16 minute read
Rí na gCat
ó Lios Póil go Daingean Uí Chúis
Roibeard Ó Cathasaigh
Advertisement
Beannachtaí na Bealtaine chugat, a léitheoir! Scéal tré scéal an turas seo agam, a thosnaigh le glaoch gutháin gan choinne óm dheartháir Liam san iarnóin ar an gcéad Domhnach den mhí seo, mar leanas: Liam: Heileo Roibeard, táim anso sa Daingean le Máirtín, agus ní chreidfeá cad tá os ár gcóir anso in airde ar fhalla cois Abhainn an Mheaill – cat rí-mhór gorm agus coróin ar a cheann. A’ gcualaís riamh fé Rí na gCat? Roibeard: Chuala go deimhin, ’Liam, blianta ó shin d’inis Micil Ó Briain, Na Dúnta, scéal dom fé conas mar a fuair Bóthar na gCat a ainm, agus fiú, dheineas a insint a thaifeadadh. L: Agus cá bhfuil Bóthar na gCat? R: Ceist mhaith,’Liam, ach dar le Micil, an bóthar úd ó Chrúibín na Muice ar thaobh na Min Airde suas thar Maoileann go hArda Mór, agus síos hÁth an Charbaill, agus as san le fánaigh dtín bhFothraigh.1 L: Sin eolas nua dom Rob. Agus tá fógra lena chois fén gceannteideal Mhiotaseolaíocht na hÉireann mar leanas: “Bóthar na gCat: Scéal idirnáisiúnta é seo le casadh áitiúil ina ndeirtear gur maraíodh Rí na gCat ar an mbóthar seo. Tá Bóthar na gCat fós le feiscint i Lios Póil inniu.” R: Ana-shuimiúil, ’Liam, agus is fíor é. Ba bhreá liom an cat úd d’fheiscint, a n-iarrfá ar Mháirtín pictiúr de a thógaint agus é ’sheoladh chugam, led thoil. L: Déanfad is fáilte (agus dhein is é foilsithe leis seo). Seo chugaibh, má sea, leagan Mhicil den scéal Bóthar na gCat, mar a d’inis sé dom é do thaifeadadh fise i 1982, agus díreoimid ar Rí na gCat sa Daingean ina dhiaidh sin.
Seo chugaibh, má sea, leagan Mhicil den scéal Bóthar na gCat, mar a d’inis sé dom é do thaifeadadh fise i 1982, agus díreoimid ar Rí na gCat sa Daingean ina dhiaidh sin.
Micil Ó Briain, Scéalaí na nDúnta (1907-1993)
Bóthar na gCat (1)
Roibeard: Anois inis dom i dtaobh Bhóthar na gCat, a Mhicil. Conas go bhfuair sé sin an ainm? Sin an bóthar a fheicimíd ansan amuigh anois. Micil: Sin é ansan agat é, soir go dtí an Crúibín thoir, agus siar go hÁth an Charbaill. Agus bhí tigh feirmeora ansan thiar agus bhí piscín beag cait acu agus bhí sé i gcónaí sáite sa luaith, bhí sé barradóite ag an dtine. Agus gan borradh ná méad ag teacht air, ach ghlaodar ainm ansan air Brothaillín na Luaithe. Ghlaoidíst air... R: Ar an bpiscín.
24 Corca Dhuibhne Beo
M: Ar an bpiscín. Ach chuaigh fear an tí ach go háirithe, pén áit a fuair sé an chéad chairt a tháinig amach, tháinig sé amach ag triail ar an gcairt agus bhí sé ansan anuas an bóthar díreach nuair léim smachtín de chat breacbán amach thar chlaí, agus do rith cruinn díreach isteach fé roth na cairte agus briseadh a dhroim, ní nach ionadh. Ach stad an tiománaí agus bhí faitíos ar an gcapall ag scread an chait, ach sheasaimh sé os cionn a’ chait agus d’fhéach an cat in airde idir an da shúil air, agus labhair an cat. Agus is é a dúirt sé: “Inis do Bhrothaillín na Luaithe gur mharaís Rí na gCat?” Agus as san go dtí an lá atá inniu ann, sé an ainm atá ar an mbóthar, Bóthar na gCat.
