SAMPLE
-Nelson Mandela (1919-2013)
Ceannaire polaitiúil réabhlóideach frith-chinedheighilte de chuid na hAfraice Theas.
Ba é an chéad cheann stáit agus an chéad uachtarán gorm san Afraic Theas idir 1994-1999 é.
An
do chuid foghlama de agus forbróidh tú scileanna tábhachtacha a chabhróidh leat fás mar dhuine sa domhan seo a bhíonn ag síorathrú, scileanna a chabhróidh le do mheabhairshláinte agus le do shláinte choirp san áireamh.
Tá eolas ríthábhachtach faoin tSraith Shóisearach sa chuid seo den dialann scoile. Teastaíonn uainn go mbeidh tú i gceannas ar do chuid foghlama ar fad sa tSraith Shóisearach.
D’fhorbraíomar liosta tábhachtach eochairfhocal dá bharr sin agus ní mór cur amach a bheith agat ar na focail seo agus do bhealach á dhéanamh agat tríd an tSraith Shóisearach.
Príomhscileanna
Bíonn an domhan ag athrú i gcónaí. Aithnítear sa tSraith Shóisearach go leanfaidh an domhan air ag athrú agus ullmhófar thú leis na scileanna riachtanacha chun déileáil leis na hathruithe seo agus tú ag fás aníos. Cé go bhfuil go leor scileanna tábhachtacha foghlama ann, aithníodh sa tSraith Shóisearach ocht bpríomhscil a bheidh lárnach i do chuid foghlama idir an chéad bhliain agus an tríú bliain.
Léirítear na hocht bPríomhscil de chuid na Sraithe Sóisearaí sa léaráid ar dheis. Déanfaimid iniúchadh ar na scileanna seo i rith na Sraithe Sóisearaí.
MEASÚNÚ
Céard is measúnú ann?
Is ionann measúnú agus bealach chun fianaise a bhailiú ar an eolas agus ar na scileanna ar fad atá forbartha agat.
Cén fáth a bhfuil measúnú tábhachtach sa tSraith Shóisearach?
Is gné an-tábhachtach den tSraith Shóisearach é measúnú mar go dtugann sé pictiúr soiléir duit ar an obair ar fad atá déanta agat idir an chéad bhliain agus an tríú bliain.
Tugtar deis duit freisin machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhoghlaim tú agus na feabhsúcháin a rinne tú ar do thuras.
Cé na cineálacha difriúla measúnuithe atá sa tSraith Shóisearach?
Tá dhá phríomhchineál measúnaithe sa tSraith Shóisearach:
Measúnú foirmitheach
Is measúnú leanúnach é seo agus déantar sa chuid is mó de ranganna é mar tráth, obair bhaile etc.
Measúnú suimitheach
Déantar é seo ag deireadh an tríú bliain i scrúdú a mharcálann Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
CINEÁLACHA Measúnuithe
Measúnú foirmitheach Measúnú suimitheach
go Úsáidtear ag leanúnach é an deireadh é
Tarlaíonn Measúnú Foirmitheach sa chuid is mó de ranganna. Is bealach an-úsáideach don mhúinteoir é measúnú a dhéanamh ar do chuid oibre ar bhonn leanúnach.
Is é an bealach is fearr ar féidir leat ullmhú do mheasúnú foirmitheach ná gnáthamh maith a bheith agat i dtaca le hobair bhaile agus staidéar agus do dhícheall a dhéanamh i gcónaí!
Is é an bealach is fearr le measúnú leanúnach a fheabhsú ná foghlaim ó chomhairle agus ó aiseolas do mhúinteora.
Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfeadh múinteoir amháin comhairle ort faoi bhealaí chun abairtí níos fearr a scríobh, agus b’fhéidir go n-iarrfadh múinteoir eile ort fíricí ar leith a fhoghlaim.
Tá Measúnú Suimitheach foirmiúla agus tarlaíonn sé ag deireadh na Sraithe Sóisearaí.
Baineann dhá fhoirm leis. Scrúdú seachtrach atá i gceann amháin acu agus marcálann Coimisiún na Scrúduithe Stáit é. Is ionann an dara ceann agus Measúnú Rangbhunaithe (MRB) agus foghlaimeoimid níos mó faoi ar an gcéad leathanach eile.
Is é an bealach is fearr le bheith rathúil ná spriocanna soiléire a leagan amach, agus plean maith staidéir agus oibre baile a bheith agat. Déanfar tuilleadh iniúchta air seo sa dara mír de mhodúl na Sraithe Sóisearaí.
Úsáidtear
Measúnuithe don tSraith Shóisearach
Is measúnú tábhachtach de chuid na Sraithe Sóisearaí iad Measúnuithe Rangbhunaithe (MRB).
• Déanfaidh tú dhá MRB i ngach ábhar.
• Déanfaidh tú an chéad MRB sa dara bliain (MRB1).
• Déanfaidh tú an dara MRB sa tríú bliain (MRB2).
• Eagróidh do mhúinteoir iad.
• Reáchtálfar i do sheomra ranga iad.
• Tabharfar tuairisc ar do MRB i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí ach ceann amháin de na ceithre thuairiscín seo a leanas a úsáid:
o Eisceachtúil
o Os Cionn Ionchas
o Ar Aon Dul le hIonchais
o Fós le hIonchais a Bhaint Amach
Tasc Measúnaithe
Nuair a chríochnóidh tú an dara MRB, iarrfar ort machnamh a dhéanamh ar agus scríobh faoi na scileanna, eolas agus tuiscint a d’fhorbair tú ón taithí atá agat ar ullmhú do MRB2 agus tabhairt faoi.
Tugtar Tasc Measúnaithe air seo. Déanfar le linn an ranga é agus déanfaidh do mhúinteoir maoirseacht
air. Seolfar chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit le haghaidh marcála é mar gurb ionann é agus 10% den mharc foriomlán de scrúdú an tríú bliain i ngach ábhar.
Réimsí Eile FOGHLAMA
Gné iontach eile a bhaineann leis an tSraith Shóisearach ná go dtugtar deis duit páirt a ghlacadh i réimsí éagsúla foghlama eile laistigh de phobal na scoile. Tugtar deis duit príomhscileanna a fhorbairt i go leor réimsí eile de shaol na scoile. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí difriúla spóirt, cultúrtha, eolaíochta agus sóisialta sa scoil a bheith i gceist leo.
Cuir liosta le chéile de thrí réimse foghlama eile i saol do scoile a mbeadh spéis agat páirt a ghlacadh iontu.
3.
Cén áit ar féidir liom Réimsí Eile Foghlama a chur i láthair?
Is féidir leat Réimsí Eile Foghlama a chur i láthair i do Phróifíl Ghnóthachtála. Ná déan dearmad scríobh sa chéad phearsa agus díriú ar na scileanna a d’fhorbair tú mar gheall ar na gníomhaíochtaí seo!
Gníomhaíocht An múinteoir a bhí páirteach ann Do Ról Gnóthachtáil Foghlama / Scile Inisealacha an mhúinteora
(Príomhscil = Ag obair le daoine eile)
Sacar Bean Uí Mhaolchatha Ball foirne GM
Bhí mé ar an bhfoireann a bhain cluichí ceannais Laighean amach.
Chun teimpléad na Réimsí Eile
Foghlama a uaslódáil, téigh chuig
Eochairfhocail na Sraithe Sóisearaí
1. 2.Is é an t-oideachas
a scaoil saor mé
– chuir sé ar mo chumas an fód a sheasamh ar son na rudaí inar chreid mé, agus dúshlán na n-údarás a thabhairt nuair a bhí gach rud i mo choinne.
- Vicky Phelan (1974 -)
Gníomhaí ar son cearta leighis a thug cás dlí in aghaidh an Stáit. Ainmníodh í i measc 100 Bean de chuid BBC in 2018.
SRAITH SHINSEARACH
Is iomaí rogha staidéir atá sa tSraith Shinsearach a fhreastalaíonn ar réimse ábhar suime agus cumas.
Idirbhliain
Is clár bliana í an Idirbhliain a dhéantar tar éis na Sraithe Sóisearaí agus roimh chlár dhá bhliain na hArdteistiméireachta.
Dearadh é le bheith mar nasc idir an Teastas Sóisearach agus clár na hArdteistiméireachta.
An Ardteistiméireacht Bhunaithe
Is clár dhá bhliain í an Ardteistiméireacht Bhunaithe ag a bhfuil sé mar aidhm oideachas leathan, cothrom a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus speisialtóireacht éigin a chur ar fáil freisin i dtreo rogha gairme áirithe.
