NÓS 39 - Samhain 2013

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

ealaín bhaile Cian Finn Léigiún Coigríochach Nós nua na dtaispeántas tí

Comhrá cruinn le réalta reggae an iarthair

An t-arm eile ag an bhFrainc

Samhain 2013 | eag. 39

croí chúBA

€4/£3.50


2 n贸s

*

Ceol

f谩ilte


*

fáilte

tairbhe na féile Tá an spraoi agus an spleodar thart go ceann bliana eile agus go leor againn chea na féin ag smaoinea mh chun tosaigh ar cheiliúradh mór na bliana seo chugainn. Léirigh na himeachtaí éagsúla de chuid Oireachtas na Samhna i gCill Airne – agus na mílte Gael a d'fhreastail orthu – go bhfuil beocht ar leith i bpobal na Gaeilge i gcónaí agus nach bhfuil aon laghdú ag teacht ar an f huinneamh atá le brath ó bhaill an phobail chéanna. Is léir dúinn ar fad go bhfuil dúshlá in romha inn, go há irit he i gcroíthailte na teanga, ach meabhraíonn féilte ar nós an Oireachtais dúinn nach pobail scaipthe scartha muid nach féidir bheith ag cuidiú lena chéile, nó bheith ag baint taitnimh as an saol le chéile. Cuireadh in iúl dúinn arís eile i gCill Airne go bhfuil muid líonmhar agus gur chóir bheith ag brath ar a chéile, ag roinnt eolais lena chéile agus ag spreagadh a chéile chun todhchaí níos gile a chruthú dár gcultúr, dár

dteaghlaigh agus dár dtír. 'Ní neart go cur le chéile' a deirtear agus tá níos mó tábhachta leis an choincheap anois ná mar a bhí ariamh. Tá ról ar leith ag mórócáidí náisiúnta mar Oireachtas na Samhna i dtógá il poba il níos lá idire, níos bríomha ire, ag us dá bha rr sin ba cheart dúinn bheith ag smaoineamh ar dheiseanna eile chun teacht le chéile ar scála mór. S e a n s g o bh f u i l n a ' Po s tOireachtas Blues' ag cur as de go leor daoine faoi láthair ach d'imeodh siad gasta go leor dá mbeadh féile eile ag teacht aníos i gceann sé mhí eile. Is iomaí féile shamhraidh a eagraítear gach bliain ó cheann ceann na tíre agus le píosa samhlaíochta agus neart oibre is cinnte go bhféadfaí ceann Gaeilge a chur leis an liosta sin. B'fhiú an tairbhe an trioblóid. Idir an dá linn, tá iris le léamh agaibh mar sin ar aghaidh libh... go dtí an chéad uair eile!

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós

Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 62.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Órla Nic Ruairí, Eoghan Ó Loideáin, Elena Ortega i Planas, Ben Ó Faoláin, Sinéad Ní Uallacháin, Joseph MacNamara, Rachael Kelly, Caoimhe Ni Chathail, Micheál Mac an Bheatha, Siún Ní Dhuinn, Ciarán Ó Meachair, Séamas Ó Meachair, Sorcha Nic Eochagáin, Amélie Lopez, Jordi Martorell

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol

Taisteal

Cian Finn 6 Léirmheasanna 10 Ag Teacht Aníos 14

Cúba

scáileán Léirmheasanna 20 Samhain ar TG4 22

46

Dearadh Household 50 Mná Cruthaitheacha 54 Ealaíontóir sa Spotsolas – D. Ó Bric 58 Síntiús 62

saol Oireachtas na Samhna 26 Séamas @ Oireachtas 28 Lá Pairc(eála) 34 La Légion 36 Táirgí áille na hÉireann 42


*

Ceol

cian finn grianghraf le Amélie Lopez

Ceol

Fonn Finn Agallamh le Ben Ó Faoláin

T

á deisceabail déanta d'amhrasáin. Tá an ruathar curtha ar bhuairt agus ar dhiúltachas, ar feadh na hoíche ar a laghad. Grá. Meas. Dóchas. Sin teachtaireacht shimplí, dóshéanta amhráin Cian Finn. Nuair a chastar ar siúl na soilse tar éis dhá uair a chloig de sheit beo Finn tá aoibh go dtí na cluasa ar chách. Cathair aontaithe faoin dub is an

dearfacht, buailfidh muintir na Gaillimhe an bóthar abhaile go sásta anocht. Tá cuma fíor-shásta ar Finn féin, agus é ina shuí trasna uaim i gClub Arus na nGael níos luaithe sa tráthnóna. Fear ard féasógach séimh é, a ligeann abairtí uaigh de leoithne chaoin ghaoithe focail. Iar-amhránaí an ghrúpa reggae Intinn é, banna a ainmníodh mar 'Best Upcoming Reggae Act In UK and

Ireland' ag féile One Love Londain siar i 2010 roimh dóibh scaradh bliain go leith ó shin. “Bhíomar ag obair ar ár ndara albam, ach ní raibh aon chraic ag baint leis a thuilleadh,” a deir Finn. “Bhí nasc éigin in easnamh eadrainn. Ach bhí seacht mbliana iontach againn, a bhí ar nós céim sa ghigeáil tréimhse iontach, gigeanna iontacha.”


*

Ceol Ní duine é Finn a bheadh mórtasach as a bhua, ach ag an am céanna ní féidir leis a sceitimíní faoi eisiúint a chéad-albaim aonair, 'This Applies', ag deireadh na míosa a cheilt. Tá go leor bainte amach ag Finn san achar gearr ama ó scar Intinn - 2013 caite aige ag teacht agus ag imeacht ón nGaillimh go stiúideo an léiritheora ildánaigh reggae Prince Fatty i mBrighton, ag déanamh taifeadta ar amhráin roots reggae i dteannta uaisleacht na stíle mar George Dekker ó The Pioneers, Max Romeo (an té a bhfuil le clos ag canadh “I'm goin' sending to outer space, to find another race” ar 'Outta Space' The Prodigy) agus Dub Judah (Twinkle Brothers), chomh maith le réalta nua reggae na linne seo mar Hollie Cook agus Horseman. Is de dheasca ról Finn mar amhránaí beo leis an léiritheoir dubstep Radikal Guru a chuir sé aithne ar Prince Fatty.

“Bhí gig agam le Radikal Guru ag Féile Ostróda sa Pholainn, agus bhí Prince Fatty ag casadh inár ndiaidh,” a deir Finn. “Thosnaigh Prince Fatty ag casadh na seod-rianta Studio One seo ar fad ó na seachtóidí. Bhí na multi-tracks ar fad aige. D'fhiafraigh mé do Adrian Sherwood (On-U Sound), a bhí ina sheasamh i m'aice ag taobh an stáitse, cá raibh na multi-tracks Studio One faighte ag Prince Fatty. “Dúirt Sherwood go raibh Fatty tar éis ataifead a dhéanamh ar na seanrithimí sin ar fad ina stiúidió fhéin. “Ní fhéadfainn é a chreidiúint! Nuair a thosnaigh mé le Intinn bímís ag éisteacht leis na sean-amhráin Studio One sin an t-am ar fad,” arsa sé. Bhí Hollie Cook (iníon Paul Cook na Sex Pistols, is iar-bhall de Culture Club a máthair) agus Horseman ag canadh mar chuid de seó

nós 7 beo Prince Fatty, agus nuair a tháinig Cook anuas den stáitse d'fhiafraigh Finn di an mbeadh sé ceart go leor dá rachfadh sé féin in áirde chun cúpla véarsa a mhalartu le Horseman thar cheol Prince Fatty. “Bhí Hollie Cook fíor-cháirdiúil, agus dúirt sí go raibh fáilte rogham,” arsa sé. Tar éis an ghig, do thapaigh Finn a dheis agus d'iarr sé ar Prince Fatty albam a dhéanamh ina theannta. “Dúirt sé liom go raibh sé róghnóthach ach nuair a d'inis mé dó go raibh ábhar albaim de liricí déanta cheana féin agam i mo stiúideo sa Ghaillimh dúirt sé go mbeadh fáilte romham roinnt rianta a roghnú as na riddims a bhí taifeadtha cheana féin aige,” a mhíníonn Finn. Sa deireadh fuair Finn díreach an rud bhí uaigh, agus déanfadh ceol as an nua a thaifead dá chuid amhráin i studio Prince Fatty le scoth na gceoltóirí

hollie cook


*

8 nós

Ceol

seisiúin reggae. "Níor cheap mé riamh go mbeadh sé indéanta ceol beo i stíl Studio One agus King Tubby a thaifead sa lá atá inniu ann," arsa Finn. "Tá obair déanta agam le Zion Train, dub digiteach, agus tá sé sin iontach. Ach nuair a chuala mé go raibh ceol i stíl órga roots na seachtóidí á dhéanamh ag Prince Fatty dúirt mé liom féin go gcaithfinn mé féin a chur in iúl dó," a deir Finn. Gan úsáid bainte ag Fatty as ach scoth an trealaimh analógach na sean-ré a bhfuil bailithe aige thar na blianta, tá fuaim thar a bheith saibhir ag baint leis an albam,. Nuair a chuireann Finn 'This Applies', amhrán i dteannta Max Romeo agus George Dekker (leath-dheartháir

Desmond) ar an gcóras fuaime tuigtear láithreach bonn cúis a ghliondair. Ceol roots reggae den gcéad scoth é, armóintí Romeo agus Dekker ag malartú go nádúrtha le véarsaí misniúla Finn. Is go Mheice an cheoil reggae, Iamáice, gur mhaith le Finn aghaidh a thabhairt chun albam uimhir a dó a thaifead. "Ba bhreá liom albam dísréad a thaifead le sean-amhránaithe Iamácacha, ag baint úsáid as riddims Prince Fatty ," a deir Finn. "Daoine mar Horace Andy, Burning Spear, Eek-AMouse, Don Carlos, Ini Kamoze agus Barrington Levi. Táid fós beo is ag taifead, ach níl an oiread sin ama fágtha." Le toil Jah eireoidh leis.

Roimhe sin ar fad beidh Finn ar an mbóthar le Prince Fatty idir seo agus mí Márta na bliana seo chughain, ag gigeáil sna Stáit Aontaithe, an Téalainn agus an India. Ach tá jab beag amháin le déanamh aige roimh dó tabhairt faoin mbóthar - leagan Gaeilge dá shingil is déanaí, 'Precious Thing', a thaifead."Sea, tá sé i gceist agam díreach é a chur amach ansin, le híoslódáil saor in aisce," arsa sé. Ní minic a gheofá rud lómhar saor in aisce na laethannta seo. Tá an singil 'Precious Thing', chomh maith le leagan dub Prince Fatty, le fáil anois ó www.cianfinn.com. Beidh an t-albam 'This Applies' le fáil ag deireadh na míosa.


