iris ghaeilge don nua-aois
graifítí glan amharclann ar leith ’dípholaitiú’ teanga Bealach nua ealaíonta le salachar a ní
Foirgneamh na n-ealaíon Bord Gáis
Iarracht ar bun faobhar a bhaint den ghluaiseacht
iúil 2013 | eag. 35
triúr ollamh
fรกilte
*
fáilte
cothromaíocht Chun go mairfeadh aon chultúr, nó aon ní sa saol seo le bheith ionraic, ní mór dó athrú de réir na haimsire. Má bhíonn pobal nó dearcadh nó modh maireachtála sáinnithe go daingean san am a d’imigh, gan bheith oscailte do na hathruithe atá ag tarlú thart air, ní fada ná geal an todhchaí atá roimhe. Ag an am céanna tá sé tábhachtach go dtuigtear cá háit as a dtagann muid, na heispéiris a mhúnlaigh na daoine a chuaigh romhainn agus atá dár múnlú go fóill. In amanna bíonn sé deacair an chothromaíocht sin idir an dá ghné seo a aimsiú ach is léir nach raibh an fhadhb sin ag na daoine atá ar chlúdach na míosa seo. Tá taithí na mblianta ag an phíobaire Feirsteach John McSherry bheith ag seinm ceol traidisiúnta ag an leibhéal is airde ar domhan agus anois tá sé ag meascadh na hoidhreachta sin le buillí comhaimseartha func sa togra nua, The Olllam. Léigh faoi istigh. Chomh maith leis sin tá léirmheas againn ar an dráma nua le Gearóid Ó Cairealláin, The Wheelchair Monologues; alt a chuirfidh ag smaoineamh tú faoi ‘dhípholaitiú’ na Gaeilge; critíc ar Amharclann Bord Gáis sa phríomhchathair agus blaiseadh de ghraifití atá glan agus Gaelach. Agus más suim leat féilte ceoil agus comhluadar leictreach, ná cáill comórtas iontach Electric Picnic atá á reachtáil againn in éineacht leis an Phuball Gaeilge. Bainígí sult as mí na gréine!
tomaí ó conghaile
nós 3
4 nós
an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.
faigh cóip Tá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Chomh maith le hairgead a shábháil, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 30.
eagarthóir Tomaí Ó Conghaile
rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Méabh Ní Thuathaláin, Caitlín Nic Íomhair, Dónall Mac Giolla Chóill, Frainc Mac Cionnaith, Ciarán Ó Brolcháin, Scott de Buitléir, Annalisa Antonini, Miguel Mendez, UggGirl
TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com
buíochas
*
Ceol
nós 5
Istigh Ceol The Olllam Léirmheasanna - Ben Ó Faoláin
an lár 6 10
Graifití glan Gaelach 16
gníomhaíochas
comórtas Electric Picnic 12
Dípholaitiú na Gaeilge Na Romaigh in Éirinn
ardán
Dearadh
Wheelchair Monologues
14
Amharclann Bord Gáis, BÁC
20 22
26
ceol
groove gaelach
Buailleann Caitlín Nic Íomhair leis an triúr fear a sheineann ceol “rac iar-snag nua-cheilteach”... The Olllam
*
8 nós
Ceol
N
í fada anois go mbeidh an bhuíon bhríomhar ceoil .the olllam. ag bualadh bhóithre na hÉireann agus iad ar a gcéad chamchuairt riamh. Cé nach bhfuil siad ag seinm le chéile ach le bliain anuas, tá albam eisithe acu cheana agus gradam bainte amach acu dá bharr. Ar ndóigh, ní iontas ar bith an rath sin nuair a chuimhnítear gurb é John McSherry, píobaire extraordinaire agus laoch an cheoil traidisiúnta, a bhunaigh an grúpa in éineacht le beirt Mheiriceánach, Tyler Duncan agus Michael Shimmin. Níl mórán traidisiúnta faoin cheol seo, áfach, ainneoin go bhfuil an fheadóg agus na píopaí lárnach ann. Leoga, tá .the olllam. chomh héagsúil sin gur deacair iad a lipéadú ar chor ar bith, ach is minic a chluinfidh tú an focal ‘groove’ luaite leo. Tugann siad “rac iar-snag nua-cheilteach” orthu féin agus iad idir shúgradh agus dáiríre. Is cinnte go bhfuil nuálaíocht shuntasach ag baint leis an cheol féin agus le cur chuige an ghrúpa, a bhíonn ag cleachtadh agus ag taifeadadh ar líne trí Skype. “Thóg muid an t-albam píosa ar phíosa; chuirinn giota chucu sna Stáit agus chuiridís ar ais chugam é le tuilleadh air, agus phléigh muid an scéal le chéile ar Skype,” a mhínigh John faoin chóras. Dá neamhghnách an cur chuige, níl tada amscaí faoin toradh, nó tá an t-albam s’acu, ‘.the olllam.’, thar a bheith snoite. Braitheann tú ag éisteacht leis an triúr seo gur tharla míorúilt bheag, gur bhain siad comhthuiscint nach coitianta amach agus bíodh an diabhal ag an aigéan eatarthu! Aithnítear an Feirsteach John McSherry mar dhuine de phríomhphíobairí an domhain agus níl aon chaill air ar an fheadóg ach an oiread. As teaghlach ceolmhar de chuid iarthar na cathrach, ba é John an duine ab óige a bhuaigh príomhdhuais phíobaireachta an Oireachtais riamh agus gan ach 18 bliain slánaithe aige. Ó shin, tá lorg eisceachtúil fágtha aige ar cheol na tíre seo idir traidisiúnta agus eile. Go deimhin, ba dheacair tradcheol na hÉireann a shamhlú dá uireasa. Tá an oiread sin comhoibre déanta aige gur dócha gur
“
chuala tú cheana é, i bhfios nó i ngan fhios duit féin, i bpáirt le leithéidí Shinéad O’Connor, Clannad, Coolfin agus The Corrs. Agus sin gan a chuid tionscadail féin a lua, ina measc siúd na grúpaí iomráiteacha Lúnasa agus At First Light, a d’eisigh a dhara albam, ‘Idir’, siar i 2011. Dála na laochra ceoil is mó, ní leasc le McSherry a chasadh féin a bhaint as a oidhreacht agus is cinnte go mbeidh dúil ag daoine in .the olllam. nach n-éisteann le ceol trad ar chor ar bith. “Is dream iomlán éagsúil a bheas ag teacht chuig gigeanna .the olllam.” a deir John liom, “daoine a bhfuil dúil acu i rac seachas i dtrad - tá vibe iomlán éagsúil leis seo”. Is fíor dó: tá rud an-éagsúil ar bun acu. Céimithe i snagcheol iad an bheirt as Detroit, agus bíonn siad ag ceol le chéile thall sa ghrúpa Millish (“Irish-jazz crossover”). Murar leor sin, bíonn Duncan ag plé le grúpa rac-rince fosta. Cén toradh atá an mheascán mearaí seo? “Rud inteacht idir Radiohead agus Planxty” a deir an suíomh, agus b’fhurasta dóibh dul amú idir an sean agus an saoithiúil, ach ní théann. Tá an tsimplíocht go mór chun tosaigh – ní theastaíonn aon mhaise ó thallann mar seo – agus thar aon ní eile braitheann tú gliondar na dtriúr, a gcroíthe istigh i gcumadh agus i seinm an cheoil. Is binn an toradh. Ná cailligí an deis iad a fheiceáil beo i rith an tsamhraidh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Shligeach, Gaillimh, An Caisleán Uidhilín, BÁC, Corcaigh, Luimneach agus Béal Feirste i mí Iúil. Beidh gig ar leith ar siúil cois cuain mar chuid den tsraith gigeanna Not So Trad, le seó solais ag tionlacan an cheoil: “beidh sé sin suimiúil - d’éist na healaíontóirí leis an albam agus chuir siad rud ar leith le chéile dúinn a bheas á thaispeáint tríd an gig.” Anois duit! Deasceál eile: ní fada anois go mbeidh siad ag díriú isteach ar an dara halbam: “agus an bheirt ar ais in Éirinn, tosóidh muid á scríobh agus déanfaidh muid é a thaifeadadh ar líne arís. An cineál vibe céanna a bheas ann.” Idir an dá linn, gheobhaidh tú réamhbhlaiseadh d’iontaisí mhí Iúil ar an suíomh s’acu, www.theolllam.com. Groove Gaelach abú!
Thóg muid an t-albam píosa ar phíosa; chuirinn giota chucu sna Stáit agus chuiridís ar ais chugam é le tuilleadh air, agus phléigh muid an scéal le chéile ar Skype... an toradh deiridh air ná rud inteacht idir Radiohead agus Planxty John McSherry
léirmheasanna ceoil
10 nós
Come On Live Long - Everything Fall
bhfuil amhrán maith scríbhte fós acu” a bhronnadh ar Come On Live Long. Go mairfidh siad.
live long
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Swindle - Long Live The Jazz Deep Medi Musik
Tá 11,209 leantóir ag Come On Live Long ar Soundcloud. Is mó é sin ná an méid daoine a bheifeá in ann brú isteach i Whelans BÁC, an Róisín Dubh i nGaillimh, Dolan’s Luimní agus an Pav i gCorcaigh le chéile in aon am amháin. Is mór an líon é, go háirithe do ghrúpa Éireannach a bhfuil ar tí a albam début a chur ar an margadh. Nil ach 1,512 leantóir ag Lisa Hannigan (níl cúntas Soundcloud ag Damien Rice). Cén chiall an féidir a bhaint as na figiuirí seo? Go bhfuil duine PR iontach ag Come On Live Long? Go gcaitheann Lisa Hannigan formhór a cuid ama i mbun cumadóireachta, nó ag imirt tiddly winks, seachas ar an ríomhaire i mbun féinbholscaireachta? Go bhfuil Damien Rice ina Luddach leisciúil? Deacair a rá gan feáchaint ar na figiúirí Facebook, ach fágfad sin mar atá. An pointe ná go bhfuil Come On Live Long thar a bheith éifeachtach, agus tá an méid sin fíor i gcás ceol an ghrúpa freisin. Seo an ceirnín is dea-léirithe a chloisfidh tú ó ghrúpa Éíreannach i mbliana, agus tá gach seans go mbuafaidh sé duais cheoil Choice. Tá gach rud san áit ceart, fuaim Come On Live Long ina mélange de indie-rock agus folktronica atmaisféarach leis an mbeirt amhránaí, Robert Ardiff agus Louise Gaffney, ag roinnt véarsaí agus armóintí thar a bharr ar nós Win Butler agus Régine Chassagne Arcade Fire, nó Lisa Hannigan agus Damien Rice tráth den saol. Mórthaibhseach, snasta, ceardúil, sea. Ach corraitheach? Níl, ná baol air. Tá na hamhráin seo lofa le clíchéanna agus níl brí le ping-pang stíle Come On Live Long. Is deacair muinín a bheith agat as amhránaí a athraíonn blas a ghloír ó amhrán go hamhráin, mar a dhéanann Ardiff ar uairimh. Laigeacht criticeoirí na tíre seo ná coróin a chur ar ghrupaí leathmheasartha. Más fíor nach bhfuil aon rud agus droch-phoiblíocht ann, ní mór onóir amhrasach “an ghrúpa is fearr in Éirinn nach
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Láithreoir an chláir grimecheol Butterz ar Rinse FM Londain, tá Swindle tar éis dornán beag ceirníní dó-dhéag nórlach a eisiúint ar lipéid mar Butterz agus Deep Medi Musik le gairid a léiríonn go bhfuil sé tar éis a stíl cheol chrosíolrach fhéin a fhorbairt as meascán de gnéithe grime, dubstep agus snag-sheol. Fuaim theann fhuinniúil í, lán d’alpanna móra jazz-funk i stíl George Clinton agus Herbie Hancock táthaithe le rifeanna brúidiúla grime. Ábhar iontach don dj, gan dabht, ach beagáinín ró-fhoirmleach mar ábhar albaim. Tuigeann Swindle é sin, is léir. Cé go bhfuil singilí móra mar ‘Forest Funk’ agus ‘Do The Jazz’ i láthair tá níos mó i gceist le ‘Long Live The Jazz’ ná pléascóga don úrlár rince. Tá dath an aman-cheoil agus an func-cheoil ar fiú na buillí is tréinne ar ‘Long Live The Jazz’. Roy Ayers don ndordghlúin é an ‘When I Fly’ uailmhianach mín, agus tá tionchar func-tógra ZAPP Roger Troutman sa phróiseáil armónach a bhfuil déanta ag Swindle ar a ghlór fhéin ar amhráin mar ‘Pledge Allegiance’ agus ‘Keep Me Warm’. Tá leochaileacht agus ionracas ar leith ag baint le ‘It Was Nothing’, adhmháil mhídhílseachta chaointeach a chuirfeadh saothar Vector Lovers i gcuimhe duit - agus an t-aon rian ar an albam nach bhfuil blas an dordcheoil ar. Tá fíorcheol grime sráide ann leis, i bhfoirm an ‘Ignition’ trodach i dteannta MC Footsie agus Nadia Suliman, chomh maith le fuaimeanna broken beat i dtraidisiún Bugz In The Attic (‘Kick It’) agus Zed Bias/Maddslinky (an ‘Last Minute Boogie’ ilchruthach). Tá samhlaíocht agus dúthracht neamhgnách ag baint le ‘Long Live The Jazz - níl éinne ach Swindle ag cruthú ceol díreach mar é faoi láthair.
*
Ceol
Fat Freddy’s Drop - Blackbird the drop
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Rialta gan a bheith minic (ar nós lá breithe Zig & Zag), saolaítear albam nua do Fat Freddy’s Drop na Nua Shéalainne tuairim agus gach ceithre bliana. Ócáid ar leith é d’éinne gur imir début an ngrúpa, ‘Based On A True Story, deismireacht orthu siar i 2005. Ar nós sean-chara tá fáilte i gconaí roimh Fat Freddy’s Drop filleadh le dreas úr do n-a meascán mínaofa de cheol dioscó, dub, blues, soul agus func leictreonach. Tá an lonndubh tar éis túirlingt díreach in am an babhta seo; is ceol é seo d’oícheanta brothallacha samhraidh, ceol a mhoillíonn rothlú an Domhain ábhairín. Mar a chanann Joe Dukie ar ‘Soldier’, “sit back, relax and enjoy the show”. Cad é mar seó! Tosnaíonn ‘Blackbird’ le sampla de drumadóireacht Iamácach nyabinghi, roimh do nótaí pléascánacha práise séideadh isteach thar dord-líne iontach fánánach. Taobh níos dorcha de Fat Freddy’s Drop é, téama paranóideach ‘Spying Glass’ le Horace Andy & Massive Attack agus íomháineachas ‘Black Roses’ Barrington Levy fite fuaite lena chéile in amhránaíocht leochaileach Joe Dukie. Gnó Fat Freddy’s mar is gnáth é ‘Russia’ - amhrán mór ramhar misniúil reggae snagcheolúil dóibh siud go bhfuil fonn orthu sceainceáil tríd an saol. Léamh dord-trom ar oidhreacht Al Green é ‘Clean The House’, ach is nuair a thosnaíonn léiritheor an ghrúpa, Chris “Mu” Faiumu, ag gabháilt do bhuillí agus fuaimeanna níos tréinne ceolta dioscó agus house a bhaineann ‘Blackbird’ faoileitilt ceart amach. Port iontach dub-func leictreonach gread-cosach é ‘Silver & Gold’ agus lúbann ‘Never Moving’ glór tláithbhinn Joe Dukie timpeall ar phort dioscó-house mall aigéadach. Ard-phointe an albaim ná ‘Mother Mother’, rian mór eipiciúil a dhéanann eilimintí afro-beat agus anamcheol gaspail a láibhseáil go samhliúil is go slachtmhar thar chreatlach dub-house leictreonach leithéid léiritheoirí Eorpacha mar Trickski agus Solomun. Deir Fat Freddy’s Drop féin go bhfuil ‘Blackbird’ níos dílse dá bhfís cheoil ná haon cheirnín uathu go dtí seo.
nós 11
Ní raibh éinne ag súil, ná ag lorg fiú, go sáródh Fat Freddy’s Drop a gceirnín début iontach, ach b’fhéidir go bhfuil amhlaigh déanta acu. Nósfaidh a thuilleadh éisteachta.
Ceoltóirí Éagsúla - Mirror To The Soul soul jazz
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Cad é seo, go díreach? Sciuirdturas ceoil tríd an Mhuir Chairib é an bailiúchán ollmhór seo de cheol mambo, reggae, jump-up, salsa agus calypso ón dtréimhse 1955-77, ag tuirlingt i gCúba, Iamáice, Oileán na Tríonóide, Puerto Rico agus na Báhamaí. Nuacht-scannáin aisteacha na comhlachta British Pathé, atá le feiscint ar an DVD fáisnéise iontach ‘British Pathé In The West Indies 1920-70’ a bhfuil mar chuid den pacáiste seo, a spreag rogha ceoil an tiomsaitheora, Stuart Butler. Ní seoid neamhaitheanta atá le fáil ar ‘Mirror To The Soul’ ach rianta móra an lae sa tréimhse úd; rogha na ndaoine ag an am. Más spéis leat, mar sin, cén cheol a chuir daoine ag rince sna Báhámaí i 1956, nó sa Ghuain i 1974, éist le ‘Nassua Cha Cha’ ar mire le Andre Tousssaint agus ‘Saturday Night Reggae’ scaoilte le Mark Holder, faoi seach. An bhfuil aon mhaith ann? Ó afra-func crua Russ Henderson (duine acu siúd a bhí freagrach as Carnabhal Notting Hill a bhunú siar i 1966) go calypso spleodrach Duke Of Iron (‘Calypso Invasion’) go mambo misniúil Bebo Valdes (‘Mambo Caliente’) is bailiúcháin breá súiteánach ilchineálach é ‘Mirror To The Soul’. Dílis d’ainm an chnuasaigh tá meon mhuintir na nIndiacha Thiar agus iad ag druidim i dtreo deireadh na himpiriúlachais le clos sa cheol ar uairimh - bíodh Síle chaoch á dhéanamh de Bhanraíon na Breataine ag Lord Brynner ar ‘The Queen Sings Calypso’, nó an imirce faoi chabaidil ag Edmundo Ros ar ‘London Is The Place For Me’. Tá blas deasghnáthaíoch ar phiosaí mar ‘Chango’ Celia Cruz agus ‘Way Back Home’ Count Ossie & Mystic Revelation Of Rastafarí agus na ceoltóirí imithe ar thóir a hoidhreacht Afracach. Laigí? Tá claonadh ró-mhór i bhfábhar cheol Chúba, ach is beag eile a bheadh mar chúis ghearáin agat anseo. An breithiúnas? Fuaimeanna móra ó oileáin bheaga!
*
Ceol
Com贸rtas
Ar mhaith leat dul go dt铆 an Phicnic Leictreach?!
*
comórtas
Ticéidí deireadh seachtaine le buachan i gcomhpháirt leis 'An Puball Gaeilge' Spraoi leitreach sa Phuball Gaeilge leis na Dirty 9s, Colm Mac Iomaire, Kíla, An Cabaret Craiceáilte... Bannaí móra domhanda ar nós na Arctic Monkeys, Bjork, Fatboy Slim, Robert Plant, Two Door Cinema Club, Kodaline, My Bloody Valentine, Wu-Tang Clan, Ellie Goulding, Little Green Cars, Billy Bragg, Braids... Beidh na sluaite ag tarraingt ar an Sráidbhaile, Co. Laoise, 30 Lúnasa – 1 Meán Fómhair le héisteacht leis na ceoltóirí iontacha sin ag an tsárfhéile cheoil Electric Picnic, agus d’fhéadfá féin bheith ina measc! Tá NÓS ag reáchtáil comórtais i mbliana i gcomhpháirt leis ‘An Puball Gaeilge’ agus tá dhá thicéad deireadh seachtaine le buachaint ag duine amháin. Cad atá le déanamh agaibh le bheith san iomaíocht don duais iontach seo? Bhuel tá muid ag iarraidh oraibh grianghraf suimiúil a ghlacadh díbh féin agus sibh ag léamh NÓS in áit ar leith. Cuir NÓS chun cinn sa phobal agus glac pic de! D’fhéadfadh sibh bheith i lár Shráid Graffton, ar bharr Chorrán Tuathail nó ar bhád sa Chairib. Ansin níl le déanamh ach an grianghraf a uaslódáil ar leathanach Facebook NÓS nó é a sheoladh chugainn ar Twitter @nosmag nó é a chur chuig comortas@nosmag.com Roghnófar buaiteoir amháin as na hiontrálacha ar fad a chuirtear chugainn roimh 16 Lúnasa. Ádh mór!
nós 13
14 nós
ardán
The Wheelchair Monologues Gearóid Ó Cairealláin – Aisling Ghéar Féile Pick ‘n’ Mix, The Mac, Béal Feirste 15-16 Meitheamh 2013
T
á cinnteachtaí áirithe sa saol seo, mar atá go príomha bás agus cánacha. Ach tá cúpla cinnteacht eile a d’aimsigh mé féin sa saol chomh maith, ina measc: go bhfostaíonn Translink á gcuid tiománaithe ar bhonn scála sochapatach, is é sin ab airde ar an scála gurbh amhlaidh gur minice ar mo shlí bus féin iad ag tiomáint; gur chóir i gcónaí téacs a scríobhadh le ‘predictive text’ a sheiceáil sula seoltar é; go rachaidh stocaí ar seachrán sa turas gearr dhá shlat nó mar sin idir an t-inneall níocháin agus an t-inneall triomaithe – agus ní na stocaí ‘cúig phéire ar £2.99 ó Primark’ ach na cinn strioptha ildaite sin a cheannaigh tú samhradh amháin faoi thionchar na gréine – agus go mbeidh tú i gcónaí fágtha le stocaí aonair corra nach féidir a nascadh lena chéile le péire a chruthú.
Léirmheas le Dónall Mac Giolla Chóill
Cuireadh in iúl dom ar na mallaibh dhá chinnteacht eile; gur annamh a dhéanann daoine gearrán faoi ghiorracht agus ná gonntacht dhá rud ar leith; aitheasc polaitiúil agus dráma. Gearóid Ó Cairealláin a dúirt an méid sin liom nuair a bhí sé ag tagairt dá sheó aonair nua, The Wheelchair Monologues, a bheadh, dar leis, ceathrú uaire ar fhad. Saothar sa tsiúil atá anseo aige, mar pháirt den Fhéile Pick ‘n’ Mix i mBéal Feirste. Féile í seo a thugann deis nua-shaothair a chur os comhair lucht féachana feiceáil faoi na féidearthachtaí an léiriú a fhorbairt ina sheó iomlán. Cúig bhomaite dhéag de shaothar eagraithe agus curtha i láthair mar ullmhúchán ar léiriú níos faide a bheas á nochtú i bhfómhar na bliana seo.
*
ardán
Ardán den scoth a bhí anseo don saothar úr seo ó pheann Uí Chairealláin, agus mír ullmhaithe agus léirithe aige féin, ag déanamh cur síos ar thaithí s’aige bheith sáinithe i gcathaoir rotha ó bhí 2006 ann, an bhliain a fuair sé bás. [Nód anseo don eagarthóir an líne sin a choinneáil mar atá, agus nód don léitheoir nach eagarthóireacht sloppyáilte atá i gceist anseo, sin díreach an líne mar a scríobhadh é: an bhliain a fuair sé bás.] Mar a d’inis Gearóid an scéal os comhair lucht féachana breá ar an Satharn agus an Domhnach sin i Meitheamh, fógraíodh a bhás dá theaghlach agus níos moille an lá céanna don phobal i gcoitinne ar Nuacht an Mheánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i ndiaidh gur bhuail stróc tubaisteach é. Agus socruithe tórraimh á réiteach agus slán fágtha leis, chuaigh Gearóid féin i mbun a aiséirí. De réir cosúlachtaí níor pléadh a bhás leisean agus ní raibh sin mar phlean aige féin. Tá daoine ann a bhaineann úsáid as an fhocal míorúilt chomh minic sin is go bhfuil díluacháil de chineál déanta ar an fhocal céanna, ach is saghas míorúilte é seo nuair a fheiceann tú fear ar an ardán – i ndiaidh sós deich mbiana agus haemoragic stroke – ag inse scéil chomh pearsanta, chomh tochtach, ach ag an am céanna chomh greannmhar. Sea, d’éirigh le Ó Cairealláin agus é i mbun scríobh an píosa seo, míreanna greannmhara a aimsiú, ach iad chomh bog, in amannta chomh ciúin sin, nár sheas siad amach láithreach, ach d’imir ar mhothúcháin an lucht féachana. D’aimsigh gach píosa grinn a mharc agus bhí gáire ag teacht ón slua, i lár scéil a bhí tochtmhar in amannta. Chuir Gearóid a sheanchara Micheál in aithne dúinn, Micheál, a chathaoir rotha, mar a mhínigh sé féin; “bhuel thug mé Micheál air ar chúis mhaith, in ómós do Mhicheál
Ó Coileáin, because he helped me to achieve a measure of independence, with full independence to come later on.” Mhínigh sé in am gairid go leor de na heachtraí a bhain leis sna luathlaethanta agus é ag dul i dtaithí ar an mháchail seo a bhí fághta ar chorp a bhíodh gníomhach luafar i gcónaí roimhe seo. Cuireann Ó Cairealláin os ár gcomhair na spríocanna atá aige, na mianta a bhaineann leis an todhchaí, agus mothaíonn tú ó gach siolla buíochais go bhfuil ann dó go fóill agus go bhfuil sé go fóill gníomhach, a bhuíochas do bheirt, Micheál, a chathaoir agus Bríd, a bhean chéile. Bríd Ó Gallchóir, céile Ghearóid, agus stiúrthóir an Chompantais Amharclainne Aisling Ghéar a stiúraigh an mhír seo, agus ghlac sí féin páirt i dtráth na gceist ina dhiaidh, ag cur síos ar chuid den phroiséas, cuid den saothar atá i gceist lena leithéid a thabhairt ar ardán. Péire maith iad i mbun oibre, agus aisteach go leor seo an chéad uair aici Gearóid a stiúradh le deich mbliana anuas. Cothrom an ama chéanna deich mbliana ó shin a sheas Gearóid ar ardán an uair dheireanach i léiriú eile de chuid Aisling Ghéar, nuair a rinne siad an dráma Mandragola. Maidir leis an chomhairle sin a fuair mé ó Ghearóid faoi dhaoine bheith ag gearán faoi ghiorracht dhráma, bhí an lucht féachana fágtha i ndiaidh cearthú uaire agus fonn tuilleadh orthu ach, le hiasacht a bhaint as an Mhicheál Ó Coileáin thuas luaite, le léiriú níos faide, níos iomláine, to come later on. Beifear ag fanacht go fonnmhar, mífhoighdeach air sin, go cinnte. Agus le líne a ghoid ó Ghearóid a fuair sé féin ar iasacht ón Bhleachtaire Colombo; díreach rud amháin eile, just one more thing; tá mé i ndiaidh an stoca strioptha fánach sin a aimsiú, ach cár fhág mé a leathchúpla?
nós 15
*
18 nós
Ceol
graifítí, droim ar ais Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Is é atá i gceist le ‘Reverse Graffiti’ ná nuair a ghlantar salachar den talamh nó de bhalla chun íomhá a chruthú. Graifítí éiceolaíoch nó ‘droim ar ais’ atá ann a dhéantar le píobán uisce agus teimpléad nó díreach le do lámha. Anois tá an nós seo á Ghaelú ag muintir na Cultúrlainne i mBéal Feirste le frásaí Gaeilge cruthaithe acu thart ar an fhoirgneamh. ‘Tóg go bog é!’, ‘Cad é an scéal?’, agus ‘Tabhair dom an cáca milis!’ na ráitis atá le feiceáil. Is breá linne an smaoineamh agus tá súil againn a thuilleadh a fheiceáil ar fud na tíre go luath! Grianghraif: Frainc Mac Cionnaith
20 nós
gníomhaíochas
‘Dípholaitiú na Gaeilge’ le ciarán ó brolcháin
A
r na mallaibh tharla mé ar thaifead ó chomhdháil eagraithe ag an Community Relations Council ar cheisteanna ionannais agus imris. Mar chuid den chomhdháil seo thug an t-iriseoir Fionola Meredith caint ar chúrsaí Gaeilge. Anois níl a fhios agam an bhfuil mórán bainte ag Fionola le saol na Gaeilge, ach mar liobrálach meánaicmeach níorbh aon ábhair iontais é go raibh sí ag caint ar cé chomh maith a bheadh sé dá dtiocfadh linn an teanga a scarúint ón pholaitíocht. Chuir sin mé ag smaoineamh ar fhairsinge na hargóinte seo le blianta beaga anuas. Beidh cuimhne ag na seanfhondúirí go raibh ‘dípholaitiú’ na teanga ina ábhar mór sna 1980í, ach le teacht na dispeansáide úire agus an Stormont Nua, tá beocht curtha ar
ais ann arís. Dá scarófaí an teanga ón pholaitíocht, a deirtear, bheadh spás ann don teanga sna Sé Chontae Nua. Má chuireann muid béim ar an dea-chaidreamh thar aon ní eile, bhuel ansin beidh spás ann cinnte dóibh siúd ar mhian leo foghlaim faoi logainmneacha agus sloinnte Gaelacha agus oidhreacht na Gaeilge go ginearálta. Spás siombalach, níl fadhb ar bith leis sin. Ach cad é a chiallódh sin dúinn a bhfuil sé de rún againn an teanga a athbheochan mar theanga labhartha i measc an phobail? Cá háit a mbeidh cairde liobrálacha seo na teanga má thosaíonn muid ag cur éileamh ar an stát? Tá taithí éigin againn air seo cheana féin. Is minic a dhéantar a mhór de na máithe móra Protastúnacha agus
Oráisteacha a bhí páirteach i gConradh na Gaeilge sna luathlaethanta, nuair a bunaíodh an eagraíocht i mBéal Feirste in 1895. Den chuid ba mhó bhí suim acu sa teanga agus sa chultúr mar iarsma de sheanré a bhí imithe. Níor bhac cuid acu leis an teanga a fhoghlaim fiú. Ach níorbh fhada go raibh an Conradh i mbun feachtasaíochta go náisiúnta chun an teanga a athbheochan. D’eagraigh siad ranganna oíche agus d’éiligh siad ón stát go mbeadh ról ag an Ghaeilge sa chóras oideachais, agus níos mó. De réir a chéile d’imigh na maithe móra leo, agus d’imigh siad i bhfad roimh 1915 nuair a ghlac an Conradh le rún an Phiarsaigh ar an dlúthcheangal idir Éire a Ghaelú agus Éire a shaoradh. Tá daoine ann a bhfuil suim acu
*
gníomhaíochas
“
nós 21
Is ionann ‘dípholaitiú’ na Gaeilge agus an teanga a chomhshamhlú isteach i dtionscadal na Sé Chontae Nua – rud atá chomh polaitiúil céanna.