Rí na gCat - Fráma sailí, sreang, téad, cumhdach bolgóideach, páipéar agus gliú. Grianghraf le Máirtín Ó Cathasaigh
Rí na gCat i nDaingean Uí Chúis
Mhúscail glaoch Liam m’fhioscracht maidir le déantús Rí na gCat i nDaingean Uí Chúis – cé chruthaigh agus cad a spreag an gníomh cruthaitheach chuige? Ghlaos ar Mharie Uí Ghrífín na Min Airde níos déanaí an tráthnóna úd féachaint a raibh aon bhaint aici siúd le cruthú Rí na gCat? Sea, dhearbhaigh Marie dom go raibh sí mar bhall den mheitheal a chruthaigh, ach nárbh fhás aon lae a bhí ann, mar leanas: “I dtús na bliana 2020 tháinig meitheal le chéile fé bhrat Fhéile na Bealtaine, agus fé stiúir ag beirt fhear ó Mhuigh Eo – Tom Meskell agus Tommy Casby i bhfoirgneamh an Chomharchumainn thiar ar an nGlaise Bheag chun tús a chur leis na puipéid sráide a bheadh ag na scoileanna i mórshiúl Fhéile na Bealtaine sa Daingean.. Ba bheag a cheapadar ná tarlódh an pharáid, ach le teacht Covid cuireadh na ceardlanna ar ceal, le taispeántaisí leath-chríochnaithe. Pé scéal é, in earrach na bliana seo bhí orthu an láthair a fhágaint agus thug na rannpháirtithe pé gnéith de théama Ceilteach a bhí idir láimhe acu abhaile go dtína dtithe féinig chun an obair a chríochnú. Deantús papier mache a bhí sna tograí trí thomhaiseacha seo le framaí déanta as saileach, sreang, téad, cumhdach bolgóideach, páipéar agus gliú. Leanadh den obair go neamhspleách agus d’éirigh leo taispeántas bhreá a chruthú – ní gan dua, ach san ráite le sásamh. Maidir le Rí na gCat seo againn-ne, b’iad Grace agus Ciara Ní Mhuineacháin a dhathaigh é go h-ealaíonta dúinn.”
Finscéal Logánta
Is finscéal logánta an scéal seo. ’S’iad saintréithe an fhinscéil sa bhéaloideas ná gur cuntas gairid ar eachtra bunúsach amháin a bhíonn ann. Instear mar scéal fíor é, cé nach fíor in aon chor é. Tagraíonn an finscéal d’am is d’áit chinnte, ach d’fhéadfadh an scéal a bheith luaite len alán áiteanna eile i bhfad ó bhaile. Tá os cionn céad leagan den scéal idir leaganacha Gaeilge agus Béarla i dtrí chontae feichead na hEireann.2
Bóthar na gCat (2)
Seo leagan eile den scéal a bhailigh Pádraig Ó Súilleabháin i gCinn Aird ó “sheanfhear d’arbh ainm Tomás Ó Grífín a bhí suas le 80 bliain nuair a cailleadh é timpeall an bliana 1923.” 3 Tá aithne agaibh go léir ar Bhóthar na gCat, bóthar doimhin dorcha atá ag rith ó Cinn Aird a’ Teampaill go dtí Áth a’ Charbail. Seo scéal i dtaobh ainm an bhóthair sin. Bhí duine de muintir Iarlaithe sa Daingean lá agus capall iallaite a bhí aige. Bhí sé déanach go maith agus an oíche titithe nuair a bhí sé ag cur na trá anall de, mar aicearra mór ab ea an tráigh (An Tráigh Bheag). Aníos tríd an dTobar leis agus soir an bóthar go dtí Bóthar na gCat. Ní fada suas ann a bhí sé nuair b’shiúd chuige amach na cait – na mílte acu, agus iad ag glamghail is ag léimrigh i d’iarraigh teacht air. Ní mór nár thit an t-anam as féin agus as an gcapall. San únfairt dóibh do ráinigh leis an gcapall a chos a chur anuas ar chat maith mór, agus do ligh sé scréach bháis as, agus ar iompó na baise bhí na cait uile go léir glanta as a radharc agus gan aon aithreachas air. Bhí an cat mór i ndeire na feide agus do labhair sé: ‘Nuair a raghair abhaile,’ ar seisean, ‘abair le Murchadh gur mharaís Ádhamh ceann-urra na gcat.’ Bhí ionadh a chroí ar an bhfear, ach ó ba rud é ná raibh aon aithne aige ar aoinne den ainm sin ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé. Chomáin sé leis agus é go buíoch den tslí ’nar chuaigh sé as. Nuair a shrois sé an baile, do chrom sé ag cur síos dóibh ar na nithe a thit amach dhó. Bhí seanachat dóite gan mhaitheas in aice na teine agus nuair a chualaidh sé an sgéal do chuir sé mí-aua as. Chuir sé ceann eile níos daimhairí as, thug sé léim as a chorp agus chuaigh sé ceangailte i scórnaigh an fhir, agus b’éigean an ceann a ghearradh dhe sarar féadadh é réiteach.
