GREANN... Thug Úna a mac óg chuig Marcus an táilliúir le culaith nua a fháil. Nuair a bhí siad ag teach amach as an siopa, thosaigh sé ag cur fearthainne go trom agus taobh istigh de cheathrú uaire, thosaigh an chulaith ag cnapadh—na muinchillí suas go dtí na huillinneacha agus osáin an bhríste go dtí na glúine. Nuair a chonaic Úna seo, thion-
taigh sí ar ais chuig an siopa le léasadh teanga a thabhairt do Mharcas as drochéadach a thabhairt di. Nuair a chonaic Marcas ag teacht isteach í agus sula raibh seans aici a béal a oscailt, ar seisean: “A Dhia na Glóire, a Úna, nach gasta a d’éirigh sé mór, bail ó Dhia air!
“Bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom, is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo Róisín Dubh.”
PAIDIR LE SEÁN BÁN MAC GRIANNA Go sábhála Mac Dé thú ar thinneas nó ar phian, Go sábhála Sé arís thú ar imní nó ar chian. Go dtuga Sé pléisiúr do do chroí i do chliabh, Nollaig faoi aoibhneas agus rath ar an bhliain.
2
RÓISÍN DUBH (FEAR GAN AINM, CIRCA 1602) A Róisín ná bíodh brón ort fé'r éirigh dhuit: Tá na bráithre 'teacht thar sáile 's iad ag triall ar muir, Tiocfaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir 'S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.
Is fada an réim a léig mé léi ó inné 'dtí inniu, Trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir; An éirne is chaith mé 'léim í, cé gur mór é an sruth; 'S bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh. Mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit, Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort 's ní inné ná inniu; D'fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruthNá feall orm is mé i ngean ort, a Róisín Dubh. Shiubhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt, Mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil. A chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom -'S gurab í fíor-scoth na Mumhan í, mo Róisín Dubh. Dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc, is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo Róisín Dubh, Bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom, is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo Róisín Dubh.
Beidh an Éirne 'na tuiltibh tréana is réabfar cnoic, Beidh an fharraige 'na tonntaibh dearga is doirtfear fuil, Beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith, Lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róisín Dubh.
AN IOMÁNAÍOCHT
Glactha ó Bhunreacht an Chumann Lúthchleas Gael.
GAELCHAINT Labhair Fearghal Mag Uiginn linn i mí na Nollag i dTeach an Chumair mar chuid de na sraith caitenna éagraithe ag Craobh Chonradh na Gaeilge Sheáin de Búrca. Sa chaint luí Fearghal go mór ar thábhacht an Ghaeilge labhartha in athbheochan na Gaeilge.
I mbliana beidh an Chumann CLG áitiúil, Seán Uí Mhistéil, ag tabhairt faoi thraenáil d’fhoireann iománaíochta faoi aois 6 anseo i gClóidigh. Is í an chumann is sine sa chontae agus nuair a cuireadh tús leis an chumann 129 bliain ó shin bhí an iománaíocht mar chuid de. Le himeacht aimsire d’éag an spórt iontach seo an cheantair, ach anois tá athbheochan ann. Tá scaifte bhreá ag dul i mbun treanála agus i mbun ceannasaíochta ar an spórt seo i gClóidigh chun an iománaíocht a bheith mar chuid de thaipéis an chultúir sa cheantar bríomhar gaelach seo. Go n-éirí linn!
Chuir Fearghal agus a mhac clár le chéile don bhunfhoghlaimeoir bunaithe ar éispiris an Chumann Lúth-Chleas Gael agus thug said GaelcHaint ar an chlár foghlama seo. Má tá suim agat sa chlár seo a theagasc i do chumann áitiúil déan teagmháil liom ag bradymusicacademy@gmail.com agus bhéarfaidh mé seoladh ríomh-phosta Fearghail duit. Aontaím le Fearghal go bhfuil an CLG in áit iontach te sa tír seo agus gur féidir an eagraíocht seo a úsáid chun an Ghaeilge a neartú. Níl sa chlár foghlama seo ach áis eile atá dírithe orthu siúd a bhfuil suim acu I gcúrsáí spóirt, go háirithe sa CLG.
3
LORG AN BHÉARLA Lorg an Bhéarla
Gaeilge
Thit mé isteach san abhann.
Thit mé amach ar an abhann.
Labhair mé leis ar an ghúthan ní ba luaithe.
Chonaic mé é ar a 9in, ach labhair mé leis ar an ghúthan ní ba luaithe.
Tá poll sa talamh/ i mo bhríste.
Tá poll ar an talamh/ ar osan mo bhríste.
