1 minute read

Riachtanas Airgeadais do Mhic Léinn neamh-AE le hArdú go €10k i Mí Iúil

Ailbhe Noonan

Editor

Aistrithe ag Siothrún Sardina

D’fhógair an Roinn Dlí agus Cirt ardú ar riachtanas airgeadais go €10k in aghaidh na bliana do mhic léinn neamh-AE atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh in Éireann.

Ó mí Iúil 2023 feasta, beidh ar mic léinn ó thíortha taobh amuigh den AE cruthú go bhfuil €10k acu nó ag a n-urraitheoir in aghaidh na bliana mar thacaíocht dóibh agus iad ag máireachtáil in Eirinn le linn a gcúrsa oideachais.

Tá ardú tagtha ar an raichtanas airgeadais chomh maith do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí a leanann ar aghaidh ar feadh níos lú ná sé mhíosa. Beidh orthu cruthú go bhfuil ar a laghad €700 acu in aghaidh na míosa, nó €4.2k ar a iomláine, cibé ceann acu is ísle acu.

Sular tháinig an t-athrú seo, bhí riachtanas ar mic léinn ó thíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach táispeáint go raibh rochtain ar €7k acu nó ag a n-urraitheoir in aghaidh na bliana chun tacaíocht a bheith acu agus iad i mbun a staidéir in Éirinn. Bhí ar mic léinn ar chúrsaí a lean ar aghaidh níos lú ná 6 mhí a thaispeáint go raibh rochtain acu ar €500 in aghaidh na míosa nó €3k ar a iomláine, pé acu ab ísle.

This article is from: