iris ghaeilge don nua-aois
20 bliain ag craoladh craic chill airne óga ióga Raidió na Life scór bliain ar an bhfód
Réamhamharc ar Oireachtas 2013
Buntáistí an disciplín ársa
Deireadh Fómhair 2013 | eag. 38
Radharc ar shaol eile na dtatúnna
€4/£3.50
2 n贸s
*
Ceol
f谩ilte
*
fáilte
Scléip an fhómhair Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís ina mbíonn sceitimíní ag teacht ar Ghaeil fud fad na tíre, agus fiú níos faide i gcéin, agus iad ag smaoineamh ar fhéile áirithe a bhíonn ar siúl ag deireadh na míosa seo. Seans go gciallíonn sé go bhfuil críoch leis an fhómhar agus tús ceart leis an gheimhreadh ach is cuma mar go mbeidh croí gach duine a bheas i láthair ag Oireachtas na Gaeilge te teolaí le háthas agus spraoi. Beidh Baile Chill Airne dubh le daoine óga agus aosta, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, ionadaithe na n-eagras teanga, pearsantachtaí na meán cumarsáide agus eile, iad uilig bailithe le chéile le haghaidh an cheiliúrtha is Gaelaí ar domhan, an chóisir is spleodraí an taobh seo de Woodstock. D'aon duine nach raibh ag an Oireachtas roimhe tá treoir iontach ag Banríon na Siamsaíochta, Sinéad Ní Uallacháin, daoibh san eagrán seo a thugann léiriú ceart cruinn ar atmaisféar
leithleach na féile. Ná caill é, ná a cuid moltaí eile faoi na imeachtaí éagsúla ceoil atá ag tarlú le linn na míosa. Ar ábhar iomlán difiriúil, tá cur síos cuimsitheach ag Ciarán Mac Fhearghusa ar an iliomad buntáistí a bhaineann leis an ióga - cá bhfios nach mbeadh sé de dhíth ort i ndiaidh ragairne na bhféilte ar fad?! Agus tá moladh an-suimiúil go deo ag Ciarán Dunbar faoin bhealach gur féidir linne anseo in Éirinn cumarsáid níos fearr agus níos fusa bheith againn lenár ndeartháireacha agus deirfiúracha Gaelacha in Albain. Ábhar machnaimh gan aon agó. Tá go leor eile istigh chomh maith - comóradh 20 bliain de Raidió na Life san áireamh, comhghairdeas leo! ach sula gcasann sibh an leathanach, ná déan dearmad gur féidir dul i dteagmháil linn in am ar bith faoi aon ní. Is breá linn cloisteáil uaibh - is libhse an iris seo. Beirigí bua,
tomaí ó conghaile
nós 3
4 nós
an iris nós
Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.
faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 62.
eagarthóir
leas-eagarthóir
Tomaí Ó Conghaile
Méabh Ní Thuathaláin
rannpháirtithe Ben Ó Faoláin, Órla Nic Ruairí, Sinéad Ní Uallacháin, Ciarán Dunbar, Micheál Mac an Bheatha, Eoghan Ó Loideáin, Gráinne Campion, Diarmuid Ó Tuama, Ciarán Mac Fhearghusa, Sorcha Nic Eochagáin, Séamas Ó Meachair, Mario Cutroneo, Agustin Rafael Reyes
TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994
buíochas
nós 5
Istigh Ceol
LEABHAR
20 Bliain de Raidió na Life 6 Léirmheasanna 12 Ag Teacht Aníos 16 Lá Airt 22
Cogadh na gCarad Leabhar Clasaiceach
40 41
saol
Filth 28 Metro Manila 29 TG4 30 Ar Thóir an Cheoil 34
Scornáil sa Phortach 42 Óga Ióga 44 Cumacht Chiúin Merkel 46 Séamas ar Seachrán 49 Idir-Ghaeilge 50 Comórtas na gCochall 52
an LÁR
DEARADH
scáileán
Ar úsáid tú do theanga inniu?
32
teic Bloc-ghutháin 38
Saol na dTatúnna Susan Hughes
54 58
6 n贸s
*
Ceol
Ceol
cuisle na cathrach
*
Ceol
nós 7
Tá Raidió na Life ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód. Téann Méabh Ní Thuathaláin chun cainte leis an bhainisteoir, Muiris Ó Fiannachta, agus le cuid acu sin a raibh baint acu leis an stáisiún thar na blianta.
T
á na mílte duine mar chuid de scéal Raidió na Life, staisiún beag raidió atá tar éis tionchar mór millteach a imirt ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath agus ar shaol na Gaeilge san ardchathair le 20 bliain. Stáisiún pobail a d’eascair ón bhun aníos, a spreag misneach agus féinmhuinín i measc Ghaeilgeoirí na príomhchathrach, a thug brí agus bunús don teanga, agus atá ag feidhmiú mar ionad sóisialta agus láthair oiliúna do chainteoirí Gaeilge ón uair a bhunaithe. Cúis bhróid atá sa chéiliúradh 20 bliain do bhainisteoir reatha Raidió na Life, Muiris Ó Fiannachta, atá sa ról ó bhí 2007 ann. “Tá mé an-mhórtasach faoin méid atá bainte amach againn i Raidió na Life. Ní amháin mar bhainisteoir ar an stáisiún, ach mar dhuine óg a d’fhás aníos ag labhairt na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá ról ar leith ag an stáisiún seo i gcomhthéacs uirbeach agus is iontach go bhfuil sé againn.” Feachtasaíocht agus bunú I mí Mheán an Fhómhair 1988 tháinig scaifte gníomhaithe le chéile chun plé a dhéanamh ar sheirbhís raidió lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhórcheantar Átha Cliath. “Bhraitheamar go raibh borradh áirithe ag teacht ar chúrsaí Gaeilge go
*
8 nós
Ceol
ghníomhaíocht ba thábhachtaí ar fad a rinneadh ag an am, maidir leis an phobal a ghríosú agus cumas an Chomharchumainn a léiriú, ná gur chuir siad isteach ar cheadúnas sealadach craolta ar feadh na coicíse le linn Oireachtas na Gaeilge 1991 a bhí ar siúl i gCluain Dolcáin. Ba léir i ndiaidh na coicíse, ní amháin go dtiocfadh leo seirbhís raidió cathrach a chur ar fáil, ach go raibh go leor tacaíochta taobh thiar de. Ansin i Nollaig 1992, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé i gceist acu ceadúnas a bhronnadh le haghaidh seirbhíse raidió Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus d’éirigh leis an dara hiarracht. Thosaigh Raidió na Life ag craoladh ar 25 Meán Fómhair 1993 agus tá siad beo ar aer ó shin. háirithe i measc daoine óga ag an am agus gur mhaith an rud é teacht i dtír ar an díograis sin,” arsa Seosamh Ó Murchú, a bhí i láthair ag an gcéad chruinniú sin. “Bhí fóram nua-aimseartha spreagúil ag teastáil a chabhródh le fréamhú na teanga sa chathair.” Is dá bharr sin a bunaíodh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta agus cuireadh tús le feachtas chun Raidió na Life a bhunú. Cuimhníonn Máirín Nic Eoin, duine de bhunaitheoirí an Chomharchumainn agus a bhí páirteach san fheachtas chun an stáisiún a bhunú, gur éirigh leo tacaíocht agus comhoibriú na n-eagraíochtaí Gaeilge a fháil, rud a bhí “fíor-thábhachtach le go mbeadh rath ar an iarracht”. Eagraíodh cruinnithe poiblí, ócáidí agus imeachtaí bailithe airgid agus díoladh scaireanna sa chomharchumann. Chuaigh baill choiste i mbun feachtasaíochta ar chláracha teilifíse agus raidió agus rinneadh aird a tharraingt ar an cheist i measc an phobail féin. “Is cuimhin liom go ndearnadh
craoladh san RDS le linn Sheó na gCapall, sin an uair a ndearna Rónán Ó Fearaíl agus Deirdre Ní Dhálaigh an léim bunji ar son an stáisiúin, ” arsa Máirín. Rinneadh an-chuid oibre ar an talamh le pobal scaipthe Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath a ghríosadh chun a bheith páirteach san iarracht. Bhí Rosemary Day ar na chéad fheachtasóirí. “Chuaigh muid amach chuig na háiteanna a raibh Gaeilgeoirí gníomhach iontu, rinneadh nascanna leis na Gaelscoileanna agus chuir muid liosta ainmneacha le chéile de dhaoine a bheadh sásta páirt a ghlacadh sa stáisiún agus liosta ainmneacha de dhaoine a bheadh sásta éisteacht leis an staisiún fiú” arsa sí. Chuir an comharchumann isteach ar cheadúnas do raidió pobail i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1990 agus cé nár éirigh leo an uair sin “taithí mhaith a bhí ann dúinn an t-iarratas sin a réiteach,” arsa Máirín, “agus sílim gur léiríodh don Choimisiún go raibh grúpa éifeachtach ann a bhí dáiríre faoi raidió pobail Gaeilge a bhunú.” Ach seans gurbh é an
Gaeil na príomhcathrach Bhí tuiscint ag bunaitheoirí Raidió na Life ar an tábhacht a bhain le stáisiún pobail Gaeilge sa chathair, a bheadh mar lárionad do shaol chomhairseartha uirbeach na Gaeilge. “Ionad sóisialta, láthair oiliúna agus eagraíocht ilfheidhmeach a bhí
*
Ceol
ann i gcónaí do Ghaeilgeoirí óga na cathrach, áit a raibh siad in ann scileanna tábhachtacha gairmiúla a shealbhú, obair thaitneamhach a dhéanamh agus aithne a chur ar a chéile i gcomhthéacs lánGhaeilge,” arsa Máirín Nic Eoin. Chuir Fachtna Ó Drisceoil, a bhí bainteach leis an stáisiún ón tús, síos ar an tréimhse a chaith sé le Raidió na Life sna 90í mar áit a bhfuair sé ollscolaíocht, ar leibheál oiliúna agus sóisialta. Rinne sé gach rud ó léiriú, láithriú agus léamh nuachta go meascadh fuaime. “Bhí cuid maith de mo shaol sóisialta bunaithe thart ar Raidió na Life an t-am sin. Mothaím gur saghas ollscoil a bhí i Raidió na Life dom, agus díreach ar nós fíor-ollscoile, rinne mé buan-chairde ann, tháinig féinmhuinín chugam maidir le cúrsaí craoltóireachta agus d'fhoghlaim mé scileanna a sheas liom i mo shaol gairmiúil ina dhiaidh sin,” ar seisean. Is é an rud is suntasaí, dar le Tristan Rosenstock, a fuair a chéad bhlaiseadh den chraoltóireacht i stiúideo Raidió na Life, “go dtugann sé ardán do dhéagóirí agus scoláirí Bhaile Átha Cliath, dream nach gcloisimid mórán ar na meáin náisiúnta”. “Faigheann go leor craoltóirí ar Raidió na Life misneach an teanga a labhairt go bródúil agus a gcuid cairde a mhealladh chuig sceideal an stáisiúin agus cothaíonn sé nasc ar leith leis an teanga leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil,” arsa Tristan. Foireann agus airm díograiseoirí Níl ach foireann lánaimseartha de thriúr ag obair i Raidió na Life, mar atá Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir; Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtairechta agus Fearghal Saxe, Teicneoir, mar aon le Marc Ó Loinsigh atá ina Mhaor Deireadh Seachtaine páirtaimseartha. Chuirfeadh méid na foirne iontas ar go leor, go háirithe má smaoiníonn tú go mbíonn foireann níos mó ag obair ar chláracha aonair de na mórstáisiún tráchtála agus náisiúnta. Cé go gcothaíonn an easpa foirne
Grianghraif, deiseal ón chlé: Síniú chéad chonradh craolacháin Raidió na Life; Radharc ar an stiúideo; Dara Ó Briain agus Cian Mac Cárthaigh; Sharon Ní Bheoláin i mbun craolta; Léim bunji ag Rónán Ó Fearaíl agus Deirdre Ní Dhálaigh; Michael D. Higgins agus eile ag seoladh an stáisiúin in 1993. Na chéad leathanaigh eile: Muiris Ó Fiannachta agus eile ag craoladh ar an Life; Mustapha Jackson ar an aer agus cailíní RnaL Amy, Orla agus Helena i mbun ceiliúrtha.
nós 9
*
10 nós
Ceol
brú leanúnach san am inniu mar a chothaigh ó thús ama, tá díograis agus paisean na foirne go láidir, rud a théann i bhfeidhm ar na hoibrithe deonacha, dar le Muiris. Tá ag iarraidh leis an stáisiún craoltóirí deonacha mar Colm Mac Oileabháird a choinneáil, craoltóir atá ag obair le Raidió na Life ó bhí 1994 ann, chomh maith le daoine nua a tharraingt isteach i rith an ama. B’amhlaidh a bhí i gceist ón chéad lá is cosúil. “Ní daoine óga amháin a bhí ag plé leis an stáisiún, bíodh go rabhadar siúd ann ina sluaite leis ach bhí daoine meánaosta agus níos sine páirteach ann chomh maith agus iad tógtha leis an tionscadal,” arsa Seosamh Ó Murchú. Thosaigh Lisa Nic an Bhreithimh ag craoladh dhá bhliain ó shin agus mhínigh sí go bhfuil “tarraingt spreagúil agus beocht iontach” ag baint le Raidió na Life san am inniu. “Sílim go mbíonn an chuid is mó daoine ag obair do stáisiún raidió pobail den mheon céanna, is é sin go bhfuil dúil mhór acu san obair atá ar siúl acu agus go bhfuil siad ag freastal ar phobal ar leith a bhfuil siad féin páirteach ann.”
