iris ghaeilge don nua-aois
ár súil eile GO RAIBH AN FÓRSA LEAT heathers Athnuachan bhrandáil TG4
Star Wars - Ar thacaigh muid leis an taobh ceart?
Comhrá le cúpla an cheoil
€5 | £4
deireadh fómhair 2012 | eag. 29
lá na marbh Cloigne agus ceiliúradh i Meicsiceo
fรกilte
*
fáilte
ar theacht an gheimhridh Tá na laethanta ag éirí níos giorra agus na spéartha ag éirí níos dorcha. Is é, ní chiallaíonn sé sin ach an t-aon rud amháin - tá fógraíocht na Nollag ar tí toiseacht. Ach sula dtiteann tú isteach i ndúlagar séasúrach atá á dhéanamh níos measa de bharr na luath-olltráchtálaithe, a tharlaíonn níos luaithe bliain i ndiaidh bliana, cuimhnigh go bhfuil cóip d’iris i do lámha agat atá lán d’iontais a choinneoidh dorchadas an gheimhridh ar shiúl ó d’intinn. An chéad chúis cheiliúrtha ná go bhfuil an tSamhain againn ar dtús ar ndóigh agus in eagrán na míosa seo tugann muid léargas ar thraidisiúin na marbh, agus na mbeo, mar a bhíonn siad á gcleachtadh i Meicsiceo, agus nach iontach na traidisiúin chéanna. Ó tharla go bhfuil an tSamhain luaite agam ní gá a rá gur aimsir an Oireachtais í le Leitir Ceanainn mar chroílár an spraoi i mbliana. Má bheas tú ann, nó má tá sé i gceist agat fiú dul chuig féile na bliana seo chugainn, tá sás nó feidhmchlár den scoth seolta ag an Oireachtas ionas gur féidir le Gaeil i gcéin agus i
gcóngar bheith suas chun dáta leis an eolas is déanaí ó na himeachtaí éagsúla. Tuilleadh eolais faoin app ar leathanach 38. Ní stadann saol an cheoil in am ar bith agus tá agallamh againn leis an chúpla ceolmhar sin, Heathers. Seans gur thug sibh faoi deara go ndearnadh athnuachan snasta ar bhrandáil TG4 le déanaí - labhair muid faoi le croí cruthaitheach an stáisiúin, Seán Cathal Ó Coileáin. Ag cloí le cúrsaí scáileáin, is iomaí duine amuigh ansin a bhfuil Star Wars feicthe acu ach ar smaoinigh siad riamh faoi cén Fórsa a bhí ceart? Bhuel cuireann Micheál Mac an Bheatha na ceisteanna crua. Is eagrán lán íomhánna ardchaighdeán é fosta le grianghrafanna galánta de cheoláras nua na hÍoslainne agus ealaín speisialta Ghaelach le mic léin DIT. Tá sé sin ar fad agus tuilleadh sna leathanaigh seo romhat mar sin léim isteach agus go dtí an chéad uair eile, déan nós.
tomaí ó conghaile
nós 3
4 nós
an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.
faigh cóip Tá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Comh maith le hairgead a shábháil, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 39.
eagarthóir Tomaí Ó Conghaile
rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Cillian de Búrca, Caoimhe Ní Chathail, Neansaí Nic an Tiompánaigh, Micheál Mac an Bheatha, Eoin P. Ó Murchú, Úna B, Feargal Mag Ionnrachtaigh, Caitlín Nic Íomhair, Méabh Ní Choileáin, Dónall Mac Giolla Chóill, Scott de Buitléir, Liam Carson, Raquel Van Nice, Darryl W Moran, Casper Mooney
TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com
buíochas
*
Ceol
nós 5
Istigh Ceol
leabhair
Léirmheasanna 6 Clasaiceach - Hatful of Rain 9 Heathers 10 Croí na Féile - Pictiúir 14 Géarchéim X Factor 20
Decolonising The Mind 34 Clasaiceach - Gearrscéalta an Chéid 37
Scáileán
SAOL El Dia De Los Muertos Mealladh na Milseán An raibh muid anseo cheana?
Léirmheasanna 22 Clasaiceach - As Good As It Gets 23 Reibiliúnaigh Star Wars 24 Athnuachan bhrandáil TG4 28
gníomhaíochas
Teic
Harpa na hÍoslainne Ealaín ag IMRAM
Wikipedia - Ciclipéid an Domhain 30 Cuid Súl - Físchluichí Gaeilge 31
an lár Gluaiseacht Chearta Sibhialta SAM 32
Ceist na féiniúlachta ó thuaidh
40 44 46
50
dearadh 52 56
stíl Gabh Glaisean!
60
6 nós
ceol Debo Band - Debo Band sub pop
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Snagcheol Aetópach ar cheirníní Sub Pop, an lipéad ceoil freagrach as ceol grunge a chur ar an bhfód le síniú agus cothú grúpaí mar Nirvana, Soundgarden agus Mudhoney. Cad atá ar siúl acu, an lipéad a bhfuil fathaigh mhóra indie-rac mar Fleet Foxes, Wolf Parade agus Dinosaur Jr fós ar na leabhair acu? Tá freagra na ceiste sin le haimsiú siar ag tús na seachtóidí in Addis Ababa, príomhchathair na hAetóipe. Is sa tréibhse úd a thit ‘Ré Órga’ cheol na hAetóipe amach, bláthú ollmhór ar cheol na tíre de dheasca fhís Mulatu Astatke, a bhí tar éis filleadh abhaile ó Choláiste Ceoil Berklee i mBostún. An sprioc a bhí aige ná snagcheol Meiriceánach agus ceol Laidineach a chomhnascadh le scála peinteatonach a thíre dúchais, agus glór searbh an bhanna phráise a chaolú le húirlísí níos boige mar an giotár, an víbreafón agus an t-orgán. An toradh air sin: roinnt den cheol is suntasaí agus is tarraingtí a ndearnadh taifead air sa 20ú aois. Tháinig deireadh leis an Ré Órga i 1974 nuair a chuir coup d’etat an tImpire Haile Selassie as oifig ach, le hatheisiúint cheol na ré úid le blianta beaga anuas i bhfoirm na sraithe ‘Ethiopiques’, tá stádas idirnáisiúnta bainte amach ag Mulatu agus a chomhghleacaithe a chuireann ar chomhchéim le laochra móra an cheoil Afracaigh mar Fela Kuti agus Sunny King Ade iad. Cé go bhfuil Mulatu Astatke fós beo agus fós gníomhach, táid siúd ann atá den tuairim go bhfuil an Debo Band ar an ionchollú comhaimseartha de cheol na Ré Órga. Más fíor sin, is fíor leis gur cleamhnas nádúrtha é a bhfuil déanta idir Debo Band agus ceirníní Sub Pop i gcomhthéacs an bhlais láidir rac atá ar phoirt mar ‘Not Just A Song’ agus ‘Tenesh Kelbe Lay’. Cé gur inimirceach Aetóipeach é ceannaire an ghrúpa Danny Mekonnon, tá an fhíric gur Meiriceánaigh iad formhór de bhaill eile an ghrúpa le clos go soiléir, an tionchar sin ag
sileadh amach as na callairí ar an taifead seo. Ní féidir riamh Ré Orga a athchruthú, ach tá pointí áirithe anseo – an ‘Akale Wube’ oirirc scaoilte mar shampla – nuair a chaitheann Debo Band seaicilí an bhuille 4/4 uathu agus tagann siad gar go maith dó.
Kristi Stassinopoulou & Stathis Kalyviotis - Greekadelia World Music Network
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Is annamh teideal albaim chomh cruinn mar chur síos ar a bhfuil le clos ann. Is annamh, freisin, go mbeadh aon albam amháin ina sheánra nua ann féin. Is éard atá i Greekadelia ná trí cheann déag d’amhráin traidisiúnta demotika na Gréige (is as ceantar nó oileán difriúil gach ceann acu) gléasta in éadaí nua sícidéileacha ag an amhránaí Kristi Stassinopoulou agus an ceoltóir/léiritheor Stathis Kalyviotis. Is cur chuige é a chuirfidh na traidisiúnaithe le craobhacha, sea, ach níor cheart go mbeadh amhras ar éinne faoi dhílseacht Stassinopoulou agus Kalyviotis don gceol demotika. Thar aon rud eile, deirtear féin, is iarracht é Greekadelia chun suim sa cheol dúchasach a spreagadh i nglúin óg Ghréagach atá tar éis cúl a thabhairt dos na hamhráin traidisiúnta. Lena samplaí glic, lúibíní siarghabhálacha agus gléasanna eachtrannacha (mar an armóin Indiach) tá Greekadelia ar nós Elizabeth Fraser na Cocteau Twins ag jamáil le hAndy Irvine agus Nico ar oileán Ródas, le Brendan Perry Dead Can Dance agus Lemon Jelly ag an deasc fuaime. Cuireann glór éin tús le ‘Erhomai Ki Esy Koimasai’ – amhrán i stíl Patinida na hÁise Bige a bhíonn á canadh ag daoine is iad ag siúl i ngrúpaí beaga – roimh do Kalyviotis fonn mall an amhráin a chóiriú as sraitheanna d’fhuaim na harmóine, an laouto (liúit Ghréigeach) agus éifeachtaí leictreonacha. Faoin am a thosnaíonn amhránaíocht mheiliosmatach
*
Ceol
Stassinopoulou tá támhnéal curtha acu ort. Tá luas agus blas níos éirimiúla ar phoirt rince mar ‘Me Gelasan Ta Poulia’ agus an ‘Matia San Kai Ta Dika Sou’ eisceachtúil, ach fós féin ní haon cheol bainise é an Greekadelia sícidéileach seo. Ar nós Planxty agus Kíla i gcás cheol traidisiúnta na tíre seo, tá sé de mhisneach ag Stassinopoulou agus Kalyviotis a mbóthar samhlaithe féin a shiúl, laistigh agus lasmuigh de theorainneacha an traidisiúin. N’fheadar faoi mhuintir na Gréige, ach bímísne buíoch díbh.
Shed - The Killer 50 weapons
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Is maith le Shed imirt go garbh. Muna bhfuil sé briste, tóg amach do chasúr is déan smidiríní amach is amach de. Cuir ar ais le chéile go garbh é agus líon isteach na scoilteanna le minicíochtaí ísle. Sin an fhealsúnacht cheoil atá le thabhairt le fios ó The Killer, albam uimhir a trí ón léiritheoir techno Gearmánach Rene Pawlowitz. Ní sin le rá nach dtagann ciall éigin le haois - tar éis a iarracht ró-uaillmhianach chun mélange de cheol dubstep, techno, ceol aimbiach agus IDM a chruthú ar a albam deireanach, The Traveller, tá intinn Pawlowitz dírithe níos mó i dtreo an ceoil techno amháin an babhta seo. An toradh ná albam i bhfad níos sásúla. Techno, sea, ach é tógtha timpeall ar chreatlach de bhuillí briste sprionglódáilte i gcás ‘The Filler’ agus an ‘Follow The Leader’ epiciúil. Techno ar leith a sheachnaíonn an ghnáth-rithim 4/4 i slite fíor-chliste ar gach port ach amháin an ‘I Come By Night’ bagrach. Tá ceol Shed thar a bheith fisiciúil, léirithe chomh trom in áiteanna is go measfá go ndeanfadh sé damáiste do bhaill do choirp dá gcasfá suas go ró-árd é. Tá ricochet rithimí ‘Phototype’ iontach neamhsheasmhach agus tá uasphointe an albaim, ‘Ride On’, ar nós bheith ceangailte le cúl traenach is é ag gluaiseacht ar luas trí dhreach cathrach iar-apacailipteach agus báisteach aigéadach ag stealladh anuas ort. Bothántaíocht de shaghas eile ar fad!
nós 7
Funeral Suits - Lily Of The Valley Model Citizen
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Ní bhíonn meas ag muintir na hÉireann ar a gcuid ceolteoirí dúchasacha go dtí go bhfuil moladh faighte acu ó léirmheastóirí lasmuigh den tír. Sin tuairim a léirigh Richie Egan (Jape) i tweet le déanaí, ráiteas a spreag go leor féinmheastóireachta ina measc siúd ar suim leo cúrsaí ceoil na tíre seo. Is deacair tuairim mar é a chruthú. Bhí sé fíor fadó i gcás The Cranberries, sea, ach ní raibh i gcás U2. Bhí ‘Floating’ le Jape féin ina aintiún-faoi-choim in Éirinn roimh do Jack White agus Raconteurs an t-amhrán a sheoladh ar an stáitse idirnáisiúnta. Agus tá Bell X1 ina réaltaí rac (maith dhom m’imeartas focal) ag baile le fada an lá gan a bheith éirithe leo a lorg a fhágaint ar bharr na gcairteacha idirnáisiúnta. Ar an láimh eile, is fíor go mbaineann ár léiritheoirí ceoil sa réimse leictreonach clú idirnáisiúnta amach sara bhfuil nóisean ag daoine ag baile cé hiad (mar atá déanta ag MMoths Chill Dara agus Space Dimension Controller Bhéal Feirste le bliain anuas). Ní nach ionadh – níl ár stáisiúin raidió náisiúnta dírithe ar an lucht éisteachta nideoige a chuireann suim sa cheol leictreonach (ach amháin sa chás go mbeifeá sásta éisteacht trí Ghaeilge ar An Taobh Tuathail RnaG). Ach más rud é go bhfuil muintir na hÉireann bodhar ar thuairimí chriticeoirí ceoil na tíre, seans go bhfuil an ceart acu. A thiarna, cé a d’éisteodh le comhcheilg iriseoirí a bheartaigh duais cheoil Choice a bhronnadh ar Super Bonus Extra Party?! Bíonn an fhírinne searbh, agus is minic leisce ar scríbhneoirí í a insint faoi ghrúpa Éireannach ar eagla go ngortófaí duine éigin, nó, níos tabhachtaí fiú, go gcaillfí aon phribhléid a bhaineann le stádas an iriseora sa tionscal ceoil. Is í an fhírinne i gcás Funeral Suits Bhaile Átha Cliath nach droch-ghrúpa in aon chor iad. Tá fís cheoil acu - fuaim indie-rac eipiciúil leithéidí Animal Collective, Arcade Fire agus Bloc Party - agus níl aon easpa smaointí ag baint le Lily Of The Valley. An deacracht ná go bhfuil an stíl úd ag brath chomh mór ar léiriú agus cóiriú na n-amhrán. Le Stephen Street (Blur, The Smiths) taobh thair den deasc fuaime cheapfá go n-éireodh le
*
8 nós
Ceol Lily Of The Valley ach is iad an meascadh deireaneach agus an máistriú a loiteann an ceirnín seo. N’fheadar an raibh cúpla droch-lá ag Street, nó an é nár éirigh leis smaointí an ghrúpa a shrianadh, ach tá gach uirlis casta suas chomh hard sin ar amhráin mar ‘Colour Fade’ go bhfuil sé deacair sásamh a bhaint as an gceol. Cuireann gach casadh treo (agus tá go leor acu ann) do chluasa amú. Is minic na liricí doiléir dá bharr seo - ach i bhfianaise an méid a bhfuil le clos ar uairibh b’fhéidir nach droch rud é: “last night I dreamed of stars and spaceships, colliding over the holy land, villages ran for their basslines, scratching at each-others heights” a chanann Brian James ar ‘Stars Are Spaceships’ i nglór ró-chosúil le Luke Steele as Empire Of The Sun. Cinnte, tá storrúlacht agus fuinneamh ag baint le singilí mar ‘All Those Friendly People’ agus ‘Health’, ach fiú in aois seo an X-Factor nár cheart dúinn níos mó a éileamh ar ghrúpaí na tíre seo ná aithris ar a laochra idirnáisiúnta?
Ceoltóirí Éagsúla - Irish Sea Sessions 2011 liverpool philharmonic
Léirmheas le Neansaí Nic an Tiompánaigh
*****
Dhá bhliain ó shin chuir stiúrthóir imeachtaí an Liverpool Philharmonic, Simon Glinn, cuid de mhórcheoltóirí na hÉireann agus Shasana le chéile chun sraith ceolchoirmeacha a reáchtáil i roinnt ionad ar an dá thaobh de Mhuir Éireann. ‘Irish Sea Sessions’ a
baisteadh ar an togra nua ina bhfeictear ceoltóirí ar nós Damien Dempsey, Pauline Scanlon, Gino Lupari, John McSherry agus go leor eile ar aon ardán le chéile agus iad ag cur a gcasaidh féin ar amháin agus ar phoirt aitheanta. Tá an manglam meidhreach seo ar camchúirt arís faoi láthair ach tá an taifeadadh a rinneadh den ghig a thaibhigh siad i Learpholl i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite anois eisithe. Tá an nasc láidir atá ag an chathair sin le hÉirinn le mothú ar an trí thraic déag, le leagan deas úr d’amhrán Pete Wylie ‘Heart as Big as Liverpool’ – ar cineál rian reibiliúnach é a mholann d’éisteoirí gan The Sun a cheannach i véarsa amháin – mar bharrléiriú air sin. Is píosa mall cumhachtach é ‘Liverpool Remembers’ chomh maith, fonn a scríobh Terry Clark-Coyne go speisialta don tionscnamh agus a dhéanann cuimhniúchán ar ról lárnach Learphoill i scéal an diaspóra Éireannaigh. Mar a bheifeá ag súil ó chaighdeán na rannpháirithe ar an albam, tá cóiriú den chéad scoth le cloisteáil lena linn tríd agus cuireann a gcomhoibriú go mór le seanchlaisicigh mar ‘Tupelo Honey’ le Van Morrison, á cheol anseo ag Jennifer John, agus an t-amhrán traidisiúnta ‘Go To Sea No More’. An Duibhlinneach mór é féin, Damo, a chuireann a ghlór leis an cheann deiridh sin agus tá leagan nua dá shaothar iontach féin, ‘It’s All Good’, i measc sheoda na heisiúna. Tá an tUasal Dempsey ag glacadh páirte sa chamchúirt reatha fosta dála an scéil agus tá an teidealtraic óna albam úrnua, ‘Almighty Love’ á chur i láthair aige mar chuid de. Mar aon leis na hamhráin ar Irish Sea Sessions 2011, tá na ríleanna, poirt, válsaí agus cornphíopaí ar ardchaighdeán ar fad le leithéidí David Munnelly as Maigh Eo agus an bheirt sárcheoltóirí traidisiúnta as Béal Feirste, an píobaire John McSherry agus an fidléir Méabh O’Hare, le cloisteáil ar na rianta. Tionscnamh fiúntach luachmhar é na Séisiúin áirithe seo gan aon amhras agus beidh go leor ag fanacht go fonnmhar leis an taifeadadh de thuras na bliana seo.
Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag www.raidionalife.ie
ALBaM clasaiceach
Del Amitri - Hatful of Rain 1998
Is cuimhin liom bheith thart ar 10 mbliana d’aois, an ghrian ag scoilteadh na gcloch, mise sínte siar i mBMW m’uncail agus é ag dul ar ardluas thart ar bhóithre casta Thír Chonaill. Is cuimhin liom an teas ar m’éadan is muid ag druidim isteach ar thrá an Dumhaigh agus an mothú a bhí ann, nach raibh éagóir ar bith ar domhan agus go raibh gach rud go díreach ceart. Is rud iontach pearsanta é an ceol agus cé go bhfuil dúil agam i gcuid mhór cineálacha ceoil agus i neart ceoltóirí, is iad na cuimhní sin atá agam ar an albam seo is mó a théann i bhfeidhm orm go fóill. Ba é an t-albam a d’éist muid leis arís agus arís eile an samhradh sin ná Hatful of Rain le Del Amitri agus go fóill beag bíonn sé á chur a dhul agam agus mé féin anois ag tiomáint na mbóithre céanna a raibh mé féin agus m’uncail orthu fadó. Cé gur bailiúchán d’amhráin mhóra an sár-racghrúpa Albanaigh é go príomha, is cosúla le halbam ann féin é le hatmaisféar na n-amhrán ag tabhairt sainmhíniú ceolmhar ar an tréimhse sin sna 90í. Ó na drumaí beomhara agus giotár ag tús ‘Roll to Me’ go dtí an tionlacan bog a dhéantar le ‘Driving With the Brakes
On’ is eisiúint iontach é a dhéanann freastal ar gach spionn a bhíonn ort. Rinne traic amháin ón albam, ‘Don’t Come Home Too Soon’, freastal chomh maith ar fhoireann sacair na hAlban mar gur roghnaíodh é le bheith mar amhrán oifigiúil na tíre ag Corn an Domhain ’98 sa Fhrainc, agus eisíodh é mar shingil an bhliain chéanna. Níor chloígh eachtraí na bpeileadóirí le focail an amhráin ar an drochuair. Baineann mórchuid an tsaothair le hábhair dála an ghrá agus caidrimh ach, leis na foinn tógálacha agus greann fite fuaite tríd na liricí, ní bhíonn siad ró-throm agus is deacair gan bheith á gceol i rith an ama. Bhí bua na scríbhneoireachta i gcónaí ag Justin Currie agus Iain Harvie – smaoinigh ar an chnag mór ‘Nothing Ever Happens’ a bhain uimhir 4 amach sna cairteacha anseo in Éirinn sa bhliain 1990 – agus bímse in éad leo in amanna, go bhfuil siad ábalta cur síos ar mo chuid mothúchán féin, gan aithne dá laghad a bheith acu orm. Is é sin bua cumhachtach an cheoil is dócha, go mbíonn ceoltóirí áirithe in inmhe dul i dteagmháil leis an lucht éisteachta, agus iad a bhréagnú gur scríobhadh agus gur ceoladh na hamhráin go speisialta don duine sin amháin nó faoin duine sin amháin. Agus sin an rud a fhaigheann tú ar Hatful of Rain. Tá Del Amitri éirithe as mar bhanna ceoil den chuid is mó – bíonn corrdhuine den bhunghrúpa go fóill le feiceáil i mbun aicsin ar ardán ó am go chéile - ach osclaíonn an ceol atá fágtha acu doras ar ré nuair a bhí rac agus pop níos uaisle, níos cliste agus níos caolchúisí ná ofrálacha reatha Nicki Minaj ná Lady Gaga. Caoimhe Ní Chathail
10 n贸s
*
Ceol
*
Ceol
cúpla an cheoil Labhair Cillian de Búrca le Heathers, na cailíní ceolmhara atá ag dul ó neart go neart i gcónaí, agus scaoil siad rún leis faoi dhuine dá laochra móra ceoil...
nós 11
*
12 nós
Ceol
B “De réir dealraimh chonaic David Guetta an físeán dár gcéad singil ón albam nua agus chuaigh sé i dteagmháil lenár mbainisteoirí.” Heathers
a in 2007 a tháinig na deirfiúracha Ellie agus Louise Macnamara, aka Heathers, chun solais den chéad uair nuair a eisíodh a gcéad albam riamh, Here, Not There. Bhí na cailíní as an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath go fóill ag staidéar don Ardteist nuair a tháinig an t-albam amach ach d’éirigh go hiontach leis, agus níorbh fhada go raibh siad ag dul ar camchuairt chun na Stát Aontaithe agus timpeall na hEorpa. Tá aithne ar Heathers ach go háirithe mar gheall ar a bhfuaim uathúil a mheascann giotár fuaimiúil lena gcomhcheol guthach láidir – is stíl simplí é, ach tá sé cumhachtach, mealltach agus thar aon rud eile léiríonn sé go soiléir cé chomh tallannach agus atá na cailíní féin. I measc na n-éachtaí móra atá bainte amach acu ó thosaigh siad tá cinneadh an bord turasóireachta, Discover Ireland, ceann de na singlí ar Here, Not There a úsáid ina bhfeachtas fógraíochta. Tá ‘I Remember When’ fós le cloisteáil ar fhógraí raidió agus teilifíse go náisiúnta go dtí an lá inniu, agus níl aon amhras gur mheall an feachtas lucht éisteachta nua ina dtreo. Agus anois, le halbam úrnua eisithe acu agus iad go díreach tar éis camchuairt na hÉireann a chríochnú, is cosúil go bhfuil tuilleadh rudaí móra i ndán do Ellie agus Louise. Tháinig an dara albam dá gcuid, Kingdom, amach ag tús mhí Mheán Fómhair agus a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí go láithreach mar cheann de na ceirníní Éireannacha is fearr sa bhliain. Ach cé go bhfuil an comhcheol guthach agus giotár fuaimiúil fós le cloisteáil, is léir go bhfuil stíl Heathers tar éis forbairt go mór ón chéad albam. “Scríobh muid an chéad albam nuair a bhí muid 17; tá muid anois 22 agus ceapaim go bhfuil muid tar éis éirí níos aibí,” a deir Louise. “Tá súil agam cibé ar bith!” a chuireann Ellie leis, agus í ag gáire. “Ach creidim go bhfuil muid tar éis fás aníos in aois agus i stíl scríbhneoireachta. “Éisteann muid le gach sórt ceoil agus leis an albam seo rinne muid an cinneadh chun leathnú amach go réimsí nua. “Scríobhabh Here, Not There go hiomlán ar ghiotár fuaimiúil, ach le Kingdom scríobh muid an chuid is mó de ar an mhéarchlár; tá drumaí ann, tá Synths ann, agus is dócha go ndeachaigh
*
Ceol
sé sin i bhfeidhm ar fhuaim an albaim ar an iomlán.” Agus mé ag caint leis na cailíní, bhí ráflaí ann go raibh an DJ cheol damhsa agus léiritheoir ceoil ollmhóir, David Guetta, tar éis dul i dteagmháil le Heathers maidir le hamhrán a scríobh dó. “De réir dealraimh chonaic sé an físeán dár gcéad singil ón albam nua, ‘Forget Me Knots’, ar bhlag éigin ar an idirlíon agus chuaigh sé i dteagmháil lenár mbainisteoirí,” arsa Ellie. “Níl aon rud deimhnithe aige go fóill ach tá sceitimíní orainn gur cuireadh an cheist orainn fiú, go háirithe mar go bhfuil muid inár leantóirí móra dá chuid!” Is céim chun tosaigh é do na cailíní gan amhras, agus deir siad liom gur bhreá leo an deis a fháil chun rudaí difriúla a scríobh taobh amuigh den sórt ceoil a chanann siad mar Heathers. Baineann siad geit asam áfach nuair a chuirim an cheist orthu cén ceoltóir ar mhaith leo oibriú leo, thar aon duine eile ar domhan… “Beyoncé!” a deir siad le chéile go díograiseach. Shíl mé go raibh siad ag spochadh asam ar dtús, ach dearbhaíonn siad liom go bhfuil siad lán dáiríre. “Tá an-dúil againn i gceol Beyoncé, tá sí iontach,” arsa Ellie. Is léir nach bhfuil blas ceoil na gcailíní dúnta ar chor ar bith; éisteann siad le gach sórt agus tagann sé sin trasna ina gceol féin. Tá Heathers díreach tar éis dul ar camchuairt timpeall na hÉireann agus ón aisfhgreara a fuair siad ar an bhóthar níl aon amhras nach bhfuil a lucht leanúna ach ag fás i gcónaí. Líon na cailíní ionaid amach i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Port Láirge, Béal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh le dhá mí anuas, agus táthar ag súil go mbeidh siad ag taisteal thar lear sa bhliain úr. Tá Kingdom, an eisiúint is déanaí de chuid Heathers sna siopaí anois, agus is féidir é a íoslódáil ó iTunes chomh maith. Tuilleadh eolais ó www.heathersmusic.net Cuireann Cillian de Búrca an clár dátheangach, Guaranteed Irish, i láthair gach Domhnach ar 8in ar Classic Hits 4FM. Is féidir éisteacht ar 94 – 105 FM nó ar www.classichits.ie
“Beyoncé� Tá an-dúil againn ina cuid ceoil, tá sí iontach. Ba bhreá linn obair léi.” Heathers
nós 13
14 nós
*
Ceol
croí na féile lá airt Éire, Idirnáisiúnta Nuair a cuireadh tús le Arthur’s Day sa bhliain 2009 chun ceiliúradh a dhéanamh ar 250 bliain den deoch Éireannach is cáiliúla dá bhfuil ann (uisce beatha? EAG.), glacadh leis mar ghimic mhargaíochta, ach gimic shultmhar mar sin féin. Anois go bhfuil Guinness tar éis leanúint leis an nós tá an cead iomlán ag daoine bheith soiniciúil. Ní raibh muidne anseo ag NÓS róthógtha le lá mór na bliana seo ar an ábhar nár tugadh an oiread sin airde do bhannaí áitiúla sna gigeanna a reáchtáladh ar fud na tíre, agus thar lear, ar 27 Meán Fómhair. Mar sin féin, tháinig cuid de mhórghrúpaí agus ceoltóirí na linne chun na gcóstaí seo le seinm in ionaid éagsúla agus seo blaiseadh físiúil den atmaisféar a bhí le fáil. Deiseal ón chlé: Amy McDonald in Whelan’s, Baile Átha Cliath; Example in mBeár Dakota, BÁC; Professor Green san Errigle Inn, Béal Feirste; Rick Nunn ó The Milk sa Bot, BF.
