NÓS 31 - Márta 2013

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois €5 | £4

márta 2013 | eag. 31

éacht hugo Oidhreacht Chávez le cosaint i Veiniséala

an tidirlíon nocht An mbreathnaímid ar an iomarca porn?

Aniar Aduaidh

Mairéad Ní Mhaonaigh ar an mbosca

rí-rá rex

An dineasár is clúití in Éirinn


fรกilte


*

fáilte

5 cúig ard!

Breithlá sona dúinn! Is é, tá sé deacair a chreidiúint ach tá NÓS cúig bliana d’aois an mhí seo. Ar Lá Fhéile Pádraig 2008 foilsíodh an chéad eagrán ar líne agus, mar a deir siad, is stair í an chuid eile. Ar feadh tamaill roimhe sin bhí coincheap na hirise á fhorbairt agus á phlé. Mhothaigh muid nach raibh aon fhoilseachán ann, nó suíomh idirlín fiú ag an am, a léirigh an fuinneamh beoga ná na suimeanna dathannacha a bhí ag pobal comhaimseartha na teanga, agus theastaigh uainn sin a athrú. Bhí fís againn, agus theastaigh uainn í a fhíorú. Cúig bliana ar aghaidh agus tá cuid mhaith déanta ach neart eile le déanamh fós, leis an iris agus lenár bpobal trí chéile. Ach tá todhchaí fhada amach romhainn agus is féidir linn an todhchaí sin a chruthú cibé bealach is mian linn. Níl de dhíth orainn ach an fhís sin, agus an misneach chun í a chur i gcrích. Níl go leor spáis anseo le gach duine a bhfuil buíochas tuillte acu a lua ach tá a fhios agaibh cé sibh féin: rannpháirtithe, léitheoirí, gníomhaithe, lucht an dóchais. Mo cheol sibh. Ar aghaidh linn.

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Comh maith le hairgead a shábháil, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 23.

eagarthóir Tomaí Ó Conghaile

rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Dónall Mac Murchaidh, Tara Ní Mhurchú, Art Hughes, Micheál Mac an Bheatha, E. P. Ó Néill, Feargal Mag Ionnrachtaigh, Hugh Corcoran, Scott de Buitléir

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com

buíochas


*

Ceol

nós 5

Istigh Ceol

leabhair

Aniar Aduaidh 6 Comórtas - Bruíon na mBuíon 10 Léirmheasanna - Ben Ó Faoláin 12 Ziggy Stardust 15 ASIWYFA 16

Solas ó Ré Eile

Scáileán Léirmheasanna 18 Clasaiceach - La Battaglia di Algeri 19 T-Rex Ó Saurus 20

Teic Projecteo 24 An Provo 26

an lár Póstaer do na Gaeil 28

32

SAOL Réabhlóid Chávez Gafa le porn? Bia - Ó ghaosán go ruball Bia - Ar thóir na hagaoise

36 40 42 46

gníomhaíochas Seachtain na Gaeilge

48

dearadh Eileen Gray

50


6 n贸s

ceol

aniar aduaidh


*

Ceol

Labhraíonn an t-amhránaí, fidléir agus bunaitheoir Altan, Mairéad Ní Mhaonaigh, faoina sraith nua teilifíse, faoina hathair, faoi cheol Dhún na nGall agus faoin dóchas atá aici as an ghlúin atá ag teacht aníos. Agallamh le Dónall Mac Murchaidh.

nós 7


8 nós

*

Ceol

N

í minic a thógann ceoltóirí den scoth am amach óna sceideal gnóthach le sraith cheoil a chur i láthair do lucht féachana teilifíse Gaeilge, ach sin díreach an rud atá déanta ag Mairéad Ní Mhaonaigh le déanaí. Tá a sraith féin, Aniar Aduaidh, á craoladh ar RTÉ 1 i láthair na huaire ina dtugann sí cuairt ar chontaetha Uladh le bualadh le roinnt ainmneacha móra i saol an cheoil agus le fáil amach faoi na hamhráin is ansa leo agus faoi cad é a chuir ar bhealach an cheoil iad den chéad uair. Ó Brian Kennedy, Juliet Turner agus Cara Dillon go Manus Lunny, Bronagh Gallagher agus Daniel O’Donnell, tá dáimh ar leith ag bean Ghaoth Dobhair le ceoltóirí eile agus í breá ábalta scéalta agus cuimhní cinn a mhealladh uathu. “Bhain mé sult as cuimse ar mo thriall ó Dhún na nGall soir fríd Chúige Uladh ag taifeadadh na sraithe seo,” arsa Mairéad. “Chas mé ar chairde agus rinne mé cairde úra ar mo thuras ceoil, agus tharla cúpla eachtra shuntasach domh ar an bhealach!” Is léir gur turas pearsanta a bhí ann di fosta nó le linn na camchuairte roinneann Mairéad cuimhní faoina fear céile, Frankie Kennedy, nach maireann, a bhunaigh Altan in éineacht léi in 1987. Labhraíonn sí go grámhar chomh maith ar thionchar láidir a hathar, Proinsias Ó Maonaigh, fidléir iontach agus an laoch ceoil a scríobh ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’. “Bhí m’athair ina charachtar iontach láidir,” arsa sí. “Bhí muid iontach clósáilte agus crónaím go mór go fóill é.” Tá a thionchar le mothú ar an albam is déanaí de chuid Altan, Gleann Nimhe / The Poison Glen, a tháinig amach anuraidh agus a moladh go hard anseo in Éirinn agus thar lear. Traic uimhir a dó ar an albam ná ‘Seolta Geala’ a scríobh Francie ach níor mhothaigh Mairéad é go dtí gur éag sé. “Creidim nár chuala mise an t-amhrán sin go dtí go bhfuair sé bás,” arsa sí. “Tháinig mo chuid col ceathracha uilig go léir le chéile agus rinne muid comóradh do m’athair. “Bhí cuid mhór amhrán leofa sin nach raibh agamsa, rudaí a chum sé nuair a bhí mise i mo ghirseach bheag creidim nó sula dtáinig mé ar an tsaol. “Bhí dúil mhór agam i ‘Seolta Geala’ agus sin an tuige a phioc mé é don cheirnín.” Amhrán eile galánta ón albam céanna ná ‘An Ghealóg’, cumadóireacht nua le Martin Tourish.


*

Ceol

“Fuair mé cead ó Martin é a thaifeadadh don chéad uair agus tá port nuachumtha ag Dáithí Sproule, fear Dhoire atá ina chónaí i Minneapolis le b’fhéidir tríocha bliain anois, agus ‘An Teach ag an Choirnéal’ a thug seisean air. “Tá fuaim úrnua leis na hamhráin agus na portannaí sin agus fuair Ciarán Ó Maonaigh cead a ghabháil isteach go dtí an chartlann i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuair sé port galánta le Tommy Potts nach bhfuil ró-leitheadach.” Tá scoth na gceoltóirí ag comhoibriú agus ag seinm le Mairéad i gcónaí mar sin – tá Ciarán Tourish, Ciarán Curran, Dermot Byrne, Dáithí Sproule agus Mark Kelly in Altan faoi láthair – ach tá go leor athraithe ó chuaigh sí i mbun ceoil ar dtús. An dóigh léi go bhfuil teicneolaíocht an lae inniu ag athrú an phróisis taifeadta? “Bhuel tá sé níos fusa anois rudaí a chur i gcrích sa stiúideo ná mar a bhí roimhe. “Bhí sé iontach deacair fada ó shin mar chaithfeá a ghabháil isteach i stiúideo iontach mór agus bhí cuid mhór costaisí ort, rud a chuir brú ort fosta. Ach anois thig leat bheith ag taifeadadh i do theach féin más mian leat. “Tá an teicneolaíocht agus na huirlisí ag éirí níos gonta. Tá rudaí níos lú, níl oiread costaisí ann, thig leat d’am a ghlacadh le rudaí agus sílim go gcuidíonn sin go mór leis an cheol.” Ag croí an cheoil sin tá stíl leithleach chontae dúchais Mhairéad. Tá iomrá ar fhidléireacht Thír Chonaill go bhfuil sé píosa beag difriúil ó áiteanna eile agus tá fáthanna áirithe leis sin, dar léi. “Tá cúpla cúis le muid bheith difriúil,” arsa Mairéad. “Tá sé deacair fáil isteach go Dún na nGall. Creidim fada ó shin go speisialta go hIarthar Dhún na nGall leis na cnoic arda.

nós 9

“Chaithfeá theacht fríd na cnoic le theacht go dtí an cósta agus cionnas sin creidim gur coinníodh an teanga beo agus gur coinníodh blas an cheoil níos sine beo. “Ar a bharr sin bhí cuid mhór imirce idir Dún na nGall agus Albain agus mar atá a fhios againn uilig go léir is Ceiltigh muintir na hAlban fosta. “Chuaigh cuid mhór de bhunadh Dhún na nGall anonn ansin le gabháil ag obair agus nuair a bhí siad thall d’fhoghlaim siad na poirt agus foclaí na n-amhrán. Tháinig siad anall arís agus bhí cuid mhór meascadh ann i gcónaí. “Tá an rian sin le cluinstin sna poirt agus sna cineálacha poirt a sheinneann muid anseo i nDún na nGall.” Is cinnte go bhfuil go leor déanta ag Mairéad féin leis an traidisiún sin a chaomhnú agus a fhorbairt ach cad é faoin chéad ghlúin eile de cheoltóirí? An mothaíonn sí dóchasach faoin todhchaí? “Ó tá mé iontach dóchasach! Tá Cairdeas na bhFidléirí curtha ar siúl againn i dTír Chonaill le cúig bliana is fíche mar shampla agus bhí mé féin ar na chéad daoine a bhí ar an choiste. “Nuair a thosaigh muid é cha raibh mórán den aos óg ag seinm ar an fhidil ach anois tá fidil in achan teach chóir a bheith, agus an rud céanna leis na hamhráin. “Bhí daoine maith go leor le hamhráin a thabhairt domh agus anois tá siad á gcanadh go mion agus go minic ag an aos óg. “Sílimse gur maith an rud é a oiread amhrán agus a thig liom a chruinniú don tobar agus don todhchaí.” Tá Mairéad agus Altan i mbun camchuairte faoi láthair sna Stáit Aontaithe agus is féidir Aniar Aduaidh, ar léiriúchán é de chuid Tobar agus Independent Pictures, a fheiceáil ar RTÉ 1 go dtí 29 Márta.


10 nós

*

ceol

An ceoltóir tú? Nó an bhfuil banna agat? Ar mhaith leat EP a thaifeadadh le cabhair ó bhall de chuid Villagers? Sin an duais iontach atá á thabhairt amach ag an chlár Rónán Beo @3 mar chuid de Sheachtain na nDaoine Óga. Bruíon na mBuíon is ainm don chomórtas iontach seo ina bhfuil cuireadh á chur ar ghrúpaí nó ceoltóirí aonaracha amhrán nuachumtha comhaimseartha a chumadh agus a sheoladh isteach chuig an seó raidió is mó i ndomhan na Gaeilge. Beidh móltóirí an chomórtais ag treabhadh fríd na hamhráin uilig a thiocfaidh isteach le buaiteoir amháin a roghnú. Beidh an buaiteoir á fhógairt ar Rónán Beo @3 Dé hAoine 19 Aibreán. Duais: - EP (3 traic) a thaifeadadh i stiúideo Tommy McLaughlin, ball den ghrúpa ceoil ‘Villagers’ - Cuireadh le seinm ag an Chabaret Craiceáilte. - Clúdach ar NÓS Rialacha: - Tá an comórtas seo dírithe ar dhaltaí meánscoile ar fud na tíre. - Glacfar le hamhráin chomhaimseartha nuachumtha le grúpa nó le ceoltóirí aonaracha. - Is féidir níos mó ná hiarratas amháin a sheoladh isteach ach an méid sin a chur in iúl i d’iarratas. - Ní bheidh athbhreathnú á dhéanamh ar chinneadh na moltóirí. Cuir isteach air: Seol d’amhrán chuig Rónán Beo, RTÉ Raidió Na Gaeltacha, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall nó mp3 chuig ronan@rte.ie roimh Dé hAoine 29 Márta.


*

ceol

com贸rtas ceoil! bru铆on na mbu铆on

n贸s 11


léirmheasanna ceoil

12 nós

Julia Holter - Ekstasis domino

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

***** “I hear a lot of music that’s just lazy - you know, people in their bedrooms singing some shit into the microphone. It’s just bad. But they’re like, “this is art”. Julia Holter, Pitchfork 2012.

Bhí uair ann nuair a bhí ar cheoltóirí a gcumas a chruthú sara scaoilfeadh lipéad ceoil isteach sa stiúideo iad. Le theacht na réabhlóide digití tá sin ar fad tar éis athrú - níl uait ach micreafón agus ríomhaire glúine chun d’amhrán a thaifead agus a chur in airde ar Soundcloud roimh bhricfeasta. Agus tá na fir A&R ag faire agus ag éisteacht - is ar Soundcloud a d’aimsigh Gilles Peterson roinnt mhaith de na rianta atá le clos ar an mbailiúchán is deanaí sa tsraith ‘Brownswood Bubblers’. Tá greim an chaipitleachais ar an dtionscal ceoil ag lagú, cinnte, ach leis an tsaoirse nua seo tá freagrachtaí breise. Tá an t-uafás ceoil lagmheasartha ag cúngú na mbealaí leathanbhanda, ach ar cheart go mbeimís ag iarraidh ar cheoltóirí tabhairt faoin bhféinchinsireacht? Níor cheart. Is ait agus íorónach an rud é, ach ag an am a bhfuil an iris clóite ar leaba a bháis (R.I.P. Spin, Hip Hop Connection, International DJ, Jockey Slut, Melody Maker, Foggy Notions &rl) tá dualgas an iriseora chun an grán a scaireadh ón cháith i dtaobh gcursaí ceoil níos tábhachtaí ná a bhí riamh. Focal sean-Ghréigise atá roghnaithe ag Julia Holter Los Angeles mar theideal ar a darna fadcheirnín. Ekstasis: a bheith i do sheasamh áit éigin lasmuigh duit féin (gan a bheith as do mheabhair mar a thuigtear sa Ghaeilge é, is dócha!). Éifeacht tharchéimnitheach na healaíne a bhfuil i gceist aici, is dócha. Ach tá brí eile leis an Ekstasis i gcomhthéacs a tuairime thuas luaite: ní mór do chumadóirí ceoil a bheith sásta seasamh siar agus fiúntas a saothair a thuiscint ó pheirspictíocht an éisteora nach iad.

Tá an bua úd soiléir le clos i gceol Holter, ní nach ionadh agus céim sa chumadóireacht bainte amach aici ón California Instutute of the Arts. Sea, tá fuaim Julia Holte lonnaithe sa phaiste sin d’urthrá an phopcheoil ina mbíonn an gainneamh á fhliuchadh ag tonnta beaga na fíor-ealaíne staidéartha. Talamh atá siúlta go grástúil ag leithéidí Kate Bush, Laurie Anderson, Meredith Monk agus Julee Cruise tráth. Ceol mealltach órgánach saibhir lán de dhathanna aithreacha ar nós solas na gréine ag scagadh tríd duilleoga an fhómhair. Ábhar taibhsiúil. Bíodh amhráin mar ‘Boy in The Room’ agus ‘Our Sorrows’ bunaithe ar dhordán leictreonach agus sraitheanna de ghlór Holter leagtha anuas ar a chéile, fós níl aon easpa cruinnis ná fócais le sonrú iontu. Le ‘Marienbad’, ‘Moni Mon Amie’ agus ‘Four Gardens déanann Holter eilimintí den cheol Baroque a láimhseáil le slacht agus féinmhuinín nach bhfuil le haimsiú i gceol giodalach Julie Feeney. Tá ‘Goddess Eyes II’ ar nós Kate Bush ag canadh thar cheol Kraftwerk casta ag leath-luas, agus léiríonn ‘In This Room’ féith Holter port guairneánach pop a cumadh nuair ba mhian léi. Bí ullamh chun umhlú do bhanríon úr an phopcheoil cheirbrigh!


*

Ceol

Widowspeak - Almanac Captured Tracks

*****

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

Níl sé i gceist ag an ngrúpa indie-raic Widowspeak Brooklyn an roth a athchumadh ach is léir nach mbeidís den tuairim go bhfuil aon dul thar fóir ag baint le rotha F1 a chur faoi shean-Ford Thunderbird na gcaogaidí, nó inneall a cheangailt le rothar high nelly. Cleamhnas crossíolrach atá sa ghrúpa - is suim le Molly Hamilton (amhránaí an bhanna a bhfuil an glór aoibheann is spadánta aici an taobh seo de Hope Sandoval Mazzy Star) ceol The Carter Family, popcheol na nóchaidí agus ceol ó scannáin David Lynch. Agus Robert Earl Thomas, giotáraí Widowspeak, sa

José James - No Beginning No End blue note

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Cé gur rugadh é i Minneapolis na Stát Aontaithe is amhránaí snagcheoil le fuil Phanamach agus Éireannach ag rith tríd a chuid féitheacha é José James. Is lúfar corraitheach a stíl amhránaíochta samhlaigh go raibh mac macánta ag Gil Scott Heron a chaith laethannta a óige ag éisteacht le D’Angelo agus Billie Holiday. Is iontach an rud é go bhfuil éirithe ag fear le glór chomh mealltach le José James teacht chomh fada (seo anois albam uimhir a ceathair uaidh) gan géilleadh do lucht na ndollar mór. Agus an t-albam seo á eisiúint ag lipéad Blue Note tá cos

leaba istoíche is ar cheol Buddy Holly na gcaogaidí, garage-rac The Sonics na seascaidí agus fuaimrianta spaghetti western Ennio Morricone a bhíonn sé ag smaointiú. Ar chuma éigin éiríonn leo na foinsí ionsparáide úd a asamhlú mar ghearr-amhráin mhealltacha indie-racao bhfuil blas an nua, seachas blas na humhlóide, orthu. Beireann Almanac ort díreach ón tús. Tá an chéad traic ar an albam, ‘Perennials’, le glór milis Hamilton agus giotáir thaibhsiúla Thomas, ar nós ligean do chluasa imeacht le sruth tríd aerthormánta bánbhuí i bhfad ó thalamh. Tá macallaí láidre de luath-cheol My Bloody Valentine (ach le Jimmy Page in ionad Kevin Shields mar phríomh-ghiotáraí) le clos i gcás ‘The Dark Ages’, amhrán le drumadóireacht bhreá snagach agus foinn a bheireann ort de ruathar. Tá twang Chris Isaaks ag baint le pop-tíre snasta ‘Dyed In The Wool’ agus is traigi-válsa iontach i stíl Isobel Campbell agus Mark Lanegan é ‘Thick As Thieves’. Fiú nuair a ghlacann Widowspeak treo níos trialaí (‘Devil Knows’ agus ‘Spirit Is Willing’) ní ligtear do na héifeachtaí giotáir an lámh in uachtar a fháil ar dheachumadóireacht - is beag amhrán anseo atá níos faide agus is fearr é Almanac dá bharr. á leagadh ag James taobh istigh de dhoras Theampall Déithe an cheoil ghoirm, ach is mar shaorfhear atá sé ann sa mhéid is gur tógra agus taifead féinmhaoinithe é No Beginning No End. Deir James go raibh tionchar láidir ag ceol hip hop ar No Beginning, agus tá sé le clos. Ní hé go bhfuil James iompaithe ina rap-amhránaí - tá blas luath-cheol hip hop Native Tongue ar na drumaí truslógacha a thugann leid go raibh modh samplála bunusach hip hop mar thuasphointe cumadóireachta ag amhráin mar ‘Vanguard’ agus ‘Trouble’ (amhrán atá go mór faoi chomaoin ag ceol Al Green chomh maith). Níos suimiúla ná sin, thug an modh cumadóireachta céanna saoirse do James seánra nua ann féin a cheapadh i gcás ‘Sword + Gun’. Díséad leis an amhránaí Francach-Ailgéarach Hindi Zahra, is amhrán leithleach é sníofa as eilimintí den anamcheol, dub agus ilrithimí ceol gnawa Mharacó – tá ard-phointe an albaim lofa leo. Tá ‘It’s All Over Your Body’ ar nós Fat Freddy’s Drop dá gcaithfidís ábhairín níos lú raithní. Níl No Beginning gan locht, ach an cuma má bhíonn ort bogadh thar chorr lag-iarracht mar ‘Come To My Door’ agus ‘Heaven On The Earth’ chun seod ceart d’amhrán grá mar ‘Bird Of Space’ a aimsiú? Más suim leat ceol soul in aon chor bí cinnte cluas a thabhairt dó seo.

nós 13


*

14 nós

Ceol

Ceoltóirí Éagsúla - Killekill Megahits killekill

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Cad é seo, go díreach? Eisiúint uimhir a deich, agus an chéad bhailiúchán, ar lipéad Killekill na Gearmáine. D’fhás an lipéad as na cóisirí Killekill agus Suicide Circus a bhíonn ar bun ag Nico Deuster (DJ Flush) agus a chairde i mBeirlín. Iarracht chun scoth an cheoil leictreonaigh a chur faoi bhráid lucht rince na cathrach a bhfuil sna hoicheanta úd, gan a bheith ró-bhuartha cén stíl atá ann. Tá an rud díreach céanna i gceist le Killekill Megahits - ard-cheol acid house, dub-techno agus electro eachtrúil le léiriteoirí mar Neil Landstrumm, Radioactiveman, Lakker agus DJ Stingray.

An bhfuil aon mhaith ann? Turas siar go tús na nóchaidí agus techno tréan CJ Bolland na Beilge a bhfuil sa ‘Crush Arbor’ deilgneach le J.T.C. Is léamh lúbach loiscneach ar fhuaim techno Detroit é an ‘Do That Dust’ iontach le The Almost People. Cloisfimíd Neil Landstrumm i mbun an saigheas teann-techno atmaisféarach a bhíodh á chruthú aige roimh dó titim faoi dhraíocht an dubstep ar ‘On The Pussers’. Tá blas i bhfad níos comhaimsearthaí ar ‘The 2’ le Bill Youngman, mall-phort breá dordtrom i stíl Modeselektor, agus an ‘Darcdub’ teibí tionsclaíoch le Lakker. Laigí? Is turas masmasach go bun dúphoill é ‘Athletic’ le Cassegrain & Tin Man - beagáinín ró-dhorcha, a laideanna! Ar an dtaobh éile den scéal, tá fidget-house Affie Yusuf agus Trevor Loveys rud beag macánta i gcomhluadar na megahits eile anseo. N’fheadar an píosa grinn nó amhrán dáiríre a bhí i gceist ag Furfriend agus liricí ‘Geck’ á chumadh aige (“at my place, with the toys, with the boys, I’m gonna come in your face. When you suck, it’s gonna ruck, we’re gonna fuck, yeah I know you like fat cock”), ach ní éiríonn (ahem) leo pé rud é. An breithiúnas: Ar nós meascán curtha le chéile ag do chara ar théip C-90 duit, tá soineantacht taitneamhach ag baint leis an éagsúlacht stíleanna a bhuil le clos ar Killekill Megahits gan é a bheith riachtanach.

