2008 Ard-Fheis

Page 1



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

TREOIR DO LEABHAR A hARD-FHEISE

LTH.

1. Na Rialacha Seasta ................................................................................................ 2. Tuairisc an Uachtaráin .......................................................................................... 3. An Eagraíocht: 3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht ........................................................................ 3.2. An Fhoireann .............................................................................................. 3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais .................................. 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ............................................................................ 3.5. Tuairisc Timireachta ................................................................................... 3.6. Na Cuntais Airgid 2007 .............................................................................. 3.7. An Bailiúchán Náisiúnta ............................................................................ 3.8. Síntiús na nGael ......................................................................................... 3.9. Comhbhrón ................................................................................................. 4. Tuairiscí na dTograí 4.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ...................................................................... 4.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe ....................................................... 4.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach .................................................................... 4.4. Tuairisc Togra Luimnigh............................................................................. 4.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ......................................................................... 5. Tuairisc Clódhanna Teoranta ................................................................................ 6. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha: 6.1. Tuairisc Ógras ............................................................................................ 6.2. Tuairisc Oireachtas na Gaeilge ................................................................. 6.3. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo. ............................................... 6.4. Tuairisc An Coimisiún le Rincí Gaelacha .................................................. 7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2008 ................................................................... 8. Rúin na hArd-Fheise 2008 .................................................................................... 9. Torthaí ar Ghlór na nGael 2008 ............................................................................ 10. Miontuairiscí Ard-Fheis 2007, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo ...................... 11. Aitheasc an Uachtaráin ag Ard-Fheis 2007 ........................................................ 12. Miontuairiscí na hArd-Fheise Speisialta 2008 ................................................... 13. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí An Chonartha ................................... 14. Nollaig Ó Gadhra ................................................................................................ 15. Sonraí Teagmhála ............................................................................................... 16. Uachtaráin Chonradh na Geailge ........................................................................

5 6 15 16 17 18 22 24 28 32 32 35 36 39 41 43 45 46 49 52 56 59 63 71 72 78 86 90 100 101 102

Le cabhair ó:

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

3


CAOL DÍREACH go ceann scríbe!

Ní gá dul amú a thuilleadh Tá bealach glan romhat Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi éascóidh www gaeilge ie do thuras

No roundabouts here Let the information superhighway take you where you want to go with the Irish language Just log on to www gaeilge ie for the quickest route to the information you need

Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC áit gur féidir leat: • cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas nua faoi ar an suíomh) nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú

Check out the NASC classified ads where you can: • post an ad to request or advertise a course/ event • register your area of interest to get alerts when new info is posted or • search for what’s available in your neighbourhood And much more It’s never been easier to connect with the Cyber gaeltacht!

Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear ghaeltacht inniu!

do nasc leis an teanga your link to the language T: / (T É ) R: eolas@forasnagaeilge ie


Conradh na Gaeilge

1. A RIALACHA SEASTA 1. Cúig nóiméad don té a mholann rún. Trí nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. 2. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná trí nóiméad. 3. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. 4. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. 5. Is é 35 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. 6. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé muna gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. 7. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

8. Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá mbeidh i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. 9. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d'acmhainní na heagraíochta. 10. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. 11. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don ArdOifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. 12. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

COISTE G Ó CHO RADH A GAEILGE 2007-08

Ar chúl agus ó chlé: Breandán Ó Cathasaigh, Seamus Ó Coisdealbha, Domhnaill Ó Loingsigh, Seán Ó Drisceoil, Pádraig Mac Donncha, Jacqueline Uí Mhuirí, Aoife Ní Scolaí (Tánaiste) Sa lár agus ó chlé: Proinsias Ó Maolchalain, Tadhg Ó Rodaigh, Peadar Mac Fhlannchadha (Timre Náisiúnta), Seán Ó Ceallaigh, Celine Ní Chóchlaigh, Pádraig Mac Fhearghusa, Máire Ní Laoire Chun tosaigh agus ó chlé: Seán Ó hAdhmaill, Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí), Dáithí Mac Cárthaigh (Uachtarán), Caoimhín Ó Cadhla, Lisa Ní Choisdealbha, Tomás Mac Ruairí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

5


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

2. TUAIRISC A UACHTARÁI 2007-08 Fearaim fáilte romhaibh go léir chuig Ardfheis Chonradh na Gaeilge .i. fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá fáilte roimh chách anseo mar is iad an oscailteacht agus an daonlathas príomhláidreachtaí an Chonartha. Seo an fóram daonlathach ina dtagann muid le chéile mar ghníomhairí teanga agus mar phobal teanga chun scothchleachtais maidir le cosaint, le cur chun cinn agus le hathréimniú na Gaeilge a phlé agus a chraobhscaoileadh i spiorad comhoibríoch agus chun tacú le hobair a chéile agus le feachtais a chéile ó cheann ceann na tíre agus i gcéin. Níl aon chontrárthacht ag baint le bheith páirteach i nGlór na nGael agus i gConradh na Gaeilge nó i nGaelscoileanna agus i gConradh na Gaeilge nó go deimhin in eagras deonach ar bith pobail nó Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Ní contrárthacht í. Is comhiomlánú é. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Is cinnte go n-áiseoidh na socruithe nua ó thaobh ballraíocht aonair agus ó thaobh ionadaíocht áitiúil ag an gCoiste Gnó an comhoibriú rannpháirteach seo mar aon leis an socrú cead cainte ar na rúin a bheith ag cuairteoirí le cead na hArdfheise. Le trí bliana anuas tá béim ar leith curtha againn ar bheartais oifigiúla a imreoidh tionchar fadtéarmach ar chúrsaí na Gaeilge. Ní foláir cuimhneamh gur ceannaíodh go daor gach céim chun tosaigh agus nár baineadh aon cheann acu amach gan obair dheonach le feachtais le stocaireacht agus le cásanna cúirte. Is é sin le rá ar nós gach gluaiseachta fhorásaí eile. Tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den Aontas Eorpach de thoradh fheachtas leathanbhunaithe rannpháirteach STÁDAS a comhordnaíodh as Ardoifig Chonradh na Gaeilge. Tá maolú sealadach i gceist maidir le méid na ndlíthe atá le cur ar fáil go fóill as Gaeilge. Baintear míbhrí

6

Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

as an maolú seo, áfach, chun céim síos a thabhairt don Ghaeilge in Institiúidí Eorpacha áirithe le beannacht Rialtas na hÉireann. Ní gá ach comparáid a dhéanamh idir an méid Gaeilge ar shuíomh idirlín an Choimisiúin agus an fhíric náireach nach bhfuil focal Gaeilge ar shuíomh idirlín na Parlaiminte. Tá an maolú le hathbhreithniú roimh 2011 agus ní foláir fáil réidh léi. Idir an dá linn, ní foláir do Rialtas na hÉireann a chur in iúl don Pharlaimint go bhfuil an Ghaeilge chomh hoifigiúil le teanga ar bith eile agus nach foláir í a aithint agus a úsáid ar a suíomh idirlín cosúil leis an 22 teanga oifigiúil eile. Sin ráite, ní fios ach na buntáistí fadtéarmacha a leanann an stádas seo. Tá cúrsa do dhlítheangeolaithe ar siúl in Óstaí an Rí le dhá shamhradh anuas agus cuirfear an chéim abhcóideachta-le-dlí (BL) ar fáil ón mbliain acadúil 2009-10 ar aghaidh. Seo rud nach dtarlódh go deo gan an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil Eorpach agus í mar dhroichead isteach chun croí an Aontais ag institiúid ar bith ar mian léi leas a bhaint aisti.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Sa chomhthéacs seo, áfach, is fíordhroch-chleachtas cur chuige Thithe an Oireachtais bille a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid as Béarla amháin formhór mór an ama agus iad a aistriú go Gaeilge agus iad achtaithe. Cuireann billí as Béarla amháin cosc de facto ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais toisc nach féidir leasú Gaeilge a mholadh ar bhille Béarla. Tá impleachtaí troma bunreachtúla agus baint leis an gcleachtas seo agus níl aon chiall leis. Más féidir an tiontú a chur ar fáil ag deireadh na Dála is féidir é a chur ar fáil ag tús na Dála. Seo gníomh simplí ar bheagán coastais a chuirfeadh go mór le stádas agus le húsáid na Gaeilge ag an leibhéal is airde: Déantar é. Is eagraíocht uile-Éireann sinn agus táimid rannpháirteach san fheachtas chun Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart. Is é tuaisceart na hÉireann an t-aon dúiche sna hOileáin seo nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dhúchais inti. Ní ceist í seo do thaobh amháin de phobal an Tuaiscirt seachas a chéile. Murach traidisiún láidir Gaeilge an chreidimh leasaithe ní chuirfí Conradh na Gaeilge ar bun an chéad lá riamh. Fáiltímid roimh an mbeartas i gComhaontú idirnáisiúnta Chill Rímhinn Acht na Gaeilge a reachtú don Tuaisceart agus leanaimid orainn rannpháirteach san fheachtas go dtí go mbaintear amach é. Ní hionann Airí áirithe ó thuaidh a bheith ag tacú le hAcht na Gaeilge agus iad a bheith saor ó dhualgas polasaí láidir Gaeilge a bheith ag an Roinn a bhfuil siad i gceannas orthu idir an dá linn. Ag éirí as sin, tá srath cruinnithe ar bun ag Conradh na Gaeilge leis na hAirí agus leis na ranna ó thuaidh atá sásta bualadh linn chun na polasaithe seo a fhorbairt. Is sampla iontach é seo de scothchleachtas a bheith á roinnt ag an Ardoifig, ag an Conradh go háitiúil

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

(Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge), agus ag POBAL agus ACHT. Tá leabharlann aighneachtaí curtha againn faoi bhráid comhlachtaí poiblí ó dheas maidir le scéimeanna teanga agus le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith le haighneacht maidir le pleananna forbartha contae faoi ainmneacha Gaeilge ar eastáit nua agus pleanáil sa Ghaeltacht.

An Ard-Fheis Speisialta, Aibreán 2008

Tá oidhreacht theanga go leor ceantar Gaeltachta i mbaol ag forbairt mhíchuí agus in éagmais polasaí náisiúnta ceart chun gnás labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a láidriú. Mar shampla idir 1996 agus 2002 tógadh 39 teach eastáit sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ann ó 74% go 68%. Sa Rinn, Co. Phortláirge thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó 60% go 43% sa tréimhse céanna, tráth a tógadh 34 teach eastáit ann. Ag éirí as an bhfíric seo phléigh an Conradh an ghéarchéim seo ag seiminéar an Oireachtais i 2004 agus chuamar i bpáirt leis na pobail Ghaeltachta i gcomhair le AIRDEALL faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun an scéal a leigheas. Ghlacamar páirt in éisteacht mhuintir an Spidéil, na bhForbacha agus Bhaile an

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

7


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Fheirtéaraigh os comhair an Bhoird Phleanála chun coinníollacha teanga cearta a fhorchur ar fhorbairtí cónaithe sa Ghaeltacht agus d’éirigh linn sa chomhfhiontar seo. Tá an Bord Pleanála sásta coinníollacha teanga a fhorchur ach ní foláir don phobal áitiúil an t-achomharc a dhéanamh chucu agus ní foláir a dheimhniú go gcuirtear i bhfeidhm na coinníollacha teanga ina dhiaidh sin.

An Tionól Gaeltachta 2008 ar Inis Oírr

Tá taoide na pleanála casta ag Caomhnóirí na Gaeltachta i Rinn Ó gCuanach agus craobh áitiúil nua de Chonradh na Gaeilge curtha ar bun acu. Tá siad ar bís chun a gcuid taithí, saineolas agus scothchleachtas a roinnt ar mhuintir na Gaeltachta ar fud na tíre ó thaobh na hoibre seo de agus cuirimid fáilte rompu anseo inniu. Ar ndóigh, is chuige sin atá an Conradh ann: chun craobhscaoileadh agus comhoibriú den saghas seo a áisiú agus a éascú. In ainneoin na trá i gcúrsaí tógala faoi láthair, maireann an ghéarchéim agus céatadán na gcainteoirí Gaeilge ag titim le méid mór daoine gan Ghaeilge ag ceannach tithe agus ag bogadh isteach sa Ghaeltacht. Tá moltaí sonracha dréachtaithe ag Conradh na Gaeilge maidir le foirmliú agus cur i bhfeidhm coinníollacha teangeolaíocha pleanála

8

Ghaeltachta chun na fadhbanna seo a leigheas. Tá moltaí Chonradh na Gaeilge i dtaobh coinníollacha teangeolaíochta agus dúchasacha Gaeltachta i gcomhthéacs na treorach soiléire atá tugtha go leanúnach le blianta beaga anuas ina thaobh seo ag an mBord Pleanála ach nach bhfuil á leanúint ná á cur i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla go léir atá i gceist go fóill. Tá siad bunaithe ar chomhchomhairle le daoine sna ceantair Ghaeltachta éagsúla. Tá sé mar fhís ag an gConradh go mbeadh daoine a fuair oiliúint i nGaeilge sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di, in Éirinn nó thar lear, sároiriúnach mar in-imircigh chun na Gaeltachta, áit a gcabhróidís chun an daonra agus céatadán na gcainteoirí Gaeilge líofa a ardú. Leanfar á mbrú leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil. Tá meath leanúnach maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Ní foláir dúinn glacadh leis gur fórsa diúltach sna cúrsaí seo ardstátseirbhísí na Roinne nach bhfuil dada déanta acu chun an meath seo a leigheas ach a thapaíonn gach deis chun scothchleachtais cosúil le tumoideachas Gaeilge agus an luath-thumadh iomlán a ionsaí agus a chosc. Níl san scéala go bhfuair 14% de na mic léinn Ardteiste díolúine ón Gaeilge acu toradh dhíogras na ndaoine seo atá tiománta in aghaidh na Gaeilge. Nach iontach go ndéantar talamh slán de nach féidir le páiste a thagann isteach sa chóras oideachais Éireannach ag aois 11 bliana dul le Gaeilge agus nach bhfuil aon structúr in áit chun ligean dó nó di sin a dhéanamh. Seo iarracht den chiníochas agus diúltaímid dó. Nach iontach go bhfuil daltaí a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge i mbun Fraincis agus Gearmáinis a fhoghlaim? Nach iontach go bhfuair 4% gan trácht ar 14% díolúine ón gcúrsa bonnleibhéil Ardteiste?

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Tá moltaí fiúntacha curtha ag Conradh na Gaeilge faoin Roinn Oideachais faoi chonas teacht as an tsáinn seo bunaithe ar dhá chomhdháil idirnaisiúnta a d’eagraíomar i gColáiste na Tríonóide leis na páirtithe leasmhara chun scothchleachtais maidir le múineadh teangacha agus le múineadh na Gaeilge a chraobhscaoileadh.

Léacht an Chonartha le Dónal Ó hAiniféin

Molaimid tumoideachas bliana Gaeilge d’ábhair oidí bunscoile; molaimid an B.Ed. a bheith ar fáil trí mhéan na Gaeilge chun freastal ar earnáil na Gaeilge. Molaimid an luaththumadh iomlán de réir rogha na scoile. Molaimid ábhar eile ar nós spóirt, ealaín nó drámaíocht a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaltaí bunscoile agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil ar bhonn píolótach chun an cleachtas seo a fhorleathnú. Molaimid an tumadh iomlán níos deanaí i scoileanna Béarla a bhfuil cúpla sruth iontu .i. rogha a thabhairt go múinfí sruth amháin acu as Gaeilge i ranganna 3, 4 agus 5 m.sh. agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil ar bhonn píolótach chuige sin. Molaimid córas dara leibhéil a thabharfadh aitheantas do scileanna na mac léinn sa tuiscint, sa labhairt, sa léamh agus sa scríobh de réir an fhráma choiteann Eorpaigh agus a

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

thabharfadh an t-aitheantas cuí don obair a bhaineann le hobair acadúil na litríochta. Molaimid córas nár ghá díolúine faoi. In ionad gníomh dearfach bunaithe ar obair an Chonartha agus ar ár gcuid moltaí cad a tháinig chugainn ó Shráid Mhaolbhríde ach Imlitir 44/2007 a d’fhéach le cosc a chur le luath-thumadh iomlán sna scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna agus murach crógracht Scoil Mhic Easmuinn anseo i dTrá Lí agus Ghaelscoil Nás na Ríogh a thóg an tAire chun Ardchúirte bheadh an cosc sin i bhfeidhm. Seasaimid le feachtas Ghaelscoileanna go dtarraingeofaí siar Imlitir 44/2007 agus go ndéanfaí taighde ar bhonn uile-Éireann ar an luath-thumadh iomlán, modh dála an scéil a bhfuil lántacaíocht Stormont aige. Léiriú eile ar dhrochmhéin seo na Roinne Oideachais is ea an ghéarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta i gcomparáid leis an tacaíocht iomlán a chuireann an Stát ar fáil do scoileanna áirithe nua Béarla. Is pobal amháin teanga sinn idir Ghaeltacht agus Ghalltacht. Tá na fadhbanna céanna againn agus tabharfaimid aghaidh orthu gualainn ar ghualainn. Tá éacht déanta ag muintir Árainn Mhóir agus seirbhís mheánscolaíochta trí Ghaeilge bainte amach acu. Is mór an náire go mb’éigean dóibh dul chun dlí chuige sin ach sin é an saol agus caithfimid plé leis. Tá craobh den Chonradh curtha ar bun ag coiste Gaeilge an Chomharchumainn a bhí i mbun na hoibre seo agus is mór againn iad a bheith linn. Tuigeann an Rialtas go bhfuil uair na cinniúna buailte linn maidir leis an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht acu le bliain anuas. Ní foláir don Ghaeltacht a bheith ina haonad polaitiúil agus riaracháin a riarfaí trí mheán na Gaeilge agus go dtabharfaí le fios gurbh é

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

9


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

dualgas gach duine a thagann chun cónaithe inti an Ghaeilge a thabhairt leo agus seasamh léi mar theanga an phobail. Tá moltaí fiúntacha curtha faoi bhráid an Rialtais ag foireann an staidéir ach is ionsaí ar pholasaí tumoideachais Phobalscoil Chorca Dhuibhne an chéad fhreagra a tháinig ón Roinn Oideachais. Tá fo-choiste ar bun ag an Rialtas chun moltaí an staidéir a bhreathnú. Bhuail siad lena chéile uair amháin le bliain. Nil sé seo inghlactha. Éilíonn géarchéim gníomh. Ainneoin aighneachtaí a bheith á lorg agus plé á dhéanamh ar phlean 20 bliana don Ghaeilge, gan beartais láidre chun an Ghaeltacht a thabhairt slán mar phobal teanga ba dheacair mórán muiníne a chur i bplean ar bith Gaeilge eile de chuid an Rialtais go háirithe i bhfianaise droch-chroí na Roinne Oideachais. Níl aon chúis nach bhfuil na Rialacháin faoi alt 9 de Acht na dTeangacha Oifigiúla sínithe fós ag an Aire Ó Cuív. Tá moladh tuillte aige as go leor dá bhfuil déanta aige. Tá cáineadh tuillte aige as moill na mblianta maidir le síniú na rialachán seo a chinnteoidh dearadh dátheangach ar chomharthaí comhlachtaí poiblí, ar stáiseanóireacht agus i bhfógraí réamhthaifeadtha ó bhéal. Tá cáineadh tuillte aige freisin nach bhfuil comharthaí bóthair, lógónna, gnó lasmuigh den Stát ná fógráin san áireamh agus go bhfuil spriocdháta chomh fada uainn le 2026 luaite iontu. Is eagraíocht sinn atá beag beann ar pholaitíocht pháirtí. Ní cás linn mar eagraíocht ach an Ghaeilge. Tá cead againn easaontú faoi ábhair eile ach is é leas na Gaeilge a thugann le chéile sinn. Sheasamar in aghaidh pholasaí oideachais Fhine Gael go mbeadh an Ghaeilge roghnach don Ardteist mar ba ghá an seasamh sin a thógaint. Mhíníomar an fhíric go dtiteann an tóin as líon na ndaltaí a roghnaíonn teanga seachas

10

ábhar eile muna dtugtar am agus spás ar leith don dara nó don tríú teanga mar chuid éigeantach den churaclam.

Cuairt ar an gComisinéir Orban sa Bhruiséil

Ó éiríodh as teanga seachas Béarla a bheith éigeantach don GSCE tá, mar a bhí tuartha, titim tubaisteach i líon na mac léinn a dhéanann ábhar teanga don scrúdú sin: 78% i 2001, 59% i 2005 agus 46% i 2007. Tá toradh an droch-chinnidh seo le feiceáil sa Tuaisceart freisin agus an Ghaeilge agus teangacha eile á dtréigint ag mic léinn agus ag scoileanna i bhfabhar ábhair atá “níos éasca”. Níl locht orthu. Sin nádúr an duine. Caithfear an córas a leasú agus an t-ilteangachas a bheith mar chroí-aidhm an chórais oideachais ó thuaidh agus ó dheas i dtiúin le beartas an Aontais Eorpaigh. Sheasamar in aghaidh pháirtithe an Rialtais freisin faoi mar a léirigh mé thuas. Sheas go mion minic agus seasfaimid arís. Molaimid an deaghníomh is cuma cad as a dtagann sé agus cáinimid an dul amú is cuma cad as a dtagann sé. Ar ndóigh mar dhaoine agus mar chainteoirí Gaeilge is fearr linn na deiseanna comhoibrithe le polaiteoirí seachas iallach a bheith orainn iad a cháineadh as drochbheartais. Chuige sin tá an-tábhachtach ag baint le cur i láthair agus stocaireacht. Cuireadh polasaithe an Chonartha os comhair Airí Rialtais ó

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

thuaidh agus ó dheas, os comhair urlabhraithe páirtithe polaitiúla agus os comhair comhchoistí den Oireachtas. D’éirigh linn próifíl ard sna meáin Ghaeilge agus Bhéarla a fhorbairt agus a choimeád chun ár bpolasaithe agus dearcadh phobal na Gaeilge a chur os comhair mórphobal na hÉireann. Tá meán nua dár gcuid féin againn anois ó tá stáisiún raidió Gaeilge don Óige, Raidió RÍRÁ ar fáil ar fud na cruinne ar an idirlíon a bhuíochas sin don Chraobh Raidió. Arís tar éis cainte in aer an Stáit le fada is iad an pobal agus an Conradh a rinne an beart. Caithfimid súil chun cinn. Tá sé tráthúil tabhairt faoi fheachtais simplí sothuigte a bhainfeadh ollchorr chun leasa i gcúrsaí na Gaeilge agus a gheobhadh tacaíocht fhorleathan. I mbliana ag Seiminéar an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge pléifear pacáistiú ar earraí, comharthaí bóthair agus cóid phoist. Is ag Seiminéar an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge is ea a cuireadh tús leis na feachtais seo a leanas ar éirigh leo: STÁDAS (2003), Pleanáil sa Ghaeltacht (2004), Staisiún Raidió don Óige (2007) agus is mithid tabhairt faoi arís. I dtíortha eile a bhfuil dhá theanga oifigiúla acu is dlúchuid den saol poibli agus príobháideach an dátheangachas sin. Tá an oiread céanna Fraincis agus Béarla ar an mbosca challóga arbhair fud fad Cheanada. Mar an gcéanna maidir le Fraincis agus Duitis sa Bheilg nó Fionnlannais agus Sualannais san Fhionnlainn. Gníomh simplí gan chostas ar bith ar an Stát a bheadh ina leithéid de riachtanas anseo. Pléifear é seo tuilleadh ag an Oireachtas. Níor thuig mé riamh an tosaíocht a bhíonn ag an leagan truillithe “Béarla” ar an mbunleagan ceart Gaeilge de logainmneacha na tíre ar chomharthaí bóthair na hÉireann. Go deimhin, ardaíonn sé ceisteanna bunúsacha bunreachtúla. Tá staidéar coimisiúnaithe ag an gConradh ar leagan amach dátheangach

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

comharthaí bóthair agus pléifear é seo tuilleadh ag an Oireachtas. Is cosúil gur cóid phoist bunaithe ar an logainm truillithe “Béarla” atá beartaithe ag an Rialtas sa mhéid agus is féidir a dhéanamh amach. Más féidir le pobal na hÉireann tacú go fíochmhar dílis le peileadóirí agus le hiománaithe leis an logainm Gaeilge ar chúl a gcuid geansaithe acu, tacóidh siad chomh fíochmhar céanna le cód poist bunaithe ar an logainm sin. D’fhéadfaí freisin cód poist uimhriúil amháin a cheapadh. Pléifear é seo tuilleadh ag an Oireachtas.

Ag Gaelú na Gardaí sa Teampall Mór

Tá ollthionscnamh romhainn mar eagraíocht nach féidir a chur siar a thuilleadh. Éiríonn linn míorúiltí a bhaint amach ach ceal acmhainní ní bhíonn leanúnachas ann. Braitheann ár gcuid oibre i bhfad an iomarca ar iarrachtaí agus ar íobairtí aonair, rud a bhánaíonn an té a thugann faoi agus a shrianaíonn an fhaid gur féidir leis nó léi leanúint ar aghaidh. Ní foláir dúinn aithint go mbíonn an obair dheonach agus na híobairtí aonair seo ar siúl ag foireann uile an Chonartha chomh maith leis na baill agus le fírinne níos minice. Ceal achmainní níl dóthain timirí againn a thacódh le craobhacha ar fud na tíre agus a dhéanfadh comhdhlúthú ár gcuidne iarratachtaí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

11


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

mar eagraíocht náisiúnta. Tá diúltaithe ag Foras na Gaeilge bliain i ndiaidh bliana do gach plean timireachta atá curtha faoina mbráid againn. Tá Uimhir 6 Sráid Fhearchair i ndrochstaid ar fad agus tá diúltaithe ag Foras na Gaeilge aon ranníocaíocht a dhéanamh ar é a dheisiú.

Ag vótáil ar son na bunreachta nua

Ar ndóigh, oireann sé go breá do Fhoras na Gaeilge agus don Rialtas go bhfágtar sinn ag braith ar iarrachtaí agus ar iobairtí aonair den chuid is mó. Oireann sé dóibh sinn a bheith ann as agus laincís agus bac orainn agus constaic mhór romhainn dul ar aghaidh chuig an gcéad leibhéal eile. Ní oireann sé áfach don Chonradh ná gluaiseacht na Gaeilge. Teastaíonn Ceannáras i mBaile Átha Cliath ar ábhar bróid é dúinn go léir. Cultúrlann MacAdaim-Ó Fiaich i gceartlár na Príomhchathrach. Páirc an Chrócaigh againne féin. Tá na heagraíochtaí seo a leanas sásta teacht isteacht agus oifigí a thógail ina leithéid de Lárionad, sa bhreis ar na heagraíochtaí atá againn cheana féin: Gaelscoileanna Teo, Forbairt Naíonraí Teo., an Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo. agus táimid ag labhairt le heagraíochtaí eile faoi láthair. Cuimhnigh ar an bhfuinneamh, ar an gcomhoibriú agus ar an dóchas a ghinfeadh a leithéid sin.

12

Tá an Stát sásta airgead a infheistiú ar áiseanna spóirt (€110 milliún do Pháirc an Chrócaigh agus €191 milliúin ar Bhóthar Lansdún) ar amharclanna (€3.8 milliúin do téatar an Smock Alley i mBarra Temple le déanaí) agus ar árais opera (€26 milliúin euro i Loch Garman) agus is ceart sin. Beidh cruinniú againn leis an Taoiseach ar 8 Deireadh Fómhair agus éilímid cothrom na hinfheistíochta don Ghaeilge. Is cuma cé acu an mbeartaíonn an Coiste Gnó nua 6 Sráid Fearchair a dheisiú agus/nó a fhorbairt nó dul i dtreo suímh nua beidh airgead agus neart airgid le bailiú. Le feidhmiú mar eagraíocht náisiúnta pobail agus feachtais ní folair dúinn timire a bheith againn i ngach cúige mar chéim i dtreo timire i ngach contae. Ní foláir airgead a bhailiú chuige sin agus is sinne a chaithfidh é a bhailiú: Tá síntiús na nGael ann mar áis bhailithe airgid a thugann faoiseamh cánach don deontóir. Níl ag éirí chomh maith leis agus a d’fhéadfadh agus caithfidh sé seo athrú. D’fhéadfaí an bailiúchán náisiúnta feabhsú. Ní foláir portfolio infheistíochta náisiúnta don Chonradh a chur faoi bhráid an phobail agus síntiúis a lorg lena aghaidh faoi mar a rinne Lá, faoi mar a dhéanann gach scoil agus gach séipéal sa tír. Ní foláir coirmeacha ceoil a eagrú, crannchuir a eagrú, díolacháin earraí agus cácaí a eagrú agus dul i mbun gach seift bhailithe airgid. Níl aon duine againn ró-uasal nó ró-íseal don tasc seo. Is fúinn féin atá sé níl éinne chun teacht i gcabhair orainn ach má chuirimid chuige déanfaimid éacht. Gníomh dóchais agus misnigh ar son tíre agus teanga. Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


An Státchóras agus an Ghaeilge Tá líon agus caighdeán na seirbhísí stáit trí Ghaeilge le méadú ar bhonn eagraithe

Beidh sé de cheart agus de rogha agat níos mó de do chuid cumarsáide leis an státchóras a dhéanamh i nGaeilge le teacht i bhfeidhm fhorálacha an Achta Teanga.* Tá na Ranna Rialtais, na húdaráis áitiúla, na húdaráis sláinte agus na hinstitiúidí oideachais 3ú leibhéal, chomh maith le gníomhaireachtaí, boird agus cuideachtaí stáit, faoi scáth an Achta. Cruthófar deiseanna nua don teanga i saol poiblí na tíre. * Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Bí ar an eolas faoi do chearta teanga faoin Acht An bhfuil breis eolais uait? An bhfuil fadhbanna nó gearáin agat? www.coimisineir.ie An Spidéal, Co. na Gaillimhe Glao Áitiúil 1890-504-006 Fón 091-504006 Facs 091-504036 eolas@coimisineir.ie



Conradh na Gaeilge

3. A EAGRAÍOCHT

3.1. COISTÍ AGUS IO ADAÍOCHT

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Donnchadh Ó hAodha; Seán Ó hAdhmaill; Julian de Spáinn; Peadar Mac Fhlannchadha Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Gnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana:

An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 26 Bealtaine 2007 agus atoghadh Eoghan Mac Cormaic mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. D’éirigh sé as ar 26/01/08 agus toghadh Aoife Ní Scolaí mar an Tánaiste nua ag cruinniú an Choiste Ghnó ar 01/03/08. Reáchtáladh 11 chruinniú de Choiste Gnó an Chonartha ó Ard-Fheis 2007 go 30/08/08.

