Iris imram 1

Page 1

Uimhir 1 | Deireadh Fómhair 2015 | €3

IRIS LITRÍOCHTA GAEILGE



Filíocht

MÁIRE DINNY WREN

Samhain Le titim na hoíche siosarnach fríd ghéaga na gcrann – slua sí ar an tslí. Ga glébhuí gealaí ag damhsa ar an choinleach –

aisling gheal chugam. Crainn chaorthainn faoi bhláth rúndiamhair ina dtimpeall – paidir ag gach crann. Oíche na marbh siansa préachán os mo chionn – grágaíl ar an ghaoth.

3  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


LIAM Ó MUIRTHILE

Glantóirí Glanann siad suas inár ndiaidh. Nuair a fógraítear áit ar bith ar domhan go bhfuil cogadh thart, ligeann siad scairt phriachánach as a scornach ghreannbhearrtha; is maith atá fhios acu go mbeidh siad ag glanadh ar feadh na mblianta, agus go mbeidh ’na chogadh dearg áit éigin eile sara mbeidh deireadh déanta, is nach raibh deireadh déanta riamh ag pé deireadh é leis na cianta. Idir chogaí bíonn a n-aire ar na bóithre, an ród-áir choitianta ar lánluas a ghlanadh suas. Máistrí iad féin ar mhoill, ar chuma na leisce proifisiúnta, ar an sleas-chéim liopasta – cor na crothóige tráth – ach rinceoirí retireáilte

4  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


hip-hop iad an ghlúin seo nár chaill an groove riamh, is iad ag hapáil, díreach in am, as an slí ar na gluaisteáin ag scinneadh thar bráid. Cuid acu, na handúiligh aidréanailín préachánta a fhágann ’dtí an leathshoicind ródhéanach é, fágtar ar an leataoibh chrua ag flapáil den tarra iad, sciathánta, a gcóta dubh déanta. Níl cáil na mochóire orthu is fágann siad an lá a ghlaoch faoin dream is binne ceol; ach téaltaíonn siad féin amach is na ceoltóirí ar chraobh, chun chicken curry na hoíche aréir a phiocadh as a chéile agus bricfeasta bruscair a tharrtháil. Aicme na gcrobhéan ingneach, ag saibhseáil, ag crúbáil, bíonn siad ag faire orainn ag glanadh linn sna gluaisteáin, a nglór priachánach as raon éisteachta á rá sa chúl-scáthán: ‘Bochtáin, bochtáin.’

5  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


DAIRENA NÍ CHINNÉIDE

Préacháin

6  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

Tuar báis ag tuirlingt ar nós fhallaing dhuibh tráthnóna samhraidh scáthanna dorcha ar an bhfear go cleithearnach glórach lena ‘gcá, cá’ lena gcór míbhinn lena mbród éirithe leis an ngaoth préacháin an bhaile bailithe ina gcibeal os mo chionn airgeal na gcrann á thuirlingt acu in anórd rince greamaíonn glór id chluais teanntaíonn sé id scórnach lena ‘gcá, cá’ mealltach dubh a mbuanaíocht a seasamhacht a n-easpa náire ina thuar dóchais


MARTIN WALSER aistrithe ag GABRIEL ROSENSTOCK

Ceol Arabach Tráthnóna in Áidin, tharraing na préacháin an bhraillín óm leaba. Bhí sé mar a bhí beartaithe riamh. Chuir an ghaoth aoldath ar thithe faoi chúram na hoíche. Ceol Arabach. Is labhair mo shean-chlóscríobhán scata teangacha isteach san oíche scáfar.

7  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


Ficsean DÁITHÍ Ó MUIRÍ

An Poll agus an Bháisteach

C

ÉARD É FÉIN a bhaineann le poll sa talamh go meallann sé daoine chun seasamh ina thimpeall agus breathnú síos ann? Ar leataobh na sráide bhí ceann mór leathan, airde duine ann, cúpla maide agus ribín geal plaisteach ceangailte ó cheann go chéile mar fhál cosanta, fainic don siúlóir agus don tiománaí. Bhí siad ann, ar ndóigh, beirt ina seasamh ar a imeall, lámha i bpócaí, cloigne síos. Tháinig beirt eile, sheas, lámha fillte ina chéile ar a ndroim, cloigne síos agus ansin tuilleadh agus tuilleadh nó go raibh slua beag ann, cloigne síos nó cloigne thar ghuaillí, lucht siopadóireachta, lucht spaisteoireachta, lucht fiosrachta féin fós ag brú isteach ar imeall an chiorcail. Leis an mbrú thit maide síos sa pholl, tharraing leis an ribín plaisteach, rud a tharraing leis na maidí uile eile, ceann i ndiaidh a chéile. Údar gáire don slua. Ansin, leis an mbrú, sciorr duine agus thit síos sa pholl. Gáire mór ón slua, ón duine a thit freisin, fear grinn a d’fhan ina shuí tamall ag straoisíl lena chairde nó lucht aitheantais thuas. Ach ansin, seachas lámh chúnta a shíneadh síos chuige, nó greim a fháil ar an lámh sínte suas aige, ba é an chaoi nár ligeadh dó dreapadh suas. Pé taobh den pholl a chuaigh sé sheas duine ar a lámha. Gáire mór magúil, béiceach, méara sínte síos air, caitheadh maslaí leis,

8  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


doirne á mbagairt, smugairlí, tugadh buillí ar mhullach a chloiginn dó, ciceáladh é agus ar deireadh shuigh sé i lár an phoill, d’fhan ansin go ciúin, ag faire ina thimpeall. Thit duine eile síos, béiceach, maslaithe, smugairlí, tugadh buillí dó, ciceáladh é, duine eile agus eile agus eile nó go raibh cúigear nó seisear ina suí go ciúin sa chlábar – b’in a raibh thíos sa pholl. Gan choinne tháinig dorchadas ar an spéir, cheapfá gur titim na hoíche é, nó deireadh an domhain, breithiúnas orthu siúd sa pholl, nó ar an slua ina thimpeall. Ach níorbh ea, múr báistí a bhí ann, ceann trom tobann a chuir scaipeadh ar an slua. Duine i ndiaidh a chéile d’imigh siad, beirt