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag www.raidionalife.ie


ALBaM clasaiceach

David Bowie - Ziggy Stardust 1972

Má tá miotaseolaíocht ag baint le haon albam raccheoil ar domhan, nó ar dhomhan ar bith eile, seo é. Shílfeá gur tháinig gach traic ar eisiúint thioncharach seo Bowie díreach ó bhíobla deifnídeach roc ‘n’ roll, agus ní áibhéil ar bith é sin. Níos mó ná aon duine eile a chuaigh roimhe, chruthaigh an fear óg seo as Brixton Londan réalta úr nach bhfacthas a leithéid roimhe sin, aitheantas nua dó féin a bhí inmharthana agus a tháinig chun an phláinéid le robach a dhéanamh ar ithir agus ar bheatha an roc. Agus sin á dhéanamh aige, chruthaígh sé bunfhoinse nua de nach raibh ann ó bhí tús ré an tseánra ann 20 bliain ó shin roimhe. Go ceolmhar, bhí tionchar mór ag an album ar an saol ag an am, díreach mar a bhí tionchar ag pearsantacht Ziggy féin ar gach duine a d’éist lena chuid focal, a bhíomáil isteach chugainn ó réaltra eile. Dhúisigh giotár Mick Ronson cumhacht láidir a raibh macallaí le cloisteáil ann ó cheol na laochra móra giotáir a raibh rath orthu ag deireadh na 60í, ach ag an am céanna chuir sé spréach leis a d’fhág gur thuig na leantóirí nua láithreach cén fáth ar baistíodh ‘glitter rockers’ ar na rocóirí nua seo.

Mar albam, d’inis The Rise and Fall of Ziggy Stardust and the Spiders from Mars scéal an roc trí shúile Ziggy, eachtrán iontach le gnéithe pléascacha ach dlúthphearsanta ag an am céanna ag baint leis. Ba é an t-amhránaí Vince Taylor a spreag an carachtar Ziggy. Bhuail Bowie le Taylor i ndiaidh go raibh cliseadh néarógach ag Taylor agus shíl sé gur comhmheascadh a bhí ann féin idir dia agus eachtrán. Má bhí aon amhras ar aon duine go raibh sé i gceist ag Bowie seilbh a ghlacadh ar shaol an roc, ní raibh orthu ach éisteacht le liricí ‘Star’ agus thuigfidís láithreach. Ag deireadh an amhráin deir Bowie, mar Ziggy, “just watch me now”, agus a sprioc bhreá shoiléir le léamh ar na focail. Ag cur le chéile a chuid scileanna mar ealaíontóir míme, agus drámadóir gutha den scoth, cruthaigh Bowie spásaire déghnéasach a chan amhrán diamhaire ón dorchadas. Bhí an planéad ag fáil bháis – rud ba léir ón chéad traic ‘Five Years’ – agus an t-aon slí chun teacht slán ná greim a choinneáil ort féin. Sa deireadh, bhí orthu an grúpa a briseadh, mar a insíonn an scéal i ‘Ziggy Stardust’ féin, ach d’fhág an brú dosheachanta ó ‘Rock ‘n’ Roll Suicide’ rian ar an chruinne leochaileach. Agus tá an tionchar sin le mothú fós inniu. Bhain Ziggy Stardust uimhir a cúig amach i gcairteacha albaim Shasana agus bronnadh duais Phlatanam agus Óir air san Eoraip agus i SAM sa deireadh. Sa lá atá inniu ann, 41 bliain ar aghaidh, tá an cruthúchán alltair seo chomh neamhghnách is a bhí a chéad tháinig sé ar an bhfód.

nós 15


16 n贸s

*

Ceol


*

Ceol

nós 17

ag teacht aníos

and so i watch you from afar Camchuairt náisiúnta in ionaid ar fud na hÉireann Tar éis cúpla bliain den scoth sa stiúideo agus ar an mbóthar tá albam úrnua díreach eisithe an mhí seo ag an bhanna fuinniúil seo ón tuaisceart. Tá All Hail Bright Futures ar an tríú albam de chuid ASIWYFA And So I Watch You From Afar agus, in ainneoin é bheith éagsúil, tá sé chomh láidir dána céanna leis an gceol neartmhar a chuaigh roimhe. Is dea-scéal é mar sin go bhfuil camchuairt náisiúnta beartaithe ag ASIWYFA a bheas ag tosnú in Amplified, Iúr Cinn Trá, Dé hAoine 22 Márta. Beidh siad sa Forum, Port Láirge, Dé Sathairn 23 Márta; Cyprus Avenue, Corcaigh, Dé Domhnaigh 24 Márta agus ansin Dolan’s Warehouse, Luimneach, Déardaoin 28 Márta. Beidh an grúpa ag tagairt aghaidhe ar an Eoraip ar feadh tamaill sula bhfilleann siad ar Éirinn i gcomhair Vantastival, féile taobh amuigh de Dhún Dealgan, ag tús Bealtaine.


*

18 nós

Ceol

Scáileán

Dupa Dealuri (Thar na Cnoic) Christian Mungiu, 15A

Léirmheas le Tara Ní Mhurchú

*****

Is maith leis an scríbhneoir-stiúrthóir aitheanta Rómánach Christian Mungiu - ar éirigh lena 4 Luni, 3 Saptamâni si 2 Zile (4 Mhí, 3 Seachtaine agus 2 Lá) an Palme d’Or a bhuachan ag Cannes in 2007 – a scannáin a lonnú i gceartlár eispéireas a thíre féin agus tá sé amhlaidh le Dupa Dealuri (Thar na Cnoic). Lonnaithe i mainistir iargúlta cheartcreidmheach faoin tuath, is scéal é seo faoi chairdeas idir beirt bhan óg a d’fhás aníos sa dílleachtlann chéanna. Is cairde le blianta iad Alina (Cristina Flutur) agus Voichita (Cosmina Stratan) agus d’iompaigh a gcaidreamh ina chaidreamh gnéasach agus iad ag teacht in anois. Ach in ainneoin an mhionna eadarthu chun a bheith dílis dá chéile d’éilíonn Alina chuig an Ghearmáin agus í braon den bhochtannas a bhaineann lena bheith ina cailín beáir. Anois, agus í uaigneach agus ag crónú Voichita, tagann Alina thar nais in iarracht chun a cara - atá i ndiaidh tar éis dídean a aimsiú i gclochar sa Rómáin – a spreagadh chun bogadh chuig an Ghearmáin léi. Ach nuair a thagann sí chomh fada le Voichita faigheann sí amach go bfhuil athrú mór tagtha uirthi agus í anois i ngrá le Dia. Tá saol an chlochair tar éis dul i bhfeidhm ar Voichita agus é ar intinn aici a móideanna a thógaint. Scannán fada é seo a mhaireann dhá uair agus 32 nóim ach b’fhiú é don taispeántas a thugann an bheirt chailín uathu. Taispeántais an-láidre iad ó Stratan agus Flutur araon agus ní haon ionadh é gur roinn siad an duais don Bhanaisteoir is Fearr ag Cannes anuraidh, áit a bhfuair Mungiu an gradam le haghaidh an Script Scannáin is Fearr chomh maith.

Robot & Frank Jake Schreier, 12A

Léirmheas le Tara Ní Mhurchú

*****

Ceann de na mórscannáin ó Fhéile Sundance na bliana seo caite, seo scéal ficsean eolaíochta faoin chairdeas a fhásann idir fear agus róbat. Sea, fear agus róbat. Frank Langella an t-aisteoir atá i ról an fhir sin, Frank, ar iar-ghadaí seodra é atá ina chónaí ina aonar go dtí go dtagann cara nua chun cabhrú leis. Suite i Nua-Eabhrac píosa beag sa todhchaí, tá róbait ar an saol agus cinneann páistí Frank (Liv Tyler agus James Marsden) ceann acu a fháil dá n-athair chun cabhrú leis sa tigh ar nós searbhónta. Cabhríonn an cónaitheoir nua leis an gcócaireacht, an tigh a ghlanadh agus fiú an gharraíodóireacht – áisiúil go leor d’fhéadfá a rá. Cé gur fear traidisiúnta é Frank - taitníonn an saol simplí leis, leabhair, siúilóidí, saol roimh róbait - fásann caidreamh idir é féin agus an róbat agus forbraítear nasc gleoite cairdiúil eadarthu. Tagann páistí Frank isteach agus amach trína shaol ach níl mórán de cheangal aige leo a thuilleadh. Tá tréithe de ghreann le fáil sa scannán ach is iad na cleasanna céanna a úsáidtear sa script agus mar sin de tá roinnt athrá lena linn tríd. Ach tá taobh brónach sa scéal leis, tagann olcas ar néaltrú Frank, déanann a chlann iarracht cabhrú leis ach tá siadsan ró-ghnóthach lena saolta féin. Músclaítear trua do Frank sa lucht féachana agus léirítear an saol aonarach agus tionchar an néaltraithe i slí dheas chaolchúiseach. Ní thugann Robot & Frank aon bhuille marfach ach is scéal suimiúil é a bhfuil neart ábhar machnaimh le fáil ann.


scannán clasaiceach

Gillo Pontecorvo - La Battaglia di Algeri 1966

Agus cogadh á fhearadh ag cumhachtaí an Iarthair i dtuaisceart na hAfraice le blianta beaga anuas is fiú a thabhairt chun cuimhne nach feiniméan nua é seo ach go bhfuil macallaí na gcoimhlintí reatha le mothú i dtreimhse nach bhfuil i bhfad siar sa stair. Idir 1954 agus 1962 thug Fronta Saoirse Náisiúnta na hAilgéire (FLN) faoi chogadh frithimpiriúil in éadan na Fraince a bhí i gceannas ar an tír ón bhliain 1830. Scannán é seo atá bunaithe ar eachtraí a tharla le linn Chogadh na Saoirse sin agus, mar is léir ón teideal, ar Chath Chathair na hAilgéire féin ach go háirithe. Ón tús leanann muid Ali La Pointe, ceannaire reibiliúnach atá mar bhall den FLN agus iad i mbun trodaíochta ar son neamhspleáchais óna gceannairí coilíneacha. Bhí scannáin chogaidh ann roimhe ar ndóigh ach an uair seo taispeánadh an t-aicsean ar shlí iomlán nua agus cuireadh béim nach beag ar an tionchar a bhí ag an gcath ar ghnáth-shibhialtaigh neamhurchóideacha. Tá stíl neo-réalaíoch na hIodáile le brath go láidir

ar chur chuige Pontecorvo agus níl ach aisteoir amháin proifisiúnta sa scannán, mar atá Jean Martin - d’úsáid sé sibhialtaigh Algéaracha le haghaidh gach ról eile. Úsáidtear ceol tradisiúnta ó thús deireadh chomh maith – ba é cara Pontecorvo Ennio Morricone a chum an fuaimrian – agus baintear feidhm dheas as fógraí raidió agus píosaí de scéaltaí nuachta chun atmaisféar na ré a chruthú. Nuair a eisíodh é sna pictiúrlanna beagnach 50 bliain ó shin, bhuaigh La Battaglia di Algeri an Duais Mhór ag Féile Scannán na Veinéise agus d’éirigh leis trí ainmniúchán a fháil ag na Gradaim Oscar - Stiúrthóir is Fearr, Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta agus Script Scannáin is Fearr. Ní raibh na Francaigh ró-shásta leis áfach agus bhí cosc air sa Fhrainc go dtí 1971 agus fiú ansin ní bhfuair sé mórán de lucht féachana go dtí beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin. An fáth le míshásacht phobal na Fraince ar ndóigh ná go léiríonn an scannán lán teannais seo – go fírinneach ní bhogann tú ón suíochán ar eagla go gcaillfidh tú píosa tábhachtach – léiríonn sé gluaiseacht treallchogaíochta agus na hiarrachtaí a dhéanann cumhlacht na coilíneachta chun an ghluaiseacht a scriosadh. Tá ról na mban an-lárnach sa scannán chomh maith – bhí freagrachtaí móra acu agus iad ag cabhrú leis na saighdiúrí chuile lá. Saothar lán mothúchán é - brón, fearg, comhbhá leis na Algéaraigh – agus is ceacht staire é ag an am céanna mar go bhfoghlaimíonn tú a lán faoin gcogadh agus faoin saol mar a bhí san Algéir ag an am. Má tá suim agat i bpolaitíocht, socheolaíocht agus scéal daonna, ní mór duit súil a chaitheamh ar an Battle of Algiers cumhachtach.