Comhdháil áisiúnta na Gaeilge An tUachtarán, Dáithí Mac Cárthaigh An tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn (Ionadaí)

An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 23 Meitheamh 2007. Toghadh Dáithí Mac Cárthaigh ina Chathaoirleach ar an mBuanchoiste ag an gcruinniú sin. Bhí 11 chruinniú ar fad den Bhuanchoiste ann ó Ard-Fheis 2007. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: An tUachtarán: Dáithí Mac Cárthaigh An Tánaiste: Aoife Ní Scolaí Comhaltas Uladh: Cathal Ó Diolúin Dáil na Mumhan: Donnchadh Ó hAodha Baill a toghadh ag an Ard-Fheis: P.T. Mac Ruairí, Jacqueline Uí Mhuirí, Pádraig Mac Fhearghusa, Félim Borland Baill eile ceaptha ag an gCoiste Gnó: Lisa Ní Choisdealbha, Seán Ó hAdhmaill, Breandán Ó Cathasaigh

Coiste Stiúrtha Ógras Jacqueline Uí Mhuirí, Caoimhín Ó Cadhla

Urlabhraí Gaeltachta 2008 Fionn Mac Giolla Chuda Coiste Forbartha an Chonartha: Eoghan Mac Cormaic (cathaoirleach); Dáithí Mac Cárthaigh; Tomás Mac Ruairí;

Fóram na Gaeilge An tUachtarán, Dáithí Mac Cárthaigh Coiste Oideachais Fhorais na Gaeilge Julian de Spáinn, Ard-Runaí

Seachtain na Gaeilge Teo. Cathaoirleach: Dáithí Mac Cárthaigh Leas-Chathaoirleach: Eoghan Mac Cormaic Stiúrthóirí: Tomás Mac Ruairí, Jacqueline Uí Mhuirí, Félim Borland Comhaltaí: Breandán Mac Fhionnghaile, Jacqueline Uí Mhuirí, Tadhg Ó Rodaigh Coiste áisiúnta an Oireachtais Beirt bhall 3 bliana: Máire Ní Laoire; Pádraig Mac Fhearghusa Seisear ball 1 bhliana: P.T. Mac Ruairí; Félim Borland; Tadhg Ó Rodaigh; Siobhán Nic Gaoithín; Tony Pratschke; Domhnall Ó Loingsigh Beirt Ionadaithe thar ceann an Choiste Gnó: Séamus Ruiséal; Mícheál Ó Mórdha Coiste áisiúnta an OireachtaisProinsias Mac a’ Bhaird; Stiofán Ó Móráin; Úna Uí Lachtnáin; Mairéad Mhic Dhonncha; Aodán Ó Deá

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

15


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

a aíonraí Gaelacha Domhnall Ó Loingsigh Clubanna Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: Tomás Mac Ruairí Gaillimh: Jacqueline Uí Mhuirí Foras Éireann Caoimhín Ó Cadhla An Fhéile Phan-Cheilteach Pádraig Mac Fhearghusa Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha eamhfhorleathana Proinsias Ó Maolchalain

3.2. A FHOIREA Ceann-Áras an Chonartha Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Timire áisiúnta Síne Nic an Ailí Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Brenda Ní Ghairbhí Feidhmeannach Forbartha agus Ard-Oifige Máiread Seoighe, Oifigeach Cléireachais Sinsearach Máire Ní Dhuiginn, Oifigeach Cléireachais/Fáilteoir An Siopa Leabhar Máire Ní Laoi, Oifigeach na bhFoilseachán Síle Hodgins, Cúntóir

16

An tOireachtas Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Emer de Barra, Oifigeach Forbartha Loretta Ní Churraighín, Feidhmeannach Ógras Maedhbh Ní Dhónaill, Riarthóir Ríonach Ní Scolaí, Oifigeach Forbartha Chúige Uladh Breanda Ní Chonaire-Droighneáin, Oifigeach Forbartha Chúige Chonnacht Risteard Ó Fuaráin, Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan Aisling de Barra - Taaffe Oifigeach Forbartha Chúige Laighean / Comhordaitheoir Tionscnamh Seachtain na Gaeilge Teo. Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir An Coimisiún le Rincí Gaelacha Máire Ní Threasaigh - Mhic Riocard, Bainisteoir Lisa Gatti, Feidhmeannach Lily McGovern, Oifigeach Sinéad Ní Fhátharta, Oifigeach

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3.3. A TI REAMH AR CHRUI ITHE DE A COISTÍ CEA AIS

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

17


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3.4. TUAIRISC A hEAGRAÍOCHTA Bhí sé agus tá sé mar ról i gcónaí ag an gConradh ó bunaíodh é díriú ar chur chun cinn na Gaeilge i ngach bealach agus i ngach slí gur féidir linn. Chuige sin tá níos mó na 200 Craobh againn ar fud an domhain ag cur na Gaeilge chun cinn go háitiúil agus ag tacú len ár bhfeachtais. Táimid ag éirí níos éifeachtaí ag cur ár n-oibre i gcríoch agus tá sin le feiceáil sna tuairiscí ar fad atá leagtha amach sa Leabhar seo. Tá cur síos thíos ar na príomhbheartais a bhí an fhoireann ag díriú orthu le bliain anuas ar son an Choiste Ghnó agus na gCraobhacha. Feachtais: 1. Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Táimid ag iarraidh cinnte a dhéanamh go mbeidh gach seirbhís atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge ar fáil trí Ghaeilge ón Stát. Cuireadh aighneachtaí chuig gach roinn agus cuideachta stáit a bhí ag cur scéime le chéile le bliain anuas agus ó mhí Aibreán 2008 ar aghaidh táimid ag cur aighneachtaí ar aghaidh do na grúpaí gur gá dóibh an dara scéim a chur le chéile. Chuireamar tús len ár bhfeachtas ‘Glac Leis’ atá ag cumasú agus ag spreagadh daoine le seirbhísí Gaeilge a lorg ón stát i gcónaí. Rinneamar ceardlanna le thuas le 300 cinnire sna coláistí samhraidh i mbliana agus bhí na torthaí an-dearfach ó na ceardlanna. Leanfar leis an bhfeachtas seo sna scoileanna i rith na bliana agus beidh ródseó níos forbartha againn an samhradh seo chugainn. De bharr stocaireachta leanúnaí ón gConradh beidh na rialacháin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 sínithe go luath san fhómhar agus tá an tAire tar éis géilleadh don stocaireacht chun socrú a dhéanamh maidir le cúrsaí fógraíochta.

18

Ag cur an fheachtais ‘Glac Leis’ chun cinn

2. An tOlltoghchán 2007 / An feachtas oideachais Bhrúmar ár bhfeachtas oideachais chun cinn i rith an olltoghcháin i 2007 trí stocaireacht náisiúnta ar na polaiteoirí, cruinnithe poiblí, scéalta a chur chun cinn sna meáin, srl. Ghlac an Comhaontas Glas agus Sinn Féin leis an bpolasaí agus bhí rian den pholasaí le feiceáil i bpolasaithe oideachais na bpáirtithe eile. Tá brú leanúnach ag dul ar aghaidh ó shin chun go gcuirfidh an Rialtas an polasaí i bhfeidhm. 4. Acht Gaeilge don Tuaisceart Bhíomar gníomhach san fheachtas le hAcht Gaeilge a bhaint amach sa Tuaisceart. Eagraíodh busanna chuig na mórshiúlta, ghlacamar páirt sa ghrúpa comhordaithe agus in ACHT, agus le déanaí táimid tar éis bualadh le trí Roinn Rialtais ó Thuaidh leis an Acht a chur chun cinn agus seirbhís do phobal na Gaeilge a bheith curtha ar fáil idir an dá linn. 5. Stádas san Eoraip Coinníodh brú ar Rialtas na hÉireann agus ar an Aontas Eorpach leis an stádas iomlán a chur i bhfeidhm don Ghaeilge san AE. Chuamar ag stocaireacht sa Bhruiséil faoi dhó agus d’eagraíomar cruinniú leis an Aire de Róiste leis an stádas iomláin a bhrú leis..

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

6. Tumoideachas Táimid ag tabhairt tacaíocht leanúnach do Gaelscoileanna Teo. ar fheachtas an tumoideachais. Tá bileoga scaipthe againn, litreacha stocaireachta curtha chuig an Roinn, léacht phoiblí ar an ábhar eagraithe againn, srl. (níl thuas ach roinnt de na feachtais a bhí ar siúl againn le bliain anuas. Bhí go leor feachtas eile ar bun againn, m.sh stádas na Gaeilge i mbille na ndlíchleachtóirí agus sa bhille craolacháin, síneacha tráchta dátheangacha ceart a bheith ar fáil, códphoist nach bhfuil bunaithe ar na logainmneacha Béarla, srl.)

chun airgead a bhailiú dúinn, ach go háirithe clubanna den Chumann Lúthchleas Gael. Chomh maith leis sin bhí ábhair bholscaireachta nua curtha ar fáil. Beidh muid ag cur le forbairt an bhailiúcháin náisiúnta an bhliain seo chugainn

Eagraíocht: 1. Bunreacht nua Glacadh le bunreacht nua ar an 12 Aibreán 2008 ag Ard-Fheis speisialta a chinnteoidh go mbeidh an Conradh in ann ionadaíocht chuimsitheach a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge agus a thugann eolas cruinn ar chuspóirí an Chonartha. 2. Lárionaid Ghaeilge D’éirigh le hÁras Íde i Luimneach athoscailt le seirbhísí nua curtha ar fáil don phobal, ach go háirithe naíonra le háiseanna den scoth. Tá súil againn go mbeidh Áras na Díge i gCorcaigh athoscailte in am don Oireachtas. Tá cainteanna ag dul ar aghaidh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus le húdaráis áitiúla éagsúla le dhá bhliain anuas chun lárionaid a chur ar bun in áiteanna eile timpeall na tíre. 3. An bailiúchán náisiúnta D’athraigh an eaglais dáta Aifreann Lá le Phádraig i mbliana go dtí an Satharn, 15 Márta 2008. Chuir sé seo go mór isteach ar an mbailiúchán náisiúnta i roinnt mhaith áiteanna. D’éirigh linn, áfach, grúpaí nua

Ag seoladh Raidió X i gColáiste na Tríonóide

4. Maoiniú agus cúrsaí airgeadais Táimid buíoch de Fhoras na Gaeilge i gcónaí as ucht an mhaoinithe a chuireann siad ar fáil dúinn. Beidh go leor dúshláin airgeadais againn an bhliain seo chugainn mar gheall nach leor an maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus go bhfuil go leor leor deisiúcháin le déanamh ar an gCeann-Áras. Beimid ag súil le tacaíocht ó na Craobhacha chun cabhrú linn. 5. Suíomh nua Tá suíomh gréasáin nua ag an gConradh ata an idir-ghníomhach. Is féidir le Craobh ar bith leathanach a bheith acu féin. Chomh maith leis sin tá siopa ar an suíomh agus is féidir le daoine clárú le haghaidh ranganna. Is féidir le daoine páirt a ghlacadh sna feachtais ar an suíomh freisin. 6. Raidió Rí-Rá D’éirigh leis an gCraobh Raidió stáisiún raidió Gaeilge don aos-óg a chur ar bun ag tús Sheachtain na Gaeilge agus tá an stáisiún ag craoladh 24 uair a chloig sa lá agus 7 lá sa tseachtain ó shin.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

7. Comhchothú go hinmheánach agus go seachtrach Tá obair leanúnach ag dul ar aghaidh ó a glacadh leis an mbunreacht nua chun comhchothú nua a spreagadh go hinmheánach idir na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha agus go seachtrach le grúpaí eile ar nós Glór na nGael. Cabhróidh sé seo linn úsáid níos éifeachtúla a bhaint as ár nacmhainní ganna. 8. Traenáil Cuireadh lá traenála ar siúl do na mic léinn tríú leibhéil mí Dheireadh Fómhair seo caite agus d’éirigh go hiontach leis an lá. Tá lá traenála eile eagraithe dóibh ar an 18 Deireadh Fómhair 2008. Tá sé i gceist clár traenála do na Craobhacha ar fad a fhorbairt go luath chomh maith. 9. Imeachtaí Bhí gach cineál imeachta eagraithe ag na Craobhacha ar fud an domhain i mbliana. Chomh maith leo siúd eagraíodh roinnt imeachtaí náisiúnta. Bhí Seimineár an Oireachtais ag plé ceist an raidió don aos-óg, bhí léacht an Chonartha le Dónal Ó hAniféin ag plé ceist an tumoideachais agus, ón ArdFheis seo caite, thug an Tionól Gaeltachta cuairt ar Inis Meáin i 2007 agus ar Inís Oírr i 2008. Bhí tinreamh an-ard ag gach imeacht. 10. Eile Níl a dhóthain spáis agam anseo le cur síos a dhéanamh ar gach forbairt a tharla san eagraíocht i mbliana. Mar shampla tháinig fás ar na ranganna; tá próifíl níos airde againn sna meáin chumarsáide (tá siad ag teacht chugainn ag lorg agallaimh agus ár ndearcadh ar scéalta faoi leith i bhfad níos minice); tá ionad saorchomhairle dlí nua anois i nGaillimh; athraíodh leagan amach na nuachtlitreach go formáid i bhfad níos tarraingtí; srl. Tá cur síos déanta ar roinnt mhaith de na forbairtí eile a tharla san eagraíocht le bliain anuas le léamh níos déanaí sa Leabhar seo.

20

Ar an mbealach chuig Inis Oírr don Tionól Gaeltachta

Buíochas Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí Gaeilge agus eile a bhíonn plé leanúnach againn leo agus atáimid ag obair i gcomhpháirt lena chéile ar chúiseanna éagsúla. Tá buíochas ollmhór ag dul chuig gach Craobh agus chuig gach ball den eagraíocht a thugann tacaíocht leanúnach don eagraíocht agus a chuireann a n-am pearsanta féin ar fáil le hobair an Chonartha ag gach leibhéal a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach fostaí den eagraíocht féin agus de na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha. Is cinnte go dtugann siad níos mó ná gur féidir a bheith ag súil leis agus tá an eagraíocht i bhfad níos láidre dá bharr. Sa deireadh ba mhaith liom buíochas ar son na foirne a ghabháil le Dáithí Mac Cárthaigh agus é ag éirí as an Uachtaránacht i mbliana. Bhí sé mar cheannaire den scoth, urlabhraí iontach don eagraíocht, saineolaí ar nach mór gach ábhar a bhain leis an nGaeilge, agus mar chara mór linn ar fad. Go n-eirí go geal leat a Dháithí – tá sos tuillte agat! Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3.5. TUAIRISC TIMIREACHTA Tograí Timireachta D’éirigh go maith le cúrsaí timireachta arís i mbliana. Ceadaíodh na Tograí seo leanas i mí na Nollag seo caite faoi Scéim Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge: • Luimneach; • An Clár; • Gaillimh; • Maigh Eo; • Baile Locha Riach; Bhí plé leanúnach agam le Coistí Bainistíochta na Tograí ó shin. Bhain an teagmháil seo le cláracha oibre na dTograí, cúrsaí bainistíochta, pleanála, forbartha agus maoinithe, agus tá ár mbuíochas ag dul do na Coistí deonacha seo agus don fhoireann uile atá fostaithe ar na Tograí. Cuireann na Tograí ar chumas na heagraíochta réimse seirbhísí a chur ar fáil bunaithe ar obair dheonach trí thacaíocht agus trí cheannasaíocht a thairiscint do na craobhacha a oibríonn go huile ‘s go hiomlán ar bhonn deonach. Is léir gur seo an modh oibre is fearr don Chonradh agus go bhfuil na torthaí is fearr á mbaint amach don eagraíocht faoi chóras na dTograí. Árais an Chonartha Bhí plé leanúnach agam le hÁras an Chonartha i Luimneach agus le Craobh Luimnigh maidir leis an obair thógála a rinneadh ar an bhfoirgneamh agus le maoiniú a fháil don fhorbairt. Lean mé liom ag plé freisin le córas bainistíochta an Árais Bhí plé agam le moltaí an cheannárais agus leis na hiarrachtaí lárionad nua Ghaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath. Polasaí Oideachais Rinne mé go leor stocaireachta faoi pholasaí oideachais an Chonartha.

22

Acht na dTeangacha Oifigiúla Bhí baint agam le feidhmiú an Achta Teanga agus mé ag ullmhú aighneachtaí do Chomhlachtaí Poiblí, chomh maith le craobhacha a spreagadh chun seirbhísí i nGaeilge a lorg. Bhí mé ag plé leis an Roinn Dlí agus Cirt faoin nGaeilge sa chóras cúirte freisin. Tionól Gaeltachta Bhí Tionól Gaeltachta 2007 ar siúl in Inis Meáin agus bhí mé ag plé le heagrú an Tionóil i gcomhar leis an gComharchumann ansin. Is mian liom buíochas a ghabháil le pobal an oileáin agus ach go háirithe le Brídín Ní Choncheanainn as a cuid cabhrach uile. I mbliana, bhíomar ar Inis Oírr, áit a raibh Tionól den scoth againn. Arís is mian liom buíochas a ghabháil le pobal an oileáin agus le gach duine a chabhraigh leis an Tionól Gaeltachta 2008. Campaí Samhraidh Bhí mé i mbun Campaí Samhraidh a egarú i gcomhar le craobhacha an Chonartha i gcontaetha éagsúla. Bhí mé ag plé le grúpscéim árachais na gcampaí chomh maith le scéimeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge; bhí mé i dteagmháil leis na craobhacha cuí, ‘srl. agus thug mé cuairt ar na campaí éagsúla freisin. Is fiú go mór do chraobhacha Campaí mar seo a eagrú ina gceantair féin. Tá córas tacaíochta maith ar fáil agus is obair í atá indéanta i nach mór gach ceantar. Tugann sé bunús maith freisin chun dul chun cinn eile a dhéanamh go háitiúil.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge Bhí plé leanúnach agam le heagrú Sheachtain na Gaeilge 2008 agus bhí mé ag feidhmiú chomh maith mar chomhalta den chomhlacht Seachtain na Gaeilge Teo. Rinne mé obair faoi leith ar chlár na Gaillimhe agus cuireadh clár an-leathan le chéile arís i mbliana.

Comórtas ‘Rós Fodhla’ i rith Sheachtain na Gaeilge

Bailiúchán áisiúnta Bhí mé i mbun eagrú an bhailiúcháin ó mhí Eanáir go dtí lá Fhéile Phádraig agus ag plé le craobhacha agus ceantair nach bhfuil craobhacha ag feidhmiú iontu. Gaelscoileanna Bhí ag obair le Coiste Dúiche na Gaillimhe chun cóiríocht a chur ar fáil do Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór agus do Ghaelscoil Riabhach, i mBaile Locha Riach agus bhí plé freisin agam le Gaelscoil Áth an Rí. Áras na nGael Bím ag plé go leanúnach le riarachán ginearálta an Árais, le Club Áras na nGael agus le riaradh Thogra na Gaillimhe. Bhí plé agam freisin le pleananna forbartha an Árais agus le deiseanna lárionad Gaeilge nua a thógáil i gCathair na Gaillimhe. Bhí plé leanúnach agam leis an gClár Fostaíochta Pobail atá lonnaithe in Áras na nGael agus a chuireann seirbhísí ar fáil don Áras chomh maith.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Ranganna Gaeilge Bhí plé agam le forbairt leanúnach ar chóras ranganna in Áras na nGael, le heagrú cúrsa oiliúna do mhúinteoirí agus thug mé cúnamh do chraobhacha maidir le ranganna Gaeilge dá gcuid féin a eagrú. Timireacht Ghinearálta Maidir le cúrsaí timireachta go ginearálta, bhí plé rialta agam le craobhacha agus grúpaí eile thar ceann an Chonartha, le hoifigí Gaeilge na Comhairle Contae, le Roinn na Gaeltachta maidir leis an scéim Phleanála Gaeltachta agus freisin le hÚdarás na Gaeltachta mar gheall ar thacaíocht a thairiscint do chraobhacha Gaeltachta. Eile Bhí plé leanúnach agam le grúpaí agus le heagraíochtaí thar ceann an Chonartha. Bhí plé rialta agam freisin le cúrsaí poiblíochta agus rinne mé ionadaíocht don Chonradh ag ócáidí éagsúla. Táim ag leanúint liom le soláthar colúin sheachtainiúil don nuachtán an Irish World i Sasana agus don nuachtán áitiúil Galway Advertiser anseo in Éirinn. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uachtarán, Dáithí Mac Cárthaigh agus leis an gCoiste Gnó, le Julian de Spáinn agus le foireann oibre Uimhir a 6 Sráid Fhearchair. Tá buíochas faoi leith ag dul d'fhoireann oibre an Árais i nGaillimh agus táim go mór faoi chomaoin Áine Ní Iarnáin atá i gceannas ar Thogra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill an Chonartha ar fud na tíre a thug cúnamh flaithiúil dom ó cheann ceann na bliana. Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Timire áisiúnta

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

23


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3.6. A CU TAIS AIRGID 2007

24

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

25


Conradh na Gaeilge

26

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

27


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3.7. A BÁILIÚCHÁ ÁISIÚ TA

28

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

29


Conradh na Gaeilge

30

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

31


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3.8. SÍ TIÚS A nGAEL Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh faoi scéim Shíntiús na nGael. Cabhraíonn an t-airgead seo go mór gach gné d'obair an Chonartha a chur chun cinn: • Dáithí Mac Cárthaigh • Jamie Ó Tuama • Julian de Spáinn • Peadar Mac Fhlannchadha • Breandán Ó Cathasaigh • Íte í Chionnaith • P.T. Mac Ruairí • Seán Ó hAdhmaill • Seán agus óirín Uí Cheallaigh • Celine í Chochlaigh • Seán Ó Drisceoill • Tony Pratschke * Theastaigh ó dhuine amháin nach luafaí a (h)ainm.

32

3.9. COMHBHRÓ Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair a bá i rith na bliana, ach go háirithe: Cáit Bn. Mhic Chaisin, Ard-Chraobh; Micheál Ua Duinín; Anraí Ó Baoighealláin; Cáit Nic Oisín; Michael O’Riordan, athair Mhichíl Uí Ríordáin, Foras na Gaeilge; Riobard Mac Góráin; Harry Holland; Ciarán Ó hAnracháin; Róisín Doran, aintín Eoghain Mhic Cormaic; Mary McNally, máthair Fherdie Mhic an Fhailigh; Ciarán Ó hÉigeartaigh; Máire Ní Chéilleachair; Lucy agus Deasún Breatnach; Máirtín Ó Siadhail; Reiltín Ní Bhroin, Ard-Chraobh; Proinséis Seoighe, Craobh Bhrú Rí, bean chéile Mhainchín Seoighe nach maireann; Dónal Ó Ceallaigh; Pól Laighléis; Stiofán & Seosamh Ó Méalóid, Ráth Chairn; Eoin Ó Caollaí; Martin Kirrane, nia Phádraic Mhic Donncha; Máirín Boles, deirfiúr Phádraic Mhic Donncha; Éamon Ó Brudair; Muireann Nic Cárthaigh; Coirnéal Eoghan Ó Néill; Bríd Heussaff; Gerald Ó Floinn, uncail Ben Uí Fhloinn; Eileen McNally, seanmháthair Shíne Nic an Ailí; Hugh Ó Gráinne; Pádraig Ó Cuanacháin, Gael-Taca; Roibeard Ó Ceallaigh; Gearóid Mac Giolla Domhnaigh, Comhaltas Uladh; Dónal Mac Mathúna; Bernie Ní Chasaide; Nollaig Ó Gadhra, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge; Cormac Ó Ceallaigh; Bríd Uí Chuinneagáin, máthair Liam Uí Chuinneagáin, Údarás na Gaeltachta; Máiread Dunlevy; Proinnsias Ó Mórdha, iarbhall de Chraobh Moibhí.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’



A n t -aon áit go dt agann siad le chéile...

Cathal Mac Coille…Póilín Ní Chiaráin… Pól Ó Muirí...Dara Ó Cinnéide...Pat Butler... Mártan Ó Ciadhra…Ócáidí Ódí…Ar Son na Cuise… Faobhar…Foinse sa Rang srl


Conradh na Gaeilge

4. TUAIRISC A dTOGRAÍ

4.1. TUAIRISC A CLÁR AS GAEILGE Is togra páirtnéíreachta pobail é an Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge Inis agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le 7 mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le Oifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le Clár Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Is é príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí cuí teanga a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Spriocanna Stráitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i gContae an Chláir ó bhí Ard-Fheis 2007 ann agus ar bhonn bliantúil.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoldrámaíochta a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa réigiún i mbliana agus 25 bhliain a bunaithe á gceiliúradh againn i 2008. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Eagraíodh breis agus 200 imeacht i dteannta le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2008 ar fud an chontae • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar thrí leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ar dhá leibhéal (bun-leibhéal agus meán-leibhéal) i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda C.C.É. tríd an mbliain. D’fhreastail suas le 100 duine orthu agus mar thoradh ar an móréileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá trí leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn.

Bhuaigh CLARE FM Gradam Gaeilge an Chláir 2008 de chuid An Clár As Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

35


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 125 páiste air gach bliain • Reáchtáladh Comórtas Díospóireachta Iarbhunscoile do scoileanna an Chontae i mbliana, eagraithe i dteannta le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirt-scoláireachtaí Gaeltachta Comhoibriú leis an bPobal • D’eagraigh an Togra tionscnamh Tidy Towns le Gaeilge mar chuid d’iontráil na hInse sa Chomórtas Náisiúnta de Chomórtas na mBailte Slachtmhara • Bronnadh Trófaí agus Duaiseanna Glór na nGael in Inis i mbliana agus rinne an Togra comhordú ar an gceiliúradh don bhronnadh náisiúnta • Eagraítear Aonach na Leabhar agus na gCártaí gach bliain mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae • Bhuaigh CLARE FM Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó an Ghaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre Breandán Mac Fhionnghaile Oifigeach Forbartha An Clár As Gaeilge

36

4.2. TUAIRISC GAEL-FHORBAIRT A GAILLIMHE Is áis phobail í oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh ina gcuirtear seirbhísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal go forleathan. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna ceoil thraidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. Tá Scéim FÁS i bhfeidhm againn chun an oifig a riaradh agus imeachtaí a chur ar bun. Bíonn an t-ionad seo á bhainistiú ag an togra ó lá go lá chomh maith le bainistiú leanúnach a dhéanamh ar an scéim fhostaíochta. Tá scileanna éagsúla ag na baill fhoirne go léir agus aithnímid an t-ádh atá orainn go bhfuil foireann againn chun an oifig agus imeachtaí Chonradh na Gaeilge a choinneáil ag gluaiseacht gach lá. Comhordú ar Eagrú Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael i gcaitheamh na bliana. Bíonn na cúrsaí dírithe ar 3 leibhéal éagsúil - tosaitheoirí, bunleibhéal agus meánleibhéal. Bíonn 4 shraith ranganna Ghaeilge ar bun gach bhliain agus suas le 140 duine ag freastal ar na ranganna gach séasúr. Eagraíodh ranganna Gaeilge freisin i gcomhar le Cumann Lúthchleas Ghael Rathúin, le Cumann Ban an Bhaile Bháin, leis an Arm agus leis an Roinn Leasa Shóisialach. Le linn na bliana eagraíodh Oíche na bhfoghlaimeoirí freisin, ócáid sheachtainiúil a chuirtear ar fáil saor in aisce d’fhoghlaimeoirí le deis a thabhairt dóibh bualadh le chéile chun an teanga a chleachtadh faoi stiúir éascaitheora. Bíonn na cúrsaí eile seo a leanas á reáchtáil tríd an bhliain leis: • Cúrsa Gaeilge do Dhaltaí an Teastais Shóisearaigh • Dianchúrsa Scrúdú Cainte na hArd Teistiméireachta

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

• Dianchúrsa Gramadaí • Dianchúrsa an tSamhraidh • Ranganna Damhsa & ar an Sean Nós (Páistí) • Ranganna Damhsa & Amhránaíocht ar an Sean Nós (Daoine Fásta)

Clubanna Óige Ghaeilge a thosú san fhómhair

Comhordú Sheachtain na Gaeilge sa Chontae Bhí coicís iontach againn do Sheachtain na Gaeilge 2008. Bhí clár cuimsitheach curtha le chéile d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud Chontae na Gaillimhe. Bhí comhoibriú iontach idir na scoileanna, eagraíochtaí gnó agus an pobal i gcoitinne. Bhí ar a laghad 15 grúpa agus 12,000 duine páirteach sa bhféile i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Comhdháil Phleanála do Phobail Ghaeilge an Chontae Reáchtáil muid Comhdháil Phleanála do phobail Ghaeilge an Chontae i mí Aibreán 2008 in Áras na nGael. D’fhreastail ionadaithe ar an gComhdháil ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Cumann Raifteirí; Craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge; Craobh an Achréidhe; Cumann Iománaíochta Rathúin; Coiste Forbartha Ghleann an Mhadach; Club Ghaeilge Chreachmhaoil; Craobh Mhaigh Cuilinn; Craobh Bhéal Átha na Slua de Chonradh na Gaeilge, chomh maith le daoine aonair ó Bhaile Chlár agus ó Chathair na Gaillimhe.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Mar aoichainteoir againn, labhair Eoghan Mac Cormaic, eagraí Ghlór na nGael. Rinne Eoghan cur i láthair ar chomórtais Ghlór na nGael agus ar scéimeanna an Fhorais. Rinneadh plé ar na deiseanna a bhí ann don phobal chun leas a bhaint as an eolas seo. Thug Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge eolas faoi imeachtaí agus obair an Chonartha. Forbairt Réimse Imeachtaí Óige Tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála chun Clubanna Óige Ghaeilge a thosú; tá na hionaid ag brath ar spéis agus éileamh ón bpobal. Bheadh na Clubanna seo ar an bhfód ach go háirithe chun freastal ar na páistí a thógann páirt sna campaí samhraidh againn. Beidh réimse imeachtaí éagsúla trí Ghaeilge á n-eagrú sna clubanna, damhsa, ceol, drámaí agus spórt san áireamh. Eagrú na gCampaí Samhraidh sa Chontae Eagraíodh 12 champa samhraidh faoi choimirce Chonradh na Gaeilge i nGaillimh i 2008. Bhí siad lonnaithe in Anach Cuain, Ard Raithín, Leacaigh, Corra Finne, Baile Átha an Rí (2), Maigh Cuilinn, Béal Átha na Sluaighe (2), Inis Meáin (2) agus Bealach an Doirín. Bhí na Campaí seo ar siúl ón 30 Iúil go dtí an 9 Lúnasa 2008. Bíonn campaí samhraidh Chonradh na Gaeilge dírithe ar pháistí idir 7 mbliana agus 14 bliana d’aois. Reáchtáiltear imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir cheol, dhrámaíocht agus ealaíon mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bhí páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus as labhairt na Gaeilge. Tá súil againn tógáil ar na méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis agus tuilleadh forbairt a dhéanamh i rith na blaina amach romhainn. Áine í Iarnáin Stiúrthóir Thogra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

37



Conradh na Gaeilge

4.3. TUAIRISC GAEILGE LOCHA RIACH Bhí sé mar sprioc againn tógáil ar an obair déanta cheana sa chomharsanacht agus an Ghaeilge a fhorbairt i measc an phobail dá bharr i mbliana. Caithfidh a rá go bhfuil Gaeilge Locha Riach thar a bheith sásta as an mhéid atá curtha i gcrích thar thréimhse ón Ard Fheis 2007. Aithníonn pobal an Bhaile go bhfuil cúrsaí Gaeilge lárnach i ngníomhaíocht pobail anois, rud a léirigh Mórshiúil Fhéile Phádraig i mbliana agus stádas ar leith bainte amach ag an eagraíocht i measc na ndaoine. Thíosluaite, tá iarracht déanta cur síos a dhéanamh ar na príomhimeachtaí a tharla i rith na bliana. Oideachas Táimid gníomhach i ngach aon réimse oideachais in Oirthear na Gaillimhe ag cabhrú le réamhscoileanna, Ghaelscoileanna, Scoileanna Náisiúnta, Meánscoileanna agus ag eagrú imeachtaí iar-scoile, ranganna oíche, dianchúrsaí, ciorcail comhrá agus eile. • Forbairt déanta ar Naíonra Locha Riach agus a thuilleadh daltaí cláraithe leo dá bharr • www.gaelscoilriabhach.ie seolta ag an Aire Éamonn Ó Cuív go hoifigiúil • Nasc breá cothaithe le Gaelscoileanna an cheantair: o Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua; o Gaelscoil De hÍde, Órán Mór; o Gaelscoil na bhFilí, Gort Inse Guaire; o Gaelscoil Riada & Coláiste an Eachréidh • Comhoibriú le grúpaí oideachasúla sa cheantar le freastal ar an éileamh le ranganna breise a sholáthair do dhaoine de gach uile aoisghrúpa (lucht bunscoile, an teastais shóisearaigh, na hArdteiste agus daoine fásta araon) • Oícheanta eolais eagraithe do theagascóirí le hoiliúint chuí a chur ar fáil dóibh agus do dhaoine fásta maidir le cúrsaí agus áiseanna foghlamtha atá ar fáil

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Cúrsaí Óige lasmuigh den scoil Tháinig forbairt nach beag ar Chlub Riabhach agus ar Chumann Óige Locha Riach i gcaitheamh na bliana, le breis agus 20 duine cláraithe leis na cumainn. Cuireadh réimse leathan ceardlanna ar fáil agus eagraíodh go leor imeachtaí éagsúla. Bhí freastal maith freisin ar na Campaí Samhraidh i mbliana agus iad thar a bheith gníomhach le turais lae agus ceardlanna spraíúla éagsúla. I mbliana, cuireadh fáilte mhór roimh Féile Scoildhrámaíochta na Gaillimhe agus ghlac 22 scoil páirt inti le 36 seó léirithe agus timpeall 3,000 ag freastal ar an bhFéile ar an iomlán. Eagraíodh Comórtas Díospóireachta idir mheánscoileanna i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Comhar Creidmheasa Naomh Breandán chomh maith agus d’imigh buaiteoirí an chomórtais ar an aer i gcomórtas náisiúnta Ghael Linn. Rinne na scoláirí meánscoile cláracha raidió Gaeilge a thaifead freisin. Imeachtaí agus Grúpaí Pobail Feictear dúinn anois go mbíonn beagnach gach uile grúpa pobail ag iarraidh gnéithe gaelacha a nascadh lena gcuid imeachtaí. Táimid bródúil go bhfuil comhoibriú ar siúl le réimse grúpaí pobail éagsúla i gcaitheamh an ama. Agus Seachtain na Gaeilge 2008 á heagrú, bhí comhoibriú idir ghrúpaí pobail agus ghrúpaí gnó le clár breá leathan d’imeachtaí a chur ar fáil. Eagraíodh timpeall 30 imeachtar an iomlan, ag díriú ar gach aoisghrúpa, agus creidtear go raibh breis agus 2,500 duine páirteach sa cheiliúradh i mbliana. Eagraíodh roinnt comórtas idir scoileanna, Tráth na gCeisteanna, imeachtaí filíochta agus ealaíne mar aon le comórtas

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

39


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

na bhfuinneog do lucht gnó an bhaile. Bhí na céadta iontrála san iomlán. Bhí ceannasaíocht agus ról lárnach ag Gaeil Locha Riach in eagrú Mórshiúil Fhéile Phádraig i mbliana freisin agus mar thoradh, bhí téama gaelach agus Paidí Ó Lionáird mar fhear a’ tí don ócáid mhór. D’éirigh breis agus 30 grúpa pobail páirteach, chomh maith le roinnt comhlachtaí agus scoileanna, agus bhí suas le 5,000 duine ar shráideanna an bhaile.

Oifig Gaeilge Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Is iomaí féile agus ceiliúradh ghaelach a eagraíodh i mBaile Locha Riach i mbliana i measc na gceann seo a leanas: • Féile Raifteirí: féile mór gaelach i mBaile Locha Riach i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar Raifteirí mar Ghael, mar fhile, mar scríbhneoir, mar charachtar agus mar cheoltóir le seisiúin cheoil, leachtanna, ceardlanna éagsúla, aifreann i nGaeilge agus ceolchoirm mhór • Slógadh Eachtaí: bhí comhoibriú iontach idir Ghaeilge Locha Riach agus ghrúpaí cultúrtha, stairiúla, oidhreachta agus timpeallachta faoi scáth www.aughty.org le gnéithe spéisiúla a phlé ag an slógadh agus le leachtanna ar ghineolaíocht, sheandálaíocht, ar logainmneacha, ar éin an cheantair agus ar oidhreacht an cheoil traidisiúnta a chur ar fáil

40

• Seachtain Oidhreachta: eagraíodh roinnt imeachtaí dá leithéid Siúlóid Oidhreachta agus Tóraíocht Taisce trí mheán na Gaeilge leis an gComhar Creidmheasa. Nochtadh leacht cuimhneacháin in ómós na leanaí curtha thart ar sceach i bPoll Rua Boic freisin Tá naisc neartaithe le pobal ghaelach Ghlór na Móna ó Bhéal Feirste freisin i mbliana agus fearadh fáilte ar theaghlaigh gaelacha ag stopadh sa cheantar agus ag glacadh páirte sa Scoil Ceoil, i bhFéile Touhey agus sa champa samhraidh. D’imigh naonúr fidléirí ón gceantar ar cuairt go Béal Feirste le páirt a ghlacadh sa Tionól Fidléireachta agus chuaigh teaghlach Ghaelscoil Locha Riach le páirt a ghlacadh i Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ó thuaidh. Mar thoradh ar an dea-obair ar fad idir an dá dhream, bhuaigh Glór na Móna agus Gaeilge Locha Riach araon duais trasteorann Ghlór na nGael don dara bhliain as a chéile. Bhí muid ag comhoibriú le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Scoil Ceoil, Féile Touhey chun scannán faisnéise ar na Cleamairí a léiriú sa cheantar i rith na bliana freisin. Mar chuid den scoil ceoil, eagraíodh ranganna comhrá agus amhránaíochta Gaeilge, Tráth na gCeist, ceardlanna ar logainmneacha, amhránaíocht agus damhsa ar an tsean-nós, nósanna na gCleamairí, seisiúin scéalaíochta agus eile. Craoladh clár speisialta ar RTÉ RnaG de na himeachtaí ar fad agus rinneadh taifead orthu freisin le cur ar DVD speisialta. Sa bhreis air sin uile, eagraíodh na himeachtaí seo a leanas: • Seó dhátheangach bunaithe ar Raifteirí scríofa ag Cleamairí Locha Riach agus léirithe sna tithe tabhairne, san otharlann áitiúil agus thart ar chuid de na tithe áitiúla um Nollaig

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

• Sraith Ceardlanna scríbhneoireachta eagraithe i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe • Seó Gugulaí Gug Beo léirithe ag Tadhg Mac Donnagáin agus a chlann • Comórtas Tallainne eagraithe i gcomhar le Comhar Creidmheasa Naomh Bhreandáin le duais ar leith ann don mhír ba ghaelaí agus bhí Síle Ní Bhraonáin ó TG4 ina moltóir Gnó le Gaeilge Agus Coiste Gnó bunaithe againn, tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir Chomhairle an Bhaile, Comhairle Chontae na Gaillimhe, an Cumann Tráchtála, lucht gnó agus grúpaí pobail le plean Gaeilge a chur le chéile don bhaile. I measc na gnéithe a cuireadh chun cinn i mbliana, bhí na buaiceanna seo a leanas: • Triúr ainmnithe as Baile Locha Riach i measc bhuaiteoirí Barr 50 2008 o Comhar Creidmheasa; o Gúna Deas; agus o JFK Signs • Oícheanta Eolais eagraithe ar scéimeanna an Fhorais i gcomhar leis an chumann tráchtála le bileoga eolais agus cur i láthair déanta do lucht gnó an bhaile Táimid ag súil go mór le dúshlán na bliana amach romhainn chun tógáil ar an méid atá déanta go dtí seo agus leis an nGaeilge a chur chun cinn a thuilleadh i measc phobal Bhaile Locha Riach, agus i gceantar Oirthear na Gaillimhe go ginearálta. Pádraig Rua Ó Baoill Oifigeach Forbartha Ghaeilge Locha Riach

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

4.4. TUAIRISC TOGRA LUIM IGH Ceapadh Breandán Ó hÉamhaigh mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge ag deireadh mí Feabhra 2008 le dul i mbun fhorbairt Thogra Luimnigh agus ó shin, tá Breandán ag feidhmiú mar bhainisteoir ar an bhfoirgneamh agus ar Naíonra Ríocht na Sí.

Áras Íde ar Shráid Thomáis, Luimneach

Athchóiriú an Árais Tá Togra Luimnigh lonnaithe in Halla Íde ar Sráid Thomáis i gcathair Luimnigh agus tá athchóiriú déanta ar an áras le déanaí. Tá obair leanúnach ar siúl fós leis an bhfoirgneamh a chríochnú mar is cóir agus mar thoradh ar an athchóiriú seo, táimid ag súil go mbeidh Conradh na Gaeilge in ann níos mó tacaíochta a thairiscint do phobal na Gaeilge i Luimneach trí bhreis seirbhísí a ofráil in ionad siamsaíochta agus oideachais tarraingteach. Imeachtaí Cultúrtha Bhí an chéad seisiún ceoil eagraithe sa Chistin in íoslach Halla Íde ar an 19 Meán Fómhair mar chuid den Oíche Chultúrtha i

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

41


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

gcathair Luimnigh agus i mí Bhealtaine, chuir an Conradh fáilte mhór roimh an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta a bhí ar siúl i Luimneach. Seoladh chlár na Féile in Halla Íde agus eagraíodh oíche in ómós Christóir Uí Fhloinn ann chomh maith. I gcaitheamh na Féile féin, léiríodh trí sheisiún drámaíochta ann agus bhí Halla Íde ag feidhmiú mar ionad eolais don bhFéile ar feadh an ama. Imeachtaí Óige Sna sála ar an obair a rinneadh ar an áras go dtí seo, thosaigh club óige in Halla Íde i mí Mheáin Fhómhair chun freastal ar dhéagóirí na cathrach ag iarraidh leas a bhaint as an teanga. Tá tús curtha le Seirbhís Iarscoile le déanaí freisin.

• Tacaíocht tugtha do na cumainn le linn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a d’eagraigh siad • Freastal ar Sheachtain na Mac Léinn Nua sna coláistí 3ú leibhéil ag tús an téarma acadúil chun na scoláirí a chur ar an eolas mar gheall ar obair an Chonartha agus na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil dóibh aisc leis na Gaelscoileanna sa cheantar Thug an Conradh cabhair do Coláiste Laurel Hill le hoíche a eagrú chun bua scléipe a cheiliúradh. Mar chuid de sin, bhí oíche i Halla Íde le ceol agus sólaistí, agus bronnadh gradam aitheantais ar na mic léinn. I rith Seachtain na Gaeilge i mí an Mhárta, d’eagraigh an tOifigeach Forbartha Tráth na gCeist do na scoileanna sa cheantar. Toisc

Mic Léinn 3ú Leibhéil Táimid ag díriú ar mhic léinn 3ú leibhéil, daltaí scoile agus daoine óga eile sa cheantar le suim acu sa Ghaeilge a spreagadh agus a mhealladh chun páirt a ghlacadh i gConradh na Gaeilge sa chathair lena mbeocht agus a mbríomhaireacht a chur le gluaiseacht na teanga. Chuige sin, tá nithe seo a leanas curtha i gcrích againn: • Cumann Gaelach bunaithe in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh i gcomhar leis na mic léinn • Teagmháil agus comhoibriú rialta leis na Cumainn Ghaelaigh in Ollscoil Luimnigh agus i gColáiste Mhuire gan Smál

42

an obair atógála a bhí faoi lánseol faoin am sin, ní raibh spás do slua ollmhór ach bhí foireann ó cheithre scoil i láthair. Tá go leor eile beartaithe don Togra anois agus formhór na hoibre athchóirithe críochnaithe.

Beidh

ceolchoirmeacha,

céilithe, turais agus ranganna Gaeilge breise á reáchtáil gan a thuilleadh moille agus táimid ag súil gur féidir linn forbairt ar an méid atá curtha i gcrích i Luimneach go dtí seo i gcomhar le Craobh Luimnigh. Breandán Ó hÉamhaigh Oifigeach Forbartha Thogra Luimnigh

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

4.5. TUAIRISC TOGRA MHAIGH EO Bhunaigh Cóiste Dúiche Mhaigh Eo Togra Mhaigh Eo Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2002. ‘Sé príomhaidhm Thogra Mhaigh Eo ná an Ghaeilge a spreagadh agus a scaipeadh ar fud an chontae, agus chun lucht gnó Mhaigh Eo a mhealladh leis an teanga a úsáid chomh maith. Tá oifig againn í Sráid Ellison í gCaisleán an Bharraigh agus is í Brídín Ní Cheallaigh an Stiúrthóir ann. Tá fochoistí againn í gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart, i gClár Clainne Mhuiris, i mBéal an Átha agus in áiteanna eile ar fud an chontae. Oideachas Bíonn Togra Mhaigh Eo an-ghníomhach ó thaobh an oideachais de agus i mbliana, is iad seo a leanas na ranganna agus na cúrsaí Gaeilge a chuireamar ar fáil don phobal: • Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta • Ranganna Gaeilge do Ranna Rialtais • Ranganna Gaeilge do Chomhlachtaí Gnó • Ranganna Gaeilge do Mhúinteoirí • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Ardteiste • Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh Bíonn an-rath ag baint leis an Dioplóma sa Ghaeilge ach go háirithe agus déanann idir óg agus aosta freastal ar an gcúrsa gach bliain. Cuireann Togra Mhaigh Eo cúrsaí oideachais ar fáil trí mheán na Gaeilge san Ionad Oideachais freisin. Bíonn an Togra ag comhoibriú le muintir na nGaelscoileanna áitiúla ar bhonn leanúnach agus cuireann muid seirbhís tacaíochta agus cuideachta ar fáil do mhúinteoirí scoile chomh maith. Cabhraíonn an Togra le Naíonraí Gaelacha a bhunú sa cheantar leis.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Imeachtaí Sóisialta agus Cultúrtha Reáchtáladh comórtais fhilíochta agus cheoil, feiseanna, Oireachtas, Fleadh na nÓg, Féile Drámaíochta agus Campaí Samhraidh do pháistí óga trí mheán na Gaeilge tríd an gcontae ar fad i gcaitheamh na bliana. Cuireann réimse leathan imeachtaí ar fáil mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge 2008 freisin mar aon le Tráth na gCeist, ceardlanna damhsa ar an sean-nós, rince seit agus céilithe.

Ceoltoirí ag seinm i Maigh Eo

D’eagraigh Togra Mhaigh Eo Ciorcal Comhrá agus maidin caife as Gaeilge mar chuid de na himeachtaí sóisialta leis an teanga a spreagadh i measc an phobail i mbliana. Ní hamháin gur rinneadh Aifreann Gaeilge a cheiliúradh ach bhí deis ag Gaeilgeoirí le suim sa chanadh páirt a ghlacadh i gcór Gaelach freisin. D’eagraigh Togra Mhaigh Eo imeachtaí gnó leis an nGaeilge a chur chun cinn san earnáil chéanna, agus bíonn an Togra ag plé le cúrsaí fógraíochta Gaeilge agus ag scríobh colúin Ghaeilge rialta sna páipéir áitiúla freisin. Mar is léir, is iomaí seirbhís a chuireann Togra Mhaigh Eo ar fáil do phobal na Gaeilge an cheantair agus táimid ag súil le feabhas agus forbairt a dhéanamh orthu sa bhliain amach romhainn. Brídín í Cheallaigh Stiúrthóir Thogra Mhaigh Eo

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

43


Lá Nua - nuachtán laethúil Gaeilge an domhain Léigh leagan leictreonach de leathanaigh an nuachtáin agus éist leis an phodchraoladh gach lá ag

www.nuacht.com


Conradh na Gaeilge

5. TUAIRISC CLÓDHA A TEORA TA ‘Siad na príomhghníomhaíochtaí Chlódhanna Teoranta ná: • An iris Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar a reáchtáil • Leabhair a fhoilsiú Maidir le foilsiú leabhar, is cuid bheag de ghnó an chomhlachta é seo le tamall. Tá go leor cúiseanna leis seo: easpa cabhrach deontais, comhlachtaí eile a bheith dírithe ar an gcúram seo agus Clódhanna féin a bheith ag déanamh sainchúram de ghnó an tSiopa Leabhar. Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh den ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus shíntiúsóirí, cuirtear cóip chuig gach rúnaí craoibhe den Chonradh. Tá €51,000 á fháil mar dheontas ó Fhoras na Gaeilge don bhliain 2008 chun cabhrú le costais ghinearálta na hirise. Foilsítear mór-eagrán i mí Bealtaine, le cabhair airgid speisialta ón gComhairle Ealaín. Is é Pádraig Mac Fhearghusa eagarthóir na hirise. Le bliain anuas, tá méadú mór curtha aige ar líon na bpictiúr agus tá breis datha in úsáid tríd an iris chomh maith. Tá an dá ní san tar éis cur leis an éileamh atá ar an iris. An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é seo atá ag freastal ar an bpobal agus ar fhoilsitheoirí Gaeilge araon. Tá sé á rith go héifeachtach ar acmhainní foirne atá teoranta go leor: de bhreis ar bheith ag plé leis an Siopa féin 6 lá sa tseachtain, bíonn an fhoireann ag déanamh gnó tríd an bpost a riaradh, eagraíonn seastáin leabhar ag mór-imeachtaí lucht na Gaeilge agus ar imeachtaí na n-eagraíochtaí Gaeilge timpeall na tíre, agus bíonn eolach don phobal

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

a thagann ag triail ar an Siopa chomh maith. Tá an Siopa Leabhar á lua ag an nGúm mar dháileoir dá gcuid leabhar agus is cabhair mhór é sin don ghnó.

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an gcéatadán den ghnó a dheintear tríd an bpost agus go leictreonach. In ainneoin sin, is léir go bhfuil áit ag teastáil ag daoine i gcónaí chun féachaint ar leabhair nua agus chun rogha a dhéanamh trí bhreis eolais a fháil dóibh féin ar an ábhar clóite. Tá tábhacht leis an dá chur chuige. Reáchtáiltear an Siopa Leabhar ar na ghnáthchaighdeáin tráchtála, ach gan an chabhair a fhaightear ó Fhoras na Gaeilge i leith roinnt den chostas tuarastail, ní bheadh an tseirbhís seo ar fáil agus táimid buíoch den chabhair sin. Tá Bord Chlódhanna buíoch arís i mbliana den bhfoireann - Máire Ní Laoi agus Síle Hodgins - as an obair a dhéanann siad go héifeachtach i gcónaí. Tá moladh ag dul go speisialta don Bhainisteoir (Máire Ní Laoi) as an saothar leanúnach atá ar siúl aici thar na blianta agus go leor de sin mar obair bhreise ar bhonn deonach. Donnchadh Ó hAodha Rúnaí Chlódhanna Teoranta

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

45


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

6. TUAIRISC A nEAGRAÍOCHTAÍ FAOI SCÁTH A CHO ARTHA

6.1. TUAIRISC ÓGRAS Is í sprioc na heagraíochta an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na hóige agus sa chomhthéacs seo, deis a thabhairt do dhaoine óga iad féin a fhorbairt mar phearsan agus mar threoraithe i measc an phobail. Chuige sin, bhí bliain ghnóthach eile ag Ógras ó bhí an Ard-Fheis 2007 ann. Bhí neart imeachtaí ar siúl ar fud na tíre do bhaill Ógras agus Óg-Ógras, agus fiú cúpla ceann thar lear freisin. Bhí cúrsaí ceannaireachta ar siúl do na clubanna nua-bhunaithe agus bhí go leor ceardlanna ar siúl i gclubanna timpeall na tíre.

DIALA IMEACHTAÍ Deireadh Fómhair Mar is gnáth d’fhreastail slua mór as Ógras ar Scléip na hÓige ag an Oireachtas i gCathair na Máirt agus bhain siad go léir an-sult as. Bhí imeachtaí breise eagraithe ag Ógras mar chuid de Thionscnamh Bendigeidfran ar an Aoine 2 Samhain nuair a chríochnaigh an Scléip. Chaith na baill leath lae ag ionad eachtraíochta Delphi agus bhí seó draíochta agus dioscó ar siúl an oíche sin.

46

Samhain Bhí an chéad turas den bhliain ar siúl ag clubanna Óg-Ógras timpeall na tíre i mí na Samhna. Thug clubanna Cúige Uladh cuairt ar Pháirc Tuaithe an Chreagáin. Chuaigh clubanna Chúige Laighean ar cuairt go hionad súgradh ENRG i Ráth Chúl agus chuaigh clubanna Chonnacht go dtí City Limits in Órán Mór. Bhí turais aonair ar siúl ag clubanna Chúige Mumhan mar gheall go bhfuil na clubanna scaipthe amach óna chéile agus ní bheadh sé oiriúnach iad ar fad a thógáil le chéile ag ionad amháin. D’éirigh go hiontach leis na laethanta Óg-Ógras agus d’fhreastail breis agus 500 ball ar na himeachtaí éagsúla. ollaig Ar an 15 Nollaig seoladh plean trí bliana Ógras ag ócáid i gClub Chonradh na Gaeilge. Bhí Cruinniú agus cóisir na Nollag ar siúl ag Coiste Stiúrtha Ógras freisin. Rinne Ógras stocaireacht leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, ag tacú le seasamh an Chonartha agus Gaelscoileanna maidir leis an tumoideachas. Feabhra/ Márta Bhí an turas deireanach den Thionscnamh Bendigeidfran ar siúl ar an 29 Feabhra. Thug timpeall 20 duine óg as Ógras cuairt ar Glanllyn sa Bhreatain Bheag. D’éirigh go hiontach leis an deireadh seachtaine agus bhí brón ar go leor daoine go raibh deireadh tagtha leis an tionscnamh. Aibreán Eagraíodh an tÓgrastal ar an 18 Aibreán le linn Cluichí Tailteann Ógras a bhí ar siúl i Maigh Nuad i gContae Chill Dara. D’éirigh go maith leis an gcruinniú agus toghadh roinnt baill nua ar Choiste Stiúrtha Ógras.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Lean na comórtais ar aghaidh don chuid eile den deireadh seachtaine agus bhain gach duine an sult as na himeachtaí ar fad. Bhí an lóistín agus na háiseanna ag Coláiste Phádraig agus NUI Maigh Nuad ar fheabhas agus chur siad go mór le spraoi an deireadh seachtaine. Bhí turais eile ar siúl ag clubanna Óg-Ógras i rith na míosa freisin. Bealtaine Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí Chomórtas Ealaíne Ógras ag ócáidí bronnta a eagraíodh i ngach ceantar. Fuair gach buaiteoir duais airgid agus trófaí álainn. Bhain na daoine óga agus na ceannairí ansult as na hócáidí sóisialta seo. Meitheamh Thug 20 duine as Ógras cuairt ar ghrúpa óige sa Pholainn ón 22 – 27 Meitheamh. Cuireadh deontas ar fáil don turas seo faoi cheann de scéimeanna óige ag Léargas. D’éirigh go hiontach leis an gcuairt agus moladh go láidir turas thar lear a eagrú ar bhonn bhliantúil do na baill níos sine san eagraíocht. Iúil agus Lúnasa Bhí campaí samhraidh ar siúl ar fud na tíre i rith an tsamhraidh sna háiteanna seo a leanas: • Baile na Manach • Sórd • Uachtar Ard • Gníomh go Leith/Sliabh Luachra • Maigh Nuad • Crois Araild • Nás na Ríogh • Rann na Feirste • An Gleann (Co. Chiarraí) • Raghanallach • An Spideál • Acla • Cathair na Gaillimhe

Baill d’Ógras ag réiteach don Ógfhreastal

Buíochas Ar dtús ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na heagraíochtaí go léir a chuir deontais ar fáil dúinn i rith na bliana – An Rannóg Gnóthaí Ógra sa Roinn Oideachas agus Eolaíochta; Clár Interreg 111A; Foras na Gaeilge; Léargas; An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Comhairle Cathrach Átha Cliath. Buíochas speisialta do na daoine deonacha ar fad a chabhraíonn linn leis na clubanna agus na himeachtaí ar fud na tíre. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le Cathaoirleach Ógras, Breandán Ó Cathasaigh agus leis an chuid eile den Choiste Stiúrtha, agus dár ndóigh d’fhoireann Ógras atá ag obair go dian dícheallach i gcónaí – Ríonach Ní Scolaí, Risteárd Ó Fuaráin, Aisling de Barra Taaffe, Brenda Ní Chonaire-Droighneán agus do Jacqueline Ní Mhuirí atá ag obair linn sé mhí anuas, le linn do Bhrenda a bheith ar saoire maithreachais. Is mian liom freisin buíochas a ghabháil le Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh agus leis an Ard-Rúnaí Julian de Spáinn agus leis an chuid eile d’fhoireann 6 Sráid Fhearchair agus Áras na nGael. Maedhbh í Dhónaill Stiúrthóir Ógrais

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

47


Dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035

CLUBA

NNA ÓI GE! TURAIS! EACHTRAÍOCHT! CAMPAÍ SAMHRAIDH!

MALARTÚ IDIRNÁISIÚNTA!

ÓGRAS: Ógeagraíocht Chonradh na Gaeilge

Ógras, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón: 01-4751487 Ríomhphost: eolas@ogras.ie Idirlíon: www.ogras.ie


Conradh na Gaeilge

6.2. TUAIRISC OIREACHTAS A GAEILGE Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh a trí dheiseanna a sholáthar dá lucht praitice le hardchaighdeán a shroichint agus rannpháirtíocht leathan pobail a chothú. a hOireachtais Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta - amhránaíocht, ceol, rince, scéalaíocht, lúibíní, agallaimh beirte agus drámaíocht ag na féilte, Oireachtas na Cásca agus Oireachtas na Samhna. Reáchtáladh Oireachtas na Samhna 2007 i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo agus Oireachtas na Cásca 2008 i gcomhar leis an bhFéile Pan Cheilteach i mbaile Dhún na nGall. Reáchtálfar Oireachtas na Samhna 2008 i gCorcaigh níos déanaí i mbliana. Cuirfear tús le himeachtaí na Féile ar an Domhnach 26 Deireadh Fómhair agus leanfar le imeachtaí faoi stiúir an Choiste Áitiúil go dtí an Chéadaoin. Déanfaidh a Soilse, Máire Mhic Ghiolla Íosa an Fhéile a oscailt go hoifigiúil ar an gCéadaoin agus beidh mórimeachtaí an Oireachtais ar siúl uaidh sin go dtí an Domhnach 2 Samhain. Tá sé beagnach seachtó bliain ó athbunaíodh Oireachtas na Gaeilge (1939) agus beimid ag déanamh comóradh air sin an bhliain seo chugainn. Cuirfear béim faoi leith ar Léacht an Oireachtais i mí Feabhra 2009 agus Fáiltiú an Oireachtais & Bronnadh na nGradam Chumarsáide i mBealtaine 2009. Beidh Oireachtas na Samhna 2009 ar siúl i Leitir Ceanainn, Co Thír Chonaill. Gradaim Chumarsáide Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre. Bronnadh gradaim 2008 ar na daoine seo a leanas a bhíonn ag saothrú sna meáin trí Ghaeilge ag ócáid in Óstán Harvey’s Point i nDún na nGall sna sála ar imeachtaí Oireachtas na Cásca: Pól Mac Donnchadha (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Cóilín Ó Neachtain (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Robert Quinn (Cré na Cille); Ciarán Ó Cofaigh (Cré na Cille); Mac Dara Ó Fátharta (Ros na Rún, TG4); Seán Tadhg Ó Gairbhí (Foinse); Marian Ní Shúilleabháin (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Micheál Ó Sé (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Donnchadha Ó hAodha (Uachtarán an Oireachtais); An tAire Stáit Pat "The Cope" Ó Gallachóir, T.D.; Síle Ní Bhraonáin (TG4) agus Alan Titley (The Irish Times).

Buaiteoirí na nGradam Chumarsáide 2008

a Comórtais Liteartha Déanann Comórtais Liteartha an Oireachtais cúram don litríocht chomhaimseartha agus iad mar chuid lárnach d'obair Oireachtas na Gaeilge ó bunaíodh é i 1897. Seo sraith comórtas a eagraítear gach bliain do scríbhneoirí óga agus do scríbhneoirí fásta na Gaeilge agus é mar aidhm aige deiseanna liteartha a chur ar fáil dóibh, chomh maith le scríbhneoirí nua a mhealladh chun pinn. Bronnadh an duais is mó riamh ar úrscéal i nGaeilge ag searmanas speisialta sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath Déardaoin an 4 Deireadh Fómhair 2007, áit gur bronnadh €10,000 ar Dharach Ó Scolaí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

49


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

as a shaothar liteartha, úrscéal dar teideal An Ardscoil. Seoladh an saothar faoi teideal nua An Cléireach ag Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart i mí na Samhna. Tugadh amach €55,000 ar fad i nduaiseanna i mbliana ag Bronnadh Dhuaiseanna Liteartha an Oireachtais ach cé go bhfuil na duaiseanna tábhachtach do scríbhneoirí, tá an t-aiseolas agus an léirmheastóireacht chuiditheach a fhaigheann siad ar a gcuid saothar ó chuir isteach ar na Comórtais thar a bheith luachmhar. I measc na scríbhneoirí eile a fuair duaiseanna i 2007 tá Biddy Jenkinson, Joe Steve Ó Neachtain, Alan Desmond, Liam Ó Muirthile, Breandán Delap, Tadhg Ó hIfearnáin, Gabriel Rosenstock, Liam Mac Cóil, Ceaití Ní Bheildiúin, Orna Ní Choileáin, Maidhc Dainín Ó Sé, Pádraig Standún. Tháinig os cionn scór scríbhneoir faoi bhun 18 mbliana d’aois ó cheann ceann na tíre le glacadh le duaiseanna i rannóga na ndaoine óga freisin. Ba é an 1 Iúil spriocdháta na n-iarratas do Chomórtais 2008 agus bronnfar na duaiseanna liteartha ar na buaiteoirí ar an 30 Meán Fómhair 2008 ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh. Fás agus Forbairt Tá súil againn cur leis an méid atá curtha i gcrích againn go dtí seo sa bhliain amach romhainn agus is í mórsprioc Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2008 - 2009 ná leanúint go dícheallach le hobair na heagraíochta a chur i gcrích go héifeachtach, go cruthaitheach agus go gairmiúil tríd na rudaí seo a leanas a chur i gcrích: • Féilte agus clár imeachtaí trí mheán na Gaeilge, dírithe ar na taibh-ealaíona agus ar an litríocht chomhaimseartha, a leagan amach agus a chur i gcrích • Freastal ar spriocphobail d’aoisghrúpaí éagsúla a bhfuil ábaltacht acu sa Ghaeilge ar spéis leo ealaíona dúchasacha na hÉireann agus litríocht na Gaeilge trí imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus taibhléirithe a

50

reáchtáil le linn ár bhféilte, agus sraith Comórtais Liteartha do Scríbhneoirí Óga agus do Scríbhneoirí Fásta a chur i gcrích • Branda agus íomhá an Oireachtais a láidriú i measc phobal na Gaeilge, agus i measc earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir in Éirinn agus thar lear • Leibhéal rannpháirtíochta na scríbhneoirí Gaeilge agus lucht praitice na dtaibh-ealaíona dúchasacha in imeachtaí an Oireachtais a ardú • Tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí agus do lucht praitice na dtaibh-ealaíona dúchasacha trí ghréasáin a chothú a chuideoidh le foghlaimeoirí a scileanna a bhuanú agus a fhorbairt • Pobail nua in Éirinn agus thar lear a chur ar an eolas faoi Fhéilte an Oireachtais trí mheán na dteicneolaíochtaí nua (an idirlíon agus podchraoladh sa áireamh), chomh maith le seanmheáin raidió agus teilifíse • Monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar imeachtaí uile an Oireachtais chun a chinntiú go leanann Oireachtas na Gaeilge ag freastal ar ár spriocphobail go héifeachtach nuálach sa todhchaí • Ioncam na heagraíochtaí a mhéadú trí foinsí nua urraíochta agus airgid a aimsiú Buíochas Tá buíochas mór ag dul do na dreamanna ar fad a chuireann urraíocht ar fáil do Chomórtais Liteartha an Oireachtais, go háirithe an príomhurra, Bord na Leabhar Gaeilge, Proibhinse Phroinsiasach na hÉireann a chuir urraíocht fhlaithiúil ar fáil i mbliana mar chuid de chomóradh 400 bliain Bhunú Choláiste San Antoine i Lobháin, agus Foras na Gaeilge a dhéanann maoiniú ar Oireachtas na Gaeilge. Liam Ó Maolaodha Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Oireachtas na Samhna 27 Deireadh Fómhair - 2 Samhain

CORCAIGH

2008

NA COMÓRTAIS Amhránaíocht Amhránaíocht ar ar an an Sean-Nós Sean-Nós Rince Rince Aonair Aonair ar ar an an Sean-Nós Sean-Nós Scoraíocht Scoraíocht (Daoine (Daoine Fásta) Fásta) Seó Seó Ardáin Ardáin (Daoine (Daoine Óga) Óga) Amhráin Amhráin Nua-Chumtha Nua-Chumtha Agallamh Agallamh Beirte Beirte Scéalaíocht Scéalaíocht Dreas Dreas Cainte Cainte Sceitse Sceitse Lúibíní Lúibíní

GACH EOLAS OIFIG AN OIREACHTAIS, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire Fón: + 353 1 475 38 57 Facs: + 353 1 475 87 67 Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie Idirlíon: www.antoireachtas.ie

FAIGHEANN Oireachtas na Gaeilge deontas ó


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

6.3. TUAIRISC SEACHTAI A GAEILGE TEO. Is í aidhm Sheachtain na Gaeilge ná an Ghaeilge agus an cultúr gaelach a chur chun cinn, agus deis a thabhairt do dhaoine iad a bhlaiseadh. Is é Croí na Teanga – It’s You! mana na Seachtaine agus léiríonn an mana seo gur féidir le gach duine úsáid a bhaint as an teanga agus as an gcultúr agus go bhfuil gach duine lárnach ina hathbheochan.

Seoladh spleodrach don tSeachtain, 2008

Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn in Éirinn gach bliain. Bíonn na céadta mílte daoine páirteach in imeachtaí a bhíonn á n-eagrú ag suas le 200 grúpa, le céilithe, ceolchoirmeacha, Tráth na gCeisteanna agus eile san áireamh. Bíonn na himeachtaí seo á n-eagrú i ngach contae in Éirinn, chomh maith le háiteanna i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, san Astráil, i Sasana agus sa Ghearmáin. Tá cur síos anseo ar an dul chun cinn mór a bhí déanta ag Seachtain na Gaeilge i 2008. Fás agus Forbairt Bhí an Seachtain ar siúl ar feadh coicíse i mbliana ón 2 - 17 Márta. D’fhreastail níos

52

mó ná 200,000 duine ar na himeachtaí áitiúil eagraithe ag 4,000 duine ar fud an domhain. Chomh maith leo siúd, d’eagraigh na céadta scoil clár imeachtaí ina scoileanna féin agus chuir os cionn 7,000 dalta isteach ar na comórtais náisiúnta eagraithe ag Oifig Sheachtain na Gaeilge. Bhí an Seachtain go mór i mbéal an phobail mar gheall ar na himeachtaí seo, dlúthdhiosca na Seachtaine Ceol ’08 a d’éirigh leis uimhir a haon a bhaint amach i gcairteacha na hÉireann, agus an aird a tharraing na meáin chumarsáide ar an Seachtain. Tá sé rí-shoiléir go bhfuil suim ag an bpobal sa tSeachtain agus go bhfuil gá mar sin an tSeachtain a fhorbairt le freastal ar riachtanais agus sainspéiseanna an phobail chéanna. Chuige sin, tá muid ag cothú teagmhálacha le grúpaí nua ar fud na tíre ar bhonn laethúil le tuilleadh imeachtaí a reáchtáil, tá mé ag obair ar bhranda nua agus lógó nua a dhearadh don eagraíocht don bhliain seo chugainn, tá sé beartaithe go lorgóimid urraíocht ó chomhlachtaí móra éagsúla ar fud na tíre le cuidiú linn cur leis an bhféile agus tá mé ag iarraidh cur leis an méid ábhar bolscaireachta a chuirtear ar fáil le Sheachtain na Gaeilge. Sílim go gcuirfeadh na nithe seo uile go mór le haitheantas lógó na Seachtaine, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil deis againn an-chuid a dhéanamh leis an bhféile sa todhchaí. Cúrsaí Poiblíochta Fuair muid poiblíocht an-dearfach ó na meáin chumarsáide – na nuachtáin, an raidió agus an teilifís – le linn Sheachtain na Gaeilge 2008. Mar gheall go dtéann sé seo go mór chun tairbhe an fheachtais, caithfidh muid níos mó airgid a chaitheamh ar chúrsaí bolscaireachta amach anseo. Níl na

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

hacmhainní cuí ag Seachtain na Gaeilge le híoc as fógraí sna meáin nó as aon fheachtas ar chláir fógraí faoi láthair ach dá mbeadh áit ag an tSeachtain sa mhargadh tráchtála, thabharfadh sé ardú stádais agus aitheantais láithreach don Ghaeilge agus don fhéile araon. Bíonn muid ag brath go huile is go hiomlán ar dhea-thoil na meán cumarsáide, ní mar a dhéanann eagraíochtaí ar nós Féile Naomh Phádraig agus a leithéid.

Leathnú Thar Lear Tá muid ag obair ar fheachtas idirnáisiúnta faoi láthair, ag déanamh teagmhála leis na grúpaí, cumainn agus comhlachtaí Éireannacha uile thar lear, agus tá muid ag iarraidh orthu imeachtaí éagsúla a reáchtáil d’fhéile na bliana seo chugainn. Chomh maith leis sin, chuir muid litir chuig gach ambasadóir agus gach ambasáid Éireannach chun iad a spreagadh páirt a ghlacadh sa tSeachtain. Dá nglacfadh céatadán dóibh páirt ann, thabharfadh sé poiblíocht idirnáisiúnta don Ghaeilge agus b’fhéidir go spreagfadh sé na grúpaí seo leanúint ar aghaidh ag eagrú imeachtaí Gaeilge i gcaitheamh an chuid den bhliain. Arís, rachadh sé seo chun

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

sochair na n-eagraíochtaí Gaeilge uile agus chuirfeadh sé seo brú ar pholaiteoirí in Éirinn agus thar lear tacú leis an bhFéile agus, dar ndóigh, leis an nGaeilge. Buíochas Mar is eol daoibh bíonn muid thar a bheith gnóthach ag teacht suas go Seachtain na Gaeilge gach bliain. Bíonn brú ollmhór ann go minic agus gan dabht beagáinín strus ag gabhadh leis sin, ach bíonn cabhair agus tacaíocht den scoth agam i gcónaí. Mar a deir an seanfhocal, is ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine agus ón dtaobh sin de, tá an t-ádh liom go raibh comhghleacaí den scoth agam darbh ainm Clíona Ní Mhuirí ag obair i mo theannta ó thosaigh mé le Seachtain na Gaeilge i 2006. Tá an t-uafás oibre curtha i gcrích ag Clíona le trí bliana anuas, agus caithfidh mé mo mórbhuíochas ó chroí a ghabháil léi as ucht a díograis, a cairdis, a cuid tacaíochta agus a dea-aoibhe ó lá go lá san oifig agus amuigh ar an mbóthar. Tá Clíona imithe ón oifig anois le tabhairt faoi phost nua agus tá súil agam go n-éiríonn go geall léi ann. Tá buíochas mór ag dul go Julian De Spáinn as a chabhair agus a chairdeas laethúil freisin, agus d’fhoireann Chonradh na Gaeilge, go háirithe Síne, Brenda, Máiread agus Máire do gach a dhéanann siad go leanúnach. Do Dháithí Mac Cárthaigh as an tacaíocht leanúnach a thugann sé do gach rud agus do stiúrthóirí Sheachtain na Gaeilge a bhíonn i gcónaí ar fáil le comhairle, cabhair agus cairdeas a thairiscint dom freisin. Orla ic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

53


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

GRADAM SHEACHTAI A GAEILGE 1977 1978 1979 1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008

54

Séamus Mac Conglinne (RIP) Éamonn Ó hÉalaithe (Feis Átha Cliath) (RIP) Lil Nic Dhonnchadha (RIP) Máirtín Ó Direáin (RIP) Donncha Ó Súilleabháin (RIP) Deasún Breatnach (RIP) Gearóid Ó Maoilmhichíl (RIP) Amhlaoibh Ó hEidrisceoil (RIP) Sighle Uí Dhonnchadha (RIP) Fiachra Ó Dubhthaigh (RIP) Liam Ó Luanaigh (RIP) Seán Ó Dálaigh Pádraig Ó Riain Eibhlín Ní Chathailriabhaigh (RIP) Tomás Ó Cuilinn (RIP) Séamus Ó Muirí (RIP) Pádraig Ó Snodaigh Róisín Ní Sheaghdha Pádraig Nugent Proinsias Ó Braonáin (RIP) Cathal Ó Feinneadha Máire Ní Laoi Séamus Ó Cathasaigh (RIP) Cáit Uí Chadhain Ciarán Ó Feinneadha Colm Ó Tórna Anraí ó Braonáin Pádraig Breandán Ó Leidhin Seán Mac Mathúna Antoine Ó Faracháin Cliodna Cussen Éamonn Ó Dónaill

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

6.4. TUAIRISC A COIMISIÚ LE RI CÍ GAELACHA Bunaíodh An Coimisiún le Rincí Gaelacha mar choimisiún siar sa 1920aidí agus tá sé ann anois os cionn 78 bliain mar údarás riaracháin ar ghnóthaí na Rincí Gaelacha. Rinneadh comhlacht dliteanas teoranta de le blianta beaga anuas agus cláraithe in Éirinn le stádas carthanachta. Fás agus Forbairt Déanann an Coimisiún na rincí gaelacha a stiúradh agus coinníonn súil ar a gcuid dul chun cinn ar fud an domhain mhóir. Ón tráth nuair nach raibh ach trí scór dhuine ann, tá fás agus forbairt tagtha ar an gCoimisiún agus bíonn beagnach 2,000 múinteoir, moltóir agus scrúdaitheoir ag clárú linn go bliantúil ó thíortha thart timpeall na cruinne sa lá atá inniu ann. I measc na dtíortha sin, tá iad seo a leanas san áireamh: • Éire • Sasana • An Bhreatain Bhig • Albain • An Nua Shéalainn • An Astráil • Ceanada • Stáit Aontaithe Meiriceá • An Bhrasaíl • An Airgintín • An Afraic Theas • An Chéinia

• An Ollainn • An Bheilg • An Fhrainc • An Eilvéis • An Ghearmáin • An Ostair • An Iodáil • An Ungáir • An Pholainn • An Rúis • An Iorua • Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Tháinig méadú as cuimse ar an suim sa rince gaelach i ndiaidh dá leithéid Riverdance: The Show, Lord of the Dance, Celtic Tiger agus seónna eile rincí gaelacha clú agus cáil a bhaint amach ar fud an domhain. Meastar go bhfuil níos mó ná 250,000 dhuine ann faoi láthair a bhfreastalaíonn ar ranganna damhsa go minic, go haonarach nó mar chuid

56

d’fhoireann dhamhsa. Nuair a chuireann tú muintir agus cairde na rinceoirí seo san áireamh, méadaíonn líon na ndaoine a bhfuil baint acu leis an damhsa go mór. Chuile deireadh seachtaine, áit éigin ar domhan, bíonn daoine bailithe le chéile ag feiseanna, áit ina bhfuil siad in iomaíocht agus ag baint sult as comhluadar a chéile. ‘Sé Oireachtas Rince na Cruinne buaic na hócáidí seo, eagraithe ag an gCoimsiún le cabhair ó go leor daoine éagsúla ag obair go deonach ar son an rince. Oireachtas Rince na Cruinne 2008 Cuireadh fíorchaoin fáilte romhainn arís i mbliana ag an INEC i gCill Airne, áit ina raibh siad mar óstach ar Oireachtas Rince na hÉireann 2008. Is léir ó líon na ndaoine a d’fhreastail ar an ócáid gur éirigh go geal linn ann i mbliana, go háirithe leis an oiread iomaitheoir a thaisteal achar fada agus go mór mór iad siúd a dtáinig ó na Stáit Aontaithe. Rinne an Waterfront Hall i mBéal Feirste sáriarracht arís i mbliana mar óstach ar Oireachtas Rince na Cruinne, agus mar aon leis na comórtais, bhí gach rud curtha i láthair acu ag caighdeán den chéad scoth. Bhain siad siúd i seomra na dtorthaí cúl stáitse úsáid as córas nua táblúcháin agus cur i láthair i mbliana. Chomh maith le córas nua táblúcháin rathúil, rinne muid forbairt a dhéanamh ar an dtráchtaireacht bheo ar-líne, a cuireadh tús leis anuraidh, agus is léir ón aiseolas gur éirigh go geal leis anseo in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir. Oireachtas Rince na Cruinne 2009 Is é Philadelphia sna Stáit Aontaithe láthair an chomóraidh i mbliana, agus is í an chéad bhliain í ó cuireadh tús leis an Oireachtas i 1970 go bhfuil Meiriceá le bheith mar óstach ar Oireachtas Rince na Cruinne. Máire í Threasaigh Bainisteoir An Choimisiúin le Rincí Gaelacha

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’




Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

7. AI M IÚCHÁI DO A TOGHCHÁI 2008 IARRTHÓIRÍ DO UACHTARÁ ACHT 1. Mac Fhearghusa, Pádraig Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Ball de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha. Iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, scoil atá ag seasamh in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge. Eagarthóir ar Feasta. Cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ar eagraigh sé a bhunú. Bhuaigh príomhchomórtas filíochta an Oireachtais faoi dhó, agus Comórtas oscailte filíochta Sheachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail. Iareagarthóir ar CNAG agus Samhlaíocht Chiarraí. Stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí, agus leabhar i nGaeilge ar shíceolaíocht Freud & Jung foilsithe aige. Lámh aige i mbunú 3 ghaelscoil eile. 2. Mac Ruairí, Tomás Gníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1956: Uachtarán 1998-2003; Tánaiste 2004-2005; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag tréimhsí éagsúla ó 1962; Timire, Oifigeach Eolais agus eagarthóir ROSC 1965-1968; Uachtarán reatha ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 2004; ball agus oifigeach craoibhe agus iliomad coistí sa Chonradh agus thar cheann an Chonartha agus na Comhdhála le blianta fada, ina measc Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge Teoranta, Glór na nGael Teoranta, Fóram na Gaeilge agus Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathanta. Cathaoirleach an Oireachtais 2004-05; Leas-Chathaoirleach 1994-1996; ball de Chraobh Bhréanainn; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin, urraitheoir? Léacht Chonradh na Gaeilge. Iriseoir.

IARRTHÓIRÍ DO CHOISTE G Ó Ó A CRAOBHACHA (Daréag le toghadh) 1. Mac Cormaic, Eoghan Tá Eoghan ina Chathaoirleach ar Chraobh Bhaile Locha Riach, agus bhí sé ina Thánaiste ar an gConradh ar feadh dhá bhliana. Is iar-Stiúrthóir é ar Thogra Bhaile Locha Riach agus, i láthair na huaire, tá sé ag obair le Glór na nGael. Tá sé ina LeasChathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge. Tá cuid mhór blianta caite aige ar an gCoiste Gnó agus ar an mBuanchoiste. 2. Mac Fhearghusa, Pádraig (fc. An toghchán don Uachtaránacht) 3. Mac Giolla Choda, Fionn Craobh na nDéise. Tá Fionn an-ghníomhach sa Roinn ag déanamh cinnte de nach gcuirfidh forbairtí tithíochta nua isteach ar theanga na Roinne. Is ball reatha é den Choiste Gnó agus tá sé mar urlabhraí Gaeltachta na heagraíochta. 4. Mac Ionnrachtaigh, Seósamh Tá Seósamh Mac Ionnrachtaigh ina Rúnaí ar Chraobh Chill Mhíchíl ó anuraidh agus tá sé gníomhach i saol na Gaeilge. Tá céim aige i mBainistíocht Acmhainní Daonna ó 2008 agus tá teastas gairmiúil aige i gCaidreamh Poiblí ó 1992. Tá suim aige in athbheochan na Gaeilge agus i bhforbairt na Tíre ar fad mar Ghaeltacht in athuair. 5. Mac Ruairí, Tomás (fc. An toghchán don Uachtaránacht)

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

59


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

6. í Chóchlaigh, Celine Tá blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó an Chonartha agus tá sí an-ghníomhach i gcúrsaí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is múinteoir scoile í agus tá an-suim aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. 7. í Choisdealbha, Lisa Bhí Lisa mar bhall den Choiste Gnó agus den Bhuanchoiste i mbliana. Tá sí i gceannas ar Craoltóirí Neamhspleách na hÉireann agus bhíodh sí mar Oifigeach na Gaeilge le Coimisiún Craolacháin na hÉireann. Le linn a tréimhse le CCÉ rinne sí an-obair le Seachtain na Gaeilge. Tá sí mar Chathaoirleach ar an gCraobh Raidió a chur Raidió Rí-Ra ar bun i mbliana. 8. í Ghlaicín-Riain, Aoife Uachtarán ar an gCumann Gaelach DIT, sa phost sin le bhliain anuas inar bhfuair siad an duais don "Dul chun cinn is fearr." Mar bhall de Choiste na Gaeilge DIT, a bhun Scéim Chónaithe Gaeilge i mbliana chun daoine le suim sa Ghaeilge a mhealladh chuig an Coláiste. Deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a fheabhsú trí Thumoideachas in árasán lán-Ghaeilge. 9. í Laoire, Máire Tá Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le trí bliana anuas. Is múinteoir í agus tá an-spéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, spéis a spreag í chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Tá sí ina LeasUachtarán de Chomhar na Múinteoirí chomh maith. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí.

60

10. í Scolaí, Aoife Tá Aoife ina Tánaiste ó Aibreán na bliana seo. Is ball den Choiste Gnó í agus tá sí ina rúnaí craoibhe ar Chraobh Dhún Laoghaire i gCo. Bhaile Átha Cliath. Is ball den bhrúghrúpa Stádas í ón am a chaith sí mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach ar Chonradh na Gaeilge (2002-2005). Is ball í de Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is múinteoir bunscoile í. 11. ugent, Pádraig Rugadh i mBaile Átha Cliath. Cléireach leis An Post. Seal ar an gCoiste Gnó, Buanchoiste agus an Coiste Teaghlaigh. Chéadchláraigh le Craobh Moibhí 1979, anois rúnaí ar Chraobh Moibhí le 10 mbliana. Craoltóir le Raidió na Life 1993 go 1998. Ar choiste Chlub Chonradh na Gaeilge BÁC ó 1985-2003, Cathaoirleach, LeasChathaoirleach agus Cisteoir. Bronnadh Gradam Sheachtain na Gaeilge air i 1995. 12. Ó Ceallaigh, Seán Tá Seán Ó Ceallaigh ina bhall de Chraobh na hInse agus de Choiste Dúiche Chontae an Chláir. Tá sé ina bhall den Choiste Gnó le blianta fada. Tá obair mhór déanta ag Seán thar na blianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Inis, i gContae an Chláir, ach go háirithe agus tá sé ina Chathaoirleach ar An Clár as Gaeilge. 13. Ó Drisceoil, Seán Tá Seán Ó Drisceoil, Cathaoirleach ar Chraobh Innse Gall, ag obair arís i nGaeltacht na hAlban áit a raibh sé mar phríomhoide de Sabhal Mór Ostaig tráth. Chaith sé deich mbliana ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus bhí ina Úrlabhraí Gaeltachta agus Tánaiste den Chonradh. Chaith sé seal mar Chomhalta de Choiste Comhairleach an Aire - Coimisiún na Gaeltachta.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

14. Ó Floinn, Benedict Tá Ben ina bhall de Chraobh na gCeithre Chúirt, Baile Átha Cliath. Bhí sé anghníomhach sna feachtais maidir leis an mBille Teanga agus stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá sé mar Chathaoirleach ar Forbairt Naíonraí Teo. Is ball reatha é den Choiste Gnó. 15. Ó hAdhmaill, Seán Tá Seán ag obair le GAELSCOILEANNA agus tá sé ina Chathaoirleach ar Na Gaeil Óga, a d'eagraigh Feachtas Gaelú na bhFón Póca i gcomhar leis an gConradh. Tá sé ina bhall reatha den Choiste Gnó agus den Bhuanchoiste. Tá sé gníomhach le Raidió RíRá, agus le feachtas GLAC LEIS an Chonartha chun daoine óga a mhealladh seirbhísí Gaeilge a lorg. 16. Ó Loingsigh, Domhnall Tá Domhnall ina chathaoirleach de Chraobh Bhaile Bhuirne le blianta fada anuas agus tá sé ina bhall den Choiste Gnó le fada chomh maith. Tá an-obair déanta aige ar son an Chonartha i nGaeltacht Bhaile Bhuirne agus, dár ndóigh, i gcontae Chorcaí, freisin. 17. Ó Mathúna, Donncha An Ard-Chraobh 18. Ó Raghallaigh, Colmán Craobh Chlár Chlainne Muiris 19. Ó Tuama, Jamie Tá Jamie Ó Tuama gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge ó bhí sé ina mhac léinn an taobh sin tíre. Ó shin tá os cionn naoi mbliana caite aige ag obair le heagraíochtaí Gaeilge agus an-taithí aige ar chur chun cinn na Gaeilge. Freisin, chaith sé 3 bliana ag obair mar fheidhmeannach leis an gConradh san Ard-Oifig.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

20. Pratschke, Tony Craobh iMeasc agus tá Tony mar bhall reatha den Choise Gnó. 21. Uí Mhuirí, Jacqueline Tá Jacqueline ina ball de Chraobh na Gaillimhe. Tá sí ar Choiste Stiúrtha Ógras agus is ball reatha í den Bhuanchoiste. Múineann sí rang Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh, agus tá sí ag obair ar thráchtas in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh ach go háirithe sa réimse óige. IARRTHÓIRÍ DO CHOISTE G Ó Ó A BAILL AO AIR (Beirt le toghadh) 1. de Faoite, Daithí Is as BÁC do Dhaithí de Faoite. Tá cónaí air sna Solláin i gCo. Chill Dara le deich mbliana anuas. Tá sé pósta le beirt pháiste óg agus Gaeilge mar theanga chlainne acu. Chaith sé tréimhse mhaith dá óige ag obair le hóg-eagrais Ghaeilge agus chaith sé bliain amháin dá shaol i dTír na mBascach. Is comhairleoir teicneolaíochta é le HP. 2. Mac Gabhann, Lorcán D’oibrigh Lorcán le roinnt eagrais Ghaeilge ó 1984, ina measc, Conradh na Gaeilge, Ógras, Bord na Gaeilge agus Foras na Gaeilge. Tá sé faoi láthair fostaithe ag Glór na nGael. Is í an chúis cheiliúrtha is mó atá aige ná go raibh baint aige le bunú Ghaelscoil Thaobh na Coille i nDeisceart Átha Cliath, áit ar fhreastal triúr pháiste dá chuid.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

61



Conradh na Gaeilge

8. RÚI A hARD-FHEISE 2008 OIDEACHAS 1. A TUMOIDEACHAS Go seasann an Ard-Fheis seo leis an gcóras luath-thumadh iomláin mar scothchleachtas múinteoireachta, sealbhaithe agus sóisialaithe Gaeilge sna bunscoileanna agus éilíonn taighde ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoin tslí ab fhearr an nós a leathnú agus a chur chun cinn. Ben Ó Floinn, an Coiste Gnó 2. TUMADH IOMLÁ DÉA ACH Is cás leis an Ard-Fheis seo an meath i gcaighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla na tíre agus mar chuid den leigheas éilíonn an Ard-Fheis seo go dtacódh an Roinn Oideachais le scéimeanna píolótacha “tumadh iomlán meánach-déanach” i mbunscoileanna Béarla a léiríonn spéis ann .i. i gcás bunscoile a bhfuil cúpla sruth ann cheana go múinfí Ranganna 3, 4 agus 5 i sruth amháin acu trí mheán na Gaeilge faoi réir rogha na dtuismitheoirí agus uasmhéid 20 dalta sa sruth sin. Ben Ó Floinn, an Coiste Gnó 3. COLÁISTE OIDEACHAIS GHAEILGE Go mbunófaí Coláiste Oideachais sa Ghaeltacht chun cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, a chuirfeadh san áireamh na riachtanais ghairmiúla ar leith a bhíonn ag múinteoirí a bhíonn ag múineadh i gcórais thumoideachais i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lánGhaeilge. Ben Ó Floinn, an Coiste Gnó

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

4. A TUMOIDEACHAS Is prionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na Gaelscolaíochta an luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge i ranganna naíonán. Is prionsabal oideachais é a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aige, i dTuaisceart na hÉireann agus sa Bhreatain Bheag agus in Albain, i measc áiteanna eile. Is ceart é a bhaineann le spiorad sainiúil teangeolaíoch na scoile lán-Ghaeilge a neartú agus a chaomhnú. Is riachtanas é chun gur fearr a dhéanfar an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin. Déanfaidh Conradh na Gaeilge i gcomhar le Gaelscoileanna, tuismitheoirí, agus pobal na tíre i gcoitinne, an ceart seo a chosaint, agus cuirfimid in aghaidh aon iarrachta de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta an prionsabal seo a chealú, nó a athrú nó a mhaolú. Craobh Thrá Lí 5. OIDEACHAS SA GHAELTACHT Is cás leis an Ard-Fheis seo an brú atá ar scoileanna na Gaeltachta de bharr easpa tacaíochta, easpa áiseanna agus easpa polasaí de chuid na Roinne Oideachais agus tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an éileamh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go mbunófaí Údarás nó Bord Oideachais don Ghaeltacht a bheadh freagrach as na cúraimí feidhmiúla a bhaineann le riaradh an chórais oideachais sa Ghaeltacht. Dáithí Mac Cárthaigh, an Coiste Gnó 6. MÚI TEOIRÍ LE GAEILGE Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachas agus Eolaíochta gníomhú láithreach le cinntiú go mbeidh múinteoirí le Gaeilge ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh ag gach leibhéal sa chóras oideachais. Craobh Dhún Laoghaire

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

63


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

7. RIACHTA AIS A nIMIRCEACH Molann an Ard-Fheis go ndéanfaidh an Rialtas freastal cuí ar riachtanais foghlama Gaeilge na n-imirceach sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Aithnítear saibhreas a gcultúr féin agus a dtoil leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a bheith páirteach i sochaí agus i gcultúr na hÉireann. Craobh Dhún Laoghaire 8. BAILE BHÚIR E Iarraimid ar an Aire nua Oideachais agus Eolaíochta brostú chun cinn le forbairt an Ionaid Oideachais i mBaile Bhuirne, ar mhaithe leis an nGaelscolaíocht, agus ar mhaithe le tacaíocht a sholáthar do mhúineadh na Gaeilge i gcoitinne ar fud an chórais. Dáil na Mumhan

