5 minute read
Loch Croite i bParóiste an Clocháin
Roibeard Ó Cathasaigh
Beannachtaí geala chugat, a léitheoir, agus súil agam go bhfuilir slán sláintiúil i ré seo an amhrais. Ar an gcéad ásc, ní mór dom a lua gur spreagadh nach beag dom dearbhú uaibh go bhfuil m’ailt á léamh is ábhar plé ag éirí astu. Comhairle ó léitheoir feasach amháin go mbíonn cuid dem abairtí rófhada, agus an ceart aige! Thugabhair an foclóir lem alt deiridh fé ndeara, é ann ar iarratas ó roinnt agaibh a deir liom gur dúshlán nach beag daoibh cuid den dtéarmaíocht im ailt. Tá súil agam go mba chúnamh daoibh a leithéid, is beidh mar nós agam feasta. Sea, bhí de phríbhléid agam iarnóin draíochtúil a chaitheamh i nGleann Seanachoirp ar an Leitriúch lem dheartháir Míchéal, le linn dúinn turas a thabhairt ar Loch Croite le déanaí. “Loch Croichte”1 atá ag an Seabhac air, suite “go hard suas ar chliathán an chnuic (Bréanainn) fé bhun na háirdleacan” dar leis. B’fhada im cheann gur mhaith liom taiscéal a dhéanamh ar abhantrach an locha úd.
Advertisement
Comhthéacs
Bhí m’aintín Eily (deirfiúr lem Dhaid ‘Bill Casey’ a mhúin ar feadh na mblianta i mBunscoil Bhaile Uí Dhuinn, Clochán) pósta le Jack O’Dowd ‘Jack Dowd’ mangaire éisc ó Chlochán Bréanainn, agus iad lonnaithe go cluthair i dtigh scópúil cois faille le radharc ar an gCé i mBréanainn acu. Ba nós lenár gclann turas a thabhairt ar an ngaolta láistíos de chnoc gach samhradh, agus ba lá dár saol gan dabht Domhnach na nDowd’s i mBréanainn. N’fheadar éinne na sceitimíní a bhíodh orainn ag réiteach dár sciuird Domhnaigh thar Chonair anuas go Bá Bhréanainn. Ál na gCathasach ag taisteal i VW uaithne ZX 1566, agus an t-ál céanna ag bláthú thar na mblianta go dtí go raibh dáréag againn ann fé dheireadh na seascaidí. D’fhág san sinn fáiscthe isteach sa bheetle beag idir thosach is chúl is urrann os cionn an innill i gcúl na cairte. Níorbh olc san, ach chomh cinnte is atá cros ar asal, ní túisce Mullach Conrach curtha dinn againn agus sinn ag sní le fánaigh, ná go mbuaileadh babhta urlacain Mícheál, an triú duine clainne. N’fheadar ná gur sceimhle roimis na bhfailltreacha silteacha a bhí ag tumadh os gach cor is cúinne ar an gconair romhainn ba bhun leis, nó go rabhamair róbhrúite sa chairt bheag! Pé cúis, bhíodh Mícheál bocht réidh lena bhuicéidín don mbrúchtadh a bhí le teacht, bliain i ndiaidh bliana. Ó, Dia linn, Dia linn, ní raibh fuascailt i ndán don mbuachaillín mánla go sroichimis port easa Loch an Pheidléara leathmhíle síos an bóthar toisc an bóthar a bheith róchúng chun stad. Ba mhór an faoiseamh dó is dúinn-ne ar fad tuirlingt den gcairt ar an lantán aerach úd, agus ar chuma na ngabhar sléibhe dreapadh suas go Pedlar’s Lake sara mbuailimis bóthar in athuair. Ba thuas ar bhruach an locha úd a leagas súil den gcéad uair ar an gcom mar a raibh Loch Croite go hard trasna an ghleanna uainn.
Loch Croite
Sea, Satharn geal i lár Meán Fómhair seo chaite fuaireas mo sheans, ar deireadh thiar, port Loch Croite a bhualadh den gcéad uair. Bhí Mícheál mar threoraí agam (is é chomh folláin le breac Loch Croite an turas seo!) toisc taithí aige siúd ar an ndúthaigh úd le fada an lá. Tar éis dúinn an chairt a fhágaint ag deireadh an bhóthairín sa Ghleann, dreapamair linn go socair ag leanúint ciumhais na habhann bige a shníonn as an loch. Tar éis leathuaire nó mar sin ag lúbadh go leanúnach i gcoinne an aird, cad é mar radharc a nochtadh ag béal an locha romhainn - léinseach ag síneadh go gléineach go ciumhais an choire i gcéin uainn. De réir mar bhogamair timpeall an locha, bhí léasa gréine ag scinneadh de shleasaibh Chnoc Bréanainn agus boilgíní solais ag lasadh uiscí lútála an locha – i bParthas dúinn! Parthas do gheolaithe an dúthaigh seo chomh maith, mar go bhfuil inti bunfhianaise ar ghníomhú na hoighearaoise 20,000 bliain ó shin, gan aon mhilleadh uirthi idir an dá linn. Seo mar a thráchtann Treasa Ní Dhubhda 2 (1935-2007) ar leá an oighir agus a thionchar ar an dtírdhreach máguaird, mar leanas: “Is féidir gluaiseacht an oighir a shamhlú gan móran dua anso, agus é ag déanamh a bhealach ó dheas. Áit a bhfuil na locha, is léir gur íslíodh an gleann go tobann anseo ag breis oigir a tháinig amach as na coirí ar a gcliatháin dheiseal. Níl ach sruthán beag ag taoscadh na loch, agus tá easa idir Loch an Leacan agus Loch Croichte. Tá deifríocht idir dhá thaobh an ghleanna – an cliathán ar chlé réidh cothrom agus an cliathán ar dheis briste bearnach.”
Loch Croite
Grianghraf le Roibeard Ó Cathasaigh
Mo ghuí, ar deireadh, nára rófhada uaim an lá go leagfad súil ar Loch na Leacan ná fuil ach 450 méadar lastuas de Loch Croite, suite ar an gcéim is airde d’U-ghleann uaibhreach Sheana-choirp i bParóiste an Chlocháin.
FOCLÓIR
Spreagadh-encouragement, dearbhú-assurance, feasachknowledgeable, téarmaíocht-terminology, príbhléid-privilege, lonnaithe-settled, urrann-compartment, cluthair-comfortable, sceitimíní-excitement, fáiscthe-squeezed, urlacan-vomit, sceimhleterror, silteacha-dripping, faoiseamh-relief, tuirlingt-come out, lantán-grassy patch, com-cirque, léinseach-smooth tracht of water, ciumhais-edge, lúbadh-bending, léasa-rays of light, scineadh-bouncing, boilgíní-bowls, lútála-lapping, parthas-paradise, geolaithe-geologists, tírdhreach-landscape, máguaird-environs, coire-corrie, dearbhúassurance, easa-waterfall, deiseal-clockwise. 1 Féach Pádraig Ó Siochfradha, Triocha-Céad Chorca Dhuibhne (BÁC 1939), lch. 231: ‘Loch Croite’ a mhol An Dr. Breandán Ó Cíobháin do litriú comhaimseartha ar an logainm úd. 2 Féach ‘Rian an Oighir ar Dhúthaigh an Chlocháin i Leithinis Chorca Dhuibhne, i gCiarraí’ – tráchtas neamhfhoilsithe don Chéim BA ó Ollscoile na hÉireann, Gaillimh, fé stiúir ag an Ollamh Breandán S. Mac Aodha, 1971, le Treasa Ní Dhubhda, Baile na Leacan, Clochán Bréanainn, Co. Chiarraí. Táim buíoch dá deirfiúr Máiréad as cead a thabhairt dom an sliocht úd as an tráchtas a fhoisliú anso.
Painter & Plasterer Repairs
Interior / Exterior House Maintenance, Power Hosing Fully Insured Call Paudie on 087 9947927 Paudie O'Connor 087-9947927
Pat Kearney Domestic Appliance Repair
Washing Machines - Cookers-
Tumble Dryers - Fridge Freezers - Dishwashers
Est. 1989. Spare Parts Available. New Appliances Installed
087-2565569