“Tá mé ag ceapadh go bhfuil an duine is óige atá ag obair linn 16 bliain d’aois agus an duine is sine beagnach 70!” arsa Cian Mac Cartaigh. “Is í an eagsúlacht cheoil is mó a léiríonn an eagsúlacht daoine a thagann isteach agus amach trí dhoirse an staisiúin dar liom, cloistear gach stíl ó gach ré - Guns ‘n Roses, Tinariwen, Na Beastie Boys agus na Dubliners.” Faoi láthair tá idir 100 agus 150 duine ag obair ar bhonn deochach ó sheachtain go seachtain le Raidió na Life. Meascann mearaí d'aoiseanna éagsúla agus culraí difriúla, daoine ón gcathair féin agus ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin. “Creidim go bhfuil gaol láidir cothaithe againn le lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá sé le feiceáil gach lá a thagann daoine isteach chugainn lena gcuid ama, a gcuid fuinnimh agus a gcuid díograise a thabhairt dúinn mar chraoltóirí, mar chúntóirí craolacháin agus mar bhaill den Bhord Stiúrtha deonach a thugann treoir leanúnach dúinn,” arsa Muiris. D’eascair Raidió na Life ón bpobal, is ar son an phobail a bhíonn sé ag feidhmiú agus is le tacaíocht an
phobail a mhairfidh sé. Dul chun cinn Anuas ar an cheiliúradh 20 bliain, bronnadh an gradam iomráiteach ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar Raidió na Life ag Féile na Meán Ceilteach sa Bhreatain Bheag ní ba luaithe i mbliana. Bronnadh gradam speisialta Oireachtas na Gaeilge orthu ‘Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain’ agus bhuaigh siad ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ do shuíomh an stáisiúin, raidionalife.ie. “Cúis áthais atá sna gradaim uile atá buaite againn, spreagann siad gach duine atá bainteach leis an stáisiún, ach tuigim go rímhaith nach dtarlódh na rudaí móra sin gan aire a thabhairt ar na mionrudaí laethúla a bhaineann le reácháil na háite,” arsa Muiris. “Measaim go bhfuil an stáisiún ag feidhmiú ar bhonn níos eagraithe agus níos gairmiúla, táim brodúil as an méid sin agus tá muid ag obair i dtreo dearfadh i gcónaí. Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun againn chun caighdeáin ghairmiúla a bhaint amach.” Ach fiú gan trácht ar aon cheann de na gradaim thuasluaite, tá an stáisiún ag craoladh cláracha atá ar chaighdeán
éist le raidió na life ar 106.4fm nó ar líne ag raidionalife.ie
*
Ceol
nós 11
níos airde ná mar a bhí riamh roimhe seo. Creideann Máire gurb é an rud is suntasaí maidir le Raidió na Life ná an chaoi ar éirigh leis “an stáisiún é féin a athnuachan, agus daoine nua fuinniúla a mhealladh isteach le himeacht na mblianta. Tá an stáisiún imithe ó neart go neart le 20 bliain anuas, agus seirbhís iontach curtha ar fáil le fíorbheagán acmhainní airgid.” Dúshlán agus dóchas an todhchaí Is é dúshlán is mó a mbíonn de shíor roimh Raidió na Life ná a laghad ball foirne ata fostaithe acu. “Mar atá rudaí faoi láthair, tá sé iontach deacair orainn seirbhís a chur ar fáil ar bhuiséad beag bídeach. I mbeagan focal, caithfimid níos mó tacaíochta airgeadais a tharraingt inár dtreo go mbeidh muid ábalta daoine a fhostú, ” arsa Muiris. Ar bharr an ghanntanais airgeadais agus acmhainní daonna, tá an dúshlán céanna os comhair Raidió na Life is atá ag na meáin thraidisiúnta go léir - forbairtí teicneolaíochta. Tá a n-aip féin do ghutháin chliste acu anois agus éisteoirí a mhealladh ar líne ó 54 tír faoi láthair, chomh maith
le lucht leánúnach dílis d’éisteoirí na cathrach. Ba mhaith leo an stáisiún a fhorbairt mar chineál ionad meáin digiteacha amach anseo, “cé gur stáisiún raidió an bunról a bheidh againn i gcónaí ar ndóigh” arsa Muiris. “D’fhéadfá a bheith ag giolcaireacht chuig an gclár ar Twitter, ag póstáil ar leathanach Facebook an stáisiúin, agus ag féachaint ar an láithreoir agus a aíonna ón sruth físe beo
ón stiúideó” ar seisean. “Ar a bharr sin, tá tús curtha againn le pleananna chun bonn níos struchtúrtha a chur faoin oiliúint i scileanna chraolacháin.” Tá go leor déanta ag Raidió na Life sa 20 bliain atá imithe agus go leor eile ar bun acu i láthair na huaire... cá bhfios cad iad na forbairtí breise atá le teacht sa chéad 20 bliain eile? Gura fada buan aerthonnta Gaelacha Bhaile Átha Cliath!
BeannachtaíBreithlae
Ollamh le Gaeilge i gColáiste Dhroim Conrach agus duine de bhunaitheoirí Raidió na Life.
“Tairbhe phobal Ghaeilge Bhleá Cliath é an scór bliain ag fás. Coinnigh ort, Raidió na Life, don 20 bliain fé bhláth!” Cearbhall Ó Síocháin, léiritheoir/láithreoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a thosaigh amach le Raidió na Life.
“Gura fada buan sibh ag baint ceoil as an gcathair!” Seosamh Ó Murchú, Ceannasaí An Gúm agus duine de lucht bunaithe Raidió na Life.
an nglúin reatha de chraoltóirí Raidió na Life. Bainigí súp as!” Fachtna Ó Drisceoil, Craoltóir/ léiritheoir RTÉ a thosaigh i Raidió na Life.
“Tá an chéad 20 bliain curtha díobh, go maire sibh an céad!” Rosemary Day, léachtóir sna meáin in Ollscoil Luimnigh agus duine de bhunaitheoirí Raidió na Life. “Tá fiche bliain den scoth curtha isteach - go dtaga rath agus bláth ar Raidió na Life sna blianta atá amach romhainn!” Máirín Nic Eoin,
“Lá breithe sona duit, a Raidió na Life! Fiche bliain ag fás agus cuisle na cathrach le cloisteáil sna ceithre hairde. Ag tnúth go mór leis an bhfiche bliain faoi bhláth!” Tristan Rosenstock, Imeall TG4 agus ball den ghrúpa Téada. “Tá ár mbáibín fásta suas! Nach tapa mar a imíonn na blianta. Guím gach rath ar
“Comhgairdeachas le Radio na Life as ucht fiche bliain ag craoladh agus ag spreagadh na teanga!” Aoibhinn Ní Shuilleabháin, láithreoir de chuid RTÉ. “Bígí níos glórmhaire, níos feiceálaí, níos sáite i saol na cathrach agus níos uallmhianaí ná mar a ligtear daoibh a bheith,” Rossa Ó Snodaigh, ball de Kíla, gníomhaí Gaeilge agus iar-chraoltóir de chuid Raidió na Life. Breithlá Sona Raidió na Life, go maire sibh an céad! Ó bhur ndlúthchairde i Raidió Fáilte.
*
léirmheasanna ceoil
12 nós
Ceol
Nightmares On Wax - Feelin' Good warp
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Tá breis agus scór bliain ann ó d'eisigh lipéad Warp albam débút George 'Nightmares On Wax' Evelyn, 'A Word Of Science: The First and Final Chapter' (1991). Ceirnín iontach spraíúil é, ceol tógtha as eilimintí comhdhlúite func, anamcheol, luath-cheol electro agus hip hop meascaithe le fuinneamh UK bleep techno na luath-nóchaidí. Ceol
cruthaithe le samplóir i lámh amháin agus sintéiseoir Casio FZ-10 sa lámh eile - ceirnín dírithe ar an dtodhchaí gan aon dearmad a dhéanamh ar bhunphrionsabail an func. Más fíor nár éirigh riamh le Evelyn an débút úd a shárú ó thaobh na samhlaíochta de, bhí fuaim scúnc-throm 'Smokers Delight' (1995), taobh le luatheisiúintí na lipéad Ninja Tune agus Mo' Wax, lárnach i bhfás agus forbairt na stíle trip hop. Is beag an t-athrú a bhfuil tar éis teacht ar fhuaim N.O.W. ó shin. Más dúshlán nuálach atá uait b'fhearr duit tabhairt faoi cheol Om Unit nó Kode 9. Is é sprioc seasta N.O.W., mar a deir teideal an cheirnín seo, ná cinntiú go mbeadh do chluasa 'Feelin' Good'. An treoirphlean céanna, mar sin, ach fós tá fuaim thar a bheith saibhir, fairsing ag baint leis an taifead seo buíochas go háirithe do chóiriú théad-mháistir Jazzanova Sebastian Studnitzky, chomh maith le dord beo Paul Powell. Más fíor mar theideal 'So Here We Are' ar an bport
mall machnamhach hip hop uirlise a chuireann tús le 'Feelin' Good', tá só agus suaimhneas ag baint leis an suíomh céanna - samhlaigh Jazzanova léirithe ag Pete Rock. Fós féin, tá cúinní géara agus stadaireacht ag baint le rithimí dubdioscó 'Tapestry' nach raibh le haimsiú i gceol Evelyn roimhe seo. Ní hamháin sin, tá tionchar trap agus footwork le clos láimhseáilte go fíneálta ach cluas ghéar á tabhairt do 'There 4U'. Caitheann 'Be, I Do' dúdaireacht dhearfach Iamácach anuas ar rithim scaoilte bossa, agus beidh fonn ort do thóin a ascalú le afroboogie lúbach 'Luna 2' agus reggae-house mall gabhálach 'Now Is The Time'. Is iontach ceol Evelyn nuair a fhágann sé spás go leor ann le go mbeadh an t-eisteoir in ann ligint dá aigne imeacht le sruth, bíodh siad sínte ar an dtolg nó amuigh ar an urlár rince. Sa chomhthéacs sin is trua nár fhág sé amhráin mar an 'Master Plan' leamh agus gaspal trí chéile 'Give Thx' ar leataobh.