EAGRAÍOCHT 9. TIMIREACHT Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar Fhoras na Gaeilge deontas airgid de €80,000 a sholáthar do gach contae chun oifigeach forbartha Gaeilge a fhostú iontu, rud a chosnódh €2.5 milliún in aghaidh na bliana agus go n-eagródh an t-oifigeach sin féile Gaeilge seachtaine per contae agus go mbeadh páirtíocht shuntasach ag an bpobal ann. D’fhéadfadh na buaiteoirí a bheith páirteach i bhFéile Oireachtais na Bealtaine. Craobh na hInse 10. IMEACHTAÍ GAEILGE Go mbeartóidh An Coiste Gnó ar shraith ghníomhaíochtaí tríd an tír a chothóidh poiblíocht don Ghaeilge agus a mhúsclóidh spéis ghníomhach an phobail inti. Brian Ó Baoill, Ball Aonair

64

11. PLEA TIMIREACHTA Aithnítear an ról tábhachtach atá ag craobhacha ar an talamh i gcur chun cinn na Gaeilge sa phobal agus mar uirlis feachtais chumhacht. Molann an Ard-Fheis seo go ndíreoidh an eagraíocht ar fhorbairt agus ar neartú na gcraobhacha uile trí thosaíocht a thabhairt do thimireacht agus plean timireachta a chur i bhfeidhm don oileán agus thar lear. Craobh Dhún Laoghaire 12. A TAOISEACH UA Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an Taoiseach nua, Brian Cowen agus a chaint láidir faoi thábhacht na Gaeilge ina chéad óráid mar cheannaire na tire. Molann an Ard-Fheis go dtabharfar cuireadh don Taoiseach Ard-Fheis 2009 a sheoladh. Aoife í Scolaí, an Coiste Gnó 13. CEA -ÁRAS Go n-aistreofaí Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge go Gaeltacht Ráth Chairn. Coiste Chontae na Mí agus Craobh Cearta Ráth Chairn 14. CEA -ÁRAS Is oth linn an deifir atá ar an gCoiste Uimhir 6 a dhíol gan áit eile a bheith cinnte. Craobh Aimhirgin 15. CEA -ÁRAS Is mór an trua go gcaithfimis slán a rá chuig Uimhir 6 ach ag an am céanna, ní mór dúinn smaoineamh faoin Ghaeilge agus a chur chun cinn. Craobh Aimhirgin

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

16. CEA -ÁRAS Is trí chinneadh Ard-Fheise amháin is ceadaithe Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, a dhíol, agus ní mór aon rún dá shórt a bheith ar chlár gnó na hArd-Fheise. Craobh Thrá Lí 17. IO AID GHAEILGE & CHULTÚRTHA Molann an Ard-Fheis seo don Choiste Gnó brú ar aghaidh le pleananna chun ionad nua cultúrtha a thógáil sa phríomhchathair agus cruinnithe a eagrú ní amháin leis an Aire Pobail, Tuatha agus Gaeltachta ach leis an Taoiseach, i bhfianaise an tacaíocht láidir a léirigh an Taoiseach in chéad óráid mar cheannaire nua na tíre, chun sciar den Chiste Caipitil a chur ar fáil don togra tábhachtach seo. Aoife í Scolaí, an Coiste Gnó 18. CEA -ÁRAS Is cúis mór díomá don Ard Fheis seo díol Cheannáras na hEagraíochta (Conradh na Gaeilge) agus molann an Ard Fheis seo gan leanúint ar aghaidh leis an díolachán sin. Áine í Mhaoldomhnaigh - Ó Drisceoil, Ball Aonair 19. ÁISEA A SÓISIALTA Ón uair a dhún Caife Úna agus Caife Trí D níl áit ar bith fágtha san Ard-Chathair chun an gné seo don saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Molann an Ard-Fheis seo go mbeidh an Conradh ag obair le grúpaí eile Gaeilge chun caife Gaeilge dátheangach a bhunú arís san Ard-Chathair chomh luath agus is féidir. Domhnall Ó Muirí, Ball Aonair

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

20. CLÓDHA A TEORA TA Molaimid obair Phádraig Mhic Fhearghusa, eagarthóir Feasta agus iarrann an Ard-Fheis seo ar na craobhacha go léir 6 chóip den iris Feasta a cheannach ionas go gcuirfí le díolachán na hirise agus chun cuidiú le litríocht agus iriseoireacht na Gaeilge a chur os comhair an phobail. Craobh na hInse 21. LÉACHT UÍ GHADHRA Molann an Ard-Fheis go n-eagróidh an Coiste Gnó Léacht Nollaig Uí Ghadhra uair sa bhliain. Aoife í Scolaí, an Coiste Gnó 22. CLÓDHA A TEORA TA Is údar mórtais don Ard-Fheis go bhfuil a chéad 100 bliain slánaithe i mbliana ag Clódhanna Teoranta, comhlacht foilsitheoireachta Chonradh na Gaeilge, a bhfuil ‘Feasta’ agus ‘An Siopa Leabhar’ faoina chúram agus iarrtar ar bhaill an eagrais agus ar phobal na Gaeilge ar fud na cruinne treisiú ar a dtacaíocht dóibh. Craobh Bhréanainn 23. CUR CHU A GAEILGE I mBÁC Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfuil sé riachtanach go mbunófar oifig móide foireann chuí lán-aimseartha chun plé le forbairt agus riaradh Chonradh na Gaeilge i gceantair Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh siad ag saothrú as an lárionad cultúrtha atá molta agus iarrtar ar an gCoiste Gnó meitheal ar leith a bhunú le cúram a dhéanamh den togra seo. Craobh Bhréanainn

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

65


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

24. CÚRSAÍ AIRGID Go gcuireann an Coiste Gnó grúpa nua oibre le chéile chun tuarascáil a ullmhú ar gach gné de mhaoiniú na heagraíochta, ag gach leibhéal, agus moltaí a ullmhú ar an ábhar céanna. Coiste Chontae na Gaillimhe 25. IO AD A hARD-FHEISE 2010 Go mbeadh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh sa bhliain 2010 ó tá neart áiseanna sa chathair seo chun freastal ar ócáid mar sin mar aon le craobh anghníomhach, le foirgneamh athchóirithe, agus le hOifigeach Forbartha Gaeilge ag feidhmiú. Craobh Luimnigh 26. IO AD A hARD-FHEISE 2009 Beidh an tAonach sásta Ard-Fheis 2009 (óstán agus lóistín oiriúnach againn) a eagrú muna bhfuil láthair eile socruithe cheana féin. Coiste Chontae Thiobraid Árann

CEARTA 27. CÚRSAÍ DLÍ Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an scéala go mbeidh an cúrsa céime BL ar fáil trí mheán na Gaeilge in Óstaí an Rí ón mbliain acadúil 2009 - 2010 agus go bhfuil cúrsa do ábhair dhlítheangeolaithe le Gaeilge á reáchtáil sna hÓstaí chun riaradh do riachtanais Gaeilge agus dlí an Aontais Eorpaigh. Craobh na gCeithre Chúirt 28. ROGHA TEA GA Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara go bhfuil iallach ar chomhlachtaí poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí san áireamh, an teanga oifigiúil (Gaeilge nó Béarla) a

66

bheas roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid in imeachtaí sibhialta os comhair Cúirte agus éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh iallach reachtúil ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus ar gach údarás ionchúisimh eile cásanna coiriúla a ionchúiseamh sa teanga oifigiúil a bheas roghnaithe ag an gCúisí. Craobh na gCeithre Chúirt 29. STÁDAS SA EORAIP Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta maidir le feidhmiú stádas oifigiúil na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach agus éilíonn go bhfaighfí réidh leis an maolú i Rialachán Comhairle 920/2005 nuair a thagann sé aníos lena athbhreithniú ar an 1 Eanáir 2011 agus go gcríochnófaí amach dlíthe reatha an AE .i. an acquis communautaire a aistriú isteach sa Gaeilge chun go mbeidh sí ar aon dul le Máltais mar theanga oifigiúil Eorpach. Félim Borland, an Coiste Gnó 30. BILLÍ OIREACHTAIS Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfí gach bille de chuid an Oireachtais faoi bhráid an Oireachtais as Gaeilge agus as Béarla ionas gur féidir iad a phlé i nGaeilge chomh maith lena bplé as Béarla. Félim Borland, an Coiste Gnó 31. ACHT DO TUAISCEART Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na Breataine seasamh lena dhualgas de bhun Chomhaontú Chill Rímhinn agus Acht na Gaeilge a achtú don Tuaisceart, Acht a bheas bunaithe ar mholtaí POBAL agus iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó agus ar gach chuid den eagraíocht leanúint ag comhoibriú le POBAL agus le hACHT go mbainfear an aidhm seo amach. Félim Borland, an Coiste Gnó

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

32. PACÁISTIÚ DÁTHEA GACH Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar gach earra a dhíoltar in Éirinn cosúil leis an riachtanas dlíthiúil chuige sin atá i gCeanada (Béarla/Fraincis), sa Bheilg (Fraincis/Ollainnis) agus san Fhionlainn (Fionlainnis/Sualainnis). Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath 33. PLÉ LEIS A ROI OIDEACHAIS Molaimid an rialtas agus na húdaráis stáit i mBaile Átha Cliath as a bhfuil déanta acu trí Acht na dTeangacha Oifigiúla chun seirbhísí trí Ghaeilge a neartú, agus iarraimid anois orthu, mar chéad chéim eile, féachaint chuige go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta in ann freastal ar an bpobal trí mheán na Gaeilge mar a bhíodh, agus go bhfeidhmeofar polasaí sonrach earcaíochta chun an aidhm seo a thabhairt i gcrích. Craobh Thrá Lí 34. SEALBH A TEA GA Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis gur le pobal uile na hÉireann idir shean agus nua an Ghaeilge mar theanga náisiúnta na tíre. Tomás Mac Ruairí, an Coiste Gnó 35. A RIALACHÁI Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta na Rialacháin de bhun alt 9 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a shíniú tar éis iad a leasú mar seo a leanas: i. Iallach a chur ar chomhlachtaí poiblí gach fógrán dá gcuid a leagan amach go dátheangach agus tosaíocht shoiléir ag an leagan Gaeilge ach go bhféadfaí i gcás fógráin a fhoilsítear i bhfoilseacháin leagan Gaeilge a chur i bhfoilseachán Gaeilge agus leagan

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Béarla a chur i bhfoilseachán Béarla má tá a leithéid de fhoilseacháin sa cheantar i gceist; ii. Lógónna gach comhlachta phoiblí a bheith as Gaeilge nó as Gaeilge agus as Béarla; iii. Fáil réidh leis an díolúine ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin maidir le fógairtí taifeadta béil agus stáiseanóireacht atá le húsáid taobh amuigh den Stát; iv. Gan spriocdháta níos déanaí na 2011 a bheith iontu. Dáithí Mac Cárthaigh, an Coiste Gnó

A GHAELTACHT 36. STÁDAS GAELTACHTA Go ndéantar iarracht stádas Gaeltachta a bhaint amach do Chontae an Chláir, nó cuid de, sna blianta amach romhainn i ngeall ar líon na nGaeilgeoirí sa chontae sin ón daonáireamh deireanach ar aghaidh. Craobh Chill Mhíchíl 37. GRÉASÁ Go dtabharfar tacaíocht phraiticiúil do Choiste Forbartha Gaeltachta Contae an Chláir aitheantas oifigiúil a bhaint amach do ghréasán Gaeilgeoirí taobh istigh de Chontae an Chláir ó inniu ar aghaidh. Craobh Chill Mhíchíl 38. CÚ AMH Go dtabharfar cabhair phraiticiúil d’fhorbairt teanga Contae an Chláir “Straitéis Forbartha na Gaeltachta do Chontae an Chláir 2008 - 2016” a fhoilsiú go gairid. Craobh Chill Mhíchíl

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

67


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

39. CÚIRTEA A Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh thacaíocht Údarás na Gaeltachta le héilimh an Chonartha maidir le feidhmiú na gcúirteanna sa Ghaeltacht agus iarrann ar an gCoiste Gnó agus ar gach chuid den eagraíocht leanúint ag cur brú ar an tSeirbhís Chúirteanna, ar an Aire Dlí agus Cirt Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí, agus ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí go bhfeidhmeofar na héilimh sin .i. • Go n-eagrófaí na ceantracha Gaeltachta (nó mar thús na ceantracha A agus B) ina ndúichí den Chúirt Dúiche a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus imeachtaí iontu; agus • Go n-eagrófaí na ceantracha Gaeltachta (nó mar thús na ceantracha A agus B) ina gcuaird den Chúirt Chuarda a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus imeachtaí inti. Craobh na gCeithre Chúirt 40. A STAIDÉAR TEA GEOLAÍOCHTA Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht arna ullmhú ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus éilíonn go gcuirfí na moltaí ann i bhfeidhm. Dáithí Mac Cárthaigh, an Coiste Gnó 41. FEIDHMEA AIGH TEA GA Go molann an Ard-Fheis seo don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dlús a chur leis an scéim faoina raibh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil chun Feidhmeannaigh Teanga a fhostú sna pobail Ghaeltachta. Craobh Mhaigh Cuilinn 42. PLEA FORBARTHA GAEILGE Go molann an Ard-Fheis seo don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

68

plean forbartha Gaeilge a ullmhú, i gcomhar leis an bpobal áitiúil, do gach paróiste Gaeltachta. Craobh Mhaigh Cuilinn 43. CEAD PLEA ÁLA Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí éascaíocht do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí gníomhacha Gaeilge cead pleanála a fháil le cónaí sa Ghaeltacht agus nach bhfaigheadh forbairtí a dhéanfadh dochar do úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht tacaíocht ó na húdaráis phleanála. Craobh na nDéise 44. SCÉIM PHÍOLÓTACH Go mbeadh cabhair i bhfad níos suntasaí ar scéim phíolótach i bhfoirm deontais do cheannaitheoirí tithe don gcéad uair sa Ghaeltacht a chomhlíonann critéir ghéara agus agallamh/scrúdú cuimsitheach ag Roinn na Gaeltachta i gceantair a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal agus Moltaí mar chatagóir A & B, le go mbeadh fás ag teacht ar chéatadán na gcainteoirí arís nó chun seasmhacht a thabhairt do chéatadáin arda, rud ar chóir a bheith mar phríomhaidhm straitéise teanga an rialtais. D'fhéadfaí ceantair as na ceantair a moladh mar chatagóir C a thabhairt isteach sa scéim tar éis tamaill, dá mbeartófaí go mbeadh sé seo inoibrithe. Craobh na nDéise 45. STRUCHTÚR Os rud é go léiríonn meath suntasach daonra sna fíor Gaeltachtaí nach bhfuil na struchtúir atá ann faoi láithair len é a bhuanú in ann talamh slán a dhéanamh den chúram sin, iarann muid ar an Rialtas le húdarás pleanála faoi leith a bhunú don Ghaeltacht a bheadh ag feidhmiú trí Ghaeilge agus a bheadh lonnaithe san fhíor-Ghaeltacht. Craobh Innse Gall

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

MEÁI CHUMARSÁIDE 46. RAIDIÓ RÍ-RÁ Molaimid bunú agus feidhmiú an stáisiúin raidió nua Ghaeilge don aos óg, Raidió RíRá, ach go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas maoiniú a chur ar fáil le gur féidir an stáisiún a fhorbairt agus a chur ar fáil, ní hamháin ar an idirlíon, ach ar aerthonnta FM agus ar an gcóras raidió digiteach amach anseo. Craobh Raidió 47. FÓ GAELACH Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh bheart Samsung córas oibriúcháin Gaeilge agus tuarthéacs Gaeilge a chur ar an bhfón nua Tocco dá chuid. Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath EILE 48. SEIRBHÍSÍ TRÍ GHAEILGE Go molann an Ard-Fheis seo don Eaglais Chaitliceach soláthar seirbhísí eaglasta i nGaeilge a chur san áireamh mar chuid d’athruithe chóras oibre na hEaglaise chun dul i ngleic leis an titim sa líon sagairt atá ag feidhmiú sa phobal. Coiste Chontae na Gaillimhe 49. SOILÉIRIÚ Maidir le cur chun cinn na Gaeilge, go ndéanfaí gach iarracht / go lorgófaí soiléiriú beacht a dhéanamh idir rólanna éagsúla gach comhlántacha an Stáit, forais stáit san áireamh, agus na hearnála deonaí. Craobh an Athar Uí Iceadha 50. PLEA ÁIL CORPAIS A GAEILGE: Go n-iarrfaí ar an Stát tacaíocht leanúnach agus comhordú éifeachtach a chinntiú do phleanáil corpais na Gaeilge, idir thaighde,

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

úsáid agus craobhscaoileadh; intuigthe anseo tá FNG an Acadaimh Ríoga; Foclóir Fhoras na Gaeilge; An Coiste Téarmaíochta; Foclóirí éagsúla ar líne; Tionscadal shintéis na Gaeilge Choláiste na Tríonóide; Rannóg an Aistriúcháin; iarrachtaí aonair; cúrsaí oiliúna éagsúla sa bhfoclóireacht, san aistriúchán agus san ateangaireacht. Craobh an Athar Uí Iceadha 51. ATH-RÉIM IÚ A GAEILGE Molann an Ard-Fheis saothar éifeachtach na sain-eagrais uilig atá ag plé le gnéithe ar leith d’athréimniú na Gaeilge. Tomás Mac Ruairí, an Coiste Gnó 52. CEA AIREACHT A TAOISIGH Molann an Ard-Fheis seo cleachtas dearfa an Taoisigh maidir leis an nGaeilge agus táthar ag súil leis go leanfaidh baill uilig eile an rialtais, teachtaí dála, seanadóirí agus ionadaithe poiblí, chomh maith le hurlabhraithe agus tráchtairí ar fud an oileáin, a dheá-shampla chun cinnireacht a thabhairt don phobal lena spreagadh i dtreo úsáid rialta na teanga. Craobh Bhréanainn 53. SACAR A hÉIREA Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh chinneadh an FAI “ÉIRE” a chur ar gheansaithe idirnáisiúnta a gcuid imreoirí ar an bhfoireann náisiúnta sacair. Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath 54. I IÚCHÓIRÍ Molann an Coiste Gnó don Ard-Fheis Mazars a athcheapadh mar iniúchóirí Chonradh na Gaeilge go ceann bliana eile. An Coiste Gnó

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

69



Conradh na Gaeilge

9. TORTHAÍ AR GHLÓR A nGAEL 2008 Leibhéal 1 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais Glór Chluainín, Co. Liatroma - €3,000 2ú Duais Boirche Íochtar, Co. an Dúin - €1,500 Leibhéal 2 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais Glór na Móna, Béal Feirste - €3,000 2ú Duais Glór na Ríogh, Co. Chill Dara - €1,500 Leibhéal 3 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais Ceatharlach - €3,000 2ú Duais Carn Tóchair, Co. Dhoire - €1,500 Leibhéal 1 (Gaeltacht) 1ú Duais Tuar Mhic Éadaigh - €3,000 Leibhéal 2 (Gaeltacht) 1ú Duais Gleann Cholm Cille - €3,000 2ú Duais Acaill, Co. Mhaigh Eo - €1,500 Leibhéal 3 Gaeltacht 1ú Duais Céim Aniar - €3,000 2ú Duais Clochán Bhréanainn - €1,500 A DUAISEA A SPEISIALTA

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

*Duais na Seirbhísí Poiblí An Clár as Gaeilge, Co. an Chláir - €700 (Urraithe ag Gaeleagras na Seirbhísí Poiblí) *Duais Chonradh na Gaeilge Sionainn, Co. an Chláir - €2,000 (Urraithe ag Conradh na Gaeilge) *Duais Chumann na Sagart Comhairle Pobail an Spidéil - €2,500 (Urraithe ag Cumann na Sagart) *Duais Ghaelscoileanna Teo. Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe - €2,000 (Urraithe ag Gaelscoileanna) *Duais COGG Muintir Chrónáin, Baile Átha Cliath - €2,000 (Urraithe ag COGG) *Duais Comhairle na Gaelscolaíochta An Srath Bán, Co. Thír Eoghain - £1,500 (Urraithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta) *Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall Gort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall - €1,500 (Urraithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall)

*An Iontráil Nua is fearr Cluainín, Co. Liatroma - €1,000

* Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe - €1,500 (Urraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe)

*Duais an Fháinne Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí - €1,500 (Urraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge)

*Duais na Comhairle Oidhreachta X 2 Comhairle Pobail an Spidéi & Céim Aniar €1,500 (Urraithe ag an gComhairle Oidhreachta)

*Duais Chomhluadar Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin - €1,500 (Urraithe ag Comhluadar)

Duaiseanna Aitheantais Dobhair,An Bealach Mór & Cumann Gaelach Leath Chathail - €1,000

*Duais Óige Glór Bhréifne - Scoláireachtaí - €1,200 (Urraithe ag Coláiste na bhFiann)

Trófaí na gComhlachtaí Google - Trófaí

*Duais Chló Iar-Chonnachta Ceatharlach - luach €1,000 de leabhair (Urraithe ag Cló Iar-Chonnachta)

GLOBAL GAEILGE 1ú Duais Daltaí na Gaeilge, Meiriceá - €6,500 2ú Duais Coláiste na nGael, Londain - €5,250 3ú Duais Cumann Gaelach na hAstráile - €4,000

*Duais Tras-Teorainn X 2 Baile Locha Riach & Glór na Móna - €1,400 (Urraithe ag an Iontaobhas Ultach)

a Mór-Ghradaim áisiúnta Leibhéal 4 3ú hÁit: Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair -€7,500 2ú hÁit: Comharchumann Ráth Chairn - €12,500

*Duais Choimisiún Craolacháin na hÉireann ShannonSide/Northern Sound & 102FM - €1,500 (Urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann)

BUAITEOIR ÁISIÚ TA 2007 An Clár as Gaeilge, Co. an Chláir - €50,000 (Urraithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta) GLÓR NA hINSE - Trófaí Ghlór na nGael (Urraithe ag Foras na Gaeilge)

*Duais an Leinster Leader Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh - €700

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

71


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

10. MIO TUAIRISCÍ ARD-FHEIS 2007, CATHAIR A MART, CO. MHAIGH EO Teachtaí ag an Ard-Fheis 2007 An Coiste Gnó Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán; Eoghan Mac Cormaic, Ben Ó Floinn, Breandán Ó Cathasaigh, Donnchadh Ó hAodha, Pádraig Mac Fhearghusa, Helen Ó Murchú, Eamonn Mac Gheáirr, Jacqueline Uí Mhuirí, Nollaig Ó Gadhra, Seán Ó Ceallaigh, Seán Ó Drisceoil, Tomás Mac Ruairí, Stiofán Ó Móráin, Máire Ní Laoire, Colmán Ó Raghallaigh, Siobhán Nic Gaoithín Cúige Chonnacht Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Éilis Bhreathnach, Craobh Chathair na Mart; Gearóidín Ní Ghrúinéil, Cáit Bn Uí Eanacháin, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Máirtín Ó Maicín, Craobh Bhall Álainn; Máire Ní Ghráinne, Deirdre Ní Néill, [Áine Ní Fhatharta, Caoimhín Ó Fatharta] Coiste Dúiche na Gaillimhe; Bríd Uí Dhabhoráin, Craobh Mhaigh Cuilinn; Máiréad Ní Dhireáin, Peadar Ó Coineen, Áine Ní Iarnáin, Craobh na Gaillimhe; Máire Ní Fhiaich, Carmel Nic Aodha, (Dé hAoine) [Éamon Ó Donaile, Bríd Uí Dhonaile, (Dé Sath)] Craobh Bhéal an Átha; Pádraig Ó Baoill, Craobh Bhaile Locha Riaich; Máirín Uí Ghadhra, Craobh na bhForbacha; Pádraic Ó Conghaile, Craobh na hAdhreidhe; Óisín Ó Muirí, Cormac Mac Lochlainn, Craobh Eigse agus Seanchais; Iarla de Búrca, Craobh Chlár Chlainne Mhuiris. Cúige Laighean Máirín Nic Dhonnchadha, Pádraig Nugent, Craobh Moibhí; Donnchadh Ó Mathúna,

72

Áine Uí Ghabhann, An Ard-Chroabh; Tony Pratschke, Craobh i Measc; Íte Ní Chionnaith, Craobh Mhaighneann; Úna Uí Bheirn, Craobh an Athair Ó hIceadha; Síle Ní Dhocraigh, Fiona Nic Ruairí, Craobh Bhreanainn; Martina Ní Mheachair, Caoimhín Ó Cadhla, Craobh na nGael Óga; Tadhg Ó Rodaigh, Louise Nic Aodhbhuí, Cumann Gaelach UCD; Félim Borland, Cormac Mac Caisín, Cumann Gaelach DCU; Ciarán Ó Feinneadha, Craobh Ghleann na Life. Cúige Mumhan Nóirín Uí Cheallaigh, Breandán Mac Fhionnghaile, Craobh na hInse; Gráinne Ní Fhainnín, Craobh Dhurlas Eile; Áine Uí Bheoláin, Sinéad Joy, Craobh Uíbh Rathach; Nóirín Ó Dálaigh, Craobh Thrá Lí; Pádraig Ó Dálaigh, Coiste Dúiche Chiarraí; Seán Ó Nuanáin, Labhrás Ó Donnghaile, Craobh Club na Sionna; Pádraig Mac Donncha, Phyllis Uí Cheallaigh, Craobh Luimnigh; Celine Ní Chochlaigh, Craobh Charraig na Siúire; Risteard Ó Fuaráin, Craobh Oithear Dhuibhneach; Domhnall Ó Loingsigh, Craobh Bhaile Bhúirne; Fionn Mac Giolla Choda, Craobh na nDéise; Séamus Ó Coisdealbha, Carmel Uí Choisdealbha, Craobh Ros Cré. Cúige Uladh Ruairí de hÁl, Tadhg Ó Maoláin, Craobh Dhún Dealgan Thar Lear Gearóid Mac an Mhaoir, Riobard Ó Ceocháin, Denise Ní Loingsigh, Craobh Birmingham. Cuairteoirí Colm Ó Coisdealbha, Bríd Uí Mhathúna, Seán Ó Healaí, Guy Racoillett, Caitríona Uí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Raghallaigh, Pádraig Ó Ceithearnaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Máirtín Ó Tuairisg, Tomás Ó Máille, Áine Uí Mhóráin, Colm Ó Broin, Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael; Máirín Uí Ghríofa, Ógras; Máiréad Nic Réill, Máirtín Mac Donnchadha, Raidió na Gaeltachta. Bríd Nic Dhomhnaill. An Fhoireann Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí; Peadar Mac Fhlannchadha, Timire, Jamie Ó Tuama, Feidhmeannach; Máiread Seoighe, Máire Ní Dhuiginn, Ard-Oifig. Máire Ní Laoi, Oifigeach na bhFoilseachán; Meadhbh Ní Dhónaill, Riarthóir; Ríonach Ní Scolaí, Brenda Ní Chonaire, Risteard Ó Fuaráin, Caoimhín Ó Cadhla, Oifigigh Forbartha. Oifig Ógras. Liam Ó Maolaodha, Máirín Nic Dhonnchadha, Emer de Barra, Oifig an Oireachtais 1. Caint Fháiltithe an Uachtaráin Chuir an tUachtarán, Dáithí Mac Cárthaigh, fáilte roimh gach duine chuig Ard-Fheis 2007 in Óstán Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Labhair sé faoin olltoghchán, mórthéama na hArd-Fheise. Ghabh sé buíochas le Comhairle Bhaile Chathair na Mart, Foras na Gaeilge agus go háirithe an chraobh áitiúil, Craobh Chathair na Mart, agus Coiste Dúiche Mhaigh Eo as an Ard-Fheis a thabhairt go Cathair na Mart. Freisin, mhol sé an chraobh as an gclár iontach a bhí roimh gach duine 2. a Rialacha Seasta Mhol Tomás Mac Ruairí na rialacha seasta agus chuidigh Dáithí Mac Cárthaigh leis an moladh sin. Glacadh leo d'aon ghuth.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

3. Miontuairiscí Ard-Fheis 2006 Mhol Tomás Mac Ruairí na miontuairiscí agus chuidigh Seán Ó Drisceoil leis an moladh sin. Glacadh leo d'aon ghuth. 4. Sos Cuimhneacháin Sheas gach duine a bhí láthair ag an Ard-Fheis ar feadh nóiméid in ómós do na daoine seo a leanas a fuair bás le linn na bliana: Pádraig Ó Céilleachair, Máire Uí Bhaoil, Róisín Nic Aonghusa, Séamus de Faoite, An tAthair Denis Faul, Seán Ó Conceanainn, Mainchín Seoighe, Breandán Ó Dúil, IarThaoiseach na hÉireann, Charles J. Haughey, Micheál Ó Ríordáin, Micheál Ó Dúshláine, Seán Ó Tuama, Val Rice, Máire Uí Chathasaigh, Tomás Man an tSamhraidh, Johnny Chóil Mhaidhc, Séamas Ó Cualáin, Colm Welby, Liamín Dáibhéis, clann Sheosaimh Uí Chealaigh, máthair chéile Jacqueline Uí Mhuirí, Seán Mac Réamoinn, Pat Henry, Tony Cristavellees, fear céile Úna Ní Choinn. 5. Toghadh na nIniúchóirí ‘Molann an Coiste Gnó don Ard-Fheis Chapman Flood Mazars a athcheapadh mar iniúchóirí Chonradh na Gaeilge go ceann bliana eile.’. Moladh an rún seo, thar ceann an Choiste Ghnó agus glacadh leis d'aon ghuth. 6. Dáta agus Ionad na hArd-Fheise 2008 Mhol Pádraig Mac Fhearghusa an rún seo a leanas: ‘Molann Cr. Thrá Lí don Ard-Fheis seo go mbeadh Ard-Fheis 2008 i dTrá Lí’. Chuidigh Donnchadh Ó hAodha leis agus glacadh leis.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

73


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

7. Toghadh Áiritheoirí na dToghchán Ainmníodh na daoine seo a leanas mar áiritheoirí thar ceann na hArd-Fheise: Peadar Mac Fhlannchadha, Íte Ní Chionnaith, Máirín Nic Dhonnchadha agus Tadhg Ó Maoláin agus Breandan Mac Fhionnghaile. Glacadh leo ar fad. 8. Oscailt Oifigiúil Ghuigh Treasa Mhic Uidhir, Cathaoirleach Chomhairle Bhaile Chathair na Mart, gach rath ar an Ard-Fheis agus ansin d'oscail sí go hoifigiúil í. 9. Díospóireacht an Olltoghcháin Bhí díospóireacht ann maidir le seasamh Fianna Fáil agus Fine Gael don Ghaeilge san olltoghchán le teacht. 11. a Rúin Glacadh leis na rúin seo a leanas: EAGRAÍOCHT 1. I bhfianaise an bealach atá Foras na Gaeilge ag caitheamh le Conradh na Gaeilge, an laghad maoinithe atá an eagraíocht ag fáil ón bhForas agus an bac atá sé seo ag cur ar chur chun cinn na Gaeilge go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó nua cruinniú a eagrú leis an Rialtas chun maoiniú a fháil go díreach ón Stát, maoiniú a bheith ceangailte le plean forbartha náisiúnta a bheith aontaithe idir an Conradh agus an Rialtas. 2. Go gcáineann an Ard-Fheis seo an easpa tacaíochta atá á fáil ag Seachtain na Gaeilge ó Fhoras na nGaeilge, agus, mar gheall ar an mbac atá á chur ag easpa maoinithe ar fhorbairt na Seachtaine, go dtreoraíonn an ArdFheis seo don Choiste Gnó nua cruinniú a lorg leis an Rialtas chun maoiniú breise a fháil ó Chiste an Stáit féin.

