PROSPECTUS - Gaelcholáiste an Phiarsaigh - 2024

Page 1


Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Baile Átha Cliath 14

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Focal ón bPríomhoide

Fearaim do chéad fáilte chuig réamheolaire

Ghaelcholáiste an Phiarsaigh. Tá sé d’aidhm ag an réamheolaire seo blaiseadh beag a thabhairt ar ár scoil, ar phobal na scoile, an timpeallacht foghlama agus na deiseanna foghlama atá sa scoil.

Tá an scoil, atá ag fás agus ag forbairt ón mbliain 2014, neadaithe go mórtasach ar an suíomh agus sna foirgnimh a raibh oideachas curtha ar fáil iontu ag mná rialta Loreto ar feadh na mblianta romhainn. Difríocht shuntasach ná gur Gaelcholáiste ilchreidmheach chomhoideachasúil muid. Seo scoil a bhfuilim chomh bródúil aisti toisc an t-oideachas den chaighdeán is airde a chuirimid ar fáil anseo. Is breá liom a bheith i mo cheannaire ar phobal atá chomh dílis don Ghaeilge, atá thar a bheith tiomnaithe, spreagtha agus dearfach.

I welcome you to the prospectus of Gaelcholáiste an Phiarsaigh. We hope that it will give you a flavour of our school, our school community, our learning environment and the learning opportunities in the school.

We have been growing and developing since 2014 while nestled on the site and in the buildings where the Loreto sisters provided education for many years. We differ insofar as we are a multidenominational co-educational Gaelcholáiste. This is a school of which I am so proud because of the high standard of education that we provide here. Being a leader of such a vibrant school community which is so passionate about the Irish language and culture, so driven, motivational and positive is both an honour and a privilege.

An Príomhoide - Joe Mac Suibhne agus

An Príomhoide Tánaisteach - Fionnuala Mhic an Bhreithimh

Stair na Scoile

Dúnadh doirse Mhainistir Loreto den uair dheireanach sa bhliain 1999 agus tháinig deireadh léi mar scoil chónaithe do chailíní. Níor samhlaíodh do Choiste Bunaithe Ghaelcholáiste an Phiarsaigh gur ar an suíomh ársa seo a bhfíorófaí a bhfís ach b’shin díreach a tharla sa bhliain 2014.

Ceapadh an chéad Phríomhoide, Joe Mac Suibhne agus osclaíodh seandoirse an chlochair den athuair ag deireadh Lúnasa 2014. Chuir an Príomhoide agus a fhoireann de thriúr, Fionnuala, Pádraig agus Rachel fáilte roimh 16 scoláirí idir chailíní agus bhuachaillí chuig an nGaelcholáiste nuabhunaithe, Gaelcholáiste an Phiarsaigh.

Ba chomhtharlú iomlán gur lonnaíodh an scoil i bhfoisceacht scread asail do Scoil Éanna, scoil Phádraig Mhic Phiarais, ar ainmníodh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ina chuimhne agus ina onóir.

Táimid coinsiasach faoi stair an fhoirgnimh, faoi stair scoil Éanna agus faoinár stair féin ach ‘sí ár dtodhchaí agus an borradh a bheidh fúithi an gríosóir is mó atá againn.

History of the School

While our focus is most definitely on the future we are conscious of our past. We are delighted to be based in a former boarding school for girls which closed its doors for the last time in 1999 when the Loreto sisters moved out.

The founding committee of Gaelcholáiste an Phiarsaigh never imagined that their new school would be located in such a historic building but their dream came true in 2014.

The first Príomhoide, Joe Mac Suibhne, was appointed and once again the old doors of Loreto Abbey were reopened in August 2014. The reopening was significantly different as An Múinteoir Joe, accompanied by his staff of three, na Múinteoirí Fionnuala, Pádraig and Rachel, welcomed sixteen girls and boys to a newly founded Gaelcholáiste.

Coincidentally Gaelcholáiste an Phiarsaigh is located within walking distance of Scoil Éanna, the school of Pádraig Mac Piarais, in whose honour and memory Gaelcholaiste an Phiarsaigh was named.

