2008 Ard-Fheis

Page 11

Conradh na Gaeilge

thuaidh agus ó dheas, os comhair urlabhraithe páirtithe polaitiúla agus os comhair comhchoistí den Oireachtas. D’éirigh linn próifíl ard sna meáin Ghaeilge agus Bhéarla a fhorbairt agus a choimeád chun ár bpolasaithe agus dearcadh phobal na Gaeilge a chur os comhair mórphobal na hÉireann. Tá meán nua dár gcuid féin againn anois ó tá stáisiún raidió Gaeilge don Óige, Raidió RÍRÁ ar fáil ar fud na cruinne ar an idirlíon a bhuíochas sin don Chraobh Raidió. Arís tar éis cainte in aer an Stáit le fada is iad an pobal agus an Conradh a rinne an beart. Caithfimid súil chun cinn. Tá sé tráthúil tabhairt faoi fheachtais simplí sothuigte a bhainfeadh ollchorr chun leasa i gcúrsaí na Gaeilge agus a gheobhadh tacaíocht fhorleathan. I mbliana ag Seiminéar an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge pléifear pacáistiú ar earraí, comharthaí bóthair agus cóid phoist. Is ag Seiminéar an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge is ea a cuireadh tús leis na feachtais seo a leanas ar éirigh leo: STÁDAS (2003), Pleanáil sa Ghaeltacht (2004), Staisiún Raidió don Óige (2007) agus is mithid tabhairt faoi arís. I dtíortha eile a bhfuil dhá theanga oifigiúla acu is dlúchuid den saol poibli agus príobháideach an dátheangachas sin. Tá an oiread céanna Fraincis agus Béarla ar an mbosca challóga arbhair fud fad Cheanada. Mar an gcéanna maidir le Fraincis agus Duitis sa Bheilg nó Fionnlannais agus Sualannais san Fhionnlainn. Gníomh simplí gan chostas ar bith ar an Stát a bheadh ina leithéid de riachtanas anseo. Pléifear é seo tuilleadh ag an Oireachtas. Níor thuig mé riamh an tosaíocht a bhíonn ag an leagan truillithe “Béarla” ar an mbunleagan ceart Gaeilge de logainmneacha na tíre ar chomharthaí bóthair na hÉireann. Go deimhin, ardaíonn sé ceisteanna bunúsacha bunreachtúla. Tá staidéar coimisiúnaithe ag an gConradh ar leagan amach dátheangach

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

comharthaí bóthair agus pléifear é seo tuilleadh ag an Oireachtas. Is cosúil gur cóid phoist bunaithe ar an logainm truillithe “Béarla” atá beartaithe ag an Rialtas sa mhéid agus is féidir a dhéanamh amach. Más féidir le pobal na hÉireann tacú go fíochmhar dílis le peileadóirí agus le hiománaithe leis an logainm Gaeilge ar chúl a gcuid geansaithe acu, tacóidh siad chomh fíochmhar céanna le cód poist bunaithe ar an logainm sin. D’fhéadfaí freisin cód poist uimhriúil amháin a cheapadh. Pléifear é seo tuilleadh ag an Oireachtas.

Ag Gaelú na Gardaí sa Teampall Mór

Tá ollthionscnamh romhainn mar eagraíocht nach féidir a chur siar a thuilleadh. Éiríonn linn míorúiltí a bhaint amach ach ceal acmhainní ní bhíonn leanúnachas ann. Braitheann ár gcuid oibre i bhfad an iomarca ar iarrachtaí agus ar íobairtí aonair, rud a bhánaíonn an té a thugann faoi agus a shrianaíonn an fhaid gur féidir leis nó léi leanúint ar aghaidh. Ní foláir dúinn aithint go mbíonn an obair dheonach agus na híobairtí aonair seo ar siúl ag foireann uile an Chonartha chomh maith leis na baill agus le fírinne níos minice. Ceal achmainní níl dóthain timirí againn a thacódh le craobhacha ar fud na tíre agus a dhéanfadh comhdhlúthú ár gcuidne iarratachtaí

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

11


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.