74

3. Go dtréaslaíonn an Ard-Fheis seo le Conradh na Gaeilge Luimnigh as an bplean forbartha atá acu d'Áras an Chonartha sa Chathair agus don mhórobair atá ar siúl acu ar an Áras. OIDEACHAS 4. Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhoilsiú Pholasaí Oideachais nua an Chonartha agus go n-iarrann sé ar gach ball agus ar gach aonad den eagraíocht páirt a ghlacadh san fheachtas stocaireachta le go mbeidh an polasaí nua ar chlár oibre an chéad rialtas eile. 5. Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar na Ranna Rialtais cuí airgead a chur ar fáil le ranganna saor in aisce chomh fada agus is féidir a eagrú chun a chinntiú go gcuirfear deis ar fáil do na hÉireannaigh nua eolas a chur ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Go gcuirfidh na Craobhacha lántacaíocht ar fáil don fheachtas seo chomh maith. 6. Éilíonn Ardfheis Chonradh na Gaeilge ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta glacadh le comhairle eatramhach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) agus gach tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge i bhfoirm cúrsaí réamhoiliúna, cúrsaí inseirbhíse agus araile, chun an toradh is fearr a bhaint as múnla an luath-thumoideachais iomláin ar son na Gaeilge agus ar son an phobail. 7. Molann an Ard-Fheis seo do Enda Kenny agus a pháirtí athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael i leith mhúineadh na Gaeilge sna ranganna iar-Theastais Shóisearaigh. 8. Molann an Ard-Fheis seo don Aire Oideachais agus Eolaíochta athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar chúrsaí teangeo-

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

laíochta sa chóras oideachais idir bunleibhéal, meánleibhéal agus an tríú leibhéal, agus aird ar leith a thabhairt do pholasaí an Chonartha maidir le múineadh teangacha sa chóras scolaíochta. 9. Molann an Ard-Fheis seo an tAire Oideachas agus Eolaíochta as a bhfuil déanta aici maidir le breis aitheantais a thabhairt don Ghaeilge labhartha san Ardteist ach go bhfuil gá go ndéanfaí a thuilleadh machnaimh ar an scéal agus go gcuirfí an tacaíocht chuí a chur ar fáil. 10. Ionad Náisiúnta Oideachais Ghaeilge do Bhaile Bhuirne: - Fáiltímid roimh an milliún euro atá geallta chun téacsleabhair Ghaeilge ar chaighdeán cuí a chur ar fáil le haghaidh na scolaíochta dara leibhéal. Iarraimid arís go mbunófar Ionad Náisiúnta Oideachais Ghaeilge i mBaile Bhuirne, mar a gealladh 7 mbliana ó shin, agus molaimid go ndéanfar na hionaid oideachais pháirtaimseartha sna Gaeltachtaí a fhorbairt ina n-ionaid lánaimseartha, mar chuid de ghréasán comhtháite náisiúnta de ionaid oideachais Ghaeilge don tír ar fad. 11. Seasann an Ardfheis seo leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus éilíonn go neartófaí stádas na Gaeilge trí í a mhúineadh go héifeachtach agus go taithneamhach do gach dalta agus mac léinn ó na ranganna naíonáin go dtí an Ardteist. 12. Éilíonn an Ardfheis seo ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dul i gcomhar lena chéile féachaint le hInstitiúid Teangeolaíochta a bhunú chun taighde a dhéanamh agus a fhoilsiú ar labhairt agus úsáid na Gaeilge, ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go chéile, ar mhúineadh na Gaeilge, ar mhodhanna múinte teanga agus oiliúna múinteoirí ó thuaidh agus ó dheas,

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

institiúid a d'fheidhmeodh trí Ghaeilge agus a bheadh lonnaithe sa Ghaeltacht. 13. Molann an Ardfheis seo dea-chleachtas luachmhar oideachasúil na Gaelscolaíochta: an tumoideachas lán-Ghaeilge sna ranganna naíonáin a bhaineann le sainspiorad na Gaelscolaíochta agus cuirfidh Conradh na Gaeilge, ar bhonn leathan eagraithe, i gcoinne aon iarracht an dea-chleachtas seo a chealú, nó a mhaolú. 14Éilíonn an Ard-fheis seo ar Chonradh na Gaeilge tacú leis an agóid náisiúnta atá le heagrú ag GAELSCOILEANNA TEO. de bharr dhrochstaid na Gaelscolaíochta, ach go háirithe i dtaca le cóiríocht agus easpa acmhainní de. 15. Cáineann an Ard-Fheis seo údaráis Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, as an gcéim síos atá tugtha acu don tseanGhaeilge agus éilíonn an Ard-Fheis seo go gceapfaidís ollamh le sean-Ghaeilge go luath. CEARTA 16. Fáiltítear roimh Ráiteas an Rialtais i dtaobh na Gaeilge (Nollaig 2006), roimh an maoiniú d'fhonn tús a chur leis an bpróiseas pleanála fiche bliain agus roimh na tagairtí don Ghaeilge agus a mbaineann léi sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Maidir leis an straitéis fiche bliain don Ghaeilge, iarrtar: • gur aon phlean comhaontaithe amháin a bheidh ann, i bhfianaise athruithe sochaíocha agus cultúrtha an lae inniu • plean a chuimseoidh i ngach réimse saoil sainriachtanais éagsúla - na Gaeltachta - na hiar-Ghaeltachta • plean a aithneoidh agus a shoiléireoidh - sainrólanna na hearnála deonaí agus gníomhaithe sa ghort

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

75


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

• plean a thabharfaidh aird ar phoitéinseal - lucht an 'chúpla focal' nó - dream an chumais tuisceana amháin - dream an ghabhchumais go fóill ach a bhfuil bá acu don Ghaeilge agus do pholasaithe ar a son 17. Iarraimid ar an Aire Iompair, Martin Cullen TD, ordachán a thabhairt faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre a thabharfaidh ar a laghad an chosaint chéanna don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair is atá le tabhairt di i gcomharthaíocht phoiblí oifigiúil faoi na rialacháin a bhaineann le hAlt 9 d¹Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus iarraimid chomh maith go dtabharfaí treoir ceannlitreacha a usáid sa dá theanga oifigiúla. Tá práinn leis seo de bhrí go bhfuil an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta ar tí conarthaí ar fiú tuairim is seasca milliún euro iad a dháileadh, chun na comharthaí ar na bóithre náisiúnta a athnuachan. Nílimidne, pobal na Gaeilge, sásta le comharthaí a thugann seasamh den dara grád don teanga náisiúnta. 18. Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas scéim faoisimh cánach a bhunú ar mhaithe le gnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge. 19. Molann an Ardfheis seo dréacht-Acht Gaeilge POBAL do na Sé Chontae agus leanfaidh Conradh na Gaeilge ag comhoibriú le POBAL chun go n-achtófaí ina dhlí é ag Feis Westminister. 20. Éilíonn an Ardfheis seo go maoineoidh Rialtas na hÉireann ranganna saor in aisce i dteangacha oifigiúla an Stáit do dhaoine a dteastaíonn an cumasú sin uatha, go

76

háirithe daoine a rugadh nó a tógadh thar lear. 21. Éilíonn an Ardfheis seo ar an Aire Dlí agus Cirt a chinntiú go mbeidh cumas Gaeilge leibhéal B2 ar an bhFrama Coiteann Eorpach ar a laghad ag gach earcach Garda, idir iad a rugadh in Éirinn agus iad a rugadh thar sáile, sara gcáilíonn sé nó sí ina b(h)all den Gharda Síochána. 22. Seasann an Ardfheis seo le logainmneacha Gaeilge na hÉireann, os iad na leaganacha údaracha iad, agus éilíonn go mbunófar aon chód poist a nglacfar leis ar na logainmneacha Gaeilge. MEÁI CHUMARSÁIDE 23. Go dtréaslaíonn an Ard-Fheis seo leis na meáin chumarsáide náisiúnta agus áitiúla as an tacaíocht ollmhór a thug siad do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. 24. Éilíonn an Ardfheis seo go gcruthófaí stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge dírithe ar an óige. GAELTACHT 25. Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an gcóras tacaíochta atá á chur ar fáil ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do phobail Ghaeltachta trí chur ar a gcumas Feidhmeannaigh Teanga a fhostú agus go n-iarrtar ar an Roinn an scéim seo a leathnú le go mbeidh gach paróiste Gaeltachta clúdaithe faoin scéim. 26. Molaimid na heagrais éagsúla a bhí rannpháirteach le Conradh na Gaeilge san éacht chun stádas oifigiúil oibre san

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Aontas Eorpach a bhaint amach don Ghaeilge, ach is cúis mhór díomá dúinn an feachtas aischéimnitheach atá ar bun chun leagan Béarla d'ainm an bhaile atá go hoifigiúil sa nGaeltacht a bháisteadh ar An Daingean / Daingean Uí Chúis agus éilimid orthu siúd atá gníomhach san iarracht seo go n-éireoidis as ar mhaithe leis an mbaile sa todhcaí. 27. Molann an Ard-Fheis seo go mbeadh dianfheachtais sna ceantair Ghaeltachta do bhaill nua, go gcuirfí in iúl do dhaoine go dtugann an Conradh guth náisiúnta do lucht labhartha na Gaeilge, go gcuirfí in iúl do mhuintir inchláraithe na Gaeltachta go dtugann a mballraíocht láidreacht don Chonradh agus iad ag gníomhú ar son na Gaeilge & go mbeadh lucht labhartha na Gaeilge go náisiúnta ag labhairt le haon ghuth, mar a dhéantar go cultúrtha an Oireachtais. 28. Molann an Ard-Fheis seo go gcinnteoidh Conradh na Gaeilge go mbeidh mar chuid de chéad chlár rialtais eile, gealltanas go ndéanfar taobh istigh de chéad ráithethéarma an chéad rialtais eile, treorlínte ceangailteacha, sonracha a eisiúint ón Roinn Comhshaoil maidir le ceadanna pleanála sa Ghaeltacht a chinnteoidh go gcosnófar an Ghaeltacht, go mbeidh muintir na Gaeltachta inniúil ar fhanacht ina gceantair Ghaeltachta féin agus teach a cheannach ann agus go mbeidh céatadán na gcainteoirí líofa ag dul i méid, trí úsáid a bhaint as coinníollacha teanga agus coinníollacha dúchasacha

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Gaeltachta ar bhonn chomhthreomhar, sonrach go náisiúnta. 31. Éilíonn an Ardfheis seo ar gach comhairle áitiúil a bhfuil limistéar Gaeltachta faoina cúram a éascú do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil ina gceantar féin le cónaí iontu. 32. Éilíonn an Ardfheis seo ar an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoirlínte ceangailteacha a cheapadh maidir le cúrsaí pleanála sna limistéir Ghaeltachta a chinnteodh nach gceadófar aon fhorbairt nach rachaidh chun leasa labhairt agus úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. 33. Cáineann an Ardfheis seo an Rialtas as breitheamh dúiche gan Ghaeilge a cheapadh i nDúiche 1 (Tír Chonaill) agus éilíonn dúiche agus cuaird ar leith do na ceantair Ghaeltachta a riarfar trí mheán na Gaeilge. EILE 34. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó dul i dteagmháil leis na húdaráis chuí le féachaint chuige go mbeidh an téarmaíocht chéanna ag na teangacha ceilteacha i gcur i bhfeidhm focal nua sna teangacha, ionas go bhfásfaidh na teangacha seo níos gaire dá chéile sa todhchaí, seachas leanúint ag forbairt níos faide óna chéile mar atá faoi láthair'. 35. Éilíonn an Ardfheis seo ar phobal na Gaeilge feachtas a chur ar bun chun Gaeltacht uirbeach a bhunú sa phríomhchathair.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

77


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

11. AITHEASC A UACHTARÁI AG ARD-FHEIS 2007 Bhí bliain bhisiúil go maith ag saol na Gaeilge trí chéile agus ag Conradh na Gaeilge ach go háirithe ón Ard-Fheis seo caite i nDún Dealgan. Tá an Ghaeilge anois ina teanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach ó Lá Coille na bliana seo. Is cúis bhróid dom mar Uachtarán an Chonartha é sin toisc an ról lárnach a d'imir Conradh na Gaeilge sa bhfeachtas sin STÁDAS a comhordaíodh as Ardoifig an Chonartha i gcomhair leis na Gaeil Óga, le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus leis an Dr. Padraig Ó Laighin. Tá moladh ar leith ag dul do Aoife Ni Scolaí, iarphríomhfheidhmeannach gníomhach an Chonartha agus do Dheirdre Ní Mhuirí iarfheidhmeannach an Chonartha as an bhfeachtas a chomhordú agus do Julian de Spáinn an tArdrúnaí reatha as comhordú a dheanamh ar AN LÁ MÓR: mórshiúl buaiceach STÁDAS ar 24 Aibreán 2004. Teastaíonn eolas ar 2 theanga oifigiúla Eorpacha ar a laghad chun cur isteach ar phost ar bith leis an AE. Is acmhainn anois an Ghaeilge ar mhargadh fostaíochta na hEorpa agus imreoidh sé sin tionchar chun feabhais sa seomra ranga de réir a chéile. Tiocfaidh dlí na hEorpa, ar a bhfuil 75% de dhlí na hÉireann bunaithe, chugainn as Gaeilge agus as Béarla araon agus cloistear an Ghaeilge anois in úsáid i ngnóthaí Pharlaimint agus institiúidí eile na hEorpa: Imreoidh sé sin tionchar chun feabhais ar mheon lucht Stáit, cumhachta agus dlí de réir a chéile. Thar aon rud eile dúisíodh agus pléadh ceist na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus in ainneoin freasúra ó namhaid na teanga thugamar linn muintir na hÉireann agus bhi an bua againn.

78

Tacaíonn stádas na Gaeilge san AE le stádas na Gaeilge in Éirinn. Tugann se comhthéacs agus tuiscintí idirnáisiúnta ilteangach dár gcás agus dar n-éileamh ar sheirbhisí trínár dteanga féin agus go n-úsaidfí an Ghaeilge i ngnóthaí oifigiúla. Ná dearmadaimís gur eagraíocht feachtasaíochta agus stocaireachta thar a bheith éifeachtach é Conradh na Gaeilge. Le blianta beaga anuas d'éirigh linn ní hamháin corr a bhaint as saol na hÉireann ach d'éirigh linn corr a bhaint as saol agus as polaitíocht na hEorpa chomh maith. Ná dearmadaimís ach oiread gur trí chomhoibriú le heagrais agus le daoine eile is ea a d'éirigh linn an méid sin a bhaint amach agus leanfar leis an gcur chuige sin. An Gá le Straitéis agus Plean áisiúnta Is fada ó shásúil atá cúrsa na Gaeilge in Éirinn áfach agus tá dúshláin mhóra romhainn go háirithe maidir le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge sna córais oideachais thuaidh agus theas agus le seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin. Ní thiocfaimid ar réiteach nó ar leigheas na ndúshlán sin gan aghaidh a thabhairt ar ionad na Gaeilge i sochaí na hÉireann trí chéile agus ar na fórsaí a imríonn tionchar ar an rogha a dhéanann daoine dul le Gaeilge agus í a thabhairt ar aghaidh dá gclann nó ar an láimh eile cúl a thabhairt léi nó neamhaird a dhéanamh di. Tá an-cheangal idir an stádas atá ag teanga agus an claonadh a bhíonn i ndaoine dul léi. Má fheictear do dhaoine gur teanga í a bhfuil feidhm léi, a bhfuil an t-iliomad seirbhísí ar fáil trína meán, atá in úsáid ag aicme na cumhachta agus an airgid agus a bhfuil saol bríomhar cultúrtha agus sóisialta ag baint léi cuirfidh siad suim inti agus rachaidh siad léi.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Go dtí le déanaí is í an taithí a bhí againn mar phobal teanga ná ár dteanga a bheith dúnta amach ó na réimse ab airde agus ba ghradamúla sa saol agus gan pioc seirbhísí a bheith ar fáil dúinn inár dteanga féin. Ní haon ionadh mar sin leisce a bheith ar dhaoine dul le Gaeilge. Tuigimidne agus thuigeamar le fada gur féidir iompraíocht an duine a athrú ach na toscaí a imríonn tionchar ar an duine a athrú. Cuimhnítear ar an gclaochlú a tháinig ar mheoin an phobail i leith tobac a chaitheamh agus ar an athrú iompraíochta a lean é. Is polasaí, pleanáil agus gníomh Stáit an t-athrú meoin agus iompraíochta seo i leith tobaic. Teastaíonn an cur chuige céanna i leith iompraíochta teanga: teastaíonn plean gnímh náisiúnta don Ghaeilge. Fógra an Rialtais Is céim sa treo ceart sa chomhthéacs sin fógra an Rialtais roimh Nollaig go bhfuil plean le hullmhú chun sochaí dhátheangach a dhéanamh d'Éirinn sa scór bliain atá romhainn ach ní foláir cur leis. Is iomaí plean rialtais a cuireadh i dtomhail a chéile ó 1922 i leith maidir leis an nGaeilge idir thuarascálacha, choimisiúin, pháipéir bhána agus pháipéir bhreaca. Ní raibh in aon cheann acu, faraor, ach sop in áit na scuaibe: iad fréamhaithe ar an gcoincheap is ansa leis an gcóras Stáit .i. ba dheas daoine eile seachas iad féin a chur ag labhairt na Gaeilge ach nár lige Dia go méadódh lucht labhartha na Gaeilge go suantasach nó go néileoimis ár gcearta. Caithfear sa chomhthéacs seo tiomantas an Rialtais don Phlean seo, don straitéis seo agus don Ghaeilge féin a cheistiú agus breitheamh dúiche gan Ghaeilge ceaptha do Thír Chonaill agus an cinneadh is cosúil atá ar na bacáin glacadh le cód poist bunaithe ar leaganacha truaillithe Bhéarla de ainmneacha na gcontaetha. An é nach bhfaca siad riamh geansaí de chuid an C.L.G.?

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Caithfear freisin an tacaíocht atá ar fáil ag an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta óna chuid comhghleacaithe ag bord Rialtais a cheistiú i gcomhthéacs na gcinnte seo maraon leis an leisce atá ar an Aire Iompair tosaíocht nó fiú comhthosaíocht a thabhairt do logainmneacha cearta na tíre .i. na leaganacha Gaeilge ar chomharthaí tráchta. Agus an tAcht Teanga ag dul tríd an Oireachtas rinne Conradh na Gaeilge dianstocaireacht chun é a láidriú. Le bliain anuas tá go leor leor aighneachtaí curtha chuig comhlachtaí Stáit a raibh scéimeanna teagan faoin Acht á n-ullmhú acu ag Jamie Ó Tuama in Ardoifig agus ag Oifig na Gaillimhe agus tá treoir agus tacaíocht tugtha do chraobhacha áitiúla ag an Timire náisiúnta, Peadar Mac Fhlannchadha, chun aighneachtaí a chur chuig comhairlí áitiúla a raibh scéimeanna á n-ullmhú acu. Leanfaidh sé seo. Ní foláir duinn, Conraitheoirí, seirbhisí Gaeilge a éileamh. In ainneoin go bhfuil comhthéacs ann chun feabhais, is fada ó shásúil atá cúrsaí: tríd is tríd is fórsa ar son an Bhéarla agus in aghaidh na Gaeilge atá sa Stát Éireannach: mar shampla is minic a deirtear le tuismitheoirí atá ag togáil páiste le Gaeilge agus a bhfuil teiripe chainte ag teastaíl ón bpáiste sin Béarla a labhairt leis. Acht na Gaeilge don Tuaisceart Is iad na Sé Chontae an t-aon dúiche in Oileáin Iarthair na hEorpa nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dhúchais ann. Má tá forbairt na Gaeilge le leanúint sna Se Chontae ni foláir cosaint reachtúil a bheith ann don Ghaeilge agus de lucht a labhartha, cosaint reachtúil a chinnteodh seirbhisí trí Ghaeilge, seirbhísí oideachais agus cumarsáide san áireamh, agus úsáid na teanga i ngnóthaí poiblí. Thacaíomar, agus tacaímid, le feachtas POBAL go n-achtófaí Acht na Gaeilge don Tuaisceart ag Feis Westminister mar atá

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

79


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

aontaithe idir an dá Rialtas i gComhaontú Chill Rímhinn. Mar shampla den tacaíocht phraiticiúil sin reáchtálamar seimineár i nDoire Cholmcille ag Oireachtas na Samhna i gcomhair le POBAL. Ina theannta sin d'eagraíomar busanna chun daoine a thabhairt go Béal Feirste chun tacú le Máire Nic an Bhaird ar na hócáidí a raibh sí os comhair na Cúirte toisc gur labhair sí Gaeilge go poiblí. D'eagraíomar busanna chun daoine a thabhairt go Béal Feirste chun páirt a ghlacadh sa mhórshiúl trí Chathair Bhéal Feirste ar 24 Feabhra. Scríobhamar aighneachtaí agus bhailíomar síniúcháin ar son an Achta. Agus an tuairisc seo ag dul i gcló is cosúil go bhfuil Comhaontú Chill Rímhinn le sárú ag Rialtas Shasana agus go bhfuil Acht na Gaeilge le seoladh chuig Stormont seachas é a achtú i bhFeis Westminister mar a gealladh: seo barántas báis an Achta agus feall thar na bearta mar shárú ar chonradh idirnáisiúnta. Níl deireadh ráite anseo ná baol air. Leanann an feachtas ar aghaidh. Cúrsaí Pleanála sa Gaeltacht Le blianta beaga anuas tá géarchéim teanga á cruthú i roinnt limistéar Gaeltachta ag pleanáil agus forbairt mhí-oiriúnach. Is féidir le pobal Gaeltachta cúpla teaghlach Béarla a chomhshamhlú isteach sa phobal thar am, ach má thagann go leor teaghlach Béarla isteach in aon léim ámhain is athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla a chuirtear i gcrích. Mar shampla idir 1996 agus 2002 tógadh 39 teach eastáit sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ann ó 74% go 68%. Sa Rinn, Co. Phort Láirge thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó 60% go 43% sa tréimhse chéanna, tráth a tógadh 34 teach eastáit ann. Thug Conradh na Gaeilge an ghéarchéim seo chun solais ag seimineár Oireachtais na Samhna 2004. Taca an ama sin chuir Coiste

80

Ghlór na nGael an Spidéil i gcoinne togáil eastáit eile ar an mbaile gan choinníoll sásúil teanga. Chuir Donncha Ó hÉalaithe i gcoinne thógail eastáit tithíochta gan choinníoll teanga i mBaile an Fheirtéirigh agus chuir Páid Ó Donnchú i gcoinne togáil eastáit gan choinníoll teanga sna Forbacha. Reáchtáil an Bord Pleanála éisteacht phoiblí ó bhéal chun polasaí a leagan síos i leith eastát tithíochta sa Ghaeltacht. Thug an Conradh lántacaíocht do mhuintir na Gaeltachta a sheas leis an teanga sna cásanna seo. Chuir craobhacha an Chonartha aighneachtaí tacaíochta faoi bhráid an Bhoird agus ghníomhaigh mé mar abhcóide gan táille ag an éisteacht thar a gceann. Tháinig breith an Bhoird Phleanála amach ar 21 Aibreán, 2005, agus tá an Bord Pleanála ag cur coinníollacha teanga i bhfeidhm ó shin ar eastáit tithíochta sa Ghaeltacht sa chás go ndéantar achomharc chuige. Bunaíodh AIRDEALL faoi chúram Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun faire ar iarratais phleanála sna limistéir Ghaeltachta agus tá an Conradh rannpháirteach ann. Tá achomhraic curtha isteach faoi iarratais phleanála ar eastáit ar fud na Gaeltachta ag AIRDEALL i gcomhair le muintir na háite agus mar thaca leo. Tá anmholadh ag dul do Phadraig O Ceithearnaigh as an obair seo a stiúradh. Chuir an Conradh aighneacht faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir leis an bplean forbartha atá á ullmhu faoi láthair agus aighneacht eile faoi Threoirlínte Bainisteoireachta Forbartha an Rialtais. In ainneoin go bhfuil ról níos gníomhaí glactha ag Údarás na Gaeltachta, ni foláir don Stat tri chéile tabhairt faoi mhionphleanáil teanga sna limistéir Ghaeltachta go léir a bhfuil pobal inchothaithe Gaeilge iontu agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chuige sin má tá an córas pleanála chun bheith ina chuid

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

den réiteach seachas ina chuid den dúshlán o thaobh shlánú na Gaeilge de. Bhí cainteanna agamsa, ag an Ardrúnaí agus ag an Urlabharaí Gaeltachta, Fionn Mac Giolla Chuda, leis an Aire Comhshaoil ag éileamh treoirlínte ceangailteacha ar na húdaráis pleanála a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram chun a chinntiú go n-éascófar do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil ar a gcuid talún féin agus go dté forbairtí sna limistéir Ghaeltachta chun leas na Gaeilge go háitiúil seachas a mhalairt. Tá súil againn a leithéid de threoirlínte a bheith ar chlár an chéad Rialtais eile. Cúrsaí Oideachais Tá Conradh na Gaeilge ag rá le fada an lá nach mó ná sásúil atá cúrsaí na Gaeilge sa chóras oideachais thuaidh agus theas. Is mó constaic a chuirtear roimh an earnáil Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta. Is deacair gaelscoil nua a bhunú. Nil córas ar leith ann chun múinteoirí a oiliúint sa tumoideachas. Is fada o shásúil atá cúrsaí o thaobh téacsleabhar agus acmhainní eile teagaisc agus ó thaobh na Gaeilge mar ábhar don chainteoir dúchais. In ainneoin gur iompaíodh an fód i mBaile Bhuirne i 2000, is cosúil nach bhfuil aon rófhonn ar an Aire Oideachais dul ar aghaidh leis an ionad náisiúnta oideachais don Ghaeilge ann a thabharfadh faoin easpa seo acmhainní a leigheas. Comhdháil Oideachais Ar 12 Meán Fómhair, 2006, i gColáiste na Tríonóide, d'eagraigh Conradh na Gaeilge Comhdháil Oideachais, ar Mhúineadh na Gaeilge ar Scoil sa Chomhthéacs Ilteangach agus Eorpach. Bhí painéal saineolaithe cumasacha i láthair. Phléigh an tOllamh David Little, Coláiste na Tríonóide, an tábhacht a bhaineann le múineadh na Gaeilge agus le múineadh trí

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Ghaeilge, sna scoileanna Gaeilge agus Béarla, ó thaobh curaclam comhtháite teangacha a fhorbairt. Phléigh Caoimhe Mhairtín, iar-Cheann ar Choláiste Mhuire Marino agus comhairleoir oideachais an riachtanas a bhaineann le modh an tumoideachais i leith ábhar oide agus an riachtanas go mbeadh an deis ag ábhair oide an cúrsa B.Oid. ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge más mian leo chun freastal ar earnáil na Gaelscolaíochta agus na scoileanna Gaeltachta. Tháinig Máire Ní Bhaoill ó fhoireann Choláiste Phádraig, Droim Conrach, agus Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn leis an méid sin. Maidir le múineadh na Gaeilge ag an mbunleibhéal, phléigh an Dr. John Harris, Coláiste na Tríonóide, an meath ar chaighdeán na Gaeilge i measc daltaí bunscoile le fiche bliain anuas agus mhol ach go háirithe go múinfí ábhar eile chomh maith le Gaeilge do dhaltaí bunscoile. Mhol sé go dtosófaí leis seo ar bhonn píolótach agus go gcuirfí an tacaíocht agus an oiliúint chuí ar fáil chuige sin. Rinne Tomás Ó Slatara, Uachtarán Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann cur síos ar an gcaoi ar éirigh leis corpoideachas a mhúineadh trí Ghaeilge dá chuid daltaí féin agus mhol Deirbhile Nic Craith go dtosófaí leis seo ar bhonn píolótach le múineadh an dara hábhair trí Ghaeilge; go n-iarrfaí ar mhúinteoirí agus ar scoileanna suim a léiriú ina leithéid de thionscnamh agus go gcuirfí gach tacaíocht agus oiliúint riachtanach agus chuí ar fáil chuige. Bhéimnigh Anita McCann ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí an tábhacht a bhaineann le tacaíocht ar chur ar fáil do thuismitheoirí cabhrú lena gclann sa Ghaeilge. Maidir leis an nGaeilge ag an dara leibhéal sheas mé isteach agus thug an léacht a d'ullmhaigh Colmán Ó Raghallaigh, múin-

