go twitter.com agus cláraigh. Ansin beidh do leathanach Twitter féin agat ag http://twitter.com/do_ainm_twitter 2. [roghnach] Téir go http://twitter.com/antsiogghlas (sin mé féin), agus gliogáil ar ‘follow.’ Feicfidh tú ansin mo thbhaoiteanna agus coimeádfad ar an eolas thú maidir le gach ní a bhaineanns le #lnag Lá Twitter na Gaeilge.
Tá na liostaí ríomhphoist ann cinnte (Gaeilge-a, Gaeilge-b, fóram 7rl), agus buíochas le Berners-Lee go bhfuilid – bainim féin an-úsáid astu agus bíonn a mbaill iontach cabhrach. Ach níl áit orthu sin ach don Ghaeilge mar ábhar. Ar na liostaí, pléitear an Ghaeilge, ach sa Ghioltacht, pléitear as Gaeilge, cuma faoin gcaighdeán. Cuma faoin gCaighdeán, fiú. Tá Facebook ann chomh maith, dar ndóigh, agus i bhfad níos mó Gaeilge air na laethannta seo. An clár féin fiú ar fáil anois as Gaeilge - rud a úsáidim anois, agus atá ar fheabhas. Nó ag feabhasú ar a laghad Ar Twitter bheartaíos dhá chomhartha aitheantais - ceann Gaeilge agus ceann Béarla - agus áthas go ndearnadh, mar go bhfuil sé ag oibriú amach go breá. Tá se éasca léimt ó ainm ríomhchléite go hainm ríomhchleite eile. Agus feicim go bhfuil daoine eile anois a dhéanann amhlaidh. Réamh-réabhlóidín idirlín.
Idir sinn.
FÁS NA GIOLTACHTA Mar thoradh air sin go léir, mothaím go bhfuil aithne phearsanta á cur agam ar mhuintir na Gioltachta gaol nár bhraitheas riamh, i bhfírinne, ar na liostaí r-phoist. Sin ráite, tá rud álainn ag titm amach de réir a chéile: tá ball nó dhó de na liostaí sin ag teacht chun na Gioltachta, agus faoi dheireadh, thig liom bualadh leis an duine fíorúil go fíor. Lig Scíth, más ea. Fág síos Gramadach na mBráithre agus Réchúrsa Gramadaí (m’aois á nochtadh agam ansin), agus bí linn do #lnag. Tar isteach. Tá’n fionn uisce go hálainn. Céard atá á dhéanamh agat, a chara? Ciarán Ó MeachAir
Sin hashtag. Clíbeann sin do ghiolc ionas gur féidir le cách ábhar de do chuid a leanúint. Úsáid #gael do chuile tbhaoit a dhéanann tú as Gaeilge agus #lnag do Lá Twitter na Gaeilge Ceist: Cad iad na rudaí sin a thosnaíonn le ‘@’ (m.sh @ gaeilge)? Tosnaíonn chuile chomhartha aitheantais (CA) Twitter le ‘@’: mise @antsiogghlas. Más mian leat scríobh go díreach go haoinne, ní gá ach a CA a chur sa tbhaoit.
3. Freagair an cheist, ‘what are you doing?’ agus gliogáil ar ‘update.’ Sin é. Sin do chéad tbhaoit déanta agat agus feicfidh chuile dhuine de do leantóirí é.
Ceist: Cé hiad na giolcairí is giolcairí sa Ghioltacht?
4. Ar #lnag Lá Twitter na Gaeilge (17.03.09), cuir #lnag i ngach tbhaoit.
Féach: @enormous @fearfeasog @eamonj @gaeilge @Triona @antsiogghlas @ocuile
Ceist: Cad é an rud ait seo a thosnaíonn le ‘#’ (#lnag nó #gael, mar shampla)?
Sin é. Lá Twitter na Gaeilge shona dhaoibh go léir. Blag #lnag: http://lnag.wordpress.com r-phost: gaeilge@pyxl.org
beatha
english
The Token
THE page of the english language community in ireland TELY is ON
Reilig Père Lachaise P ère Lachaise is one of the most famous cemeteries in the
world. Located in Paris’ 20th arrondissement, it is reputed to be the world’s mostvisited cemetery, attracting hundreds of thousands of visitors annually to the graves of those who have enhanced French life over the past 200 years. It is also the site of three World War I memorials. Situated on Boulevard de Ménilmontant, it can be easily reached by Métro: Philippe Auguste station on line 2 is next to the main entrance, while the station called Père Lachaise, on line 3, is 500 metres away near a side entrance.