Clabhsúr
Sin agaibh dhá insint éagsúla ar an scéal céanna ó dhá thaobh an pharóiste, agus ar a laghad leathchéad bliain idir na h-insintí. Ní h-amháin sin, ach tá teacht againn ar dhá insint eile den scéal céanna ó Lios Póil (a roinnfead lá níos faide anoon), a léiríonn a fhorleithne is a bhí an scéal i dtraidisiún na muintire lá dá raibh. Cá bhfios ná go mairfigh a cháil ar a laghad glúin nó dhó eile a bhuíochas do Rí na gCat i bhFéile na Bealtaine 2021!
FOCLÓIR:
Mhúscail-wake/stir, fiosracht-curiosity, ceann urra-chief, déantús-creation, ceardlann-workshop, taispeántas-exhibition, rannpháirtithe-participants, téama-theme, finscéal logántalocal legend, eachtra-adventerous journey/event, leagan-version, únfairt-fumbling, chomáin> tiomáin-drive, forleathan-widespread, cumhdach bolgóideach- bubblewrap.
1 Tuairim eile gur ó Áth an Charbaill síos go Crosaire an Fhothraigh a ritheann Bóthar na gCat. 2 Is finscéal taistil idirnáisiúnta é Rí na gCat a théann siar go Plutarch na Gréige (c.50120 A.D.). Rangaíonn R.T. Christiansen é in The Migratory Legends mar Thíopa 6070B. 3 Foinse/Source: Bailiúchán na Scol, Scoil Ladhar an Chrompáin, Dubh Áth, Co. Chiarraí, CBÉS. 0407:401-3-2; Pádraig Ó Súilleabháin (OS) ó Chinn Aird ó dhúchas, a bhreac sa lámhscríbhinn. An t-ábhar seo á fhoilsiú le cead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, www.dúchas.ie. Litriú comhaimseartha curtha agama ar théacs an scéil (Mhúin Pádraig Ó Súilleabháin mé i ranganna 4-6 i Scoil Chluain Chumhra, Lios Póil ó 1962-5). . Táim buíoch do Mharie Uí Ghrífín a chuir an foinse seo ar mo shúile dom, agus dá tacaíocht gan cháim i dtreo an ailt chomh maith.
Albam nua Mhéabh Ní Bheaglaoich
Debut solo album by Méabh Ní Bheaglaoich
Ar fáil ag / Available now in Seed & Soul café Dingle agus meabhmusic.com
An raibh fhios agat.. / Did you know? Tá focail áirithe i nGaelainn Chorca Dhuibhne nach ndeirtear chomh mór i gcanúintí eile. / There are certain words in Corca Dhuibhne Irish which aren't used as often in other dialects.
Nótáltha - excellent / iontach; go diail Póirseáil - rummaging / ag cuardach rud éigin Fuíollach - a lot (the remnants) / go leor (a bhfuil fágtha) Chuir sé an pip orm - it annoyed me / chuir sé isteach orm
Clipithe - tormented / cráite Cén cinn is fearr leatsa? / What are your favourites?
Suribhé ar an bPlean Teanga / Survey on the Plean Teanga
Tá Survey Monkey seolta anois agus tá deis agat do thuairim a nochtadh ar an bPlean Teanga. Ba bhreá linn cloisint uait! Beidh deis tuairim a roinnt gan d'ainm a thabhairt, agus fós a bheith istigh ar dhuais a bhuachaint. Dearbháin €200, €100 agus €50 atá ar fáil. Tá leagan Gaelainne agus Béarla den gceistneoir ar fáil. Tiocfaidh tú ar an suirbhé ar ár suíomh idirlíon, ar na meáin shóisialta, nó ar an Cód QR sa phóstaer. Líon an Suirbhé inniu! www.tinyurl.com/tobardhuibhne We've launched a Survey Monkey online now and you'll have the opportunity to give your opinion on the Language Plan. We'd love to hear from you! It's an anoynmous suvey, with a chance to win a prize at the end. The questionnaire is available in Irish and English. Fill in the Survey today! www.tinyurl.com/tobardhuibhne Is féidir scannáil a dhéanamh air seo le ceamara d'fhóin agus tabharfaidh sé go dtí an suirbhé tú. / Scan this QR Code with your phone to fill in the survey!
Fógraí: Imeachtaí & ócáidí / Events
Scéim Ghnó / Business Scheme
Faigh tacaíochtaí teanga do do ghnó! Aistriúchán, comhairle, comharthaí agus Cleachtadh Cainte don bhfoireann ar fáil. Cláraigh roimis an 21ú Bealtaine. Féach ar ár linktree againn
Comhghairdeachas le hAoife Ní Chíobháin a bhuaigh an teideal "An Duine is Aclaí" ósna Ceantair Ghaeltachta ar fad mar chuid de Chomórtas Reatha na Gaeltachta le déanaí! Mór an spórt í!
nó cuir r-phost go pleanteanga@cfcd.ie le clárú. Spásanna teoranta i mbliana don scéim phíolóiteach seo. Avail of language supports for your business! Translation, advice, signage and Speaking Practice available for staff available. Register before the 21st of May. Look at our linktree on social media or send us on e-mail on pleanteanga@cfcd.ie to register. Spaces limit this year for this pilot scheme.
Feachtas #SeoÍAnGhaeltacht
Beidh feachtas #SeoÍAnGhaeltacht ar siúl i mbliana idir an 1ú agus an 7ú Meitheamh. Úsáid an haishchlib ar na meáin ar fad agus tú ag póstáil ar Instagram, Facebook, Twitter, TikTok nó eile agus bainfear sult as blaiseadh des na ceantair Ghaeltachta ar fad an tseachtain seo. Beidh duais mhór airgid le buachaint don úsáid is fearr den haishchlib - €1,000! Bí ag cuimhneamh air!
Comórtas Reatha na Gaeltachta
Comhghairdeachas mór groí leis an 70 duine i gCorca Dhuibhne a chríochnaigh Comórtas Reatha na Gaeltachta! Deinimid comhghairdeachas speisialta le hAoife Ní Chíobháin a bhuaigh an teideal don nDuine is Aclaí as na ceantair Ghaeltachta ar fad, agus 749 km déanta aici thar thréimhse 4 seachtaine! Éacht ollmhór! Bhain gach éinne ana thaitneamh as an gcomórtas agus spreag sé daoine gabháilt amach ón dtigh le linn na dianghlasála.
Daoine le Gaelainn ag teastáilt!
Bíonn Tobar Dhuibhne sa tóir ar Áisitheoirí, daoine a bheadh sásta Cleachtadh Cainte agus imeachtaí teangan eile a stiúradh ar líne agus beo. Bí i dteagmháil - níl ach teastáilt ach fonn cabhrach agus Gaelainn ar ardchaighdeán! Scoláireachtaí - Teastas i Múineadh na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne) le Maigh Nuad Beidh Dioplóma ar Líne, ag tosnú mí Mheán an Fhómhair le hOllscoil Mhaigh Nuad. Táille €600 a bheidh ar an gcáilíocht seo, ach beidh Tobar Dhuibhne méid teorannta leath-scoláireachtaí a bhronnadh ar dhaoine gur spéis leo cur isteach ar an gcúrsa san. Cuir focal chugainn do tuilleadh eolais
Tomhais na coicíse
Is cuma cé chomh minic nó annamh a úsáideann tú mé, athraíonn tú mé gach aon mhí. Cad is ea mé?
Cuir freagra chugainn @tobardhuibhne ar Instagram, ar WhatsApp nó ar r-phost! Freagra & buaiteoirí an eagráin seo chaite: Leac oighir (nó tuar ceatha / boghaisín) Órla, Séaghan Ó Súilleabháin, Lisa Ní Ghairbhí, Jean Ní Fhearghaile, Coiste Pleanala Teanga na Mí
Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha Bí ag caint linne le Tobar Dhuibhne ar na meáin - Facebook, Twitter nó Instagram. Inis dúinn cad é do Phlean Teanga féin?
Ríomhphost: pleanteanga@cfcd.ie Suíomh Idirlín: www.tobardhuibhne.ie
Fón oifige: (066) 9156 100 – brúigh 3 do Thobar Dhuibhne John Prendergast & Cristín de Mórdha j.prendergast@cfcd.ie & c.demordha@cfcd.ie 087 376 9538 087 377 9337
Maurice Kavanagh Cabs
4 Seater 087-6553399 8 Seater 087-3932333
West Kerry Gardening Services ervices
Grass Cutting-large & small areas, pitches, schools, houses etc. Hedge Trimming ◆ Power Washing ◆ Weed Control Experienced & Insured ◆ No job too Big or Small Anything from a one off job to a yearly contract.
St. Mary’s Parish, Dingle.
Parish Masses: We are happy to say that public Masses in the Parish resumed on Monday May 10th. Anybody who wishes to attend weekdays Masses are welcome to do so. No booking required. Mass schedule on weekend of May 15th/16th - St Mary’s Dingle at 6.15pm on Saturday and 11.30am on Sunday. Mass in Seipéal Naomh Caitlín, Fionn Trá will be celebrated at 7.30pm on Saturday. Booking is required for the weekend Masses. You are asked to phone the office at 066-9151208 to let us know what Mass you would like to attend. By booking you are helping us to plan for how many may be in attendance. Please phone at the following times only: 2.30pm – 4.30pm, Wednesday, Thursday and Friday giving your name and number of persons (if more than 1). When you get to the Church you are asked to use the Hand Sanitizers provided and follow instructions from the stewards. Your cooperation is very much appreciated. The Sunday obligation is lifted, therefore any Mass will fulfil your obligation. The following will apply in line with the Government guidelines: (i) Communion can only be received in the hand at this time. (iv) No kneeling, just to sit and stand only. (v) Come in good time. (vi) Please place your offering for the offertory collection in the building fund boxes at the back of the churches as passing of baskets is not permitted. (vii) We ask that you observe social distancing at all times.
Please Note: If you wish to attend Mass on May 15th/16th in the Parish of Dingle please contact the parish office at the above times. Mass Schedule for Annascaul Parish on weekend of May 15th/16th – Sacred Heart Church, Annascaul 7.30pm on Saturday and St Josephs Church, Inch at 10.00am on Sunday. No Booking necessary for Masses in the Parish of Annascaul. Copies of the Mass Schedule are available at the back of each Church and at dingleparish.ie. We continue to pray for all those who have had their lives and livelihoods affected by the Corona Virus in our own Country and throughout the world especially the people of India. In particular, we pray for those who have died, those who suffer, those who mourn and those who help. If you would like to support the people of India at this difficult time visit trocaire.org, make your donation and indicate that you want your donation to support the present crisis in India. We also wish the business people of the town and beyond well at the time of reopening. Online giving. You can make a donation to the Parish online by clicking on the Donate button on www.dingleparish.ie. Baptisms: Congratulations on the birth of your child. Baptisms are now permitted, if you wish to arrange a baptism, please contact the Parish Office 066-9151208.
The rosary is recited each evening during the month of May, at 7pm in St Mary’s Church. Rosary sheets are available on the website and at the back of the Churches. Also available on the webcam
WEEKEND (Colour Coded)
Saturday: Dingle 6.15pm, Camp 6.15pm, Annascaul 7.30pm, Carrig 7.30pm. Sunday: Baile an Fheirtéaraigh 10.00am, Lispole 10.00am, Dingle 11.30am, Castlegregory 11.30am
WEEKEND (Colour Coded)
Saturday: Dingle 6.15pm, Cloghane 6.15pm, Annascaul 7.30pm, Ventry 7.30pm. Sunday: Dún Chaoin 9.00am, Baile an Fheirtéaraigh 10.00am, Inch 10.00am, Dingle 11.30am, Castlegregory 11.30am.
SUIRBHÉ THOBAR DHUIBHNE
Roinn do thuairim ar Phlean Teanga Chiarraí Thiar
WWW.TOBARDHUIBHNE.IE, AN CÓD QR & AR NA MEÁIN SHÓISIALTA
Share your opinion on the West Kerry Language Plan Duaiseanna le buachaint / Prizes to be won
Have your tyres fitted at home or work, wherever suits you
Ramhainn caillte amach as mótar le mí anuas ar an mbóthar i nDún Chaoin timpeall ar Chrosaire Kruger. Scéal nó téacs go 087 417 5282
Annascaul Allotments Summer Sale
Annascaul Allotments are holding a summer sale this Sunday 16th May from 2-4pm. All bedding plants, shrubs, vegetables plants and flowers at bargain prices. Come along and support this wonderful community organisation. Enjoy the browse and pick out some of your favourites. All welcome.
Just take the Kilduff turn on the N86 and it's on your left. Contact Noel ph. 087 2184757 for further info.