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

81


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

teoir agus ball den Choiste Gnó. Phléigh mé an easpa béime a chuirtear ar na ceithre scil teanga (tuiscint, labhairt, léamh agus scríobh) ag an gcuraclam dara leibhéil. Bhéimnigh mé uallach trom na litríochta ag an dara leibhéal ó thaobh na scrúduithe de, go háirithe do na mic léinn nach bhfuil ag tabhairt faoin ardchúrsa. Ina theannta sin phléigh mé an méid ama agus oibre a chaitear ar litríocht do na scrúduithe Stáit ag an ardleibhéal i gcomórtas le líon na marcanna a ghabhann léi agus ar uallach oibre an ardleibhéil Ghaeilge i gcomparáid le hábhair eile ag an ardleibhéal. Mhol mé go dtógfaí uallach na litríochta mar ábhar scrúdaithe ó na mic léinn gnáthleibhéil agus bonnleibhéil agus go ndíreoidís ar na ceithre scil tuiscint, labhairt, léamh agus scríobh, go ndéanfaí measúnú orthu de réir an Fhráma Choitinn Eorpaigh agus go mbainfí leas as prós, as na hamhráin agus as filíocht chun scileanna teanga a mhúineadh seachas mar ábhair scrúdaithe. Mhol mé chomh maith mír fheasachta teanga mar chuid den chúrsa seo. Maidir leis an ardleibhéal, mhol mé go múinfí an dá ghné den chúrsa do na mic léinn go comhtháite: teanga na Gaeilge (páipéar 1) mar atá thuas (tuiscint, labhairt, léamh agus scríobh agus feasacht teanga) agus litríocht na Gaeilge (páipéar 2). Mar aitheantas ar an uallach oibre a bhaineann leis an ardchúrsa mhol mé go marcálfaí an dá pháipéar mar dhá ábhar ar leith chun luach a saothair a thabhairt do na mic léinn agus chun mic léinn a spreagadh tabhairt faoin ardchúrsa. Phléigh an Dr, Eugene McKendry, Ollscoil na Riona, Béal Feirste cé chomh riachtanach is atá sé go bhfanfadh an Ghaeilge ina ábhar riachtanach do gach mac léinn go leibhéal na hArdteiste. Phléigh sé an meath ollmhór a tháinig ar líon na mac léinn a thugann faoi theanga ón iasacht don GCSE

82

(an scrúdú deiridh a dhéanann formhór de mhic léinn Shasana) ó rinneadh roghnach iad (2002: 78%, 2005: 58%; 2006: 52%) agus an t-éileamh atá anois ann go ndéanfaí an polasaí seo a athmheas go práinneach. Bhéimnigh Máire Ní Chiarba a laghad ama a fhaigheann an Ghaeilge, agus teangacha eile, ar scoil agus a laghad deiseanna a fhaigheann go leor daltaí an teanga a labhairt sa seomra ranga toisc na ranganna a bheith plódaithe. Bhéimnigh sé freisin tábhacht na hinseribhíse do mhúinteoirí. Sheas John Mac Gabhann ó Chumann Múinteoirí Éireann leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach do gach mac léinn go leibhéal na hArdteiste. Mhol sé tuilleadh béime a chur ar an teanga labhartha agus gur chóir go leanfadh an curaclam meánleibhéil ón gcuraclam bunscoile. Bhéimnigh sé an tábhacht a bhaineann le taighde agus le pleanáil. Léirigh sé amhras faoi mharcanna breise a thabhairt do ábhar amháin (an Ghaeilge) seachas ábhair eile agus léirigh a mhíshástacht le córas na bpointí ó thaobh mac léinn faoi mhíbhuntáiste de. Ar deireadh labhair Nikolai TrigoubRotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile. Phléigh sé an doicheall a bhíonn ar go leor mac léinn dara leibhéil i leith na Gaeilge. Mhínigh sé gur roimh an siollabas seachas roimh an ábhar a bhí i gceist. Tháinig sé go láidir leis an moladh uallach na litríochta ag leibhéal na scrúduithe a bhaint de na mic léinn nach raibh i mbun an ardchúrsa. Dúirt sé gur ag cur aistí de ghlanmheabhair seachas ag foghlaim na teanga a bhíonn go leor leor mac léinn a dhéanamh dá dheasca sin. Mhínigh sé freisin go bhfuil an iomarca le déanamh ag an ardleibhéal agus dá bhrí sin roghnaíonn go leor mac léinn a bhain onóir amach sa Ghaeilge don Teastas Sóisearach dul leis an ngnáthleibhéal don Ardteist.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Bhéimnigh sé an gá le hathrú láithreach chun béim a chur ar fhoghlaim na teanga mar nach bhfuil an siollabas láithreach ag freastal mar ba chóir ar na mic léinn. Ina dhiaidh sin, pléadh na modhanna agus na leasuithe molta le heagraíochtaí oideachais, Ghaeilge, agus Óige féachaint teacht ar mholtaí sothuigthe a thabharfadh cúrsaí go mór chun feabhas go gearrthéarmach .i. laistigh de shaolré an chéad Rialtais eile 5 bliana. Seoladh Polasaí Ar 5 Feabhra, 2007 sheol mé mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge i gcomhair le hUachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Colm Hamrogue, agus le hUachtarán Aontas na Mac Léinn Meánscoile, Nikolai Trigoub-Rotnem na moltaí agus pléadh go forleathan sna meáin iad go náisiúnta agus go háitiúil idir Ghaeilge agus Bhéarla. Tá na moltaí thíos agus na mionsonraí a bhaineann leo sa cháipéis seo bunaithe ar chainteanna le daltaí scoile, le múinteoirí, le príomhoidí, le tuismitheoirí, le saineolaithe teanga, le ceardchumainn múinteoirí, le haontais mhac léinn, le heagrais Ghaeilge, le baill foirne ó choláistí oiliúna, le státseirbhísí, le polaiteoirí agus le daoine eile nach iad i gcruinnithe agus i gcomhdhálacha le dhá bhliain anuas. Ní leighseoidh aon cheann de na moltaí thíos na fadhbanna inár scoileanna leo féin. Braitheann gach ceann acu ar a chéile agus caitear iad a chur i bhfeidhm céim ar chéim le torthaí dearfacha a bhaint amach. Is iad na príomh-mholtaí a tháinig ó na cainteanna seo ar fad ná: 1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:• "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. • "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí 'Litríocht na Gaeilge' a mharcáil mar ábhar breise. í foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. í bhíonn ráth ar mhodhanna eile. Is iad seo a leanas na grúpaí atá ag tacú leis na moltaí seo cheana fein: Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn Iar-bhunscoile, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Na Gaeil Óga, Cumann na bhFiann, Ógras, Spleodar. Is í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

83


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

tosaíocht mhór na bliana seo agus Olltoghcháin ag teacht go luath. Gardaí agus an Ghaeilge Is léir nach gá do gach garda a bheith ina "údar" ar an nGaeilge ach sa chomhthéacs dlíthiúil agus bunreachtúil is gá cumas oibre cumarsáide a bheith ag gach garda chun plé go praiticiúil leis an bPobal as Gaeilge: treoracha a thabhairt agus a ghlacadh, ainm agus seoladh a ghlacadh, teastáil anála a chur ar dhuine, rabhadh a thabhairt, srl., agus saorchomhrá eile a bhaineann lena c(h)uid cúraimí. Is ionann an leibhéal cumais seo agus B2 ar an bhFráma Coiteann Eorpach, agus ba fhurasta é a bhaint amach thar an tréimhse 2 bhliana traenála. Féadfar leibhéil chumais níos airde dul le dualgas trí Ghaeilge nó sa Ghaeltacht. Muna féidir le gach Garda cumarsáid a dhéanamh leis an bPobal as Gaeilge, déanfar imeallú ar an teanga. Mar shampla, go dtabharfaí ordú don té a labhraíonn Gaeilge le Garda, Béarla a labhairt nó go ngabhfaí é. Anuraidh bhi cruinniú agamsa agus ag an Ardrúnaí leis an Aire Mac Dubhghaill. Dúirt an tAire go raibh seo mar aidhm aige féin B2 a bheith ag gach garda agus thug sé treoir go mbuailfinn agus an tArdrúnaí le lucht ceannais Choláiste an Gharda Síochana sa Teampaill Mor. Ar 4 Aibréan bhí cruinniú agamsa agus ag an Ardrúnaí le lucht ceannais Choláiste an Gharda Síochana sa Teampail Mór ag míniú an scéil agus mian an Aire dóibh. Táimid i mbun comh-chomhairle le Coláiste an Gharda Síochana agus Ollscoil na hÉireann Má Nuad féachaint leis seo a thabhairt i gcrích. Tá an feachtas seo á rith i gcomhar le

84

iMEASC, eagraíocht na n-imirceoirí le Gaeilge agus na nGaeilgeoirí a bhfuil cúlra inimirce acu. Feictear cheana féin sna scoileanna go bhfuil daltaí ó chúlra inimirceach i bhfad níos oscailte don Ghaeilge ná cuid de na daltai "dúchasacha" agus go spreagann siad an rang trí chéile. Is féidir an dinimic cheánna a chur ag obair ar son shealbhú na Gaeilge i gColáiste an Gharda Síochana sa Teampaill Mór ach an infheistíocht ama agus airgid chuí a dhéanamh. Focal Scoir Tréaslaím le foireann an Chonartha, agus le foirne Sheachtain na Gaeilge Teo., Ógras, an Oireachtais, an Choimisiúin le Rincí Gaelacha agus an Siopa Leabhar as a ndíograis agus a gcuid oibre ardéifeachtaí. Gabhaim buíochas ó chroí le foireann uile an Chonartha agus ár gcuid aonad as a dtacaíocht le bliain anuas agus tá súil agam bliain rathúil eile a bheith romhainn. Ar deireadh, ní foláir dúinn leanúint ag cothú na heagraíochta deonaí. Le bliain anuas ghlacamar le 20 craobh nua. Leanfar leis an obair sin. Chun go leanfaí mar is cóir le hobair an Chonartha ní foláir cúrsaí maoinithe a fheabhsú. Faraor, ní fhaighimid ár ndóthain ná leath ár ndóthain ón bhForas agus ní foláir tabhairt faoin easpa seo a réiteach. Tá fís againn. Tá cur chuige éifeachtach againn agus tá ag éirí linn. Seasfaimid fód ar son tíre agus teangan. Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

12. MIO TUAIRISCÍ A hARD-FHEISE SPEISIALTA 2008 Ionad: Óstán Wynns, 35-39 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 Dáta & Am: Dé Sathairn, 12 Aibreán 2008 ag 11:30r.n. Teachtaí ag an Ard-Fheis Speisialta 2008 An Coiste Gnó: Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán; Aoife Ní Scolaí, Tánaiste; Eoghan Mac Cormaic; Donnchadh Ó hAodh; Cathal Ó Diolúin; P.T. Mac Ruairí; Breandán Ó Cathasaigh; Jacqueline Uí Mhuirí, Pádraig Mac Fhearghusa; Seán Ó hAdhmaill; Félim Borland; Proinsias Ó Maolchalain; Ciarán Mac Giolla Bhéin; Tadhg Ó Rodaigh; Tony Pratschke; Louise Nic Aodhbhuí; Ben Ó Floinn; Ursula Ní Shionnain; Pádraic Mac Donncha; Séamus Ó Coistealbha; Domhnall Ó Loingsigh; Caoimhín Ó Cadhla; Seán Mac Anna; Seán Ó Labhra; Celine Ní Chóchlaigh; Cúige Chonnacht: Joe Bergin, Craobh Bhéal Átha na Slua; Seán Ó Cionfhaola, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Colmán Ó Raghallaigh, Craobh Chlár Chlainne Mhuiris; Baba Ní Fhlatharta, Ciarán Ó Murchú, An Cumann Drámaíochta; Séamus Ó Coileáin, Craobh Dhúiche Raifteirí; Áine Ní Iarnáin, Craobh Thuama; Melinda Ravaaz, Breandán Ó Muirí, Craobh na Gaillimhe; Bríd Ní Loideáin, Craobh Bhearna; Mairéad Ní Dhíreáin, Peadar Ó Coinín, Coiste Dúiche na Gaillimhe.

86

Cúige Laighean: Pádraig Nugent, Micheál Mac Cárthaigh, Craobh Móibhí; Breandán Ó Canainn, Craobh Aimhirgin; Áine Uí Ghabhann, Pyllis Gibney, An Ard-Chraobh; Ciarán Ó Feinneadha, Craobh Ghleann na Life; Cormac Ó Feinneadha, Craobh Mhic Néill; Íte Ní Chionnaith, Craobh Choiste na Gaeilge Institiiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; Pádraig Ó Cruimín, Craobh Loch Garman; Bríd Ní Ghleannáin, Cumann Gaelach Choláiste Phádraig; Tara Ní Dhuinn, Liz Farrelly, April Nic Eoin, Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide; Laoise Ní Chléirigh, Eimear Ní Néill, Áine Ní Cheallaigh, Coláiste Froebel; Aodhán Ó Deá, Aindriú Ó Faoláin, Jack Ó Leocháin, Eoin Ó Murchú, Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath; Cóilín Ó Cearbhaill, Darren Ó Rodaigh, Craobh Bharra an Teampaill; Cormac Ó Coileáin, Síle Ní Dhocraigh, Craobh Bhréanainn; Máire Uí Fhearghusa, Philib Ó Sioradáin, Craobh Cholmcille, Ceanannas; Eimear de Brún, Gearóid Mac Unfraidh, Craobh na gCeithre Chúirt; Anita Nic Amhlaoidh, Craobh Ghlór na Ríogh; Jamie Ó Tuama, Gearóid Ó Mórdha, Craobh na nAisteoirí; Aoife Ní Ghlaicín-Riain, Cumann Gaelach Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; Scott de Buitléir, Craobh Raidió. Cúige Uladh: Eibhlín Uí Dhomhnaill, Craobh Ard Mhic Neasa. Cúige Mumhan: Tríona Ní Ghealbháin, Tríona Uí Bhroin, Craobh Rinn Ó gCuanach; Pádraig mac Donncha, Craobh Luimní; Séamas Ruiséal, Craobh an Chraoibhín Aoibhinn; Seán Ó

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Nuanáin, Labhrás Ó Donghaile, Craobh na Sionna; Breandán Mac Fhionnghaile, Craobh na hInse; Fiachra Ó Muircheartaigh, Cumann Gaelach Ollscoil Luimní. Cuairteoirí: Pádraig Ó Muircheartaigh An Fhoireann: Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí; Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta; Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha; Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Oifige; Máiread Seoighe, Feidhmeannach Airgeadais; Máire Ní Dhuiginn, Fáilteoir D’oscail Uachtarán Chonradh na Gaeilge an Ard-Fheis speisalta le fáiltiú agus mhínigh sé imeachtaí an lae. Thug an tArd-Rúnaí cuntas ar an bpróiseas a ghabh le dréachtadh an bhunreachta mholta. Ghabh Cathaoirleach an Choiste Bhunreachta buíochas le baill an Choiste Bhunreachta agus leis an Ard-Rúnaí agus le Jamie Ó Tuama as rúnaíocht a dhéanamh ar chruinnithe an Choiste. Thug sé léiriú ar phríomhphointí an bhunreachta mholta. Léigh an tUachtarán rialacha seasta na hArd-Fheise. Glacadh leo. Mhol Pádraig Nugent, Craobh Móibhí, Alt 64 a bhaint den bhunreacht reatha, agus an dá alt seo a leanas a chur ina áit: “Tionólfar Ard-Fheis na hEagraíochta uair sa bhliain.” “Féadfaidh an Coiste Gnó nó an Ard-Fheis féin Ard-Fheis ar leith a ghairm i gcás speisialta.” Chuidigh Íte Ní Chionnaith, Coiste Gaeile Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath, leis an rún seo. Caitheadh vóta agus glacadh leis an rún.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Mhol an tUachtarán an rún seo a leanas: “Údaraíonn agus glacann an Ard-Fheis Speisialta seo leis an mBunreacht nua, mar leasú ar an mBunreacht reatha, (ar a thabharfar feasta Bunreacht 2008) don eagraíocht Conradh na Gaeilge, agus ag a mbeidh feidhm aige i gceann míosa ar an Luan 12 Bealtaine 2008 ag meánlae, agus deimhníonn an Ard-Fheis Speisialta seo go dtéann in éag an Bunreacht reatha atá ag an eagraíocht Conradh na Gaeilge, ag an am céanna ar an Luan 12 Belataine 2008.” Chuidigh P.T. Mac Ruairí leis an rún. Cheistigh Íte Ní Chionnaith an raibh cóipeanna scríofa den rún ar fáil. Glacadh sos 20 nóiméad chun cóipeanna a dhéanamh den rún agus leasuithe a chur i scríbhinn. Mhol Íte Ní Chionnaith Alt 3 den dréachtbhunreacht a leasú agus “pobal náisiúnta saor Ghaelach a chothú” a chur isteach mar cheann de chuspoírí na hEagraíochta. Chuidigh Cathal Ó Diolúin leis an rún. Caitheadh vóta agus níor glacadh leis an rún. Mhol Seán Ó Labhra, Comhaltas Uladh, Alt 40 den bhunreacht reatha a choimeád. Chuidigh Cathal Ó Diolúin leis. Mar leasú ar an rún, mhol Donnchadh Ó hAodha Alt 41 den dréachtbhunreacht a leasú go dtí: “Comhaltas Uladh a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Uladh. Dáil na Mumhan a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Mumhan. Dáil Laighean a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Laighean. Dáil Chonnacht a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Chonnacht. In ainneoin sin agus le haontú an Choiste Ghnó féadfaidh coiste cúige a rogha ainm a ghlacadh chuige féin.” Ghlac Seán Ó Labhra leis an leasú rúin. Chuidigh

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

87


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Seán Mac Anna, leis. Caitheadh vóta agus glacadh leis an rún. Mhol Donnchadh Ó hAodha Alt 42 den dréachtbhunreacht a leasú go dtí: “Beidh an coiste contae i gContae Lú páirteach mar chuid den choiste cúige i gCúige Uladh.” Chuidigh Seán Ó Labhra leis. Caitheadh vóta agus bhí tromlach i bhfábhar an rúin. Deineadh athchomhaireamh agus glacadh leis. Mhol Íte Ní Chionnaith, le tacaíocht ón gCoiste Bunreachta, Alt 14 den bhunreacht reatha, “Ní miste (is féidir) craobh a bhunú ach seisear a theacht le chéile chuige sin agus aontú an Choiste Ghnó chuige a fháil ar chomhairle an Choiste Chontae, más ann dó” a chur isteach in áit Alt 18 den dréachtbhunreacht. Chuidigh Colmán Ó Raghallaigh leis an rún. Caitheadh vóta agus glacadh leis. Mhol Íte Ní Chionnaith Alt 20 den dréachtbhunreacht a leasú trí mhír nua (a) a chur isteach roimh na míreanna eile: “(a) an Ghaeilge a chur chun cinn ina ceantar féin.” Mhol Donnchadh Ó hAodha “ina ceantar féin” a fhágáil ar lár. Ghlac Íte Ní Chionnaith leis an leasú seo. Glacadh leis. Mhol Íte Ní Chionnaith Alt 53 den dréachtbhunreacht a leasú trí na focail “agus baill foirne eile” a chur tar éis “an Ard-Rúnaí” agus Alt 68 den dréachtbhunreacht a fhágáil ar lár. Chuidigh Pádraig Nugent leis an rún. Caitheadh vóta agus níor glacadh leis an rún. Mhol Íte Ní Chionnaith leasú a dhéanamh ar Alt 59 den dréachtbhunreacht trí mhíreanna (d) agus (e) a fhágáil ar lár. Chuidigh Colmán Ó Raghallaigh leis an rún. Thacaigh Pádraig Mac Fhearghusa leis an rún agus tharraing sé siar a leasú ar na míreanna céanna. Caitheadh vóta agus glacadh leis. Mhol Íte Ní Chionnaith Alt 72 den dréachtbhunreacht a leasú tríd an abairt dheireanach

88

a fhágáil ar lár. Chuidigh Pádraig Nugent leis an rún. Caitheadh vóta agus níor glacadh leis. Mhol Íte Ní ChionnaithAlt 79 den dréachtbhunreacht a leasú trí na focail “An Coiste Gnó a bheidh ag dul as réim” a chur in áit na míre (c). Chuidigh Micheál Mac Cárthaigh leis an rún. Caitheadh vóta agus níor glacadh leis. Mhol Íte Ní Chionnaith go mbainfí Alt 94 den dréachtbhunreacht. Chuidigh Colmán Ó Raghallaigh leis an rún. Moladh an tAlt a athrú go dtí “Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.” Ghlac Íte Ní Chionnaith leis an leasú seo. Chuidigh Pádraig Nugent leis. Caitheadh vóta agus glacadh leis an rún leasaithe. Mhol Íte Ní Chionnaith leasú a dhéanamh ar cheannteideal na rannóige (n) tríd an bhfocal “Aonaid” a chur in áit “ScáthEagraíochtaí.” Chuidigh Louise Nic Aodhbhuí, leis an rún. Mhol an tUachtarán an téarma “Eagraíochtaí Faoi Scáth” a chur in áit “Scáth-Eagraíochtaí.” Ghlac Íte Ní Chionnaith leis sin. Caitheadh vóta agus glacadh leis an rún leasaithe. Mhol Íte Ní Chionnaith leasú a dhéanamh ar Alt 109 den dréachtbhunreacht trí “Clódhanna Teoranta” a chur isteach tar éis “Oireachtas na Gaeilge.” Tugadh míniú ar na himpleachtaí a bheadh i gceist do Chlódhanna Teoranta leis an leasú seo. Tharraing Íte Ní Chionnaith siar an rún. Mhol sí mír eile a chur isteach sa dréachtbhunreacht le Clódhanna Teo., An Siopa Leabhar agus eile a ainmniú. Mhol an tUachtarán glacadh leis an dréachtbhunreacht mar Bhunreacht nua an Chonartha. Chuidigh P.T. Mac Ruairí leis an rún. Caitheadh vóta agus glacadh leis.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

13. STRAITÉIS 20 BLIAI DO GHAEILGE - MOLTAÍ A CHO ARTHA A - A CÓRAS OIDEACHAIS A1: Céard iad na bealaí a mholfá chun Gaeilge a thabhairt do pháistí óga sula dtéann siad isteach sa chóras oideachais foirmiúil? • An Ghaeilge a úsáid ag baile agus ba chóir gach tacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí len é sin a dhéanamh: pacáistí ar thuismitheoireacht as Gaeilge, seirbhísí leighis, dochtúireachta, fiachlóireachta as teiripe cainte as Gaeilge. • Ba chóir feachtas leanúnach a reachtáil (ar aon dul leis na feachtais chun tabhairt ar dhaoine éirí as tobac a chaitheamh) le daoine mór le rá ag moladh do dhaoine clann a thógáil le Gaeilge. • Cur le líon na bpáistí a chuirtear chuig naíonraí Gaelacha agus na hacmhainní cuí a bheith ar fáil do na naíonraí sin. • Greannáin a chur ar fáil do gach aoisghrúpa leanaí agus iad a cheangail le cláracha Gaeilge TG4. • Seirbhís iomlán teilifíse do leanaí ar aon dul leis an DEN agus SATTITUDE agus riar mhaith cláracha Gaeilge do leanaí ar na staisiúin Bhéarla a fheidhmíonn faoi cheanúnas ón Stát .i. 100 nóiméad sa lá mar choinníoll leis an gceadúnas. A2 Cad iad na bealaí a mholfá chun líofacht na Gaeilge a chur chun cinn sna mBunscoileanna a dhéanann an teagasc i mBéarla? • Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear

90

an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; • Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá. Dá múinfí leithéidí drámaíocht nó corpoideachas trí Ghaeilge, bhainfeadh na daltaí scoile taitneamh as an nGaeilge agus é sin uile i gcomhthéacs difriúil. D’fhéadfaí mar chur chuige amháin , mar shampla i gcás “gnáthscoileanna” móra le cúpla sraith daltaí, Rang 4 agus 5 a thairscint go hiomlán as Gaeilge do roinnt dhaltaí faoi réir mhianta na dtuismitheoirí. A3: Cad iad na bealaí a mholfá chun líofacht na Gaeilge a chur chun cinn sna hIarbhunscoileanna a dhéanann an teagasc i mBéarla? 1. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:• "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. • "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí 'Litríocht na Gaeilge' a mharcáil mar ábhar breise.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

2. Córas scoláireachtaí a chur ar fáil agus tionscnaimh a dhéanamh le daltaí scoile a mhealladh chuig an Gaeltacht agus chuig coláistí Gaeilge gach Samhradh. Ba chóir go mbeadh scoláireacht ar fáil do gach dalta ó chlann ar mhíbhuntáiste (i. aon clann atá ar íocaíochtaí leasa sóisialta). Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile. 3.Ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge sna meánscoileanna Béarla mar rogha. A4: Cad í an fhorbairt ba chóir a dhéanamh ar chóras na gaelscolaíochta? • Na hábhair tacaíochta cuí a chur ar fáil do na Gaelscoileanna .i. comháiseanna leis an earnáil Bhéarla agus rannóg ar leith sa Roinn Oideachais chun plé leis na scoileanna arb í an Ghaeilge a meán. • Céimeanna B.A., B.Comm. agus B.Sc. a thairiscint as Gaeilge sna hábhair a mhúintear ag an dara leibheál mar aon le B.Ed. agus ATO sa tumoideachas Gaeilge chun múinteoirí le togha na Gaeilge agus tuiscint ar an tumoideachas a chinntiú. • Tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na bunscoileanna lánGhaeilge leis an luathtumadh iomlán a chleachtadh don chéad dhá bhliain nó trí agus an Ghaeilge a bheith ina teanga sóisialaithe gan cheist sa chóras gaelscolaíochta. • Chun fás na nGaelcholáistí a áisiú d’fhéadfadh “gnáthscoileanna” móra le cúpla sraith daltaí, Rang 4 agus 5 a thairscint as Gaeilge do roinnt dhaltaí faoi réir mhianta na dtuismitheoirí. • Cumainn agus clubanna óige Gaeilge a fhorbairt timpeall an chórais ghaelscolaíochta agus cultúr óige mar atá sa

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Bhreatain Bheag a fhorbairt abhus: ceol raic, irisí, feilti, srl. • Bunú gaelscoileanna a áisiú agus gaelú scoileanna Béarla a áisiú. A5: Céard ba chóir do scoileanna Gaeltachta a dhéanamh chun an Ghaeilge mar theanga phobail a chur chun cinn? • An Ghaeltacht a bheith ina haona(i)d riaracháin agus polaitíochta a reachtálfaí trí mheán na Gaeilge gan cheist agus méadú líon agus ceadchodán na gcainteoirí laethúla Gaeilge a bheith mar bhunaidhm ag gach comhlacht phoiblí ó thaobh na Gaeltachta de. • Go reachtálfaí cúirteanna, gardaí, rialtas áitiúil, seirbhísí pleanála, oideachais agus leighis trí Ghaeilge sa Ghaetacht. • Na hábhair tacaíochta cuí a chur ar fáil do na scoileanna .i. comháiseanna leis an earnáil Bhéarla; curaclam dírithe ar an gcainteoir dúchais Ghaeilge agus tosaíocht dá leithéid sa chóras scolaíocht sa Ghaeltacht. • Rannóg ar leith sa Roinn Oideachais chun plé leis na scoileanna arb í an Ghaeilge a meán. • Scoileanna sealbhaithe teanga do leanaí nach bhfuil Gaeilge líofa acu go dtabharfaidh siad leo an Ghaeilge sara scoiltear isteach sa chóras scolaíochta Gaeltachta. • Tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na scoileanna Gaeltachta leis an luath-tumadh iomlán a chleachtadh don chéad dhá bhliain nó trí. • An Ghaeilge a bheith ina teanga sóisialaithe gan cheist sa chóras scolaíochta Gaeltachta agus áiteamh ar thuismitheoirí an Ghaeilge a thabhairt leo agus a labhairt ag baile (c.f. thuas) agus ranganna a thairiscint dóibh (m.sh. Gaschaint).