sa Ghaeilge mar ábhar ársaíochta, a chuireann suim sna logainmneacha nó i bhfinscéalta Fhionn Mhic Chumhaill agus araile. Tá díograiseoirí ann a bhfuil an teanga mar chaitheamh aimsire acu, a chaitheann leis an Ghaeilge mar a chaithfeadh duine le bailiú stampaí nó le mionsamhlacha traenach. Is rud é ar féidir leo déanamh leo féin nó i ngrúpaí beaga, agus ní chuireann siad isteach ar éinne. Cothrom na féinne dóibh, ach dúinn ar gníomhaithe muid, ní mór dúinn dul i ngleic leis an pholaitíocht. Gan trácht ar cheisteanna móra an díchoilíneachais agus athghabháil na hÉireann, níl easpa ábhar ann ar chóir don phobal s’againn bheith dár n-eagrú féin le dul i mbun feachtasaíochta faoi. Bíodh sin an bus a bhfuil Coláiste
Feirste go fóill ag fanacht air ón Roinn Oideachais. Bíodh sin bunú Ghaelscoileanna nua, agus aitheantas agus maoiniú ceart a fháil don earnáil. Bíodh sin an troid in éadan an Phéindlí dheiridh – an cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna. Bíodh sin an cosc ag an Roinn Fhiontraíochta ar chomharthaí dátheangacha i ndeisceart an Dúin. Bíodh sin an gá le fíorfhorbairt ón Roinn Chultúir – acadamh nó straitéis teanga chun go dtiocfadh le saineolaithe sochtheangeolaíochta dul i mbun pleanáil teanga don chéad uair i stair an stáitín seo. Níl a fhios agam an mbeidh ár gcairde liobrálacha sásta teacht linn ar an turas seo. Ach bealach amháin nó bealach eile, bímis airdeallach ar na gaistí atá os ár gcomhair. Le déanaí d’fhoilsigh an Coiste
um Riaradh an Cheartais (CAJ) tuairisc a dhearbhaíonn go bhfuil an stát agus áisíneachtaí éagsúla ag úsáid an deachaidrimh mar ghléas le bac a chur ar dul chun cinn na Gaeilge. Sna 1980í, b’ionann ‘dípholaitiú’ na Gaeilge agus poblachtánaigh a choinneáil amach – rud a bhí iontach polaitiúil ann féin. Inniu, is ionann ‘dípholaitiú’ na Gaeilge agus an teanga a chomhshamhlú isteach i dtionscadal na Sé Chontae Nua – rud atá chomh polaitiúil céanna. Níl spás don teanga sa tionscadal seo ach mar shiombal. Ná ligimis dóibh dearmad a dhéanamh áfach gur teanga bheo atá sa Ghaeilge go fóill, teanga a bhfuil sé de rún againn a láidriú agus a leathnú. Chun sin a bhaint amach mar phobal, beidh misneach de dhíth orainn.
22 nós
*
gníomhaíochas
*
gníomhaíochas
nós 23
isteach ón imeall Ní mór don tsochaí i bhfad níos mó a dhéanamh chun cabhrú leis an bpobal Romach, in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Focail le Méabh Ní Thuathaláin
T
á tinneas fiacaile ar Abel, buachaill óg 8 mbliana d’aois a tháinig ón Rómáin go Béal Feirste dhá bhliain ó shin lena mhuintir. Is Romaigh iad, an mionlach eitneach is mó agus is imeallaithe san Eoraip. Níl uimhir chúram sláinte ag Abel, rud a chiallaíonn nach bhfuil fáil aige ar sheirbhísí a mbeadh an gnáthshaoranach de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal. Tiocfaidh athrú air seo i mí Eanáir 2014 áfach, agus cuirfear deireadh leis na bacanna oibre atá ar shaoranaigh ón Romáin agus ón Bhulgáir nár bhog ar an cheist chéanna féin, an Ríocht Aontaithe ina measc. Beidh muintir na Rómáine agus na Bulgáire ábalta cónaí agus obair áit ar bith san AE , de réir an dlí, rud a chiallaíonn go mbeidh fáil acu ar
fhostaíocht, ar sheirbhisí sláinte, ar thithíocht agus ar oideachas. I gcás mhuintir Abel, áfach, beidh sé thar a bheith deacair orthu na cearta seo a bhaint amach. Tá imní ag ardú i measc polaiteoirí de chuid iarthar na hEorpa le tamall anuas mar gheall nach bhfuil siad ag iarraidh go dtiocfaidh borramh mór ar líon na n-imirceach. Imní gan bhunús é seo i bhfianaise thaithí na dtíortha a d’oscail a margaí oibre cheana féin. Tá an margadh oibre focsailte do mhuintir na Romáine agus na Bulgáire sna 26 contae ó bhí mí Iúil 2012 agus níor tháinig mórphlodú isteach ó shin. Maidir le daonra na Romach in Éirinn, níl statisticí cruinne ar bith ann, rud atá amhlaidh i dtíortha ar fud na
*
24 nós
gníomhaíochas
hEorpa ach meastar go bhfuil timpeall 5,000 Romach ina gcónaí sna 26 chontae agus tuarim is 2,000 sna sé chontae agus is Romaigh Rómánacha a bhfórmhór acu siúd. Ach ar tháinig feabhas ar bith ar chás na Romach sa Phoblacht ónár leathnaíodh an marghadh oibre amach? Is céim chun tosaigh é, dar le Jennifer DeWan ó Nasc, eagraíocht a oibríonn ar son na dteifeach in Éirinn, ach tá leithcheal structúrtha go fóill i réim ag leibhéal an stáit agus tá contstaicí eagsúla, moilleadóireacht agus neamhaird ar pholasaithe an AE uilig ag cur bac ar an phobal Romach fostaíocht, tithíocht, oideachas agus cúram sláinte á rochtain. Ar an talamh, tá ciníochas agus imeallú i réim agus easpa dul chun cinn i dtaobh lánphairtíocht na Romach. I mBéal Feirste, tá an pobal Romach níos leochaillí ná mar atá siad ó dheas, go dtí mí Eanaír seo chugainn cibé. I gcás Abel agus an tinneas fiacaile mar shampla, fuair muid amach i ndiaidh roinnt glaochanna go raibh clinic ann i lár na cathrach a dtiocfadh le Abel freastal air gan uimhir chúram sláinte. Seo teaghlach nach bhfuil Béarla acu leis an choinne a shocrú sa chéad áit ná an t-airgead acu don turas isteach agus amach go lár an bhaile. Cuireann Abel agus a mhuintir immircigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe i gcuimhne dom aimsir an Ghorta Mhóir. Dream leochailleach a bhí iontu gan teanga an mhórphobail, gan oideachas. Caitheadh leo mar ghrúpa fodhaonna, dream a bhí iontu a bhain le cóiriúlacht agus déircíneacht. Seo díreach mar a chaitear leis na Romaigh ar fud na hEorpa sa lá atá inniu ann. Ach áit ar éirigh leis na hÉireannaigh imeascadh leis na Méiriceanaigh, níor éirigh leis na Romaigh go fóill. Tá an ciníochas beo, agus é dhá
oiread níos measa. Tá ciníochas mar chuid den taithí saoil atá ag Romaigh a théann i bhfad siar. Sa lá inniu, déantar ionsaithe orthu, díbrítear iad ó bhailte, ó chathracha agus bruitear isteach i ngettos iad fud fad na hEorpa. Faoi Sarcozy, dhíbrigh rialtas na Fraince os cionn míle Romach as an Fhrainc in 2010 agus bhí na cleachtais seo in úsáid ag Berlusconi san Iodáil roimhe sin fiú. Cé nach raibh aon bhaint ag an stát leis, tharla amhlaidh i mBéal Feirste in 2009, nuair a rinne grúpa naitsíoch, a ghníomhaigh faoin ainm Loyalist Combat 18, ionsaithe ar thithe a raibh romaigh ina gcónaí iontu i ndeisceart Bhéal Feirste. D’fhág os cionn céad Romach an uair sin chun pilleadh ar an Rómáin. Tá géarleanúint agus imeallú - nó ‘Antiziganism’, ciníochas atá dírithe ar Romaigh - ann ó bhí an 13ú haois agus is cinnte go gcuireann an taithí seo leis an oileánachas agus leis an easpa lánphairtíochta a luaitear le Romaigh sa lá atá inniu. Ag léibheal na hEorpa, tá brú ar thíortha ó 2010 polasaithe a chur i bhfeidhm le dul i ngleic le himeallú sóisialta agus eacnamaíochta an mhionlaigh áirithe seo, cé go n-admhaíonn an Coimisiún Eorpach nach bhfuil polasaithe láidre á ndréachtú ag na baill stáit a théann i ngleic leis an
cheist. Leagadh síos creat do thíortha an Aontais Eorpaigh chun straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach a fhorbairt in 2011 agus tá go dtí 2020 acu leis an phlean a chur i bhfeidhm. Níl aon mhaith sna stráitéisí afách, dar le DeWan, muna dtagann athrú ar an sochaí i gcoitinne. I mBéal Feirste, ceithre bliana ar aghaidh ó rinneadh ionsaithe ar na Romaigh, tá fórmhór de phobal na Romach bruite isteach i ngetto de mhic léinn i gceantar darb ainm ‘The Holylands’ i ndeisceart na Cathrach, i dtithe iláitithe nach bhfuil fóirsteanach do theaghlaigh. Tá grúpaí pobail ag obair ar an talamh chun proifíl agus stadás na Romach a ardú ach tá muid i bhfad ón staid gur féidir linn a rá go bhfuil Romaigh páirteach sa phobal, go bhfeiceann siad an tairbhe a bhaineann le bheith ina gcónaí anseo, go bhfeiceann siad an tábhacht atá le hoideachas agus le fostaíocht. Is fríd an phróiseas seo a bheas Romaigh ábalta a mbealach a dhéanamh isteach ón imeall. Tuilleamh eolais: Nasc Ireland www. nascireland.org ‘In From the Margins’, tuairisc a dhíríonn ar an leithcheal struchtúrtha atá a dhéanamh ar phobal na Romach in Éirinn.