Ní thig leis dathanna a fheicéil mar Tá sé dall ar na dathanna. is ceart. Shiúil sí suas na staighrí.
Shiúil sí suas an staighre.
Scar mé na bréagáin idir dhá ...
Scar mé na bréagáin ar dhá...
TUISMITHEOIRÍ AGUS PÁISTÍ Seo frásaí chun cuidiú le tuismitheoirí atá ag foghlaim na Gaeilge agus páistí an Ghaeilge a labhairt sa bhaile roimh am scoile. Le do thoill (le-do-hol) - please Go raibh maith agat (go-row-my-ogit) Thanks Éirigh! (ear-eee) - get up! Ar mhaith leat…? (aer-y-lat…?) - Would you like…? Bricfeasta (brick-fes-ta) - breakfast Culaith scoile (kul-ee-skull-a) - scoil uniform Ubh (iv) - egg
Uibheacha (iv-a-ha) - eggs
Brachán (bra-han) léite (lay-cha) - Porridge Arán rósta (aran-ross-ta) - Toast Im (im) - butter Bainne (bway-nya) - milk Sú oráiste (sue-or-is-cha) - orange juice
4
Sú úll (sue-oooo-ill) - apple juice Ar aghaidh linn (aer-ayy-linn) - let’s go.
Déan do chuid - ith do bhia.
Ba cheart duit dáimh a bheith agat le do mhuintir/ chairde scoile - Ba choir go raibh nasc láidir agat le do mhuintir nó dó chairde scoile.
Déan an fhírinne liom gan cur leis nó baint dó - inis dom, ina iomláine, cad é go díreach a tharla.
Níl mé ach ag déanamh cuideachta leat - in áit níl mé ach ag magadh leat.
Tá Séamas ag déanamh as dó féin anois - Tá sé ag obair dó féin.
Rinne mé an obair nuair a fuair mé cúl mo mhúinteora liom - Rinne mé an obair nuair a thiontaigh mo mhúinteoir thart.
Gabh isteach sa siopa agus ceannaigh luach do chuid airgid.
(Broken Irish is better than Clever English!)
Seans go mbeidh cuid do na frásaí seo thíos ina chuidiú sa bhaile nó ar scoil.
Is fearr Gaeilge Bhriste, ná Béarla Cliste!
GAEILGE SHNASTA!
SEAN-FHOCAIL NA MÍOSA
Beatha teanga, í a labhairt!
5
SONRAÍ TEAGMHÁLA
SRAITH CAINTEANNA—AN GHAEILGE
• Gúthán: 07874838776 • Ríomh-phost: bradymusicacademy@gmail.com • Teach an Chumair, Clóidigh, Co. Dhoire, BT47 4JA • CanG Sheáin de Búrca https://www.facebook.com/ cnagcloidigh/ • Brady Music Academy https://www.facebook.com/ Brady-Music-Academy348696748642386/? ref=bookmarks
Conradh na Gaeilge,
Seo sraith cainteanna a d’eagraigh craobh Sheáin de Búrca de Chonradh na Gaeilge. Tá trí chaint fágtha sa raith. Cainteanna a léiríonn buanna na Gaeilge dúinn
agus muid ag amharc ar logainmneacha, stair na hÉireann agus ar shlointe áitiúla. Tá saorchéad isteach ag na cainteanna seo agus tá fáilte mhór roimh chách!
Craobh Sheáin de Búrca, Clóidigh, Co. Dhoire. LOGAINMNEACHA—LEIS AN DR. NIALL COMER Béarla
Gaeilge
Ciall
Aughlish
Eaglais
Church
Drumslieve
Droim Sliabh
Ridge of the Mountain
SAN EAGRÁN SEO
Gallany
Gallanaigh
Place of standing stones
Paidir le Seán Bán Mac Grianna ................................................ 2
Derrychrier
Doire an Chriathair
Oakwood of the quagmire
Róisín Dubh ............................ 2 GaelcHaint .............................. 3 An Iománaíocht ...................... 3
Lorg an Bhéarla ...................... 4 Cúpla Focal ............................. 4 Gaeilge Shnasta ...................... 5 Logainmneacha ...................... 6 An Piarsach ............................. 7 Saibhreas na Gaeilge .............. 7 An Coirnéal Ceoil………………….8
6
RANGANNA CEOIL Beidh na ranganna ceoil ag toiseacht ar 09.01.19 arís. Gach oíche Chéadaoin bíonn ranganna ceoil tráidisiúnta againn i dTeach an Chumair anseo i gClóidigh, Co Dhoire. Tá ranganna feadóg stáin, cairdín, bodhrán, cláirseach, bainseo, amhránaíocht, feadóg mhór agus giotár againn. Más suim leat bheith ar na ranganna seo linn ní mór duit d’uirlis féin a bheith agat agus teagmháil a dhéanamh le Pól ar 07874838776 nó ríomh-phost a chur chugainn ag bradymusicacademy@gmail.com
GAEL STAIRIÚIL NA MÍOSA - AN PIARSACH Ainm: Pádraig Mac Piarais (1879—1916) Post: Príomhoide Scoil Éanna, Baile Átha Cliath. Eagarthóir ar nuachtán sheachtainiúil Conradh na Gaeilge ‘An Claidheamh Soluis’ (1903—1909) File, scríbhneoir ghearrscéalta agus amhráin, agus Gaeilgeoir a bhí ann a d’fhág á lorg ar litearthacht na Gaeilge. Scríobh sé aiste faoin córás oideachais Sasanach a bhí in Éirinn san am dar teideal ‘The Murder Machine’ agus an t- amhrán clúaiteach ‘Óró Sé do Bheatha Bhaile’. Tá an líne seo san amhrán sin, ‘Sé do bheatha a bhean ba leanmhar ... ach ar scríobh an Piarsach sin, nó ar scríobh sé an focal Banbha - seanainm na tíre seo? ‘Sé do bheatha a Bhanbha leanmhar … Fágfaidh mé sin fúibh féin...
SAIBHREAS NA GAEILGE Níor lig sé a cnámh leis an mhadadh - He couldn’t be imposed upon.
Ní ligfeadh an náire dúinn sin a dhéanamh air. - we couldn’t do that to him.
Bíodh trí splaideog chéille agat— Have a little bit of sense.
Níor thug …… bás aon duine riamh. - Nobody ever died from ……
Gabh anall anseo - Come here
Níl contúirt ar bith báis air. - He’s in no danger of dying.
Ní raibh mo lúchair ar aon duine riamh. - Nobody was ever as happy as I was. Agus chan sásta a bhí mé - And I wasn’t happy about it. Bhí mé ag iarraidh cluain a choinneáil ar na deora - I was trying to hold back/ hide my tears.
7
AN SEANCHAILLEACH AG AN CHUINNEOG.
AN COIRNÉAL CEOIL
Seo port atá ar cheirnín de chuid an Bothy Band, ar The Long Grazing Acre leis an píobaire clúiteach Paddy Keenan agus ar dlúthcheirnín Clann Mhic Eoin, píobairí as Bhaile Átha Cliath, dar teideal Dusty Millar. Sa leabhar the Fiddler’s Companion deir Caoimhín Mac Aoidh gur cheart an Seanchailleach sa Chuinneog a thabhairt ar an phort seo. De réir an tseanchais ba gnáth le cailligh dul isteach sa chuinneog chun im úr a ghoid. Bhí fúath acu ar an phort seo agus cheol muintir na hÉireann í agus iad ag déanamh ime chun an ruaig a chur ar na cailligh ghránna. Droch rud a bhí ann, duine imeacht ón chuinneog sula mbeadh an im réidh.
Cailín as Aontroim An scéal a bhí le seo ná cailín a bhí ann a thit i ngrá le captaen loinge; d’imigh sé is cailleadh é san fharraige, agus nuair nach dtáinig sé ar ais chuici shíl sí gur thréig sé í. Ach oíche amháin bhí sí ag siúil léi féin agus casadh uirthi é, dar léi, ach chan é fhéin a bhí ann ach taibhse.
Cáilín as Aontroim (Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, 1934) Bhí mé lá Geimhridh ‘siúil gleanntaí chois móinfhéir, Agus casadh dom an cúilín le cuim an tráthnóna; D’fhiafraigh mé de m’annsacht, cér b’ainm daoithe, an réalt eolais, “Mise an cúlfhionn as Aontroim is iníon Chuinn Uí Dhómhnaill.”
‘Á bhfeicfeadh sibh an cúilfhionn is a cúl leis an tuinn, Cíor óir ina láimh aici agus í ag cíoradh a cinn; Ars’ an captaen breá Gaeil leis a mate a bhí ar a loing, “Gur bh’fhearr liom agam fhéin í ná Éire gan roinn.”
‘Á bhfeicfeadh sibh an cúlfhionn ‘gus í ‘siúil ar a’ mhóinfhéar ‘Ach dlaoi léithe mar an ómra, agus fáinn’ óir ar ‘ach éar léi; A gruaidhe mar na rósaí bíos Féil’ Eoin in ’ach gáirdín, Is Conn ag déanamh spóirt nuair a bhí an tseod seo ar lámh leis. ***Tá dhá véarsa eile san amhrán seo***