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Ráiteas Misin

Is scoil chomhoideachasúil Ilchreidmheach lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste an Phiarsaigh. I nGaelcholáiste an Phiarsaigh cothaítear mórtas as ár bhféiniúlacht Ghaelach agus leagtar béim ar an iliomad gnéithe den fhéiniúlacht sin idir theanga agus cheol, spórt agus saibhreas cultúrtha.

Aithnítear dínit agus ról an uile dhuine i gcomhthéacs an phairtinéireachais oideachasúil. Chomh maith le hómós a thabhairt don Ghaeilge léirítear meas ar an uile dhuine agus déantar freastal ar a riachtanais an oiread agus is féidir. Cothaítear scileanna idirphearsanta agus cumarsáide in atmaisféar dearfach oscailte sa scoil ina múnlaítear an duine ina iomláine, go hacadúil, go morálta, go fisiciúil agus go spioradálta. Spreagtar folláine,acmhainneacht agus misneach chomh maith le bród a léiriú as gníomhaíochtaí uile na scoile. Ag díriú ar an nGaeige, ag léiriú measa agus ag déanamh iarrachta i gcónaí i ngach dá dtugaimid faoi is ea ár n-éiteas, ár n-inspioráid agus ár meon.

Our Mission Statement

Gaelcholáiste an Phiarsaigh is a co-educational multidenominational Gaelcholáiste.

In Gaelcholáiste an Phiarsaigh pride in our cultural heritage and in our identities as Irish speaking citizens is cultivated through the language and music, sport and awareness of our cultural wealth. We respect the dignity and role of each person in the context of educational partnership. As well as our deference to the Irish language we respect each member of our school community and do our very best to cater for their needs. We are conscious of developing interpersonal and communication skills in a positive, open atmosphere where we endeavour to deliver a holistic academic, moral, physical and spiritual education. We encourage wellbeing, resistance and courage as we take great pride in all our school activities. Focusing on the Irish language, respecting one another as we all strive to make the best possible efforts at all times and in all we do is our raison d’être.

An Ghaeilge

Is í an Ghaeilge an bhunchloch ar a bunaíodh Gaelcholáiste an Phiarsaigh. Cuireadh síolta na Gaeilge in 2014 nuair a osclaíodh an scoil den chéad uair agus tá fréamhacha láidre na Gaeilge fásta ó shin agus crann na Gaeilge ag dul in airde agus i dtreise. Is í an Ghaeilge a nascann gach duine de phobal na scoile le chéile, an teanga trína ndéantar gach cumarsáid agus trína dtugtar faoin teagasc agus an fhoghlaim. Déanaimid ceiliúradh mórtasach as an nGaeilge a tugadh le hoidhreacht dúinn mar níorbh ann don scoil dá huireasa.

The Irish language is the foundation stone on which Gaelcholáiste an Phiarsaigh was founded. The seeds of the Irish language were sown here in 2014 when we first opened our doors and she has become rooted firmly since and those roots are growing steadily and strongly every year. An Ghaeilge is what binds us together as a school community, the language in which we communicate and in which our teaching and learning happens. We proudly celebrate the language that we inherited because without the Irish language our school would not be here.

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Curaclam

na Scoile

An tSraith Shóisearach

Cuireann an Gaelcholáiste curaclam leathan, cothrom ar fáil agus tá rochtain ar gach áis speisialtóireachta i dtimpeallacht dhinimiciúil spreagúil oideachais. Cruthaítear deiseanna lasmuigh agus laistigh den churaclam le cur le heispéaras foghlama na scoláirí.

School Curriculum

Gaelcholáiste an Phiarsaigh offers a broad, fair curriculum augmented by specialised facilities and in a dynamic, motivating educational environment. The students are offered many opportunities both within and outside of the curriculum to further enhance their learning experience.