Caithfidh daltaí a thugann faoin Ardteistiméireacht Bhunaithe staidéar a dhéanamh ar chúig ábhar ar a laghad, agus ní mór don Ghaeilge a bheith ar cheann de na hábhair sin mura bhfuil díolúine i gceist.
Cuirtear gach ábhar ar fáil ag dhá leibhéal; gnáthleibhéal agus ardleibhéal. Cuirtear an Ghaeilge agus an Mhatamaitic ar fáil ag an mbonnleibhéal freisin.
An Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Is clár dhá bhliain í an Ardteistiméireacht Fheidhmeach do dhaltaí nach dteastaíonn uathu dul ar aghaidh do díreach go dtí an t-ardoideachas nó nach bhfreastalaíonn an dá chlár Ardteistiméireachta eile ar a gcuid riachtanas, mianach agus stíleanna foghlama ina n-iomláine. Déanann daltaí na hArdteistiméireachta Feidhmí obair agus staidéar ar bhonn gníomhach, praiticiúil agus foghlaimeoir-lárnach.
Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)
Is ionann GCAT agus Ardteistiméireacht ina ndírítear ar fhiontraíocht agus ar ullmhúchán don saol oibre. Sa chlár dhá bhliain seo, tugtar láidreachtaí acadúla na hArdteistiméireachta le chéile agus dírítear go dinimiciúil ar fhoghlaim féinstiúrtha, fiontraíocht, obair agus an pobal.
Córas CAO
Is iarratas an-tábhachtach é an CAO do dhalta ar bith sa séú bliain ar mhaith leis nó léi freastal ar oideachas tríú leibhéal in Éirinn. Seasann CAO don Lár-Oifig Iontrála. Próiseálann sí foirmeacha iarratais le haghaidh cúrsaí fochéime in institiúidí Ardoideachais na hÉireann. Tá sé tábhachtach cumarsáid a dhéanamh leis na comhairleoirí gairmthreorach i do scoil chun fógraí a fháil faoi dhátaí taiscthe etc.
Cláraigh leis an 1 CAO roimh 5pm ar 1 Feabhra.
Déan eagarthóireacht ar d’iarratas ach an áis ‘‘M’Iarratas’’ a úsáid.
Deimhnigh do chuid cúrsaí Leibhéal 8 agus Leibhéal 7/6 ach an áis ‘M’Iarratas‘ a úsáid roimh 1 Feabhra ag 5pm chun srianta a sheachaint.
Cuir eolas breise, agus doiciméid ar bith eile atá de dhíth, ar fáil.
Ná déan dearmad na cúrsaí a chur in ord tosaíochta.
SAMPLE
Úsáid an áis ‘Athrú Intinne’ 6 ó 5 Bealtaine go dtí 1 Iúil ag 5pm chun athruithe a dhéanamh ar d’iarratassrianta i gceist.
Eisítear tairiscintí Bhabhta a hAon tar éis eisiúint thorthaí na hArdteistiméireachta. Má tá tú ag glacadh le tairiscint, ní mór duit glacadh leis faoin dáta freagra ar fhógra na tairisceana. D’fhéadfadh catagóirí eile iarratasóirí fógraí tairisceana a fháil roimh an am seo.
Gheobhaidh iarratasóirí nach bhfaigheann Tairiscint i mBabhta a hAon Ráiteas Iarratais ríomhphost. Lean na treoracha sa ríomhphost seo le do thoil agus cuir an CAO ar an eolas faoi aon earráid nó easnamh.
Seiceáil an Ráiteas ar Thaifead Iarratais go cúramach nuair a sheoltar chugat i mí Bealtaine é agus cuir an CAO ar an eolas faoi aon earráid nó easnamh láithreach.
Cuirtear tairisicintí ar fáil d’iarratasóirí incháilithe go dtí go ndúnann séasúr na dtairiscintí, nó go dtí go líontar na háiteanna ar fad, cibé ceann acu a thagann ar dtús.
Nóta: Téigh go www.cao.ie chun a chinntiú go bhfuil na sonraí go léir cothrom le dáta.
CÓRAS CAO
Sa tSraith Shinsearach, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi ghreille áirimh na bpointí ionas go bhfuil na pointí is féidir leat a bhaint amach ar eolas agat. Cuirfidh sé seo ar do chumas spriocanna réalaíocha agus indéanta a leagan amach le go mbainfidh tú áit amach ar do rogha cúrsa.
Greille Áirimh na bPointí
100
77
20
12
0
0
1. Bronntar 25 pointe bónais ar dhaltaí a bhaineann grád H6 nó níos airde amach sa Mhatamaitic ardleibhéil i.e. Má bhaineann tú grád H6 amach, cuirfear 25 pointe breise leis an 46 pointe a tugadh cheana do ghrád H6 i.e. is féidir 71 pointe a bhaint amach sa Mhatamaitic ardleibhéil anois.
Faisnéis Thábhachtach Bhreise SAMPLE
2. Áirítear na pointí bónais in áireamh iomlán na bpointí nuair a áirítear an Mhatamaitic ar cheann de na sé ábhar is fearr atá agat tar éis an bónas a chur leis na pointí.
3. Cuirtear na sé thoradh is fearr, in ábhair aitheanta, i scrúdú Ardteistiméireachta amháin san áireamh chun pointí a ríomh.
4. Ní chuirtear ach scrúdú
Ardteistiméireachta amháin a dhéantar san áireamh ar mhaithe le pointí.
20
5. Tá sé tábhachtach Oifig Iontrála na gcoláistí tríú leibhéal a sheiceáil chun tuiscint iomlán a fháil ar riachtanais na gcúrsaí seachas na pointí atá ag teastáil.
6. Ní mór duit na híosriachtanais iontrála a bhaint amach ar dtús le go smaoineofar ort d’áit ar chúrsa.
7. Ní bhronnann ach coláistí tríú leibhéal áirithe pointí don Bhonnleibhéal; déan teagmháil leis na coláistí tríú leibhéal le fáil amach an nglacann siad leo.
8. Bronnann gach coláiste tríú leibhéal pointí do thorthaí i Nascmhodúil GCAT, in áit an séú hábhar Ardteistiméireachta.
9. Ní bhaineann GCAT riachtanais cháilitheachta amach maidir le pas a fháil in ábhair de réir gach coláiste tríú leibhéal agus ní mór duit riachtanais na gcoláistí ar leith a sheiceáil dá bharr sin.
Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)
D’fhorbair QQI córas deich leibhéal a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chóras cáilíochtaí na hÉireann. Tugtar Creat Náisiúnta Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann ar an gcóras deich leibhéal seo.
Tá sé tábhachtach eolas a bheith agat ar an gcreat cáilíochtaí seo ionas gur féidir leat na cineálacha difriúla cúrsaí atá ann a thuiscint.
The National Framework of Qualifications (NFQ)
An Creatoibre Náisiúnta Cáilíochtaí
COMHLACHTAÍ DÁMHACHTANA
Déanann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (an QQI) dámhachtianí sa bhreisoideachas, san ardoideachas agus san oiliúint SEC - Coimisiún na Scrúduithe Stáit (An Roinn Oideachais agus Scileanna) Institiúídí Teicneolaíochta
DÁMHACHTAINÍ SA CHREAT
Ceithre chineál dámhachtana atá sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
There are four types of award in the National Framework of Qualifications:
Cuir am i leataobh chun do chuid taighde féin a dhéanamh nó chun labhairt le comhairleoir gairmthreorach faoi na roghanna uile atá agat laistigh de Chreat QQI.
Mórdhámhachtainí: is iad na dámhachtainí seo, atá tugtha sna fáinní lasmuigh, an phríomhaicme dámhachtainí a dhéantar ar leibhéal ar bith
Major Awards: named in the outer rings, are the principal class of awards made at a level
Minor Awards: are for partial completion of the outcomes for a Major Award
Supplemental Awards: are for learning that is additional to a Major Award
Miondámhachtainí: bronntar iad seo as toradh le haghaidh Mórdhámhachtana a bhaint amach go páirteach
Ollscoileanna
Cad atá ar eolas agat faoi Chreat QQI?