Many tourists prefer the Gambetta station on line 3 as it allows them to enter near the tomb of Oscar Wilde and then walk downhill to visit the rest of the cemetery. The cemetery takes its name from Père François de la Chaise (1624-1709), confessor to Louis XIV, who lived in the Jesuit house rebuilt in 1682 on the site of the chapel. The property, situated on the hillside from which the king, during the Fronde, watched skirmishing between the Condé and Turenne, was bought by the city, laid out by Alexandre-Théodore Brongniart and then later extended. Cemeteries had been banned inside Paris in 1786,
after the closure of the Cimetière des Innocents on the fringe of Les Halles food market, on the grounds that it presented a health hazard. (This same health hazard also led to the creation of the famous Parisian catacombs in the south of the city.) Several new cemeteries replaced the Parisian ones, outside the precincts of the capital: Montmartre Cemetery in the north, Père Lachaise in the east, and Montparnasse Cemetery in the south. Sure you might as well have a wee look around them the next time you’re in Paris ‘cause they’re interesting spots to spend a few hours in. Tá leagan iomlán den alt seo le léamh ar Wikipedia
The English Language Year (TELY), Ireland’s continuous English language festival, is still on, it was confirmed this month. Launched in the mid 19th century, TELY celebrates the country’s English language heritage and affords nonIrish speakers the opportunity to say whatever they want about a range of various interesting topics. Speaking at this year’s relaunch, TELY spokesperson Will De Fore said that their persuasive pchycological campaigns had paid off over the last 150 years and he also thanked the state broadcaster RTÉ, for ensuring English was the primary language seen and heard on the nation’s airwaves. “We were very grateful that RTÉ chose to focus all its new digital radio stations on the English-speaking population, though we have recently hit a bit of a snag. “It appears that signifcants areas in Ireland are not actually participating in TELY, particulary in the west and in certain parts of Dublin and Belfast.”
www.nosmag.com 35
sean-nós*
beatha
leis an seanduine liath
A
CÉ LEIS SIN?: Fo-éadaí de chuid The Mighty Boosh
36 www.nosmag.com
r na buntáistí atá le saol carachtair in úrscéal tá: a) nach gcaithfidh tú do chuid éadaí féin a cheannach; b) nach n-íocann tú cáin ioncaim – amanna, ní léir go mbíonn ioncam agat fiú, ach tugtar airgead duit má tá sé de dhíth; c) ní bhíonn ort dul chuig teach an asail (ag brath ar an úrscéal ar ndóigh), gníomhaíocht a chuireann cuid mhór de mo chuid ama amú ó d’éalaigh mé ó m’úrscéal féin. Ar na míbhuntáistí atá le bheith beo in úrscéal tá: d) nach bhfaigheann tú deis amharc ar an teilifís; agus e) go mbíonn tú ag brath ar an údar maidir le cothú. Agus, mo nuar, nach dearmadach a bhíonn na diabhail chéanna maidir leis an fhear istigh? Bíonn sé amuigh ar na fir chéanna fosta go mbíonn bua na samhlaíochta acu, ach is beag fianaise atá agamsa air sin: níor ith mise ach prátaí idir na leathanaigh s’agamsa, ba chuma cén t-am den lá a bhí ann. Ach éist, maidir le a) thuas, chuala mé ceann maith ó sheanfhondúir
eile agus muid beirt cuachta istigh sa Leabharlann Náisiúnta le déanaí ag iarraidh éalú ón sneachta, agus ó phraghas ró-ard an chaife sna caiféanna mallaithe sin. Bhí an seanleaid seo ag iarraidh éalú óna theaghlach fosta, a bhí ag cur brú air cóta nua a cheannach. Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí siad ag iarraidh cóta nua a cheannach dó; mar sin, níorbh é an sprionlaitheacht cúis a dhrogaill. Níorbh é, muise, ach dearcadh i bhfad is críonna. Mar a mhínigh sé dom: “Ag cur san áireamh an iliomad fadhbanna sláinte atá agam, mé isteach agus amach ón ospidéal le mí anuas, níl aon chinnteacht ann go bhfaighinn caitheamh ar bith as cóta nua.” A leithéid de dhuairceas fíor-Ghaelach níor chuala mé le fada an lá! Ní raibh mé in ann an seanfhondúir a cheistiú faoi cé chomh forleathan is a bhí an dearcadh seo ina shaol – bhí mé ag gáire chomh tréan sin gur dheacair dom análú fiú – ach chaith mé an chuid eile den lá ag
Comh-léiriúchán idir
seanchaite. Is beag stad bus a shiúlaim thairis (féach b) thuas don fháth nach bhfanaim ann le dul ar an bhus) nach mbíonn mála scoile agus bléasar fágtha ar an talamh taobh leis. Agus, go moch ar maidin, bíonn flúirse fó-éadaí ban ar fáil ar na sráideanna. Balún beag ar ligeadh an t-aer as in aice leo de ghnáth, ar fháth éigin. Agus ní éadaí amháin a chaitheann sibh uaibh le linn na hoíche. Tá seanfhear eile ar m’aithne a éiríonn go moch gach maidin agus a théann amach leis an nuachtán a cheannach. Níl rud ar bith as an gnáth leis sin, dar libh, ach éistigí. Tá sé ina riail dhaingean ag an fhear seo gan airgead ar bith a thabhairt leis ag fágáil an tí dó: muna n-aimsíonn
& Moonfish Theatre
G A I L L I M H Galway 5-8 Márta, 8 pm
An Dubhlann/ The Black Box Ticéidí: €17 / €12 Áirithintí / booking: 091-569777, www.tht.ie Réamhfheiscint / Preview 4 Márta: €10
ÁTH CLIATH Dublin
“Agus, go moch ar maidin, bíonn flúirse fó-éadaí ban ar fáil ar na sráideanna. Balún beag ar ligeadh an t-aer as in aice leo de ghnáth, ar fháth éigin. Agus ní éadaí amháin a chaitheann sibh uaibh le linn na hoíche...”