le tamall, ansin sheas duine amháin, duine eile ansin, chuir cloigne aníos chun dearbhú nach raibh ann ach poll agus báisteach. D’fhan siad tamall eile, cloigne aníos in athuair, ceann i ndiaidh a chéile chun athdhearbhú sular éirigh siad as gach taobh den pholl agus scaip leo i ngach treo. Ciúnas. Sheas mé siar ón scoilt idir na cúirtíní agus chas cloigeann ar leataobh, rud a thug radharc dom ar mo mháthair. Radharc tríd an doras a bhí fágtha oscailte ar theacht isteach dom sa rúndacht dhorcha i seomra leapa mo thuismitheoirí, radharc trasna an halla, isteach an doras i mo sheomra leapa féin, fágtha oscailte ma ba ghnách, radharc

céard é féin a bhaineann le poll sa talamh go meallann sé daoine chun seasamh ina thimpeall agus breathnú síos ann ? agus beirt eile go dtí nach raibh fágtha ach an bheirt deireanach ina seasamh ar imeall an phoill, cábaí ardaithe ar a muiníl, cloigne síos. Sula raibh sé ina dhíle d’imigh siadsan agus ansin ní raibh ann ach an poll agus an bháisteach. Na daoine sa pholl, d’fhan siad faoin bhfliuchadh, níor chorraigh

9  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

uirthi agus í tar éis seasamh siar ón bhfuinneog, cloigeann a chasadh ar leataobh, mé a aimsiú. Ciúnas. Níor mhínigh sí dom, níor chuir sí comhairle orm, aitheantas féin níor thug sí dom faoina bhfaca muid beirt ceithre urlár thíos fúinn ar an tsráid. Ní raibh ann


ach gur shiúil sí gan tada a rá, shín leathlámh amach, shiúil mise, shín leathlámh suas agus le chéile chuaigh muid síos an halla, chas ar chlé agus isteach sa chistin, i gcúl an árasáin, ait a raibh m’athair agus an triúr eile tosaithe ar an dinnéar cheana féin. Dúirt mé libh fanacht, a dúirt sí. Ansin bhí achrann ann, achrann beag.

An dream seo, a dúirt sí, na scríbhneoirí móra seo ar mhian leo ceacht a thabhairt don léitheoir, don saol mór, súile a oscailt don éagóir, meon na ndaoine a athrú, an dream a bhíonn ag iarraidh an saol a chur ina cheart, ní athróidh a gcuid scéalaíochta tada agus níor athraigh riamh. Níl siad in ann fiú sólás a thabhairt don léitheoir, ní

an dream a bhíonn ag iarraidh an saol a chur ina cheart, ní athróidh a gcuid scéalaíochta tada agus níor athraigh riamh Níor labhair mé faoin lá úd nó go raibh mé ar thairseach saol nua, saol na ndaoine fásta, tráth nach raibh mo mháthair róshásta mé a bheith sáite sna leabhair i gcónaí, gach duine eile den teaghlach sa seomra suite, an teilifís nó pé ar bith é, mise i mo dhéagóir aonarach sa seomra leapa, ag léamh. Níl sé seo sláintiúil, a dúirt sí lá nuair a thug sí aghaidh orm. Chrom sí chun scrúdú a dhéanamh ar an gcarn leabhar ar an urlár taobh leis an leaba, úrscéalta den chuid ba mhó, dúirt sí go raibh ceann nó dhó léite aici blianta roimhe sin. Ní dhúirt mé tada léi.

10  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

fhágfaidh siad ach smál ort, mar tá smál orthu féin, gach duine acu. Scéalaíocht, aislingíocht, leiciméaracht, dall ar an saol atá siad i ndáiríre, níl siad ach ag labhairt leo siúd a bhfuil sé ar eolas acu cheana féin. Má tá fút an éagóir a nochtú, an saol a athrú, b’fhearr agóidíocht ar an tsráid, staidéar a dhéanamh ar an stair, téigh leis an bpolaitíocht féin nó le hiriseoireacht ionraic, má cheadtaítear duit a leithéid a chleachtadh. D’fhan mé i mo thost, mar ba nós liom an tráth sin. Scaoil sí anáil fhada amach agus shuigh ar cholbha na leapa. Ciúnas.


Labhair liom, a dúirt sí. Ar deireadh thiar labhair mé, ní cuimhin liom cé na rudaí a dúirt mé ach gur chuir mé an lá úd i gcuimhne di, lá an phoill, an chaoi nár labhair sí riamh liom faoin rud a mbíonn na daoine seo de shíor ag scéalaíocht faoi. Poll? Daoine? Thosaigh sí ag gáire. Ach níor tharla sé, a dúirt sí, ní tharlaíonn a leithéid, ní sa tír seo. Samhlaíocht, bhí tú cúig bliana d’aois, cumadóireacht! Tá smál ar do chuimhne leis an scéalaíocht seo uile, leis an dream sin ar mhian leo greim a fháil ar rud gránna agus breathnú air, ansin é a tharraingt thart le go mbreathnóidh gach duine eile air. Éirigh as, a stór, tá saol timpeall ort. Sheas sí, shín lámh chugam, d’éirigh mé féin agus lean sí mé síos an halla, ar dheis agus isteach sa seomra suite, áit a raibh m’athair agus an triúr eile. Thosaigh mé ag clamhsán faoin gclár teilifíse. Bhí achrann ann, achrann beag. Ar aon nós, maidir leis an saol a chur ina cheart leis an litríocht, níorbh eol domsa tada faoina leithéid. Bhí sé roinnt blianta sular tháinig mé ar na leabhair a phléigh na cúrsaí seo i bhfianaise uafáis an dara cogadh domhanda

11  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

agus araile. Déarfainn gurbh éard a bhí uaim as litríocht súil thar ghualainn an scéalaí, dearcadh eile ar an saol agus sea, b’fhéidir gur bhain mé pléisiúr mailíseach as gach a raibh gránna faoin gcine daonna. Agus pé tuiscint a bhí agam ar céard ba pholaitíocht ann, thuig mé go maith nach sluaghairm ar bith é an litríocht. Agus maidir le fírinne a chur ar na súile dom nár aithin mé cheana, níorbh eol dom tada faoi sin ach oiread. Sea, ní ó na leabhair a fhaigheann tú taithí saoil ach ón saol féin, mar a déarfadh mo mháthair, sea sea sea, b’eol domsa é sin uile, ach tháinig an lá nuair nár leor dom cló agus páipéar, lá nuair a stróic mé an leabhar, le hionga mo chorrmhéir stróic poll sa leathanach, dhá pholl, chrom chun breathnú isteach agus bhí dhá shúil ag breathnú amach orm. An scéalaí féin, bhí mé súil ar súil leis ar deireadh. D’fhiafraigh mé de ar chóir dom bheith buíoch nach mise a bhí thíos sa pholl, nach mise a bhí i measc an tslua ag béicíl síos, buíoch nach raibh ann ach scéal, nár tharla an eachtra ar chor ar bith. Freagra ní bhfuair mé. Bhí sé chomh maith dom fiafraí den pholl sa tsráid cén fáth an duine agus an saol, fiafraí díom féin cén fáth an scéal.


