1 minute read

An bóthar, nár gabhadh

Translated by Gráinne Caulfield

Scar dhá bhóthar i gcoill bhuí, Agus brón orm, níor fhéad mé an dá cheann acu a thaisteal Agus mise i m’aonar, is fada a sheas mé Agus d’fhéach mé síos ceann acu, chomh fada is ab fhéidir liom Go dtí an áit ar lúb sé sa chasarnach

Advertisement

Ghabh mé an ceann eile ansin, chomh cothrom lena mhalairt, Agus an ceann is fearr agamsa, b’fhéidir, Toisc go raibh sé féarmhar is ag iarraidh caithimh; Ach ina ainneoin sin, Bhí siad caite nach mór mar an gcéanna,

Agus an mhaidin sin luigh an dá cheann acu, Mar a chéile ar dhuilleoga, gan rian dubh satailte orthu, Ó, choinnigh mé an chéad cheann i gcomhair lá eile!

Ach fós féin, leis an eolas ar conas a leanann bealaí bealaí eile, Bhí mé in amhras an dtiocfainn ar ais go deo na ndeor.

Beidh an scéal seo á insint agam le hosna Áit éigin tamall fada amach uainn: Scar dhá bhóthar i gcoill, agus ghabh mé–Ghabh mé an ceann ab annamh a thaistealaítí, Agus ba é sin a rinne an difríocht ar fad.

This article is from: