Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
TIMIRE May.indd 1
SAMHRADH 2010
an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2
25/05/2010 15:31
2
Timire
Eagarfhocal
Tá cara agam a mhaíonn go minic nach bhfuil a leithéid de dhuine ann agus ‘fíor Chríostaí’, duine nach ní leis a leas féin. Is dearcadh measartha dorcha atá ann agus cuid mhaith den Darwineachas ag baint leis. Taobh thiar de gach aon rud, is ar mhaithe linn féin a dhéanaimid na rudaí a dhéanaimid. An Mháthair Treasa féin, adeir sé, rinne sí an rud ba mhian léi féin. Cinnte gur Iarr Íosa ar a dheisceabail dul níos doimhne: Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? (Matha 5). Tá mé cinnte go bhfuil géarghá le grásta Chríost má táimid chun grá a thabhairt nach ar mhaithe linn féin é. Tháinig na smaointe seo chugam agus mé ag éisteacht le scéilín beag a d’inis Ronald Rolheiser le déanaí, faoi eachtra a tharla in Oifig an Phoist i mbaile mór in Texas. Bliain amháin sna seachtainí roimh an Nollaig tháinig litir isteach in Oifig an Phoist agus ní raibh de sheoladh uirthi ach ‘Do Dhia’. Bhí siad chun í a chaitheamh amach ach ansin d’oscail duine de na hoibrithe an litir agus léigh í: “A Dhia, is duine fíórbhocht mé agus tá mé i ndiaidh mo phost a chailliúint. Tá ceathrar páistí agam. Níl airgead dá laghad agam agus an Nollaig chugainn. Impím ort $100 a chur chugam le go mbeidh mé in ann bronntanas an duine a fháil do na páistí. Tá mé ag brath ort, a Dhia.” D’inis fear a léite an scéal do na hoibrithe eile san oifig agus ghlac siad trua don bhochtán. Chuir siad a lámh ina bpóca fein gur bhailigh siad $80 dó. Sheol siad an t-airgead chuig an duine bocht le cárta beag a raibh ‘ó Dhia’ scríofa air. Ansin, cúpla seachtain i ndiaidh na Nollag tháinig litir eile isteach san oifig agus ‘Do Dhia’ scríofa uirthi. D’oscail lucht na hoifige í gan mhoill agus léigh siad: “A Dhia, gabhaim míle buíochas leat as an $80 a chuir tú chugam. Bhí mé cinnte go n-éistfeá le mo ghuí agus go deimhin níor theip tú orm. Tá a fhios agam go n-éisteann tú liom i gcónaí. Cheannaigh mé bronntanais do mo pháistí go léir agus bhí Nollaig den scoth againn uile. Míle buíochas leat … Glacaim leis, ar ndóigh, gur chuir tú an $100 ar fad chugam agus gurbh iad na cladhairí gan mhaith sin in Oifig an Phoist a thóg an chuid eile …!” Go raibh samhradh álainn againn uile. Alan Mac Eochagáin SJ
An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
TIMIRE May.indd 2
25/05/2010 15:32
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4
Meas ar an mBeatha
An Seanadóir Rónán Mullen
6
Tréidín na hÁise
8
An Cultúr Uirbeach
14
Fírinne na hAigne
17
Na hOileáin Fhilipíneacha
19
An Té atá Thíos
21
Dán
22
An Tuirc
26
Im Leabharlann Dom
30
Mise Eoghan
An tAth. Dr Lawrence Fernandes SJ An tSr. S.M Cyril Mooney Dervla Kennedy An tAth. Shay Cullen An tAth. Peter Mc Verry SJ Liam Prút Damhlaic Mag Shamhrain Seán de Fréine Niamh Ní Mhuirí
Ar dheis Dé: An tSr. Albert Ní Chumhaill
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.
Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB
Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 441 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Feabhra 2010
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.