Léirmheas CATHAL PÓIRTÉIR

I Muinín na gClaimhte An Litir le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2011, €15) I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2014, €15)

B

A LÉIR ón uair a bhain léitheoirí deireadh An Litir le Liam Mac Cóil amach, nach raibh deireadh bainte ag an údar as an scéal seo in aon chor agus go raibh ar a laghad leabhar eile le bheith ann ina leanfadh laoch óg an leabhair ar aghaidh lena thuras eachtrúil. Ní raibh dul amú orainn. D’fhoilsigh Leabhar Breac an dara leabhar sa tsraith seo, I dTír Strainséartha, ag deireadh na bliana seo chuaigh thart. Anois tá an chuma ar an scéal nach mbeidh aon dul as ag an údar ach leabhar nó dhó eile a chur leis an insint chun muid a thabhairt go ceann scríbe. Bhí deis cainte agam le Liam Mac Cóil tamaillín ó shin ag agallamh poiblí a d’eagraigh Imram i gcomhair le hÁras na Scríbhneoirí in Éirinn mar chuid de shraith imeachtaí Buail leis an Údar. D’admhaigh Liam ag an ócáid sin gur ar éigin go gcríochnóidh sé an scéal a shamhlaigh sé an chéad lá taobh istigh d’imleabhar

12  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


amháin eile. Cuirfidh a lucht léite fáilte chroíúil roimhe sin, go fiú má tá drogall éigin le haithint ar fhear a scríofa agus na blianta oibre ar an sága seo ag síneadh amach roimhe. Thosnaigh eachtra a scríofa ar an chéad dul síos nuair a d’fhógair Ord na bProinsiasach duais mhór airgid don úrscéal staire is fearr a dhéanfadh ceiliúradh ar ghnéithe de stair an oird. Mar a thit rudaí amach, níor éirigh le Liam an scéal a tháinig chuige a chríochnú nó an comórtas a bhuachaint (rud gur léir don saol anois agus an scéal gan chríoch go fóill blianta maithe ina dhiaidh sin!). Ghnóthaigh An Cléireach le Darach Ó Scolaí an duais €10,000 sin

13  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

agus tá sé suntasach go b’é Darach atá mar eagarthóir tuisceanach ar shaothar seo Liaim agus mar fhoilsitheoir aige trína theach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Sa chéad leabhar, An Litir, cuirtear an laoch óg, a dhúchas, a dhúshlán agus a thréimhse inár láthair. Is mac léinn óg é Lúcás Ó Briain i gColáiste na Luínseach i gcathair na Gaillimhe i 1612, cúig bliana i ndiaidh do Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain agus na taoisigh Ghaelacha imeacht chun na Róimhe le tacaíocht a bhailiú do chogadh i gcoinne na Sasanach in Éirinn. Seo é an Eoraip ina raibh na cogaí creidimh ar bharr gach goib, go háirithe in Éirinn agus daorsmacht á imirt ar ghaeil


agus ar chreideamh an mhóraimh ghaelaigh ag na gaill. Bhí athair Lúcáis i ndiaidh tacaíocht a thabhairt do chúis Uí Néill agus maraíodh é féin agus deartháir leis ag troid ar a shon. Maireann an dílseacht sin don Niallach i Lúcás agus nuair a thagann strainséir le litir rúnda le hiompair chuig Ó Néill sa Róimh, glacann an fear óg cróga leis an chúram. Ach tá casadh sa scéal, gan dabht, agus tá naimhde Uí Néill sa tóir ar an litir agus sásta daoine a mharú le seilbh a fháil ar an scríbhinn rúnda seo. Ar deireadh thiar, éalaíonn Lúcás le stró ó namhad fíochmhar amháin, an Sionnach, ar Ché na Gaillimhe agus cuireann sé féin agus an litir chun farraige ag triall ar an Róimh. Ní bhíonn saoi gan locht agus tá laige beag nó dhó sa phlota le tabhairt faoi deara in An Litir ach maítear sin don údar de bharr go n-éiríonn leis atmaisféar chathair na dTreabh ceithre céad bliain ó shin a chur ina luí orainn go paiteanta. Castar orainn lucht ceirde, lucht siopaí agus lucht léinn; braitear an teannas creidimh agus polaitíochta; nochtar na spiairí, na strainséirí agus an rúndacht go léir ar shráideanna cúnga na Gaillimhe i dtréimhse corrach, contúirteach.

14  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

Sa dara leabhar sa tsraith (bíodh is go ndeirtear linn ag a thús gur Imleabhar 5, Aguisín B atá ann!), I dTír Strainséartha, leanann eachtraí Lúcáis agus é ag triall ar bhád a bhfuil Saint- Malo na Fraince mar cheann scríbe aige, áit nach mbaineann sé sa dara imleabhar seo ar chor ar bith. Ní raibh lucht an bháid le trust agus cuirtear i dtír é i gcontúirt mhór é i mBristó Shasana. Anseo ina aonair tá an tóir níos géire ná riamh air agus an Persuivant fuilteach sna sála air. Tá an géarleanúint ar Chaitlicigh in ard a réime i Sasana agus droch-cháil ar an mharfóir oifigiúil seo as a bhrúidiúlacht agus a bhigóideacht. Arís agus arís eile, tagann daoine báiúla i gcabhair ar Lúcás nuair atá a chás chóir a bheith caillte ach déanann daoine eile treas air gan mhoill agus cuireann sin i gcontúirt as an nua é. Fágtar Lúcás ina aonair arís ar a sheachaint, ag teitheadh ó dheas le bealach a aimsiú go Mór-Roinn na hEorpa agus é ag iompair na litreach rúnda chuig Ó Néill. Chuireadh an dá leabhar seo claisicí eachtrúla eile i gcuimhe duit, ar nós Robert Louis Stevenson nó Alexandre Dumas i d’óige, nó scríbhneoirí comhaimseartha ar nós S.J. Sansom i saol an