“
sé go leor bonn ar an talamh a cheannóidh nuachtán dó, téann sé abhaile gan é. An gá dom a lua nár chaill sé ceannlíne le daichead bliain anuas? Agus maidir leis na héadaí a chaitheann sibh… Bhuel, bhí mé ag ceolchoirn de chuid The Mighty Boosh le déanaí agus, ar feadh tamaill, shíl mé go raibh suas le 500 duine le bheith thuas ar an ardán an oíche sin mar gheall ar an fheisteas uafásach, gránna, greannmhar, iomarcach a bhí á chaitheamh agaibh. An ligeann bhur gcuid mamaithe amach mar sin sibh? Nuair a deirim go raibh mé ag ceolchoirm de chuid The Mighty Boosh, taobh amuigh den halla a bhí mé ag iarraidh na déirce. Féach a), b) agus e) thuas.
“
meabhrú faoi. Agus é ag an fhiaclóir, ar dhiúltaigh sé coinne a dhéanamh don chéad chuairt eile ar mhaithe le dúch i bpeann an rúnaí a spáráil? An raibh sé de nós aige iarracht a dhéanamh leathbhuilín aráin a cheannach ar eagla go mbeadh sé féin ar shlí na fírinne agus arán gan múscán gorm air fágtha díomhaoin ina dhiaidh aige? Agus an éireodh sé lá breá éigin le fógairt dá bhean chéile nárbh fhiú an babhla bracháin a dhoirteadh amach dó mar go raibh tuairim láidir aige nach sroichfeadh an brachán an ceann eile dó? Beidh an seanfhear sin ina laoch agam amach anseo, agus é ina mhalairt ghlan oraibhse, a mhuintir óg, a chaitheann bhur gcuid éadaí ar shiúl beag beann ar cé acu an bhfuil siad úr nua nó
*
Tá nimh san uisce sin! Táimid ag maireachtáil anseo ar díolacháin salachair agus bréantais...
A coastal town… an infected water supply… a local election looming… In a small coastal town the local doctor uncovers a secret that jeopardises the town’s economy. It could also threaten his own brother’s plans for re-election as Mayor. Truth versus profit, ideals versus practice, and brother versus brother in this modern, explosive interpretation of a classic European play.
11-12 Márta, 8 pm
Amharclann Axis / Axis Theatre, Ballymun Ticéidí: €15 / €12 Áirithintí / booking: 0818 205 205 www.axis-ballymun.ie
An Irish language production with English subtitles
www.nosmag.com 37
i gcl贸
“Ní léir dom gur féidir sraith theilifís e a bhunú ar an saothar seo.” – moltóir Oireachtais “Tá an iomarca haiku ann.” – Gabriel Rosenstock, file, aistrithe oir
agus iarfhear capall
Nuair a ceapadh Philip Cummings ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua, dúradh leis go raibh dualgas air colún seachtainiúil a scríobh. Ar an dea-uair don léitheoir, níor dúradh leis cén t-ábhar ar cheart dó scríobh faoi. Is beag ábhar, mar sin, nach bhfuil pléite aige sa leabhar seo ina stíl sholéite, shainiúil féin, idir amaidí ár bpolaiteoirí, chastacht an tsaoil phósta, an dóigh cheart le poipín a chaitheamh agus a choimhlint leanúnach le fir bhainne agus le fir bhrusca ir. Is beag leabhar, fosta, a chuireann sos leathama ar fáil don léitheoi r, mar atá déanta go fial ag an údar anseo. Tugann an t-údar le fios go raibh seisean greannmhar sa Ghaeilge sular fhoghlaim Des Bishop an teanga, agus tá teist air sin idir na clúdaigh seo. Bhí Philip Cummings ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua ó 2003 go 2008. Bhain a chnuasach filíochta Néalta duais Ghaeilge Glen Dimplex 2006 don leabhar is fearr ó údar nua. D’éalaig h sé le déanaí ó Bhéal Feirste, agus tá sé i ndiaidh éalú ó Lá Nua. Ní fios go beacht cá bhfuil sé anois.
COISCÉIM
Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, B.Á.C. 13.
