West & Mid Kerry Live issue 308

Page 24

Rí na gCat ó Lios Póil go Daingean Uí Chúis Roibeard Ó Cathasaigh Beannachtaí na Bealtaine chugat, a léitheoir! Scéal tré scéal an turas seo agam, a thosnaigh le glaoch gutháin gan choinne óm dheartháir Liam san iarnóin ar an gcéad Domhnach den mhí seo, mar leanas: Liam: Heileo Roibeard, táim anso sa Daingean le Máirtín, agus ní chreidfeá cad tá os ár gcóir anso in airde ar fhalla cois Abhainn an Mheaill – cat rí-mhór gorm agus coróin ar a cheann. A’ gcualaís riamh fé Rí na gCat?

M: Ar an bpiscín. Ach chuaigh fear an tí ach go háirithe, pén áit a fuair sé an chéad chairt a tháinig amach, tháinig sé amach ag triail ar an gcairt agus bhí sé ansan anuas an bóthar díreach nuair léim smachtín de chat breacbán amach thar chlaí, agus do rith cruinn díreach isteach fé roth na cairte agus briseadh a dhroim, ní nach ionadh. Ach stad an tiománaí agus bhí faitíos ar an gcapall ag scread an chait, ach sheasaimh sé os cionn a’ chait agus d’fhéach an cat in airde idir an da shúil air, agus labhair an cat. Agus is é a dúirt sé: “Inis do Bhrothaillín na Luaithe gur mharaís Rí na gCat?” Agus as san go dtí an lá atá inniu ann, sé an ainm atá ar an mbóthar, Bóthar na gCat.

Roibeard: Chuala go deimhin, ’Liam, blianta ó shin d’inis Micil Ó Briain, Na Dúnta, scéal dom fé conas mar a fuair Bóthar na gCat a ainm, agus fiú, dheineas a insint a thaifeadadh. L: Agus cá bhfuil Bóthar na gCat? R: Ceist mhaith,’Liam, ach dar le Micil, an bóthar úd ó Chrúibín na Muice ar thaobh na Min Airde suas thar Maoileann go hArda Mór, agus síos hÁth an Charbaill, agus as san le fánaigh dtín bhFothraigh.1 L: Sin eolas nua dom Rob. Agus tá fógra lena chois fén gceannteideal Mhiotaseolaíocht na hÉireann mar leanas: “Bóthar na gCat: Scéal idirnáisiúnta é seo le casadh áitiúil ina ndeirtear gur maraíodh Rí na gCat ar an mbóthar seo. Tá Bóthar na gCat fós le feiscint i Lios Póil inniu.” R: Ana-shuimiúil, ’Liam, agus is fíor é. Ba bhreá liom an cat úd d’fheiscint, a n-iarrfá ar Mháirtín pictiúr de a thógaint agus é ’sheoladh chugam, led thoil. L: Déanfad is fáilte (agus dhein is é foilsithe leis seo). Seo chugaibh, má sea, leagan Mhicil den scéal Bóthar na gCat, mar a d’inis sé dom é do thaifeadadh fise i 1982, agus díreoimid ar Rí na gCat sa Daingean ina dhiaidh sin. Seo chugaibh, má sea, leagan Mhicil den scéal Bóthar na gCat, mar a d’inis sé dom é do thaifeadadh fise i 1982, agus díreoimid ar Rí na gCat sa Daingean ina dhiaidh sin.

Rí na gCat - Fráma sailí, sreang, téad, cumhdach bolgóideach, páipéar agus gliú. Grianghraf le Máirtín Ó Cathasaigh

Rí na gCat i nDaingean Uí Chúis Mhúscail glaoch Liam m’fhioscracht maidir le déantús Rí na gCat i nDaingean Uí Chúis – cé chruthaigh agus cad a spreag an gníomh cruthaitheach chuige? Ghlaos ar Mharie Uí Ghrífín na Min Airde níos déanaí an tráthnóna úd féachaint a raibh aon bhaint aici siúd le cruthú Rí na gCat? Sea, dhearbhaigh Marie dom go raibh sí mar bhall den mheitheal a chruthaigh, ach nárbh fhás aon lae a bhí ann, mar leanas: “I dtús na bliana 2020 tháinig meitheal le chéile fé bhrat Fhéile na Bealtaine, agus fé stiúir ag beirt fhear ó Mhuigh Eo – Tom Meskell agus Tommy Casby i bhfoirgneamh an Chomharchumainn thiar ar an nGlaise Bheag chun tús a chur leis na puipéid sráide a bheadh ag na scoileanna i mórshiúl Fhéile na Bealtaine sa Daingean.. Micil Ó Briain, Scéalaí na nDúnta (1907-1993)

Bóthar na gCat (1) Roibeard: Anois inis dom i dtaobh Bhóthar na gCat, a Mhicil. Conas go bhfuair sé sin an ainm? Sin an bóthar a fheicimíd ansan amuigh anois. Micil: Sin é ansan agat é, soir go dtí an Crúibín thoir, agus siar go hÁth an Charbaill. Agus bhí tigh feirmeora ansan thiar agus bhí piscín beag cait acu agus bhí sé i gcónaí sáite sa luaith, bhí sé barradóite ag an dtine. Agus gan borradh ná méad ag teacht air, ach ghlaodar ainm ansan air Brothaillín na Luaithe. Ghlaoidíst air... R: Ar an bpiscín. 24 Corca Dhuibhne Beo

Ba bheag a cheapadar ná tarlódh an pharáid, ach le teacht Covid cuireadh na ceardlanna ar ceal, le taispeántaisí leath-chríochnaithe. Pé scéal é, in earrach na bliana seo bhí orthu an láthair a fhágaint agus thug na rannpháirtithe pé gnéith de théama Ceilteach a bhí idir láimhe acu abhaile go dtína dtithe féinig chun an obair a chríochnú. Deantús papier mache a bhí sna tograí trí thomhaiseacha seo le framaí déanta as saileach, sreang, téad, cumhdach bolgóideach, páipéar agus gliú. Leanadh den obair go neamhspleách agus d’éirigh leo taispeántas bhreá a chruthú – ní gan dua, ach san ráite le sásamh. Maidir le Rí na gCat seo againn-ne, b’iad Grace agus Ciara Ní Mhuineacháin a dhathaigh é go h-ealaíonta dúinn.”


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.