*

Ceol

nรณs 9

Sean agus Nua Ar na cluasรกin ag Cian Finn: Dennis Brown 'I Don't Want To Be No General' Prince Fatty & Hollie Cook 'And The Beat Goes On' Twinkle Brothers 'Faith Can Move Mountains' Fat Freddy's Drop 'Cay's Crays' (Athmheascรกn Digital Mystikz) Bonobo & Bajka 'Heaven For The Sinner' The Abyssinians 'Reason Time'

FF fogra Nร S.indd 1

11/5/2013 9:46:18 PM


*

léirmheasanna ceoil

10 nós

Ceol

Om Unit - Threads CIVIL

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Seánra ceoil ar thóir slánaitheora é ceol druma agus dord le fada an lá. Is fear é Jim 'Om Unit' Coles a bhfuil nós aige ar chleas nó dhó chun blas nua a thabhairt don stíl. Cé go bhfuil ceol nua-jungle iontach comhléirithe ag Coles le Machinedrum Mheiriceá mar Dream Continuum, agus buillí ar mire footwork Chigaco caite faoi bhun sheod-rianta

Roni Size, LTJ Bukem agus Adam Faige faoin ainm bréige Philip D Kick, bíonn smaointe is clistí Coles le clos agus é ag feidhmiú mar Om Unit. Le haimsiú ar scoth-lipéid mar Exit, Metalheadz agus Autonomic, tá paisean, tallann agus tuiscint le clos i ngach a bhfuil eisithe ag Coles le trí bliana anuas. An dá rud is súntasaí a thugann Om Unit go dtí an chóisir dhruma agus dord ná spás agus anam. Spás bronnta ag a bhuillí glana, snasta a leagann béim ar rithim leath-luais 80bpm an cheoil. Tá macalla do shaol ceoil eile Coles mar an léiritheoir hip hop 2tall le clos sna buillí céanna, chomh maith le tionchar na glúine níos sine léiritheoirí druma agus dord - daoine mar Digital, Photek, Amit agus dBridge. Na sraitheanna ollmhóra síntéiseora atmaisféaracha as a dtógann Coles a chuid rianta is bunús le gné anamúil a bport. Sa mhéid sin ta Coles go mór faoi chomaoin ag ceol Vangelis na Gréige - táid siúd ann a deirfeadh nach bhfuil a athmheascán neamhoifigiúil Om Unit de 'Le Singe Bleu' le Vangelis sáraithe aige le haon cheann dá

léiriúcháin féin. Albam é 'Threads' a chuireann béim ar an bhfiric gur minic an singil níos oiriúnaí mar fhormáid don gceoltóir atá ag plé le ceol leictreonach ná an t-albam. Tá poirt mar 'Nagual', 'Jaguar' agus 'Governer's Bay' iontach cumhachtach ach ní albam é 'Threads' a bheireann ort ó thús deireadh. Déanann Coles a bhealach tríd stair an dordcheoil leictreonaigh ó luas 140bpm go 170bpm go slachtmhar, ag meascadh gnéithe éagsúla go slachtmhar mar is mian leis, ach ag pointe áirithe cailleann sé snáithe a scéil. Tá 'The Silence' i dteannta an amhránaí Jinadu cosúil le Phil Collins le buillí éadroma jungle. Ní chuireann rappáil MC Jabu nó Gone The Hero leis an albam puinn, ach an oiread. Lá éigin eiseoidh lipéad éigin bailiúchán de scoth-singilí agus athmheascáin Om Unit. Seod doshéanta a bheas ann. Ní féidir amhlaidh a rá i gcás 'Threads', cé go mbeadh sé ina thúsphointe réasúnta maith d'éinne nach mbeadh ceol Coles blasta cheana féin acu.


*

Ceol

Botany - Lava Diviner (Truestory) Western Vinyl

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

“On Lava Diviner, I wanted to conjure that same headspace that artists like Roger Dean, and even Zdzislaw Beksinski project in their iconic paintings. I tried to evoke those grand, colourful, surreal landscapes that are mind-bending yet oddly comforting - sci-fi and epic and holy, all at the same time.” Botany Is mó diabhal ná maitheas a dhéanann preasráiteas uaireanta. De réir cosúlachta is albam coincheapúil é 'Lava Diviner (Truestory)', bunaithe ar bhréagscéal faoi sheict reiligiúnach a bhíonn ag guí go bpléascfadh bolcán. Ach faoin am go raibh an taifead críochnaithe ag Spencer Stephenson (Botany) Texas thuig sé nach sin a spreag in aon chor é ach mór-eachtraí a shaoil phearsanta féin. An bhfuil tú fós liom? Is maith sin - i gcás an 'Lava Diviner' iontach b'fhearr dúinn dul amú sa cheol in ionad dul amú sna sonraí. Is turas ceart é 'Lava Diviner'. Début suaithinseach, foirfe a mbeidh fonn ort éisteacht leis d'aon sruth amháin. Ceol hip hop LA is bunús le buillí Botany (tá an t-amhránaí Ryat as stábla Brainfeeder le clos ar 'Simple Creatures'), ach ar nós Boards Of Canada roimhe cruthaíonn Botany fuaim as an nua nach ceol hip hop é , nach ceol leictreonaic é, nach aon rud a bhfuil sean-thaithí againn air. Taifeadtha ar shean-ríomhaire

agus samplóir le feadóga, veidhlíní, cloigíní, giotáir, caschláir, téip-taifeadáin agus a thuilleadh trealaimh lo-fi eile, seo ceol sainiúil Botany. Is oiriúnach é analach péinteála thuas-luaite Botany - déanann sé a bhuillí a chlúdach le huige ildaite de cheol i stíl Iasos, athair baistí Gréigeach cheol new age California. Nuair a dhein Roinn Síceolaíochta Plymouth State College taighde leo siúd ar éirigh leo filleadh ar an saol seo ag pointe an bháis léiríodh go raibh ceol Iasos níos cosúla

nós 11 leis an gceol a bhí á gclos acu agus iad ag druidim i dtreo an bháis ná aon saigheas eile ceoil. Ceol na n-aingeal? B'fhéidir é. Tá an blas sothuigthe, cianaosta céanna ag ceol Botany freisin. Ceol uirlise a labhraíonn leat ag leibhéal bunúsach; aircitíopa Carl Jung i bhfoirm cheoil. B'fhéidir go bhfuilimíd ar fad ag teacht as, agus ag filleadh arís ar, an áit chéanna. Ar a laghad, cruthaíonn 'Lava Diviner' go bhfuil Botany ina sheasamh amuigh leis féin sa domhan ceoil. Albam début na bliana.


*

12 nós

Ceol

Omar Souleyman - Wenu Wenu ribbon

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

"What's refreshing about [Souleyman] is the party. It's really alive and very urgent. And he's not above using synths, electronics, drum machines and YouTube. He's really eager to make something that's vibrant." Bjork Ní minic a tharlaíonn comhoibriú cultúrtha idir an Íoslainn agus an tSiria. Fiú ansin, ní shamhlófá go n-éireodh leis. Ach nuair a dhein athmheascán damanta dabke Omar Souleyman de 'Crystalline'

Bjork maigdean oighir na hÍoslainne a athlonnú go lár an fhásaigh siar i 2011 do tharraing Souleyman chuige i gceart cluasa an Iarthair. Port é nach raibh a leithéid ann roimhe, an chúis is mó le dhá bhliain anuas do rinceoirí rith suas, iPhones ina lámha acu, chun teideal rian ceoil a lorg ón scríbhneoir seo agus é i mbun dioscmharcaíochta. Mar a deir bean amháin, "Is féidir éisteacht le Bjork agus rince boilg a dhéanamh in aon am amháin!" Rugadh Omar Souleyman sa bhliain 1966 i Ra's al-Ayn, baile i gceantar Jazeera i dtuaisceart na Siria. Is ansin a chuala sé ceol traidisiúnta na Siria casta ar an mbosouki agus an rebab, saigheas veidhlín aon-sreangach. Ó 1996 ar aghaidh tá forbairt déanta ag Souleyman agus ceoltóir Coirdíneach, Rizan Sa'id, ar leagan leictrithe don bhfuaim úd, iad ag casadh ag bainisí don chuid is mó. Baiste mar an "Shaabi street sound" acu, is ceol fuinniúil é - bun rithimí Arabacha casta ar measíní drumadóireachta, próiseáil leictreonach déanta ar fhuaim an bosouki agus an rebab seinnte ar luas lasrach ag Rizan, an rud ar fad casta suas go 11 le glór údarásach Souleyman ar a bharr.

Meastar go bhfuil tuairim agus 500 taifead déanta ag Souleyman ó 1996 ar aghaidh ach is 'Wenu Wenu' a chéad albam stiúideo. Taifeadta i NuaEabhrac le Kieran Hebden (Four Tet) mar léiritheoir, bhí baol ann go gcaillfí fuinneamh Souleyman i mbreisdubáil agus draíocht stiúideo. Chun an ceart a thabhairt do Hebden ní mór a dhein sé ach cinntiú gur fhan na leibhéil amach as an dearg. Mar a deir Souleyman féin, is taifead "nach mór beo" é 'Wenu Wenu'. Buille clagach é an t-albam seo ó thús - meascán d'ilrithimí ar mire agus rifeanna scréachaíola sintéiseora. Is furasta an gaol idir ceol Arabach agus ceol Gaelach a aithint i rianta mar 'Warni Warni' agus 'Nahy'. Cé go bhfuil scálaí ar fáil do Rizan nach n-aimseofá ar na píopaí uillean, ní deacair rí-phiobaire mar Felix Doran lena uirlis ceangailte le dréimire ceoil mar an minimoog a shamhlú le fuaim agus stíl dhochmhéirithe Rizan. Cén ionadh, mar sin, go bhfacthas beirt fhear sna caogaidí ag déanamh steip Gaelach le 'Ya Mumma' Souleyman i dtábhairne áirithe i gCathair na dTreabh le déanaí?! Seo ceol don gcóisir, a dhuine aon chóisir, aon áit.


*

Ceol

nós 13

Machinedrum - Vapor City ninja tune

*****

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

Albam uimhir a deich ón léiritheoir ildánach Travis Stewart. Cónascadh fíneálta rithimí jungle/footwork/hip hop, ceol garage-house Nua-Eabhrac agus fuaim chorraitheach Burial is bunús leis an leagan is deanaí seo de ghlór Machinedrum. Bunaithe ar bhrionglóid athfhillteach, seasann gach rian ceoil do cheantar áirithe don Vapor City, teideal an albaim. Coincheap é nach bhfuil le sonrú sa cheol, agus cé go bhfuil nóiméid iontacha ann ('Centre Your Love', 'Infinite Us') níl éagsúlacht a dhóthain ag baint le 'Vapor City' le go mbainfeá sásamh ró-mhór as éisteacht leis ó thús deireadh. Maith gan a bheith iontach.

Midlake - Antiphon bella union

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Más beag an seans a bhí roimhe seo go sáródh Midlake riamh a seod-albam coincheapúil 'The Trials of Van Occupanther' is lú anois é tar éis do Tim Smith, príomhamhránaí Midlake, a chompánaigh i lár an locha a thréigint. Ta baill eile an ghrúpa le clos ag rámhaíocht leo ar 'Antiphon', an maidhc anois i lámha an ghiotaraí Eric Pulido. Ceirnín saibhir prog-rac sícideileach é 'Antiphon - is ceoltóirí damanta iad - ach ceann atá gann ar amhráin mhaithe. Ar nós Bernard Sumner díreach tar éis bhás Ian Curtis, níl éirithe ag Pulido éalú faoi scáth Smith amach fós. An bhfuil fiúntas sa Midlake nua? Beidh le feiceáil.

Son Lux - Lanterns Joyful Noise

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Ceoltóir clasaiceach é Ryan Lott (Son Lux) a bhíonn i mbun taifeadta le Sufjan Stevens agus serengeti mar S/S/S, i mbun buillí hip hop a léiriú do rap-amhránaithe mar Busdriver is Beans, agus i mbun comhoibre le Richard Reed Parry ó Arcade Fire agus ensemble nua-chlasaiceach yMusic. Fuaimníonn 'Lanterns' díreach mar a shamhlófá - meascán cliste bríomhar dos na heilimintí thuas luaite. Pléascadh agus casta uaireanta ('No Crime', 'Lost It To Trying'), machnamhach agus éadóchasach uaireanta eile ('Easy', 'Enough Of Our Machines'), is saothar iontach sainiúil é 'Lanterns' a mbeidh lucht éisteachta Arcade Fire agus Final Fantasy gafa leis go fada an lá.


14 nós

*

Ceol

Ag teacht aníos

The Lumineers 21 Samhain, O2, Báile Átha Cliath

Níl mórán amhrán atá tar éis greim a fháil ar an lucht éisteachta mar a fuair Ho Hey de chuid na Lumineers le breis agus bliain anuas. Rinne baill ón gCuallacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, leagan Gaeilge de fiú a tharraing aird go leor ar Youtube ach beidh an bunamhrán féin le cloisteáil anseo go luath nuair a bheas na Lumineers ar an ardán san O2 ag deireadh na míosa. De bhunadh Denver Colorado na Stát Aontaithe, tá fuaim dheas réidh ag Wesley Schultz agus Jeremiah Fraites a bhunaigh an grúpa agus tá siad i ndiaidh cur lena stíl trí leithéidí Neyla Pekarek, Stelth Ulvang agus Ben Wahamaki a thabhairt isteach leo. Tá roinnt ticéad fós ar fáil don gig mór de réir cosúlachta mar sin tapaigh an deis anois má tá fonn ort iad a fheiceáil.


*

Ceol

Féile na Mí 15-17 Samhain, Ráth Chairn, Co. na Mí

Sna sála ar Oireachtas na Samhna, eagraítear Oireachtas beag, (mar a thugaim féin air), atá ar cheann de na féilte Gaelacha is mó go mbím ag súil leo i rith na bliana. Is i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí a bhíonn Féile Ráth Chairn ar siúl, coicís i ndiaidh an Oireachtais – díreach dóthain ama le teacht chugat féin tar éis an Oireachtais féin, agus chun dóthain pinginí a bhailiú le tabhairt faoi i gceart! Tá fás agus forbairt ag teacht ar an Oireachtas le blianta beaga anuas. Tá borradh faoi líon na ndaoine atá ag freastal ar an ócáid, mar a chéile díreach le Féile na Mí! Bailíonn na sluaite isteach go An Bradán Feasa, an tigh tábhairne ar an mbaile, atá buailte le halla an phobail. Is ann a bhíonn comórtais amhránaíochta do dhaoine óga agus fásta, comórtais rince agus comórtais ceoil ar chlár dheireadh seachtaine na féile. Dé Sathairn an oíche is fear ó thaobh an spraoi de, dar liom féin, ach má tá sibh fós sa dúthaigh an lá dár gcionn, b’fhiú turas a thabhairt in athuair ar An Bradán Feasa, do sheisiún amhránaíochta cineáilín ‘impromptu’, a bhíonn ar siúl i rith an lae. Rathchairn.net

nós 15


16 nós

*

Ceol

Féile Béal 22-24 Samhain, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Bhí sceitimíní orm nuair a léigh mé faoi chomhdháil a bheidh ar siúl ag deireadh na míosa ar an gCeathrú Rua. Féile Béal atáid ag tabhairt ar chomhdháil dheireadh seachtaine d’agallaimh bheirte, seimineáir, scéalaíocht agus lúibíní, a fhiosróidh an bhfuil traidisiún na scéalaíochta seanchaite, nó an féidir beocht agus anam a thabhairt don seancheird seo? An féidir slithe nua a fháil chun ealaíon béil an tseanchaí a chaomhnú agus a chur chun cinn sa 21ú aois? Sin é atá mar mhisean ag an bhféile seo, atá eagraithe ag Meas Media, le cabhair ón gComhairle Ealaíon. Ar oíche na hoscailte i An Chistin, beidh laochra na ceirde ag tabhairt faoin ardán. Cloisfear agallaimh bheirte ó leithéidí Máirín & Joe Steve Ó Neachtain, Ray Mac Mánais & Joe Ó Dónaill, maraon le lúibíní ó Fhearghas Mac Lochlainn & Éamonn Ó Donnchadha; Bronnfar Gradam na Féile ar Thomás Mac Eoin, atá ag plé le fada an lá le hagallaimh bheirte agus lúibíní, ach a bhfuil b’fhéidir cur amach níos mó air, de bharr a chumas amhránaíochta; agus beidh lúibíní fiú le clos sa Eurospar áitiúil i rith an lae, ar an Sathairn! Mar bhónas tá imeachtaí ar fad na féile saor in aisce!


*

Ceol

LaraeDó

3-7 Nollaig, The New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2 14 Nollaig, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe

Táim ag cleachtadh i láthair na huaire do sheó nua drámaíochta a bheidh ar siúl i rith mhí na Nollag i mBaile Átha Cliath agus sa Ghaillimh. Bheadh drogall orm de ghnáth a bheith ag scríobh faoi imeachtaí a bhfuil baint agam leo ach tá oiread sceitimíní orm faoin seó seo, ní fhéadainn gan! Tá sé deacair orm mo bhéal a choimeád iata faoi, ó léigh mé an script ag deireadh an tsamhraidh. Caithfidh go bhfuil mo chairde ag fáil bréan dom. Ath-insím scéalta dóibh faoi na cleachtaithe agus an spraoi a bhíonn againn, i ngan fhios go bhfuilid ráite faoi dhó cheana agam leo! Tá Aisteoirí Bulfin ar cheann de na grúpaí is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge, i mBaile Átha Cliath. Grúpa amaitéarach, a bhfuil na céadta drámaí léirithe acu le tuairim is daichead bliain anuas, agus mé féin i mo bhall ó bhogas ó Bhaile an Éanaigh na Ríochta go soilse geala bána na hardchathrach. Tá dráma nua scríofa ag Aodh Ó Domhnaill, drámadóir agus aisteoir atá ag soláthair scripteanna don ghrúpa le fada an lá, do seó Nollag na bliana. Is western ceolmhar grinn é ‘LaraeDó’, atá suite i salún, Tigh Fitzies, san Iarthar fiáin san 1880-daí. Tagann Buddy, buachaill bó óg cathrach, go baile LaraeDó, agus is ann a bhuaileann sé le rainséar mór áitiúil, seanmóirí LaraeDó, bean tí an tsalúin, marcaigh, cailíní salúin agus bundúchasaigh na háite. Is é Aodán Ó Ceallaigh atá sa phríomhról, a bhuaigh Comórtas na Lúibíní (in éineacht le hOgie Ó Ceilleachair) ag Oireachtas na Samhna ag tús na míosa agus a bhain an chéad

áit amach i gComórtas na bhFear san amhránaíocht ar an seannós. Ach is ag tabhairt faoi stíl eile ar fad a bheidh sé sa dráma seo. Tá naoi n-amhrán nua-chumtha ag Aodh Ó Domhnaill – liricí nua in oiriúint don script, ach foinn a aithneoidh go leor – ceol ó amhráin ar nós Stand by My Man, Rhinestone Cowboy agus Don’t Fence me in, i measc go leor. Ócáid chlainne atá sa dráma seo do thrí theaghlach. Páirteach sa seó tá triúr de sheanfhondúirí Bulfin, agus a n-iníonacha chomh maith. Sin iad Bríd agus Mícheál Ó Gruagáin; Aoileann agus Tadhg Ó Conchubhair; agus Niamh agus Con Ó Tuama. Is é an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta, Barry Barnes, atá i mbun léirithe. Seo an dara huair go bhfuil Barry tar éis dráma de chuid Aisteoirí Bulfin a léiriú. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh Barry, Gur Eile (le hAodh Ó Domhnaill chomh maith), sa bhliain 2011. Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe go luath do seo! Is ar stáitse The New Theatre a bheidh an dráma ar siúl, an chéad seachtain de mhí na Nollag, agus rachaimid as sin go Cathair na dTreabh. Táimid thar a bheith sásta LaraeDó a thabhairt chomh fada leis an Ghaillimh i mbliana, go dtí an Taibhdhearc. Tá iar-bhaill de chuid Aisteoirí Bulfin scaipthe timpeall na tíre, cuid mhaith acu sa Ghaillimh. Deis iontach atá sa chamchuairt seo chun bualadh le sean-chairde agus obair an chomhlachta a thaispeáint san iarthar. Má bhaineann sibh fiú leath den taitneamh atá bainte agam as an seó go dtí seo - is mór is fiú daoibh freastal air. Breis eolais: aisteoiribulfin@gmail.com Facebook: facebook.com/ aisteoiribulfinBAC Twitter: @AisteoiriBulfin

nós 17


an g spota


G


*

20 nós

Ceol

Scáileán

The Day of the Doctor Réamhamharc le hAisling McKeever

Tá lá an dochtúra ag druidim linn. Tá cuimhne againn uilig ar an tsraith teilifíse ‘Doctor Who’, is cuma cén aois atá tú, seans maith gur ealaigh tú ón fhíorsaol ar feadh seal le Doctor Who agus a chairde. Seo mar a osclaíonn sé: “D'oibrigh mé ar son na síochána i gcruinne an chogaidh ach anois tá sé in am dom díriú ar na cinnithe atá déanta agam in ainm an dochtúra, ar lá atá mé á sheachaint ar feadh mo shaoil, ar lá an doctúra”. Míneofar gach uile ní ar 23 Samhain nuair a dhéanfar ‘The Day of the Doctor’ a sheoladh i bpictiúrlanna agus a chraoladh ar BBC1, rud a spreagfaidh sceitimíní ar a lucht leanúna agus orthu siúd a chuireann spéis san fhicsean

eolaíochta. Is scannán ar leith é an eisiúint is déanaí seo i sága Dr Who a bheas ag déanamh ceiliúrtha ar 50 bliain den tsraith rathúil teilifíse. Ar ndóigh tharla cuid mhór athruithe in ‘Doctor Who’ le linn na mblianta sin, chaith níos mó na duine amháin caipín an dochtúra agus tá aitheantas tugtha dó sin i scéal an scannáin féin, agus é mar sprioc ag an phríomhscríbhneoir Steven Moffat comóradh a dhéanamh ar an tsraith. Gan dabht beidh Matt Smith agus David Tennant ann, mar aon le Daleks agus Zygons fiú, ach beidh cúpla aghaidh úr ag teacht chugainn ar an scáileán 3D fosta. Bí ag súil le taisteal ama, spásárthach ar triail na crúinne, sibhialtacht in éagóir agus spiorad láidir an chine daonna. Tá Doctor Who aitheanta mar cheann de na sraitheanna teilifíse is fearr riamh ag ócáidí éagsúla gradam, gan trácht ar na duaiseana a bhain na haisteoirí iad féin. Beidh na laethanta ag bogadh go mall ag go leor againn go dtí go dtagann lá an dochtúra.