*
Ceol
nós 13
Stand Up, People - Gypsy Pop Songs from Tito’s Yugoslavia, 1964-1980 Asphalt Tango
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Cad é seo, go díreach? “Bráithreachas agus aontacht” ba ea sluáin Josip Broz Tito agus é tofa in 1963 mar uachtarán ar an Iúgslaiv shóisialach don chuid eile dá shaol. Fiú is é fíor go raibh fuil Chrótach ar lámha Tito, agus nár chomhlíon sé a gheallúint chun “párthas na n-oibrithe” a chruthú sna Balcáin, ba fós ré órga do phobail Romach na hIúgsláive ré Tito. Bhronn rialtas Tito aitheantas mar mhionlach oifigiúil ar ghiofóga Romacha - meas agus dlisteanacht stáit a chuir ar ardán nua a dteanga is a gcultúr. Tá an bláthú cultúir úd le brath go láidir sa cheol bailithe ar 'Stand Up, People', 19 amhrán atá tagtha chun solais in athuair buíochas do dhúthracht Philip Knox agus Nathaniel Morris as ceirníní Vlax Londain, beirt a chuaigh i mbun tarhthála ar na sean-cheirníní 45 i ngach margadh na míol ó Ljubljana go Pristina, gan trácht ar chúinní dorcha na Leabharlainne Náisiúnta i mBelgrade. An bhfuil aon mhaith ann? Tá na hamhráin seo thar a bheith saibhir, ilghnéitheach i gcomparáid le pop-cheol leithéid David Guetta agus Calvin Harris na linne seo, lena struchtúr intuartha agus blas aonchineálach. Tá an rud go raibh na ceoltóirí soilbhire seo ina seasamh ag an gcrosaire idir an domhan thiar agus an domhan thoir le clos sa tslí a meascadar a rithimí traidisiúnta féin (ó oidhreacht Indiach, gan dabht) agus gnéithe den gceol traidisiúnta Slavach leis na fuaimeanna nua a bhí á gclos acu; pop Meiriceánach, rac-cheol sícidéileach na Túirce, fuaimrianta spaghetti western Morricone agus ceol Bollywood. Ach más ceol é a chuir fáilte roimh aois nua, is iad fadhbanna uilíocha an chine daonna a bhfuil faoi chaibidil in acrabataic ghutha amhránaithe mar Ezma Redzepova, Ava Selimi agus Saban Bajramovic; grá, pósadh, crá croí agus traidisiún. Laigí? Tá an laigeacht ar an dté nach bhfuil Roimis ar a dtoil acu, ach buíochas d'Asphalt Tango tá aistriúcháin go Béarla ar liricí uilig na n-amhrán le haimsiú sna nótaí clúdaigh, chomh maith le cur síos cuimsitheach ar bhunús an cheoil. An breithiúnas? Déan cineál ar do chluasa is léim isteach!
Chequerboard - The Unfolding lazybird
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
Is mó ama atá caite ag 'Penny Black' John Lambert (Chequerboard) sa seinnteoir ceoil i ngluaisteán an scríbhneora seo ná aon albam eile eisithe ag ceoltóir Éireannach le deich mbliana anuas. Gan é ach tuairim agus 40 nóiméad ar fhad, is saothar beag foirfe é 'Penny Black', meascán d'fhuaim chomhthimpeallachta ar snámh Brian Eno, fuinneamh is rithimí flamenco, agus séis ornáidithe ghiotár John Lambert. Más fíor nár bhain 'Penny Black' ach uimhir 224 amach i liosta iriseoirí Hot Press don 250 albam Éireannach is fearr riamh níl ann ach cúis uimhir 47 gan Hot Press a cheannach (cúis uimhir 46 ná go bhfuil tosaíocht ag “Talk On Corners” The Corrs ar “O Riada Sa Gaiety” AGUS “Selected Ambient Works 85-92” le Aphex Twin sa liosta úd!). Níl Lambert tar éis aon iarracht a dhéanamh chun castacht 'Penny Black' a shárú le 'The Unfolding'. Ina ionad sin cloisfear leagan níos boige, níos machnamhaí, dá cheol draíochta. Tá feidhm níos fíneálta bainte as maisíochtaí fuaimiúla, glór an dordveidhle, seinnte ag Kate Ellis (Crash Ensemble) agus Kevin Murphy (Seti The First), úsáidte chun tiús a thabhairt don gceol. Má bhí a cheann sáite i gcúl chloig urlár ag Lambert ar 'Penny Black', ag déanamh iontais don bhfearas seabhránach, ar 'The Unfolding' tá sé le clos sínte ar a dhroim sna dumhcha ag déanamh iontais d'áilleacht an nádúir. Ní haon gheallúintí folamha iad teidil mar 'Kestrel Rising', lena chamghaoth séiseach, agus an 'A Field Of Night' tarchéimnitheach, inar féidir easanálú an fhéir a chlos, nach mór. Tá 'Today Is Beautiful, We Have Things Do Do' agus 'The Sorrow Bird' beagáinín caointeach, sea, ach nach mar sin an saol ar uairimh? Aimsigh áit álainn faoin dtuath is caith ar do chluasáin 'The Unfolding'. Tá an méid sin tuillte agat.
*
14 nós
Ceol
Love Inks - Generation Club Monofonus Press
Léirmheas le Ben Ó Faoláin
*****
'Chillwave', 'wonky hop', 'drone' - níl ansin ach dornán beag don iliomad téarmaí nua atá tar éis teacht ar an saol chun cur síos ar gach casadh treo sa cheol rince agus indie ón uair ar thosnaigh an criticeoir seo i mbun a ghnímh ag tús an
chéid. 'Crunk', 'doom', 'trap'. Tá cás ann do chuid acu, cinnte - b'fhorbairtí nua iad dubstep agus footwork, abair, ach cuid den am níl i gceist ach blagálaithe ag iarraidh áibhéil a chothú. 'UK funky'? Tosú falsa de sheánra, má bhí ceann riamh ann. 'Yacht rock'? In ainm Chroim sin, cad é sin? Cad faoi 'future beats'? Mar a deir an léiritheoir ildánach Om Unit, más rud é go bhfuil 'future beats' á chruthú ag ceoltóir san am i láthair, caithfidh go bhfuilid ag maireachtaint san aimsir chaite! N'fheadar an 'chillwave' nó 'dream-pop' a thugann lucht na mblag ar cheol Love Inks as Austin, Texas, ach is iontach fuaim ghlan indie pop an ghrúpa. Cur chuige barainneach a bhfuil roghnaithe acu - níl le clos ar 'Generation Club' ach dord, giotár, meáisín drumadóireachta, sintéiseoir mini-moog agus glór Sherry Le Blanc. Ach cad é mar ghlór séimh caramail, agus cad é mar
chur i láthair leisciúil, muiníneach. Pop-amhráin indie i dtraidisiún The XX iad seo, tiománta ag fuinneamh dorcha agus tromualach an aiféala - gach eilimint den bhfuaim ar amhráin mar 'Hold Out' (a bhfuil blas Jesus & Mary Chain i ré 'Darklands' ag baint leis) agus 'Solar Diary' ag tacú le brí na liricí. Níl Love Inks gan acmhainn grinn, ach an oiread, mar a léiríonn an tagairt eolach do 'Temptation' New Order sa líne “oh you've got moon eyes, no you've got skull eyes, no you're stoned, oh you've got grey eyes, you never look straight at anyone” ar 'Hearts Up'. Is díreach go téip leath-orlach a dhein Love Inks 'Generation Club a thaifead, é meascaithe i stiúideo analógach ag Matt Oliver ag baint úsáide as modhanna eagarthóireachta spreagtha ag saothair Kraftwerk agus Brian Eno. Dúthracht agus díriú intinne a bhfuil le clos i línte glana agus fuinneamh comhchruinnithe an tsaothair bhreá seo.
*
16 nós
Ceol
Ag teacht aníos
Féile Cheoil Hard Working Class Heroes 3-5 Deireadh Fómhair, Baile Átha Cliath
September Girls
*
Ceol
nós 17
biggles flys again
dott
Is mó ceoltóir agus banna Éireannach atá ag treabhadh go dian i ngort an cheoil. Cuirtear na bannaí seo ós ár gcomhair gach aon bhliain le linn na féile seo, faoin teideal oiriúnach, Hard Working Class Heroes. Tá an fhéile seo ar an bhfód le aon bhliain déag anuas agus mar chuid d'imeachtaí na bliana seo, tá comhdháil eagraithe, a thabharfaidh deis do dhaoine tuairimí a chlos uatha siúd a bhfuil dlúthbhaint acu le saol an cheoil. Maidir leis na haíonna féin a bheith ag tabhairt faoin ardán in ionaid dhifriúla na hardchathrach, (Button Factory, Grand Social, The Workman’s Club, srl), tá leithéidí: Dáithí, Maud in Cahoots, Inni-K, Mark Geary agus Dylan Tighe. Níl ansan ach cúigear. Tá tuairim is céad banna ceoil bainteach ar fad. Chun breis eolais faoin gcomhdháil agus na gigeanna a fháil, tabhair turas ar hwch.net
sinéad ní uallacháin benny smiles
gorgeous colours
sleep thieves
*
18 nós
Ceol
sligo live 23-28 Deireadh Fómhair, sligeach
Ag fanacht leis an gceol, agus féilte deiridh na bliana, ba mhaith liom bhur n-aird a tharraingt ar Sligo Live, a bheidh ar siúl ag deireadh na míosa. Beidh cleachtadh maith ag muintir Shligigh ar fhéilte móra faoin dtráth go mbeidh na sluaite ag tarraingt ar an gcontae don bhFleadh Cheoil in 2014. Más mian leat recce a dhéanamh ar an mbaile roimhe sin, seo anois do sheans. Beidh deis agaibh Imelda May, Goitse, LAPD, Liz Carroll, Villagers agus go leor a fheiscint i mbarr a réime.
imelda may
*
Ceol
Féile Litríochta IMRAM 2013 10-19 Deireadh Fómhair, Baile Átha Cliath
Is mór an borradh atá faoin bhféile Litríochta IMRAM le cúpla bliain anuas. Tá an fhéile ar cheann des na féilte litríochta is mó sa tír, agus an ceann is mó go mbainimse taitneamh as. Le cúpla bliain táthar ag aistriú saothar ó mhóramhránaithe go Gaeilge – Dylan, Cohen, Piaf – agus á gcur inár láthair go snasta, ag filí, aistritheoirí, amhránaithe agus ceoltóirí cumasacha na tíre – Liam Ó Maonlaí, Caoimhín Mac Giolla Catháin, Liam Ó Muirthile, The Brad Pitt Light Orchestra, Hilary Bow, i measc eile. I mbliana tá Cathal Póirtéir agus Gabriel Rosenstock tar éis saothar Van 'The Man' Morrison a aistriú go Gaeilge. Táim ag súil go mór leis na hamhráin Gloria, Tupelo Honey, Full Force Gail srl, a chlos inár dteanga dhúchais, agus na liricí
teilgthe ar scáileán le linn an tseó, chun tairbhe níos mó fós a bhaint as an obair mhór atá curtha isteach sa togra seo, ar a bhfuiltear ag tabhairt ‘Ré-Dhamhsa’, nó ‘Moondance’ air. Buaicphointe eile go bhfuilim ag dúil go mór leis, ná ‘Na Laochra ar Lár’, ceilúradh ar thriúr laochra liteartha a d’imigh uainn ró-luath ag deireadh an tsamhraidh: Séamus Heaney, Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmuid Ó Gráinne. Léifidh Gabriel Rosenstock, Domhnall Mac Síthigh agus Séamus Ó Scanláin dánta agus sleachta uatha ar an oíche ómóis agus cheiliúrtha atá beartha ina n-onóir. Gura fada buan an fhéile agus obair iontach an choiste agus stiúrthóir na féile, Liam Carson. Tá gach eolas faoi na himeachtaí ar fad le fáil ar imram.ie
nós 19
20 nós
*
Ceol
Oireachtas na Samhna 29 Deireadh Fómhair – 3 Samhain, Cill Airne, Co. Chiarraí
Oireachtas na Samhna, buaicphointe na bliana. Caith uaibh féilte ceoil an tsamhraidh, seo an fhéile is mó ceoil agus craic a mbím ag dúil lei ó thús na bliana ar aghaidh. Chun mo mheas ar an ócáid a léiriú, bheartaigh mé liosta pearsanta a thiomsú des na gnéithe den bhféile is fearr liom. Mar sin féin, ní bhíonn saoi gan locht, agus ar mhaithe leis an gcothromaíocht tá liosta de na gnéithe nach bhfuilim róthógtha leo, curtha i dtoll a chéile agam chomh maith. Sílim go dtabharfaidh mé donas agus sonas ar dhá thaobh an scéil. Donas • Oireachtas Blues, a mhaireann ar a laghad ar feadh seachtaine i ndiaidh na féile, (agus téama iontach d’amhrán nua-chumtha, dála an scéil); • Ag iarraidh cur síos ar an Oireachtas a dhéanamh dóibh siúd nach bhfuil faic riamh cloiste acu mar gheall uirthi
• •
agus a fhaigheann an-deacair a chreidiúint go bhféadfadh na mílte freastal ar a leithéid d’ócáid; Póit leanúnach; Na scuainí ag beáir na n-ionad agus an méid ama luachmhar a d’fhéadfá a chaitheamh iontu, ag cailliúint amach ar an gcraic;
Sonas • An tocht a thagann i do scornach nuair a chloiseann tú an chéad véarsa de Úna Dheas Ní Nia, Contae Mhuigh Eo, nó amhrán eile ar aon saibhreas leo, canta go binn agus go nádúrtha, le hanam agus croí; • Na cairde is carachtair lena mbuaileann tú leo ann, ar uairibh agus tú ag an mbeár ag fanacht i scuaine mór groí fada, (féach ‘Donas’); • Ag roghnú gúnaí deasa galánta d’oícheanta an deireadh seachtaine, agus ag faire ar stíl na mban eile. Is gearr go mbeidh An tOireachtas chomh maith le Rásaí na Gaillimhe ó thaobh stíle de, i gceann cúpla bliain... lúide na hataí breátha, b’fhéidir; • Ag taisteal sa mhótar le do chairde chuig an Oireachtas, ag éisteacht leis an mbeochraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, sceitimíní áthais ag teacht ort; • Ag bualadh le cairde d’óige agus á gcur in aithne iad do chairde nua, (agus bónas atá ann nuair a réitíonn siad lena chéile); • Ag éisteacht leis na hagallaimh bheirte, lúibíní, amhráin nua-chumtha agus amhráin shaothair a chumtar gach aon bhliain agus na téamaí nua greannmhara a roghnaítear dóibh; • An bualadh bos a chloistear i bpríomhionad na féile nuair a fhilleann buaiteoir Chorn Uí Riada ar lár an aonaigh agus an corn ina nglaic acu; • An Ghaeilge bhreá bhinn a chloistear ag spalpadh ó bhéalaibh na ndaoine i ngach cúinne, i measc gach grúpa, agus i gcanúintí éagsúla na tire. Mura mbíonn deis agaibh freastal ar an Oireachtas i mbliana, b’fhiú turas a thabhairt ar Ráth Chairn Glas Gréine na Mí i Mí na Samhna, d’Fhéile na Mí. Oireachtas de shórt eile atá ann, le comórtais rince, amhránaíochta, srl. Neosfaidh mé tuilleadh daoibh faoi seo in eagrán na míosa seo chugainn!
*
22 n贸s
Ceol
james dean bradfield, manic street preachers
*
Ceol
Lá Airt Cleas tráchtála ach gigeanna go leor
Chuir muidne anseo in oifigí NÓS fáilte roimh an chéad uair ar fhógair Guinness go raibh siad chun ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar an té a chruthaigh an deoch blasta dubh a mbíonn na mílte Gael an-tugtha dó gach deireadh seachtaine. Píosa craice a dúirt muid, piontaí le cairde agus ceol saor in aisce in ionaid éagsúla ó cheann ceann na tíre... iontach! B'shin siar in 2009 áfach nuair a bhí cúis mhaith ann Lá Airt a reáchtáil mar gur comóradh 250 bliain a bhí ann ar bhunadh Guinness. Cé a déarfadh ag an am go mbeadh an mhargaíocht chéanna ar bun ag an chomhlacht taobh thiar de bhranda Mhig Aonghusa, Diago, cúig bliana ar aghaidh? Bhuel sin díreach an rud atá tar éis tarlú agus tá blas searbh ag teacht ar an lá dá bharr. Cleas soiniciúil gnó é gan aon amhras ach mar is eol dúinn ní bhíonn mórán de leithscéal de dhíth ar chuid mhór againn chun pionta nó dhó a chaitheamh siar, bíodh sé ar Lá Airt nó ar lá ar bith eile. Rud amháin a dhéanann cúiteamh ar chúrsaí áfach ná an líon mór ceolchoirmeacha a eagraítear mar chuid den cheiliúradh. B'fhearr linne tuilleadh grúpaí as Éirinn a fheiceáil ar chlár na ngigeanna ach ar 26 Meán Fómhair i mbliana bhí breis agus 500 imeacht ceoil ar siúl i ngach ceann den 32 contae, iad uilig saor in aisce. Ar na leathanaigh seo amach romhat tá blaiseadh beag den atmaisféar ó ghigeanna éagsúla ar fud na tíre.
nós 23
*
24 n贸s
Ceol
biffy clyro
ham sandwich
*
Ceol
n贸s 25
bouts
bobby womack
kodaline
*
26 n贸s
Ceol
emily sand茅
James Vincent McMorrow
daley
*
Ceol
janelle monae
le galaxie
n贸s 27
*
28 nós
Ceol
Scáileán
Filth
jon s. baird, 18 Órla Nic Ruairí
*****
Ní féidir a rá gur furasta an t-éacht é úrscéal de chuid Irvine Welsh a chur in oiriúint don scáileán mór, go háirithe i ndiaidh an ratha a bhí ar Trainspotting siar sa bhliain 1996. É sin ráite, áfach, is maith an seans atá ag an stiúrthóir Albanach Jon S. Baird dul ar aonchéim le hiarrachtaí Danny Boyle - nó iad a shárú go fiú le Filth, atá ar cheann de na drámaí dúghrinn is cróga le teacht chun na pictiúrlainne le tamall maith anuas. Beidh fios eachtraí drabhlásacha an Bhleachtaire-Sháirsint Bruce Robertson (James McAvoy) ag lucht léite an úrscéil cheana, ach dóibh siúd nach bhfuil a fhios, is póilín é atá ag cur faoi i nDún Éideann. Ní gnáthphóilín é ach oiread. Agus é lánsásta cúpla líne cóic a smúradh agus é i mbun oibre, caidreamh collaíochta a bheith aige le bean chéile
a chomhoibrí agus mí-ionramháil a dhéanamh ar éinne nach dtaitníonn leis, níl an chuma ar an scéal go bhfuil mórán scrupall ag Bruce. Agus ardú céime ag teacht aníos i bhfoirm fholúntais mar Bhleachtaire is Cigire, iarrtar ar Bruce a bheith i gceannas ar chás ina bhfhiosraítear dúnmhárú mhic léinn ón tSeapáin. Ní luíonn sé sin go ró-éasca, áfach, lena chuid gníomhaíochtaí seachchuraclaim - ná lena chuid iarrachtaí athmhuintearas a dhéanamh lena bhean chéile is lena iníon. Is ríléir nach scannán é Filth atá oiriúnach dóibh siúd atá goilliúnach go maith. Tá sé garbh, thar fóir agus, in amanna, iomlán áiféiseach. Ach oibríonn sé. Is fiú amháin an t-airgead iontrála a chaitheamh chun caimeo atá saoithiúil ina iomláine a fheiceáil. Bíonn áibhéil ag baint le hachan rud a dhéanann Bruce; é stiúgtha ólta agus iomlán in aimhréidh le linn an ama, is cinnte nach féidir a rá gur duine cúthaileach atá ann. Seo rud eile atá cinnte; gur roghnú iontach aisteora a bhí i James McAvoy. I ndiaidh é a fheiceáil i leithéidí
X-Men: First Class agus Boyle’s Trance, tá sé doiligh gan a bheith ag dúil le rudaí iontacha uaidh. Ach déanann sé cibé rud a mbíonn tú ag súil leis a shárú agus níos fearr arís. Ní amháin sin, ach go dtugtar tacaíocht chumasach dó ó chuid eile na foirne. Éiríonn go geal le hEmun Elliott fosta - a ghlacann ról an phóilín ‘metrosexual’ Peter Inglis - agus le hImogen Poots mar Amanda Drummond, an duine a théann in iomaíocht le Bruce don ardú poist. Is ag Dr Rossi (Jim Broadbent) agus Bunty (Shirley Henderson), áfach, atá na gnéithe is aistí den script, agus Bruce á gciapadh ar an fhón le leagan sleazyáilte de Frank Sidebottom. Is rídhócha gur barraíocht a bheas i Filth do lear mór daoine, ach níl amhras gur éirigh go geal leis an stiúrthóir Baird a scéal féin a chur i láthair ar an scáileán mór dúinn, agus é sin a dhéanamh ar an dóigh is craiceáilte agus ab fhéidir leis. Caithfear a rá, áfach, gurb é léiriú McAvoy sméar mhullaigh Filth, agus gurb é an cinéal scannáin é nach gcuirfidh díoma riamh ar an lucht leanta s’aige.
*
scáileán
metro manila Cé go bhfuil an coirscéinséir nua 'Metro Manila' suite i bpríomhchathair na bhFilipíneach agus uilig i dteanga dhúchais an cheantair, Tagalog, is é an iarracht atá curtha isteach ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh an scannáin is fearr i dteanga iasachta do Ghradaim Oscar na bliana seo chugainn. An Sasanach Sean Ellis a stiúir an scannán – a leanann scéal Oscar Ramirez a thógann a theaghlach ó na goirt ríse i dtuaisceart na n-oileán go Manila chun saol níos fearr a bhaint amach – agus má ghlacann an tAcadamh leis beidh sé ar an chéad scannán ón RA i rannóg na dteangacha iasachta ó bhí 'Solomon and Gaenor' na Breatnaise san iomaíocht sa bhliain 1999. Chuir Éire an scannán Gaeilge 'Kings' de chuid Tom Collins chuig na Gradaim in 2007 cé nár éirigh leis an gearrliosta a bhaint amach sa deireadh. Cá huair a bhfeicfidh muid iontráil i dteanga s'againn féin in iomaíocht ar oíche mhór na nOscar? Tá súil againn nach fada uainn an lá. Bronnfar na hOscair i gCathair na nAingeal i Márta 2014.
nós 29
*
30 nós
scáileán
deireadh fómhair AR TG4 Croí an Cheantair Gach Déardaoin ó 10 Deireadh Fómhair, 8in Sraith nua 6 chlár a thugann léargas ar an tionchar agus ar an dlúth-chaidreamh a d’imir tionscal áitiúil ar bhaile nó ar cheantar in Éirinn. Is iad na gnólachtaí a bheidh faoi chaibidil: Muilte plúir Ranks (Luimneach, Mianach Guail Chaisleáin an Chomair (Cill Chainnigh), Monarcha Siúcra Thuama (Gaillimh), Grúdlann Beamish & Crawford (Corcaigh), Monarcha Cniotála Ghaeltarra i dTuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo), agus monarcha gluaisteán Ford Marina (Corcaigh). Bhí ról ar leith ag na comhlachtaí seo sna ceantair ina raibh siad lonnaithe. Ní amháin gur chruthaigh agus gur chothaigh siad fostaíocht ach spreagadar an pobal áitiúil agus thug misneach do thuismitheoirí go mbeadh postanna ann dá gclann amach anseo.
I mBarr do Shláinte Gach Máirt, 8in Séasúr nua, 9 clár, den tsraith eolais agus comhairle ar cheisteanna sláinte a bhíonn ag cur as don phobal. Is í an Dr Sinéad O’Beirn, dochtúir teaghlaigh (thuas), an láithreoir agus í ag cur tuairiscí inár láthair agus ag caint le daoine a bhí i ngleic leis na fadhbanna atá faoi chaibidil sa gclár.