TIMIRE May.indd 3
Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí
Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E2.50 / Stg£2 Go ceann bliana: E10 / Stg£8 Seiceanna iníoctha leis An Timire
Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta
Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138
Clúdach: An tAth Shay Cullen sna Filipínigh
Dearadh: Messenger Publications Clóbhualadh: Future Print
25/05/2010 15:32
4
Timire
Meas ar an mBeatha
Ronan Mullen Rud íorónta a chuala mé le linn díospóireachta faoi thaighde ar shuthanna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí: Cainteoir a bhí i bhfabhar an taighde shuthscriosaigh ag cáineadh na tuairime gurb iad an coimpeart nó an ghinniúint tús na beatha daonna. Bhí an tuairim sin bunaithe ar theagasc na hEaglaise dar leis an gcainteoir – ach nach raibh a fhios againn go léir go raibh tuairimí eile ag Naomh Jerome, Augustine agus ainmneacha móra eile i stair na hEaglaise maidir le tús na beatha agus an pointe in dtarlaíonn anamnú an duine? Nárbh aisteach go raibh an cainteoir sin ag brath ar údaráis ársa ón gcreideamh chun cur in aghaidh an teagaisc atá ag an Eaglais sa lá atá inniu ann – teagasc atá bunaithe ar eolaíocht agus eolas nach raibh ag Jerome agus Augustine faoi thús na beatha daonna, eolas faoi theacht le chéile speirme agus ubháin, indibhidiúlacht agus gluaiseacht an tsutha nua etc? Mar a dúirt Jerome LeJeune nach maireann, buaiteoir duais Nobel agus Ollamh le
TIMIRE May.indd 4
Géineolaíocht ag Ollscoil Descartes i bPáras, “ag an toirchiú feictear duine daonna nua”. Ach sin rud a fheictear go minic i ndíospóireachtaí den sórt seo – bíodh sé ina ábhar spairne an t-aitheantas atá le tabhairt do shuthanna daonna nó tábhacht an phósta don tsochaí nó aon cheist nach bhfuil an Eaglais Chaitliceach in Éirinn agus formhór na meán chumarsáide nó an bhunaíocht acadúil ar aon intinn: An chéad chéim, ligimid orainn gur deighilt idir dearcadh reiligiúnach agus dearcadh iolraíoch atá ag bun na hargóna - coimhlint idir tuairimí athdhúchasacha agus tuairimí nua-aoiseacha, cogadh idir dogma agus loighic. An dara céim: bain úsáid as an gcaoi inar athraigh seasamh na hEaglaise tríd síos na blianta agus cur i gcodarsnacht na rudaí a deireadh sí tráth agus an teagasc atá anois aici. Sa chaoi sin, is féidir dhá thrá a fhreastal: tabhairt le fios dóibh siúd a bhfuil creideamh láidir nach bhfuil seasamh buan ag an Eaglais agus mar sin nár chóir an iomarca aitheantais a thabhairt dá tuairimí an uair seo, nó fiú machnamh ceart a dhéanamh orthu. Ag an am céanna, drogall a chur ar dhaoine níos liobrálaí, fiú más Caitlicigh iad, glacadh le haon seasamh atá ‘coimeádach’ mar nár mhaith leo tuairimí a thagann ó chreideamh éigin a bhrú ar an ngnáthshaoránach trí reachtaíocht na tíre. Glacann cleachtóirí na reitrice seo, dár ndóigh, go bhfuil an ceart ag daoine le creideamh a gcuid tuairimí sin a
25/05/2010 15:32
Timire nochtadh lena gcairde féin sa chúlchistin, an fhad is nach molann siad go poiblí iad. Ach tá an próiseas smaoinimh sin bunaithe ar bhréag nó mhíthuiscint faoi thraidisiún fhealsúnacht na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí. Déantar neamhaird ar fad air go bhfuil difríocht idir seasaimh pholaitiúla a fhaigheann tacaíocht ón Eaglais toisc go bhfuil siad bunaithe ar an dlí nádúrtha, úsáid an réasúin srl agus seasaimh eile a mholfaí mar dhogma ceartchreideamh cráifeach gan iarracht a dhéanamh aon bhunús a bheadh intuigthe don té nach bhfuil an creideamh céanna, nó aon chreideamh, aige, a chur in iúl. Ainneoin tréithe tiarnasacha i measc phearsantachtaí éagsúla na hEaglaise tríd síos na blianta, feictear freisin i bhforbairt theagasc na hEaglaise Caitlicí meas á léiriú do na fíricí a thagann ón modh eimpíreach chomh maith le dílseacht don traidisiún fealsúnach. Tá sé seo tábhachtach sa lá atá inniu ann mar feicfimid iarracht ar bun, faoi cheannasaíocht an Domhain Thiar, sibhialtacht a chruthú agus coincheap ceart daonna sa lár ach nach ndéanann tagairt d’aon dearbhmhaitheas, d’aon fhoinse absalóideach luacha. Moráltacht a chruthú gan Dia mar fhoinse aici. Tíortha an domhain ag teacht le chéile agus ag leagan síos conarthaí agus caighdeán dá céile agus ag cur institiúidí ar bun chun cearta ar leith a dheimhniú agus a chur i bhfeidhm.