www.coisceim.ie
DAR LIOM
Philip Cummings
Má tá spéis agat i léirmheasanna leabhair a scríobh do nós*, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@nosmag.com
“An leabhar greannmhar is fearr a scríobh duine de mo chlann mhac, an tseachtain seo, i nGaeilge.” – ei cummings (máthair an údair)
DAR LIOM
LÉIRMHEASANNA Is féidir léirmheasanna nua ar Canary Wharf, cnuasach gearrscéaltaí le hOrna Ní Choileáin, agus ar Dar Liom, bailiúchán colún ón uachtán Lá Nua leis an scríbhneoir Philip Cummings, a léamh ar www.nosmag.com
€10
Coiscéim 2008-61
Philip Cummings
comórtas leabhair San eagrán deiridh cuireadh an cheist cad is ainm don tsraith teilifíse a dhírigh isteach ar cheist na Gaeilge in Éirinn agus ar a raibh Manchán Magan ina láithreoir? No Béarla an freagra ar ndóigh agus is é buaiteoir úrscéal úrnua Mhancháin ná: Garaidh Ó Reachtair An Rinn BÁC 4 Comhghairdeas leis! www.nosmag.com 39
faisean agus scĂŠimh
FOCAIl SINÉAD NÍ CHURNÁIN
nuacht stíle Beidh an ‘Designer Mart’ in Cow’s Lane, BÁC, ag athoscailt 14 Márta. Bí ag súil le hearraí ó dhearthóirí nua Éireannacha agus dearthóirí bunaithe. Beidh meascán d’eadach, earraí tí agus ealaíon le fáil ann, mar sin má tá
sibh sa chathair buailigí isteach Má tá’n sibh ag iarraidh an vardrús a ghlanadh amach agus an earraigh sa mhuallach orainn, tá siopa san ardchathair a bheidh in ann cabhrú libh Tá an siopa ‘Wear it Again’ suite ar 147 Sráid Baggot Íochtarach. Ní gá ach pé éadach, bróga nó seodra nach gcaitheann tú níos mó
nó a bhfuil tu ag éirí braon dóibh, a thabhairt isteach agus díolfaidh an siopa ar do shon iad. Chomh luath agus a bheidh an t-earra díolta geobhfaidh tú seic ar luach 50% agus gheobhfaidh an siopa an leath eile. Ta said tuillteanach teacht chomh fada le do theach agus na hearraí a bhailiú- anois sin seirbhís!
treochtaí an earraigh 1. Tá go leor síoda le feicáil ar na runways i mbliana agus is maith linn seo mar tá se chomh compórdach le pjs a chaitheamh. Ní gá an iomarca seodra a chur leis, b’fhéidir scairf ar do cheann agus smidiú simplí le súile dorcha. Ní maith lnn an táille titimghlanta a théann leis seo áfach! Bhí éadaí áille síoda le feicail ag Donna Karan agus Dries Van Noten.
sna siopaí go luath.
2. Ta treocht safari ar ais arís i mbliana leis. Ní théann sé seo as faisean i ndáirire toisc gur dathanna neodracha a bhíonn i gceist, glas & donn! Ta gach éinne in ann an treocht seo a chaitheamh ach ní ar an gcorp iomlán! B’fhéidir cóta safarí a chaitheamh le gnáthpheire díons nó combats a chaitheamh le léine bhán. Bíonn na dathanna seo go deas agus dath na gréine ort ach bí cuaramach agus tú ag luí fé! Bhí an stíl seo le feiceáil ag Ralph Lauren agus ag Missoni. Beidh an stíl chéanna le fáil
4. Tá stíl claisiceach an Mac ar ais aris. Tá an stíl seo le fáil sna siopaí ar fad agus ní gá an iomarca airgid a chaitheamh air ach oiread. Tá siad le fáil i ndathanna éagsúla agus stíleanna éagsúla ar an bpríomhdhráid. Tá an chasóg/cóta seo an-áisiúil don tráth seo don bhliain, éadrom go leor le caitheamh nuair a bhíonn sé brea ach coimeádfaidh sé amach an ghaoth agus an bhaisteach. Tá said go deas le díons agus gúnaí leis.
3. Bhí éadaí galánta le feiceáil ag duine de na dearthóirí a chuireann gliondar ar mo chroí ag NY Fashion Week, sin í Luella Bartley. Bhí go leor sciortaí agus gúnaí gleoite ar dhathanna geala le posies sár-álainn orthu. Bhí corcra agus oráiste agus gorm sa spadalán (palette). Bróga áille leis! Da mbeimís saibhir!
Ar dheis, cuid den stíl ó Sheachtain Faisin NYC
www.nosmag.com 41
gaeil 贸ga
na
do theanga, do thodhcha铆
t-l茅inte, p贸staeir agus eolas le fail
anois ag www.nagaeiloga.com
An B héaltr iail á dé anamh agat? Tabharfaidh Foinse cúnamh duit!
Tá áthas ar Foinse cúrsa teagaisc a r líne ar Bhéaltriail na hArdteiste a fhógairt. Beidh sibh in ann suí isteach le scrúdaitheoir a gus scoláire i seomra na Béaltrialach féachaint cad a tha rlaíonn. Is é Nicholas Clancy, Scrúdaitheoir Comhairleach agus Monatóir Sinse arach ag Béaltrialacha G aeilge na hArdteistiméireachta do Choimisiún na Scrúduithe Stáit a chuir an beart 25 ceac ht le chéile.
� Buntáiste mhór ná gur féidir le daltaí féachaint ar an gcúrsa in am scoile nó sa bhaile, de ló nó d’oíche, ar a suaimhneas féin �
www.foinse.ie
taisteal
Thar Barraigh 2 Sa dara cuid dá chuntas ar Oileán Bharraigh, socraíonn Seoirse Mac Giolla an Chloig agus a chairde ar phlean gníomh a chur le chéile...
B
hí muid ag déanamh ar an lóistín s’againne amach i dtreo Bhatarsaigh nuair a bhuail talann an tiománaí gur cheart dúinn uilig dul ar ais chuig an ché, áit a raibh aos óg an oileáin cruinn le chéile ag ól agus ag coinneáil comhluadair le chéile. Is ánasta agus is ocrach a bhí an chuid eile den oíche le fírinne, agus muid gan iompar amach ar bith linn. B’éigean dúinn gabháil i muinín na
déirce, agus tugadh sin dúinn go forbháilteach, ach mhothaigh muid mar a bheadh triúr stocairí ionainn. Lena chois seo, cé gur lár an tsamhraidh a bhí ann, bhí sé fuar feannta agus bhí roisteacha móra gaoithe ag teacht isteach i dtír ón Atlantach thuaidh. Ní raibh na mná chomh doicheallach céanna leis an aimsir, áfach, agus maraim gur éirigh linn triúr dul i gcion
ar chúpla gustóg de chuid bhunadh an oileáin. Mar sin féin, níor éirigh le fear againn beart ar bith a chur i gcrích an oíche áirithe sin. An lá dár gcionn, chuaigh muid amach chuig caisleán Mhic Néill Bhárraigh, atá suite ar oileán beag dá chuid féin dhá chéad slat amach san fharraige ó Bhàgh a’ Chaisteil, agus bhí béile breá againn i gCafé beag Iodálach.
o
www.nosmag.com 45
taisteal Ina dhiaidh sin ghlac muid ár scíste agus rinne muid réidh don oíche mhór a bhí romhainn, mar sin go díreach an rud a raibh muid ag súil leis. Seachtain roimhe sin bhí comhrá againn le tábhairneoir i dteach tábhairne an Chlachain i Mállaig, agus bhí an fear seo ag déanamh amach go raibh na hInse Siar uilig gafa go mór le grúpa ceoil dárb ainm na Vatersay Boys. Ní bréag ar bith a bhí a rá aige, nó bhí ceol na Vatersay Boys le cluinstin i chóir a bheith achan teach tábhairne agus siopa a raibh muid ann ó Steornabhagh go Bàgh a’ Chaisteil. Ba as Bhatarsaigh an buíon ceoil seo, oileán atá ceangailte le hOileán Bhárraigh le droichead. Mar sin bhí muintir Bhárraigh iontach tógtha faoi na Vatersay Boys. Lena chois sin bhí cúpla cailín clócheart caomhchruthach meallacach ó Eirisgaidh, a raibh, dár linn, nóisean acu dúinn, i ndiaidh theacht isteach chun an oileáin ar mhaithe le gabháil chuig gig na
Vatersay Boys. Bhí muid ag súil go mór le hoíche mhór mhaith a bheith againn, agus is go héadromchroíoch a ghluais muid amach chuig Ostán na Carraige Airde le fliuchadh ár mbéal a fháil agus le plean gnímh a chur i gceann a chéile don oíche. Is fíor gur fearadh fáilte den scoith romhainn ar Bharraigh, ach níorbh amhlaidh a bhí an scéal in Óstán na Carraige Airde. Bíonn madaidh ann a bhíonn teann ar a dtáirseach féin in achan bhaile ar an domhan, is cosúil, agus tharla cuid madadh Bharraigh a bheith istigh in Óstán
na Carraige Airde an oíche áirithe seo. Mar sin, bhí cúpla pionta againn ann, ach níor éirigh linn plean gnímh ar bith a chéile i dtaca le breágnú na mban óg de. Chinn muid ar dhul i muinín an tseanphlean a bhí ag cuid mhaith d’fhir na hÉireann ariamh anall: éirí caochólta agus gabháil sa tseans air go bhfuil bean ann atá chomh ólta sin go bhfuil a hacmhainn chéill as feidhm an oiread sin go mbeadh sí ábalta cur ina luí uirthí féin do chuid scéalta bréagacha a chreidmheáil. LÉIGH AN CHUID DHEIREANACH AR NÓS* MHÍ AIBREÁIN
Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag www.rnl106.com
Ceol Comhaimseartha Caint Chomhaimseartha Cuisle na Cathrach 46 www.nosmag.com
www.nosmag.com
• TABHAIR CUAIRT AR ÁR SUÍOMH ÚRNUA • BREATHNAIGH AR NA RANNÓGA • LÉIGH NA SCÉALTA • DÉAN NÓTAÍ TRÁCHTA • FAIGH FOTHA RSS • SCAIP AN SCÉAL • BAIN SÚP AS!
ar taispeรกint
*
AN EALAÍONTÓIR NÓ DEARTHÓIR THÚ? NÓ DÍREACH AN BHFUIL SUIM AGAT I LÉARÁIDÍ? CUIR DO SHAOTHAR CHUGAINN AGUS TABHARFAR ARDÁN DÓ! eolas@NOSMAG.COM
www.nosmag.com 49
gnéfhógra
Foghlaim go spraíúil ag Coláiste UISCE
Ó
2012 rachaidh scéim mharcála nua i bhfeidhm don scrúdú Ardteiste sa Ghaeilge. Bronnfar 40% de mharc iomlán an scrúdaithe ar an scrúdú béil, a chiallaíonn go bhfuil béim mhéadaithe ar chumas cainte an scoláire. De réir taighde a rinneadh maidir leis an tionchar atá ag cuairt Ghaeltachta ar shuim agus ar líofacht an scoláire sa Ghaeilge, is fiú go mór cuairt ar an nGaeltacht. Ní amháin gur “léir go raibh líofacht níos airde acu siúd a chuaigh chuig coláiste samhraidh” ach ina theannta sin tugadh faoi deara “... freisin go raibh níos mó sásaimh á bhaint ag na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí
50 www.nosmag.com
sa Ghaeltacht as an ábhar Gaeilge sa scoil. Bhí níos mó muiníne acu freisin as an nGaeilge a bhí acu” . Is mór an chúis iontais í mar sin go bhfuil an Roinn Oideachais ag cur deireadh le deontas caipitíochta do scoláirí a fhreastalaíonn ar choláiste samhraidh, rud a chiallóidh go réalaíoch go mbeidh costas níos airde ar chúrsa Gaeltacht amach anseo. I gcomhthéacs an chúlaithe gheilleagraigh seo, ardófar costas seirbhíse a bhfuil fiúntas cruthaithe ag gabháil léi agus marcanna do scrúdú béil na hArdteiste á méadú go 40% ag an am gcéanna!