nós 19


20 nรณs

*

scรกileรกn


*

scáileán

nós 21

t-rex: glam agus goldar Tá réalta nua scáileáin againn in Éirinn, ach is i bhfad ó shaol na meán cumarsáide a tógadh an réalta chéanna. Mar aon le sciar suntasach de phobal na Gaeilge tá muidne anseo in oifigí NÓS ag leanúint eachtraí T-Rex Ó Saurus ó phléasc sé ar an saoin (An ligfidh muid don cheann sin? Eag.) cúpla bliain ó shin anois agus cheap muid go raibh sé thar am againn iarraidh air a scéal a insint dúinn. Mar sin, seo é. Tá súil agam go bhfuil sibh go léir i mbarr na sláinte. Is mise T-Rex Ó Saurus agus seo é mo scéal. Fadó fadó thart ar 65 milliún bliain ó shin bhí an Ghaeilge beo. Bhí Gaeilge á labhairt ag na dineasáir. Bhí siad sona sásta.

Lá amháin chonaic siad rud éigin sa spéir. Dreigít a bhí ann. Le luas lasrach bhuail an dreigít an domhan. Scrioscadh gach rud. Maraíodh na dineasáir. Fuair an Ghaeilge bás leo. Ach, bhí ubh in uaimh ag fanacht don teocht ceart. Thóg na daoine neoiliteacha Sí an Bhrú agus bhí an ubh suite sa lár. D’imigh na blianta agus ar an 21ú Nollaig ag éirí na gréine tháinig gath isteach san uaimh agus d’ardaigh an teocht. Thosaigh an ubh ag scaoilteadh. Thart ar a naoi a chlog ar maidin sheas mé ar m’fhód dúchais agus shiúil mé amach as an uaimh. Shiúil mé trasna na páirce go dtí gur shroich mé staid an bhus. Léim mé ar an mbus 109 agus as go brách liom go

Baile Átha Cliath. Dúradh liom go raibh an Ghaeilge cosúil le dineasár, go raibh sí marbh. Ach, níl sí marbh. Tá T-Rex beo. Tá an Ghaeilge beo. Bí ag caint. Bí i dteagmháil liom ar Youtube, Twitter agus Facebook @ gaelgory. Is mise T-Rex Ó Saurus agus sin é mo scéal. Feicfidh mé arís sibh go luath. Slán go fóill le glam agus goldar. Mar is eol daoibh tá go leor déanta ag T-Rex ó shin agus tá breis agus 136,000 radharc anois ag a chuid físeán ar Youtube. Chun amharc ar an eisiúint is déanaí aige faoi Bhliain na Gaeilge 2013 díreach buail isteach chuig http://www.youtube.com/ watch?v=hZIDqZFXFu0


noaejbs ar mhaith leat bheith linn? leas-eagarthóir nós Tá duine fuinniúil samhlaíoch ag teastáil chun cabhrú le NÓS forbairt sa tréimhse amach romhainn. Bheadh an té seo bainteach le gach gné den tionscadal ceannródaíoch le béim ar leith ar tháirgeadh na hirise féin agus ar mhargaíocht. Ní mór do Leas-Eagarthóir NÓS Gaeilge ar ardchaighdeán bheith aige/aici agus bheith paiseanta faoi chur chun cinn na teanga agus na meán comhaimseartha Gaelach. Tá taithí sna meáin agus cur amach ar an bhogearra Adobe Indesign inmhianaithe. Is post páirtaimseartha é seo atá lonnaithe i mBéal Feirste ach le féidearthacht chun aistriú ina dhiaidh sin. Dá mba mhian leat breis eolais faoin phost seol rphost chuig eolas@nosmag.com faoi 12 Aibreán 2013.

nósadóirí Tá NÓS beo mar gheall ar na daoine díograiseacha sin a chuidíonn leis an iris ar bhonn deonach mí i ndiaidh míosa. Tá buiséad teoranta againn agus gan an obair thábhachtach seo ní bheadh muid ar an bhfód. Chun iris mhíosúil den scoth a chur amach inár dteanga féin tá scríbhneoirí, grianghrafadóirí, smaointeoirí, lucht bolscaireachta agus tuilleadh ag teastáil... Má thaitníonn NÓS leat agus má cheapann tú gur féidir leat cabhrú linn in aon bhealach, gabh i dteagmháil linn ar eolas@nosmag.com in am ar bith.

gasnboe


glac síntiús linn put nós in your hands

+ FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + SÁBHÁIL 17% ar phraghas clúdaigh na hirise. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


24 nós

teic

teilg amach é! Tá an t-idirlíon chomh lán sin de smaointe cúl as an ghnáth go mbeadh sé deacair scríobh faoi gach ceann úrnua a thagann faoi do radar, ach thaitin an gléas seo an oiread linn go raibh orainn tagairt a dhéanamh dó. Is dearthóir Sasanach é Ben Redford atá lonnaithe i Nua-Eabhrac faoi láthair agus a bhfuil súil mhaith shamhlaíoch aige. Cosúil le go leor eile, úsáideann sé an sás Instagram chun grianghrafanna a ghlacadh ar a ghuthán agus chun iad a athrú de réir a mhéine. Tá dúil aige in aeistéitic na seanré fosta áfach agus nuair a bhí sé ag útamáil thart le sean-teilgeoir sleamhnán 35mm le déanaí, rith sé leis go mba dheas an dá theicneolaíocht a nascadh le chéile. An toradh ar an smaoineamh sin ná Projecteo, mion-teilgeoir 35mm inar féidir roth sleamhnán ar a bhfuil grianghrafanna roghnaithe ó Instagram a thaispeáint air.

Piocann tusa naoi ngrianghraf ar líne ó do chuntas Instagram le cur ar an roth, íocann tú an táille agus seoltar an roth agus teilgeoir amach chugat ionas go mbeidh tú in ann na híomhánna - a bhí le fáil ar do ghuthán amháin go dtí sin - a theilgean ar gach dromchla is mian leat. Gléas beag gleoite é dar linn a bheas á eisiúint níos moille i mbliana agus dá mba mhaith leat do lámha a chur ar cheann acu, is féidir na forbairtí ar fad a leanúint ar www.getprojecteo.com Ach ní hí seo an chéad uair ar tháinig cruthúcháin Ben faoi radar NÓS. Thug muid faoi deara anuraidh gur chruthaigh sé cúpla bosca beag bán darb ainm Olly agus Polly. Ní gnáthbhoscaí beaga bána ar ndóigh, ach boscaí beaga bána a cheanglaíonn le do ríomhaire agus a thugann bronntanas duit san fhíorshaol mar gheall ar spriocanna a bhaineann tú amach sa saol fíorúil.

Abair gur éirigh le ceann de do chuid tweetanna bheith atweetáilte líon áirithe uaireanta, bhuel bíonn a fhios ag Polly agus tugann sí mílseán mar thoradh ar do chuid oibre! Oibríonn Olly ar bhealach atá cosúil go leor lena dheirfiúr ach in ionad mílseán a thabhairt duit nuair a bhaineann tú sprioc amach ar do rogha ardán meán sóisialta, spraeáltar boladh deas ar fud an tseomra. Ar an drochuair prótaichineálacha a bhí sa dá chruthúchán nár éirigh leo go leor infheistíochta a mhealladh lena dtáirgeadh ach tá treochacha ar shuíomh Olly faoi conas an gléas a chur le chéile tú féin. Mar sin má tá aon aireagóir nó déantóir giuirléidí amuigh ansin i measc léitheoirí NÓS, gabh anonn anois chuig www.ollyfactory.com chun cumhrán deas a scaipeadh ar fud do spás oibre, agus abair linn cad é mar a éiríonn leat!


*

teic

nós 25

Thuas agus ar clé feictear laghad an mhion-teilgeora atá cruthaithe ag Ben Redford agus an gliceas gleoite a bhaineann leis. Thíos tá dhá aireagán eile dá chuid a léiríonn cuisle neamhghnách chruthaitheach, Olly agus Polly, a thugann féiríní fírinneacha duit mar gheall ar bhuanna ar líne.


26 n贸s

*

teic

coincheap cumhachtach


*

teic

Tharraing an déantóir gluaisteán Cóiréach, Kia, aird orthu féin anseo in Éirinn ar na mallaibh nuair a d’eisigh siad a gcarr coincheapa úrnua, an Provo. An t-ainm ar ndóigh ba chúis leis an spéis ach tar éis do shaineolaí luais NÓS breathnú ar an mótar, is léir go bhfuil aird tuillte aige. Tá cuma spleodrach ghalánta ar an bhfeithicil, a seoladh ag Seó Mótair na Ginéive, le línte áille agus tosach

láidir a rachfaidh i bhfeidhm in aon timpeallacht. Faoi thiomáint ceithre roth le hinneall hibride, tá dais atá déanta d’aon phíosa amháin snáithín carbóin ag an Provo agus go leor cumhachta faoin bhoinéad chun aon tiománaí Gaelach a choinneáil sásta. Is leagan sealadach é seo áfach nach bhfuil ar díol ar an mhargadh go fóill ach meastar go dtosófar ar ghnáth-leagan bóthair a tháirgeadh níos moille i mbliana. Vroom vroom.

nós 27




an g spota


G


32 n贸s

leabhair

Solas 贸 R茅 Eile


*

Leabhair

I

s grianghrafadóir aitheanta as Béal Feirste é Jim Maginn atá ag fiosrú an domhain fríd mheán na grianghrafadóireachta ó bhí lár na 1970í ann. Chothaigh sé nasc de réir a chéile leis an mhórphaisean eile atá aige, ceol traidisiúnta na hÉireann, agus thar na blianta tá go leor grianghrafanna glactha aige de mhórcheoltóirí anseo in Éirinn, sa Bhreatain, sna Stáit agus i gCeanada. Is bailiúchán aoibhinn de chuid den saothar sin é The Light of Other Days / Solas ó Ré Eile, a foilsíodh ar na mallaibh, agus tugann an brollach seo le Ciarán Carson, ar aistrigh Art Hughes go Gaeilge é, léargas galánta ar na híomhánna atá le fáil ann agus ar na scéalta a théann leo.