Déanann na scoláirí a fhreastalaíonn ar Gaelcholáiste an Phiarsaigh staidéar ar naoi n-ábhar scrúdaithe ag comhlíonadh riachtanas na Sraithe Sóisearaí. Déantar staidéar ar shé ábhar éigeantach agus roghnaíonn siad trí ábhar óna hábhair roghnacha, ceann amháin le bheith ina theanga iasachta. Sa chéad téarma i mBliain 1 bíonn an deis ag na scoláirí na hábhair roghnacha uilig a thriail agus déanann siad a rogha tar éis sé seachtaine. Seachas an Béarla, is trí mheán na Gaeilge a mhúintear na hábhair uilig. Múintear na teangacha iasachta trí mheán na teanga sin an oiread agus is féidir.

Junior Cycle

Students who attend Gaelcholáiste an Phiarsaigh study nine subjects for Junior Cycle assessment purposes. Six of these subjects are compulsory and a further three are chosen from our optional list, one of which must be a foreign language. During the first term of First Year, students are given an opportunity to sample all of the optional subjects before they make their choices which happens after six weeks into the term. All subjects, apart from English, are taught through Irish and the other languages are taught as much as possible through the target language.

Na hÁbhair Éigeantacha

Tugann gach dalta faoi na hábhair seo

An Ghaeilge Béarla

An Mhatamaitic An Tíreolaíocht

An Stair Eolaíocht

Spáinnis nó Fraincis

Ábhair Roghnacha

Eacnamaíocht Bhaile Staidéar Gnó

Ceol Amharc-ealaín

Grafaic

Clár Folláine na Sraithe Sóisearaí

Tugann scoláirí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh faoi

Chlár Folláine na Sraithe Sóisearaí freisin.

Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP)

Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS)

Corpoideachas

Am tionóil laethúil

Modúil Fholláine ar nós:

Teiripe ealaíne Códú

Úsáid an iPad Athléimneacht

Aistir Aistrithe Cór

Compulsary Subjects

Every student studies these subjects

Irish English

Mathematics Geography

History Science

Spanish or French

Optional subjects

Home Economics Business Studies

Music Visual Art

Graphics

Junior Cycle Wellbeing Programme

As part of their Junior Cycle all students in Gaelcholáiste an Phiarsaigh study the following modules/short courses.

Civic, Social and Political Education (CSPE)

Social Personal and Health Education (SPHE)

Physical Education

Daily Tutor Time

Wellbeing Modules such as:

Art Therapy Coding

Effective Use and Management of iPad Resilience Programme

Belonging Plus Choir

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

An tSraith

Shinsearach

Cuirimid an clár traidisiúnta Ardteiste ar fáil i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Is clár dhá bhliain é ina dtugann na scoláirí faoi staidéar ar cheithre cinn de chroi-ábhair, trí ábhar roghnach agus clár folláine. Déantar athrú ar ár gcuraclam go bliantúil le freastal a dhéanamh ar riachtanaisí athraitheacha ár scoláirí.

Na Croí-Ábhair

An Ghaeilge Béarla

An Mhatamaitic Teanga Iasachta (Spáinnis nó Fraincis)

Ábhair Roghnacha *

Ceol An Fhisic

Ealaín, Amharcstaidéar An Cheimic

Grafaic Dheartha agus Chumarsáide Gnó

An Tíreolaíocht An Chuntasaíocht

An Stair Corpoideachas (Ábhar scrúdaithe)

An Bhitheolaíocht Eacnamaíocht BhaileEolaíoch agus Sóisialta

*Ag brath ar éileamh

Folláin

Corpoideachas

Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS)

Gairmthreoir

Senior Cycle

We offer the traditional Leaving Certificate course in Gaelcholáiste an Phiarsaigh. The Leaving Certificate programme is a two-year programme in which the students study four core subjects, three optional subjects and a wellbeing programme. Our curriculum is designed with students’ preferences in mind and customised accordingly on an annual basis.