Special Purpose Awards: are for relatively narrow or purpose-specific achievement
Dámhachtainí Forlíontacha: bronntar iad seo as foghlaim atá sa bhreis ar Mhórdhámhachtain
Cuir na ceisteanna seo a leanas ort féin:
Dámhachtainí Sainchuspóra: bronntar iad as foghlaim réasúnta cúng nó as foghlaim sainchuspóra
For further Information consult: www.nfq.ie www.QQI.ie
1. Cad dó a seasann leibhéil 1-10?
Gheofar breis eolais ag: www.nfq.ie www.QQI.ie
2. Céard is FETAC ann agus cé na leibhéil ag a mbronnann siad cúrsaí?
3. Céard is SEC ann agus cé na leibhéil ag mbronnann siad cúrsaí?
4. Cén leibhéal i gCreat QQI ag a bhfuil an Ardteistiméireacht?
5. Cén leibhéal i gCreat QQI ag a bhfuil céim onóracha baitsiléara?
©QQI 2014
Roghanna tar éis na Scoile
Seo a leanas na príomhroghanna oideachais agus oiliúna atá ar fáil do dhaltaí na Sraithe Sinsearaí tar éis na scoile:
Ardoideachas
Is iad seo na cúrsaí ar a gcuireann tú isteach go díreach tríd an CAO. Baintear bunchéimeanna agus dioplómaí, ar a dtugtar gradaim HETAC, amach sna cúrsaí seo. Bíonn go leor roghanna proifisiúnta gairme bunaithe ar chéim a bheith ag an duine i réimse foghlama ar leith.
Breisoideachas
Cuireann Boird áitiúla Oideachais agus Oiliúna agus SOLAS na cúrsaí seo ar fáil. Áirítear cúrsaí iar-Ardteistiméireachta, cúrsaí oiliúna pobail, agus Youthreach i measc na gcúrsaí seo, agus bronntar gradaim FETAC orthu siúd a n-éiríonn leo ar na cúrsaí.
Seirbhísí Poiblí
Tá cúrsaí oiliúna ar leith ag roinnt seirbhísí poiblí agus is féidir le daoine cur isteach go díreach orthu. Tá a gcuid cúrsaí oiliúna féin ag na Gardaí, Óglaigh na hÉireann, Seirbhísí Príosúin, Seirbhísí Éigeandála.
Oiliúint Stáit
Cuireann an Stát gairmoiliúint in dhá réimse ar leith ar fáil do dhaoine óga ar mhaith leo gairmeacha a fháil in earnáil na hIascaireachta (le Bord Iascaigh Mhara) nó in earnáil na Talmhaíochta (le Teagasc). Roghnaíonn daltaí a bhfuil a gcuid tuismitheoirí ag obair sna hearnálacha seo cheana tabhairt faoin oiliúint seo le go mbeidh siad in ann seilbh a fháil ar ghnó an teaghlaigh amach anseo.
Cláir a dTacaíonn Earnáil na Tionsclaíochta leo
Tá cláir shaincheaptha oiliúna ag tionscail áirithe chun daoine óga a spreagadh le dul isteach san earnáil tionsclaíochta sin. Déanann siad urraíocht ar na costais oiliúna ach printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna a chur ar fáil. Go traidisiúnta, cuireadh cúrsaí oiliúna ar fáil sna tionscail cheardaíochta, ach d’fhéadfaí iad a chur ar fáil i seirbhísí airgeadais, cuntasaíochta agus teicneolaíochta faisnéise anois.
Staidéar a Dhéanamh Thar Lear
Tá níos mó agus níos mó daoine óga ag déanamh staidéir thar lear, ní hamháin sa Ríocht Aontaithe ach i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe freisin. Déanann na daoine óga seo taighde ar na cúrsaí atá ar fáil sna tíortha seo agus ceapann siad gurb iad na cúrsaí is fearr a oireann dá riachtanais.
Córas Staidéir
Tá sé tábhachtach plean staidéir a chruthú ag tús na scoilbhliana le tú féin a spreagadh agus le nach mbeidh strus ort faoin ualach oibre. Rachfar trí chóras staidéir trí chuid leat anois.
É a Phleanáil
É A PHLEANÁIL
Ag Pleanáil do Rath
Dul Siar air É a Dhéanamh
Céim 1
Déan cinnte go gcruthaíonn tú plean staidéir a oireann DUITSE. Cruthaigh ceann nua gach seachtain mar go mbeidh gach seachtain éagsúil i do shaol ar scoil agus sa bhaile!