Mar sin, más rud é go bhfuil fonn ar dhuine tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus a bheith cinnte dearfach de go bhfuil luach sármhaith airgid á fháil i dtéarmaí sábháilteachta an scoláire, sealbhú maraon le líofacht na teanga agus scileanna spórt agus saoil, is fiú súil a chaitheamh ar a bhfuil á thairiscint ag Coláiste UISCE. Léiríonn cúrsaí UISCE gur féidir an Ghaeilge a mhúineadh agus a fhoghlaim go rathúil ar bhealach nuálach, spraíúil agus samhlaíoch. Bhí an cur chuige cumarsaideach á chur i bhfeidhm againn riamh agus tugtar tús áite do dheiseanna cumarsáide an scoláire i bpleanáil an ranga. Is trí Ghaeilge a mhúintear clársheoladh, seoltóireacht, marcaíocht toinne, dreapadóireacht, boghdóireacht, treodóireacht agus neart eile leis. Is dreasach bhreise anuas ar an líofacht sa Ghaeilge í cinnte go mbaineann scoláirí amach cáilíochtaí náisiúnta i gcuid de na heachtraí sin. Agus iad ag foghlaim spórt trí Ghaeilge, cabhróidh na múinteoirí agus na teagascóirí leis na scoláirí smacht a fháil ar fhoghraíocht na bhfocal “ach”rannacha sin. Sea, gan dabht, tá an Ghaeilge beo i gContae Mhaigh Eo! Tá aitheantas iomlán ag cúrsaí Choláiste UISCE ón Roinn Oideachais agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le blianta beaga anuas maraon le haitheantas ó na cumainn náisiúnta eachtraíochta, ina measc
Cumann Seoltóireachta na hÉireann, an Comhlachas Snámha agus Tarrthála, IAAA (boghdóireacht), Cumann Marcaíocht Toinne na hÉireann agus Cumann Clársheoltóireachta na hÉireann. Tá saoráidí agus lóistín den chéad scoth ar an suíomh agus neart gradam bainte amach againn ó Fáilte Ireland agus ó Údarás. Ar eagla go raibh éinne den tuairim go bhféadfaí an iomarca craice a bheith ag an bhfoghlaimeoir Gaeilge, forbraíodh modúl dianstraithe ar an gcúrsa Cásca a dhíríonn go dlúth ar ábhar na hArdteiste chun scoláirí na 6ú bliana a ullmhú don scrúdú mór sin. Gan dabht, bíonn deis acu dul siar a dhéanamh ar ábhair eile leis ag an tréimhse staidéar stiúrtha.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do scoláirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sna heachtraí iarratas a chur isteach ar dhuais scoláireachta linn ar an gCúrsa Cásca nó ar Chúrsa F. Ní gá ach aiste nó píosa filíochta a chumadh a léiríonn tuiscint ar shaol na tuaithe nó meas ar an gcomhshaol. Bronnfar marcanna ar chaighdeán Gaeilge an iarratais ar bhonn idirdhealaitheach maraon le cur i láthair agus tuairimí úra. Foilseofar na hiarratais is fearr ar an suíomh idirlín agus beidh áit saor in aisce mar dhuais ag ceathrar. Tuilleadh eolais ag www. uisce.ie nó glaoch a chur ar UISCE 09782111
collaĂocht
cailín sa
m chathair
TÁ GACH BABHTA DE CHUID ÁR gcailín le fáil anois ar líne ag www.nosmag.com DÁ mBA MHIAN libh EACHTRAÍ S’AICI A LÉAMH I gCLÓ, FÁG NÓTA TRÁCHTA AR ÁR SUÍOMH ÚRNUA!
www.nosmag.com 53
lĂŠargas
tine ifrinn
léargas
A
n luaith ar dtús agus í ag titim go tiubh ó spéir dhorcha; an ghrian ina caor fhlannbhuí sa deatach, agus na lasracha arda ag léim ó dhroim go droim, iad á ruaigeadh roimh an ngála. An choill trí thine, agus an féar. Na haibhleoga ag teacht anois ina gcith, ag lasadh tinte nua, agus na héin ag titim marbh ón speir. Torann na lasracha do do bhodhrú, agus tithe na gcomharsan ag pléascadh. Tá eochracha an ghluaisteáin caillte, agus ba bheag an tairbhe iad ar aon chuma, ó tá an gluaisteán féin trí thine… Tagann na tinte gach samhradh, go háirithe i Mí Eanáir agus i Mí na Feabhra, na míonna is teo. I mbliana ba thirime an tuath ná riamh de dheasca triomaigh fhada. Bíonn muintir na tuaithe ullamh – uisce faoina lámh, na gaitéir glanta, gort an bhaile réitithe. Bíonn daoine ag faire bhun na spéire. Nuair a fheictear tine téann leoraithe dearga an CFA (an Country Fire Authority) amach ina coinne, ag iarraidh í a mhúchadh nó a bhacadh. Saorálaithe go léir is ea lucht dóiteáin na tuaithe, idir fhir agus mhná, agus iad oilte ar an obair. Agus tá ‘sky cranes’ ann – heileaptair ar féidir leo 9,000 lítear d’uisce a scaoileadh uathu san iarraidh.
