TAISCE AITHRIS FILÍOCHTA NA hÉIREANN Reacaireacht Dhámh Filí na hÉireann bit.ly/irishpoetryreadings
1
CAD ATÁ SA TAISCE? Tá réimse leathan iléagsúil na filíochta in Éirinn á bhailiú agus á chaomhnú i dTaisce Aithris Filíochta na hÉireann. Is é atá ann: • taisce lárnach d’fhilí na hÉireann i mbun léitheoireachta ar a gcuid filíochta i mBéarla nó i nGaeilge; • bailiúchán slán digiteach faoi chúram coimeádaithe ina gcaomhnaítear guth na bhfilí do na glúine atá le theacht i gcartlann den oidhreacht chultúir; • sócmhainn a bhfuil scóip agus suntas náisiúnta léi. 2
Arna charnadh de réir a chéile, déanfar fónamh do phobal léitheoirí agus scoláirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar suim leo filíocht na hÉireann.
CONAS A OIBRÍONN AN TAISCE? Tá ábhar fuaime agus ábhar físeáin araon sa Taisce. Léann na filí rogha dánta dá gcuid, tugann siad léargas achomair ar an gcomhthéacs agus ar na cúinsí a bhain leis an dán a cheapadh agus cuireann siad leagan lámhscríbhinne den dán ar fáil.
REACAIREACHT FHILÍ NA hÉIREANN Á CAOMHNÚ AGUS Á CUR I LÁTHAIR
3
CAOMHNÚ DO NA GLÚNTA ATÁ ROMHAINN Is meáin bhreátha an físeán agus an taifeadadh fuaime don fhilíocht a bhfuil ceangal dlúth aici leis an traidisiún béil agus atá ina cuid den oidhreacht béaloideasa. Déanfar sa Taisce: • ábhar nuathaifeadta a chur i láthair; • féachaint le bailiúcháin dhigiteacha den tábhacht agus den suntas d’ábhar a bhaineann leis an bhfilíocht agus atá i mbaol a gcaillte a chaomhnú. Trí na taifeadtaí seo a chruinniú faoi choimeád i dtimpeallacht bhuan, 4
cinnteofar go mbíonn aird orthu, teacht orthu agus iad á gcoinneáil slán do na glúine atá romhainn. Bronnadh “Séala Formheasa Sonraí” ar Leabharlann Dhigiteach UCD. Cinntítear leis an gcreidiúnú sin, a bhfuil aitheantas ina leith ó Choimisiún na hEorpa, go bhfuil infreastruchtúr buan á chur ar fáil don bhailiúchán oidhreacht cultúir seo.
• • • • • • •
ó fhilí iomráiteacha ó fhilí atá ag teacht chun cinn ó fhilí a chuaigh ar imirce ó fhilí taibhréime ó fhilí avant-garde ó fhilí dátheangacha ó fhilí de dhiaspóra na nÉireannach
A REACAIR
Beidh reacaireacht le cloisteáil i dTaisce Aithris Filíochta na hÉireann:
COMHAR PÁIRTNÉIREACHTA Tá Taisce Aithris Filíochta na hÉireann faoi bhainistíocht Leabharlann UCD ó cuireadh ar bun í sa bhliain 2014. Bhí dlúthbhaint ag Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta agus ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis leis an aisling don chartlann a thabhairt i gcrích agus cuideoidh an taisce leis an gceangal tréan idir an teagasc, an scoláireacht agus suim na ndaoine i bhfilíocht na hÉireann a threisiú.
6
Tá obair i gcomhar ar siúl ag Leabharlann UCD freisin le hÉigse Éireann agus táthar buíoch as an deis oibriú le filí agus le lucht foilsitheoireachta na filíochta in Éirinn. Táthar ag tnúth chomh maith leis an bpáirtnéireacht a chothú mar chuid den tionscnamh seo agus táthar faoi láthair ag obair i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin chun a gcuid taifeadtaí d’aithris filíochta a thabhairt isteach sa Taisce i UCD.
CARTLANN A CHUIREANN LENA BHFUIL DEN FHILÍOCHT I UCD Tá Bailiúchán Filíochta UCD á thiomsú le ceathracha bliain anuas agus é faoin tráth seo ar bhailiúchán aonchineálach de chéadeagráin thábhachtacha, d’irisí litríochta agus de chnuasaigh ina bhfuil saothar le réimse forleathan filí ó dheireadh an 19ú céad go dtí linn an lae inniu. Tá an bailiúchán an-tréan maidir le filíocht na hÉireann
le hábhar i mBéarla agus i nGaeilge araon. Beidh d’ábhar breise anuas air an méid sin sa Taisce nua: • aithris filíochta agus físeáin a ghabhann leis sin; • lámhscríbhinní sínithe; • ábhar a bhaineann leis an bhfilíocht, mar shampla clár féile, mórbhileog nó póstaer.
7
BÍODH DO SHAOTHAR FÉIN SA TAISCE LEIS Táthar ag cur de réir a chéile le Taisce Aithris Filíochta na hÉireann. Tá an-fhonn orainn oibriú le filí, in Éirinn agus thar lear, chun taifeadadh a dhéanamh orthu ag aithris a gcuid filíochta d’fhonn filí nua agus ábhar nua a chur leis an mbailiúchán. Glactar buíochas leis na filí, cuid mhór acu ar baill d’Aosdána iad, a bhfuil saothar dá gcuid sa chartlann cheana féin as ucht am a chaitheamh leis go fial flaithiúil. Más rud é gur mhaith leat go mbeadh saothar de do chuid i dTaisce Aithris Filíochta na hÉireann, scríobh le do thoil chuig: ursula.byrne@ucd.ie, special.collections@ucd.ie, lucy.collins@ucd.ie bit.ly/irishpoetryreadings ©Leabharlann UCD, 2015. Le cúnamh ó Bord na Gaeilge UCD
Comhairle Contae County Council Dearadh: Melanie Simpson