*
ceol
n贸s 15
16 n贸s
*
Ceol
*
Ceol
n贸s 17
18 nós
*
Ceol Leathanaigh 16/17, deiseal ón chlé: Josh Osho, Market Bar, BÁC; Sharleen Spiteri ó Texas i Monroe’s, Gaillimh; Mumford agus Mic in Whelan’s; Mika sa Market Bar; Primal Scream, The Silver Granite, BÁC. Leathanaigh 18/19, deiseal ón chlé: Tinie Tempah, White’s Tavern, BF; Rudimental, Dakota, BÁC; Fat Boy Slim san Old Oak, Corcaigh; Danny O’Reilly agus Na Coronas, Old Oak, Corcaigh.
*
Ceol
n贸s 19
*
20 nós
Ceol
x
géarchéim lár saoil: factor n
dónall mac giolla chóill
íl Ó tharla go raibh mé 35 bliain d’aois ar na mallaibh, agus de réir na Salm níl agam ar an domhan seo ach trí scór bliain agus deich, caithfidh sin go bhfuil mé i lár mo chuidse den tsaol. Tá sé tráthúil mar sin go mbeadh géarchéim lár saoil agam. Maith go leor arsa mise, níl aon dul as, níl éalú i ndán
dom, ach in ainm Chroim agus gach rud beannaithe agus mallaithe; X Factor! I mean, like, well… Amharc air sin, anois tá mé ag scríobh mar a bheadh déagóir damnaithe ann, agus fiú i mo dhéagóir níor úsáid mé I mean, like nó well. Ní sáineolaí ar phopcheol mé agus nuair a bhí mise
*
Ceol i mo dhéagóir bhí ceol Beethoven agus Elgar ag dul fríd mo chloigeann nuair a bhí mo chuid cairde ag feadaíl The Hills of Donegal le Goats Don’t Shave agus daoine d’aois áirithe ag éisteacht le Daniel O’Donnell (dála an scéal, is é a cheiríní siúd an úsáid is féarr a thiocfadh liom riamh a aimsiú d’armáin theirmeanúicléacha, mas rud é go raibh a leithéid de leithscéal de dhíth riamh). Ach anois agus mé i ndiaidh cos a leagan thar thairseach na meánaoise, tá mé gaibhte gach deireadh seachtaine, ag geatsaíochtaí na n-iomaitheoirí ar an chlár teilifíse seo. Suím ansin agus gan fonn bogadh orm, ach fonn féachaint ar gach guldar as na ceoltóirí, gach gol, gach búir agus scread uatha. Na deora dearóile nuair a sheolfar chun bóthair iad, na caointe caithréimeacha nuair a thugtar deis eile dóibh. Agus an aisteoireacht, an tsár-aisteoireacht, an stáitsiú agus an déantúsaíocht uilig. Tá a fhios agam gur bréag atá i gceist anseo, dráma den scoth le daoine lagintinnecha a choinneáil ag amharc air agus a choinneáil ag caitheamh a gcuid pingineacha ar théacsanna. Suím ansin, de mo dheoin féin, chan cosúil le Alex in A Clockwork Orange (a raibh, dál an scéil, dúil aige i mBeethoven chomh maith) agus mé sáinithe in éadan mo thola os comhair scaileáin, cloigeann ceangailte siar, súile ar siar oscailt agus cillíní m’inchinne ag fáil bháis ina milliúin agus ina mbilliúin. Shíl mé ariamh gurbh é an rud a ba mheasa a tharlódh dom i mo mheánaois ná go mbeadh dúil agam i Hugo Duncan ar BBC Raidió Uladh nó Derek Mooney ar RTÉ Raidió 1, ach dá ndéarfá liom tamall siar go mbeadh tuairim agam le roinnt leat nó le duine ar bith eile maidir le Louis Walsh i gcomparáid le Garry Barlow, nó Tulisa Contostavlos i gcoinne Nicole Scherzinge – déan trócaire orm agus cuir piléar i mo cheann anois, tá seo ag dul chun donais – déarfainn leat go raibh tú as do mheabhair ghlan agus cuidiú proifisiúnta uait. Cuirim i gceil in amanta, leis an náire a cheilt go bhfuil mé ag amharc ar an chlár le tuigbheáil níos fearr a fháil ar an mheon coitianta, ar dhaoine óga. Ionas go dtuigfidh mé nuair a déir tráchtairí polaitiúla go bhfuil níos mó suime ag an aos óg vóta a chaitheamh do Union J nó Ella Henderson, ná mar atá acu i bpolaiteoirí mar atá Kenny, Gilmore, McGuinness nó Robinson. Bheadh sin uilig ceart go leor ach nuair atá mé ansin maidin Dé Luain, agus mé sa chistin ag ullmhú caife dom féin, agus mé ag feadaíl ceann de na hamhráin ó chláir an deireadh seachtaine, bréagnaíonn sin an méid sin thuas. Buíochas do Chroim go gcónaím i m’aonair mar níl mo chuid feadaíola thar mholadh beirte, ach tá sé i bhfad níos fearr ná mo chuid ceoil! Ach ba chóir dom bheith níos féarr ná seo, níos ardnósaí, scríobhaim do NÓS in ainm Dé! Más rud é nach bhfuil anseo ach géarchéim lár saoil, an dtiocfaidh deireadh leis? Nó an mbeidh mé lá inteacht i mo shaineolaí ar
phopcheol na linne seo agus, níos measa, ag éisteacht le Richie Kavanagh nó, chomh holc céanna, Dolly Parton, agus gach líne agus gach focal de chuid Aon Focal Eile (sic) nó The Queen of the Silver Dollar de ghlan mheabhair agam. B’fhéidir gur orm féin atá an chabhair de dhíth, géarchabhair don té atá ag cailleadh gach ceangal leis an réalaíocht agus atá i mbaol a chaillte é féin. Tá eagla orm, más seo géarchéim lár saoil, go bhfuil orm admháil go bhfuil mé ag baint suilt as, oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh ar a laghad.
nós 21
*
22 nós
Ceol
Scáileán
Total Recall
That’s My Boy?
Len wiseman, 12A
Léirmheas le Cillian de Búrca
john morris, sean anders, 16
*****
Is dócha go bhfuil cuimhne ag roinnt Nósadóirí níos aosta ar an chéad leagan de Total Recall a eisíodh siar i 1990, agus a bhí ina chnag mór le réalta móra an trátha ar nós Arnold Schwarzenegger agus Sharon Stone sna príomhróil. Sa bhunleagan, feictear Arnie ag dul go dtí an pláinéad Mars tar éis dó fáil amach go bhfuil ionannas rúnda aige nach raibh sé ar an eolas faoi, agus troideann sé in éadan comhlachta oilc santaigh chun fáil amach cé hé féin. An iarraidh seo, tá go leor athruithe soiléire déanta ag an stiúrthóir, Len Wiseman; fanann an gníomh uilig go léir ar Domhan, mar shampla, ach é fós dílis don bhunscéal a bhí chomh rathúil sna 90idí. Sa leagan uasdátaithe seo, maireann Douglas Quaid (Éireannach, Colin Farrell) ar domhan díreach tar éis an 3ú Cogadh Domhanda – níl ach an Astráil agus an Bhreatain fágtha ar an saol, agus is oibrí monarchan é Quaid a bhfuil saol go hiomlán neamhshuimiúil aige lena bhean chéile, Lori (Kate Beckinsale) – go dtí go dtéann sé chuig an chomhlacht Rekall, a chuireann cuimhní bréagacha ina intinn. Más aicsean atá á lorg agat, ní bheidh díomá ort; is féile do na súile é Total Recall, idir na radhairc throda, grafaicí ríomhghinte (CGI) sna cathracha ollmhóra agus an iliomad giuirléidí todhchaíocha atá le feiceáil ó thús go deireadh. Nuair a fógraíodh ar dtús báire go raibh leagan nua de Total Recall á dhéanamh, is iomaí duine a dúirt nach raibh ann ach leithscéal chun airgead a shaothrú, agus gurbh fhearr an bunleagan a fhágáil mar atá. Ach má ligeann tú duit féin dearmad a dhéanamh ar Arnie ar feadh cúpla uair agus gan comparáid a dhéanamh eatarthu, is scannán sultmhar é seo le go leor dea-phointí gan aon amhras. Déanann Farrell jab maith ina ról mar phríomhcharactar, agus mar is gnáth tá Kate Beckinsale agus Jessica Biel fíor-láidir sa saghas seo scannáin. Ní oirfidh sé do gach duine, ach má thaitin leithéidí Underworld, Equilibrium agus Minority Report leat, b’fhiú deis a thabhairt do Total Recall.
Léirmheas le hÚna B
*****
Bhí am ann nuair a ba ghnách le Adam Sandler bheith i scannáin measartha maithe. Bhí stíl grinn ag leithéidí The Waterboy, Anger Management agus Happy Gilmore a thaitin go mór le daoine; bhí siad mí-aibí ach mealltach. Sa lá atá inniu ann, níl aon chomhartha níos measa do scannán agus leoga, don duine atá ag amharc air, ná nuair a thosaíonn sé leis an lógó do ‘Happy Madison Productions’, an comhlacht léiriúcháin a bhunaigh Sandler sna 90idí. Chun cur i gcuimhne duit, sin é an comhlacht céanna atá freagrach as na scannáin Jack and Jill, Bucky Larson agus Zookeeper. Nuair a bhí Donny Berger (Sandler) 13 d’aois bhí sé cáiliúil go náisiúnta tar éis dó caidreamh a bheith aige lena mhúinteoir máta, agus bhí mac aici leis. 30 bliain níos moille, tá Donny iomlán briste ach faigheann sé amach go bhfuil a mhac (Andy Samberg), nach bhfuil feicthe aige le blianta fada, go bhfuil sé saibhir agus ar tí a chailín a phósadh, mar sin tugann sé cuairt air. Ar an drochuair, tá That’s My Boy róchosúil le scannán ar bith eile de chuid Sandler ar na mallaibh – cé gur scannán difriúil é, mothaíonn tú go bhfuil sé ar fad cloiste agus feicthe agat cheana. Labhraíonn Sandler sa bhlas amaideach sin atá déanta aige i mbeagnach gach scannán eile dá chuid, tá seanbhean éigin a bhíonn ag caint faoi rudaí salacha gnéasacha, agus ní féidir le carachtar Sandler a chuid a feirge a choinneáil faoi smacht. Maith go leor, corruair bíonn magadh ann a bhaineann gáire asat, ach i ndáiríre, níor cheart bheith ag súil leis an iomarca ó That’s My Boy, nó le haon rud le bheith iomlán ionraic faoi. I gceann bliana nó dhó, bheinn sásta amharc air ar an teilifís le cúpla uair a chloig a chur amú, ach ní scannán é ar chóir a fheiceáil ag an phictiúrlann agus ná cuir do chuid airgid amú lena fháil ar líne.
*
scannán clasaiceach Scáileán
James L. Brooks - As Good As It Gets 1997
Bíonn sé doiligh mé a shásamh ó thaobh scannán de in amanna ach tá an chothromaíocht cheart de rómáns, greann, ealaín, ceol agus Jack Nicholson sa scannán iontach seo ón stiúrthóir James L. Brooks (an fear a choimisiúnagh Matt Groening chun na Simpsons a dhéanamh dála an scéil) le mé a mhealladh le hamharc air arís agus arís eile. Is scéal é faoi údar Melvin Udall (Nicholson) a bhfuil neamhord éigníoch dúghafach (OCD) air agus an dóigh a dtéann sé sin i bhfeidhm ar a shaol maireachtála. De dheasca an neamhord seo a bheith air, coinníonn sé é féin scoite ón tsochaí, mar go gcuireann na rudaí áirithe a dhéanann daoine isteach go mór air. Bíonn sceanra plaisteach leis i rith an ama, ní thig leis cos a leagan ar scoilteanna sa talamh, agus ní bhaineann sé do dhaoine eile mar go síleann sé go bhfuil siad clúdaithe le baictéir. Níor mhaith liom deireadh an scéil a mhilleadh
nós 23
ach nuair a bhíonn air cúram a thabhairt do mhadadh a chomharsan béal dorais agus nuair a bhuaileann sé leis an duine amháin atá ábalta cur suas leis, freastalaí Carol (Helen Hunt) is mór an t-athrú a thagann ar a shaol. Ní thuigeann Carol é ina iomláine ach nuair a bhíonn daoine eile deas le Melvin, beag beann ar chomh drochbhéasach is a bhíonn sé féin, bíonn sise iomlán díreach leis, rud a thaitníonn liom. Is maith liom gur bean láidir í, a deir go díreach an rud atá ar a hintinn. Níl mórán airgid aici ach sin ráite bíonn sí ag obair go crua le haire a thabhairt dá mac atá tinn. In amanna bíonn sí crua ar Mhelvin a bhíonn crua léi, ach taispeánann sé taobh deas bog dó féin nuair a deir sé léi, “Nuair a bhím leat, bím ag iarraidh bheith i m’fhear níos fearr”. Is cinnte gur caidreamh neamhghnách é an caidreamh seo eatarthu ach sa tsaol seo cén caidreamh a bhíonn foirfe? Déanann an scannán rud amháin nach ndéanann na gnáth-chickflicks, léiríonn sé an réalachas ó thaobh an ghrá de, go mbíonn thuas-seal thíos-seal ann, go ndéanann daoine rudaí a chuireann isteach ar dhaoine, agus in amanna go mbíonn sé doiligh cur suas le duine eile i do shaol, agus léiríonn sé na comhréitigh a bhíonn le déanamh taobh istigh de chaidreamh. Bhain Nicholson agus Hunt Oscar beirt dá bpríomhpháirteanna i As Good As It Gets, rud a bhí tuillte go maith acu agus nach déanta ag scannán ar bith ó shin, agus fiú don fhíric sin amháin tá áit i measc na saothar clasaiceach scáileáin tuillte fosta ag an scannán féin. Caoimhe Ní Chathail
*
24 nós
Scáileán
Bhí an ceart ag Vader agus a chairde. Thaobhaigh an chuid is mó againn leis an dream mícheart i Star Wars.
go raibh an fóRsa leis an impire Micheál Mac an Bheatha
T
á ar a laghad ceann amháin de scannáin Star Wars feicthe ag 99% agaibh agus bhí 99% agaibh ar bís nuair a fuair an Rebel Alliance an lámh in uachtar ar an Impireacht sa deireadh. An rud a deirim féin libh ná gur thacaigh sibh 100% le sceimhlitheoireacht. “Seafóid” a freagra a bheas agaibh is dócha ach dar liomsa go bhfuil sibh inchinn-nite ag blianta de bholscaireacht bhréagach de chuid na sceimhlitheoirí, an dream sin a thugann ‘Reibiliúnaigh’ orthu féin, mar dhea. Ach abair liom, an raibh mandáid dhaonlathach ag na
trodairí? Is í an freagra simplí air sin ná nach raibh. An raibh mandáid dhaonlathach ag an Impire Palpatine, go ndéana an Fórsa (an dá thaobh de) grásta dó? Muise leoga bhí, agus ba láidir an mhandáid chéanna. Nach gcuimhníonn libh an bualadh bos mór nuair a toghadh é mar Sheansailéir ar dtús agus ansin mar Impire? Cinnte, níor reáchtáladh aon toghchán ina dhiaidh sin ach ní féidir a bheith ag súil leis an ghnáthphróiseas toghchánaíochta agus cogadh ar sceimhlitheoireacht ar siúl. Déarfaidh cuid agaibh go raibh na Reibiliúnagh ag iarraidh ‘An tSeanphoblacht’ a athbhunú arís ach ní daonlathas
*
scÁileÁn
a bhí i réim lena linn sin. Nach féidir leis na daoine is daille agaibh fiú a fheiceáil cé chomh lofa is a bhí an phoblacht seo? Lofa le caimiléireacht, le coiriúlacht, le sclábhaíocht. Abair linn a ‘Reibiliúnaigh’, cad a rinne sibh chun deireadh a chur leis na droch-chleachtais seo? Faic. Gan trácht ar an chogaíocht shíoraí a bhí ann, le pláinéid ag iarraidh saoirse a bhaint amach ón ‘Lofalacht’ seo. Chuir an tImpire Palpatine deireadh leis an stát uafasach sin, bhain sé síochán amach, chuir sé deireadh leis an chaimiléireacht. Chuir sé ord nua ar bun.
Agus ar a bharr sin ar fad TOGHADH an tImpire go daonlathach! I bhfocail eile cuireadh deireadh leis an tSeanphoblacht lofa go daonlathach. Ach bhí daoine áirithe ag iarraidh filleadh air sin, agus caithfidh tú an cheist a chur ort féin cén fáth ar mhaith leo dul ar ais chuig an seanchóras seo? Mar ba choirpigh agus chaimiléirí iad, sin an fáth. Ba iad na ‘Rebels’ a ghníomhaigh go frithdhaonlathach, fiú sular fógraíodh an Impireacht go hoifigiúil. Más daonlathaí thú a chreideann gur cheart go mbeadh dlí agus ord ann agus gur cheart nach mbeadh baint ar bith
nós 25
26 nós
*
Scáileán
ag an Stát le creideamh, an chéad uair eile a amharcann tú ar Star Wars déan cinnte go ndéanfaidh tú an Impeireacht a chaoineadh. Na Jedi? Ní raibh iontu ach dream cráifeach bunchreidmheach a bhí ag iarraidh a gcuid pisreoga a bhrú ar dhaoine eile. Nach sin an cineál grúpa a mbíonn muid ag iarraidh coinneáil ar shiúl ó chumhacht pholaitiúil sa lá atá inniu ann? Ba iadsan a bhí ag déanamh spiaireachta ar Sheansailéir Palpatine bocht agus ba iadsan a bhí sásta cumhacht polaitiúil a gabháil, sular chuir an Seansailéir deireadh lena n-éirí amach i gcoinne an daonlathais. Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur ghoid siad páistí óna dtuismitheoirí ionas gurbh fhéidir leo na daoine óga seo a thógáil ina Jedi lena gcuid bréag agus cleasanna. Tugtar mí-úsáid páistí air sin de ghnáth. Agus Skywalker, an sceimhlitheoir is mó! Ba bhunúsaí creidmheach eisean a bhí ag iarraidh deireadh a chur le rialtas dlisteanach chun ‘ord nua’ Jedi a chur ar bun. Ní amháin sin ach bhí Skywalker sásta comhoibriú le duine de na coirpigh is mó sa réaltra, an smuigléir Han Solo. Abair liom, cad go díreach a bhí á smuigleáil ag an fhear seo? Níor mhilseáin iad, bí cinnte de sin. Nach raibh sé ag obair le Jabba an Hutt?
Créatúr gránna a choinnigh mná mar a bheadh madraí iontu agus a bheathaigh ollphéisteanna le daoine eile? B’fhurasta a shamhlú gur daoine, sclábhaithe, a bhí á smuigleáil ag Solo nó drugaí b’fhéidir, go háirithe leis an spáslong bheag sin a bhí aige. Agus an ‘Deathstar’, an t-ainm uafásach sin ar thug na Reibiliúnaigh ar an Stáisiún Cogaidh a scrios siad, faoi dhó. Abair liom, cá mhéad duine a bhí air sin? Cá mhéad oibrí soineanta? Cá mhéad sibhialtach? Cá mhéad teaghlach? Damáiste chomhthaobhach, duine ar bith? Bhí na Jedi sásta an Seansailéar Palpatine a mharú de bhrí gur Sith a bhí ann (sea, tagann an t-ainm ón Ghaeilge, ‘síth’ nó ‘síochán’). Is fíor gur úsáideadh an Deathstar chun Alderaan a scriosadh, sea, fuair cuid mhaith sibhialtach bás san ionsaí sin, ach ná déan dearmad nach raibh aon údarás ag an Moff Mór Tarkin chun an t-ionsaí sin a dhéanamh agus go raibh dlúthbhaint ag an phláinéad seo le sceimhlitheoireacht agus le sceimhlitheoirí. I ndeireadh na dála, is cuma cén casadh a chuireann Comhghuaillíocht na Rebiliúnach agus a cuid leantóirí ar an scéal, deir na fíricí ar fad gur éirí amach neamhdhleathach gan iarraidh a bhí ann agus, mar gheall ar a bolscaireacht, gur thaobhaigh an mórchuid agaibh leis an dream mícheart i gCogadh na Réaltaí.
sa phictiĂşrlann anois #Skyfall
*
28 nós
scáileán
ár súil eile
T
Oíche Shamhna beidh TG4 ag ceiliúradh 16 bliain ar an fhód. Is iomaí forbairt atá déanta ag an stáisiún ó shin agus ar an cheann is déanaí tá an athnuachan snasta a rinneadh ar a bhrandáil ag tús an fhómhair seo. Fuair muid amach faoin smaointeoireacht agus faoin phróiseas taobh thiar de.
á an stáisiún teilifíse atá suite i nGaeltacht Chonamara mar chnámh droma na meán Gaeilge le 16 bliain anuas, agus ar go leor bealaí is léiriú coincréiteach é ar dhul chun cinn na teanga trí chéile le linn na tréimhse céanna. Ó seoladh é ar Oíche Shamhna 1996 tá TG4 ag cur seirbhís uathúil ar fáil do chainteoirí Gaeilge ina dteanga féin agus, ag an am céanna, ag cur in iúl don domhan mór gur teanga chomhaimseartha bheoga í an Ghaeilge le pobal cumasach, dinimiciúil agus fiosrach. Tá tábhacht ar leith le brandáil i gcraobhscaoileadh na teachtaireachta seo agus is gné í sin ar a raibh aird mhór ag TG4 díreach ón tús.
Go deimhin athraíodh ainm an stáisiúin ó TnaG i 1999 agus rinneadh mionathruithe ar fhéiniúlacht an bhranda thar na blianta. Ar na forbairtí is úire agus is nuálaí atá curtha i gcrích ag muintir Bhaile na hAbhann tá an athnuachan snasta a rinneadh an mhí seo caite ar eilimintí éagsúla d’íomhá iomlán an stáisiúin. An duine a stiúir an fhorbairt spreagúil seo ná an Gael tiománta de bhunadh Ghaoth Dobhair, Seán Cathal Ó Coileáin, atá ina Stiúrthóir Cruthaitheach agus Branda ag an stáisiún ó rinneadh an athbhrandáil go TG4 13 bliain ó shin. Mhínigh sé go mbíonn sé féin agus a chomhghleacaithe go síoraí ag
coinneáil súl ar an bhranda agus ar an dul chun cinn atá á dheanamh aige, agus gur mhothaigh siad go raibh an t-am ceart ann le cuma úr a chur ar an aitheantas. “Amharctar ar aon bhranda i gcomhthéacs brandaí eile san earnáil agus mar sin chonaic muid deis TG4 a láidriú mar stáisiún agus mar sheirbhís leathán digiteach. “Lena chois sin, bhí súil againn ar an saol Ard-Ghléine (HD) agus ar an líon mór daoine atá ag baint úsáide as TG4.TV agus ag cur aithne orainn ar líne. “Ag deireadh an lae is meán físiúil muid, cé acu ar theilifís, ríomhaire, iPad nó ar do ghuthán atá tú ag amharc orainn, agus tá
*
scáileán
sé fíor-thábhachtach dúinn bheith ceannródaíoch i gceisteanna físe agus deartha.” Bhí an cheannródaíocht sin le feiceáil sa chinneadh a glacadh chun clófhoireann iomlán úrnua a dhearadh don stáisiún. “D’oibrigh mé le Jason Smith ó Fontsmith (blog.fontsmith.com) agus mar pháirt den obair seo d’athraigh muid lógó TG4 beagán,” arsa Seán Cathal. “Bhí muid ag iarraidh stíl nuaaoiseach a thabhairt do sheanchló Gaelach – tá an tionchar seo le feiceáil sa ‘g’ agus ‘f’ nua ach go háirithe – agus ar a bharr sin bhí orainn cinntiú go raibh an font féin feiliúnach don scáileán agus do ghléasanna eile digiteacha, chomh maith le hobair go maith i gcló.” Mar aon leis an chlófhoireann úr, tugadh faoi stíl láithreachais agus aitheantas TG4 a athnuachan chomh maith. “Bíonn ár mana, ‘Súil Eile’, i
gcónaí ag tiomáint na hoibre a dhéanann muid,” ar sé. “Sin an treoir a bhí ann agus mé ag comhoibriú le Matthew Rudd ó Rudd Studio agus leis an chomhlacht deartha Pete&Tom i Londain (peteandtom.com) chun stíl láidir, chomhaimseartha a thabhairt do láithreachas TG4. “Is é an ‘Súil Eile’ sin atá ag croílár na sraithe nua aitheantais atá á stiúradh agus á léiriú agam féin agus ag Brian Williams ó SuperSixtyEight chomh maith. “Tá muid beirt ag obair ar aitheantas TG4 ó thús an stáisiúin agus tá an tsraith nua seo mar léanúint nádúrtha ar an chuid a chuaigh amach le roinnt blianta. Beidh an chéad cheann sa tsraith feicthe agaibh cheana - tá sé bunaithe ar Chlann Lír an bhéaloidis agus tá na físeáin mhórthaibhseacha ar an aer ó thús Mhéan Fómhair. Deir Seán Cathal gur athinsint nua-aimseartha é ar an scéal atá ar eolas againn uilig ónár n-óige.
nós 29
“Cuireann muid é i gcomhthéacs réatha, aitheanta agus draíochtúil,” ar seisean. “Ar bhealach tugann muid saol eile do na scéalta seo agus tá súil agam go bhfaigheann daoine óga (agus iad sin nach bhfuil chomh hóg) lúcháir, iontas agus draíocht astu.” Mar lucht féachana tá muid breá cleachta le cláracha leithleacha TG4 ach is léir ón léargas seo ó Sheán Cathal go leagann an stáisiún an tábhacht chéanna ar a íomhá chomh maith. Is rud criticiúil é sin i gcur chun cinn aon togra a bhfuil an oiread sin teagmhála aige leis an phobal mór agus tá an seanal ag cinntiú go bhfeictear a bhranda láidir muiníneach ar gach formáid dá bhfuil ann. Ar a bharr sin ar fad, is branda Gaelach é TG4, branda a léiríonn meon dearfach fúinn féin mar phobal, a bhreathnaíonn chun tosaigh agus a thugann spreagadh agus treoir do bhrandaí eile Gaeilge. Gura fada buan a shúil eile.
30 nós
teic
Ciclipéid na crúinne Breathnaíonn Eoin P. Ó Murchú ar an difear atá déanta ag an Vicipéid, an chiclipéid is mó ar domhan, do shaol an lae inniu Don té atá ag tosú amach ar an ollscoil déantar bagairtí móra uafáis faoi cé chomh holc is atá Wikipedia. Deirtear go milleann sé an léitheoireacht, an taighde, is go bhfuil sé uafásach míchruinn. B’fhéidir go mbeadh cuid den fhírinne i roinnt de na líomhaintí sin ach níor chóir a rá a thuilleadh go bhfuil sé ró-mhíchruinn. Sa bhliain 2005 rinne an iris eolaíochta Nature fiosrú a léirigh go raibh Wikipedia gearr do chruinneas Encyclopædia Britannica agus go raibh thart ar an líon céanna earráidí
tromchúiseacha ann. Difríocht mhór eatarthu, áfach, ná gur féidir Wikipedia a athrú ar an toirt, agus sa bhreis air sin tá i bhfad níos mó alt ann. Breis is ceithre mhilliún go deimhin! Seoladh an suíomh in Eanáir na bliana 2001 ag Jimmy Wales agus Larry Sanger is tá sé anois ar an 6ú suíomh is mó ar domhan. Is ón bhfocal Haváíoch a thagann wiki a chiallaíonn tapa agus pedia ó encyclopedia (leagan Gaelaithe air sin is ea Vicipéid.) Tá an Vicipéid ar fáil i 285 teanga.
Ceann acu sin is ea an leagan Gaeilge, agus cé nach bhfuil sé chomh mór céanna leis an gceann Béarla, tá breis is 15,500 alt ann go n-uige seo. Tig le héinne é a athrú nó ailt a chur leis agus cuirtear fáilte roimh dhaoine nua ann. Is bealach iontach atá ann chun eolas a chur ar ábhar nua trí ailt a scríobh is a cheartú dó. Is rídhócha gur é Wikipedia an Bhéarla an chiclipéid is mó a cruthaíodh riamh agus tá sé fós ag fás leis. Níl ach an Chiclipéid Yongle a raibh 370 milliún carachtar Síneach ann i
*
teic
gcomórtas leis. Tá gné den fhoinse nuachta ag baint leis an Vicipéid chomh maith, i ngeall ar a thapa is a chruthaítear ailt ar chúrsaí reatha. Is deacair alt Vicipéide a bhualadh ó thaobh mearléargas intuigthe a thabhairt duit. Chomh maith leis sin tá clúdach cuimsitheach ar chúrsaí popchultúir agus gnéithe den saol iarbhír le fáil ann, rudaí nach mbíonn i gciclipéidí a chruthaíonn na ‘saoithe’. Spéisiúil go leor is fir breis is 80% de rannpháirtithe an tsuímh, agus is daoine sna fichidí is mó a chuireann leis (fear mé atá 25). Tagann thart faoi 50% de na hathruithe i Vicipéid an Bhéarla ó Mheiriceá Thuaidh. Dar le roinnt staidéar déanann líon beag daoine an chuid is mó den obair ar an suíomh ach ceaptar go gcuireann na daoine nach n-úsáideann ach uair nó dhó é go mór leis chomh maith. Déantar an Vicipéid a mhaoiniú trí thabhartais a iarradh orthu siúd a úsáideann an suíomh is ní bhíonn aon fhógraí ann. Is cur chuige spéisiúil é seo agus tá ag éirí leis go dtí seo. Os a choinne sin, tosaíonn ‘cogaí eagarthóireachta’ scaití, cé acu Derry nó Londonderry is cóir bheith mar theideal ailt abair; seafóid nuair a thuigtear gurbh fhearr go mór glacadh le Doire! Anuas air sin tarlaíonn creachadóireacht alt. Rinne mac léinn Éireannach turgnamh inar chuir sé ráiteas ar leathanach an chumadóra cheoil Jarre díreach tar éis a bháis, ráiteas Jarre mar dhea, ‘When I die there will be a final waltz playing in my head, that only I can hear.’ Baineadh é ó Wikipedia roinnt uaireanta ach bhí sé thuas ann fada go leor le go ndéanfaí é a thuairisciú i nuachtáin mhóra de chuid na Breataine, na hIndia agus na hAstráile.
Cé go bhfuilimse suite de go bhfuil áit níos measúla tuillte ag Wikipedia i measc lucht an oideachais, is fearr ag an bpointe seo tagairt a dhéanamh d’fhoinsí as liosta na bhfoinsí sna hailt a léann sibh! Is é Wikipedia ceann de na torthaí is fearr a chruthaigh an t-idirlíon dar liom, agus cé nach bhfuil sé gan locht tá sé ar an bhfoinse eolais is úsáidí amuigh.
nós 31
cuid súl
l
Cad é do mheas féin ar an Vicipéid? Déan teagmháil le eolas@nosmag.com nó le hEoin ar Twitter @murchadhmor
Líon Alt ag na Teangacha Ceilteacha An Bhriotáinis - 43,764 An Bhreatnais - 37,355 An Ghaeilge - 15,574 An Ghàidhlig - 11,023 An Mhanainnis - 4,110 An Choirnis - 2,430 Fíricí faoin Vicipéid Ghaeilge Alt is faide - Cogadh Cathartha na Fionlainne Alt is sine - Eiscir Riada Leathanach is mó a leasaíodh (370 uair) - Stáit Aontaithe Mheiriceá Fíricí faoin Vicipéid Bhéarla Teideal is faide ar alt - Night of the Day of the Dawn of the Son of the Bride of the Return of the Revenge of the Terror of the Attack of the Evil, Mutant, Alien, Flesh Eating, Hellbound, Zombified Living Dead Part 2: In Shocking 2-D 7 mbliana de 16 uair a chloig sa lá - an méid ama a ghlacfadh sé ar dhuine gach alt Wikipedia a léamh
Físchluiche scanrúil Gaelach Tá tóir mhór le tamall anuas ar na cluichí ‘diner’ sin ina mbíonn ort custaiméirí a threorú agus a fhreastal ach anois tá ceann againn féin, as Gaeilge, a bhfuil téama uafáis leis! Sheol Black Market Games, comhlacht cluichíochta as Doire, Dead Hungry Diner, ní ba luaithe i mbliana agus thuill sé léirmheasanna dearfacha mar gheall ar ardchaighdeán a léiriúcháin agus a ghrafaicí. Anois tá leagan Gaeilge den chluiche eisithe faoin teideal An Caife Craosach agus é ar fáil cheana féin ar chostas ¤4.99. Seo an chéad fhíschluiche riamh atá go hiomlán i nGaeilge agus ba é Foras na Gaeilge a chuidigh lena fhorbairt trí mhaoiniú a sholáthar don togra, togra iontach fiúntach gan aon agó. Is cluiche le haghaidh ríomhairí Windows é An Caife Craosach ach más duine thú a bhfuil dúil níos mó agat i dtáirgí Apple, ná bí buartha, mar go mbeidh físchluiche eile Gaeilge ag teacht chugainn gan mhoill a bheas le fáil ar an iPad. Kú is ainm don cheann sin agus bitSmith Games atá á dhéanamh - tuilleadh faoi go luath.
www.blackmarketgames.com
NÓS
“Trí ghluaiseacht ró-álainn: líonadh mall Mhachaire Chlochair tráthnóna; ruathar DJ Carey i dtreo na gcuaillí; Gluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá.”
nosmag.com
Tré nuachumtha le Philip Cummings, óna leabhar úr ‘Ad Delectationem Stultorum’ (Coiscéim)
34 n贸s
leabhair
*
Leabhair
Rogha réabhlóideach scríbhneoirí mionteanga Tá an seasamh ceannródaíoch a ghlac an scríbhneoir Céiniach, Ngugi wa Thiong’o, ar son a theangacha féin barrthábhachtach dúinne in Éirinn inniu. Míníonn Caitlín Nic Íomhair cén fáth.
L
e foilsiú an leabhair spleodraigh Decolonising the Mind, d’fhág Ngugi wa Thiong’o, mórscríbhneoir de chuid na Céinia, slán ag an Bhéarla mar theanga chruthaitheach. Is ina theangacha dúchais féin a scríobhfadh sé feasta, cé gur thug sé lánchead a shaothar a aistriú go mórtheangacha an domhain chomh maith. Bhí sé le tuiscint nár dhiúltaigh Ngugi an Béarla a labhairt nó a léamh a thuilleadh, ach gur i gCiosvahailís (Kiswahili) agus i gCiocúis (Gikuyu) amháin a chumfadh sé a shaothar féin. In alt a scríobh sé ar an ábhar, mhínigh an t-údar nár chinneadh pearsanta aeistéitiúil é ach seasamh polaitiúil, ar son mionteangacha, fuascailt intinne, agus streachailt frithimpiriúil. D’amharc Ngugi ar chur chun cinn an Bhéarla mar ionsaí tomhaiste ar chultúr s’aige. Buama Cultúrtha An dalta cumasach i gCéinia na linne, fuair sé a chuid oideachais trí Bhéarla agus faoi chultúr an Bhéarla: ba trí shúile na gcoilíneach a d’fhoghlaim an stócach óg Céiniach faoi chultúr na hAfraice. ‘Buama cultúrtha’ a thug Ngugi air seo - an slad ba thábhachtaí agus ab fhoréigní dar ndearnadh ar mhuintir na tíre sin, nó b’ionann cultúr an Bhéarla a bhrú orthu agus beag is fiú a dhéanamh de shaoldearcadh agus d’fhéiniúlacht s’acu féin. De réir a chéile, briseadh féinmhuinín an phobail agus cothaíodh scoilteanna eatarthu idir uaisle (Béarlóirí) agus cosmhuintir. Ní toradh ar an choilíneachas é dul chun cinn an Bhéarla agus cúlú an chultúir dhúchasaigh ach cuid lárnach de; bhraith Ngugi gurbh éigean diúltú do ghreim na teanga sin le
meon an choilíneachais a ruaigeadh as a inchinn féin. Níor glacadh go ró-réidh le seasamh Ngugi. Cuireadh ina leith é gur dúchasóir (nativist) cúngaigeanta a bhí ann agus é ag brath ar eisint éigin eitneach nárbh ann di. Dúradh gur ag cúlú ón domhan mór a bhí sé, seachas ag tapú na deise a bhí aige a chultúr a léiriú dó. Bhí scríbhneoirí eile de chuid na hAfraice ag dul i muinín na mórtheangacha coilíneacha, á múnlú agus á sealbhú le dóchas go ndéanfaidís teanga úr díobh, canúint a bheadh éagsúil ón bhunteanga ach intuigthe do phobal a labhartha. D’amharctaí ar an Bhéarla mar uirlis fhóinteach a thug le chéile na céadta grúpaí Afracacha faoi aon teanga, agus a lig dóibh cumarsáid a dhéanamh leis an domhan mór ar aon bhonn. Níorbh ar an Bhéarla locht an choilíneachais, agus d’fhéadfaí teanga Afracach a dhéanamh de ach é a bheith snoite i gceart - teanga a bheadh in ann “meáchan m’eispéireais Afracaigh a iompair” i bhfocail chlúiteacha Chinua Achebe. Ceist Idirináisiúnta Ar ndoighe, ní bhaineann an díospóireacht seo leis an Afraic amháin, go háirithe inniu agus meath na mionteangacha ina údar práinneach imní. Is bocht an seans atá ag mionteangacha forbairt nó nuaaoisiú má scríobhann lucht a labhartha i mórtheanga, nó má ghlactar leis gur feiliúnaí mórtheangacha i réimsí áirithe den saol (fearacht an léinn nó na n-ealaíon). Ní bhíonn sé i gcónaí éasca ná fiú éifeachtach cúrsaí nua-aimseartha a phlé i mionteanga, áfach, mar a léiríodh domh deich mbomaite ó shin agus mé ag cuardach an fhocail Ghaeilge ar Kiswahili agus an fhios agam nach mbeadh an focal sin ag formhór mo léitheoirí.
nós 35
36 nós
*
leabhair
Níl a fhios agam i gcónaí cé acu is fearr, focal eachtrannach inaitheanta nó Gaeilge dhoiléir. Cá háit is cóir stad leis an Bhéarla? Cathain a rachaidh muid i muinín ár dteanga mar uirlis chumarsáide nua-aimseartha, murach anois agus anseo i measc cairde? Is faoi gach scríbhneoir a chinneadh féin a dhéanamh ar an cheist sin, agus tá scríbhneoirí mionteanga ag dul i ngleic léi ar bhealaí cruthaitheacha le fada an lá. Níl le déanamh agat ach amharc ar leathanaigh NÓS le réitigh éagsúla a fheiceáil, nó súil a chaitheamh ar ár gcuid litríochta féin. Spreag seasamh Ngugi file tábhachtach de chuid na tíre seo, Michael Hartnett, chun a ‘farewell to English’ féin, mar shampla, agus diúltaíonn an file fíorchumasach comhaimseartha, Biddy Jenkinson, a saothar a aistriú go Béarla in Éirinn. Tuigeann an scríbhneoir daingean mionteanga nach
bhfuil an cháil agus an t-éileamh céanna i ndán dá s(h)aothar, faoi mar a thuig scríbhneoirí cumasacha-ach-neamhaitheanta mionteanga riamh anall é. Réiteach eile ar an fhadhb ná an t-aistriúchán, atá tar éis dul i bhfeidhm go mór ar fhilíocht na Gaeilge mar bhun- agus mar sprioctheanga araon, agus í aitheanta mar láthair bhisiúil mhalartaithe. Tá saibhreas dochreidte tugtha isteach sa teanga ar an dóigh sin, ach ní rud neamh-urchóideach amach is amach é an t-aistriúchán má thugann sé le fios gur féidir le dornán mórtheangacha saibhreas cultúrtha an domhain a iompar fad is atá mionteangacha ag meath faoina scáth. Agus an ghluaiseacht frith-dhomhandaithe ar an dé deiridh, cá bhfios nach fíor do Ngugi, Jenkinson agus Hartnett gur láthair í an scríbhneoireacht leis an fhód a sheasamh? Cá bhfios nach fíor fós focal scoir spleodrach Hartnett: “poets with progress make no peace or pact / the act of poetry is a rebel act”.