*

Scáileán

nós 21

The Conjuring James Wan, 18

Léirmheas le Rachael Kelly

Lincoln

Steven Spielberg, 12A Íoslódáil na Míosa le Joe Mac Namara

*****

Is i mí Eanáir sa bhliain 1865 a chuirtear tús le scéal an scannáin seo, ina ndéantar taifead ar na ceithre mhí dheireanacha de shaol Abraham Lincoln, Uachtarán na Stát Aontaithe i rith an ama seo. Agus Daniel Day-Lewis sa phríomhról, déanann an scannán athinsint ar iarrachtaí Lincoln chun deireadh a chur le sclábhaíocht ar fud na tíre, tríd an 13ú leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe a rith. Níl sé chomh furasata céanna sin, áfach, óir tá cogadh cathartha ar siúl idir taobh na Cónaidhme agus taobh an Aontais agus tá síocháin de dhíth le go dtig le Lincoln an sclábhaíocht a stopadh. Anois, caithfear a rá go bhfuil cuid mhór cainte sa scannán seo, mar sin, ní bheidh sé oiriúnach do dhaoine a éiríonn dubh dóite go héasca! Thig leis a bheith mallghluaiseach go maith, agus an pholaitíocht go trom in amanna fosta. Muna bhfuil spéis agat sa pholitíocht nó i stair na tréimhse sin, éistigí le mo chomhairle; is rídhócha nach duitse an saothar seo. Tá sé doiligh a chreidbheáil nach raibh Day-Lewis iomlán sásta nó féinmhuiníneach leis an ról a tugadh dó, mar gur shíl sé nach raibh in ann ról Abraham Lincoln a léiriú mar ba cheart, as siocair nach raibh go leor ar eolas aige faoi. Ina ainneoin seo, áfach, ghlac sé lena ról go stuama agus thug a léiriú den chéad scoth gradam Oscar dó don Aisteoir is Fearr. San iomlán, ainmníodh an scannán do 12 Ghradam Acadaimh anuraidh. Ar an iomlán mar sin tugann Lincoln léiriú fiúntach ar shaol an iar-Uachtaráin agus muna bhfuil sé feicthe agat cheana, aimsigh anois é, go háirithe má tá suim agat i stair SAM na haimsire úd.

*****

Síleann Clann Perron go bhfuil siad ag bogadh isteach ina dteach foirfe: teach feirme galánta le 200 acra amuigh faoin tuath i Rhode Island. Ach tá smaointe eile ag na taibhsí a raibh cónaí orthu sa teach rompu... Nuair a deir scannán uafáis go bhfuil sé bunaithe ar fhíorscéal, ciallaíonn sé sin rud amháin nó rud eile: chinn an roinn poiblíochta bheith cruthaitheach lena stráitéis margaíochta, nó ní chuireann an scannán eagla ar dhaoine ach amháin nuair a shíleann siad go dtiocfadh leis na rudaí áirithe sa scannán tarlú dóibh féin. Tá an Conjuring rud beag difriúil. Bíonn an stráitéis 'fíorscéal' ag brath cuid mhór ar an méid atá léite ag daoine faoi chás taibhsí Amityville, an cás a thug clú agus cáil ar chigirí paranormalta Lorraine agus Ed Warren (Vera Farmiga agus Patrick Wilson) ach scéal cinnte de nach bhfuil easpa eagla bainte leis an scannán seo. Cuirtear tús gonta leis an scannán le gar-amharc míshuaimhneach a fhanann leat fiú agus na súile druidte agat, agus tosaíonn an chaint caol díreach, ag tabhairt dhá sraitheog dluth i ndiaidh a chéile dúinn a chuirfeadh stop le do chroí taobh istigh den chéad deich mbomaite. Ach níl muid ach ag téamh suas... Is é an rud is laidre faoin scannán seo ná an dóigh a tharraingaíonn an stiúrthóir David Wan siar agus don chuid is mó bíonn sé ag brath ar scáthanna, fuaim agus samhlaíocht an lucht féachúna le teannas a chruthú go fíneálta. Úsáidtear maisíocht speisialta corruair ach chan barraíocht agus ní chailleann an scannán cumhacht ach sa chuid deireanach den scannán nuair a nochtann na harrachtaí sa sraitheog deireanach. Faoin am sin, áfach, tá faoiseamh ag baint leo bheith os comhair ár súile - an scil mar dhea lena sníomhaíonn Wan eagla agus gruaim le chéile. Uaireanta bíonn corr cliché ann go cinnte ach ní scannán uafáis a bheadh ann ach le sraitheog amháin nuair a bhíonn fonn ort rud éigin a scairtiú dala, "Chí Dia mé! Ná gabh síos staighre!" Ach i bhfírinne ní hé deireadh an scannáin an chuid is láidre de ach leis an seat deireanach, a fheiceann an lucht féachúna trí mhéara spréite, déantar dearmad air seo agus déantar cúiteamh ar cibé laigí a bhí ann le linn an scannáin. Má bhaineann tú sult as bheith ar imeall do chathaoir le script cliste, amharcanna scafára agus stiúrthóir uafáis atá ar bharr a réimse, is é seo an scannán foirfe duit féin. Má mhothaíonn tú gur mhaith leat codladh a fháil arís, seans gurbh fhearr duit rud éigin eile a fheiceáil!


*

22 nós

Scáileán

SAMHAIN AR TG4 Tar Abhaile Domhnach 9.30in ó 17 Samhain Sraith nua, sé chlár ina bhfuil pobail ar fud na hÉireann ag fáiltiú roimh dhaoine ó gach ceard den domhan atá ar thóir a sinsear agus ag fiosrú a nginealaigh. Is í an craoltóir Evelyn O’Rourke an láithreoir agus í ag taisteal na tíre go bhfeicfidh sé an obair dheonach iontach atá ar bun faoi choimirce na heagraíochta Ireland Reaching Out (Ireland XO). Spreagtar daoine as Meiriceá, Ceanada, An Astráil agus an Nua Shéalainn le dul i mbun taighde ar a sinsir a chuaigh ar imirce ón tír seo le céad go leith bliain anuas. A thúisce is atá dóthain eolais bailithe le daoine thar lear a cheangal le ceantar nó le baile ar leith, tugtar cuireadh dóibh teacht go hÉirinn le fód a ndúchais a fheiceáil, cuairt a thabhairt ar áit chónaithe agus adhlactha a muintire agus b’fhéidir aithne a chur ar ghaolta freisin. Cuirfimid aithne ar shliocht sleachta na n-imirceach agus feicfimid an gliondar atá orthu cur lena gcuid eolais ar a muintir rompu agus a n-áit breithe agus baiste a fheiceáil. Agus an áit a mbíonn cuairteoirí ar thóir a sinsear, bíonn scéalta, amhráin agus ceol, gan trácht ar dhamhsa.

Ó Cuisine 8.30in Céadaoin ó 13 Samhain Sraith chócaireachta ina bhfuil aoi i mbun béile trí chúrsa a bheidh ar aon dul leis an mbéile atá ar fáil ina bhialann féin. Leagtar an bhéim ar tháirgí áitiúla ó sholáthraithe beaga logánta. Ar na cócairí a bheidh ag teacht i láthair, beidh Peadar Mac an Bhaird ó Country Choice san Aonach, Brian Ó Domhnaill ó bhialann Danny Minnie in Anagaire; Síle Ní Ghormáin ó Gorman’s Clifftop House in iarthar Duibhneach; Enda Conneely ón South Aran House in Inis Oírr, Niall Ó Conchubhair ón Canteen sa Daingean, Stiofán Mac Donncha ón Menlo Park Hotel’ i nGaillimh, Luke Flinter ón The Malt House i nGaillimh, Louise Ní Bhrosnacháin ón Global Village sa Daingean, Pól Ó hEannrachaidh ón Bloom Brasserie i mBaile Átha Cliath agus Ruairí Ó Móracháin, an Draoi-Chef Ceilteach. Is ar bhácáil a dhíríonn na cláir thosaigh sa tsraith agus cuid de mháistrí na ceirde sin ag léiriú a gcumais agus ag tabhairt nodanna don chuid eile againn. Orthu sin beidh Jimmy Griffin ó Griffin’s Bakery, Jackie Ní Fhlatharta as an Spidéal, Mary Carr ón White Gables i Maigh Cuilinn agus Niall Ó Conchúir ón gCanteen.


*

Scáileán

nós 23

Díol É 8in Dé Máirt ó 12 Samhain Nuair is crua don chailleach.... téann sí ag tóraíocht san áiléar go bhfeice sí céard atá ann a d’fhéadfadh sí a dhíol! Tugann an tsraith seo an deis do dhaoine (nach cailleachaí iad) earraí agus taiscí eile atá stóráilte acu le fada a thabhairt amach, a ghlanadh agus a chur ar an margadh féachaint le brabach a dhéanamh. Tá gach saghas rud curtha i bhfolach againn – éadach, fearais, giuirléidí, potaireacht, seoda agus eile. Seo deis airgead a fháil orthu. Tugtar dúshlán na rannpháirtithe sprioc áirithe airgid a bhaint amach – ag ceant nó sa siopa nó ag an margadh. Beidh na láithreoirí, Conall Ó Máirtín, an peileadóir agus Conchubhair Mac Lochlainn, saineolaí digiteach, ag cabhrú leis na rannpháirtithe. Fuair an togra tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Jockey Eile 8.15in Domhnach ó 17 Samhain Fuair an chéad sraith an duais IFTA don tsraith réilifíse ab fhearr i 2013. Seo ar ais Seán Bán Breathnach agus Joe Connolly arís agus iad ag tabhairt deis do 20 ógánach eile, idir fhir is mhná a gcumas mar mharcaigh a léiriú agus dul i bhfeidhm ar shaineolaithe na ceirde, ina measc na curadh-mharcaigh Kevin Manning, agus Davy Russell mar aon le Susanne Macken,

Tucker Geraghty, agus na saineolaí Paula Geraghty (bia) agus Ann Marie Walsh (aclaíocht). Tá comhairle (agus cáineadh freisin nuair is gá) ar fáil uathu seo sa tréimhse ráithe ina bhfuil na gearrcaigh ag ullmhú don dúshlán. Beidh an bheirt iomaitheoirí is laige á ndíbirt chuile sheachtain sula bhfaigheann an dream is fearr acu an deis marcaíochta i rás ceart ar ráschúrsa Theach na Sí os comhair an tslua agus a muintire féin


*

24 nós

Scáileán

SAMHAIN AR TG4

1916: Seachtar Dearmadta 9.30in Céadaoin ón 6 Samhain Sraith nua thábhachtach a thugann chun cuimhne seachtar fear a chuir údaráis na Breataine chun báis i bPríosún Chill Mhaighneáin tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Is minic ómós tugtha don seachtar ceannairí a daoradh agus a cuireadh chun báis ar dtús ach tá a scéal féin ag gach duine den seachtar, scéal a fágadh ar lár go minic agus eachtraí corracha na tréimhse sin á meas agus á gcomóradh. Ba leor a síniú ar an bhforógra chun an seachtar ceannairí sin a dhaoradh ach tá scéal níos casta le hinsint i gcás an tseachtair eile a cuireadh chun báis ina ndiaidh ar minic iad ligthe i ndearmad sa gcur síos ar an Éirí Amach agus ar tharla ina dhiaidh. Seo anois é an scéal sin, clár uair an chloig faoi gach duine den

seachtar: Michael Mallin, Ned Daly, John MacBride, Willie Pearse, Micheál O’Hanrahan, Seán Heuston agus Con Colbert. Faoi mar a bhí sa tsraith iomráiteach a léirigh an fhoireann seo do TG4 ar an seachtar sínitheoirí, tugann na cláracha nua seo scéal na laochra seo chun cuimhne le cabhair saineolaithe staire agus míreanna drámaíochta ó shaol na bhfear, ón Éirí Amach agus óna seal gairid i bpríosún. Orthu sin atá páirteach tá, Damian Lawlor, Diarmaid Ferriter, Elaine Sisson, Ferghal Mac Garry, Fintan Lane, Aindrias Ó Cathasaigh, Ann Matthews, Brian Feeney, Frank Prendergast, Margaret Ward, Marnie Hay, Michael Foy, Pádraig Ó Snodaigh, Pádraig Óg Ó Ruairc, Paul O’Brien, Róisín Ní Ghairbhí, Séamus Ó Síocháin, Anthony Jordan, Brian Crowley, Brian Hughes, Helen Litton John Gibney,

William Henry, Úna Uí Challanáin, Micheál Ó Doibhlin agus Colbert Kearney. Faoi mar a bhí leis an duaisshraith roimhe seo, is é Dathaí Keane a scríobh agus a stiúraigh an tsraith seo a léiríodh le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Pobal ag Ealaíon 8.00in Déardaoin ó 28 Samhain Sraith 4 chlár ina dtugtar deis do phobail éagsúla a bheith lárnach i ngluaiseacht ealaíonta an cheantair. Coimisiúnaíodh Alice Rekab chun tabhairt faoi chúpla togra ealaíne poiblí in éineacht le daoine ó Dheisceart Chonamara. Is ealaíontóir stuama í Alice agus tá sí mar inspioráid agus fhoinse eolais chun saothair ealaíon a chruthú. Is Gaeilgeoir líofa í Alice ach ní raibh agus ní bheidh sí sa Ghaeltacht


*

Scáileán

roimh léiriú na sraithe. Tá tábhacht ag baint leis an turas teanga ag Alice chomh maith leis an bhforbairt ealaíne. Is iad na gnéithe seo a chuireann dath ar an saol i nDeisceart Chonamara agus a bheidh mar bhunchloch d’Alice chun saothair ealaíon a chruthú a chuimsíonn pearsantachtaí, traidisiúin agus creidimh na pobal seo. Clár 1 Feiceann muid Alice agus an saol atá aici i mBaile Átha Cliath sula mbogann sí go Conamara. Agus í thiar, casann sí le grúpa í Bhunscoil na Trá Báine chun chun píosa ealaíne a dhéanamh dá scoil nua. Is togra é seo a thugann an pobal uilig le chéile.

Clár 2 Oibríonn Alice le John Bhaba Jeaic agus roinnt iascairí óga chun píosa a chur le chéile atá bunaithe ar thraidisiún na mbád agus na hiascaireachta. Clár 3 Tagann roinnt grúpaí le chéile chun comóradh a dhéanamh ar Chath na Ceathrún Rua, scliúchas a tharla le linn Chogadh na Talún. Clár 4 Tugann Alice cuairt ar oileán áitiúil ag í ar thóir inspioráide g iarraidh a smaointe a chur le chéile do phíosa ealaíne a bheidh mar chuimhneachán are a seal i nGaeltacht Chonamara.

nós 25

Splanc! ​8.00in Déardaoin 21 Samhain Fionnuala: Puipéad beag ar Thuras mór Tá cáil ar fud na hÉireann ar an gcompántas pupadóireachta Branar le breis is deich mbliana anois. Cuireann siad siamsaíocht agus spraoi ar fáil do na mílte páiste gach bliain lena rogha spleodrach drámaí – sean-scéalta agus nua-scéalta den scoth. Sa gclár seo, leanfaimid Fionnuala, puipéad nua ó am a deartha go dtí a céad céim ar an stáitse. Cé nach bhfuil sí ach 10cm ar airde, is pearsa mhór í agus tá rún aici dul ar thuras eachtrúil ní amháin in Éirinn ach chun na Gearmáine freisin.


*

26 nós

saol

saol seán t. ó meallaigh agus cara

iontas oireachtais jj ó dochartaigh

Tharla an fhéile is spleodraí agus is Gaelaí sa saol Fodhlach i gCill Airne idir 29 Deireadh Fómhair agus 3 Samhain agus nach iontach an ceiliúradh a rinneadh arís i mbliana. Bíonn atmaisféar ar leith ag Oireachtas na Samhna gur deacair cur síos a dhéanamh air ar leathanaigh irise ach níl aon amhras gur spraoibhuaic na bliana a bhí ann do na mílte a bhí i láthair. Sna comórtais ba é Mícheál Ó Confhaola ó

Chasla, Conamara, a chroch Corn Uí Riada leis agus ba é fear óg as Carna, Proinsias Ó hIarnáin, a bhuaigh an comórtas ‘Steip’. Bhí go leor scléipe eile ann ar ndóigh, lá agus oíche, mar a léiríonn na grianghrafanna seo ó chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh beo ón Oireachtas. Roll on féile na bliana seo chugainn! Grianghraif © Seán Ó Mainnín


*

saol

nós 27

mícheál ó confhaola

máirtín tom sheáinín agus rónán mac aodha bhuí

máire treasa ní dhubhghaill

proinsias ó hiarnáin

Ógie ó céilleachair

aodán ó ceallaigh


*

28 nós

saol

Séamasarseachrán... i gcill airne Beidh cuimhne agaibh go raibh imní orainn ar an mhí seo caite faoinár gcara beag Séamas. Ní raibh tásc ná tuairisc ar an diabhal beag ó d'imigh sé thar sáile cúpla mí ó shin agus bhí muid ag éirí an-bhuartha faoina shábháilteacht. Ar aghaidh linn go Cill Airne leis na mílte

Gael eile roinnt seachtainí ó shin áfach agus cé a bhí romhainn ach an fear beag oráiste é féin! D'fhan sé in Óstán an Gleneagle díreach fada go leor le blaiseadh a fháil ar an bhféile - rinne sé agallamh le TG4 ach tuigtear dúinn nach raibh sé inchraolta - agus ansin isteach

go lár an bhaile leis chun “aithne níos fearr a chur ar mhuintir na háite”. Thuig muid faoin Satharn - agus mar a léiríonn na grianghrafanna seo - gur ar na tithe tábhairne a chuir sé aithne seachas ar na daoine áitiúla. Ba chóir go mbeadh a fhios againn...


*

saol

nós 29

Mar is dual dó, rinne sé iarracht an dallamullóg a chur orainn agus é ag rá linn gur ag tabhairt cuaite ar chaifelanna Chill Airne a bhí sé. Bhuail sé isteach ar shiopa deas mílseán fiú agus bhí sé de dhánacht aige iarraidh ar uinéir an tsiopa grianghraf a thógáil de!


Ní raibh sé in ann leanúint leis an chur i gcéill áfach agus níorbh fhada gur thug a chuid grianghrafanna le fios gur fhill sé ar a sheannósanna. Tá a fhios againn anois nach ndeachaigh sé ar an turas thuas luaite ach gur dhírigh sé ar na tarraingtí a bhí ar fáil taobh istigh. Bhuail fonn pleidhcíochta é go gairid ina dhiaidh sin agus chonacthas é ag damhsa ar bharr bairillí, taobh amuigh de leithreas na mban agus ag dreapadh ar dhealbh i lár Chill Airne agus fiú i mbun siamsa ag siopa ceoil. Cá bhfios cá mbeidh Séamas s'againn ar an mhí seo chugainn? Coinnigh súil amach dó!


*

saol

n贸s 31




Bóithre faoi bhláth Ciarán Ó Meachair

S

aolaíodh Park(ing) Day sé bliana ó shin in San Fransisco. Seift a bhí ann leis an bpobal a mhúscailt agus iad a chur ag smaoineamh ar spásanna glasa. Thosaigh sé le spás páirceála amháin - cuireadh an t-airgead isteach sa mhéadar, leagadh 'páircín' 5m x 2m amach sa spás, agus théis uaire, glacadh

an rud uilig abhaile ar bord rothair! B'shin tús le gluaiseacht dhomhanda atá ag teacht i gcrann i rith an ama, agus inniu tá an oiread céanna páircíní i mBaile Átha Cliath agus atá i Nua-Eabhrac. Labhair NÓS leis an dearthóir gáirdíní Marion Keogh a chruthaigh an páircín BLÁTH CLIATH le haghaidh Lá Páirceála na príomhchathrach i mbliana.

NÓS: Ní hé seo do chéad Lá Páirceála ab ea? MARION KEOGH: Ní hé. Thángas ar Park(ing) Day ar dtús nuair a thosaigh sé i mBaile Átha Cliath trí bliana ó shin. Ghlac mo chairde in Outerscapes páirt ann agus thiteas i ngrá leis láithreach. Bhíos an-tógtha leis an ngné idirnáisúnta de, agus chonac an tionchar a bhí aige ar


*

saol

nós 35

phobal na cathrach. Bheartaíos mo pháircín féin a chruthú an chéad turas eile, agus anuraidh, leagas amach spás in aice mo thí i Raghnallach. Ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine gur ceantar uirbeach atá ann seachas fo-uirbeach, an dtuigeann tú. Ach seans go bhfuil ábhairín eile le dul ar an mbóthar sin! NÓS: Agus d'éirigh go geal leis an gcéad eachtra sin? MK: D'éirigh! Bhí an fhreagairt dochreidte. Tárlaíonn sé gur breá le daoine labhairt faoina ngáirdíní! Ceann de na rudaí a léiríonn na páircíní seo ná gur féidir gáirdín iontach a chruthú fiú i spásanna thar a bheith beag. Agus spreagann sé sin daoine. Fuaireas amach go raibh an-suim ag daoine i bplandaí as an ngnáth - cinn atá níos suimiúla ná an rud a d'fheicfeá in B&Q srl ... NÓS: Taighde Margaíochta más ea? MK: Ha! Go díreach é. Mar thoradh air sin uilig d'oscail mé 'pop-up' sa cheantar agus d'éirigh go hiontach leis. Bhíos in ann a scéal a scaipeadh, agus daoine a mhealladh i dtreo plandaí agus bláthanna atá de dhíth ar bheacha agus ar fhéileacáin. NÓS: Soisceál agus síol á scaipeadh ag an am chéanna! Ach bhog tú do pháircín isteach sa chathair i mbliana - cad ina thaobh sin? MK: Theastaíos a bheith páirteach san atmaisféar iontach atá sa chathair. Thig leat léarscáil a íoslódáil agus turas a dhéanamh thart ar na páircíní uilig - agus stuif saor in aisce a fháilt. Só, landáil mé os comhair áite ina mbíodh siopa gáirdíní thart ar 15 bliain ó shin. Óid go laghdú na siopaí gáirdíní uirbeacha. NÓS: Agus díreadh béal dorais le ANSEO....

MK: Ha! Tá a fhios agam. Comhtharlúint álainn a bhí ansin. Agus bhí cuaillí solais ann chomh maith - tá stiallbhratacha thar a bheith tábhachtach! Is féile í i bhfírinne agus ní haon dochar é sin a fhógairt. NÓS: Agus an leanfaidh tú leis na popupanna seo? MK: Cinnte - Urban Fox a thugas orthu, agus tá 'Bláth Cliath' mar réimse síl agam. NÓS: Is iontach an t-ainm é 'Bláth Cliath'. Agus scríobhann tú sraith bheag

'Tarrtháil trí Phlandaí' ar do leathanach Facebook? MK: Scríobhaim. Thosaíos é sin mí Eanáir seo caite - an t-am is déine den bhliain. Só más féidir leat plandaí bláthanna a bheith agat ag doras do thí, ag breathnú gleoite, agus boladh álainn uathu - cabhríonn sé sin leis na míonna fuara dorcha a shárú. Coimeádann plandaí sinne beo freisin. Ní na beacha amháin. Bíonn Park-ing Day ar siúl i mí Mheán Fómhair gach bliain. Bígí ag 'páirceáil' ar an mbliain seo chugainn!


*

36 n贸s

saol

lumiere


*

saol

nós 37

Vive la Légion! Beagnach chuile sheachtain beo léann muid sna meáin faoi líon na ndaoine óga as Éirinn atá ag liostáil in Arm na Breataine, agus gur slí mhaith bheatha atá ann. Ach tá rogha eile ann a scríobhann Mícheál Mac an Bheatha, is é sin éalú chuig an Léigiún!

T

á arm beag bídeach againn anseo in Inis Fáil, caithfidh ar a laghad 9,500 duine a bheith mar bhaill, agus tá an-toir ar na postanna sin. Mar shampla, bhí 600 spás i bhForsaí Cosanta na hÉireann anuraidh, agus chuir 10,500 duine isteach orthu. Bhí díomá ar go leor daoine mar sin.

Tuigtear gurb é sin an príomh-fháth go bhfuil Éireannaigh, as Poblacht na hÉireann, ag liostáil in Arm na Breataine. Ag léamh na meán Béarla in Éirinn, shilfeá go bhfuil na míllte acu ann, ach níl. Agus an t-alt seo á scríobh bhí 415 duine a bhfuil saorántacht Éireannach acu in Arm na Breataine. Liostálann tuairim ar 100 nua in aghaidh na bliana faoi láthair. Mar sin, tá go leor Éireannach i saol na linne seo ag tréigean a dtíre féin agus ag glacadh mionna ag fógairt a ndílseachta do Bhanríon Shasana. Deir cuid mhaith agaibh nach bhfuil sé sin fíor, gur Éireannaigh mhaithe iad i gcónaí. B'fhéidir é, ach is bun-fhíric é go gcaithfidh tú a fhógairt go bhfuil tú dílis do Bhanríon Shasana is tú ag liostáil, fírinne lom. Tá i bhfad níos mo i gceist ná rogha stíl bheatha. Ag léamh mheáin Bhéarla na hÉireann leat, agus an 'Indo / Sindo' go hairithe, shílfeá nach bhfuil rogha níos


*

38 nós

saol

uaisle ná níos fearr gur féidir le duine a dhéanamh ná a bheith i do bhall d'Arm na Breataine. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil sé mídhleathach daoine a ghríosú nó a spreagadh chun liostáil in arm ar bith nach Arm na hÉireann é? Bheadh an-iontas ar dhaoine faoi sin is dócha – cuirtear in iúl sa 'Times' agus san 'Indo' go minic gur Éireannaigh den chéad ghrád iad siúd a léirigh a ndílseacht do Eilís II... “chaithfimis bogadh ar aghaidh”! La Légion Étrangère Tá rogha eile ann áfach, La Légion, nó Léigiún Coigríochach na Fraince. Sea, má tá tú ag iarraidh súgradh le gunnaí, a bheith gléasta suas in éadaí deasa campacha, chun crochadh thart le buachaillí dathúla agus ar ndóigh, casadh

ar dhaoine difriúla a bhfuil cultúir dhifriúla acu agus, bhál, iad a mharú – sea, duitse atá an Léigiún! Bhí aithne agam ar an Éireannach óg seo a chuaigh isteach sa Léigiún, eispéireas iontach a bhí ann dar leis, “dhírigh sé amach é,” dar leis*. Anois, ar ndóigh, má tá tú á léamh seo i bPoblacht na hÉireann, ná glac an t-alt seo mar ghríosú chun ballraíocht a ghlacadh in arm eachtrannach , bheadh sé sin mídhleathach, ach má tá tú ag léamh in áit ar bith eile – ar aghaidh leat a mhac! Gabh mo leithscéal a chailíní, do bhuachaillí amháin atá an Léigiún, tá a fhios agam go mbeidh díomá ar go leor agaibh faoi sin, agóid á reáchtáil agam i láthair na huaire. Níl agat ach Gaeilge? Ná bíodh aon imní ort! Ní gá a bheith ábalta

Fraincis a labhairt is tú ag liostáil, teagasctar an teanga duit le linn na buntraenála, ná bí buartha faoi sin, beidh sé díreach cosúil le Coláiste na bhFiann! Smaoinigh air sin anois, trí bliana san Ollscoil ag foghlaim na Fraincise nó cúig bliana sa Léigiún ag fail íoctha ag an am céanna, agus an blas a bheadh agat sa deireadh... ó là là! Beidh ort dul trí phróiseas roghnúcháin ar ndóigh, arbh fhéidir maireachtáil ar feadh coicíse. Go bunúsach, beidh daoine ann ag cur athcheiste ort chun a chinntiú go bhfuil an rogha cheart á déanamh agat – nach bhfuil sé sin go deas? Mór an trua nach mbíonn an próiseas céanna ar bun ag ár n-ollscoileanna. Cinnte, bheadh ort cruthú go bhfuil tú aclaí go leor, ach cén dochar?


*

saol Bheadh sé sin díreach cosúil le 'circuits' nach mbeadh? Agus ní bheadh ortsa íoc as rud ar bith, iontach go deo. 15 seachtainí a mhairfeas an bhun-traenáil, foghlaimeoidh tú go leor ann. Siúlóidí fada i sléibhte arda maorga Dheisceart na Fraince, cé nach mbeadh ag iarraidh a leithéid a dhéanamh? Bheadh sé cosúil leis an 'Camino', ach le gunna. Wow! Agus muid ag déanamh ár mbuairimh faoi chúrsaí airgid in Éirinn anois, ní gá duit a bheith buartha faoi sin sa Léigiún, mar níl cead agat cuntas bainc a bheith agat, éasca go leor. Agus cén éadaí a chaithfeas tú inniu? Cá mhéad am a chaith tú amú ar cheisteanna mar sin? Bheadh deireadh leis sin a mhac mar chaithfidh tú d'éadaí míleata amháin a chaitheamh don chéad chúig bliana. Agus an bhfuil bean ag cur brú ort fáinne a cheannach di? Fadhb réitithe! Níl cead agat pósadh ar feadh seacht mbliana! Leithscéal den scoth. Ar aghaidh leat a mhac! Vive la Légion!

*Ceithre lá a mhair an fear seo ann, ní fhaca sé tanc nó gunna. Cuireadh faoi ghlas é i mbothán adhmaid gan bhlaincéad nó leapa. Caitheadh uisce air i rith an ama agus níor ligeadh dó titim ina chodladh, arbh fhéidir saol an tsaighdiúra a shárú? Cén dóigh liostáil? Buail cnag ar an doras san áit seo –

Bun-Fhraincis a bheas de dhíth: Je fais de l'asthme, je ne peux pas le faire. Tá asma orm, ní féidir liom sin a dhéanamh.

nós 39 ádh mór ort agus ná déan dearmad inse daoibh gur léigh tú faoi ar NÓS! Poste de recrutement et d'information de la Légion Étrangère Quartier Viénot - Route departementale 2 - B.P. 11 354 13 784 AUBAGNE CEDEX TEL : (33) 04 42 18 12 57

A Sháirsint, stad de mo bhualadh, le do thoil! Je voudrais rentrer à la maison maintenant. Ba mhaith liom dul abhaile anois.

je peux aller aux toilettes? An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?

Je veux ma maman. Ba mhaith liom mo mhamaí a fheiceáil.

Sergent, arrêtez de me taper s'il vous plaît!

Je crois que j'ai fait une erreur. Sílim go ndearna mé botún.



déan nós ar líne Tá dearadh nua ar ár mbaile ar líne caith súil anois air ag nosmag.com


42 n贸s

*

saol

togha na t铆re


*

saol

Tá tairgí áille ar ardchaighdeán á ndéanamh anseo in Éirinn. Roinneann Siún Ní Dhuinn a rogha de na cinn is éifeachtaí ar bhain sí triail astu.

Tuigtear tábhacht na tionsclaíochta dúchasaí agus an tacaíocht atá ag teastáil uaithi níos fearr ná riamh sa lá atá inniu ann. Déanaim mo dhícheall bia Éireannach a cheannach oiread agus is féidir liom, agus is dóigh liom go bhfuil formhór na tíre ar an gcaoi chéanna. Ní haon dúshlán é agus mé san ollmhargadh mar go mbíonn suaitheantais shofheicthe ar an mbia dúchasach, ní mar a chéile margadh na háilleachta, áfach. Tá muid báite ag margaíocht na mbrandaí móra agus aghaidheanna aitheanta, nach bhfágann morán spáis do tháirgí Éireannacha atá ar chomhchaighdéan (nó níos airde) ach nach bhfuil na milliúin acu sna buiséid. Ar mhaithe le léitheoirí NÓS, chuir mé stró orm féin agus bhain mé úsáid as na táirgí áille seo a leanas agus geallaim gur táirgí éifeachtacha iontacha iad ar fad. Cocoa Brown Tan (@cocoabrowntan) An táirge áilleachta Éireannach is mó tóir air i mbliana, is cosúil. Cruthaithe ag Marissa Carter, bean óg atá tar éis táirge nuálach ar phraghas réasúnta (¤7.99). Murab ionann agus donnú bréige eile, ní gá é seo a fhágáil ort thar oíche, brathann an méid ama a gcaitheann tú é ar an dath ar mhaith leat agus níl an boladh clúiteach sin de bhrioscaí dóite uaidh ach oiread. Tá seo ar fáil i siopaí poitigéara agus Penneys ar fud na tíre, agus táirgí eile don chorp sa raon freisin www.cocoabrown.ie Ógra Skincare (@ograskincare) Ní hamháin gur táirge Éireannach é seo ach déantar an stuif seo as talamh na hÉireann. Baintear úsáid as mianraí na móna Éireannaí chun táirgí a chruthú a dhíríonn ar óige an chraicinn a chaomhnú ar bhealach nádúrtha gan cheimicí breise curtha leis. Tá pacáistiú na dtáirgí go haoibhinn, cuma shofaisticiúil orthu, bhéidís an-oiriúnach mar bhronntanais Nollag. Taitníonn an scamhóir ach go háirithe liom ar ¤29.95.

Tá táirgí Ógra ar fáil i siopaí poitigéara agus siopaí sláinte ar fud na tíre agus ar líne ag www.ograskincare.com Bia Beauty (@biabeautytracey) Meascán de bhia agus cúram cnis atá sa chomhlacht Bia Beauty. Bunaithe ar luach an bhia orgánaigh agus gach a bhaineann leo. Bhunaigh Corcaíoch, Tracey a comhlacht tar éis di céim a bhaint amach san eolaíocht luibhe nuair a d’aithin sí an leas go bhféadfaí a bhaint as maitheas na bplandaí. Tá an comhlacht ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é agus ar fáil i siopaí poitigéara agus siopaí sláinte go náisiúnta agus ar line: www.biabeauty.com Waxperts (@waxperts) De dheasca Carrie agus a cairde, tá mná (agus roinnt fear!) na hÉireann ag ciaradh a gcuid gruaige dá gcoirp níos minice ná riamh. D’oscail Ellen Kavanagh doirse Waxperts i nDún Laoghaire le dul i ngleic le héileamh na cathrach agus ó shin i leith tá a céir féin cruthaithe aici agus in úsáid ag sciamhlanna fud fad na tíre. I mbliana, tá a céad táirge eisithe acu chun an craiceann a choinneáil glan ó ghruaig a bhfuil fadhbanna aici agus í ag fás ar ais. Tá an táirge seo ar fáil i mbreis is 200 sciamhlann a bhfuil céir Waxperts á húsáid acu. www.waxperts.ie

nós 43


*

44 n贸s

saol

Iris铆?


*

saol

Tá na milliúin againn, saor in aisce. An iris seo ina measc.

nós 45


*

Taisteal

taisteal

Codarsnacht i lár na Cairibe Tar éis dó coicís a chaitheamh i mbun taistil i gCúba, déanann Séamas Ó Meachair cur síos ar oileán atá lán de chodarsnachtaí.