Oft, in the stilly night, Ere Slumber’s chain has bound me Fond memory brings the light Of other days around me… Sliocht thuas as ceann de na hamhráin is cliúití as an chnuasach Foinn Náisiúnta le Tomás Ó Mórdha agus ní cuimhin liom go díreach cá huair a chuala mé an t-amhrán seo don chéad uair ach samhlaím m’athair á cheol le clapsholas tigh s’againne, tá trí scór bliain ó shin, neach taibhsiúil ina shuí ar chathaoir cois tine. Tá sé marbh curtha le ceithre bliana déag anuas ach bheir an t-amhrán sin m’athair i mo cheann. Teach cistine atá ann, cistin ar an bhunurlár agus dhá sheomra leapa os a cionn. Gach seans gur chuala mé an t-amhrán don chéad uair agus mé ar tí titim chun suain, an guth ag lúbarbnaigh aníos an staighre chugam, agus gur shamhlaigh mé dreach m’athara mar a shamhlaím anois é, achar scartha scoite ón chéad uair úd. I gcás ar bith, cuireann seo i gcuimhne dom an tuairim sheanbhunaithe sin atá agam gur seomra beag cúil an áit is fearr a fhóireann don cheol thraidisiúnta, bíodh sé i dteach tábhairne nó i ngnáth-theach cónaí. Ní gá gur seomra fíordhubh a bheas ann. Déanfaidh seomra tosaigh cúis lán chomh maith, ach é a bheith ar an mhéid cheart, áit a dtig le ceardaithe an cheoil agus an lucht éisteachta aghaidh a chéile a fheiceáil. Agus ritheann sé liom, agus an peann i mo láimh agam, go síolraíonn an focal camera ón Laidin do sheomra nó do rúm. Camera obscura ‘seomra dorcha’ nó fiú ‘dubh-sheomra’. Is ionann ceamara a ghlacann grianghraif agus minseomra, agus an solas a ligtear isteach tríd an lionsa, cláraíonn sé bomaite san am ón tseomra is mó atá taobh thiar. Bíonn seomraí ar leith a thaitníonn linn, agus ceann de na grianghraif is fearr a thaitníonn liomsa as an chnuasach áirithe seo ná an ceann den cheoltóir agus den cheardaí feadóg mór, .i. Somhairle Ó Muirí, thuas staighre ina cheardlann, a bhí lonnaithe an uair sin in Uimhir 1 Plás an Mhalartáin, Béal

Feirste. Is iomaí céad uair a bhí mé féin istigh sa tseomra chéanna, ag baint aoibhnis as boladh ilsraitheach seileaic, cheir na mbeach, ola rois, ola almóinní, shliseog cumhra an dubhadhmaid, aigéid nítrigh agus amóinia. Istigh sa ghrianghraf tá cuid d’uirlisí Shomhairle le feiceáil: siséil, clampa, agus seilf lán de nithe éagsúla a bhfuil feidhm leo. Tá mo radharcsa den ghrianghraf seo go mór faoi thionchar mo chuimhní pearsanta den tseomra agus den té atá ann; agus nuair a mheabhraím faoin ghrianghraf, seachas a bheith ag amharc air, déarfainn go samhlaím rudaí nach bhfuil ann, mearchuimhní ó na hamanna a raibh mé sa tseomra sin roimhe. Ach sin ráite, ceidim go rachaidh an grianghraf seo i bhfeidhm go mór ar an bhreathnaitheoir úrnua. Is léir gur le ceardaí a bhaineann, duine a bhfuil domhain-smaoineamh fada buan déanta aige faoina cheird: tá dearcadh inmheánach meabhraitheach muiníneach ann, ní suí do cheamara atá i gceist ach scíste. Tá cuma chumasach ar a lámha, iad gan gníomh ar feadh scathaimh ach réidh le tabhairt faoin obair arís. Tá sé ar a sháimhín só sa tseomra seo. Grianghraf eile, seomra eile: Archie Mac Aodhagáin ina theach féin taobh amuigh de Bhun Abhann Dalla. Tá an teach suite i bpáirc gan rian ná cosán inti, agus áth an t-aon bhealach isteach chuige. Aon uair amháin a bhí mé ann, ach le linn na heachtra sin – agus eachtra a bhí ann – chluininn Archie ag ceol go mion is go minic, go háirid sa tseomra cúil i dteach tábhairne Mhic Coluim sa tsráidbhaile. Aithním an crut dolba dána sin air, geitsíocht a choinníonn an t-amhrán, an seomra agus a lucht éisteachta ach a mheasann fosta iad. Cuireann sé réamh-rann Bhuachaillí an Dreoilín nó na Lucht na Rann i gcuimhne dom: ‘Fairsinge, fairsinge a bhuachaillí cróga, croíúla go gcuma muid ár rann’ agus iad ag teacht isteach sa spás ina léireoidh siad an dráma ársa, aosta, ainrialach úd. Agus ós ag smaoineamh faoi ‘rúm’ agus faoi ‘rann’ sinn, tig an focal stanza chun cinn, scoilt nó rann i ndán nó in amhrán, focal iasachta ón Iodáilis stanza ‘seomra, an spás ina seasann duine nó ina ndéanann sé seasamh’. An t-amhrán mar shraith de sheomraí idircheangailte. Sa tseomra seo sileann solas álainn stuama ón fhuinneog dhomhain, leathan ar an chlár bhog deil, ar an chathaoir agus ar scéal casta na ngrianghraf agus na deilfe ar an driosúr, agus ar an amhránaí i lár báire. Bomaite aonair a bheir léargas dúinn ar na bomaití gan ríomh a tháinig roimhe sin. Tóg an gnáth ‘taobh istigh’ i bpioctúr ar bith de chuid Vermeer, pioctúir a dhéantaí le cuidiú ó cheamara obscura, rud

nós 33


34 nós

*

leabhair

a gcuirtear síos air san Oxford English Dictionary mar ‘gléas a bhfuil seomra dorcha nó bocsa ann a bhfuil lionsa dronnach ann nó poll bhioráin ann ar thaobh amháin agus a úsáidtear chun íomhá de rud seachtrach a chaitheamh ar dhromchla taobh istigh den ghléas féin sa dóigh is gur féidir amharc uirthi, í a tharraingt nó (in úsáid níos moille) an íomhá a theilgeadh ar dhromchla solasmhothálach.’ Cailín deas crúite na mbó ag dortadh bainne i gcrúiscín. Saighdiúir ag suirí le cailín aimsire. Bean uasal ag léamh litreach le solas na fuinneoige. Bean óg ar virgineal agus cur isteach á dhéanamh ar a cuid ceoil. I dtaca le Vermeer de, ní bhíodh i gceist le híomhá theilgthe mar seo ach bunchrut nó treoir don obair chríochnaithe. Murb ionann agus an ghrianghrafadóireacht, is de réir a chéile a thógtar an phéintéireacht le sraith geitsíochtaí, agus is taifead í seo chan de bhomaite aonair ach d’fhiosrúcháin ar an bhomaite sin, agus comhréiteach atá ann den iliomad íomhánna sa chuimhne. An mar siúd nó mar seo a bhí sé? Sin ráite, baineann grianghraf fiúntach le comhréiteach idir iliomad cur chuige don rud atá idir lámha agus le roghanna éagsúla. Baineann ‘aimsir láithreach’ an ghrianghraif leis an am a caitheadh roimh an bhomaite áirithe sin agus an t-am a chaithfear ina dhiaidh. Is iomaí rann a canadh roimh an bhomaite seo inar ceoladh an t-amhrán agus is iomaí rann a thiocfaidh ina dhiaidh. Ar dhóigh éigin is buille gníomhaíochta an grianghraf, scéalaíocht atá i gceist. Síolraíonn nádúrthacht éasca an ghrianghraif ó bhlianta de chleachtadh, ag síorbhreathnú agus ag cinneadh idir cén bomaite ar cheart a cheapadh. Cé gur téarma seanfhaiseanta é an téarma ‘uair na cinniúna’ is maith a fhóireann seo don ghrianghrafadóir atá ag iarraidh bomaite neamhbhuan a dhéanamh buan, an bomaite cóir, an tarlú, an eachtra. Tá grianghraf eile ann den fhidleoir Tomaí Ó Cianáin. Bhí dúil mhór riamh agam sa ghrianghraf seo: aghaidh, lámha, fidil agus bogha ina seasamh go bródúil os comhair dhorchadas an tseomra dhorcha. Is fíorphortráid fhoirfe í seo, ach tá scéal taobh thiar di. Gan fiú an dóigh a mbeireann sé ar an fhidil agus ar an bhogha – agus an líne álainn ealaíonta sin ina lámha – baineann sin le Tomaí amháin, ach thug an grianghrafadóir an tsaintréith phearsanta seo faoi deara. Tá sé mar a bheadh ord agus eagar ar Thomaí Ó Cianáin i ngan fhios dó féin, agus is amhlaidh is uaisle é dá bharr sin. Glacann sé grianghrafadoir maith leis an duine a aithint agus ligint dó a bheith ar a shuaimhneas. ‘Aithníonn ciaróg ciaróg eile’ mar a deirtear; agus arís eile is ardmholadh an grianghraf seo d’ealaín na grianghrafadóireachta lán chomh maith le hardmholadh d’ealaín an cheoltóra. Tá muinín agus


*

leabhair

iontaofacht le braithint anseo sa dul i ngleic ionraice, gan cur isteach, idir dhá spiorad ghaolmhara. Is iomaí sin amhránaí agus ceoltóir ar thug Séamas Mag Fhinn cuairt orthu lena linn, agus mé féin mar an gcéanna. Tá aithne agam ar mhóran mhór de na daoine atá sa leabhar seo, agus cuid acu ar shlí sholasta na fírinne. Bheir na grianghraif seo ar turas siar ar bhóithrín na smaointe mé go dtí na huaireanta geala glórmhara sin a chaith mé i gcuideachta na gceoltóirí agus na n-amhránaithe seo i gcúlseomraí cúnga caola cibé áit a bhfaighinn iad agus gan fios rómhaith agam cad é mar a tharla ar a chéile sinn. As sin a tháinig, go díreach mar a spreagann fonn amháin an dara fonn i seisiún ceoil. Caoinchuimhní cinn gan amhras. Ba mhór an onóir dom aithne a bheith agam ar a oiread sin de na daoine seo, ach creidim go dtéann grianghraf maith i bhfad níos faide ná aithne phearsanta mar seo. Ní gá go mbeadh aithne phearsanta ag an bhreathnaitheoir ar an té atá istigh sa ghrianghraf le héifeacht an ghrianghraif a mheas, agus tá sé amhlaidh fosta don té atá ag breathnú amach orainne as an ghrianghraf. Níor bhuail mé riamh, mar shampla, le Clann

nós 35

McGoldrick, Eddie, Hugh agus Mary ach an grianghraf iontach sin atá tógtha ag Séamas Mag Fhinn den triúr acu, bheir sé orm a chreidbheáil go gcaithfidh sé gur bhuail mé leo roimhe. Mothaím gur áit mhaith í seo le bheith. Ba mhaith le duine a bheith sa tseomra seo leis na daoine seo agus leis an mhadadh s’acu. Tá siad féin sásta a bheith san áit a bhfuil siad, ag breathnú amach ar an cheamara agus tá sé mar a bheadh siadsan ag amharc orainne. Sin bua mhór le grianghrafadóireacht portráide den scoith: bheir sí orainn sult a bhaint as saol dhaoine eile, a mbeoghnúis ghearrtha, an seasamh atá acu agus an dóigh a n-iompraíonn siad iad féin. Breathnaímid ar an grianghraif sa taispeántas seo, sa leabhar seo agus soilsíonn solas ó ré eile orainn.