Pleanálaí Seachtainiúil Staidéir
Úsáid an teimpléad seo chun pleanálaí a scríobh do gach seachtain ar scoil. Déan cinnte go gcuireann tú imeachtaí scoile san áireamh, lena n-áirítear obair bhaile, ranganna praiticiúla, measúnuithe agus aclaíocht. Cuir eolas faoi do chuid pleananna isteach gach tráthnóna – tá sé tábhachtach cothromaíocht shláintiúil a bhaint amach idir scoil, obair, aclaíocht agus scíth!
Chun an Pleanálaí Seachtainiúil Staidéir a íoslódáil - téigh go dtí
Pleanálaí Athbhreithnithe Ábhair
Úsáid an teimpléad seo chun plean a scríobh do gach réimse ábhair.
Chun an Pleanálaí Athbhreithnithe Ábhair a íoslódáil - téigh go dtí
Leideanna maidir leis an bPleanálaí Athbhreithnithe Ábhair a úsáid
Seo a leanas roinnt leideanna simplí maidir le plean éifeachtach staidéir a bheith agat ...
• Úsáid an pleanálaí staidéir do gach ábhar.
• Roinn gach ábhar ina phríomhthopaicí.
• Cuir an tábhacht a bhaineann le gach topaic ó thaobh an mheasúnaithe de in iúl.
• Scríobh síos nuair a chríochnaíonn tú na nótaí staidéir agus lean an próiseas, ar a ndéanfaimid iniúchadh mion, ar an gcéad leathanach eile.
• Cuir tic sa bhosca nuair a chríochnaíonn tú gach athbhreithniú.
Is próiseas cúig chéim é seo agus is féidir leat úsáid a bhaint as chun nótaí a chruthú ar aon topaic ar mhaith leat staidéar a dhéanamh uirthi. Ba chóir go mairfeadh na seisiúin staidéir seo thart ar 40 nóiméad. Mínítear na céimeanna atá i gceist thíos.
C A T A R
Córas Staidéir
Téigh i ngleic – gan dua – le hábhar ar bith
Is féidir an córas simplí seo a leanúint chun gach ábhar a bhriseadh síos ina smutáin soláimhsithe ar a dtugtar topaicí.
Cuir triail ort féin
Cad atá ar eolas agam cheana féin faoin topaic seo?
Achoimre
RRoghnaigh na Rudaí
Ríthábhachtacha
Taifead & Tarraing
Conas is fearr an topaic seo a roinnt? Cad iad na fotheidil a bhaineann leis?
Roghnaigh na rudaí ríthábhachtacha/ na heochairfhocail sa topaic
Tarraing meabhairmhapa a úsáideann na ceannteidil agus na focailríthá bhachtacha
Atriail
Cad atá ar eolas agam anois faoin topaic seo?
Ach plean staidéir a chruthú agus dul siar ar na hábhair go rialta, is iontach an tús é sin.
Ach do chuid nótaí agus teicnící staidéir féin a cheapadh, beidh cur amach i bhfad níos fearr agat ar na réimsí ábhair. Tá céim amháin eile le déanamh ar an turas seo, áfach. Caithfidh tú dul siar ar an ábhar!
Cén fáth ar chóir duit dul siar ar do chuid nótaí go rialta?
Ar smaoinigh tú riamh ar an bhfáth a mbeifeá in ann cuimhneamh ar d’uimhir fóin nó ar do dháta breithe chomh héasca sin, agus bheadh deacrachtaí agat cuimhneamh ar an méid a d’fhoghlaim tú sa rang tíreolaíochta ar maidin nó ar ainm duine éigin lenar bhuail tú an tseachtain seo caite?
Ní mór duit dul siar ar do chuid nótaí go rialta le go rachaidh an t-eolas isteach i do chuimhne fhadtéarmach.
Cé chomh minic ba chóir duit dul siar ar do chuid nótaí?
Review it
Go hidéalach, ba chóir duit dul siar ar do chuid nótaí…..
Now that you have created your notes in the form of a one-page summary, you have this knowledge of the topic in your short-term memory.
BUT it won’t be there forever, it’s up to you to review it and make sure the knowledge goes into your long-term memory.
Use the Subject Revision Planner to record each review. You will be surprised at the difference it makes!