*

Taisteal

D

eirtear gur tír í Cúba atá ar thairseach na staire ach más fíor sin is cosúil nach miste le tromlach na gCúbach. Tar éis dom aghaidh a thabhairt ar an oileán álainn i lár na Mara Cairibí, is é an rud is mó a thugas faoi deara ná cé chomh réchúiseach agus sona sásta is atá na Cúbaigh. Ar ndóigh ní i gcónaí mar a shíltear a bhítear, ach de réir an staidrimh tá siad ar cheann de na pobail is sonasaí ar domhan; nach méanar dóibh agus na tránna gleoite, na cathracha stairiúla agus an scoth aimsire atá acu. Le fada an lá tá cinniúint na gCúbach fite fuaite le Fidel na féasóige Castro, nó El Comandante mar a ghlaoitear air fós. D’éirigh sé as roinnt blianta ó shin agus tá a dheartháir Raúl i gceannas ar chúrsaí na laethanta seo. Tá seisean ag titim san aois chomh maith agus is léir go bhfuil an ré Castro ag druidim chun clabhsúir. Tá athruithe móra curtha i bhfeidhm ag an bPáirtí Cumannach le

blianta beaga anuas. Is féidir le muintir Chúba seilbh a bheith acu ar fhóin phóca anois. Is féidir leo tithe a cheannach fiú, agus nach mithid dóibh mar a déarfadh go leor anseo. Bhí dlúthchaidreamh ag Fidel leis na Rúisigh ach nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fágadh Cúba san fhaopach. Tá athrú ag teacht ar chúrsaí anois agus cuireadh dlíthe i bhfeidhm ag tús na míosa seo a ligfidh do chomhlachtaí ón gcoigríoch bunú i gceantair fhiontraíochta áirithe sa tír. La Moneda Nacional agus El Peso Convertible Tá earnáil na turasóireachtaríthábhachtach don gheilleagar náisiúnta agus leis an gcarn mór airgid atá á thabhairt isteach ag na turasóirí, tá an rialtas i mbun athchóirithe a dhéanamh ar sheanfhoirgnimh Habana. Agus an méid tógála atá ar siúl chuirfeadh sé Baile Átha Cliath i laethanta an Tíogair Cheiltigh i gcuimhne duit!

nós 47

Ag caint ar airgead, is é an ní is aistí faoi Chúba ná go bhfuil dhá chóras airgeadra i bhfeidhm acu: La Moneda Nacional agus El Peso Convertible. Íocann turasóirí leis an bPeso Convertible atá 25 oiread an luach is atá ag an mbunairgeadra. Mar sin is féidir leis an ngnáthChúbach an-bhrabús a ghnóthú trí ghnó a dhéanamh le turasóirí. Ciallaíonn sin go dtuilleann tiománaí tacsaí níos mó ná dochtúir! Tá an córas casta airgeadra tar éis scoilt a chothú i dtír atá mórchúiseach as a cuid comhionannais agus d’fhógair an rialtas ag deireadh na míosa seo caite go bhfuileadar chun an dá airgeadra a aontú as seo amach. N’fheadar cén saghas tionchair a bheidh ag an gcinneadh sin ar an ngeilleagar, ach ní chuirfidh sé deireadh le sainchás Chúba cibé ar bith. Faoi láthair is féidir bualadh isteach chuig McDonalds agus Big Mac a fháil i mBéising nó i Moscó. Ní féidir a leithéid a dhéanamh in Habana ar ndóigh


*

48 nós

Taisteal

agus ní cosúil go dtiocfaidh athrú air sin go dtí go gcuireann rialtas na Stát Aontaithe deireadh leis an imshuí trádála a chuireadar ar an oileán níos mó ná caoga bliain ó shin. D’fhéadfá a rá gur mó an tionchar atá ag polaiteoirí Washington ar gheilleagar Chúba ná atá ag polaiteoirí Habana. De bharr an easpa infheistíochta, tá muintir Chúba níos boichte ná muintir Mheiriceá ar an meán, ach tá saibhreas cultúrtha acu a chuirfeadh iontas ort. Saol a mhadaigh bháin agus cruatán an tsaoil 90 míle amach ó leithinis Florida tá parthas le fáil, oileán atá saor ón bhfógraíocht agus ón rachmasaíocht atá mar chrá croí dúinn ar fad a chónaíonn sa “domhan forbartha”. Ar ndóigh tá ráta an-ard ag Cúba ar an Innéacs um Fhorbairt Dhaonna. Agus ó thaobh litearthachta de tá ráta níos fearr ag Cúba ná mar atá ag na Stáit Aontaithe, ná go deimhin ag Éirinn. Dar leis na Náisiúin Aontaithe tá ráta ionchais saoil níos airde ag Cúba ná atá ag SAM chomh maith agus tá ráta níos ísle acu ó thaobh bhás naíonán de. Agus na Poblachtaigh de shíor ag

argóint leis na Daonlathaigh ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington, d’fhéadfaidis an-chuid a fhoghlaim ó chur chuige na gCúbach. I gcuid mhór de Mheiriceá Laidineach tá daoine sáite i ndrugaí agus cathracha á réabadh ag úsáid gunnaí, ach i gCúba is beag coiriúlachta atá ann. Má tá muintir na Stát Aontaithe beagáinín rócheanúil ar an ngunna, is beag seans go bhfeicfeá ceann i gCúba. Ach ar a laghad tá saoirse áirithe tuairimíochta agus cainte ag na Meiriceánaigh. I gCúba tá monaplacht iomlán ag an bPáirtí Cumannach maidir leis na meáin. Is deacair dul rófhada i lár Habana gan bualadh le mangaire éigin ag iarraidh an leagan is déanaí de Granma ná de Juventud Rebelde a bhrú ort, nuachtáin oifigiúla an Pháirtí Chumannaigh. Bíonn deacrachtaí ag na Cúbaigh na hearraí grósaera is bunúsaí a fháil. Lá amháin thugas cuairt ar ollmhargadh stáit nó bodega, an áit a bhfaightear pónairí, siúcra, torthaí is araile leis an leabhar ciondála nó libreta. Ba shuarach an radharc a bhí ann i ndáiríre.

Amantaí cheapfá go bhfuil saol an mhadaidh bháin ag muintir Chúba, ach amantaí eile chuirfeadh fírinne an scéil scanradh ort. An rud is mó a chuaigh i gcion orm agus mé ann ná an córas iompair atá acu. Ar ndóigh sna híomhánna is coitianta de Chúba tugtar tús áite do na seanghluaisteáin ildathacha Mheiriceánacha atá le feiceáil ar fud na tíre. Ach don chosmhuintir faoin tuath is é an guagua an modh taistil is forleithne. In Éirinn ní úsáidfeá a leithéid de leoraí le beithígh a iompar, ach i gCúba bíonn siad plódaithe le páistí ag dul ar scoil, seanmhná ag dul chuig an margadh nó fir ag dul ag obair faoin tuath. Sa bhliain 2013 (nó Año 55 de la Revolución mar a déarfadh na cumannaithe) tá rudaí i gCúba a fheidhmíonn go maith ach tádar fós ar chúl ar bhealaí eile. Agus muid ag taistil go Camagüey i lár na tíre bhíos i mo shuí in aice le leaid óg ar chomhaois liomsa a bhí ag dul ar ais chuig an ollscoil. Dúirt sé gur aoibhinn leis a thír dhúchais ach níor cheap sé go raibh todhchaí ar bith i ndán dó ar an oileán.


*

Taisteal

nós 49 Mar sin féin, in ainneoin an chruatáin agus an bhochtanais atá á bhfulaingt acu, is deas a fheiceáil nach gcuireann buairt an tsaoil isteach ar fhonn spraoi na gCúbach. Táim théis cos a leagan i mbeagnach dhá scór tír agus ní heol dom cine atá leath chomh sona sásta is atá na Cúbaigh. Is mór an feall é nach féidir le Meiriceánaigh - nó los norteamericanos mar a ghlaoitear orthu i gCúba – cuairt a thabhairt ar an oileán chun fáil amach nach bhfuil bunús ar bith leis an dóigh a léirítear Cúba sna meáin Mheiriceánacha. Ba mhór an tsuáilce a bhí ann coicís a chaitheamh i measc na gCúbach. Deirtear go bhfuil a seal tugtha ag na deartháireacha Castro agus go dtiocfaidh athruithe móra ar an tír go luath. Ach tá súil agam nach n-athrófar an dearcadh dearfach gealgháireach atá ag muintir an oileáin. D’áitigh an taiscéalaí iomráiteach Criostóir Colambas gurb é Cúba “an tír is áille dár leagadh súile an duine uirthi riamh.” Is fíor sin, dar liom. Tugaigí aghaidh ar Chúba, agus dá luaithe is ea is fearr é, mar is gairid go mbeidh an t-oileán curtha glan ó aithne.

Cúba agus Éire I lár chathair Habana tá sráid darb ainm Calle O’Reilly. Ainmníodh in ómós don saighdiúir Éireannach Alejandro O’Reilly í, fear a ndearnadh captaen de in arm na Spáinne. Tá an Ghaeilge le feiceáil sa tír chomh maith mar scríofa ar chomhartha sráide tá: “Muintir dhá oileán san fharraige coimhlinte agus dóchais céanna, Cúba agus Éire.”


*

Dearadh

dearadh

mo theach, do theach Tá Kim McAleese i measc dream de ghníomhairí ealaíne i mBéal Feirste atá taobh thiar den ghluaiseacht ‘Household’ a chuireann ealaín chomhaiseartha i láthair an ghnáthphobail ar bhealach as an ghnáth. Téann Méabh Ní Thuathaláin chun cainte léi.

Ó

sheomra leaba breise amháin a aistríodh ina spás ealaíne go féile ‘Household’ a raibh os cionn 50 teach páirteach ann i mbliana, tá gníomhairí ealaíne óga ag tionscamh gluaiseachta chun ealaín a bhogadh ón dánlann go dtí an teach. Ní gach duine a bheadh sásta


*

Dearadh siúl isteach i ngailéaraí chun taispeántas ealaíne a fheiceáil agus ní i gcónaí a bhíonn fáil ag an ghnáthduine ar fhilíocht, ar dhamhsa ná ar cheol beo. Agus sin díreach a spreag an cúigear gníomhaire ealaíne seo chun teacht le chéile sa chéad áit. “Tá cur amach againn uilig ar ghnéithe eagsúla de na hamharcealaíona, mar ealaíontóirí nó mar comhordaitheoirí ealaíne, agus bhí muid ar aon intinn go raibh gá le healaín a léiriú ar bhealach éagsúil agus ar dhóigh a mbeadh fáil ag an phobal air,” arsa Kim. Household an t-ainm atá ar an chomhchoiste agus is iad an cúigear ball coiste a eagraíonn an fhéile a théann faoin ainm céanna. Tá na tithe uilig lonnaithe ar Bhóthar Ormeau, ceann de na príomhbhóithre a ritheann ón chathar fríd deisceart Bhéal Feirste. Cé gur daonra díomuan an fórmhór anois tá mé féin mar chuid den mhionlach dúchasach - ceantar a d’fhás mo mháthair, mo sheánmháthair agus mo shinseánmháthair aníos ann. Seomra beag follamh - gailéaraí tí Cuireadh síol na féile i seamra beag follamh i seanteach sraithe donnrua a thóg Kim agus cara léi ar cíos beagnach trí bliana ó shin. “Nuair a bhog muid isteach bhí dhá sheomra leapa sa bhreis ann. Bheartaigh muid go gcruthóimis spás ealaíne as ceann de na seomraí agus go gcuirfímis fáilte roimh ealaíontóir ar leith an spás a úsáid ar feadh seal agus bheadh taispeántais acu sa ghailéaraí tí,” a mhínigh Kim. Bhí triúr eile ón cheantar a raibh baint acu leis na hamharcealaíona ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh agus bheartaigh siad na cúig theach a oscailt thar oíche amháin agus ealaíontóirí éagsúla a tharraingt isteach ón cheantar. B'shin tús fhéile Household. “Tharla sé go nádúrtha de réir mar a chuala daoine go raibh comharsan leo ag glacadh páirte, bhí siadsan ag cur moltaí chun cinn d’ealaíontóirí eile nó