*
leabhar clasaiceach Scáileán
Gearrscéalta an Chéid Gearóid Denvir, Aisling Ní Dhonnchadha / Cló Iar-Chonnachta Léirmheas le Caitlín Nic Íomhair
Cogar, ceist agam ort. An léann tú? Leabhair? I nGaeilge? Go minic? Ó. B’eagal liom go ndéarfá sin. Tuigim do chás: tá an t-am gann agus chuirfeadh an díth foclóra lagmhisneach ar éinne. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil traidisiún luachmhar, ársa liteartha againn, ach rud eile ar fad é dul i ngleic le clasaicigh na teanga as do stuaim féin. Theastódh treoir ó dhuine i dtús báire, nó níl aon liosta best sellers againne agus dá mbeadh féin, cá bhfios go mbainfeadh sé leis an aos óg ar chor ar bith? Chuige sin, chinn NÓS gurb fhiú colún léirmheastóireachta a bhunú le saothair Ghaelacha, idir shean agus úr, a mheas. Tá muid cúpla míle bliain mall chuig an chóisir seo – tá sé chomh maith againn toiseacht... Anois, seans gur cineál cop out atá ann díolaim a roghnú don chéad cholún dá chineál, ach tá leithscéal faoi réir agam. Gníomh claonta is ea an léirmheastóireacht, agus seans nach mbeadh puinn dúile agat sna leabhair a lasann mo chroíse ar oíche gheimhridh. Is lú i bhfad an baol go léifidh tú saothar mar seo ó chlúdach go clúdach – ó thús an chéid, tús na nua-litríochta Gaeilge beagnach, go 2000 – gan rud éigin a aimsiú a bhfuil dúil agat ann. Tá éagsúlacht as cuimse le fáil faoi chlúdaigh an leabhair seo, ó scéalta faoin eitinn is an drochshaol go scéalta sultmhara, nua-aimseartha agus – creid nó ná creid – greannmhara! Tá beagnach gach ceann acu fiúntach ann féin, ach níos spéisiúla fós, tugann a n-ord léargas don léitheoir faoin bhorradh agus faoin rath suntasach a tháinig ar scríbhneoireacht na Gaeilge le linn an chéid seo caite. Tá sé doiligh a chreidiúint, ag amharc ar shaibhreas an leabhair seo, nach bhfuil mórán níos mó ná an céad slánaithe againn mar theanga aiséirithe liteartha, agus is mór an chúis
misnigh againn Gearrscéalta an Chéid araon leis an dá leabhar eile sa tsraith, Duanaire an Chéid agus Gearrdhrámaí an Chéid. Mo chomhairle duit toiseacht ag an tús le scéalta an Phiarsaigh agus Uí Chonaire – ár gcéad scríbhneoirí nualitríochta – le go bhfeice tú an fhorbairt ó shin ar aghaidh. Cuid de na seanscéalta seo, ní léifinn arís iad (trí bliana ó léigh mé scéal Mhic Ghrianna agus níor éirigh liom an ghruaim a dhíbirt fós!), ach muna dtaitníonn ceann acu leat, brú ar aghaidh. Is sna nua-scéalta is mó a chuirim féin spéis, ach is fiú ar a laghad scéalta an Phiarsaigh, Uí Chonaire agus Uí Chadhain a léamh, cé go bhfuil an ceann deireanach sin dúshlánach go leor ó thaobh na teanga de. Má shamhlaíonn tú scéalta na Gaeilge a bheith gruama, éadóchasach agus gafa leis an drochshaol (agus déanta na fírinne, ní bheadh dul amú iomlán ort), tá sólás i ndán duit thart ar leathbhealach tríd an leabhar, nó tagann athrú suntasach ar dhearcadh, cur chuige agus brí na scéalta ó shin ar aghaidh. Amhail is gur chinn scéalaithe nua-aimseartha gan géilleadh don bhéal-bochtachas a thuilleadh, isteach le Gaeil ghreannmhara le scéalta meidhreacha aisteacha. Cuirfidh scéal Titley ag gáire thú cé go bhfuil ábhar tábhachtach machnaimh ann fosta; ní móide go ndéanfaidh tú dearmad de shainmhíniú Mhic Mathúna ar shaoirse agus ar shíocháin go ceann i bhfad; bainfidh buile doshrianta Bhiddy Jenkinson geit asat le gach uile léamh, agus is éacht amach is amach é scéal corraitheach, spreagúil de Búrca. Agus níl ansin ach cúpla seoid liom féin; is ar éigean go bhfuil scéal ar bith sa dara leath den chnuasach seo nach fiú a léamh is a ath-léamh. Corr úr i ngearrscéalaíocht na teanga atá i saothair na n-údar seo, faoi mar a tharla san fhilíocht rud beag ní ba luaithe sa chéad. Deirtear go minic faoi litríocht na Gaeilge go bhfuil muid lofa le filí agus gann ar scéalaithe maithe. Éagóir é sin de réir fianaise an leabhair seo, agus éagóir ar laochra an ghearrscéil (Titley, Jenkinson, Ó Neachtain, Mac Mathúna) ach go háirithe. Cé go bhfuil aiteacht agus dúshlán ag baint le cuid de na scéalta is fearr sa chnuasach seo, agus téamaí tromchúiseacha go minic idir chamáin, ní saothar trom litríochta é Gearrscéalta an Chéid ach cnuasach a léifeá de ghrá na léitheoireachta féin.
nós 37
l i á d ó íosanloireachtais! app
An bhfuil tú i Leitir Ceanainn? An bhfuil iPhone agat? Ar mhaith leat bheith ar an eolas faoi imeachtaí, comórtais agus torthaí an Oireachtais? Íoslódáil sás oifigiúil an Oireachtais, saor in aisce, anois ó iTunes!
glac síntiús linn put nós in your hands
+ FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + SÁBHÁIL 17% ar phraghas clúdaigh na hirise. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:
ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90
*
Ceol
saol
*
saol
nós 41
Ag ceiliúradh na marbh, down Mexico way Tá an traidisiún a bhaineann le El Dia de los Muertos, Lá na Marbh, i Meicsiceo ar na traidisiúin is iontaí ar domhan. Seo léargas ar na nósanna ársa atá anois ag trasnú theorainneacha na tíre...
A
g an tráth seo bliana in Éirinn bíonn daoine ó cheann ceann na tíre á ngléasadh féin in éadaí scanrúla, á maisiú féin go taibhsiúil agus ag géaradh amach na bpuimcíní bochta. Thar na blianta is mór an t-athrú a tháinig ar na nósanna a chleachtar ag aimsir na Samhna ach tá fréamhacha réamh-Chríostaí ár sinsear go fóill le brath i spraoi na hoíche, sa tine ach go háirithe. (Do na Gaeil ar ndóigh is comhartha é Oíche Shamhna go bhfuil an fhéile is mó agus is fearr sa bhliain, an tOireachtas, buailte linn arís eile agus gur féidir linn gach gné Ghaelach a cheiliúradh ó oíche go maidin agus ó mhaidin go hoíche, ach sin scéal eile.) Taobh amuigh de na cóisirí, de na tinte ealaíne agus den bhréigéide, tá traidisiún na Samhna ceangailte leis an Chríostaíocht trí Lá na Naomh Uile agus Lá na Marbh a thiteann ar an chéad dá lá den mhí agus ar laethanta naofa iad de réir Chríostaíocht an iarthair. Aithnítear na laethanta seo i dtíortha ar fud an domhain ach tír amháin a dhéanann ceiliúradh ar leith ar an dá lá ná Meicsiceo, áit a mbíonn deasghnátha dathannacha ar siúl atá ina ndlúthchuid den chultúr agus den fhéiniúlacht áitiúil.
Blaoscanna, bronntanais, milseáin, damhsaí, coinnle, bláthanna… bíonn siad sin uilig agus tuilleadh le feiceáil ag na himeachtaí éagsúla le linn El Dia de los Muertos agus cruthaítear féile an-sainiúil dá bharr. Tá bunús an traidisiúin seo le fáil i stair phágánach Mheiriceá Láir agus tá sé anois measctha le heilimintí Críostaí a fhágann go bhfuil Lá na Marbh Meicsiceach ar na féilte is iontaí dá bhfuil ann. Leagtar an bhéim ar fad orthu sin atá básaithe agus deirtear go cuirtear fáilte rompu ar ais abhaile ar feadh móininte ar an lá. Is nós coitianta é ag teaghlaigh go dtógann siad scrín ar leith chun na gaolta leo atá marbh a onórú agus déantar é a mhaisiú le grianghrafanna, coinnle agus féiríní éagsúla ar nós bréagán do na páistí atá ar shlí na fírinne agus tequila do dhaoine fásta. Déanann daoine bia áirithe a thairiscint do na mairbh chomh maith, Pan de Muerto (arán anise ar a gcuirtear crosa siúcra) agus cloigne beaga milse an dá cheann is clúití. Carachtar amháin atá ag croí na féile ná La Calavera Catrina, cnámharlach baineann a bhíonn gléasta i ngúna agus hata agus ar leagan comhaimseartha í den bhandia Astacach Mictecacihuatl. Tá an cnámharlach
cuanna seo anois i measc na n-íomhánna is aitheanta de Lá na Marbh i Meicsiceo agus is minic mná gléasta mar í ag cóisirí (féach clúdach an eagráin seo le leid a fháil den chineál feistis atá i gceist!). Ach in ionad bheith scanrúil agus dorcha, is ceiliúradh saoil é seo atá ar bun ag na Meicsicigh, féile a dhéanann ceiliúradh ar an bhás agus ar an bheatha trí chéile agus a bhfuil go leor spraoi ag baint leis. Ceann de na nósanna éagsúla a léiríonn cuid den sult agus den ghreann sin ná na bréag-scéalta báis a chuirtear i gcló sna nuachtáin ar fud na tíre, iad ag déanamh aoire ar dhaoine agus eachtraí reatha. Deirtear go gcuidíonn an ceiliúradh poiblí ar na mairbh lena ngaolta agus leis an phobal iomlán déileáil leis an bhás, rud atá ábhartha go maith i dtír atá ag fulaingt le tamall anuas de bharr chogadh na ndrugaí. Agus den chéad uair riamh tá pobail ar an taobh ó thuaidh den Río Grande ag fáil blais ar an traidisiún seo le daoine de bhunadh Mheicisceo anois muiníneach go leor chun El Dia de los Muertos a chleachtadh ina mbailte nua i SAM. Is í an éagsúlacht spíosra an tsaoil agus tá neart de le fáil i measc na mbeo agus na marbh ‘down Mexico way’.
42 nós
*
saol Cuid de na híomhánna a bhaineann le Lá na Marbh i Meicisceo. Deiseal ón bharr: Dhá dhealbh de La Catrina ar taispeáint; Scrín in ómós na marbh; Bord maisithe mar scrín mar aon le bronntanais éagsúla i dteach i Meicsiceo; bean ghléasta mar chuid de cheiliúradh El Dia de los Muertos i SAM.
Grianghrafanna: Casper Mooney, Christian Frausto Bernal, Raquel Van Nice
*
44 nós
saol
Tá blas faighte ag Méabh Ní Choileáin ar na ‘sean-siopaí’ milseán atá á n-oscailt le déanaí i mbailte ar fud na tíre, agus taitníonn an nós léi...
“N
íl saol ar bith níos fearr ná an fíor-shamhlaíoch” a dúirt Willy Wonka leis na páistí agus iad ar turas trína mhonarcha amhra, ag déanamh iontais de radharc breá na habhann seacláide agus na sceacha le milseáin ag fás orthu. Don chúigear carachtar a raibh an t-ádh orthu teacht ar an dticéad órga sin – agus do lucht féachana an scannáin mar aon – bronnadh tír na n-iontas de shaghas ar leith orthu thar na doirse móra dúbailte sin. Ach ní thar na doirse sin amháin a mbíonn an éagsúlacht mhilseán ait agus iontach i bhfolach. B’fhéidir nach raibh a leithéid de rud is eas seacláide ann, ná fáil ar uachtar reoite te ar laethanta fuara, faoi mar a cheap Wonka, ach le déanaí tá an-spéis léirithe ag muintir na hÉireann i milseáin atá as an ngnáth, agus go háirthe i milseáin ón am atá thart. Thar timpeall na tíre, tá siopaí beaga ag preabadh aníos agus gach cineál milseán idir úlla taifí agus pónairí agus líreacáin mhóra daite ar díol acu. Ach cad chuige an spéis thobann seo i leithéidí Ye Olde Sweet Shoppe ar Shráid an Dáma nó Slip’s Sweet Shop i gCill Chainnigh? Dar le The Financial Times, ó thaobh airgid de, ní chosnaíonn sé mórán chun milseáin a dhéanamh agus mar sin ní dhíoltar ar phraghas ró-ard iad. Is só-earra de shaghas iad agus bíonn éileamh seasmhach orthu toisc nach bhfuil siad ró-chostasach. Sa bhealach seo, tá siad saor ón gcúlú eacnamaíochta agus ar ndóigh is tarraingt láidir é sin d’infheistóirí. Ach caithfidh go bhfuil níos mó ag baint leis an bhfaisean nua seo ná luach ar airgead amháin, ach go háirithe toisc nach fíor “sean” siopaí iad seo ar chor ar bith ach siopaí a bunaíodh le cúpla bliain anuas agus a bhfuil sean-chuma orthu. “Don chuid is mó, is tuismitheoirí agus a gcuid páistí a thagann isteach sa siopa,” a deir Rachel White, atá ag obair i Kitty’s Cabin Confectionary a d’oscail i gCill Chainnigh mí Lúnasa seo caite. “Deir siad go gcuireann an siopa agus na sean-mhilseáin a n-óige i gcuimhne dóibh.” Istigh sa siopa ina bhfuil Rachel ag obair tá milseáin ar gach méid agus gach dath le feiceáil agus daoine idir óg agus aosta sona sásta ag breathnú thart. “Is rud deas do na páistí é teacht isteach agus milseáin a roghnú lena dtuismitheoirí” a deir sí. Ach ní i súile na bpáistí amháin atá gliondar le feiceáil.
Tá na tuismitheoirí ar bís freisin agus is léir go gcuireann na sean-mhilseáin seo am atá thart i gcuimhne dóibh. Agus muid ag fanacht ar ár mála ceathrú-tomhais ag an gcúntóir, smaoinimíd ar laethanta ár n-óige agus am a bhí níos simplí. I gcomparáid leis an tír mar atá sí faoi láthair, tá cuma “ré órga” ar na sean-laethanta seo. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil margadh ann inniu don chumha. Le cuma chomh gruama sin ar chúrsaí eacnamíochta, is deas teacht ar áit nach gcloistear na téarmaí ‘eisimirce céimí’ nó ‘cothromas diúltach’ ann.