Core Subjects

Irish English Mathematics Spanish or French

Optional subjects *

Music Physics

Art, Visual Studies Chemistry

Design and Communication Graphics Business

Geography Accounting

History Physical Education (Exam subject)

Biology Home EconomicsScientific and Social

*Subject to demand

Wellbeing

Physical Education

Social Personal and Health Education (SPHE)

Guidance

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

An Idirbhliain

Cúrsa bliana éigeantach is ea an Idirbhliain i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Tá Clár Idirbhliana an-rathúil againn agus tá muid thar a bheith bródúil as an réimse leathan agus cuimsitheach ábhar, modúl agus deiseanna a bhíonn ar fáil do na scoláirí a chabhraíonn leo ullmhú do rannpháirtíocht neamhspleách, freagrach sa tsochaí. Cuirtear anbhéim ar an bhforbairt phearsanta, lena n-áirítear feasacht shóisialta agus inniúlacht shóisialta mhéadaithe.

Spreagtar scoláirí le taithí a fháil ar an saol taobh amuigh den scoil mar chuid dá bhforbairt. Chomh maith leis sin, bíonn ceithre seachtaine de thaithí oibre acu – seachtain i mí na Samhna, coicís i mí Feabhra, agus seachtain i mí na Bealtaine.

Bíonn turas scoile thar lear mar chuid den chlár Idirbhliana againn. Tugann na turais deis do scoláirí cultúir úr a fheiceáil.

Transition Year

Transition Year is a compulsory one-year programme in Gaelcholáiste an Phiarsaigh. We run a highly successful Transition Year programme and we take immense pride in the range and variety of subjects, modules and opportunities that are provided to our students which help prepare the students to participate independently and responsibly in society. There is an emphasis on personal development which includes social awareness and social competencies.

As part of their development students are encouraged to partake in activities outside of the school environment. The students also undertake 4 weeks of work experience – a week in November, two weeks in February and one week in May.

We organise a trip abroad as part of the Transition Year programme. which aims to give the students an insight into different societies and cultures.

Na hÁbhair Éigeantacha

Déanann na scoláirí na croí-ábhair ar fad, chomh maith le triail a bhaint as na hábhair Ardteiste a bhíonn ar fáil againn, agus na hábhair seo a leanas:

Iodáilis Códú

Gearmáinis

Sábháilteacht ar na Bóithre

Mionchomhlacht Fealsúnacht

Treoirghairm Damhsa

Físeán agus Beochan Léitheoireacht

Cócaireacht Cór

Roinnt de na buaicphointí den

Idirbhliain:

Ceoldráma CeachtannaTiomána

Turas Scoile chun na hEorpa Gaisce

Taithí Oibre An Comórtas Eolaí Óg

Aoichainteoirí Turas Nasctha

The compulsory subjects

Italian Coding German Road Safety

Mini Company Philosophy

Career Guidance Dancing

Videos and Animation Reading

Cookery Choir

Some Transition Year Highlights

School Musical Driving Lessons

European School Tour Gaisce

Work Experience

BT Young Scientist

Guest Speakers Bonding Trip

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

An Teicneolaíocht

Baintear leas as iPadanna mar uirlisí luachmhara oideachasúla i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Úsáideann na múinteoirí agus na scoláirí iPadanna ar scoil agus sa bhaile. Is iomaí deis a bhíonn ag na scoláirí chun a smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil a fhorbairt leis na hiPadanna, agus meascán de chomhoibriú agus taighde neamhspleách a dhéanamh le linn ranganna. Seachnaítear leabhair throma agus cur amú páipéir le huirlis mar seo. Is é MS 365 an t-ardán a mbaintear leas as sa scoil. Úsáidtear cóipleabhair fós sna ranganna ar fad chun litearthacht agus uimhearthacht a choinneáil ar ardchaighdeán sa scoil. Bíonn gach iPad ceangailte do chóras bainistíochta iPadanna na scoile agus bíonn leibhéal an-ard de chosaint ag an gcóras bainistíochta seo.

Chomh maith leis an gcosaint ó dhochar a bhíonn ar gach iPad baineann na múinteoirí úsáid as aip a dtugtar Classroom air. Bíonn ar gach scoláire a iPad a chlárú leis na múinteoirí ar fad a mbíonn sé faoina gcúraimí. Tugann Classroom an cumas don mhúinteoir iPad an scoláire a fheiceáil, é a rialú ó chian agus comhaid a sheoladh chuig scoláirí.