nós 51


52 nós

*

Dearadh daoine eile a bheadh spéis acu rud éigin a dhéanamh,” arsa Kim. Ó thús ama nuair nach raibh i gceist ach an seomra beag amháin bhí éagsúlacht mhór ann ó thaobh na dtaispeántas de. Ó starráin, dealbha, ábhar físe agus fuaime go ceolchoirmeacha, mínealaín agus ealín chomhaimseartha tá an éagsúlacht chéanna sin le brath san fhéile. Fuinneamh agus samhlaíocht an phobail Ábhar suntais gur mhaíomh Kim nach raibh raibh smacht, ach go pointe áirithe, ag eagraitheoirí Household ar an fhéile. “Leag muid síos an chreatlach, chinntigh muid go raibh cúrsaí sláinte agus sabháilteacht i gceart, go ndearnadh poiblíocht ar an fhéile ach nuair a thosaigh sí, bhí an dualgas ar na rannpháirtithe na himeachtaí a reáchtáil” a dúirt sí. “Ní raibh a fhios againn cad a bhí in ann dúinn sa chéad bhliain i bhfírinne ach spreagadh muid go mór mar gheall ar an dea-thoil a léiríodh ina thaobh. Ón tús bhí an fhéile ag brath ar fhuinneamh agus ar shamhlaíocht an phobail,” arsa Kim. “Ceist múinine atá ann do theach a oscailt amach do strainséirí. Ach ghlac daoine leis go croíúil agus go cneasta.” Cuireadh sé iontas ort an oiread fás a rinne féile Household thar an dá bhliain. Mar a bheadh dománó ann, d’fhás spéis san fhéile i measc an phobail go raibh 30 teach ag cur imeacht ealaíne ar siúl sa chéad bhliain agus os cionn 50 teach sa darna bhliain le níos mó ná 100 ealaíontóir páirteach ann. Gan mhaoiniú de shórt ar bith, seachas an méid áirithe a fuair siad leis na cláir a chur i gcló, is le spiorad deonach a cuireadh an fhéie le chéile agus is go snasta agus go ciallmhar a scaipeadh an eolais faoi. Dearadh léarscáil ar líne a dtiocfadh leat turas a dhéanamh amach duit féin agus do rogha imeachtaí a thriail agus bhí gach eolais curtha i láthair ar an suíomh, ar twitter agus tógadh app don ghuthán cliste.


*

Dearadh Ach is é an difear is mó idir an chéad bhliain agus darna bliain, dar le Kim, ná gur leathnaíodh an fhéile amach go mór le cuidiú na ngnólachtaí áitiúla. “ Ní amháin gur tugadh tacaíocht dúinn i bhfoirm achmhainní agus spáis ach chuir roinnt gnólachtaí imeachtaí iontacha ar siúl a chur go mór leis an fhéile,” a dúirt Kim. Sa bhácús agus caife áitiúl, ‘Bread and Banjo’, rinneadh nasc idir ceol agus an chistin le ceardlann bainseó inár fhoglaim na rannpháirthithe scileanna nua ar an bhainseo agus an dóigh le subh a dhéanamh. Theagasc uinéir an tsiopa róthar rialacha rothaíochta an bhóthair do scaife rothaí agus chuaigh siad ar thuras le chéile ina dhiaidh sin ar bhóithre na cathrach. Baineadh úsáid as oifig an phoist mar láthair d’ealaíontóir áitiúl chun ‘Club Scríofa Litir’ a reáchtáil agus tugadh deis do mhuintir an phobail litir ‘sa seanstíl’ a scríobh. Bhí imeachtaí praiticiúla eile ar siúl ar nós siúlóidí stairiúla agus litríochta inár inár léadh gearrscéalta faoi chathair Bhéal Feirste os ard. Cuireadh filíocht na Gaeilge i láthair ar thuras timpeall an Lagain agus tugadh dream ag sealgaireacht cois abhann. Imeachtaí a rinne nasc le gnáthdhaoine agus ealaíon Ag cruthú ealaíne i spásanna poiblí Tá sé mar sprioc ag lucht Household na healaíona a léiriú ar bhealach a bhfuil rochtain ag an phobal air agus ó thús ama bhí na gníomhairí ealaíne ag díriú ar spásanna poiblí nach bhfuil in úsáid. Mar chuid den fhéile bhí léiriú damhsa comhaimseartha le ceol beo ar fhaiche bollaí agus reáchtáladh coisír na féile taobh amuigh de gheata na páirce. “Rud a léirigh muid ná go bhfuil éileamh ag an phobal anseo ar ealaín a bheith mar chuid den saol acu agus go dtig leat ealaín a chrúthú i do shaol. “Tá ealaín don uile dhuine agus is féidir don uile dhuine fáil a bheith acu air.” www.householdbelfast.co.uk

nós 53


54 nós

*

Dearadh

cumhacht chruthaitheach Sorcha Nic Eochagáin

Le roinnt blianta anuas tá ardú tagtha ar líon na ndaoine atá ag dul i dtreo na hearnála cruthaithí agus tá mná go láidir i measc na ndaoine seo. Níos minic ná a mhalairt gurb iad na fir atá chun tosaigh sa saol oibre ach an amhlaidh atá fíor san earnáil áirithe seo a bhfuil dearadh, scannán, téatar, ealaín, ailtireacht, foilsitheoireacht, ceol, fograíocht agus na meáin chumarsáide luaite leis? Níl amhras ach go bhfuil mná ag obair sna postanna seo ach ní ionann sin is a rá go bhfuil briseadh tríd iomlán déanta acu ná gur tugadh droim láimhe don bpatrarcacht. Labhair mé le Beatrice Ní Bhroin, léiritheoir físe as Conamara atá ag obair i Londain lena comhlacht féin Bright Tyger Productions agus le hOrlagh de Bhaldraithe stiúirthóir ceoil leis an gcompántas téatar sráide Macnas, atá lonnaithe i nGaillimh, faoina dtaithí féin san earnáil. Tá scileanna ar leith ag Orlagh. Ní amháin gur ceoltóir cumasach í, amhránaí atá inti agus aisteoir a bhain céim amach ón Gaitey School of Acting, a bhfuil taithí aici a bheith ag obair ar gach gné de léiriúchán stáitse. Feiceann sí go bhfuil borradh ar líon na mban atá ag obair san earnáil, go háirithe san amharclann. Ach fós deir Orlagh go bhfuil “an lámh in uachtar ag na fir i réimsí áirithe. Tá níos lú ban ag obair leis an gceol, sna rólanna bainistíochta agus sna gnéithe teicniciúla ar nós soilsiú agus fuaim,” arsa sí. Tagann Beatrice le hOrlagh sa chaoi is go bhfuil “cothromas idir mná agus fir ó thaobh uimhreacha de ach fir is mó a théann i dtreo na bpostanna teicniúla agus a bhíonn ag plé le soilsiú, eagarthóireacht agus ceamradóireacht,”


*

Dearadh

arsa sí. Creideann Beatrice go bhfuil na srianta seo ar mhná fréamhaithe sa stair. “Go stairúil is obair chrua fhisiciúil a bhí i gceist leis na poist seo agus ba bheag bean a fuair treanáil den chinéal sin. Leis an bhfeabhas sa teicneolaíocht tá tuilleamh ban ná riamh ag breathnú i dtreo post nach mbeadh oiriúnach dóibh fadó,” a dúirt an léiritheoir físe. Reáchtlaíonn Beatrice comhchoiste i gcathair Londan ‘The Female’s Shooters Club’, agus is áit í a dtagann mná san earnáil le chéile chun a gcuid scileanna a phlé agus le nascanna sóisialta a chruthú. “Oibrím le fir is mó agus mé ar seit agus is maith go bhfuil an deis ag mná teacht le chéile agus rudaí a bhaineann leis an saol oibre a phlé.” “Feicim go dtéann fir níos tapúla chun a gcuid scannán a chur chun tosaigh, léiríonn fir níos mó scannán ag féilte agus tá níos mó duaiseanna á mbronnadh ar fhir mar gheall air sin. Ní chiallaíonn sin áfach nach bhfuil mná ag déanamh an rud céanna leo ar an gcaighdeán céanna,” arsa Beatrice. Íomha na mban D’ardaigh Sinéad O’Connor ceisteanna suntasacha an mhí seo caite sna litreacha oscailte a scríobh sí chuig an amhránaí Miley Cyrus, inár cháin sí íomha na mban san earnáil cheoil. Tá ardmheas ag Orlagh ar Shinéad as aird a tharraingt ar an gceist agus creideann sí go láidir go bhfuil an earnáil popcheoil agus an tionscadal fógraíochta, (dhá fhiontar a bhfuil fir in airde iontu) ag scaipeadh drochíomha do mhná. “Feiceann muid íomhá ghnéasaithe de mhná, cuma na gálantacha orthu agus gach rud dírithe ar an gcuma, ar an áilleacht lasmuigh,” asa Orlagh. “Ach tá an oiread sin ban amuigh ansin a chuireann íomhá dhearfach agus spreagúil amach ansin ar féidir le mná eile díriú orthu, amhail PJ Harvey, Bjork, Patti Smith agus Sinéad O’Connor,” arsa Orlagh. Caithfidh mná iad féin a spreagadh dar le hOrladh. “Tá muid i lár géarchéim eacnamaíochta agus cogadh éiceolaíoch, tá sé tábhachtach go bhfuil mná lárnach sna díospóireachtaí seo.” Mothaíonn Beatrice go bhfuil rudaí ag bogadh sa treo ceart san earnáil teilifíse, i gcomparáid leis an tionscadal scannáin, agus go bhfuil mná ag cur rólanna láidre dearfacha i láthair i gcláracha ar nós ’30 rock’, ‘Girls’ agus ‘Orange is the New Black’. “Tá níos mó deiseanna ag mná atá ag obair sna méain agus sna poist fheiceáileacha seo tionchar agus inspioráid a thabhairt do mhná agus cailiní eile.” Níl ag teastáil anois ach go mbeadh amhlaidh ag tarlú i ngach gné den earnáil agus i ngach gné den saol oibre. Céim ar chéim!

nós 55


56 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

nós 57

Ealaíontóir sa Spotsolas:

Dómhnal Ó Bric

I

s maisitheoir é Dómhnal a tógadh i nDún Chaoin, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Ghnóthaigh sé dioplóma san anamúlacht in Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire i 2001. Chaith sé tréimhsí ag obair le físeáin, dearadh agus eagarthóireacht sna hilmheáin sara dhírigh sé ar an mhaisitheoireacht go lánaimseartha i 2006.

Bíonn sé ag plé le maisiú leabhair agus le cartúin den chuid is mó. “Mol agus aor le súil atá saor” an mana atá aige (cé go gcaitheann sé spéaclaí uaireanta). Seo blúire den méid a dúirt an t-údar agus an file Domhnall Mac Síthigh faoi leabhar amháin a mhaisigh sé; “Cuireann sé insint an scéil ina steillbheathaigh os ár gcomhair amach

lena chumas ealaíne. Nochtann sé draíocht, scanradh, uafás agus uisce faoi thalamh an scéil dúinn go neafaiseach taibhsiúil. Deineann sé idirdheighilt idir daoine daonna agus neachanna neamhshaolta. Tá fuinneamh agus gluaiseacht beo bríomhar ina chuid léaráidí mar atá sa scéal féin. Níl aon deireadh lena chuid samhlaíochta...” www.domhnalobric.com


58 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 59


60 n贸s

*

Dearadh


*

Dearadh

n贸s 61


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.