*
saol
Is cuimhin liom nuair a d’oscail sciamhlann fireann san áit a raibh siopa milseán i mo shráidbhaile féin (malairt gnó a deir an t-uafás faoi ré an Tíogar Cheiltigh) agus is cinniúnt cosúil leis sin a d’fhulaing go leor de na fíor-shean-siopaí milseán eile chomh maith. Níorbh fhéidir leis na siopaí beaga seo maireachtáil in aice na siopaí nua-aimseartha agus sofaisticiúla a bhí ag teacht isteach agus leis sin, dhún go leor acu a gcuid doirse. Ach is léir nár mhair ár suim i siopaí a dhíol leithéidí iógart reoite mar tá na sean-siopaí milseán i bhfaisean arís agus an chuma orthu go raibh i gcónaí. An bhfuilimid ag cur dallamullóg ar na turasóirí
bochta a ghlacann pictiúir de na siopaí seo, iad ag ceapadh gur blaiseadh de sheanchultúr na tíre iad, cé nach bhfuil siad ach cúpla bliain d’aois? B’fhéidir é, ach má leanann an rath orthu ní fada go mbeidh an fíorshaol mar a shíltear é bheith i gcás na ‘sean’siopaí seo. Is deas an rud é slí éalaithe a bheith againn ó réaltacht na linne seo agus ligint orainn gurb é an cinneadh idir bon bons agus sherbert líomóide an chloch is mó ar ár bpaidrín ar feadh tamaillín. Faoi mar a dúirt Wonka é féin, “iontais bheaga ar gach coirnéal, gan aon dochar ag baint leo”.
nós 45
*
46 nós
saol
ar tharla seo cheana? Ní féidir bheith iomlán cinnte nach raibh an cine daonna ar an domhain seo cheana. Agus ní féidir bheith cinnte ach an oiread nach bhfillfear ar laethanta na Clochaoise. Cuireann Mícheál Mac an Bheatha an fhianasie romhainn...
A
r mhothaigh tú na grianghrafanna sin a glacadh le déanaí de dhaoine dúchasacha i ndufair Mheiriceá Theas? Iad péinteáilte, armtha le saighead is bogha, lomnocht, gan tuigbheáil acu ar an saol mór taobh amuigh dá dtreibheanna féin? Fiagaithe cnuasaitheoirí (hunter gathers) atá iontu, daoine a mhaireanns sa nádúr mar chuid den nádúr. Daoine nach bhfuil aon pháirt acu leis an saol domhandaithe seo, daoine ‘neamh-shibhialaithe’ mar a déarfadh bunaíocht na dtíortha Iartharacha. Baineann siad le saol eile, tá cultúr s’acu níos cóngaraí
*
saol do chultúr na clochaoise ná mar atá sé do na dóigheanna nuaaimseartha de theacht i dtír atá sna cathracha taobh amuigh den Amasóin. Ach smaoinigh air seo: Ní i Meiriceá Theas a rugadh an cine daonna. Ní raibh na daoine seo ansin i gcónaí. Tá a fhios againn, a bhuí leis an eolaíocht, go síolraíonn na treibheanna seo ó dhaoine a bhog trasna ar an oighear (nó ar bháid fiú) ón tSibéir san Áis go dtí Alasca i Meiriceá Thuaidh. Bhog siad anuas go Meiriceá Theas de réir a chéile sula ndearna siad a mbailte go domhain sa dufair. Bí cinnte nach raibh siad nocht agus iad i mbun an turais sin. Lena chois sin, ó am go chéile, faightear teampaill, cathracha agus eile sa dufair chéanna. Cé thóg iad? Daoine éagsúla? Agus smaoinigh chomh maith faoi Machu Pichu, na hInca, na Maya agus na hard-shibhialtachtaí eile a raibh le fáil i Meiriceá Theas sular léirigh na Críostaithe a ngrá don ilchríoch, lena mbíoblaí, claimhte agus bolgach. Ní raibh na daoine seo sa chlochaois i gcónaí, d’fhás siad as an chlochaois ach d’fhill siad arís ann. Is é an pointe anseo ná gur féidir leis an teicneolaíocht dul siar, is féidir le daoine dearmad a dhéanamh ar mhodhanna saoil agus teicneolaíochtaí nuair nach mbíonn siad de dhíth orthu níos mó. 40 bliain ó shin, cuireadh fear ar an ghealach (mar dhea), ach cha dtiocfadh leo a dhéanamh inniu – más scéal fíor é sin is léiriú é ar theicneolaíocht atá á cailleadh, meirg ag teacht air sa chlos mangarae. Is léir gur féidir ‘sibhialtacht’ agus teicneolaíocht a bheith ag dream éigin ag pointe éigin sa stair agus is féidir leis an dream sin, tar éis tamaill agus mar gheall ar athruithe maireachtála, dearmad a dhéanamh ar an rud céanna. Mar sin de, is í an cheist a chuirim orm féin ná seo: An raibh an cine daonna anseo cheana? An raibh sibhialtacht bunaithe ar theicneolaíocht againn cheanna ach gur cailleadh é agus gur tligeadh sinne mar chine ar ais chuig an Chlochaois, chuig stáid an nádúir. Go deimhin seans gur tharla sé arís agus arís eile; seans nach bhfuil aon éalú as an timthriall seo. Dodhéanta? Amaideach? Cogar, tuigtear do shaineolaithe, dá mba rud é gur imigh an cine daona ón domhain seo, nó an chuid is mó againn fiú, agus nach raibh ann ach dornán de dhaoine ag maireachtáil mar fhiagaithe cnuasaitheoirí, tuigtear dóibh nacg mbeadh rian dár sibhialtacht fágtha. Ní bheidh oiread is meaisín nó foirgneamh ábalta maireachtáil. Taobh istigh de 100 bliain nó mar sin, ní bheadh fágtha dár gcoirp, dár gcarranna, dár dtithe ach smúit. Taobh istigh de 1,000 bliain ní bheadh rian dár gcathracha le feiceáil.
nós 47
“Tá roinnt agaibh fós ag smaoineamh nach féidir deireadh theacht leis an saol mar atá sé inniu againn. Tá ceist agam oraibh mar sin - cén fáth a bhfuil pictiúir d’ingearáin le feiceáil ar phirimidí na hÉigipte? Agus luasbháid, agus carranna? Dochreidte, nach bhfuil?” Taobh istigh de 10,000 bliana ní bheadh rian fágtha den chine daona ar an domhain seo. Deirtear gur féidir go mbeadh Mount Rushmore fós le feiceáil agus b’fhéidir rud beag den Hoover Dam ach sin é. Tá an cine daonna ar an domhain seo le breis is milliún bliain ach níl mórán faighte ag an tseandálaíocht atá níos sine ná 5,000 bliain d’aois. Ní fhágann fiagaithe cnuasaitheoirí mórán de rian áit ar bith. An bhfuil tú fós cinnte nach raibh muid anseo cheana? Dá réir mar a thuigeann muid, níor thosaigh ár sibhialtacht ach thart ar 5,000 bliain ó shin agus níos thosaigh aois na teicneolaíochta go dtí tuairim ar 120 bliain ó shin. Mar sin, arbh fhéidir a bheith cinnte nár bhain muid an leibhéal seo amach cheana agus nár thit sé as a chéile cheana mar atá sé ag titim as a chéile faoi láthair? Galar, athrú aeráide, cogaíocht, cúrsaí airgeadais, d’fhéadfadh rud ar bith acu seo muid a chur ar ais sa Chlochaois, i muinín ár ar gcumas rite agus ábaltacht chun bogha a úsáid, ar ais chuig am nuair a bhí an saol ‘mioscaiseach, brúidiúil agus gearr’. Sea, tá roinnt agaibh fós ag smaoineamh nach féidir deireadh theacht leis an saol mar atá sé inniu againn, ag tabhairt croí isteach de bhur gcuid x-boxes. Ceist oraibh mar sin, cén fáth a bhfuil pictiúir d’ingearáin le feiceáil ar phirimidí na hÉigipte? Agus luasbháid, agus carranna agus...? Sea, amharc ar na pictiúir, tá siad dochreidte, nach bhfuil? Bígí eaglach! Mise? Deamhan gur miste liomsa – breá cleachtaithe leis an bhogha atá mé agus is breá liom a bheith nochtaithe taobh amuigh.
Déanta i gCalifornia - Deartha i gCalifornia. Saor ó Shiopaí Allais americanapparel.net
Geansaithe agus Stocaí. le American Apparel
®
Seo Eva.
Is iníon léinn 20 bliain d’aois í Eva as Arcata, California. Is damhsóir bailé clasaiceach í agus is é Sir Link, Cú Faró a bhfuil cuma aisteach air, an cara is fearr aici. Tá Cable Knit Pullover i mburgún á chaitheamh aici le fobhrístí agus stocaí glúine UnisexNub Ribbed.
Suíomh Siopa: Baile Átha Cliath 114-116 Sráid Grafton Fón. +353 +353 (0) 16706936
**
Ceol Taisteal
50 nós
gníomhaíochas
‘what ish my nation?’ Cíorann Feargal Mac Ionnrachtaigh an tionchar atá fós ag an choilíneachas ar cheist na féiniúlachta sa stát tuaisceartach sa lá atá inniu ann agus an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge i athneartú aitheantas cultúrtha na tíre.
“
...because it is a systematic negation of the other person and a furious determination to deny the other person all attributes of humanity, colonialism forces the people it dominates to ask themselves the question constantly.” Is mar seo a chuir an teoricí díchoilínithe Frantz Fanon síos ar an ghéarchéim féiniúlachta a eascraíonn ón choilíneachas ina shaothar In reality, who am I?. Bhí an feiniméan seo le sonrú sa líne cháiliúil ón charachtar Éireannach Captain Macmorris sa dráma Henry V de chuid Shakespeare agus é ag ceistiú, “What ish my nation?” Is cinnte nach dtig linn ceist na féiniúlachta in Éirinn a thuiscint ina hiomláine gan súil a chaitheamh ar thionchar tubaisteach an choilíneachais ar an tsícé náisiúnta. Fágadh lorg fadtéarmach ar mhuintir na hÉireann mar gheall ar an phróiseas seo le coimpléasc ísleachta, spleáchas agus féin-íomhá dhiúltach le sonrú go flúirseach ionainn.
Nuair a tháinig ann do Thuaisceart Éireann sa bhliain 1920 bhí coilíniú cultúrtha na tíre mar dhúshraith bhunaithe ag an stáitín úr. Bheadh móramh aontachtach buan sa réigiún nua chun todhchaí na himpireachta a dhaingniú. Dála sochaithe coilíneacha eile ar nós pobail lonnaitheoirí na Céinia, na hAfraice Theas agus Iosrael, d’fhorbair idé-eolaíocht láidir bunaithe ar an ról uachtarach a chosaint, ar eagla roimh aon athrú agus agus ar dhígeantacht pholaitiúil a chinntigh an gá chun an mionlach a imeallú ó thionchar agus cumhacht. Chiallaigh seo go raibh sé ríthábhachtach nár aithníodh go raibh cultúr, stair ná féiniúlacht éagsúil ag na bundúchasaigh roimh ré na coilíneachta. Seo an fáth gur cuireadh baic roimh theagasc na Gaeilge agus foghlaim na staire i gcóras oideachais an stáit Oráistigh.
*
gníomhaíochas
Sa chomhthéacs seo, léirigh agóidíocht nó éirí amach ón mhionlach go raibh gá ann chun smacht láidir a choinneáil orthu seachas an easpa comhionannais a d’fhulaing siad a chur ina cheart. Bíonn streachailt ag an aontachtachas lonnaitheora ar dhá fhronta; ar dtús baire chun smacht a choinneáil ar an mhionlach agus ansin an troid leanúnach leis an mháthairstát coilíneach chun staid uachtarach pholaitiúil agus eacnamaíochta s’acu a choinneáil i mbarr a réime. Thaispeáin an straitéis idirbheartaíochta a d’úsáid Rialtas na Breataine ag cainteanna Chomhaontú an Chéasta in 1998 go raibh scil ar leith bainteach le freastal ar an pharadacsa seo. I ndiaidh 40 bliain de streachailt ón phobal náisiúnach ó thuaidh, ní fhéadfadh don stát Oráisteach leanúint mar a bhí. Bheadh siombalachas agus féiniúlacht an Éireannachais le haithint taobh istigh de smacht na Ríochta Aontaithe. Is mar gheall air seo go raibh prionsabail na comhthola – a chinntigh stádas bunreachtúil an stáitín – mar bhunchloch sa chomhaontú. Ach, nuair a d’aontaigh na páirtithe náisiúnacha le sárú an chirt chun féinchinntiúcháin náisiúnta, fosclaíodh an deis go bhforbrófar fís do Tuaisceart Éireann Úr. D’éiligh Príomhaire an tuaiscirt Peter Robinson aitheantas béil don fhís seo ar na mallaibh agus é ag iarraidh ar pholaiteoirí náisiúnacha ‘ainm na tíre’ a úsáid seachas leanúint leis an ‘cur i gcéill’ agus ‘dímheas’. Dhearbhaigh Robinson go
raibh gnáthnáisiuntóirí chun tosaigh ar na polaiteoirí s’acu agus iad ag úsáid ‘Tuaisceart Éireann’ le fada an lá. Léirigh an ghéarchéim féiniúlachta a tháinig chun cinn nuair a d’fhógair an t-imreoir gailf Rory McIlroy gur mhothaigh sé ‘Northern Irish’, léirigh sé go bhfuil contúirt ann go bhfuil fírinne éigin i ráiteas Robinson. Is páistí de chuid an phróisis síochána iad daoine ó ghlúin Rory, a d’fhás aníos le cúig bliana déag de reitric an Tuaisceart Éireann úr a spalpann BBC NI agus UTV agus iad ag craobhscaoileadh dioscúrsa cumhachtach a bhuanaíonn féiniúlacht ‘Northern Irish’. Ainneoin go dtugtar spás teoranta don chultúr Ghaelach agus cluichí Chumann Lúthchleas Gael, is mar chuid den ‘todhchaí roinnte’, ‘ílchultúrachas’ agus ‘carve-up’ seicteach é a shainmhíníonn ‘ár dtír Bheag’ de chuid na Ríochta Aontaithe. Taispeánann an débhríochas féiniúlachta seo go bhfuil géarghá le hathghabháil na Gaeilge mar chroíphointe spreagtha don athshealbhú féiniúlachta atá ag teastáil chun fís athghabhála na tíre a fhíorú. Aithnítear go forleathan ar fud an domhain gurb í an teanga náisiúnta an eochair don fhéiniúlacht chultúrtha. Is nuair a chuirtear an teanga chun cinn le cuspóir soiléir díchoilínithe gur féidir coimpléasc ísleachta stairiúil s’againne a réiteach. Bhéarfaidh seo deis dúinn dúshlán a chur roimh an ghéarchéim agus roimh an débhríochas féiniúlacha atá á chothú i dTuaisceart Éireann Úr.