In ainneoin go gcreidimid i dtábhacht na teicneolaíochta ní ligtear don teicneolaíocht ceannasaíocht iomlán a ghlacadh ar an teagasc ná ar an bhfoghlaim.

Technology

iPads are devices that enhance teaching and learning in Gaelcholáiste an Phiarsaigh. IPads provide opportunities to the students to develop creative and critical thinking and being involved in both cooperative and independent learning during class. Heavy books and waste of paper are avoided. We use MS 365 as our platform. Copybooks are still used for classwork to keep literacy and numeracy to a high standard. We have firewalls and robust security systems in place as well as a technology team who deal with any queries or issues regarding the iPads.

Although it is the students’ families that buy the iPad and they remain in the ownership of the household each student iPad is subject to the school’s managament system. This system has an extremely high level of protection from harm.

Coupled with our management of the iPads each teacher uses an application called Classroom to which every student in their care must be registered. Classroom allows the teachers to view and remotely control students’ iPads as well as the ability to send files to students.

Our Fabulous Building and Facilities

• Spectacular buildings blending the old with the new on an incredible site.

• Twenty fully fitted out general classrooms with the latest in technology and teaching resources.

• Two fully fitted and equipped state of the art Science laboratories.

• A wonderful Home Economics room.

• An exceptionally large Art room with every resource and equipment.

• A multipurpose hall.

• A wonderful Music room with a variety of instruments for all tastes and abilities.

• A Computer/Graphics room fitted out with computers and software to enhance teaching and learning of the highest standard.

An Teach Mór s’againne agus Áiseanna na Scoile

• Foirgnimh fhairsinge, áille idir nua agus ársa ar shuíomh dochreidte.

• Fiche seomra ranga ginearálta maisithe amach le hacmhainní teagaisc idir throscán agus teicneolaíocht.

• Dhá sheomra Eolaíochta feistithe go hiomlán agus lán leis an trealamh is nuaaimseartha agus is fearr.

• Seomra Eacnamaíocht Bhaile breá scópúil feistithe agus maisithe go hiomlán.

• Seomra Ealaíne le gach acmhainn dá mbíonn ag teastáil.

• Halla mór ilghnéitheach.

• Seomra ceoil le réimse leathan uirlisí ar fáil ann.

• Seomra Grafaicí/Ríomhaireachta le ríomhairí agus na bogearraí is úire agus is oiuriúnaí don teagasc.

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Imeachtaí Seach-Churaclam

Is cuid lárnach de shaol na scoile againne agus d’oideachas iomlánaíoch na scoláirí iad na himeachtaí seach-churaclam. Cuirimid réimse leathan agus tarraingteach d’imeachtaí ar fáil chun deis a thabhairt do na scoláirí a dtallanna féin a chur chun cinn agus chun iad a spreagadh i bhforbairt a scileanna sóisialta.

An Pheil Ghaelach An Lúthchleasaíocht

An Iománaíocht

An Neart agus an Aclaíocht

An Chamógaíocht Na Cluichí Boird

An Cór

An Cheoldrámaíocht agus Drámaíocht

An Grúpa Ceoil traidisiúnta Club na Leabhar

Díospóireachtaí/Caint Phoiblí An Coiste Glas

An Chispheil

Bíonn Staidéar Maoirsithe (le costas breise) ar siúl ón Luan go dtí an Déardaoin ó 3.25-5.25 le tús áite tugtha do scoláirí Bhlianta 3 agus 6.

Extracurricular Activities

Extracurricular activities are an integral part of school life and an important part of our students’ holistic education. We boast a substantial range of activities to provide opportunities for the students to use their talents and to develop their social skills.

Gaelic Football Athletics

Hurling Strength and Conditioning

Camogie Board games

Choir Musical and Drama

Traditional Music Group Bookclub

Debating/Public Speaking Green Schools Committee

Basketball

Supervised Study (at an extra cost) takes place from Monday to Thursday from 3.25-5.25 with priority being given to Third and Sixth Year students.