Bhéarla nó Arturo Perez-Reverte i saol na Spáinnise. Ar mhaithe le taitneamh a bhaint as an eachtraíocht a scríobhadh agus a scríobhtar leabhair mar seo go príomha agus tuigeann léitheoirí cén seánra atá idir lamha acu gan mhoill. Cruthaíonn na mionsonraí

agus ailtireacht na Gaillimhe agus Bhristó, agus ar an tírdhreach a shíneann ó dheas uaidh sin go dtí an cósta. Ansin tá samhlaíocht an údair buailte anuas ar na sonraí staire sin uilig ar mhaithe lena scéal a insint i suíomhanna chomh drámatúil agus is féidir

tugann na mionsonraí agus na macallaí stairiúla sochreidteacht do thréimhse an scéil agus na téamaí stairiúla atmaisféar agus teannas na tréimhse sin inar ceistíodh bun-luachanna éagsúla, creideamh agus náisiúnachas go mór san áireamh. Is téamaí iad sin nach féidir linn a mhaíomh go bhfuil siad caite i dtraipisí againn ó sin in Éirinn, sa Bhreatain nó ar Mhór-roinn na hEorpa agus baineann scríbhneoireacht Mhic Chóil macallaí as stair na linne sin in Éirinn agus thar lear. Tugann na mionsonraí agus na macallaí stairiúla sochreidteacht do thréimhse an scéil agus ligeann siad dó leanúint leis an eachtraíocht, an phionsóireacht agus an tóraíocht leanúnach, taobh istigh de chreatalach inchreidte. Tá taighde déanta ag Liam Mac Cóil ar shráideanna

15  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

leis a shamhlú, i bpasáistí faoi thalamh, ar an iargúil sceirdiúl agus i gcollte dorcha. Ach ní hé an cúlra nó an t-ardán fisiceach amháin a thugann beocht don scéal seo ach an t-ardán cultúrtha agus staire inar féidir linn tagairtí a aimsiú don Dualtach Mac Fhirbhisigh; Aodh Mór Ó Néill; an géarleanúint ar Chaitlicigh in Éirinn agus i Sasana; leagan amach na dtithe; na seanbhóithre; na céanna agus na seanbháid; na radharcanna sráide agus tíre. Cuireann siad go mór lenár dtaitneamh agus an scéal á thomaint ar aghaidh de réir a chéile i dtreo na Mór-Roinne. Tiománann stíl shoiléir spraoiúil Mhic Cóil an scéal agus an léitheoir ó leathanach


go leathanach le Lúcás agus é ar a dhícheall fanacht beo lena churam a dhéanamh mar a gheall sé. Foghlaimíonn sé nach féidir a bheith muiníneach as mórán daoine nó a bheith cinnte go bhfuil tú slán ar feadh tamaill. Mar sin féin, níl aon rogha ag Lúcás ach dul sa tseans ó am go ham. Má tá sé cróga i gcás na troda agus na heachctraíochta, is cosúil nach bhfuil an dánaíocht sin ag baint leis i gcás na mban óg a castar air. B’fhearr liom dá mbeadh tuiscintí nua ag teacht chuige faoin saol mór agus faoi chúis Uí Néill de réir mar a théann a chuid eachtraíochta i bhfeidhm air. Go dtí seo, níl soineantacht an laoich agus castacht na tréimhse ag imirt tionchair ar a chéile agus níl mórán athraithe tagatha ar Lúcás ó thús an scéíl. Bheadh súil agam go mbeadh turas inmheánach le déanamh aige, chomh maith lena thuras trasna na hEorpa, ó choláiste bheag i gcathair na Gaillimhe go croílár na cumhachta polaitúla agus creidimh sa Róimh. Ta mé ag glacadh leis sna himleabhair a leanfaidh an dá leabhar seo, go dtógfaidh Lúcás an bealach chun na Róimhe a thóg Aodh Mór Ó Néíll agus na taoisigh Ghaelacha i 1607 agus a bhfuil cur síos comhaimseartha againn air

16  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

i ndialann Thaidhg Uí Chianáin. Admhaíonn Liam Mac Cóil go bhfuil se ag obair ar dhreacht den triu imleabhar le tamall agus an chuma air go mbeidh sé ag teacht i dtír ar an taighde reatha ag Mícheál Mac Craith agus Nollaig Ó Muiríle le cur lena gcuid tuiscintí faoi thuras sin na dtaoiseach go dtí an Róimh agus an t-am a chaith siad ann. Mar is léir ó An Litir agus I dTír Strainséartha, spreagann an taighde i leabharlanna agus an obair pháirce a dhéanann sé an t-údar seo agus é i mbun pinn. Ar fhianaise an dá leabhar seo, d’fhéadfadh an sága seo bheith inchurtha le sraith eachtraíocht ar bith eile ach an laoch a fhorbairt i bhfad níos mó le linn a thurais. Is é an bhuairt is mó atá orm faoi láthair ná go bhfuil fhios againn cheanna féin cad é a tharla don Niallach agus na taoisigh Ghaelacha eile sa Róimh i ndeireadh thiar. Ach ní hionann an stair agus an t-úrscéal staire agus is cinnte nach hionann scéal Lúcáis Uí Bhriain agus scéal Uí Néill. Cosúil le Lúcás féin, níl aon dul as againn ach an bóthar atá leagtha amach dúinn a leanúint go ceann scríbe, féachaint cén torradh a bheidh air.


Léirmheas

TOMÁS MAC SÍOMÓIN

Anchás na mBan Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta Louis de Paor a roghnaigh (Cló Iar-Chonnacht, €15)

R

OGHNAIGH Louis de Paor 15 scéal don bhailiúchán breá toirtiúil seo, Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta (RS) as cnuasaigh ghearrscéalaíochta laoch liteartha seo an Chnocáin Ghlas ó An Braon Broghach (1948) go dtí An tSraith dá Thógáil (1970). Is scéalta iad a thugann gléthaispeánadh dúinn do théamaí a raibh an mórscéalaí seo dúghafa leo ar feadh a shaoil scríbhneoireachta. Aibhsíonn Aindrias Ó Cathasaigh an ghné shóisialta dá shaothar: ‘Sin é rún na cathaíochta i gCré na Cille, gur cathaíocht aicmeach í. Ainneoin iad a bheith marbh, tá na daoine roinnte fós de réir an tsealúchais atá acu, nó nach bhfuil acu. Siod é cogadh na n-aicmí, an cogadh a bhí de dhlúth is d’inneach na bpobal dár fáisceadh, an pobal a bhí sé a léiriú anseo.’ (Ag samhlú troda – Máirtín Ó Cadhain 1905–1970, Coiscéim, 2002) Is amhlaidh do bhunáite na scéal a roghnaigh an Paorach do RS. D’fhorbair an Cadhnach gort a bhí treafa roimhe ag Connachtaigh eile, go háirid