36 Beidh Eagrán 36 de NÓS amuigh sa chéad seachtain de mhí Lúnasa... agus is eagrán speisialta a bheas ann. Cén fáth, a deir sibh? Bhuel, mar go mbeidh sé ar an chéad uair riamh a mbeidh an iris ar fáil go forleathan i siopaí Eason fud fad na tíre. Eagrán lán atá á bheartú againn chomh maith, leis na ceannródaithe ceoil, Bréag, ar an chlúdach. Coinnígí súil amach dó!
26 n贸s
dearadh
*
dearadh
r茅alta sa chathair
n贸s 27
*
28 nós
dearadh
Breathnaíonn Scott de Buitléir ar cheann de na tionscnaimh is nuálaí in ailtireacht reatha Bhaile Átha Cliath.
Cé go bhfuil stair shaibhir ailtireachta ag ár bpríomhchathair cheana féin, tá ré nua le feiceáil i mBaile Átha Cliath anois, go háirithe i ndiaidh tréimhse an Tíogair Cheiltigh. Mar aon leis na sean-seoda atá ann le fada, tá líne nua ailtireachta ann don nglúin úr: an tIonad Comhdhála ar an tuaisceart, droichead Samuel Beckett, Staid Aviva sa deisceart agus sa lár eatarthu, tá Amharclann Bhord Gáis. Anois trí bliana ar an bhfód i mí Mhárta na bliana seo, is cinnte go bhfuil an Amharclann ina seod sa choróin nua ar an bpríomhchathair. Cé nár osclaíodh í go dtí 2010, tháinig an smaoineamh chun solais le hamharclann nua a thógáil i 1992, nuair a thug Mike Adamson (iar-phríomhfheidhmeannach an Point Depot, mar a bhíodh) faoi ndeara go raibh éileamh ann d’ionad imeachta eile sa chathair. Níor tháinig aon fhorbairt ar an smaoineamh sin go dtí 2003, nuair a bhí Údarás Forbartha Dhugthailte Átha Cliath ag iarraidh foirgneamh as an ghnách a thógáil sa cheantar, foirgneamh a bheadh mar shiombal d’athbheochan na nDugthailte. D’iarr siad ar an ailtire clúiteach Daniel Libeskind amharclann a dhearadh dóibh, amharclann a spreagfadh beocht úr sa cheantar seo. Tá cáil faoi leith ar Libeskind go hidirnáisiúnta agus lena chuid saothar ar fud na hEorpa, na hÁise agus Mheiriceá, bheadh togra na hamharclainne nua in Éirinn faoi chúram maith aige. Tá coincheap faoi leith i bhfeidhm leis an amharclann a dhearaigh Libeskind; trí stáitse atá ag teacht le chéile. Araon leis an stáitse fisiciúil a bheadh ann (bheadh sé aisteach amharclann a thógáil gan stáitse!), bheadh dhá stáitse eile ann; stáitse Chearnóg na Canálach Móire agus stáitse an forhalla atá ann os comhair na hamharclainne féin. Idirghníomhaíocht a bhí i gceist le Libeskind leis an gcoincheap seo; is annamh cearnóga, nó áiteanna bailithe i lár Átha Cliath, agus mar sin ba thábhachtach an piazza a chur ina áit chuí do phobal na ndugthailte. Is beag é forhalla na hamharclainne, agus mar sin feidhmníonn an piazza féin mar fhorhalla sa bhreis. Ardaítear ról an piazza seo mar fhorhalla sa bhreis nuair a chuirtear an
t-óstán agus foirgneamh oifige ina thimpeall san áireamh. Taispeánann sé nach bhfeidhmníonn foirgneamh cathrach ina aonar, ach go bhfuil tionchar ag an timpeallacht air. Tá rial ann san ailtireacht, a chleachtaíonn beagnach gach ailtire; ba cheart don gcruth teacht leis an éilimh. I bhfocail eile, más gá leabharlann a thógáil, ba chóir foirgneamh a phleanáil leis sin i gceist. Briseann Daniel Libeskind an rial sin go hiomlán, ceanndána ina iarracht le healaín a dhéanamh as a chuid tionscnaimh ar fud an domhain. An sampla is fearr den iarracht seo – seachas ár n-amharclann – ná Crystals , spás siamsaíochta agus gnó a tógadh i gceartlár Las Vegas.
*
dearadh
Cé nach bhfuil ann ach ionad siopadóireachta, is píosa ealaíne ann féin é Crystals, ag mealladh gnólachtaí ar nós Louis Vuitton agus Bvlgari le siopaí a chur ann mar gheall ar íomhá an fhoirghnimh. Cé nach raibh an togra amharclainne in Áth Cliath chomh radacach leis sin, ach is cinnte nach féidir a rá gur ‘gnáth’ amharclann í an méid a chur Libeskind le chéile. D’éirigh leis an amharclann le bheith ina shiombal do ré nua na cathrach; ag briseadh amach seanmhúnla Seoirseach ag tabhairt faoi nua-ailtireacht mar is cuí do chathair Eorpach. Scríobhadh san iris ailtireachta ArchDaily: “cé go bhfuil an dá [fhoirgneamh] oifige deartha sa bhfriotal céanna, freagraíonn gach foirgneamh dá shuíomh ar bhealach difriúil.
Osclaíonn Uimhir 2 Cearnóg na Canálach Móire (Bloc ó Dheas) amach os comhair na Cearnóige, ach tagann uimhir 4 & 5 Cearnóg na Canálach Móire (Bloc ó Thuaidh) le chéile leis an Amharclann chun geata drámatúil a oscailt go dtí Cuan Átha Cliath.” Le dhá mhíle suíochán ann, tá Amharclann Bhord Gáis mór agus maith go leor le léiriúcháin mhóra an domhain a tharraingt go dtí an bpríomhchathair. Seans go n-athrófar ainm na hamharclainne ar ais go ‘Grand Canal Theatre’ i 2018, nuair a thagann léas Bhord Gáis ar an ainm chun deiridh, ach pé ainm atá uirthi, tá seod againn i gcoróin ailtireachta na cathrach leis an amharclann álainn seo.
nós 29
glac síntiús linn put nós in your hands
+ FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + SÁBHÁIL 17% ar phraghas clúdaigh na hirise. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:
ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90
*