Na hEalaíona

Cruthaitheacha

Is cinnte go bhfuil bua na haisteoireachta, bua an cheoil agus bua na healaíne ag ár scoláirí i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Mar chuid den drámaíocht a chuirtear ar fáil sa scoil bíonn Ceoldráma na hIdirbhliana- imeacht an-taitneamhach don phobal scoile uile ina nglacann gach scoláire idirbhliana páirt ann le múinteoirí agus scoláirí ag obair i gcomhpháirtíocht le chéile chun dráma ar ardchaighdeán a chur ar stáitse.

Bíonn Cór na Scoile ag taibhiú i gcomhair ócáidí éagsúla le linn na bliana, idir imeachtaí scoile, ceolchoirmeacha agus comórtais sheachtracha ar nós Scléip. Ní hamháin go gcuireann an ceol lenár n-oidhreacht chultúrtha ach ina theannta sin cuidíonn casadh an cheoil le féinmhuinín na scoláirí a fhorbairt agus cuireann sé go mór le hatmaisféar na scoile.

Tá ról lárnach ag an gceol traidisiúnta i saol na scoile. Buaileann an grúpa traidisiúnta le chéile ag am lóin gach Luan i gcomhair seisiún ceoil agus chun poirt, ríleanna, agus polcaí nua a fhoghlaim agus a roinnt. Tá réimse leathan uirlisí le feiceáil sa ghrúpa traidisiúnta ón bhfeadóg go dtí an consairtín.

Cuirtear ranganna veidhlín ar fáil chomh maith do gach leibhéal seinnteoirí, ó thosaitheoirí chuig daoine a bhfuil ardchumas bainte amach acu ar an bhfidil.

Creative Arts

Many of our students have a flair for and a deep interest in acting, music and the arts. This can be seen in many performances, not least in our annual school musical produced by our Transition Year students. A lot of arduous work and collaboration between the students always results in a superb production.

Our school choir performs regularly during the year at school events and of course at inter-school competitions. The promotion and performing of music in the school not only enriches our cultural heritage but it also builds the students’ confidence and instils an atmosphere of which we are immensely proud.

Traditional Irish music plays an integral role in school life. The traditional music group meet weekly at lunchtime to play tunes and learn and share new reels, polkas and jigs. The group boasts a wide variety from whistle to concertinas.

Violin classes are all levels are also taught.

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Cultúr Cúraim agus Measa

Tá cúram ár scoláirí ina chuid lárnach de mhisean ár scoile. Oibrímid go dícheallach chun atmaisféar agus timpeallacht chomhbhách a chruthú ina mbraitheann ár scoláirí sábháilte agus compordach ionas gur féidir leo foghlaim go héifeachtach. Aithnímid uathúlacht gach scoláire agus déanaimid ár ndícheall a bhfolláine a chothú́ agus a cheiliúradh. Moltar agus mealltar na scoláirí an oiread agus is féidir. Spreagtar na daltaí le meas a léiriú ar dhaoine eile agus bímid ag súil le hardchaighdeán iompair ó na scoláirí.

Mar chuid de córas struchtúrtha tréadchúraim is baill foirne ríthábhachtacha iad Comhairleoir na scoile, na Múinteoirí Tacaíocht Foghlama agus an Cúntóir Riachtanais Speisialta toisc go n-éiríonn leo ar bhealach an-éifeachtach ualach aon bhuartha a bheadh ar scoláire a laghdú.

Bíonn tionól tréadchúraim laethúil againn ina mbuaileann Múinteoirí Ranga agus na Cinn Bhliana le scoláirí chun cúram leanúnach a thabhairt dóibh agus le cúram breise a thabhairt dóibh siúd a mbíonn gá acu lena leithéid. Cothaítear dea-chaidreamh de shíor idir an fhoireann agus na scoláirí. Buaileann an Príomhoide agus an Príomhoide Tanaisteach leis na Cinn Bhliana agus an chuid eile den fhoireann chúram tréadach gach uile sheachtain chun cúram na scoláirí a phlé.