Agus iad i mbarr a réime, bhí na gnólachtaí seo thar a bheith tábhachtach ní amháin don staid eacnamúil ach do mheanma an phobail freisin. De réir a chéile agus ar chúiseanna éagsúla, tháinig meath agus lagú ar na mór-chomhlachtaí seo agus tá athrú iomlán saoil ann anois.
Rianann an tsraith seo fás, buaic agus bás na ngnólachtaí seo agus iarmhairtí an cháis go háitiúil agus go náisiúnta. Orthu sin a bheidh páirteach, beidh Liam Cahill - údar agus staraí agus iar-oibrithe monarcha agus staraithe áitiúla.
Asma 8 Deireadh Fómhair
IVF 22 Deireadh Fómhair
Tá an aicíd seo ar bheagnach leathmhilliún duine in Éirinn faoi láthair, an ceathrú ráta is airde sa domhan per capita den daonra. Beidh tuairisc ag Catherine Ní Ghuairim ar na cúiseanna atá leis agus í ag caint leis an saineolaí anála Anthony O’Reagan. Sa stiúideo leis an Dr Sinéad, beidh Risteárd Ó Fuaráin, a bhfuil asma air le fada ach atá á bhainistiú go leanúnach.
Bíonn fadhb le torthúlacht ag lánúin amháin as gach sé lánúin. Réiteach amháin is ea an modh IVF agus saolaítear 3,000 leanbh in Éirinn gach bliain le cabhair IVF. Déanfar tuairisc faoi cad is cúis le fadhbanna torthúlachta agus beidh léargas ón saineolaí ar an ábhar, an Dr. Philip O’Dwyer. Sa stiúideo, beidh an Dr Sinéad ag caint le Mary Uí Cheallaigh faoina taithí féin.
MS 15 Deireadh Fómhair Tá an galar do-leigheasta seo ar 6,000 duine in Éirinn agus is mó ban ná fear atá buailte leis. Tabharfar léargas ar na fáthanna taobh thiar den ghalar agus cuirfear agallamh ar an Ollamh Orla Hardiman ó Ospidéal Beaumont. Sa stiúideo, beidh an Dr Sinéad ag caint le Ciarán Mullins a bhfuil MS air.
Murtall 29 Deireadh Fómhair Seans go gcuirfeadh sé iontas ar dhaoine ach ach tá 60% de dhaonra na hÉireann murtallach, ró-ramhar. Beidh tuairisc ag Catherine Ní Ghuairim ar na cúiseanna atá leis agus í ag caint leis an saineolaí an Dr Dónal O’Shea agus istigh sa stiúideo in éineacht leis an Dr Sinéad beidh Mark Mac Donncha agus Siobhán Ní Fhlatharta ag cur síos ar a dtaithí féin.
*
scรกileรกn
nรณs 31
www.nosmag.com
34 nós
*
scáileán
Ar Thóir an Cheoil Clár nua de chuid TG4 a dhíríonn ar roinnt de na bannaí ceoil traidisiúnta is fearr sa tír agus ar na ceoltóirí a chuaigh i bhfeidhm orthu
*
scáileán
nós 35
Cuirfear tús le sraith nua cláracha faoi bhannaí ceoil traidisiúnta, ‘Ar Thóir an Cheoil’, ar TG4 27 Deireadh Fómhair. Is í Méabh O’Hare, fidléir as Béal Feirste, léiritheoir na sraithe, a dhíríonn ar bhannaí traidisiúnta iomráiteacha agus ar na ceoltóirí a d’imir tionchar ar a gcuid ceoil. Le linn na sraithe cloistear roinnt de na bannaí is mó tóir i saol an cheoil thraidisúnta faoi láthair ar nós The Bonny Men, Lumiere, We Banjo Three, Buille, Caladh Nua agus Beoga, bannaí a bhfuil leanúint mhór acu anseo in Éirinn agus thar lear. Díríonn gach clár ar bhanna ceoil ar leith. Cloistear an bhuíon ar ardán agus leantar baill an bhanna ar thuras ceoil agus iad ag bualadh leis na ceoltóirí a ndeachaigh i bhfeidhm orthu. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar an chlár, tá Micheál Ó Súilleabháin, Mickey Dunne, Gino Lupari, Na Casaidigh, Liam Ó Maonlaí, Neil Lyons, Bobby Gardiner, Tom Doorley, Mairtín O’Connor, Mel Mercier, Cathal Hayden and Gerry O'Connor.
the bonny men
we banjo three
lumiere
*
scáileán
Léiritear eagsúltacht cheoil ann agus faightear léargas ar shnagcheol, ceol tíre, ceol claisiceach agus na gormacha, seanraí atá ag dul i bhfeidhm ar cheol na mbannaí agus ar cheol traidisiúnta trí chéile. “Bhí spéis ariamh agam i mbannaí ceoil. Nuair a bhí mé ag fás aníos, bheinn ag éisteacht lena leithéidí Altan, The Bothy Band, Flook agus Dervish. Shíl mé go mbeadh sé deas díriú ar bhannaí ceoil de chuid na linne seo agus cloisteáil faoi na ceoltóirí ar éist siad leo agus iad ag fás aníos,” arsa Méabh O’Hare. “Sraith ar leith atá ann ina mbuaileann ceoltóirí le ceoltóirí eile a d’imir tionchar orthu ar bhonn pearsanta agus ar fhuaim an bhanna trí chéile”, arsa Méabh O’Hare. Tá roinnt sraitheanna faisnéise dírithe ar chúrsaí ceoil déanta ag Sonas cheana féin do TG4, Ceol na bhFánaithe, a léirigh ról suntasach an lucht siúl i saol an cheoil in Éirinn agus Ceird an Cheoil, a dhírigh ar uirlisí agus a ndéantóirí. Craolfar ‘Ar Thóir an Cheoil’ ar 27 Deireadh Fómhair ag 10in. Díríonn clár a haon ar ‘The Bonneymen’, banna ceoil óg as Baile Átha Cliath a chasann ceol traidisiúnta bríomhar. Buaileann baill den ghrúpa le hiarscoláirí Choláiste Eoin, Liam Ó Maonlaí, Tom Doorley agus Séamus Mac Mathúna. Má chailleann tú an clár is féidir breathnú siar air ar an TG4 Player ar feadh míosa tar éis an chraolta.
nós 37
38 n贸s
*
Ceol
teic
bloc-ghuth谩in
*
teic
An gcuireann sé isteach ort go gcaithfidh tú d'fhón póca iomlán a athrú measartha rialta ar an ábhar go bhfuil an cadhnra ar an dé deiridh, nó go bhfuil an scáileán briste, nó go bhfuil fadhb éigin leis an bhogearra? Téann sé chun tairbhe do na comhlachtaí móra gutháin ar ndóigh go mbíonn ort gléas úr a cheannach tar éis tamaill agus go bhfuil smacht acu ar an mhargadh, agus ar na roghanna éagsúla atá ar fáil duit. Ach an bhfuil bealach eile ann? Dar leis an dearthóir Ísiltíreach Dave Hakkens go bhfuil. Tá tógra nua darb ainm Phonebloks á mholadh aige a athróidh domhan na nguthán cliste ó bhun, má éiríonn leis go
leor tacaíochta a mhealladh don smaoineamh. Is é an coincheap atá aige ná go gcuirfí gutháin ar fáil i mblocanna, ní mar aon ghléas amháin, agus nuair atá comhpháirt áirithe den fhón le hathrú go mbeifeá in ann an chomhpháirt sin a cheannach agus a chur le do ghuthán go héasca in ionad airgead mór a chaitheamh ar fhón iomlán nua. Coincheap réabhlóideach gan aon amhras a chuirfidh eagla ar na comhlachtaí gutháin ach a bheas ar leas an ghnáthdhuine. Só ar mhaith leat blocghuthán bheith agat? Gabh go www.phonebloks.com mar sin chun breis eolais a fháil agus chun tacú le smaoineamh Dave!
nós 39
*
40 nós
Ceol
LEABHAR
Cogadh na gCarad Ón Chonradh go Saorstát Diarmuid Ó Tuama Is fada mé ag léamh stair na tíre agus daoine eile ag inse dom cad é a tharla ag an am seo agus ag an am sin. Bhí dúil riamh agam a bheith ag éisteacht le seandaoine agus a gcuid scéalta. Bhí mo sheanathair féin páirteach i gCogadh na gCarad. Chosain sé muintir Bhéal Feirste ó na pograim a tharla ó 1920 go 1922. Nuair a tháinig an scoilt, dhiúltaigh sé glacadh leis an Saorstát. Is cuimhin liom go maith é. Seanfhear a chaill a bhean in 1933 agus a thóg cúigear
leis féin i bhfad óna bhaile i gCorcaigh. Níor inis sé féin a scéal dom ach chuala mé na scéalta ó uncail, aintíní agus cairde dá chuid. Casadh Tom Barry orm agus mé i mo ghasúr óg. Go fírinneach níor casadh orm é, bhí sé ag caint le m’athair agus bhí mé ag éisteacht leo. Ach bhí a fhios agam go raibh rud éigin cumhachtach, rúnda ag baint leis an bheirt agus nuair a fuair mé an seans sraith clár a dhéanamh do Raidió na Gaeltachta bhí áthas orm tabhairt faoi. Chuaigh mé féin agus Pilib Mac Cathmhaoil ó Tobar Productions ó dheas
leis an tsraith a chur le chéile. Casadh staraithe iontacha orainn a raibh scéalta le hinse. Anois ní bheadh Art Ó Gríofa ina laoch agam ach nuair a d’éist mé le Brian Maye ag trácht air taobh amuigh de na Ceithre Chúirt thuig mé cad chuige a raibh sé tugtha d’fhear a bhfuil dearmad déanta air sa tír seo. Labhair mé le Manas Ó Ríordáin, fear ó Chloch na gCoillte a bhfuil an oiread sin scéalta aige ón aimsir sin nach gcreidfeá. Anois níor aontaigh mé leis na teoiricí ar fad a bhí aige, go háirithe faoi bhás Uí Choileáin ach meallann an fear
*
LEABHAR seo thú le scéalta faoi na hÓglaigh agus na státairí ag an am. Labhair mé le Seán Ó Céilleachair a raibh athair aige ina laoch ag muintir Chorcaí agus tá go fóill. Bhí daoine eile ann ar labhair mé leo, Peadar Ó Ceallaigh agus Cormac Ó Comhraí. Tá leabhar Chormaic, “The Men Will Talk To Me, The Galway Interviews” ar fáil sna siopaí. Ceannaigh é. Tá sé thar barr. Agus cad é faoi na scéalta? Tá cuid acu sa leabhar. Tá cuid acu a chuala mé agus rudaí a léigh mé atá le cinntiú
ach níl stair na linne sin chomh dubh agus chomh bán agus a dúradh linn. Bhí daoine breátha ann agus daoine nach raibh chomh hiontach sin. Sa leabhar chuir mé amlíne chogaidh ann. Má leanann tú an líne is léir duit cad é a bhí ag tarlú. Bhrúigh Sasana an cogadh seo ar Éirinn agus fiú ar na mallaibh bhí clár raidió ann a mhaígh gur scaoil na Sasanaigh an chéad diúracán ar na Ceithre Chúirt. Má léann tú scríbhinní Ernie O’Malley deir sé os ard go raibh Sasanaigh
nós 41 ag obair lámh ar láimh leis an Saorstát. Tá sé seo ar fad sa leabhar. Tá Cogadh na gCarad - Ón Chonradh go Saorstát foilsithe ag Coiscéim. Beidh sé á sheoladh i gCultúrlann Mac Adam ó Fiach, Béal Feirste, 12 Deireadh Fómhair ag 1in. Is as Béal Feirste do Dhiarmuid Ó Tuama. Iar-mhúinteoir scoile atá ann atá anois ag obair le comhlacht teilifíse go páirtaimseartha agus a raibh seanathair aige a throid leis na Poblachtaigh i gCogadh na gCarad.
Leabhar Clasaiceach
Máire Nic Artáin Amharcann Mícheál Mac an Bheatha ar an sár-úrsceal le séamus ó néill, atá ar na leabhair ghaeilge is fearr leis riamh Ar dtús, tá an saothar seo ar cheann de na leabhair is taitneamhaí dar léigh mé riamh. Tá sult le baint as ó thús deireadh agus molaim do gach duine é a léamh - moladh ó chroí is ea é seo. Ní hionann sin is a rá go bhfuil gach duine den tuairim chéanna áfach. Ní ard-litríocht í seo sa chiall thraidisiúnta, níl sé doiligh a léamh ná a thuigbheáil. Leabhar maith pléisiúrtha is ea é ach tá substaint leis. Ficsean atá ann mar ‘Máire Nic Artáin’ ach is fíor-scéal é chomh maith má thuigeann tú leat mé. Scéal anréalaíoch é seo, fréamhaithe sa stair. Is iad Máire Nic Artáin agus Seoirse Mac Giolla Rua an dá phríomhcharachtar.Is Gael Caitliceach í Máire agus is Protastúnach IarGhaelach é Seoirse. Scéal grá atá ann ar go leor bealaí
ach scéal a bhaineann le briseadh síos caidrimh chomh maith, caidreamh nach féidir maireachtáil mar gheall ar chúrsaí an tsaoil ag an am. Tá an scéal suite ón tréimhse roimh an chéad chogadh domhanda go dtí an tréimhse díreach ina dhiaidh, tréimhse chorrach i stair na tíre leis an díospóireacht ar ‘Home Rule’ ag leanúint ar aghaidh go dtí Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse. Tá grá ag Máire agus Seoirse dá chéile gan dabht ach ní féidir leis an ghrá seo fadhbanna saolta na tíre a shárú. Tá sé scríofa go héifeachtach agus tá an-chumas léirithe ag an údar, Séamus Ó Néill.Seo an leabhar is fearr a scríobh sé. Rugadh Séamus Ó Néill i 1910, i gClárchoill, deisceart Chontae an Dúin. Cé go raibh sé óg sa tréimhse ina raibh ‘Máire Nic Artáin’ lonnaithe, is léir go
ndeachaigh sé i bhfeidhm air mar tugann an leabhar an-léargas dúinn ar chúrsaí sóisialta i gCúige Uladh ag an am. Níor chainteoir dúchais é Ó Néill, mar sin féin, tá scoth na Gaeilge le léamh sa leabhar. Mar a dúirt saineolaí liom ar an Ghaeilge dhúchasach, is ar éigean gurbh fhéidir a rá nárbh chainteoir dúchais é Ó Néill. Ach níl an leabhar seo doiligh a léamh, a mhalairt atá fíor. Seans go mbeadh spéis ar leith ag muintir an tuaiscirt sa saothar seo, ach déarfainn go dtuigfeadh cuid mhaith de mhuintir an deiscirt deacrachtaí an tuaiscirt níos fearr dá léifeadh siad an leabhar - thuigfeadh siad cé chomh casta is atá an saol agus nach éasca éalú ón stair. In 1959 a foilsíodh 'Máire Nic Artáin' agus tá sé i gcló go fóill.
*
saol Ceol
saol
Ag snorcáil sa phortach Gráinne Campion
Is minic agus mé sna déaga go raibh orm dul agus lá a chaitheamh ar an phortach le mo mhuintir. A leithéid de raiméis a cheap mé féin agus mo dheartháir ag an am. Ní raibh fonn orainn riamh a bheith ag baint móna, i measc na gceannbhán
leis na claigeanna ag baint plaice asainn Ach cé a cheapfadh go mbeadh a leithéid de chraic, spraoi agus spórt ar fáil ar an phortach agus na cúl faiche curtha go maith ag an bheirt againn. Anois tá comórtas as an nua tagtha chun
cinn inar féidir sásamh a bhaint as lá amuigh ar an chaorán! 'Snorcáil phortaigh' an spórt atá i gceist ar ndóigh, nó ‘bogsnorkling’ mar is fearr aithne air sa Bhéarla. Is éard atá ann ná go rás ina mbíonn ar
*
saol
na rannpháirtithe dul a shnámh tríd 120 méadar den phortach, gan aon tacaíocht ó na lámha ach amháin lapaí agus snorcal. Agus bíonn an bua ag an té atá in ann an cúrsa a shnámh san am is sciobtha! Cuirfidh sibh an cheist cárbh as ar tháinig an coincheap nua seo go hÉirinn? Is é Declan Connolly a chuir tús leis anseo agus é ag amharc amach ar an phortach lá breá Gaelach i gContae Mhuineacháin. Mar a deir sé féin; “Bhí sé ag doirteadh baistí agus an t-aon rud a raibh mé in ann a fheiceáil ná an t-uafás tuilte i mo thimpeall ar an phortach. Agus ansin d’fhiafraigh ceann de mo chairde díom ar chuala mé riamh faoin chomórtas atá acu thall sa Bhreatain Bheag ina dtéann siad ag snorcáil trí uisce an phortaigh,” a mhínigh Declan. Ag eascair as sin rith smaoineamh leis gur cheart leas a bhaint as an áis nádúrtha seo ar mhaithe le turasóireacht a mhealladh go Muineachán agus macasamhail a dhéanamh ar chomórtas portaigh na Breataine Bige. Dar le Declan go bhfuil “muintir Cymru ag ceapadh go bhfuil muidne anois in Éirinn ag goid a gcuid toirní mar, i láthair na huaire, tá an churiarracht dhomhanda don tscorcáil phortaigh ag bean as tuaisceart na hÉireann darb ainm Dineka Maguire”. “D’éirigh léi an cúrsa a dhéanamh i mbomaite amháin agus 23 soicind! Ní raibh ach soicind amháin idir buaiteoir na curiarrachta domhanda i mbliana agus buaiteoir na bliana seo caite. Tá lúcháir orainn gur éirigh le Dineka an teideal a thabhairt léi.” Seo anois an cúigiú bliain den chomórtas a bheith ar siúl i bportaigh na hÉireann. “Tá an ócáid agus an comórtas ag dul ó neart go neart,” arsa Declan. “I mbliana bhí sleamhnú láibe 80 troigh in airde againn, liathróid zorb inar féidir le beirt dul isteach ann agus téann sé ag casadh síos an cnoc. Gan trácht ar an
jacuzzi speisialta a dhéanann maitheas don chraiceann gan aon chlóirín istigh ann - an t-aon rud amháin faoi ná nach raibh teas ar bith ann!” Tháinig na hiomaitheoirí éagsúla do rás na bliana seo ó gach cearn den tír, agus bhí rannpháirtithe eile ann ón Ghearmáin, ón Eilvéis agus ó Cheanada go fiú. Agus mé ag caint le Declan, bhí mé fiosrach maidir le cé chomh dáiríre is atá an comórtas. “Tá sé lán dáiríre, tagann daoine ar ais bliain i ndiaidh bliana ag iarraidh a gcuriarrachtaí pearsanta a mbriseadh,” ar seisean. “Tá sé chomh mór leis na tríatlain a mbíonn chuile dhuine craiceáilte ina ndiaidh na laethanta seo. Bhí trí scór againn san uisce i mbliana agus níos mó ná 500 sa lucht féachana.” Sa deireadh thiar thall ba í Ruth McDonagh as Baile Átha Cliath a bhuaigh craobh na mban, í ag críochnú an chúrsa in dhá bhomaite agus 17 soicind. Agus ar thaobh na bhfear, d’éirigh le Will Martin Smith as Cill Dara an bua a fháil le ham gasta de dhá bhomaite agus 29 soicind.
nós 43
Beidh an dá bhuaiteoir mar ionadaithe lanois ar son an deiscirt sa mhórchomórtas a bheas thall sa Bhreatain Bheag i mí Lúnasa na bliana seo chugainn. Tá comórtas mar an gcéanna ann le haghaidh thuaisceart na tíre i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain, gach mí Iúil. In éineacht leis an dúshlán, an chraic agus an spraoi, ceann de na rudaí is fearr faoin chomórtas ná go mbíonn an t-airgead uilig - ¤1,500 - á thabhairt d’Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn. Tá mé chun dul anois agus roinnt den mhóin atá bainte againn i mbliana a chur sa tsornóg agus dul a chuardach mo shnorcal agus mo lapaí. Beidh mé réidh le dul chuig an phortach ar an bhliain seo chugainn i mBaile na Lorgan, Contae Mhuineacháin, Dé Sathairn 13 Meán Fómhair 2014, le haghaidh an ráis mhóir Agus tá mise a rá leat, ní bheidh focal ráite as bealach agam faoi shult agus spraoi an phortaigh go brách! Tuilleadh eolais le fáil ar irishbogsnorkelling.com
*
44 nós
saol
iÓga: Ag cothú na hóige Ciarán Mac Fhearghusa Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn agus sa chuid iathair den domhan a chleachtaíonn ióga ar bhonn rialta le fiche bliain anuas. Braithnítear ar an ióga mar mhodh chun do scíth a ligint, ach ag an am céanna chun cur le do chumas fisiciúlachta. Ach mar sin féin tá íomhá de mhná meánaosta ag caitheamh spandex fós coitianta i measc an phobail in ainneoin gur fir iad na hiógaithe mór le rá ar fad san Ind, an áit as ar eascair an
disciplín. Le blianta beag anuas, áfach, tá íomhá nua ag teacht chun tosaigh. Is é sin íomhá fhearúil do lúthchleasaithe clúiteacha ar fud na cruinne a mhaíonn go gcuireann ióga lena gcumas aclaíochta agus lena saol ré mar lúthchleasaithe proifisiúnta. Ach níos tábhachtaí fós do chúrsaí meabhair sláinte na tíre seo, tá ióga ag éirí níos coitianta i measc an aosa óig. Tá níos mó scoileanna ná
riamh ag cur ióga ar fáil dá gcuid scoláirí i ngeall ar na buntáistí intinne agus fiseolaíocha a bhaineann le cleachtadh rialta. É sin ráite is cúrsaí gearrthéarmacha den chuid is mó a bhíonn i gceist le lucht na hidirbhliana agus ní mar chuid de churaclam nó éiteas na scoile. Go hidirnáisiúnta, tá ardú nach beag tágtha ar líon na scoileanna sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip atá tar éis ióga a shní isteach i saol laethúil na
*
saol
scoile. Tuairiscítear arís is arís eile dul chun cinn cognaíoch agus aigneolaíoch na scoláirí agus an leibhéal sásachta i measc fhoireann na scoile féin. Trí chúis gur cheart do dhaoine óga ióga a dhéanamh ar bhonn rialta: Tá poitéinseal mór ag an ióga chun dul i bhfeidhm ar iompar agus nósanna gnáthscoláirí agus scoláirí le riachtanais spéisialta araon. 1. Bata agus bóthar don bhuairt agus imní Tá neart teicnící análaithe ann sa ióga a chabhraíonn le scoláirí fócas a choinneáil sa seomra ranga agus agus iad ag foghlaim, agus sa bhaile agus iad ag staidéar. Nuair a bhíonn scoláirí ag tabhairt faoi scrúduithe agus measúnuithe rialta is féidir le fuinneamh neirbhíseach cur isteach ar a gcumas chun ullmhú go héifeachtach. Cabhraíonn ióga go mór chun smacht agus cothromaíocht a choinneáil
ar chóras na néaróg agus tugtar an bata agus an bóthar don bhuairt agus don imní dá bharr. 2. Strus a aithint agus a laghdú Cruthaítear cortisol sa chorp nuair a bhíonn an corp an-ghníomhach nó faoi strus. Ní amháin go mbíonn daoine óga faoi bhrú acadúil ach tagann siad faoi bhrú mór ó chairde, ó chlann agus ón tsochaí go ginéarlta chun a saoil a chaitheamh ar bhealach nach luíonn lena bpearsantachtaí go minic. Is féidir le strus praiseach cheart a dhéanamh den chorp agus den mheabhairshláinte. Cabhraíonn ióga chun an leibhéal cortisol sa chorp a rialú chun tú féin a shuaimhniú. Is iomaí galar gur féidir cur ó dhoras trí smacht a choinneáil ar an strus. 3. Forbairt Fhisiciúil Is féidir le daoine óga nach bhfuil spéis acu san iomaíocht ghéar a bhaineann le
nós 45
spóirt cuid mhór de na buntáistí céanna agus níos mó a fháil ón ióga. Aithnítear feasacht coirp agus cothromaíocht ar na buntáistí is mó. Dar ndóigh is féidir le cleachtadh rialta ióga a bheith mar bhuntáiste do dhaoine óga a imríonn spóirt freisin. Aithnítear solúbthacht agus smacht intinne ar na buntáistí is mó. Tagann laghdú ar an mbaol gortuithe atá ann le corp atá níos solúbtha agus níos cothromaí agus bíonn dlús níos mó lena gcuid imeartha dá bharr.