Jim Maginn - Solas ó Ré Eile red barn gallery Brollach le Ciarán Mac Carráin, arna aistriú go Gaeilge ag Art Hughes.


36 n贸s

*

Ceol

saol


*

saol

nós 37

go dtí go mbeidh an bua againn Tar éis bhás Hugo Chávez breathnaíonn Feargal Mac Ionnrachtaigh ar na hathruithe dearfacha a chuir an ceannaire i bhfeidhm i Veiniséala agus áitíonn sé go bhfuil sé barrthábhachtach go leanann réabhlóid na ndaoine ar aghaidh.


38 nós

*

saol

A

g tús na míosa seo d’imigh duine de na ceannairí ba charasmataí agus ba dhaonna riamh i saol polaitiúil na linne seo. Ba léir ó aisfhreagra mothúchánach na ngnáthdhaoine i Veiniseála i ndiaidh bhás Hugo Chávez Frías go raibh muid ag amharc ar imeacht ceannaire a raibh tacaíocht fhorleathan aige, a bhí go mór i gcroíthe a phobail féin. Agus tá sé furasta a thuigbheáil cad chuige. Ó thosaigh Chávez ar an réabhlóid Bholavarach – neamhspleáchas geilleagrach, cothromas, dáileadh an tsaibhris, deireadh le caimiléireacht – a tabhairt isteach sa tír, tá feabhas suntasach tagtha ar chaighdeán saoil mhuintir Veiniseála. An rachmas ina bhun Bhí Veiniséala in áit an-difriúil, áfach, nuair a tháinig ann do chlú Chávez an chéad uair thiar in 1992. Chuir Uachtarán na tíre ag an am, Carlos Andrés Pérez, polasaithe eacnamaíochta nua-liobrálacha i bhfeidhm, a mhúnlaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an IMF, agus a rinne léirscrios neamhthrócaireach ar bhochtáin na tíre. Úsáideadh an lámh láidir chun na hollchíréibeanna in aghaidh na gciorruithe ar chaiteachas sóisialta a chur faoi chois ag deireadh na 80í agus dúnmharaíodh níos mó ná 276 agóideoir i slad an El Caracazo. D’eagraigh Chávez, agus é ina cheannfort míleata san arm ag an am, ‘coup’ teipthe in éadán an tsean-réimis, agus chríochnaigh sé ag caitheamh dhá bhliain i bpríosún dá bharr. Ar scaoileadh saor ón phríosún dó sheol sé páirtí polaitiúil úr darbh ainm Gluaiseacht an Chúigiú Poblacht, a tháinig chun cumhachta in 1998. Sa tréimhse seo, cuireadh córas measarthach i bhfeidhm a bhí bunaithe ar an daonlathas sóisialta mar gur chreid Chávez ag an am sa ‘Tríú Bealach’ a mhol caipitleachas le ‘haghaidh dhaonna’. Nuair a toghadh arís é sa bhliain 2000, chuir sé leis an chlár leasuithe sóisialta le bunú comhairlí pobalda, comharchumann oibrí-bhainistithe, chomh maith le clár leasuithe ar chóras na talún a chríochnaigh le náisiúnú déanta ar roinnt tionscal áirithe. Ach ba é an dúshlán a cuireadh roimh an tionscal ola in 2001 a spreag freasúracht fhíochmhar ón eite dheis rachmasach sa tír agus a comhghuaillithe idirnáisiúnta. D’eagraigh siad ‘coup’ in éadan an réimis Bholavaraigh, le tacaíocht ó Rialtas Bush i Meiriceá, in Aibreán 2002. Ghlac ceannairí frith-Chávez san arm, agus a gcomhghleacaithe polaitiúla agus gnó, seilbh ar Phálás an Rialtais agus b’éigean do Chávez seasamh síos, bíodh is gur dhiúltaigh sé éirí as mar Uachtarán. Le Chávez faoi choimeád an airm, d’fhógair an ceannaire gnó rachmasach Pedro Carmona gur uachtarán ar rialtas sealadach a bhí ann agus cealaíodh bunreacht 1999.


*

saol

D’fholmhaigh na barrios ina maireann cosmhuintir na tíre láithreach agus spreagadh na céadta míle chun agóidíochta ar son an chórais Bholavaraigh agus i dtreo Phálás an Rialtais. Bhí Chávez ar ais i gcumhacht taobh istigh de chúpla lá. Uair na cinniúna D’éirigh polaitíocht Chávez agus an Ghluaiseacht Bholavarach ní ba radacaí mar gheall ar an eispéireas seo agus iad ag tuiscint nárbh fhéidir ‘aghaidh dhaonna’ a chur ar an chaipitleachas. D’fhógair Chávez ag an Fhóram Sóisialta Domhanda i mí Eanáir 2005 gur shóisialach a bhí ann agus é ag moladh cur chuige úir a fhóireann don mhílaois úr; “Caithfidh muid sóisialachas a athcheapadh agus ní an cineál a bhí san Aontas Sóivéadach... ach sóisialachas úr, leagan daonna, a chuireann daoine agus ní meaisíní nó an stát os comhair gach rud eile. Beidh seo bunaithe ar chomhoibriú seachas comórtas.” D’ardaigh luas an chláir chlaochlaithe socheacnamaíochta láithreach, le brabús stáit ó na tionscail náisiúnaithe ag bogadh i dtreo an oideachais, na sláinte agus cúrsaí fostaíochta. Tháinig ísliú suntasach ar bhochtanas agus bhain Chavez bua cuimsitheach i dtoghchán 2006 le 63% de vóta an daonra iomlán. Ó shin i leith, cuireadh acmhainní an stáit i dtreo chlár rialtais a fhorbraíonn sealúchas sóisialta, táirgeadh sóisialta agus táirgeadh ar son leasa shóisialaigh. Tugadh cumhacht do na comhairlí pobalda agus monarchana oibrí-bhainistithe mar chuid den iarracht chun an

stát sóisialach a thógáil ón bhun aníos. Leanann an obair Léirigh an móramh laghdaithe a bhain Rialtas Chávez ag deireadh na bliana seo caite go bhfuil an freasúra rachmasach ón eite dheis ag éirí níos eagraithe sa troid in éadan an cheartais. Agus anois go bhfuil an fear a thiomáin an réabhlóid ón tús ar shlí na fírinne, tá dúshláin ar leith roimh an Pháirtí Sóisialach Aontaithe (PSUV) leanúint leis an obair agus a chinntiú nach n-úsáideann an freasúra an tréimhse seo mar dheis le hathghrúpáil agus neart a bhailiú arís. Tá contúirtí áirithe inmheánacha ann fosta, ar nós na n-oifigeach rialtais buirgéiseach agus na bhfeidhmeannach páirtí atá in éadan cumhachta ón bhun aníos sna háiteanna oibre agus pobail. D’fhéadfaí a áitiú gurbh é an cultas pearsan a tógadh timpeall ar Chávez ina bhac don mhórchuspóir chomh maith. Cibé cinniúint atá i ndán do réabhlóid Bholavarach Veiniseála, áfach, is é an príomhthionchar atá aici ná dóchas a athmhuscailt agus léiriú go bhfuil rogha eile ann seachas an nualiobrálachas agus loighic an ‘chaipitil’. Taispeánadh go soiléir gur féidir sochaí a phleanáil agus a reáchtáil ina bhfuil ‘forbairt dhaonna’ i gcroílár na forbartha eacnamaíochta. Tá todhchaí an domhain agus an chine dhaonna i gcoitinne ag brath go mór ar bhua fhadtearmach an tsóisialachais úir seo.

nós 39


*

40 nós

saol

faoi gheasa ag porn Tugann E. P. Ó Néill súil ar úsáid na scannán craicinn i ré an idirlín, an chonspóid a bhaineann leo is tugann conclúid nach bhfuil na meáin sásta a aithint; go mbaineann fir úsáid rialta as porn is nach dóigh leo go bhfuil aon rud mícheart leis.

T

á an phornagrafaíocht linn le fada, is féidir a tús a rianú siar go dtí an tréimhse réamhstairiúil fiú le mionsamhlacha cloiche a bhfuil gnéasorgáin mhéadaithe orthu. Níor thosaigh an phornagrafaíocht a bhfuil aithne againne uirthi go dtí an ré Victeoiriach. Ag an am seo tosaíodh ar a dhéanamh mídhleathach. An Danmhairg an chéad thír a rinne dleathach é, sa bhliain 1969, spéisiúil go leor! Ní bhítear sásta caint air. Go dtí le déanaí níor thuigeas féin i gceart nár thuig roinnt mhaith cailíní nó mná a mbíonn ar bun ag fir/buachaillí ar an idirlíon go rialta. Seo léargas lom mar sin; tá cúpla suíomh ar leith a mbaintear úsáid astu, Porntube agus Youporn mar shamplaí, agus d’fhéadfaí a rá gur geall le Youtube na pornagrafaíochta iad. Tá na céadta mílte físeán ar shuímh mar seo agus an rud a bhíonn i gceist den chuid is mó ná físeán cúpla nóiméad ar fhad a thaispeánann gnéas polltach idir fear agus bean. Is minic cum shot (ina steallann an fear ar an mbean), gnéas tónach, ábhar leispiach, agus foréigean bog iontu. Breathnaíonn fir orthu le glacaireacht aonair a dhéanamh. Sin é ráite agam, sin a dhéanann mórchuid na bhfear óg, ach geis is ea é, mar sin ní labhraítear air. Tá an nós seo níos forleithne in Éirinn ná mar atá baill an CLG féin, déanaim amach. Bíonn leath d’fhir ag breathnú ar phorn gach seachtain agus breathnaíonn breis is 70% d’fhir ar phorn gach mí. Glactar leis gan mórán ceisteanna i measc na bhfear ach is cosúil gur iontas le sciar áirithe den phobal, daoine meánaosta is níos sine agus mná níos mó ná fir, go dtarlaíonn seo in aon chor. Cuid mhaith acu sin, rud mímhorálta nó saobhnós atá ann anuas air sin. Is as Meiriceá a thagann mórchuid na staitisticí maidir le húsáid na pornagrafaíochta, ach ní fheictear dom go bhfuil siad neamhbhailí i gcás na hÉireann. Táimid níos coimeádaí ina thaobh seo seans agus is

dócha go bhfuil ó thaobh an leathair de go ginearálta. Spéisiúil go maith i SAM, is iad na stáit is coimeádaí is mó a cheannaíonn pornagrafaíocht, stáit a bhfuil cosc acu ar phósadh aerach ceannaítear 11% níos mó iontu. Tá staidéir eile as an tSualainn a léiríonn rátaí a chuirfeadh an rud céanna in iúl, arís eile. Déarfadh duine gur liobrálaí go mór don tír sin. Bíonn 66.7% ag breathnú ar scannáin chraicinn uair sa mhí is 90% cúpla uair sa bhliain thall. Bhí 98% de fhir agus 72% de mhná tar éis breathnú ar scannán craicinn riamh ann. Dar le staidéar ón mbliain 1989 bhí 92% de bhuachaillí SAM tar éis Playboy a fheiceáil nó a léamh faoi aois 15. Tosaíonn páistí Mheiriceá ag breathnú ar chruaphorn ag meánaois de 11. Tá sé sách deacair teacht ar eolas beacht cruinn ina thaobh seo, ach tá súil agam go bhfuil cothrom na Féinne tugtha agam don fhírinne. Ní raibh mé in ann teacht ar aon eolas maidir le húsáid na pornagrafaíochta in Éirinn iathghlas na Naomh. Ó thaobh an idirlín, tá na scannáin ghnéis go mór sa treis i gcomórtas le gach úsáid eile; 25% de na cuardaigh ar fad a dhéantar ar an idirlíon baineann siad le porn, agus ba iad na focail ‘sex’ agus “porn” an ceathrú agus an séú téarma ba mhó a cuardaíodh. 43% de gach úsáideoir idirlíon a bhaineann úsáid as porn. Cúisíonn tionscal na scannán leathair rachmas mór, sa bhliain 2006 ba $97 billiún a tuilleadh de bharr na pornagrafaíochta go domhanda. Rinneadh staidéar i Montréal ar fhir shingle a léirigh go mbreathnaíonn siad ar 40 nóiméad de phornagrafaíocht sa tseachtain, i gcomparáid leo siúd i gcaidreamh a bhreathnaíonn air ar feadh 20 nóiméad. Tháinig cáil ar leith ar an staidéar seo toisc gur theip orthu teacht ar fhear nach raibh scannán leathair feicthe riamh aige.


n n a e d i á s ú

% 0 >7

porn

Cáineadh an staidéar mar sin féin as drochmhodhanna agallaimh duine ar dhuine in áit agallaimh ghutháin a gheobhadh breis eolais a bheadh míchompordach le rá os comhair oibrí shóisialta. Dar leo siúd atá i gcoinne na pornagrafaíochta tá sí míshláintiúil agus mímhorálta. Tugtar le fios chomh maith gurb é sin tuairim an mhóraimh. Dáiríre má tá comhdhearcadh nó comhaontas ann sa phobal is comhdhearcadh ar son na pornagrafaíochta atá ann. Dar le 66.5% d’fhir go raibh breathnú ar phorn inghlactha i mbealach éigin, agus d’aontaigh 50% de mhná óga. Dar le saineolaithe áirithe luaitear méaduithe sna galair ghnéis tarchurtha, agus toirchis do dhéagóirí mar iarmhairtí ar na scannáin leathair.

. a t l a i r o g

? t ú f éc ard

Anuas air sin tá foréigean i gcoinne na mban le feiscint i líon ollmhór físeán, mar aon le maslaí béil. Seans gurbh fhearr díriú orthu seo mar fhadhbanna iontu féin le leigheas in áit tabhairt faoi rud a bhfuil gean neamhráite ag an bpobal air. Is deacair arís teacht ar líon na ndaoine a dhéanann glacaireacht do phorn ach is dóigh liom gur mórchuid na ndaoine a bhíonn seo i gceist acu. Ceapann sciar den phobal arís eile gur rud salach, aisteach atá ann go pointe fós. Ní fhaighim féin mímhorálta é ná úsáid na pornagrafaíochta. Aontaíonn an mórphobal a úsáideann is a úsáidfidh é liom ach caithfidh an pobal ar fad a aithint gur ann dó. I bhfirinne is slua rílíonmhar, i measc na bhfear ach go háirithe, a úsáideann é. An gá an gheis?


42 nós

*

saol

ó ghaosán go ruball Insíonn an cócaire Hugh Corcoran dúinn faoin ról atá ag bia in atógáil chultúir, agus cuireann sé cúpla oideas blasta ar fáil chomh maith...


*

saol

nós 43

Le fiche bliain anuas tá gluaiseacht agus coincheap iontach suimiúil ar siúl sa domhan gastranómach, is é sin ‘Ó Ghaosán go Ruball’ (From Nose to Tail), le leithéidí an chef mór le rá Fergus Henderson ó St. John’s i Londain mar cheannaire aitheanta an smaoinimh. Is é an coincheap atá taobh thiar de ná gach aon pháirt den ainmhí is feidir úsáid – ón tsrón go dtí an t-eireaball - a ithe. Ní chiallíonn sin go gcaithfidh muid gabháil amach as an bhealach le píosa den mhuc a fháil agus a chócaireacht le blas speisialta a chur air ach go mbíonn muid ag baint úsáide as píosaí den ainmhí atá de ghnáth níos saoire agus go minic níos blasta. Mar a deir Fergus Henderson féin faoi, “It’s only polite” agus é ag caint

faoin ainmhí iomlán a ithe i ndiaidh duit é a mharú ar son a chuid feola. Ní amhain go mbaineann sé le múineadh, ach baineann sé le ré eile chomh maith, do shúile a oscailt go domhan úr féidearthachtaí sa chistíneach agus tú ag sábháil cúpla pingin ag an am céanna - rud a bhfuil lucht oibre na hÉireann breá cleachtaithe leis! Cruthaíonn seo meon eile chomh maith faoin dóigh a n-amharcann muid ar ár gcuid sa tír seo. Le céad bliain go leath anuas, tá muintir na hÉireann bocht le heaspa bí, easpa dí, easpa muiníne agus ár gcultúr faoi chois mar ghea’l ar an choilíneacht agus go mór mór, an scoilt iomlán tragóideach sin dár stair, an górta mór. Is é an bealach atá amach romhainn mar Ghaeil anois ná tír úr a

chruthú. Ar dtús inár n-intinn, ansin inár bpobail agus sa deireadh ar fud fad na tíre. Tosaíonn an t-athrú seo leis an dóigh a gcaitheann muid an saol, caidreamh sóisialta, mar a déarfá. Agus cén bealach níos fearr le caidreamh sóisialta a chruthú ná fríd athrú a dhéanamh ar cheann de na próisis sóisialta is coitianta tá ann: an béile. Bain triall as na hoidis seo, níl siad deacair, níl siad daor agus bainfidh tú sult agus muinín astu i do shaol cócaireachta agus iad déanta agat. Seo gnáthbhia sa Fhrainc, sa Chatalóin, Tír na mBascach nó san Iodáil - bia maith, folláin, dúchasach. Bia tuathánaigh, ó ghaosán go ruball.

Cloigeann Muice Rósta (do cheathrar)

Modh • Bain aon ghruaig den chloigeann le rásúr sula ndéanann tú rud ar bith agus glan amach é. • Agus tú á dhéanamh sin, cuir do chuid seallóidí agus gairleoige isteach i bhfriochtán leis an sáiste agus an tím agus giota ola nó im. • Ná bí buartha faoi aon rud a ghearradh anseo. • Cuir an cloigeann isteach i dtráidire bácála agus cuir gach rud ón fhriochtán thart air, líon é leis an fhíon go dtí go bhfuil sé mar a bheadh ‘ailigéadar sa seascann’ ann – is é sin leath-chlúdaithe leis an fjíon agus giota uisce chomh maith (thart fá 50/50). • Clúdaigh an cloigeann le páipéar gréiscdhíonach agus an chluas le

scragall stáin. • Cuir san oigheann é ag 200c ar feadh 3 uair, bain an páipéar gréiscdhíonach dó, cuir an t-oigheann síos go 100c agus fág é 2 nó 3 uair eile. • Sa fiche bomaite deireanach, bain an scragall stáin den chluas. • Bain amach an cloigeann agus fág ar leataobh é ar feadh 10 bomaite. • Agus sin déanta, cuir an biolar isteach sa sú atá fágtha, tiontaigh é go dtí go bhfuil sé bog agus roinn an sáiléad té idir na daoine. • Ba cheart go mbeadh craiceann an chloiginn crua agus an lár bog (ag titim as a chéile bog). • Gearr fríd an chraiceann nó bris fríd, roinn amach an taisce agus bain sult as (le gloine Bourdeaux nó Cava le do thoil!)

Comhábhair • x1 Cloigeann muice (£3 i mbúistéir maith ar bith, beidh ort ceist a chur air/ uirthi cúpla lá roimh ré. Iarr orthu é a ghearradh ina dhá chuid, mura bhfuil tú ag iarraidh é a dhéanadh do cheathrar, cuir cuid de sa reoiteoir agus beidh go leor agat do bheirt le taobh amháin) • x6-12 Seallóid • x3-6 Clóbh gairleoige • Sáiste agus tím • Fíon geal nó úill • Biolar


*

44 nós

saol

jambon persillé Comhábhair • x1 ‘ham hock’ (cuir ceist ar an bhúistéir fána choinne, níor cheart go mbeadh sé níos mó ná cúpla punt) • x1 Meacan dearg • x1 Oinniún • x1 Bouquet garni • x1 Píosa breá peirsile • 200g Geilitín • x3 Seallóid • x2 Bordspúnóg mustaird • Finéagár fíon geal Modh • Cuir an ham hock, meacan dearg, oinniún agus an bouquet garni isteach i bpota agus líon é le huisce fuar.

• Cuir an pota ar an teas agus lig dó suanbhruith ar feadh 2 - 3 uair. • Gearr na seallóidí go hiontach beag, measc iad leis an mhustard agus clúdaigh é le finéagár. • Nuair atá tú ábalta scian a chur fríd an fheoil gan aon bhrú, bain amach an fheoil. • Cuir an t-uisce cócaireachta fríd stráinín agus sábháil é. • Lig don fheoil fuarú agus bain é den chnámh. • Gearr an fheoil go beag agus measc é leis na seallóidí agus an peirsile (gearrtha go maith). • Lig don gheilitín leá i gcuid den uisce cócaireachta. • Cuir an fheoil srl. isteach i ‘terrine’ nó tráidire domhain ceirmeach agus clúdaigh é leis an uisce geilitín.

• Fág an ‘terrine’ thar oíche sa chuisneoir. • Nuair atá tú ag iarraidh é a bhaint amach, cuir isteach in uisce té é ar feadh cúpla bomaite agus tiontaigh thart é - ba cheart go dtitfeadh sé amach go furasta. • Coinneoidh an Jambon Persillé seachtain istigh sa chuisneoir. • Ith é le chutney de chineál éigin, arán rósta (agus gloine Madiera b’fheidir).

Rannpháirtithe á lorg do shraith nua teilifíse saoil ar tg4 Tá sraith teilifíse náisiúnta ar bhealach maireachtála á léiriú ag Stirling Film &TV Productions Ltd. faoi láthair do TG4, ‘Díol É’. An coincheap atá ann ná go mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina dtithe; éadaí, seantroscán nó giuirléidí, agus go gcuirfidh na láithreoirí sainchomhairle orthu maidir le hairgead a thuilleamh ar na nithe sin a dhíol ar líne, chomh maith le ag aontaí nó díolacháin as búit cairr ina gceantar féin. Beidh sprioc ag gach duine, nó ócáid le freastal uirthi, ina rachaidh an t-airgead ina threo. Tá rannpháirtithe le Gaeilge á lorg againn do 6 chlár atá le taifeadadh ar fud na hÉireann i rith mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh. Mar sin, más mian leat féin, le do theaghlach nó le do chomhghleacaithe airgead breise a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó, líon isteach an fhoirm ag www.stirlingtelevision.co.uk le d’iarratas a dhéanamh! Fuair Stirling TV Productions maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus ó TG4 don léiriú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Colleen Melarkey-Beattie: Teil: +44 (0) 2890 333848 Ríomhphost: colleen@stirlingtelevision.co.uk


NÍ THAGANN TADA GAN IARRACHT MUISE, NÍ RAIBH AN TÉ A DÚIRT SIN AG MAGADH


*

46 nós

saol

chaidh mi Déanann Micheál Mac an Bheatha argóint ar son na seilge seachas na feirmeoireachta

T

osóidh mé le faoiseamh. Tá hagaois ite agam, ní amháin sin, ach tá hagaois maraithe agam. Titfidh roinnt agaibh amach liom láithreach, cén dóigh a mairfeadh duine ar bith hagaois? Ceann de na hainmhithe is áille agus is soineanta dá bhfuil ann, gan trácht ar a bheith gann. Taigeis atá orthu i nGaeilge na hAlban ar ndóigh. Haggis scoticus an t-ainm Laidin eolaíochta atá orthu. Chaith mé tamall thall in Íle na hAlban, tá anois trí bliana ó shin ag toraíocht ar hagaois an oileáin sin, nó mar a deir siad i nGaeilg na háite, bhá mi a’ clubachadh! Cinnte, clubachadh! Sin mar a mharaíonn tú iad, le stailt chlub orthu (nó dhó in amanna). Sin an dóigh is éifeachtaí chun iad a mharú, club ceart sa chloigeann, más féidir sin a aimsiú. Dar ndóigh tá an hagaois allta go huile is go hiomlán cruinn mar sin ní féidir ach saineolaí nó sealgaire maith an cloigeann a aimsiú. Níl ach duine nó beirt fágtha ar an tsaol gur féidir leo ceann baineann a aithint ó cheann fireann faraor. Sea, bhuail mé chun bás iad agus ní ghabhaim aon leithscéal as. Ar bhain mé sult as? Ar bhealach bhain mar gur rud nadúrtha atá ann ach ar bhealach eile níor bhain, ligeann siad scread olagónach astu atá áit éigin idir amhránaíocht bhinn na míolta móra agus béic scaollmhar choinín óig i mbéal chait. Cad é sin, “tá tusa uafasach”, a deir tú? Goille, cuirim ceist ort.