A Culture of Care and Respect

The care of our students is central to the mission of our school. We work constantly to create an atmosphere and an environment of understanding and empathy so that our students feel comfortable and safe enabling them to learn more effectively. We acknowledge and celebrate all students’ uniqueness and we strive to always encourage and promote their wellbeing. Students are praised and encouraged as much as possible.

As part of a structured pastoral care system, our school Counsellor, Learning Support teachers and Special Needs Assistant play a particularly important role in promoting our students’ wellbeing and in tackling any anxiety that may arise from time to time.

Our Class Teachers and our Year Heads meet for a pastoral assembly with students daily to ensure constant care and to engage with any student who may need extra care occasionally. We are proud of the excellent and respectful relationship between our staff and students.The Principal and the Deputy Principal meet every week with the Year Heads and other members of the Pastoral Care team to discuss any arising issues with the students.

Ár nGradaim

Creidimid i nGaelcholáiste an Phiarsaigh i bhfírinne an tseanfhocail “Mol an óige agus tiocfaidh sí”. Déanaimid tréaniarracht i gcónaí dearfacht a spreagadh agus a mhealladh. Tugaimid aitheantas i gcónaí d’iarrachtaí maithe agus do dhul chun cinn scoláirí ó bhéal agus tríd an gcóras faisnéise bainistíochta ar a dtugtar VSWare.

Tugaimid moladh faoi leith go rialta do scoláirí as a n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.

Ag deireadh na bliana bronntar gradaim ar scoláirí i ngach bliainghrúpa as ar bhain siad amach faoi réimsí éagsúla. Bíonn Gradam na Gaeilge , An Gradam Acadúil, Gradam na nEalaíon, An Gradam Spóirt, An Gradam Feabhsúcháin agus Gradam Amelia ann.

Our Awards

In Gaelcholáiste an Phiarsaigh we believe in the adage “Praise the young and they will flourish”. We focus on positivity and continually acknowledge students’ best efforts and progress both verbally and through our management information system called VSWare.Special praise and recognition are given to students who make great strides perfecting their Irish and encouraging perfection in their peers’ Irish, the language which permeates every aspect of school life. At the end of each school year, we hold an awards ceremony to acknowledge and award students in the areas of excellence in and promotion of Irish, Academic pursuits, the Arts, Sports, enhanced improvement and Gradam Amelia.

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Guth na Scoláirí agus

Ceannaireacht

Comhairle na Scoláirí

Feidhmíonn Comhairle na Scoláirí na scoile ar son na scoláirí. Bíonn ionadaíocht ag gach rang ar an gComhairle agus bíonn cruinnithe rialta acu le gnóthaí scoile a phlé. Tugann an Chomhairle glór do scoláirí na scoile agus cuirtear tuairimí na scoláirí chun cinn sa scoil. Buaileann Coiste na Comhairle leis an bPríomhoide go rialta chun tuairimí na scoláirí a chur in iúl agus chun achainí a dhéanamh thar ceann na Comhairle.

Meantóirí Scoile

Tugann an ról mar cheannairí scoile deis do scoláirí sinsearacha ról ceannasaíochta a ghlacadh sa scoil. Tugann an clár seo an deis do scoláirí atá níos sine a bheith mar threoraithe ag scoláirí ón gCéad Bhliain. Tugann na scoláirí sinsearacha tacaíocht do na scoláirí sóisearacha agus cuidíonn sé go mór leo an t-aistriú a dhéanamh ón mbunscoil.

An Coiste Folláine

Bíonn ionadaithe ag gach bliainghrúpa ar an gCoiste Folláine agus bíonn cruinnithe acu roimh gach ócáid folláine a reáchtáiltear sa scoil. Ullmhaíonn na scoláirí seo ábhair do na himeachtaí folláine bliantúla ar nós Seachtain na Folláine agus Seachtain ‘Seas an Fód’, agus déanann siad cur i láthair os comhair na scoile nuair is gá. Bíonn anrath ar na himeachtaí seo a mbaineann na scoláirí a bhíonn an-ghníomhach iontu an-sult astu. Tugann an coiste a gcuid tuairimí maidir leis an gcaoi is fearr chun an fholláine a chothú agus a chur chun cinn sa scoil i rith na bliana.