Cuireann Óga Yoga cúrsaí ióga as Gaeilge ar fáil d’institiúidí oideachais, foirne spóirt agus eagraíochta pobail. Bíonn ranganna rialta ann i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, BÁC 2. www.oga-yoga.ie
Facebook: Óga Yóga
46 n贸s
*
saol
*
saol
nós 47
Cumhacht chiúin Merkel Tá an Eoraip cráite ag a beartais déine ach tá pobal na Gearmáine tar éis Angela Merkel a thoghadh in athuair. Caitheann Séamas Ó Meachair súil ar cheannaireacht an tSeansailéara, an bhean is cumhachtaí ar domhan.
Nuair a bhíonn toghchán ar siúl ar an taobh eile den Atlantach is ar éigean rud eile a bheith á phlé sa tír seo. Ach bhí toghchán eile ar siúl le déanaí nach raibh faoi mhórán iomrá, olltoghchán na Gearmáine. Bíonn sé de nós ag Éirinn claonadh i dtreo na Stát Aontaithe, agus ní haon ionadh é sin leis na naisc ghaoil idir an dá thír. Is raimhre fuil ná uisce ar ndóigh ach tá tuiscint ann anois go ndeachaigh an tIar-Thánaiste Mary Harney in iomrall nuair a d’áitigh sí go rabhamar “níos cóngaraí do Bhostún ná do Bheirlín.” Nuair a luadh “na comhghuaillithe calma san Eoraip” i bhForógra 1916 is cosúil gur an Ghearmáin a bhí i gceist acu, ach is dlúithe iad na naisc idir an tír seo agus an Ghearmáin anois ná riamh roimhe seo. Ag deireadh Mheán Fómhair thug toghthóirí na Gearmáine
breithiúnas ar an méid atá curtha i gcrích ag Angela Merkel ó toghadh í sa bhliain 2005. Bhí na páirtithe gob ar ghob le linn an fheachtais, ach i ndáiríre ní raibh éinne ag tuar nach mbeadh an lámh in uachtar ag Merkel. Sa deireadh d’éirigh lena páirtí 42% den vóta a bhaint amach. I súile na milliún Eorpach a bhfuil an t-anás tagtha orthu, is í Frau Merkel cúis a léin. Dar leo is í Angela is cúis leis an mbeartas déine atá mar chrá croí dóibh. Sna tíortha is imeallaí, is leochailí de chuid na hEorpa, an Ghréig agus an Phortaingéil ina measc, glaoitear ‘An Bhean Iarainn’ uirthi. Ina tír dhúchais féin áfach is “Mutti” (nó Mamaí) an leasainm atá aici. Tá cúig bliana ann ó bhí ar rialtas SAM seilbh a ghabháil ar Fannie Mae agus Freddie Mac, agus ó thit Lehman Brothers i bhféimheacht. Deirtear gurb iad na himeachtaí sin a chuir tús leis an ngéarchéim
airgeadais san Eoraip, agus tá Merkel théis a bheith ar thús cadhnaíochta sa bhfeagra nualiobrálach ar an ngéarchéim sin. San fheachtas toghchánaíochta bhí lucht tacaíochta Merkel de shíor ag déanamh mórtais as a cuid éifeachtachta ag dul i ngleic leis na dúshláin. Bhí sí buanseasmhach in uair na hanachaine a dúradar. Nár sheas sí an fód in aghaidh leisceoirí na Gréige! A mhalairt a bhí le cloisteáil óna céilí comhraic de chuid na heite clé. Dúirt siadsan nach raibh aon fhadbhreathnaitheacht ag baint lena cuid polasaithe, nach mbíonn sí ach ag cúbadh ó na dúshláin. Cibé ceannaireacht a thaispeáin Angie, ó atoghadh ina Seansailéir sa bhliain 2009 í, is in olcas ar fad a chuaigh deacrachtaí airgeadais na hEorpa. Agus ní hamháin gur géarchéim airgeadais atá i gceist leis, níos measa ná
*
48 nós
saol
sin, tá sí éirithe ina géarchéim dhaonna. Sna tíortha is mó ar bhuail an ghéarchéim iad, tá an lucht oibre ar tí imphléasctha. Tá ardú uafásach tagtha ar an ráta dífhostaíochta, go mór mór i measc an aosa óig. In Éirinn tá 31% den aos óg dífhostaithe. Sa Ghréig agus sa Spáinn is iad na rátaí ná 65% agus 56%. Dar le lucht tacaíochta Merkel is í an Ghearmáin a choinnigh Éire, an Ghréig agus an Spáinn ó thitim thar bhruach na haille. Ach tá neart daoine sna tíortha sin a chreideann gurb iad na Gearmánaigh is ciontaí leis an bpraiseach agus leis an gcruatan sa chéad dul síos. Cuirtear i leith an tSeansailéara go bhfuil tosaíocht thar na bearta tugtha aici don bheartas déine gan mórán iarrachta a dhéanamh borradh a chur faoin bhfostaíocht. Cé go bhfuil bá áirithe acu le hÉirinn, is cosúil gurb fhearr le tromlach na nGearmánach é dá gcuirfí an ruaig as limistéar an euro ar an nGréig; “An é go
gceapann na Gréagaigh go bhfuil carn ollmhór airgid againn, go bhfuil Hans agus Fritz lofa le hairgead, agus go bhfuil muid chun iad ar fad a tharrtháil óna mbá?” Bhí eagla an domhain ar cháiníocóirí na Gearmáine go dtitfeadh an tóin as an euro agus a bhuí sin leis an nGréig, dar leo. Is dócha gur féidir leo an bhuairt sin a dhíbirt as a n-intinn anois, ach níl cuan bainte amach ag an euro go fóill. Tá an-iarracht déanta ag Merkel a cuid toghthóirí a chur ar a suaimhneas. Rud amháin a dhein sí go maith ná gur éirigh léi cur i gcion na nGearmánach go bhfuil todhchaí a dtíre féin fite fuaite le todhchaí na hEorpa. Mar a dúirt sí oíche an toghcháin: “Tá an taoide ar thob casadh agus má sheasann an Eoraip an fód le chéile, is fearrde muid ar fad sin”. Cibé tuairim atá agat faoi Angie is léir go bhfuil sí ar an bpolaiteoir
is cumhachtaí san Eoraip i láthair na huaire, agus is amhlaidh nach ndeachaigh an rath sin ina ceann di. Ní bhíonn aon éirí in airde ag baint léi. Tá cónaí uirthi in árasán beag i lár Bheirlín. Gach uile shamhradh tugann sí aghaidh ar an gcúinne beag iargúlta céanna den Tioróil Theas. Más é an sotal príomhlaige an pholaiteora, níl an duáilce sin aici. Tá éirim aici don cheimic ach chuaigh sí leis an bpolaitíocht tar éis thitim Bhalla Bheirlín. Dar le Klaus von Dohnányi, iar-Ardmhéara Hamburg, is é an t-aon ní suntasach faoin Seansailéir Merkel ná nach bhfuil suntas ar bith ag baint léi. An bhliain seo chugainn beidh an trí scór slán aici. Tá sainordú faighte aici an Ghearmáin a rialú ar feadh ceithre bliana eile. Is gearr an t-achar é sin. Neosfaidh an aimsir céard go baileach a bhainfidh sí amach ar mhórstáitse na hEorpa sa tréimhse sin.
*
saol
nós 49
Séamasarseachrán... dáiríre! Mar atá a fhios agaibh faoin am seo is dócha, is cara beag le NÓS é Séamas a bhíonn i mbun diabhalaíochta a bhonn rialta. Bhí socrú againn le Séamas go gcuirfeadh sé tuairisc ghairid faoina chuid eachtraí chugainn gach mí agus go bhfoilsódh muid na grianghraif, dá
mbeadh siad oiriúnach don iris. An mhí seo áfach níor chuala muid faic ó Shéamas. An uair dheiridh a raibh sé i dteagmháil linn bhí sé tar éis bualadh le cailín agus é ar saoire, agus creidimid go raibh braon ar bord aige. (D'fhoilsigh muid na pics ón eachtra seo in eagrán
na míosa seo caite). Mar sin má thagann sibh ar dhuine beag oráiste a bhfuil splanc spraíúil ina shúile, nó má tá aon eolas agaibh faoi cén áit a bhfuil sé faoi láthair, bheadh muid an-bhuíoch dá bhféadfadh sibh rphost a chur chuig eolas@nosmag.com
50 nós
*
saol
Gaeilge + Gàidhlig = Eadar-Ghaeilg? Pléann Ciarán Dunbar na féidearthachtaí maidir le droichead tuisceana a thógáil thar Shruth na Maoile, agus fiafraíonn sé an féidir canúint, lena mbeadh aon duine in ann gach Gael eile a thuiscint, a thógáil?
“Gaedhilg Cho-Choitcheann? An urrainn/féidir dóigh scríobhaidh/scríobhtha Gaedhilge bh(e)ith ann a thuig(f )eas Éireannaich agus Albannaich? Tha barail/baramhail agam mun/ fán chúis, ach chan eil me deiseil/réidh fhasast/go fóill airson am foillseachadh/lena bhfoillsiughadh.” Tá an friotal cainte thuas tógtha ó shuíomh idirlín an Dr. Ciarán Ó Duibhín atá ina shaineolaí ar Ghaeilge Uladh agus ar Ghaeilge na hAlban araon. Ó léigh mé an ráiteas sin den chéaduair, is iomaí uair a rinne mé mo mhachnamh ar an cheist chéanna. Rud éigin a spreag mo mhachnamh ná an teanga 'Interlingua' atá ina comhréiteach idir na teangacha Rómánsacha go léir. Níl rud ar bith 'mí-nádúrtha' faoi Interlingua, tá sé bunaithe ar theangacha beo agus caithfidh mé a rá, gach uair a bhain mé triall as, thuig daoine cad a bhí a rá agam, ba chuma iad a bheith ina bhFrancaigh, ina Spáinnigh nó ina nIodálaigh. Tuilleadh eolais faoi anseo interlingua.com Mar sin de, arbh fhéidir 'Eadar-Ghaeilg' a chruthú idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig? Go dtí seo níl an oiread daoine ar an eolas faoin choincheap, agus roinnt daoine ar luaigh mé leo é measartha diúltach faoi, ach cha raibh sé i gceist agam caitheamh anuas ar chanúint ar bith – bhí mé ag smaoineamh ar dhroichead
tuisceana a thógáil. Ar ndóigh, baineann sé seo le do dhearcadh féin faoi mhórphobal na Gaeilge. Tá aithne agam ar Ghaeil in Éirinn agus in Albain, ní amháin nach dtuigeann a chéile, ach a chreideann nach bhfuil aon dáimh idir na Gaeil ar an dá thaobh den Sruth. Ar ndóigh, cha chreidim féin sin. Is minic a chuirtear ceist orm faoi ‘chanúintí’ agus tá an freagra céanna agam i gcónaí – creidim go bhfuil trí chanúint ann sa Ghaeilge, mar atá Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Teanga amháin atá inti dar liom. Is beag difear atá le fáil idir na canúintí seo nach dtiocfadh le cleachtadh agus le teagmháil a shárú. Ní hionann sé sin is a rá nach bhfuil difríochtaí suntasacha idir na trí theanga / chanúint. Tá, agus tá siad ann
*
saol
le fada, ach is léir go bhfuil croí lárnach i gcoiteann acu. Ach, canúintí nó teangacha, is cuma dáiríre. Conas is féidir linn an bhearna idir Ghaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann a shárú mar sin? Thiocfadh linn an dá chanúint mhóra a fhoghlaim ón tús, scartha ón chéile, mar theangacha difriúla – éifeachtach go leor ach bheadh neart ama i gceist. Nó, thiocfadh linn rud beag den ghramadach agus, abair 400 focal, a fhoghlaim, cúrsa tiontaithe más maith leat. Gaeilge de chineál amháin a úsáid chun an ceann eile a fhoghlaim. Cuma éasca go leor air seo ar an chéad dul síos ach casta go leor mar gheall ar cé chomh cosúil le chéile is atá an dá chanúint / theanga. Nó is féidir linn comhréiteach a fháil agus an dá theanga a mheascadh – de réir foirmle éigin. Cén dóigh gur féidir linn sin a dhéanamh? Bhál, sa chéad dul síos thiocfadh linn níos mó eolais a chur ar an Nua-Ghaeilge Mhoch (Gàidhlig Choitcheann), an rud a bhí daoine áirithe ag iarraidh ag tús na hAthbheochana agus sin a úsáid mar bhunchloch. Bheadh sé deacair go leor áfach – ní don ghnáthdhuine Gaeilge an Chéitinnigh faraor.
nós 51
Nó thiocfadh linn ar fad eolas a chur ar chanúintí Shruth na Maoile, an limistéar a nascann an dá thír: canúint Chinn Tíre, Reachraidh, Árainn agus na nGlinntí. Ach ar an ábhar gurb ionann is marbh na canúintí sin go léir, bheadh sé deacair arís. Nó b’fhéidir gur bhféadfadh muid meascán de na réitigh thuas ar fad a úsáid? Ní féidir réiteach a aimsiú in alt amháin ach títear domsa gurb ag leibhéal na mbunfhrásaí a theipeann ar chumarsáid eadrainn agus go dtiontaíonn muid ar an Bhéarla seachas iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na ‘Gaeilgí’ eile mar thoradh air sin. Seans, dá dtiocfadh linn éirí thar an fhadhb sin agus bun-fhrásaí coitianta a aontú eadrainn chun cumarsáid a éascú, b'fhéidir go gcabhróidh sé sin linn an teanga níos casta a thuiscint. Mar sin, thug mé faoi liosta de bhunfrásaí 'Eadar-Ghaeilg' a chur le chéile. Tá cuid acu anseo thíos - cuir nóta @CiaranDunbar má tá suim agata ina thuilleadh. Conas a roghnaigh mé iad? Bhál, ghlac mé samplaí ó na teangacha beo agus roghnaigh mé an ceann is coitianta. Nó, dá mba rud é nárbh léir aon cheann coitianta, bhain mé úsáid as an leagan is ‘clasaicí’. Tá mé den tuairim go dtiocfadh le Gaeilgeoir ar bith na frásaí seo a thuiscint – ach níl ann ach bealach amháin chun sin a thástáil, triail a bhaint astu!
gàidhlig gaeilge Gaelg Eadar-Ghaeilg Latha math Lá maith Laa mie (Lá maith) Lá maith Ciamar a tha thu? / Cén chaoi a bhfuil tú? / Kys t'ou? (Cionas tá thú?) Cionnas tá tú? Dè mar a tha thu? / Cad é mar atá tú? / Cionnas tha thu? Conas atá tú? Madainn mhath Maidin mhaith Moghrey mie (Móra maith) Maidin mhaith Feasgar math Trathnóna maith / Fastyr mie (Feastar maith) Feasgar maith Coinfheascar maith Dè an t-ainm a tha ort? Cad é an t-ainm atá ort? / Cre'n ennym t'ort? (Crén ainm tá ort?) ‘Dé an t-ainm atá ort? Cad is ainm duit? Slàn leat / Mar sin leat Slán leat Slane lhiat (Slán leat) Slán leat Dè a tha seo? Cad é seo? Cre shoh? (Cré seo) Caidé seo?
* 52 nós
*
saol
comórtas - an spailpín fánach Tá muid ag leanúint lenár sraith de chomórtais gach mí anseo ar NÓS agus san eagrán seo tá deis iontach agat cochall foirfe de chuid An Spailpín Fánach a bhuachan ach an cheist shimplí seo thíos a fhreagairt i gceart, agus an freagra a chur chugainn ar Twitter @nosmag.com nó ar rphost chuig eolas@nosmag.com roimh 30 Deireadh Fómhair. San idirlinn, má tá breis eolais uait faoi tháirgí éagsúla snasta an tsiopa, tabhair cuairt ar www.spailpin.com CEIST: Cén baile Gaeltachta ina bhfuil An Spailpín Fánach suite?
*
DEARADH
dearadh
Ag dathú craicinn Sorcha Nic Eochagáin
Tá daoine as gach taobh den domhan ag maisiú a gcraicinn le tatúanna leis na céadta bliain anuas. Sean-ealaín is ea é agus í fréamhaithe sa stair ach is minic sa lá inniu a dhéantar steiréitíopáil dhiúltach ar dhaoine a bhfuil tatúanna acu. Sin ráite ní hé go ndeachaigh míthuiscintí coitianta nó claonadh ar bith ina choinne i bhfeidhm ar líon na
ndaoine ar spéis leo tatúanna a fháil. Tá tóir níos mó ná riamh orthu, go háirithe le blianta beaga anuas. Samhlaigh anois nach rud aisteach é fear an phoist a fheiceáil agus tatú air, nó tatú a aimsiú ar an duine taobh thiar den gcuntóir sa bhanc. Fós féin, nuair a fuair Cheryl Cole tatú mór a chlúdaigh cuid mhaith dá tóin, spreag sé an oiread spéise, idir mhaith agus olc, go
mór mór ar na meáin shóisialta. Tatú mór idáite atá ann. Ealaín is ea é ach ealaín nach bhfuil gan sileadh fola. Caithfidh go raibh sé thar a bheith pianmhar di tatú den saghas sin a fháil ach, mar a deirtear, “níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin” Ní hé go mbeinn cróga go leor a leithéid de thatú a dhathú ar mo chorp ach is cinnte gur mhuscail an 'chonspóid'
*
DEARADH
a chothaigh tatú tóna Cheryl mé chun machnamh a dhéanamh ar dhomhan na dtatúnna. Labhair mé le Joe 'Joker' Mullan as Joker Tattoo i mBéal Feirste, a d'oscail siopa tatú seacht mbliana ó shin agus le Shane Guerrini as Dublin INK. Tá foireann de cheathrar ealaíontóirí eile ag obair in éineacht le Shane, rud a chuir iontas orm agus a léiríonn an t-éileamh atá ann. Braitheann Joe go bhfuil dearcadh an phobail níos oscailte i leith
tatúnna; “Tá daoine amuigh ansin nach dtaitníonn tatúanna leo ach atá fós in ann a rá amach os ard gur ealaín atá ann,” ar seisean. Ceapann Shane go bhfuil an baol fós ann go ndéantar idirdhealú ar dhaoine a bhfuil tatúanna acu. “Ní féidir gach daoine a thabhairt leat, ach mar shochaí caithfidh muid cinntiú nach bhfuil míchothromas nó leithcheal ann ó thaobh tatúnna de”. Seans nach bhfuil muid ag an bpointe sin go fóill ach tá níos mó daoine
nós 55
cáiliúla le tatúanna anois, a théann i bhfeidhm ar dhearcadh an phobail i gcoitinne i rith an ama. Cuirtear an ealaín, atá le feiceáil ar choirp iomráiteacha, i láthair mar chuid de ghnáthshaol na linne. Cúpla bliain ó shin, bhí cláracha ar nós Miami Ink agus LA Ink i measc na gclár is mó tóir ar MTV. Feiceann Shane go bhfuil tionchar á imirt ag daoine cáiliúla, agus tá sé le feiceáil sa bhorradh atá ag tarlú san earnáil faoi láthair dar leis. “Bliain ó shin bhí gach duine ag
*
56 nós
DEARADH
iarraidh scáthchruth d'éan a fháil agus roimhe sin bhí tóir ar réaltaí. Anois agus daoine ag iarraidh an ‘mhuinchille’ a fháil déanta, bíonn seans agam a bheith cruthaitheach leis an dearadh,” a deir sé. “Bheadh daoine i gconaí ag iarraidh na siombailí Seapánacha agus a leithéid sin, ach ní thógann sé seo ón ealaín, má tá siad déanta i gceart,” arsa Shane. Creideann Joe go bhfuil na tatúanna a fhaigheann daoine ar a gcuid laethanta saoire, agus ar chostas saor, ag déanamh dochair don earnáil agus nach ealaín iad; “Tá daoine ann atá ag iarraidh tatú ar mhaithe le faisean agus daoine eile ag iarraidh rud éigin a rá lena tatú.” “Cíbe cén fáth a bhfuil daoine áirithe ag iarraidh tatú, caithfidh an t-ealaíontóir agus an duine a bheith sásta agus bródúil as,” arsa Shane. Is rud pearsanta é tatú a fháil ach tá fíorú na pearsantachta sin ar an gcraiceann ag bráth ar mheascán de chumas an ealaíontóra agus stíl an duine féin, rud a chinnteoidh go mbeidh cruthúcháin éagsúla le feiceáil i gcónaí.
Le tuilleadh eolais a fháil ar obair Joe agus Shane buail isteach ar na leathanaigh Facebook Dublin Ink Tattoo agus Joker Tattoo Studio.
*
DEARADH
n贸s 57
*
58 nós
DEARADH
Ealaíontóir sa Spotsolas:
susan hughes De bhunadh Bhéal Feirste, bhain an bhean óg seo céim amach ó Choláiste Ealaíon na cathrach sin sa bhliain 2006 agus tá tamall de bhlianta caite aici ag teagasc a ceirde. D'fhág sí an múineadh ina diaidh anuraidh áfach nuair a chinn sí tabhairt faoin ealaín ar bhonn gairmiúil lánaimseartha. Chaith sí geimhreadh 2012 agus earrach 2013 i Hardangerfjord na hIorua, áit ar thum sí isteach i dtírdhreach, i gceol agus i gcultúr na háite agus ba spreagadh é a chuaigh go mór i bhfeidhm ar a saothar. Tionchair eile ar a cuid oibre le déanaí ná
an tréimhse a chaith sí ar an Camino de Santiago - siúlóid chlúiteach i dtuaisceart na hIbéire - agus fosta an tseachtain ag Ionad Ealaíon Chill Rialaig, gar do Baile an Sceilg, Co. Chiarraí. Ar ais ina stiúideo, déanann sí léiriú ar na rudaí éagsúla a bhailíonn sí agus í i lár an dúlra - ar an chladach nó san fharraige féin fiú - agus tugtar beatha nua dóibh i bhfoirm péintéireachta, priontaí, grianghrafanna nó catalóg iarsmalainne. Déanann sí iarracht seo a dhéanamh trí shúile an eolaí ach coinníonn sí nasc mothúchánach le cumha an chuimhneacháin ag croí an tsaothair i gcónaí.
*
DEARADH
n贸s 59
60 n贸s
*
DEARADH
*
DEARADH
nós 61
Is féidir na héachtaí taiscéalta s'aici ó Mhuir Éireann, ón Atlantach agus ó fhiordanna na hIorua a leanúint ar a suíomh susanhughesartist.com. Is fidléir í Susan chomh maith atá tar éis sraith de chártaí beannachtaí a dhearadh ar a bhfuil íomhánna de cheoltóirí, agus is féidir iad seo a fheiceáil ag susanhughesdesigns.wordpess.com.
glac sĂntiĂşs linn...
put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH
Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:
ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90
*