nós 51
52 n贸s
dearadh
*
dearadh
réalta úr Réicivíc Caitheann Scott De Buitléir súil ar cheann de na forbairtí ailtireachta is suntasaí san Eoraip, Harpa, ceoláras álainn nua na hÍoslainne
I
s féidir le ceol daoine a bhailiú le chéile, agus tiocfaidh daoine ó na ceithre hairde chuig ceoláras má tá an áit agus a cuid léirithe ar chaighdeán maith go leor. Tarlaíonn a leithéid le ceolfhoirgnimh den scoth, fiú muna bhfuil sé i gceist ag daoine ach a rá go bhfuil an áit feicthe acu; smaoinigh ar Áras Cheoldrámaíochta Sydney, Halla Albert i Londain, Carnegie Hall agus an Metropolitan Opera i NuaEabhrac agus go leor eile nach iad. Más fearr an áit, is fearr an t-eispéireas do mhuintir na gcathracha agus a gcuid turasóirí araon, agus sin agaibh tábhacht na hailtireachta leis. Leis sin, bhí ar mhuintir Réicivíc bheith thar a bheith cúramach nuair a rinneadh cinneadh ceoláras nua a thógáil don gcathair agus don tír, tír a bhraitheann go mór ar an turasóireacht leis an eacnamaíocht a choinneáil slán. An toradh ar an gcúram sin ná Harpa, ceoláras nuaaimsearach galánta a d’oscail na doirse i mí Bealtaine anuraidh. Cé go bhfuil an ceoláras féin deartha ag Ailtirí Henning Larsen, atá bunaithe sa Danmhairg, tá aghaidh an fhoirgnimh deartha ag ealaíontóir agus dearthóir ÍoslannachDanmhairgach, Olafur Eliasson. Rugadh Eliasson i gCóbanhávan ag tuismitheoirí Íoslannacha, agus rinne sé staidéar ar Det Kongelige Danske Kunstakademi (Acadamh Ealaíon Ríoga na Danmhairge) idir 1989 agus 1995. Bhain sé clú áirithe amach sa Bhreatain nuair a sheol sé taispeántas siar i 2003 sa Tate Modern dar teideal ‘Weather Project’ ar ar chuir sé grian bheag déanta de thart ar dhá chéad bolgán solais íseal-shóidiam. Toisc a chúlra Íoslannach, agus a chuid taithí dheartha a taispeánadh timpeall Chríoch Lochlann, na hEorpa agus na hÁise, roghnaigh rialtas na Íoslainne é chun aghaidh úr a chur ar ealaíona na hÍoslainne. D’oibrigh sé le Henning Larsen agus comhlacht Íoslannach, Ailtirí Batteríið i Réicivíc, chun a fhís a fhíorú. Le balla déanta as gloine heicseagánach, cuid acu daite agus cuid eile scáthánta, tá aghaidh an fhoirgnimh in ann radhairc na mórthimpeallachta – cathair Réicivíc agus tírdhreach na hÍoslainne – a fhrithchaitheamh.
Agus an chuma ar an halla ceoil seo go bhfuil ballaí criostail aige, chuirfeadh sé Músaem Titanic Bhéal Feirste i gcuimhne dár muintir féin. Ach toisc go bhfuil sé déanta as gloine (seachas stáin, mar atá i mBéal Feirste) tá an foirgneamh in ann súgradh le solas agus radhairc na háite. “Tá spéis agam sa chuma a bhíonn air, ag brath ar an áit óna bhfuil tú ag féachaint air,” a dúirt Eliasson. “Is ‘comh-léiritheoirí’ iad na daoine a amharcann air, sílim, mar gheall ar an gcoincheap sin.” Cé nach réadúil an téarma é sin le tabhairt ar gach duine a thagann chuig an halla, tugann sé leid den idirghníomhachas a bhíonn ar siúl idir cuairteoir agus foirgneamh. Sin uilig ráite, ní théann daoine chuig ceoláras chun breathnú air amháin, cé gur sin páirt den eispéireas. Téann daoine ann chun éisteacht le ceolfhoireann, le ceoltóir aonair nó ceoldráma cáiliúil. Cé go mb’fhéidir go mbeadh sé ciotach go leor taisteal chun na hÍoslainne, tá níos mó ná 350,000 cuairteoir faighte ag Harpa – méid atá níos mó ná daonra na hÍoslainne í féin. Tá go leor leor ceoltóirí cáiliúla i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an halla, ar nós Tony Bennett, Björk, Yoko Ono, Jamie Cullum agus an pianódóir mór le rá Maria Joao Pires. Baineadh úsáid as casáin adhmad agus cuireadh banda uisce – móta de shaghas éigin – os comhair Harpa; siombal a léirigh aistriú ón aimsir chaite go dtí an lá inniu. Leis seo agus an príomh-façade a dhearaigh Eliasson, ní iontas é gur bhain Harpa duais amach anuraidh ag Stockholm Arkitekturmässan (Féile Ailtireachta Stocóilm) le haghaidh ‘Spás Poiblí is Fearr’. An rud a chuir go leor iontais ar an domhan idirnáisiúnta áfach nár gur tógadh an halla ceoil Íoslannach ar chotas US $150 milliún (¤116m). Tharla sé seo i dtír ar bancbhriseadh í cúpla bliain ó shin agus bhí an earnáil ghnó amhrasach gurbh fhiú a leithéid d’fhoirgneamh a fhorbairt i dtír iarghúlta go leor. Pé scéal é, tógadh an áit agus tháinig na cuairteoirí. B’fhéidir gurbh fhiú é díreach mar gheall air sin amháin.
nós 53
54 n贸s
*
dearadh
*
dearadh
An radharc mórthaibhseach den taobh amuigh de Harpa ar imeall na farraige ar chósta Réicivíc, mar aon le híomhánna den taobh istigh uathúil.
Grianghrafanna: Nic Lehoux, Bára Kristinsdóttir, Ari Magg agus Hördur Sveinsson.
nós 55
56 nós
*
dearadh
ealaín ag IMRAM Cuireadh clár lán d’imeachtaí den chéad scoth le chéile le haghaidh na Féile Litríochta Gaeilge, IMRAM, arís i mbliana agus mar chuid de bhí taispeántas ar leith ó mhic léinn DIT (ITBÁC). Dhearaigh cuid acu siúd atá i mbun an chúrsa Cumarsáid Radharcaigh sa choláiste sraith ealaíne a léiríonn an míniú a bhain na mic léinn éagsúla as saothair na bhfilí Gabriel Rosenstock, Doireann Ní Ghríofa, Dairena Ní Chinnéide agus Gearóid Mac Lochlainn. Mar aon leis na píosaí bheith ar taispeáint in ITBÁC le déanaí, baineadh úsáid astu i bhfeachtas fógraíochta IMRAM agus crochadh 20 póstaer san iomlán d’obair na mac léinn ar fud Bhaile Átha Cliath. Anseo agus ar na chéad leathanaigh eile tá sampla den saothar speisialta.
*
dearadh
Leathaigh 56/57: Dearadh: Kristiána Kendzirová - Focail: Daireana Ní Chinnéide Leathaigh 58/59, deiseal ón bharr: Dearadh: Maija Sardiko - Focail: Doireann Ní Ghríofa Dearadh: Emma Grattan - Focail: Daireana Ní Chinnéide Dearadh: Niall Burnell - Focail: Gearóid Mac Lochlainn Dearadh: Derek Doyle - Focail: Janak Sapkota / Gabriel Rosenstock
nós 57
58 n贸s
*
dearadh
*
dearadh
n贸s 59
60 nós
stíl
glas + faisean = glaisean Ar mhaith leat bheith i do ‘ghlaiseanista’? Tá na noda is déanaí ag caitlín nic íomhair...
n
íl sé éasca a bheith i do ghirseach ghlas. Déanann muid ar fad cúis leis an rud atá ar láimh – greim gasta nach dtéann chun ár leasa, buidéal uisce a bheas fós ar an talamh agus muidne sa chré, eitilt atá níos saoire ná traenacha srl. Is trom an t-ualach an coinsias agus tú ag siopadóireacht, go háirithe d’earraí riachtanacha an tsaoil: bia, éide agus, erm, smideadh. Is tráthúil mar sin go bhfuil athbheochan bheag ar siúl i ndomhan an fhaisin faoi láthair a fhéachann le do choinsias is do cholainn a mhaisiú mar aon. Tá DIY faisean ar an fhód le fada, ach buíochas leis an idirlín tá borradh úr faoi éadaí agus smideadh a dhéanamh sa bhaile, agus rath ar chomhlachtaí nach mbacann le tástáil ar ainmhithe ná le ceimicí láidre. Cad é a dhéanfadh éicea-laoch ach an ‘glaisean’ is úire a thriall? Filleadh na fuála Tosaímis le héadaí: cén fáth an mbacfadh éinne lena chuid féin a dhéanamh ar na saolta seo agus iad ar fáil ar phraghas aníseal? Más fíor go vótálann tú le do chuid airgid, deis atá ann diúltú do chomhlachtaí atá luaite le siopaí allais, cáin-seachaint agus domhan-truailliú. Is doiligh teacht ar éadaí snasta atá déanta ag ceardchumainn ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe agus tú ar bheagán airgid.
Ar bhonn níos pearsanta, scil fhiúntach í an fhuáil atá caillte ag an chuid is mó dínn le fíor-bheagán ama anuas, agus cosúil le scil ar bith, tagann saoirse bheag léi. Le giota beag cleachtaidh, thig leat éalú ón leibhéal ifrinn sin is seomra gléasta Penney’s ann agus do rogha éadaí a chruthú i do sheomra féin de réir do thoisí féin. Achan seans go bhfuil gach dá bhfuil de dhíth ort tigh do mháthar nó do mháthar móire, agus gliondar orthu siúd go bhfuil tú ag cur suime sna seandóigheanna. Le toiseacht ní theastaíonn ach snáthaid, snáth, éadach agus patrún (i. treoracha páipéir i gcruth an ruda). Tosaigh le héadach saor ar eagla go ndéanfá praiseach den chéad cúpla babhta – agus coimhéad do mhéara! Cosúil le scil ar bith, bíonn an fhuáil deacair agus fadálach ar dtús, ach tá rogha as cuimse de phatrúin ann agus ar deireadh cruthaíonn tú píosa éagsúil duitse amháin. Infheistíocht atá sna patrúin: bíonn idir ¤5-15 orthu ach is féidir iad a úsáid arís le héadaí difriúla, agus is iondúil go bhfaigheann tú cúpla patrún i ngach beart. Má bhíonn tú tógtha leis i gcónaí agus cúpla píosa curtha i gcrích agat, cuardaigh siopaí athláimhe nó Ebay faoi choinne sean-inneall fuála agus beidh tú in ann sciorta úr a chruthú taobh istigh d’uair a’ chloig! Ceart go leor, ní athróidh sé an domhan agus ní ghortóidh sé go ródhona ar na hollmhargaí, ach caitheamh aimsire sultmhar fiúntach atá ann agus beidh tú in ann éadaí saincheaptha a chruthú nuair a fheileann sé duit.
*
stíl
Smideadh sláintiúil Rud eile atá i mbéal – agus ar bhéal - gach glaiseanista ná smideadh sláintiúil eiticiúil. Aríst, déanann roinnt daoine é seo sa bhaile, ach (mo bhrón) níl sé leath chomh furasta le héadaí a fhuáil. Más rud é nach dteastaíonn uait ach giota beag luisnigh ar do leicne agus dath bog ar do shúile, seans go ndéanfaidh an smideadh is sine ar domhan cúis: toradh. Níl de dhíth ach cúpla sméar reoite leath-leáite úsáidtear an t-uisce daite ar leicne agus súile. Maireann sé níos faide ná mar a shílfeá, ach ní bhíonn sé chomh suntasach le gnáth-smideadh. Thig leat an rud céanna a thriall le biatas, agus – dála an scéil – deirtear liom gur an-díbholaíoch é sú líomóide chomh maith... Admhaím nach bhfuilim iomlán cinnte faoin smideadh ‘guerilla’ seo, ach ní drochscéal amach is amach é dúinne a dteastaíonn uainn níos mó ná póigín bog datha le caoi a chur orainn ar maidin. A bhuíochas le comhlachtaí glasa, ní gá rogha lom a dhéanamh idir smideadh a trialladh ar shúile coiníní nó díbholaíoch atá luaite le hailse chíche ar leith amháin, agus a bheith i do hipí críochnaithe le píosa líomóide faoi ascaillí do léine hemp ar an leith eile. Tá fáil anois ar smideadh sláintiúil, orgánach, eiticiúil atá déanta d’ábhair nádúrtha agus a fheileann do gach saghas craicinn. Bíonn an smideadh seo mórán ar chomh-phraghas le brandaí maithe eile agus fáil air ar líne (ó 100% Pure) nó ar an mhórshráid féin ó Lush. Tá raon úrnua smididh seolta ag Lush (atá ag saothrú leo i ngort na gallúnaí le fada) araon le réimse leathan d’earraí pearsanta glasa den scoth, ó thaos fiacla agus díbholaíoch nádúrtha go ‘gorilla perfume’ agus dath gruaige. Dath ón dúlra Anois agus boladh breá, éadaí snasta agus smideadh caoin socraithe againn, níl fágtha ach dath gruaige. Is é henna arm rúnda gach glaiseanista. Táthar á úsáid leis na cianta san oirthear le craiceann agus gruaig a dhathú. Déanta de chrann pribhéid, púdar é seo a gcuireann tú uisce leis le taos a dhéanamh. Níl sé chomh gasta le gnáthdhath agus bíonn sé rud beag ina phraiseach, ach tá sé le fáil go han-saor agus is feabhsaitheoir den scoth é. Níl an réimse dathanna chomh héagsúil le dathanna ceimiceacha, ach bíonn cuma bhreá nádúrtha agus anlonrach ar ghruaig hennáilte, agus is féidir an dath a láidriú le hearraí ar nós líomóide, caife agus púdar cillí. Anois, cé a dúirt go bhfuil sé deacair a bheith eiticool..?
nós 61
Irisí? Tá na milliúin againn, saor in aisce. An iris seo ina measc. Issuu.com
*