Student Voice/Leadership

The Students’ Council

The Students’ Council provides a voice for the students. Each class is represented on the Council, and they attend regular meetings to discuss school issues pertinent to the students. The students are given a platform to voice their opinions on issues pertaining to their school life and wellbeing. The Council officers meet with the Principal regularly to feedback to the school authorities and to make requests on behalf of the students.

School Mentors

The role of School Mentors gives senior students an opportunity to assume leadership roles in the school. This programme enables the older students to become buddies and guides for the First Year students. The senior students support the junior students which improves their transition from primary school.

The wellbeing committee

The Wellbeing Committee works on behalf of the students. Each year group is represented and they meet in advance of any wellbeing activities that are being organised in the school. These students prepare and plan the yearyl wellbeing events such as Wellbeing week and ‘Stand Up’ week, and present them to the school when necessary. These weeks are always highly successful with all of the school community participating and enjoying the activities. The committee offer opinions as to the best ways to promote students’ wellbeing in the school, throughout the year.

Clárúchán

Fáiltímid roimh scoláirí gur mhaith leo bualadh isteach orainn agus turas treoraithe a fháil timpeall na scoile ar laethanta áirithe i Mí Mheán Fómhair agus tugaimid cuireadh dóibh agus dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí teacht chun na scoile dár n-oíche oscailte a thionóltar de ghnáth le linn na seachtaine deireanaí i Mí Mheán Fómhair. Bíonn an deis ag gach duine ár n-aiseanna iontacha a fheiceáil agus bualadh le pobal na scoile idir fhoireann agus scoláirí.

Oscalaítear an tairseach clárúcháin ar líne ar feadh roinnt seachtainí i Mí Dheireadh Fómhair agus déantar áiteanna sa Chéad Bhliain a thairiscint i Mí na Samhna na bliana sula bhfágfaidh na scoláirí Rang 6.

Fáiltítear roimh scoláirí ó mheánscoileanna eile isteach i mbliaingrúpaí eile freisin ach iarratas a sheoladh chuig an mBord Bainistíochta agus ar ndóigh is gá go mbeadh spás againn.

Cóiríocht don

Todhchaí

Is fada linn go dtosóidh an obair athchóiríochta ar an gcuid sin den fhoirgneamh nach bhfuil in úsáid againn faoi láthair. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh campas dochreidte againn nuair a chuirfear an obair i gcrích gan mhoill anois ó tharla go bhfuil cead pleanala faighte againn obair athchóiríochta a dhéanamh ar an bhfoirgneamh seo atá liostaithe/faoi chosaint. Féach ar an bpictiúr sa réamheolaire seo! (Tag: SD22A/0153 Nasc: https://planning.agileapplications. ie/southdublin/application-details/62496).

Enrolement

We love welcoming prospective students to the school on certain days in September and our students love giving them a guided tour! We then invite the students and their parents/guardians to our open night which is usually held during the last week of September. This is a terrific opportunity to see our wonderful facilities and to meet with members of our school community, staff and students.

Our online enrolment portal opens for most of the month of October and then we offer places in First Year in November of the year that the child is in Sixth Class.

We also look at applications from students who are attending other secondary schools who wish to transfer into our other year groups once we have space and that the Board of Management is satisfied that the application can proceed.

Future Accommodation Plans

We are excited to see works commencing shortly on the old buildings to which we do not have access yet. We will undoubtedly have one of the finest campuses when the work is complete which should not be too long given that we have been granted full planning permission to carry out refurbishment works on this listed/protected structure. Check out the picture in this prospectus! ((Ref: SD22A/0153 Link: https:// planning.agileapplications.ie/southdublin/applicationdetails/62496).

Deartha agus Curtha i gCló ag

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.