17  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


cuairt ar log thar a bheith barúil a mheabhródh tírdhreacha samuel beckett do dhuine Liam Ó Flaithearta agus SeanPhádraig Ó Conaire, scríbhneoirí sóisialacha a raibh fulaingt na cosmhuintire thiar i gcroí a gcuid reacaireachta. Tréith shuntasach ar bhain leo uilig ná a dtuiscint mhothálach i leith anchás na mban a mhair ar an sceird Chonnachtach. Mar sin, labhraíonn an Cadhnach as béal Thomáis (RS, Fuascailt): ‘ba dhlúithe í an bhean don bheatha ná an fear. Ba é cuid an fhir gníomh galánta an tsaighdiúra, mar dhéanfadh sé gníomh gaisce ar bith eile. Ach ba ar an mbean a bheadh fanacht, faire, fuilingt, oiliúint agus sólás. Níorbh iontas é a dúchas a bheith ina hard-shagart i gcónaí ar fhód ar bith a mbeadh báire danra, cluiche diamhair an bháis agus na beatha, dhá chur . . .’

18  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

Sa gcéad scéal de RS, An Bothar go dtí an Ghealchathair éiríonn Brighid, de chosmhuintir Chois Fharraige, go moch le naoi míle go cathair na Gaillimhe a chur di gach Satharn d’fhonn uibheacha a dhíol ar an margadh. Ní thuigtear di réabhlóid a bheith ar siúl sa tír ná go mbainfeadh a leithéid de tharlú léi fhéin. Ní hí teoiric na réabhlóide an gad is gaire do scornach an bhochtáin. Míníonn deus ex machina (an Cadhnach) cás Bhrighid: ‘B’fhada uaithe cuimhniú . . . gurb é an Duine ba chionntach leis an lear léanmhar a choinnigh in adhastar an anró agus an amhgair í . . .’ In An Bhearna Mhíl scagtar torthaí bhochtanas Nóra. Ní foláir di siúd cleamhnas a dhéanamh le feilméara láidir ón Achréidh seachas le Beairtlín, a céadshearc.


In An bhliain 1912 tuigeann máthair chroíbhriste, agus a iníon ar tí imeacht ar an mbád bán go Meiriceá, nach bhfuil ‘cluas bhodhar le tabhairt do stoc na cinneamhna ní b’fhuide’. In An Taoille Tuile cuireann an bochtanas agus an callshaoth isteach ar an ngaol idir Maighréad agus Pádraic, lanúin den aitheach tuaithe. Caitheann seisean go grúscánta léi siúd, spadántacht i mbun oibre ar an trá fheamainne á cur aige ina leith. In Ag Dul ar Aghaidh seolann bean bó chuig Garraí an Chladaigh, ‘uige a cuid smaointe sise ag sníomh agus i bonn ar aon leis an mbó spadánta ag déanamh ar a haghaidh . . .’, a saol sise uilig cuibhrithe ag ‘amaidíocht shaol na tuaithe’, mar a thug Marx ar a leithéide. In Ar Chiumhais an Chriathraigh téann An Cadhnach i muinín an tsrutha chomhfheasa arís, dár suíomh taobh istigh de chloigeann bhean aonair, Muiréad, agus machnamh á dhéanamh aici ar

19  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

chora crua an tsaoil sa ‘Criathrach caca’ atá ‘chomh crinnte spalptha le seanchnámh ar an leic agus ró bháite ar an íochtar . . .’ Chaith sí lá go hoíche ar bhainis, ach níor iarradh amach ag damsa í. Tá faitíos uirthi anois nach n-aimseoidh fear í le pósadh is nach bhfuil tada i ndán di sa feasta ach crácamas agus bochtanas go héag. Tá baint ag rún scáfar an chlaí tórainn sa scéal An Strainséara le anó Nóra, bean fhulaingeach eile de phearsanra Uí Chadhain, agus leis an rún dorcha atá faoina croí. Le Fios fágann an Cadhnach domhan na mban, áfach, agus tugann cuairt ar log thar a bheith


barúil a mheabhródh tírdhreacha Samuel Beckett do dhuine. Cuireann sé in aithne dúinn ‘triúr acu i lúibinn chlaí an chladaigh: fear na leathmhainge ar a ghogaide, fear na claonfhéachana ar a leathriasc agus fear an cham-mhuiníl ar a leathghlúin.’ Fearacht allagair Cré na Cille, tá an ghreann le braith ar chomhrá athráiteach an triúir seo. Ach oiread le saothair Beckett, fágtar faoi léitheoirí a n-adhmad fhéin a bhaint as an scéilín ghleoite seo.

scéal acu siúd, saolaítear leanbh i marbhchóiste agus sa darna scéal déantar suirí i láthair corpáin. Mar a thuairimíonn Aindrias Ó Chathasaigh: ‘A dhála sin, bhí bás na teangan ag giniúint troda a d´fhéadfadh a theacht i dtarrtháil uirthi.’ (Ag Samhlú Troda). Aríst ar ais, bhí an léamh fairsing a rinne an Cadhnach ar an litríocht domhanda théis léascríocha nua a chruthú dá chleacht fhéin is scóp a chuid cruthaíochta a leathnú. Bhí fonn

rinne an cadhnach cathrach seo a chuid fhéin de thraidisiún idirnáisiúnta na litríochta diostóipigh , an comhthéacs cuí dá shaothar I ndeireadh na seascaidí, bhí Gluaiseacht Chearta na Gaeltachta ar an bhfód agus cuma ar an scéal go raibh speach fágtha fós sa nGaeilge. Chaith an Cadhnach a éadóchas i leith na teanga agus a cuid litríochta i dtráipisí gur fhill ar scéalaíocht is ar agóidíocht. Is féidir le léitheoirí An Beo agus an Críon agus mar An Beo is an Marbh a thuiscint mar mheafair a níos scáthánú ar an dóchas i leith thodhchaí na teanga an tráth úd. Sa gcéad

20  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

ar an scríbhneoir athnuaite seo teorainneacha an réalachais shóisialta, mar a thuigtear go comónta iad, a lúbadh. Anuas air sin, is minicí a chuid caractar ag princeam ar stáitse na sceirde cathrach anois seachas ar an sceird Chonnachtach ba dhual dóibh go dtí sin. Fear cathrach a bhí ann anois, i ndiaidh an tsaoil, státsheirbhíseach a bhí le bheith ina ollamh ollscoile. Rinne an Cadhnach cathrach seo a chuid fhéin de thraidisiún


idirnáisiúnta na litríochta diostóipigh, an comhthéacs cuí dá shaothar. Síneann scríbhneoirí diostóipeacha an gnáth-réalachas, le haird a tharraingt ar ghnéithe den réalachas céanna. Cuireann siad le claontaí a bhraitheann siad ar an saol ina dtimpeall, á gcur ag rince go minic ar bhruach na háiféise. Samhlaítear Don Quixote, scéal picaresque Cervantes leis an dtraidisiún seo, saothair Kafka na Gearmáinise, Buzzati na hIodáile, Borges agus Cortázar na hAirgintíne, Rulfo Mheicsiceó, Vonnegut S.A.M., Orwell Shasana, Beckett na Fraince/Éireann, Saramago na Portaingéile agus a liachtaí scríbneoir eile. In úrscéal Dino Buzzati, Díseart na dTartaros, fanann an t-oifigeach airm, Giovanni Drogo ar garda ar theorainn a thíre ar feadh a shaoil ag fanacht le tíocht na dTartaros, nach bhfuil iontu siúd ag deireadh thiar ach ráfla gan bhunús. Chuir Ó Cadhain Cré na Cille agus Rulfo Pedro Páramo na mairbh ag comhrá le chéile. Dúisíonn Gregor Samsa Metamorfosis Kafka, le fáil amach go bhfuil sé tiontaithe ina fheithide mór ilchosach. In úrscéal José Saramago, Ensaio sobre a lucidez, titeann an tóin as córas polaitiúil nuair chaitheann 83% den phobal vótaí bána isteach

21  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

sna boscaí ballóide. Baineann pearsanra Deoraíocht SheanaPhádraig Ó Conaire leis an dtraidisiún seo. Agus cá bhfágfá Parlaimint Chlainne Thomáis – d’fhág Lóbasaigh Uí Bhruadair (má ba eisean a chum) a lorg ar Chadhnach Cré na Cille, cuir i gcás, agus ar shaothar eile de chuid an Chadhanaigh! Eascraíonn an ghné seo scríbhneoireachta go minic as míshástacht láidir an chumadóra, bíodh sé polaitiúil (Ó Conaire, Vonnegut, Saramago m.sh.) nó meitifisiciúil (Kafka, Borges, Buzzati, m.sh.) leis an stádas reatha. Agus b’iomadh údar a bhí ag mí-shástacht an Chadhnaigh – ‘fearg’ an focal ba chuibhe – le hÉirinn a linne: anchaoi na cosmhuintire thiar agus thoir, maille le meoin sárchóilínithe – seoiníneacht – na nÉireannach a chuir, agus a chuireann i gcónaí, bac ar athshealbhú na Gaeilge is ar fhorbairt chultúr agus eacnamaíocht na tíre. Tithe ag gluaiseacht is ag bualadh in aghaidh a chéile: baineann an Cadhnach feidhm as an tirdhreach Chagallach seo i Cé Acu le bó nó dhó – nó teach – a sheoladh thar abhainn maille le sáiteáin mhagúla a thabhairt faoi thionscal na Gaeilge, agus faoin


marxachas tacair. Baintear spraí as neamhchoitiantacht an chur i láthair fiú má bhíonn bior na híoróine rodtha scaití ag meirg na haoise. An bhfuil mórán dár gcomhaoisigh óga a d’aithneodh polasaithe eacnamaíocht Sheáin Lemass ar ‘Gniomhaireacht Fostaíochta Lomas’, cuir i gcás? Nó a thuigfeadh cérbh é Lomas/ Lemass, fiú amháin? Baineann An Eochair go dlúth leis an ngné Kafkach de dhiostóipeachas an Chadhnaigh agus is maisiú tábhachtach ar RS é. Máistir-shaothar is ea an mionúrscéal seo (sin atá ann, le fírinne), ina dtarraingíonn an Cadhnach ar a thaithí saoil fhéin le maorlathas an státchórais a aoradh. Cleachtaíonn sé sa nós scríbhneoireachta ann ba dhual do Saramago: blocanna móra scríbhneoireachta a sholáthar ina d’fhágfaí spásanna a dhealódh paragrafanna óna chéile ar lár. Éist le ‘laoch’ an scéil, an mionoifigeach cléireachais J, ag cur buncheisteanna air fhéin: Cé a chruthaigh an Stáitsheirbhís? Dia Céard a chruthaíos an Stáitsheirbhís? Stáitsheirbhísigh. Céard é thusa? Stáitsheirbhíseach. Cén fáth ar cruthaíodh thusa? Le bheith sa seomra seo. Cén fáth a bhfuil an seomra seo ann? Le 22  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

haghaidh páipéir. Cén fáth a bhfuil páipéir, meabhráin ann? Le haghaidh na Státsheirbhíse. Cén fáth a bhfuil an Stáitsheirbhís ann? Le haghaidh an Státa. Cén fáth a bhfuil an Státa ann? Le haghaidh na Stáitsheirbhíse . . . Mionsamhail de shaol an duine is ea an Státsheirbhís, dar leis an gCadhnach. Inmheánaíonn J. a cuid idé-eolaíochta go smior na gcnámh, oidhe a thugann ar an bhean ‘neamhdhuine’ a thabhairt air. Ní a leas, ach a mhalairt, a dhéanann a neamhdhuineatacht don mhionchléireach seo, ar ndóigh. Fágtar é faoi ghlas i gcarcar rialacha agus fasacha. Is faoin léitheoir atá sé a fháil amach céard é ba chríoch do J. bocht cheal eochair aige a scaoilfeadh saor óna oifig é. Níl muid ag maíomh anseo ach gur oidhe na coitiantachta atá i ndán dó agus gur muidne uilig, geall leis, an N. bocht céanna. Ar a bhealach abhaile ‘thar abhainn, thar chainéil’ atá Tomás, laoch Fuascailt nuair a thugann sé faoi deara go bhfuil an chuma air go bhfuil snámhóir i ndeacrachtaí san uisce. ‘File’ atá ann, dar lena bhean; focal a chiallódh duine éidreorach, gan a bheith in ann cinneadh cinnte a dhéanamh, ina foclóir sise, is cosúil. Bíodh is go


fágtar é faoi ghlas i gcarcar rialacha agus fasacha bhfuil snámh aige, coscann béidir is ní móide an tsrutha leanúnach chomhfheasa in intinn Thomáis an gníomh tárrthála. An í an Ghaeilge fhéin, agus a liachtaí cúis chaillte eile, an snámhóir atá á bhá? Státsheirbhíseach eile, duine gan ainm, is ea an pearsa Chaplineach N. Nuair a thagann muid air i bhFuíoll Fuine faigheann muid amach go bhfuil a bhean séalaithe agus eisean ar a chamshiúlta trín gcathair le socruithe sochraide a dhéanamh: cónra agus uaigh a cheannach, cóiriú an choirp agus searmanas eaglaise a eagrú etc. As fiosracht, cuireann N. cuairt ar an Stór Mór. Sciobtar a sparán sa mbrúisc ansin agus cuireann an eachtra seo tús lena odaisé Leopold-Bloomach N. trín gcathair. Éacht cumadóireachta ó pheann an mháistir! Mar ba dhual ariamh do chur chuige an Chadhnaigh, tarraingíonn prós RS ar shaibhreas uilig na Gaeilge: ar chaint an Chnocáin Ghlais is Achréidh na Gaillimhe, ar

23  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

leaganacha ó chanúintí eile is ó Ghaidhlig na hAlban fhéin. Is beag foghlaimeoir (agus is foghlaimeoirí muid uilig) a bheadh in ann do chuile chúrsa den bhéile saibhir seo. Mar sin – nod d’fhoilsitheoir nó scoláire – ba mhór an gar dóibh siúd atá ag iarraidh an ficsean Gaeilge is fearr dár cumadh ariamh a léamh compánach-leabhar ina míneofaí na leaganacha seo, maille le ‘mí-rialtachtaí’ litriú Uí Chadhain, a chur ar fáil do chimí bochta an chaighdeáin. Maille le mínithe ar a thagairtí comhaimseartha nach dtuigfí níos mó. Ina dhiaidh sin fhéin, tá léitheoirí na Gaeilge go mór faoi chomaoin Louis de Paor agus Cló Iar-Chonnacht as an eagrán chomh toirtiúil snoite so-léite seo de scoth-shaothar Mháirtín Uí Chadhain, a chur ar fáil dúinn. Is léitheoireacht riachtanach é don té ar spéis leis eolas a chur ar shaothar cheann de na scríbhneoirí ba dhúshlánaí is ba thábhachtaí ariamh a chuir le corp litríocht na hÉireann.


24  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


Aiste RIÓNA NÍ FHRIGHIL

Nuala Ní Dhomhnaill: File Domhanda

D

UINE de mhórfhilí na hÉireann í Nuala Ní Dhomhnaill agus is í an file Gaeilge is mó cáil go hidirnáisiúnta. Bhí rath nach beag ar a cuid filíochta Gaeilge ón tús. Bhí sí ar dhuine de na scoláirí óga a d’fhreastail ar Ollscoil Chorcaí ag tús na seachtóidí agus ar dhuine den ghlúin Innti a d’fhéach le filíocht na Gaeilge a chur in oiriúint dá taithí uirbeach féin. Foilsíodh an chéad chnuasach filíochta léi, An Dealg Droighin, sa bhliain 1981. Tá trí chnuasach eile tagtha óna peann ó shin i leith: Féar Suaithinseach (1984), Feis (1991) agus Cead Aighnis (1999). Ina theannta sin, tá cúig chnuasach dhátheangacha léi i gcló, mar atá, Rogha Dánta (1988), Pharaoh’s Daughter (1990), The Astrakhan Cloak (1992), The Water Horse (1999) agus The Fifty-Minute Mermaid (2007). Tá aistriúchán Seapáinise den chnuasach Pharaoh’s Daughter i gcló chomh maith leis an iliomad dánta aonair a aistríodh go teangacha eile, an Danmhairgis, an Rómáinis, an Ghearmáinis, an Fhraincis agus an Iodáilis, ina measc. Chomh luath leis an bhliain 1986, mhaígh Seán Ó Tuama go raibh bua thar an choiteann ag Nuala Ní Dhomhnaill agus go mairfeadh a cuid filíochta tar éis

25  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


éiríonn le ní dhomhnaill ceisteanna a mhúscailt faoi fheidhm na litríochta féin an tsaoil. Is teist nach beag ar théagar agus ar fheabhas fhilíocht Ní Dhomhnaill líon na leabhar critice agus na n-aistí léirmheasa a dhíríonn ar a saothar fileata. Aithnítear mianach suntasach a cuid filíochta i measc léitheoirí agus scoláirí idirnáisiúnta chomh maith. Siúd is go bhfuil filíocht Ní Dhomhnaill préamhaithe i mbéaloideas agus i ndúchas na Gaeilge, is cosúil go mbíonn gaoth agus sruth na teanga léi agus go ndéanann a cuid filíochta cuan i gcultúir agus i dteangacha éagsúla. Ní haon ionramháil umhal urramach a dhéanann Ní Dhomhnaill ar ábhar an traidisiúin liteartha, áfach. Go dearfa, is minic tuiscintí an traidisiúin liteartha féin, go háirithe tuiscintí faoi ról an bhanfhile ann, á gceistiú agus á mbréagnú ag Ní Dhomhnaill ina cuid filíochta. Cuireann sí réamhthuiscintí an léitheora de dhroim seoil agus foinsí nach n-áirítear mar ábhar ardlitríochta fite fuaite sna

26  Imram 26  Iris Imram Iris1 Litríochta Gaeilge 1

dánta aici. Agus giotaí as scéalta béaloidis nó as rannta do pháistí nó as amhráin na ndaoine á n-athshamhlú i ndánta comhaimseartha, éiríonn le Ní Dhomhnaill ceisteanna a mhúscailt faoi fheidhm na litríochta féin agus faoi thábhacht shíceolaíoch na bhfoinsí béil. Ní leasc léi ach oiread athshamhlú dána a dhéanamh ar phearsana mar Mhedb, Dheictine agus Mhór Mumhan le


ceiliúradh neamhleithscéalach a dhéanamh ar chollaíocht agus ar ghnéasúlacht na mban. Ní hí colainn na mban amháin, áfach, a dhéantar a cheiliúradh agus a mhóradh ina cuid filíocht ná ní fhéadfaí an lipéad ‘feimineach’ a thagairt d’fhilíocht Ní Dhomhnaill ar bhealach simplí, neamhchasta. Ní hiad dálaí sóisialta na mban is mó is suim leis an fhile ach sláinte agus folláine shíceolaíoch an duine dhaonna. Is nós le Ní Dhomhnaill úsáid a bhaint as neacha neamhshaolta an bhéaloidis le ceisteanna cigilteacha agus le hábhair íogaire a phlé. Is í an phearsa ‘bean a’ leasa’ is túisce a rithfeadh le léitheoirí b’fhéidir