Ar ith tú féin hagaois riamh? “D’ith,” a deir tú, “ach tháinig sé sin ó fheirm éigin. Cuireadh chun báis é ‘go daonnachtúil’,” a chreideann sibh! Abair liom, cén cruth a bhí ar do hagaois? Bhí sé dronuilleogach, nach raibh? Cosúil le hispín mór go díreach. Nár dhúirt mé ní ba luaithe go mbíonn siad go hiomlán cruinn san fhiántas? Cén fáth an difear mar sin? Mar gur póraíodh iad sa chaoi sin ionas gurbh fhurasta iad a mharú sa mhonarcha agus gurbh fhéidir leo maireachtáil níos fearr i gcásanna bataire!


*

saol

a chlubachadh!

Maireann siad sna cásanna sin, beagnach sa dorchadas, gan fáil ar aer úr, gan an tsaoirse ag dul amach, a gcosa beaga bídeacha ar líontán sreinge, agus air sin amháin ó thús a saolta truacánta go dtí an deireadh leo, deireadh a gcuireann siad fáilte roimhe go cinnte. Maireann na milliúin acu mar sin, an chuid is mó acu ar feadh tamall an-ghairid ar ndóigh, ar feadh a saolta iomlána. Seo ainmhí beag uasal a d’éabhlóidigh chun maireachtáil i sléibhte maorga Ghaeltacht na hAlban – tiontaithe ina n-ispíní beo ar mhaithe le feoil saor i ‘chippies’ Ghlaschú agus Dhún Éideann.

B’fhearr liom nach mbeadh siad ag fulaingt mar sin, go mbeadh siad beo mar is ceart amuigh san fhiántas ag maireachtáil mar is ceart agus go nadúrtha. Cinnte, beidh mí-ádh ar chuid acu, seans go dtiocfadh ‘fear clubachaidh’ orthu agus go mbeadh deireadh tobann nó measartha tobann leo ach ba chinnte go mbeadh saol níb fhearr acu go dtí sin. Do rogha féin, do hagaois dronuilleogach a d’fhulaing a shaol ar fad nó ceann deas cruinn a mhair is a fuair bás agus é san fhiántas! Tá a fhios agam cén ceann acu a roghnóidh mé féin.

nós 47


gníomhaíochas ** Ceol Taisteal


seachtain na gaeilge 2013

Márta atá ann agus tá Seachtain na Gaeilge linn arís, féile idirnáisiúnta - a bunaíodh siar in 1902 creid nó ná creid! - a thugann deis do gach uile dhuine sult a bhaint as ár dteanga trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla. Grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn na himeachtaí go háitiúil ach mar a deir an mana ‘Croí na Teanga, It’s You’, mar sin bíonn an fhéile ag brath ortsa chun gníomh a dhéanamh agus páirt a ghlacadh. Tá a fhios againn go mbíonn Nósadóirí gníomhach ar son ár dtodhchaí agus ár dteanga gach lá den bhliain ach is seans iontach é SnaG chun ról níos gníomhaí fós a imirt mar sin léimigí isteach! Breis eolais ar www.snag.ie


50 n贸s

**

Ceol Taisteal

dearadh


*

dearadh

nós 51

réalta ina háit cheart scott de buitléir

b

hí an tUachtarán Michael D. Higgins i bPáras le linn na míosa seo caite le taispeántas nua a oscailt faoin dearthóir intí agus ailtire Eileen Gray, é á moladh go hard. San ionad cultúrtha cáiliúil, an Centre Pompidou, táthar in ann an moladh sin a thuiscint go soiléir, agus cuid dá saothar ar taispeántas ann do lucht na cathrach, cathair ab aoibhinn le Gray nuair a bhí sí ina cónaí inti. Ar ais in Éirinn, áfach, ba bheag an moladh ná aird a tugadh ar Eileen i gcomparáid le dearthóirí eile a tháinig ina diaidh ar nós Alvar Aalto ón bhFionlainn nó Arne Jacobsen na Danmhairge. Beagan ar bheagán,

áfach, is cosúil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i ndomhan na dearthóireachta chun áit Gray a aithint i gceart. Rugadh Gray in Inis Córthaidh i 1879, an páiste is óige de chúigear. Péintéir ab ea a hathair, a mhol a iníon chun a cuid ealaíne a fhorbairt agus a thóg í chun na hIodáile agus na hEilvéise nuair a bhí sé ag péinteáil. Nuair a bhog sí go Páras i 1906, bhuail sí le Seizo Sugawara, ealaíontóir Seapánach a mhúin di conas laicear (lacquer) a úsáid. Chaith sí ceithre bliana faoina stiúr, cé gur éirigh léi ‘galar laceair’ a

fháil mar gheall ar nimh an ábhair. D’ainneoin sin, níor éirigh léi a céad saothar a chur ar taispeántas go dtí 1913, agus í 35 bliain d’aois. D’éirigh go han-mhaith leis, áfach, agus ní raibh ann ach tús dá cuid oibre san earnáil sin. Ach is é siombal buan de chuid shaothar Gray ná píosa troscáin a rinne sí roinnt blianta níos déanaí, bord ar cheart a bheith mar bhunchloch ré nuadearthóireachta na hÉireann. Rinneadh Bord E1027 mar chuid de bhailiúchán a dhearaigh sí d’E-1027, teach i ndeisceart na Fraince a cheannaigh sí lena leannán, Jean Badovici.


*

52 nós

dearadh

Déanta as stáin agus gloine, d’éirigh leis an mbord bheith ina shiombal do dhearadh nua Éireannach; i bhfad ó na hábhair thraidisiúnta a d’úsáid na Gaeil (ar nós adhmaid, mar shampla) ach gan staonadh as an gcruth ciorclach a bhí in úsáid acu; smaoinigh faoin ealaín atá le feiceáil ag Brú na Bóinne agus fiú ar Leabhar Ceannanais. Bualadh le chéile de dhá chúlra a bhí sna saothair d’E-1027; ealaín déanta as nua-ábhair idirnáisiúnta, le hinspioráid Eorpach, ach rian Gaelach le mothú ann freisin. Bhí sé seo sothuigthe ag Badovici, a scríobh i 1923: “tá Eileen Gray i lár na gluaiseachta nua-aimseartha. Tá a fhios aici go bhfuil an t-am seo againne, lena bhféidirtheachtaí nua maireachtála, ar thóir bealaigh nua le mothú.” Is éard nach bhfuil ar eolas ag mórán daoine, áfach, ná gur dhearaigh sí an bord le go mbeifear in ann é a thógáil as a chéile, píosa ar phíosa, lena gcur le chéile arís in áit eile más gá. Tá an coincheap sin mar bhunchloch rath an chomhlachta IKEA, ach ní raibh sé sin chun teacht ar an bhfód go ceann roinnt mhaith blianta níos déanaí. Mar sin, bhí Gray i bhfad chun tosaigh fiú i gcomparáid do mhórdhearthóirí Chríoch Lochlann. Le linn an Dara Cogadh

Domhanda, rinneadh dochar don dá áit chónaithe s’aici; a hárasán i Saint Tropez agus a teach i Tempe à Pailla. D’éirigh léi iad a réiteach, agus faoin am sin, d’éirigh lena comhghleacaithe ar nós Le Corbusier agus Mallet-Stevens an-cháil a bhaint amach dóibh féin, agus Grey leagtha ar leataobh, dearmadta san áit ina chur sí fuithi. Níorbh é cogadh cúis a mí-áidh, áfach, mar d’éirigh léi bheith ina duine ciúin; ag séanadh an spotsolais agus ag iarraidh seasamh siar ón bpobal. Ghlac sí le cuireadh ó Le Corbusier chun cabhrú leis ar son an 1937 Paris Exposition, nuair a thaispeáin sí plean le haghaidh ionad saoire. Tógáladh an t-ionad, ach níor fhreastail sí ar an seoladh, í go hiomlán ina haonarán faoin am sin. Níor fhill sí ar ais chun solais go dtí 1967 (ag aois 90) nuair a d’fhoilsigh an iris Domus moladh ar a cuid saothar, scríofa ag an gcriticeoir ailtireachta, Joseph Rykwert. I ndiaidh an ailt, eagraíodh cúpla taispeántas beag, agus díoladh go leor dá cuid troscáin ag margadh i 1972. Rinne an comhlacht deartha Aram cinneadh chun troscán Gray a athdhéanamh i Londain; Cathaoir Bibendum agus Bord E1027 ach go háirithe. D’athéirigh cáil Eileen chomh

mór sin gur fógraíodh a bás i 1976 ar raidió náisiúnta na Fraince – an chéad uair ar luadh a hainm ar raidió. Réalta na dearthóireachta intí a bhí in Eileen Gray, agus í ina máthair do nua-dhearadh na Éireann, ach ní luaitear í minic go leor chun an clú atá tuillte aici a aithint i gceart. Mar a dúirt an tUachtarán Higgins, “ina tír dhúchais, ba bheag an ceiliúradh poiblí a rinneadh ar a saothair. Bhí siad den tuairim go raibh go leor cúiseanna leis sin, gan gach ceann acu a bheith soineanta. Bhí locht ar an Stát [Éireannach] féin chomh maith.” Sin ráite, tá muid tar éis aire chuí a thabhairt do Grey faoi dheireadh, agus taispeántas buan faoina saothar le feiceáil ag Dún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath anois, chomh maith le taispeántas sa Centre Pompidou i bPáras. Ceannródaí na dearthóireachta i bhí in Eileen, agus níor cheart dearmad a dhéanamh uirthi arís.

Tá saothar Eileen Gray ar taispeántas buan ag Ard-Mhúsaem na hEalaíon Maisiúil agus na Staire, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath. Tá taispeántas Gray ar siúl Centre Pompidou, Páras, go dtí 20 Bealtaine. Tuilleadh eolais faoin dá thaispeántas ar fáil ag museum.ie agus centrepompidou.fr.



Irisí? Tá na milliúin againn, saor in aisce. An iris seo ina measc. Issuu.com



*


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.