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

91


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

• Cúrsaí Gaeilge bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge a thairscint agus a mhaoiniú le hoiread áiseanna is a chaitear ar mhúineadh an Bhéarla do dhaoine fásta sa tír seo nach bhfuil Béarla acu. • Cúrsaí sa litearthacht Ghaeilge a mhaoiniú agus a chur chun cinn le hoiread teaspaigh is a chaitear le múineadh an Bhéarla do dhaoine fásta sa tír seo nach bhfuil Béarla acu. • Cumainn agus clubanna óige Gaeilge a fhorbairt timpeall ar an gcóras scolaíochta Gaeltachta agus cultúr óige mar atá sa Bhreatain Bheag a fhorbairt abhus: ceol raic, irisí, feilti, srl. • Greannáin a chur ar fáil do gach aoisghrúpa leanaí agus iad a cheangail le cláracha Gaeilge TG4. • Seirbhís iomlán teilifíse do leanaí ar aon dul leis an DEN agus SATTITUDE agus riar mhaith cláracha Gaeilge do leanaí ar na staisiúin Bhéarla a fheidhmíonn faoi cheanúnas ón Stát. • Céimeanna B.A., B.Comm. agus B.Sc. a thairiscint as Gaeilge sna hábhair a mhúintear ag an dara leibheál mar aon le B.Ed. agus ATO sa tumoideachas Gaeilge chun múinteoirí le togha na Gaeilge agus tuiscint ar an tumoideachas a chinntiú. A6: Cad iad na bealaí a mholfá chun tionchar teanga na nGaelscoileanna a mhéadú ar mhaithe le pobail teanga a chruthú? • Áiteamh ar thuismitheoirí an Ghaeilge a thabhairt leo agus a labhairt ag baile (c.f. thuas) agus ranganna a thairiscint dóibh (m.sh. Gaschaint). • Tosaíocht a thabhairt sa chóras rollaithe do leanaí a bhfuil Gaeilge ag baile acu. • Tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na

92

gaelscoileanna leis an luath-tumadh iomlán a chleachtadh don chéad dhá bhliain nó trí agus an Ghaeilge a bheith ina teanga sóisialaithe gan cheist sa chóras gaelscolaíochta. • Cumainn agus clubanna óige Gaeilge a fhorbairt timpeall ar an gcóras scolaíochta Gaeltachta agus cultúr óige mar atá sa Bhreatain Bheag a fhorbairt abhus: ceol raic, irisí, feilti, srl. A7: Cad iad na tosaíochtaí a mholfá d'fhorbairt an oideachais triú leibhéal i nGaeilge? • Céimeanna B.A., B.Comm. agus B.Sc. a thairiscint as Gaeilge sna hábhair a mhúintear ag an dara leibheál mar aon le B.Ed. agus ATO sa tumoideachas Gaeilge chun múinteoirí le togha na Gaeilge agus tuiscint ar an tumoideachas a chinntiú. • Cur leis an haonaid Ollscoile lánGhaeilge sa Ghaeltacht agus sna bailtí móra. • Tacaíocht a chur ar fáil láithreach do na hAontais Mac léinn agus na cumainn Gaelacha sna coláistí tríú leibhéil le úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc mac léinn • Taighde a dhéanamh ar na cúrsaí tríú leibhéil gur chóir go mbeadh fáil orthu trí Ghaeilge, agus ar na cúrsaí tríú leibhéil gur chóir go mbeadh an Ghaeilge mar rogha teanga orthu. • Cúrsa bunchéime tríú leibhéil a chur ar bun le daoine a oiliúint in earnáil na Gaeilge (le béim ar obair sa phobal agus le daoine óga). • Na cúrsaí seo a leanas a fhorbairt: Iarchéim sa tSoch-theangeolaíocht; Iarchéim i gCúrsaí Pleanála agus sa Phleanáil Teanga; Taighde ar Shealbhú na Gaeilge mar Chéad Theanga; Cúrsa céime sa Teiripe Cainte don Chainteoir Dúchais Gaeilge; Iarchéim sa Dochtúireacht

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Teaghlaigh; Cúrsa céime san Altracht; Cúrsa i gCúram Leanaí; Iarchéim B. Ed. sa Tumoideachas; Soláthar téascleabhar do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta; Bunchéim sa Drámaíocht; Iarchéim san Aistriúchán Béarla-Gaeilge le béim ar leith ar chruinneas, ar dhul na Gaeilge agus ar scileanna eagarthóireachta; Iarchéim sa teangaireacht comhdhála chun follúntais san Eoraip a líonadh; Iarchéim LL.M. i nDlí na hEorpa, i bhFraincís, agus i Scileanna Aistriúcháin; Cúrsa sna hEolaíochtaí Chúraim agus Chothú Sláinte; Cúrsa i gCúram Leanaí; Forbairt agus feidhmiú bogearraí; Teicneolaíocht Faisnéise; Lónadóireacht agus Óstaíocht; Printisíocht leictreonach agus mótair; Siúinéireacht; Cuntasóireacht; Rúnaíocht agus cúntóireacht phearsanta/scileanna oifige; Forbairt Pobail agus Tuaithe. A8: Cad iad na bealaí ina bhféadfaí foghlaim fad saoil i nGaeilge a fhorbairt? • Cúrsaí Gaeilge bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge a thairscint agus a mhaoiniú le hoiread áiseanna is a chaitear ar mhúineadh an Bhéarla do dhaoine fásta sa tír seo nach bhfuil Béarla acu. • B.A. oíche agus cianoideachas sa Ghaeilge agus trí Ghaeilge a thairiscint ó na hinstitiúidí tríú leibhéil. A9: Cén bealach ina bhféadfaí toradh níos fearr a fháil ar mhúineadh na Gaeilge, sa chóras oideachais foirmiúil & taobh amuigh dó? 1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:• "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. • "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí 'Litríocht na Gaeilge' a mharcáil mar ábhar breise. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile. • Tacú go láidir le Teastas Eorpach na Gaeilge.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

93


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

B - GAEILGE SA PHOBAL B1: Cén bealach ar cheart tabhairt faoi pobail thraidisiúnta Gaeltachta a bhuanú agus a fhorbairt? • An Ghaeltacht a bheith ina haona(i)d riaracháin agus polaitíochta a reachtálfaí trí mheán na Gaeilge agus méadú líon agus ceadchodán na gcainteoirí laethúla Gaeilge a bheith mar bhunaidhm ag gach comhlacht phoiblí ó thaobh na Gaeltachta de. • Go reachtálfaí cúirteanna, gardaí, rialtas áitiúil, seirbhísí pleanála, oideachais agus leighis trí Ghaeilge. • Na hábhair tacaíochta cuí a chur ar fáil do na scoileanna .i. comháiseanna leis an earnáil Bhéarla; curaclam dírithe ar an gcainteoir dúchais Ghaeilge agus tosaíocht dá leithéid sa chóras scolaíocht sa Ghaeltacht. • Rannóg ar leith sa Roinn Oideachais chun plé leis na scoileanna arb í an Ghaeilge a meán. • Scoileanna sealbhaithe teanga do leanaí nach bhfuil Gaeilge líofa acu go dtabharfaidh siad leo an Ghaeilge sara scoiltear isteach sa chóras scolaíochta Gaeltachta. • Tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na scoileanna Gaeltachta leis an luathtumadh iomlán a chleachtadh don chéad dhá bhliain nó trí. • An Ghaeilge a bheith ina teanga sóisialaithe gan cheist sa chóras scolaíochta Gaeltachta. • Cúrsaí Gaeilge bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge a thairscint agus a mhaoiniú le hoiread áiseanna is a chaitear ar mhúineadh an Bhéarla do dhaoine fásta sa tír seo nach bhfuil Béarla acu.

94

• Cúrsaí sa litearthacht Ghaeilge a mhaoiniú agus a chur chun cinn le hoiread teaspaigh is a chaitear le múineadh an Bhéarla do dhaoine fásta sa tír seo nach bhfuil Béarla acu. • Cumainn agus clubanna óige Gaeilge a fhorbairt timpeall ar an gcóras scolaíochta Gaeltachta agus cultúr óige mar atá sa Bhreatain Bheag a fhorbairt abhus: ceol raic, irisí, feilti, srl. • Ba chóir comic a chur ar fáil do gach aoisghrúpa leanaí agus iad a cheangail le cláracha Gaeilge TG4. • Seirbhís iomlán teilifíse do leanaí ar aon dul leis an DEN agus SATTITUDE agus riar mhaith cláracha Gaeilge do leanaí ar na staisiúin Bhéarla a fheidhmíonn faoi cheanúnas ón Stát. • Céimeanna B.A., B.Comm. agus B.Sc. a thairiscint as Gaeilge sna hábhair a mhúintear ag an dara leibheál mar aon le B.Ed. agus ATO sa tumoideachas Gaeilge chun múinteoirí le togha na Gaeilge agus tuiscint ar an tumoideachas a chinntiú. B2: Cén bealach ar cheart tabhairt faoi pobail teanga nua a fhorbairt? • Ba chóir go gcuirfeadh gach contae plean 20 bliain le chéile chun pobal na Gaeilge sa chontae sin a bhuanú agus a fhorbairt. Ba chóir seo a dhéanamh tríd na grúpaí ar fad le spéis sa Ghaeilge sa chontae a thabhairt le chéile, fóram don chontae a chur ar bun, suirbhé a dhéanamh ar mhianta an phobail agus plean 20 bliain a aontú san fhóram. Ba chóir na hacmhainní cuí a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge le comhordú a dhéanamh ar an obair seo, mar gur chóir go mbeadh an obair seo treoraithe ag an bpobal agus is eagraíocht daonlathach pobail í an Conradh.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

D - A hEALAÍO A

C - ÓIGE C1: Céard iad na bealaí ina bhféadfaí pobail óige i nGaeilge a chrúthú agus a fhorbairt? • Tacaíocht a chur ar fáil do Raidió X atá ag soláthar seirbhís raidió d’ardchaighdeán ar-líne le haghaidh daoine óga. Ba chóir go mbeadh an stáisiún ag feidhmiú ar FM agus ar na córais eile digiteach. • Tacaíocht a chur fáil don fhiontar atá ar siúl ag Seachtain na Gaeilge Teo. le ceoltóirí móra na hÉireann a spreagadh chun amhráin a chur ar fáil trí Ghaeilge. • Tacaíocht a chur ar fáil don fheachtas atá Conradh na Gaeilge ag cur ar bun ó samhradh 2008 ar aghaidh darbh ainm ‘Glac Leis’ le pobal na Gaeilge, ach go háirithe daoine óga, a spreagadh agus a chumasú le seirbhís Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna rialtais agus ó eagraíochtaí stáit agus, mar thoradh ar sin, chun cur leis na réimsí seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. • Lárionaid a chur ar bun ar fud na tíre le daoine óga a spreagadh agus le seirbhísí a sholáthar dóibh iontu. • Cumainn agus clubanna óige Gaeilge a fhorbairt timpeall ar an gcóras scolaíochta Gaeltachta agus cultúr óige mar atá sa Bhreatain Bheag a fhorbairt abhus: ceol raic, irisí, feilti, srl. • Ba chóir comic a chur ar fáil do gach aoisghrúpa leanaí agus iad a cheangail le cláracha Gaeilge TG4. • Seirbhís iomlán teilifíse do leanaí ar aon dul leis an DEN agus SATTITUDE agus riar mhaith cláracha Gaeilge do leanaí ar na staisiúin Bhéarla a fheidhmíonn faoi cheanúnas ón Stát.

D1: Cén bealach ina bhféadfadh an Ghaeilge dul chun cinn a dhéanamh sa Litríocht? • Greannáin agus irisí Gaeilge a fhorbairt agus a scaipeadh go forleathan don aos óg mar chuid de fhorbairt cultúir óige as Gaeilge. • Léamh na Gaeilge a mhúineadh roimh léamh an Bhéarla sna scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán mar chuid den luath-thumadh iomlán. • Cláracha teilifíse a dhéanamh go rialta le daoine mór le rá ag déanamh léarmheasa ar leabhair Ghaeilge. • Clubanna leabhair a chothú. D2: Cén bealach ina bhféadfadh an Ghaeilge dul chun cinn a dhéanamh sa Cheol? 1. Tacaíocht a chur ar fáil do Raidió X atá ag soláthar seirbhís raidió d’ardchaighdeán arlíne le haghaidh daoine óga. Ba chóir go mbeadh an stáisiún ag feidhmiú ar FM agus ar na córais eile digiteach. Bíonn Raidió X ag cur na hamhráin ó CEOL agus eile chun cinn sa sceideal go laethúil. 2. Tacaíocht a chur fáil don fhiontar atá ar siúl ag Seachtain na Gaeilge Teo. le ceoltóirí móra na hÉireann a spreagadh chun amhráin a chur ar fáil trí Ghaeilge. 3. Cultúr óige mar atá sa Bhreatain Bheag a fhorbairt abhus: ceol raic, irisí,greannáin, feilti, srl. D3: Cén bealach ina bhféadfadh an Ghaeilge dul chun cinn a dhéanamh sa Drámaíocht agus sa Scannánaíocht? • An bhearna sa mhargadh atá oscailte ag Passion of the Christ agus Apocolipto agus Kings a fhorbairt le scannáin Ghaeilge don margadh domhanda agus na liúntais chánach a athbheochan chuige sin.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

95


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

E - G Ó AGUS TEIC EOLAÍOCHT E1: Céard iad na réimsí ina bhféadfaí fostaíocht agus gnó i nGaeilge a fhorbairt? • Má déantar riar ar an éileamh ar seirbhísí as Gaeilge cuirfear go mór agus go héasca leis an líon gnó príobháideach a dhéantar as Gaeilge. • Ba chóir go mbeadh pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar gach earra a dhíoltar in Éirinn cosúil leis an riachtanas dlíthiúil chuige sin atá i gCeanada (Béarla/Fraincis), sa Bheilg (Fraincis/Duitis) agus san Fhionnlainn (Fionnlainnis agus Sualainnis) • ‘Údarás na Gaeilge’ (ar nós Údarás na Gaeltachta) nó ‘ciste caipiteal fiontair’ a chur ar fáil leis an nGaeilge a spreagadh i gcúrsaí gnó cosúil le Gaillimh le Gaeilge. • Ionaid nuálaíochta d’fhiontraithe Gaeilge a chur ar bun, ar nós na gceann atá ann i UCD, DCU agus eile. E2: Céard iad na bealaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil gnó? • Eolaire cheart a chur ar fáil leis na grúpaí ar fad a sholáthraíonn seirbhís trí Ghaeilge i ngach réimse don ghnó. • Go n-éileodh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta scéimeanna teanga agus seirbhísí Gaeilge ó na comhlachtaí móra a sholathraíonn seirbhísí riachtanacha ar nós na Bainc, comhlachtaí arachais, srl. faoin gCéad Sceideal de Acht na dTeangacha Oifigiúla mír 1(5) agus freisin ó gach cuideachta a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, scéimeanna a chuimseodh an

96

suíomh idirlín a bheith ar fáil as Gaeilge, gach foirm a bhíonn le comhlánú ag an bpobal a bheith dátheangach agus an Ghaeilge mar theanga oibre sa Ghaeltacht. E3: Cén bealach inár féidir an teicneolaíocht a úsáid chun leas na Gaeilge? • Suíomh idirlín gach comhlachta poiblí agus gach cuideachta mhóir phríobháidigh a fheidhmíonn de bhun ceadúnais sa Stát a bheith ar fáil as Gaeilge. • Ba chóir go mbeadh Microsoft Vista agus Office 07 agus na cláracha ríomhaireacha is mó a mbíonn tóir orthu ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le teangacha eile na hEorpa. • Ba chóir go mbeadh córas tuarthéacs ar fáil do na fóinphóca. F - A MEÁI CHUMARSÁIDE F1: Cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh Ar-Líne agus sna hIlmheáin sna 20 bliain seo romhainn? • Ba chóir go mbeadh Microsoft Vista agus Office 07 agus na cláracha ríomhaireacha is mó a mbíonn tóir orthu ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le teangacha eile na hEorpa. F2: Cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh sna Meáin Chlóite sna 20 bliain seo romhainn? • Nuachtán cuimsitheamh seachtainiúil as Gaeilge. • Nuachtán cuimsitheamh laethúil as Gaeilge. • Greannáin do pháistí as Gaeilge. • Irisí cultúir óige as Gaeilge mar chuid de Chultúr óige.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

F3: Cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh sna Meáin Chraolta sna 20 bliain seo romhainn? • Seirbhís 24 uair a’ chloig lánGhaeilge ó TG4 mar atá ag S4C. • Seirbhís 24 uair a’ chloig lánGhaeilge do pháistí agus do dhaoine óga. • Seirbhís 24 uair a’ chloig lánGhaeilge maidir le cúrsaí spóirt a chlúdódh na mór imeachtaí spóirt go léir a thaispeáintear ar na seirbhísí craolacháin a bhfuil ceadúnas acu ón Stát seo .i. bíodh s e i r b hís/rogha/craoladh as Gaeilge ar na himeachtaí seo mar choinníoll leis an gceadúnas. • Tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh Raidió X, i. seirbhís raidió Gaeilge don aos óg aoisghrúpa 15-35 bliana d’aois. • Fotheidil Gaeilge a bheith mar rogha ar gach clár ar TG4.

G - LÉITHEOIREACHT G1: Cén bealach ina bhféadfaí léitheoireacht i nGaeilge a chur chun cinn? • Pacáistiú dátheangach ar gach earra a dhíoltar in Éirinn (c.f. thuas). • Greannáin agus irisí Gaeilge a fhorbairt agus a scaipeadh go forleathan don aos óg mar chuid de fhorbairt cultúir óige as Gaeilge. • Léamh na Gaeilge a mhúineadh roimh léamh an Bhéarla sna scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán mar chuid den luath-thumadh iomlán. • Cláracha teilifíse a dhéanamh go rialta le daoine mór le rá ag déanamh léarmheasa ar leabhair Ghaeilge. • Clubanna leabhair a chothú.

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

H - STÁDAS H1: Cén bealach ina bhféadfaí stádas na Gaeilge i measc an phobail a ardú? • Pacáistiú dátheangach (c.f. thuas) • Billí an Oireachtais a fhoilsiú go dátheangach (Gaeilge/Béarla) chun cur le stádas agus le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus sa tsochaí i gcoitinne dá thoradh sin. • Is minic go mbíonn téarmaíocht ar leith i mBille agus téarmaíocht úrnua. Dá réir sin, is rídheacair díospóireacht cheart a dhéanamh as Gaeilge ar Bhille atá foilsithe i mBéarla amháin. Níos measa fós, ní ceadmhach agus ní féidir leasuithe a mholadh i nGaeilge ar Bhille Béarla. • Is í an Fhraincís teanga oibre Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus Chúirt na hEorpa um Chearta an Duine in ainneoin a Béarla a bheith ina príomhtheanga oibre ó thaobh cúrsaí idirnáisiúnta de. Cuireann sé seo go mór le stádas agus le seasamh na Fraincise agus bíonn tóir mhór uirthi ga daoine ar mian leo dul ag obair sna cúirteanna sin. Dá mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre Thithe an Oireachtais agus na Cúirte Uachtaraí bheadh an-éileamh ar an nGaeilge mar theanga a bheadh in úsáid ag an leibhéal is airde agus an-éileamh ar Ghaeilge i measc an phobail dá réir. • Ba chóir don stádas céanna a bheith ag an nGaeilge ar chomharthaí bóthair is a bheidh aici ar ghnáth comharthaí in oifigí rialtais de bharr Rialacháin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuair a bheidh siad sínithe. i. an téacs i nGaeilge ann ar dtús; an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla; na litreacha sa téacs i nGaeilge ar aon chéim, ó thaobh méide de, leis na litreacha sa téacs i mBéarla.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

97


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

• Maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl, agus; ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin. • Ní gá leanúint leis na leaganacha gibrise ‘Béarla’ beag ná mór. Ba ghá feachtas mór poiblíochta chun an scéal seo a mhíniú don phobal. • Ina theannta sin, maidir leis na rialachán faoi alt a 9 de Acht na dTeangacha Oifigiúla: • Níl dada sna dréacht-rialacháin faoi fhógraíocht, in ainneoin go bhfuil fógraíocht luaite go sonrach in alt 9 den Acht Teanga. • Tá fógraí riachtanach do chomhlachtaí poiblí chun a dteachtaireacht a chur trasna. Ba choir iad a fhoilsiú go dátheangach ar mhórchláir fógraí agus céatadán áirithe de fhógraí a fhoilsítear i nuachtáin, in irisí, srl. a bheith as Gaeilge. Creideann an Conradh gur céatadán oiriúnach é 20%. • Tá díolúine iomlán ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin maidir le lógónna comhlachtaí poiblí .i. is ceadmhach iad a bheith i mBéarla amháin. Is cuid fíor-bhunúsach do fhéiniúlacht aon eagraíochta an lógó agus tugann lógónna atá i mBéarla amháin le fios nach gcuireann an comhlacht sin mórán fáilte roimh an nGaeilge.Ní mór fáil réidh leis an díolúine seo. • Tá díolúine iomlán ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin maidir le fógairtí taifeadta béil agus stáiseanóireacht atá le húsáid taobh amuigh den Stát.Tugann an díolúine seo le fios gur tír aonteangach Bhéarla í Éire. Ní thagann sé le polasaí an Rialtais múineadh na Gaeilge a mhaoiniú ar fud an Domhain. Tugann sé cúl le cainteoirí agus le foghlaimeoirí Gaeilge sa Tuaisceart agus thar lear agus ligeann sé síos saoránaigh uile na hÉire-

98

ann. Cuimhnigh go bhfuil, mar shampla, 25,000 cainteoirí Gaeilge i Stáit Aontaithe Meiriceá de réir a ndaonáirimh dheiridh.Ní mór fáil réidh leis an díolúine seo. • Faoi réir na ndréacht-rialachán, ní gá go mbeadh an leagan Gaeilge chomh feiceálach ná chomh hinléite leis an mBéarla ar chomharthaí reatha roimh 2026. Is seafóideach spriocdháta i 2026. Tuigeann an Conradh gur gá na rialacháin seo a chur i bhfeidhm de réir a chéile ach is ionann 2026 agus Lá Philip an Chleite go háirithe nuair a chuimhnímid gur athraíodh na comharthaí luais thar oíche ó mhílte go ciliméadair. Is gá spriocdháta réasúnta: 2011 ar a dhéanaí. • Suíomh idirlín gach comhlachta poiblí a bheith dátheangach. • Gach foirm a bhíonn le líonadh isteach ag baill den phobal a bheith dátheangach. • Ní foláir tacaíocht a chur ar fáil don fheachtas atá Conradh na Gaeilge ag cur ar bun ó samhradh 2008 ar aghaidh darbh ainm ‘Glac Leis’ le pobal na Gaeilge, ach go háirithe daoine óga, a spreagadh agus a chumasú le seirbhís Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna rialtais agus ó eagraíochtaí stáit agus, mar thoradh ar sin, chun cur leis na réimsí seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. • Ba chóir go gcuirfeadh gach contae plean 20 bliain le chéile chun pobal na Gaeilge sa chontae sin a bhuanú agus a fhorbairt. Ba chóir seo a dhéanamh tríd na grúpaí ar fad le spéis sa Ghaeilge sa chontae a thabhairt le chéile, fóram don chontae a chur ar bun, suirbhé a dhéanamh ar mhianta an phobail agus plean 20 bliain a aontú san fhóram. Ba chóir na hacmhainní cuí a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge le comhordú a dhéanamh ar an obair seo, mar gur chóir go mbeadh an obair seo treoraithe ag an bpobal agus is eagraíocht daonlathach pobail í an Conradh.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

H2: Cén bealach ina bhféadfaí stádas dlíthiúil na Gaeilge agus seirbhísí ón Stát a ardú? • Cúirteanna a chur ar bun sna Gaeltachtaí ag feidhmiú trí Ghaeilge. • Billí an Oireachtais a fhoilsiú go dátheangach (Gaeilge/Béarla) chun cur le stádas agus le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus sa tsochaí i gcoitinne dá thoradh sin. • Is minic go mbíonn téarmaíocht ar leith i mBille agus téarmaíocht úrnua. Dá réir sin, is rídheacair díospóireacht cheart a dhéanamh as Gaeilge ar Bhille atá foilsithe i mBéarla amháin. Níos measa fós, ní ceadmhach agus ní féidir leasuithe a mholadh i nGaeilge ar Bhille Béarla. • Is í an Fhraincís teanga oibre Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus Chúirt na hEorpa um Chearta an Duine in ainneoin a Béarla a bheith ina príomhtheanga oibre ó thaobh cúrsaí idirnáisiúnta de. Cuireann sé seo go mór le stádas agus le seasamh na Fraincise agus bíonn tóir mhór uirthi ga daoine ar mian leo dul ag obair sna cúirteanna sin. Dá mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre Thithe an Oireachtais agus na Cúirte Uachtaraí bheadh anéileamh ar an nGaeilge mar theanga a bheadh in úsáid ag an leibhéal is airde agus an-éileamh ar Ghaeilge i measc an phobail dá réir. • Ba chóir do na comhlachtaí poiblí ar fad fógraíocht a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil acu trí Ghaeilge .i. tairiscint ghníomhach. • Tacaíocht a chur ar fáil don fheachtas atá Conradh na Gaeilge ag cur ar bun ó samhradh 2008 ar aghaidh darbh ainm ‘Glac Leis’ le pobal na Gaeilge, ach go háirithe daoine óga, a spreagadh agus a

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

chumasú le seirbhís Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna rialtais agus ó eagraíochtaí stáit agus, mar thoradh ar sin, chun cur leis na réimsí seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. • Seachtain na Gaeilge a úsáid mar mhodh le eolas a chur ar an bpobal mar gheall ar gach eagras stáit, gach roinn rialtais, gach eagras príobháideach, agus gach comhlacht atá ag cur an Ghaeilge chun cinn nó ag ofráil seirbhísí as Gaeilge. B’fhiú an Seachtain a chur chun cinn i measc an phobail mar bhuachphointe na bliana ó thaobh na Gaeilge de H3: Cén bealach ina bhféadfaí stadas idirnáisiúnta na Gaeilge a ardú? • Fáil réidh leis an maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus dlíthe reatha an AE .i. an acquis communautaire a aistriú isteach sa Gaeilge chun go mbeidh sí ar dul le Maltais mar theanga oifigiúil Eorpach. • Seirbhís Ghaeilge a chinntiú ó gach ambasáid Éireannach thar sáile agus ó Bhuanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil. • Cur le líon na gcursaí Nua-Ghaeilge (seachas Léann na hÉireann nó Léann Ceilteach) a chuirtear ar fáil thar lear.

I - MOLTAÍ EILE I1: An bhfuil aon mholtaí nó smaointe eile agat? Ba chóir do Roinn an Taoisigh a bheith i gceannas ar cur i bhfeidhm na straitéise nuair a bheidh sé réidh. Ba chóir don Taoiseach coiste comh-Aireachta a chur ar bun chun na míreanna éagsúla den straitéis a chur i gcrích.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

99


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

14. OLLAIG Ó GADHRA Iar-Uachtarán an Chonartha & Laoch na Gaeilge Is cúis mhór bhróin dúinn uile i gConradh an Gaeilge bás ár gcara Nollaig Ó Gadhra, iarUachtarán an Chonartha agus Conraitheoir dílis go dtí an deireadh. Déanaimid go léir comhbhrón ó chroí lena bhean, Máirín, lena chlann Máirín, Dáithí agus Siobhán, agus lena chairde agus ghaolta uile. B’iontach an misneach a bhí ag Nollaig le linn a bhreoiteachta agus ba mhór speagadh an mhisnigh a léirigh sé dúinn uile. Duine lách, cineálta, díograiseach agus ceannródaíoch ba ea Nollaig i ngach gné de shaol na Gaeilge agus é tiomáinte i gcónaí do chur chun cinn na teanga agus do chultúr na hÉireann. Ní raibh drogall air riamh labhairt amach ná tabhairt faoin obair chrua ar son na cúise, ná níor loic sé ar chara ná ar chúram riamh, agus is iomaí duine eile a spreag Nollaig chun gnímh ar son na teanga lena ghrá féin don Ghaeilge. Rugadh Nollaig i bhFíontach, Co. Luimneach in 1943 ach chuir sé faoi sna Forbacha i nGaillimh le blianta fada anuas. Chaith sé breis agus 50 bliain ag obair i ngach réimse de ghluaiseacht dheonach na Gaeilge mar iriseoir, mar léachtóir, mar staraí agus mar bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge i gcónaí. Thosaigh sé ag obair don nuachtán Inniu sa bhliain 1966 agus d’oibrigh ina dhiaidh sin mar chuid d’fhoireann nuachta RTÉ. Chaith sé seal ar Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe in 1969 agus ar fhilleadh abhaile dó, d’aimsigh sé post mar oifigeach eolais le Gaeltarra Éireann, agus mar Bhainisteoir Poiblíochta le Fáilte an Iarthair Teoranta ina dhiaidh sin. Ba léachtóir é in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo ó 1974 go deireadh a shaoil ghairmiúil. Chuir sé tús

100

Nollaig Ó Gadhra i mbun oibre Maidhc Ó Seachnasaigh a ghlac an grianghraf. In úsáid le caoinchead ó Foinse

leis an gcéad chúrsa cumarsáide trí mheán na Gaeilge ann agus ainmníodh é mar bhall de Chomhairle Theilifís na Gaeilge i 1994. Ba bhall dílis de Chonradh na Gaeilge é le fada agus ba bhall den Choiste Gnó é lena linn. Bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 2004 go 2005. Le linn a thréimhse uachtaránachta, thaisteal sé ar fud na hÉireann ag spreagadh phobal na Gaeilge ar an talamh chun gnímh, agus bhí páirt nach beag aige san fheachtas le stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 2007 as idéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn san obair a rinne sé ar son na Gaeilge, ina chuid iriseoireachta, scríbhneoireachta agus léachtóireachta, agus is iomaí duine mór le rá a thuigeann tábhacht Nollaig i gcaomhnú stair agus chultúr na hÉireann. Ar chloisint dó faoina bhás, d’eisigh an Taoiseach Brian Cowen, TD, ráiteas ag rá gur craoltóir dearscnaitheach ab ea é, an scríbhneoir ba bhisiúla i nGaeilge, agus go raibh sé “ar dhuine de na tráchtairí ba mhó cáile agus measa maidir le gnóthaí poiblí.”. Go dtuga Dia leaba i measc na naomh Gaelach sna Flaithis dó agus misneach don chuid eile againn chun a aisling agus a dhea-shampla a leanúint. Ar dheis Dé go raibh a anam.

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

15. SO RAÍ TEAGMHÁLA - www.cnag.ie Ceann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón:+353 (0)1 4757401 eolas@cnag.ie www.cnag.ie

Togra Mhaigh Eo, Sráid Emerson, Caisleán a' Bharraigh, Co Mhaigh Eo. Fón: +353 (0)94 9022444 eolas@conradhmhaigheo.ie

Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Fón: +353 (0)91 567824 conradh@bradan.iol.ie www.cnag.ie

Togra Luimnigh, Áras Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach. Fón: +353 (0)61 417895 / +353 (0)85 1020374 conradhluimnigh@gmail.com

An Clár as Gaeilge, 5 Ardán Naomh Antaine, Inis, Co an Chláir. Fón: +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net www.clarasgaeilge.net

Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe. Fón: +353 (0)91 870718 prua@lochariach.com


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

16. UACHTARÁI CHO RADH A GAEILGE (1893 - 2008) 1893 - 1915 1915 - 1916 1916 - 1919 1919 - 1922 1922 - 1925 1925 - 1926 1926 - 1928 1928 - 1933 1933 - 1940 1940 - 1941 1941 - 1942 1942 - 1945 1945 - 1946 1946 - 1949 1949 - 1950 1950 - 1952 1952 - 1955 1955 - 1959 1959 - 1965 1965 - 1968 1968 - 1974 1974 - 1979 1979 - 1982 1982 - 1985 1985 - 1989 1989 - 1994 1994 - 1995 1995 - 1998 1998 - 2003 2003 - 2004 2004 - 2005 2005 - 2008

102

Dúbhglas de h-Íde (An Chraoibhín Aoibhinn) Folúntas Eoin Mac Néill Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) An Dr. Seán P. Mac Énrí Cormac Breatnach Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) Liam Ó Buachalla Seán Óg Ó Tuama Diarmuid Mac Fhionnlaoich Seán Mac Gearailt Liam Ó Luanaigh Diarmuid Mac Fhionnlaoich Annraoi Ó Liatháin Seán Mac Gearailt Tomás Ó Muircheartaigh Micheál Mac Cárthaigh Cathal Ó Feinneadha Maolsheachlainn Ó Caollaí Pádraig Ó Snodaigh Albert Fry Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) Íte Ní Chionnaith Proinsias Mac Aonghusa Áine de Baróid Gearóid Ó Cairealláin Tomás Mac Ruairí Séagh Mac Siúrdáin Nollaig Ó Gadhra Dáithí Mac Cárthaigh

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

(1860 - 1949) (1867 - 1945) (1872 - 1957) (1856 - 1942) (1862 - 1930) (1886 - 1956) (1868 - 1942) (1856 - 1942) (1899 - 1970) (1912 - 1980) (1903 - 1964) (1916 - 2004) (1914 - 1998) (1903 - 1964) (1917 - 1981) (1916 - 2004) (1907 - 1967) (1911 - 1983) (1928) (1939) (1935) (1940) (1918 - 1990) (1953) (1933 - 2002) (1950) (1957) (1939) (1958) (1943 - 2008) (1968)



Aidhm na hEagraíochta: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta: Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge; (b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge; (c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear; (d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn; (e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge; (f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; (g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge; (h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge; (i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.