27  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

mar gur fhéach Ní Dhomhnaill le gnéithe den ghalar dhubhach agus den dúlagar iarbhreithe a phlé trí mheán na pearsan sin, go speisialta sna cnuasaigh Féar Suaithinseach (1984) agus Feis (1991). Sa chnuasach is déanaí léi, Cead Aighnis (1999), is í an mhurúch an phearsa neamhshaolta a chuireann cruachás an duine a fágadh ar an trá fholamh in luí ar an léitheoir. Trí dhán is tríocha atá sa tsraith ‘Na Murúcha a Thriomaigh’. Murab ionann is an mhaighdean mhara sa scéal traidisiúnta ar éirigh léi éalú ar ais chun na farraige, tá murúcha na sraithe seo ar éadrá. Lag trá atá ann agus ní hamháin go bhfuil na murúcha ris ach tá siad triomaithe; is é sin, tá siad ar ceal óna muintir agus óna ndúchas. Cé go bhfuil saol na mara nó an saol fo-thoinn brúite faoi chois ag na murúcha, ní hionann sin is a rá go bhfuil siad féin ná a sliocht saor ó thaithí sin na mara. Tagann cuimhní chun cinn de dhroim na gaoithe, cuimhní ón am atá tha rt a chuireann an t-am i láthair as a riocht. Siúd is go bhfuil murúcha na sraithe i ndiaidh luí isteach le nósanna na míntíre, go fóill féin, caithfidh siad an píobaire a íoc. Is geal le bás an taithí seo. Téann na dánta i ngleic


le staid mhothála an deoraí agus le héagumas na hintinne nó an réasúin focail a chur ar an staid sin. Cad a dhéanann an duine nó an cine atá chomh briste sin nach féidir leis an t-uafás a d’fhulaing sé a ligean in aice a anála, nach féidir leis focail a aimsiú le cur síos ar an taithí sin?

úsáid chruthaitheach a bhaineann sí as an fhinscéal idirnáisiúnta faoin mhurúch agus as an iliomad foinsí eile sa tsraith seo, idir fhoinsí dúchasacha agus fhoinsí idirnáisiúnta, meabhraíonn Ní Dhomhnaill don léitheoir gurbh ann tráth agus gurb ann go fóill do chorais smaointeoireachta

gur dlúthchuid de stair an duine dhaonna an díbirt, an deoraíocht, an imirce , agus an fhulaingt anama agus choirp Aghaidh a thabhairt in athuair ar na foinsí béil, an freagra atá ag Ní Dhomhnaill. Tuigtear di gurb éard atá sa bhéaloideas ná modh reacaireachta a chuir ar chumas na nglúnta a chuaigh romhainn labhairt ar bhealach meafarach faoi údair imní, faoi ábhair bhróin, faoi cheisteanna eiseacha agus meitifisiciúla agus a thug saoirse dóibh a mbrí féin a bhaint as na scéalta sin. Ní hé go gcuireann Ní Dhomhnaill suas don intleacht agus don reasún, ach diúltaíonn sí don tuiscint gur leor na dioscúrsaí úd amháin mar bhealach leis an tsaol, leis an duine agus lena chuid trámaí a thuiscint. San

28  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1

agus do bhealaí tuisceana nach bhfuil i dtuilleamaí na hintleachta ná an réasúin amháin. Anuas air sin, meabhraítear don léitheoir comhaimseartha nach scéal aon chine stair thragóideach na hÉireann, gur dlúthchuid de stair an duine dhaonna an díbirt, an deoraíocht, an imirce, agus an fhulaingt anama agus choirp a leanann as taithí den chineál sin. Ní file Gaeilge í Nuala Ní Dhomhnaill ach file domhanda a shaothraíonn trí mheán na Gaeilge. Má tá blas mísmín is móna ar a cuid filíochta, tá spíosraí an Oirthir agus cumhráin na hAráibe le tabhairt faoi deara inti chomh maith, agus is dorcha a dath.


Filíocht FERNANDO PESSOA aistrithe ag DEIRDRE BRENNAN

Conriochtaíocht Loch uaigneach Gealach lán ann domsa is duitse Ní do dhuine ar bith eile ach dúinne, Is ansin a líonann an seol doiléir bán I ngaoth bhog nach n-airímid A threoróidh saol ár mbrionglóidí Faoi dhéin na háite mar a leánn Na huiscí ar chladach dubh-chrannach, Mar a chasann na coillte anaithnid Le mian an locha a leathnú Is an bhrionglóid a thabhairt chun foirfeachta. Ansin a rachaimid i bhfolach is meathaimid ag mothú Leochaileach faoi chuing na gealaí, Ag brath go bhfuilimid cruthaithe as cuislí ceolmhara.

29  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


30  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


Féinsícograifí Cealgaire an file an bhréige chomh foirfe san aige go gcealgann fiú ámháin pian na péine a mhothaíonn go deimhin Is iad siúd a léann a bhriathra ní mhothóidh sa mhéid a scríobh ceachtar de na pianta a d’fhulaing sé ach an ceann nach bhfulaingíd. Is mar sin timpeall a raoin casann an ní ar a ghairmitear croí traein bhídeach chlogoibritheach ag cealgadh ár meoin.

(ón leabhar As Trunc Fernando Pessoa, Coiscéim 2015)

31  Imram Iris Litríochta Gaeilge 1


filíocht

samhain

Máire Dinny Wren glantóirí  Liam Ó Muirthile préacháin  Dairena Ní Chinnéide ceol arabach  Martin Walser / Gabriel Rosenstock

ficsean

an poll agus an bháisteach

léirmheasanna

i muinín na gclaimhte:

an litir agus i dtír strainséartha le liam mac cóil

Dáithí Ó Muirí

Cathal Póirtéir

anchás na mban:

aiste

nuala ní dhomhnaill: file domhanda

filíocht

conriochtaíocht

máirtín ó cadhain: rogha scéalta

Tomás Mac Síomóin Rióna Ní Fhrighil

Fernando Pessoa / Deirdre Brennan féinsícograifí  Fernando Pessoa / Deirdre Brennan

IMRAM Iris Litríochta Gaeilge Eagarthóirí: Liam Carson agus Cathal Póirtéir Dearadh: Oldtown Griangraf: Mark Granier Imram Iris Litríochta Gaeilge Bellavista Mews, Bóthar Ghráinseach An Déin, An Charraig Dhubh, Co. Átha Cliath Ríomh-phost: liamog62@mac.com www.imram.ie


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.