2008 Ard-Fheis

Page 9

Conradh na Gaeilge

Tá moltaí fiúntacha curtha ag Conradh na Gaeilge faoin Roinn Oideachais faoi chonas teacht as an tsáinn seo bunaithe ar dhá chomhdháil idirnaisiúnta a d’eagraíomar i gColáiste na Tríonóide leis na páirtithe leasmhara chun scothchleachtais maidir le múineadh teangacha agus le múineadh na Gaeilge a chraobhscaoileadh.

Léacht an Chonartha le Dónal Ó hAiniféin

Molaimid tumoideachas bliana Gaeilge d’ábhair oidí bunscoile; molaimid an B.Ed. a bheith ar fáil trí mhéan na Gaeilge chun freastal ar earnáil na Gaeilge. Molaimid an luaththumadh iomlán de réir rogha na scoile. Molaimid ábhar eile ar nós spóirt, ealaín nó drámaíocht a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaltaí bunscoile agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil ar bhonn píolótach chun an cleachtas seo a fhorleathnú. Molaimid an tumadh iomlán níos deanaí i scoileanna Béarla a bhfuil cúpla sruth iontu .i. rogha a thabhairt go múinfí sruth amháin acu as Gaeilge i ranganna 3, 4 agus 5 m.sh. agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil ar bhonn píolótach chuige sin. Molaimid córas dara leibhéil a thabharfadh aitheantas do scileanna na mac léinn sa tuiscint, sa labhairt, sa léamh agus sa scríobh de réir an fhráma choiteann Eorpaigh agus a

Ard-Fheis 2008, Trá Lí

thabharfadh an t-aitheantas cuí don obair a bhaineann le hobair acadúil na litríochta. Molaimid córas nár ghá díolúine faoi. In ionad gníomh dearfach bunaithe ar obair an Chonartha agus ar ár gcuid moltaí cad a tháinig chugainn ó Shráid Mhaolbhríde ach Imlitir 44/2007 a d’fhéach le cosc a chur le luath-thumadh iomlán sna scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna agus murach crógracht Scoil Mhic Easmuinn anseo i dTrá Lí agus Ghaelscoil Nás na Ríogh a thóg an tAire chun Ardchúirte bheadh an cosc sin i bhfeidhm. Seasaimid le feachtas Ghaelscoileanna go dtarraingeofaí siar Imlitir 44/2007 agus go ndéanfaí taighde ar bhonn uile-Éireann ar an luath-thumadh iomlán, modh dála an scéil a bhfuil lántacaíocht Stormont aige. Léiriú eile ar dhrochmhéin seo na Roinne Oideachais is ea an ghéarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta i gcomparáid leis an tacaíocht iomlán a chuireann an Stát ar fáil do scoileanna áirithe nua Béarla. Is pobal amháin teanga sinn idir Ghaeltacht agus Ghalltacht. Tá na fadhbanna céanna againn agus tabharfaimid aghaidh orthu gualainn ar ghualainn. Tá éacht déanta ag muintir Árainn Mhóir agus seirbhís mheánscolaíochta trí Ghaeilge bainte amach acu. Is mór an náire go mb’éigean dóibh dul chun dlí chuige sin ach sin é an saol agus caithfimid plé leis. Tá craobh den Chonradh curtha ar bun ag coiste Gaeilge an Chomharchumainn a bhí i mbun na hoibre seo agus is mór againn iad a bheith linn. Tuigeann an Rialtas go bhfuil uair na cinniúna buailte linn maidir leis an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht acu le bliain anuas. Ní foláir don Ghaeltacht a bheith ina haonad polaitiúil agus riaracháin a riarfaí trí mheán na Gaeilge agus go dtabharfaí le fios gurbh é

‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Moltaí an Chonartha’

9


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.