Tá cónaí ar Colin Ryan i stát Victoria, an ceantar a bhí ag lár na dtinte marfacha a bhuail an Astráil go tobann míthrócaireach an mhí seo caite. Tugann sé léargas anseo ar an eachtra uafásach.
LÁ DEARG TE Dé Sathairn, 7 Feabhra. Tine nó dhó ar lasadh le tamall cheana in oirdheisceart na tíre, go háirithe i stát Victoria. An lá féin dearg te - 46° - agus gaoth ann a leagfadh thú. Bhí a fhios ag daoine gur drochlá a bhí rompu sna ceantair ba mhó a bhí i mbaol, ach is beag duine a raibh súil aige leis an loscadh a bhí le teacht. Tá na ceantair chéanna lán de chnoic agus de choillte agus bailte beaga deasa ann, áiteanna a dtaitníonn le daoine ó Mhelbourne de bharr na dtithe saora agus toisc gur breá leo cónaí i measc na gcrann. Bhí ullmhú déanta ag daoine de réir chomhairle na n-údarás, agus a fhios acu, dá dtiocfadh an tine, go mbeadh orthu
56 www.nosmag.com
an ghnáthrogha a dhéanamh – teitheadh nó a dteach a chosaint, iad ag fliuchadh na mballaí gan stad agus ag múchadh na n-aibhleog a d’fhéadfadh tinte nua a adhaint. Bhí gála loiscneach ann agus é ag géarú, ag tiomáint na lasracha roimhe ar fud an stáit. Seo leo de ruathar, ag dul i gcoinne na gcnoc de luas uafásach. Is í deifir mhire na dtinte is mó is cuimhin leis na daoine a tháinig slán, í sin agus torann a bhí ó thuiscint. Ní fhaca an CFA a leithéid de dhóiteán riamh.
Dá fheabhas é an t-ullmhú a bhí déanta agat, ba shaothar in aisce é: tháinig na tinte anuas sa mhullach ar na bailte beaga – Kinglake, Marysville agus eile – agus scrios ar fad iad. Bhí daoine ag rith ó theach go teach ag iarraidh dídine agus an tine sa tóir orthu; ar éigean a d’éirigh le cuid acu imeacht lena mbeo, agus bhí na scórtha eile ann a cailleadh, iad á ndó beo beathach nó á múchadh, idir fhir, mhná agus pháistí. Na daoine a theith ina ngluaisteáin agus an domhan ar bharr lasrach ina dtimpeall chuaigh siad ar seachrán sa
DÓCHAS ÚR: Barack Obama
smúit, rud ba thrúig bháis dóibh. Nuair a tháinig an fionnuartas amach sa lá níor lagaigh an ghaoth ná na tinte. Tháinig na tinte chomh fada le bruachbhailte imeallacha Mhelbourne féin ach tháinig an lucht dóiteáin rompu. Thosaigh na póilíní ag comhaireamh na gcorp; bhí an t-arm ag déanamh stráicí cosanta sna coillte. Síltear gur dóiteánaithe a d’adhain cuid de na tinte agus gur líne chumhachta ba chúis le tine mhór amháin. Na daoine a tháinig slán níl acu ach a mbeo; tá luaith déanta de gach rud eile.
IARMHAIRTÍ Anois tá an díospóireacht ar siúl. Tá daoine éigin i bhfeirg leis na húdaráis agus barúil acu gur chóir i bhfad níos mó scrobarnaí a dhó roimh ré – ‘backburning’ (réamhdhóiteán) mar a thugtar air. Deir eolaithe éigin gur baoth an rud é na bailte scriosta a atógáil. Tá an rialtas chun iallach a chur ar dhaoine ábhar doloiscthe a úsáid agus iad ag tógáil tithe sa choill. Is fada na bruachbhailte féin ag brú amach faoin tuath agus iad i mbaol dá bharr. Deir na heolaithe go méadóidh ar an
teas agus ar an triomacht san am atá le teacht agus gur minic a bheidh an tír ar scoite lasrach arís. I ndeireadh na dála is cuid dhílis den Astráil í an tine. Bhaineadh na Bundúchasaigh feidhm aisti mar áis sheilge; cothaíonn sí na crainn eoclaipe fós agus iad ag brath uirthi chun a gcuid síolta a chur ag fás. Is féidir linn fíoch na lasracha a mhaolú, ach téann dínn é a shárú ar fad. Tiocfaidh na tinte arís mar a tháinig riamh, agus ní deacair an t-uafás a thuar arís.
*
www.nosmag.com 57
liosta imeachtaí
TR A U LN O CE LE EI IN Á N N A SC D A R FT CEOLNUA STUIF
Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Cuir d’imeacht féin sa liosta! Seol rphost chuig liosta@nosmag.com
R
STUIFF TRAD At First Light 17 Márta, 8in Custom House Square Béal Feirste 28 M árta, 8in An Droichead, Béal Feirste £10 (048) 90 288818 R-phost: eolas@androichead. com Club Chronáin Ranganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10in Ceol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in, €4 eolas@araschronain.com Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceist Cumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí
Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha Theas Aoine dheireannach den mhí Blasta Ceol beo agus craic den scoth, Tigh Madden, Béal Feirste, Déardaoin 26 Márta. Féach lch 51 le haghaidh tuilleadh eolais.
CEOL NUA Rasta Ruaidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Teach Uí Cheallaigh, Béal Feirste Club Dhaonphoblacht Féach www. peoplesrepublicofcork.com le haghaidh an eolais is déanaí ó Chontae na gCeannairceach.
SEACHTAIN NA GAEILGE ‘09 2-17 Márta 2009 Éire agus Idirnáisiúnta
Sonas Oiche cheoil, shiamsaíocht agus ragairneacht le Kila agus aíonna speisialta – an fear grinn Paddy Courtney ina measc. Deardaoin 12 Márta, 8in Vicar Street, BÁC, €25 www.ticketmaster.ie
EILE Cupán Tae ar son SnaG Dé Sathairn, 14 Márta, 11rn go 2in. Maidin caife in Ionad Pobail Droim, Co. Rós Comain. Fáilte roimh chách theacht isteacht agus sult a bhaint as an lá. www.drum.ie Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí www.cnocadoiri.com
Cearnóg Mhuirfean, BÁC. Saor in
aisce.
An Cabaret Craiceáilte ar cuairt Ócáid chlúiteach Ghaoth Dobhair ar fud na tíre le d, Bubba ipéa Is iomaí imeacht iontach atá ar siúl Mu athair le MC a - cuid acu thuas sa phríomhch lian mb i ilge Gae na ain Doiminic Mac cht Sea áin, linn Shakespeare, Máire Aine Ní Iarn tá: eile intí pho uaic mb na sc mea i s . luaite - agu Giolla Bhríde, Bríd Ní hIcí agus eile Odeon Bar, Sráid san l mal go 8in Dé Luain 16 Márta, Téada BÁC an Chonartha, BÁC. Fhearchair, Oíche spleodrach cheoil ag Club €10 Ticéid id ar fail ón gClub Aoine 13 Márta, 8.30in, €20, ticé 01 4751480, www.anclub.ie Ceiliúradh Ceiltí el, Gaillimh roimh Oíche mhór i gClub Árus na nGa e lzon Gae Lá Fhéile Pádraig pupadóireacht Greann, sorcas, lámhchleasaíocht, Dé Luain 16 Márta, 9in. gler agus Púca ie ó na Fanzini Brothers, Johnny Jug 091567824, conradh@bradan.iol. 12in go 6in ag Puppets. Domhnach 15 Márta ó
www.nosmag.com 59
EUOSASNB fógra nós*
AN POST: AN ÁIT: AN CÚRAM: AN PÁ: NA CRITÉIR:
AN POST: AN ÁIT:
Díoltóir Fógraíochta (Páirt/Lánaimseartha) Baile Átha Cliath Fógróirí a aimsiú agus fógraí a dhíol ar nós* agus ar nosmag.com Coimisiún amháin, % le socrú • Taithí chuimsitheach díolacháin nó céim tríú leibhéal • Gaeilge agus Béarla líofa, idir labhartha agus scríofa • Ard-scileanna cumarsáide agus taighde • Duine éirimiúil atá in ann oibriú de réir spriocanna agus as a stuaim féin • Modh féin taistil úsáideach
Baill arm nós* Náisiúnta agus idirnáisiúnta
AN CÚRAM:
nós* a chur chun cinn agus a phoibliú trí phóstaeir/ greamaitheoirí a chur in airde agus scéal na hirise a scaipeadh
NA CRITÉIR:
Daoine cairdiúla spraíúla a chreideanna i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga shnasta chomhaimseartha
Chun cur isteach ar na poist seo thuas, nó le breis eolais a fháil, seol rphost chuig eolas@nosmag.com
EUOSASNB 60 www.nosmag.com
glac síntiús linn LE SÍNTIÚS BLIANA: • Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí • Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise • Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*
subscribe now and put nós* in your hands!
ÍOC: • Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com • Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bosca) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go: nós* PO BOX 188 An tIúr/Newry BT35 5BA
Éire ¤40 / £36 Sasana, Alba, Cymru £40 An Eoraip ¤70 Cuid eile den Domhan ¤80
ainm / name: ........................................................................ seoladh / address: ................................................................................................................... ............................................................................................................................................................. ............................................................................................................................................................. RPHOST / EMAIL: .................................................................. www.nosmag.com 61
*
GO RAIBH MAITH AGAT AS SULT A BHAINT AS AN EAGRÁN SEO. BEIDH MUID ar ais I Mí aibreáin. WWW.NOSMAG.COM
* www.nosmag.com  63
* 64  www.nosmag.com