5
Is maith ann do na hinstitiúidí seo ach cé as a thagann na cearta a naithníonn siad? Agus cad a tharlaíonn nuair nach n-aithníonn siad cearta daoine áirithe – céard faoi dhínit an duine sa bhroinn nó cearta an tsutha sa phromhadán? Agus cá mbeimid nuair a thiocfaidh an lá nuair a bheidh cumhachtaí móra eile sa domhan nach bhfuil ar aon intinn faoi chearta daonna, faoin gcomhionannas idir fir agus mná mar shampla? Le himeacht ama, feicfear nach leor liosta éigin le tacaíocht an tromlaigh ag pointe ar leith chun fíorchearta daonna a chosaint go fadtéarmach. Tá dualgas ar Chríostaithe a chur in iúl don domhan go bhfuil luacha absalóideacha ann a dhearbhaíonn dínit an duine ag gach céim dá shaol. B’éasca é a chur ina luí ar an té a chreideann i nDia agus sa daonnacht cruthaithe de réir íomhá Dé, b’fhéidir. Ach tá sé gach uile phioc chomh tábhachtach an léargas spioradálta agus daonna seo a roinnt leis an domhan ar fad. ‘Dúinne nach bhfuil creideamh againn,’ a dúirt iar leas-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Roy Hattersley le déanaí, ‘tá sé tábhachtach go gcloífimis le luacha áirithe, mar shampla go bhfuil an bheatha dhaonna sácráilte.’ Tús maith. Is Seanadóir Neamhspleách é Rónán Mullen. Toghadh é ar phainéal Ollscoil na hÉireann i 2007.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí an Mheithimh Go ndéana gach institiúid náisiúnta agus trasnáisiúnta dícheall chun meas ar an mbeatha dhaonna a ráthú ó ghiniúint go bás le hadhairt.
TIMIRE May.indd 5
25/05/2010 15:32
6
Timire
Tréidín na hÁise
An tAthair Lawrence Fernandes S.J. Is í mór-roinn na hÁise an áit inar fuineadh na mórchreidimh a bhíonn ar thóir Dé gan stad gan staonadh. Is as an gcríoch sin a thagann mórchreidimh an domhain chugainn – an tIoslamachas, an Chríostaíocht, an Saíceachas, an Hiondúchas, an Jaineachas agus an Búdachas. Sa lá atá inniu ann níl sa phobal Críostaí ach daonra an-bheag i measc fhormhór mór na ndaoine a chónaíonn ar an mór-roinn sin. Dá thoradh sin, is tréad beag i measc cuid mhaith creideamh atá san eaglais san Áise i ndáiríre. Mar sin féin, faigheann an tréad beag sin a neart ón Tiarna, a dúirt “Ná bíodh imní oraibh, a thréad bhig, óir is oraibhse a bhronn bhur nAthair an ríocht” (Lúcás 12:32). Trína saol agus trína heiseamláir
TIMIRE May.indd 6
mar sin, tugtar cuireadh don eaglais san Áise fianacht a thabhairt don Tiarna i measc a muintire. Tá na Críostaithe san Áise mar a bheadh “laibhín a thóg bean gur chuir i bhfolach i dtrí mhiosúr plúir, go raibh an t-iomlán laibhínithe” (Lúcás 13:21). Cé gur beag a líon mar sin, iarrtar ar Chríostaithe ar an mór-roinn sin an saol a chaitheamh de réir luachanna an tsoiscéil agus chun Críost a fhógairt i measc na ndaoine sa chríoch sin. An fhianacht bheathaíoch a thug an Mháthair Treasa as Calcúta, san India, a thug fianacht ar feadh a saoil don Tiarna tríd an bhfeastal a rinne sí ar na bochtáin a bhí ag fáil bháis ar shráideanna Chalcúta, agus in a lán áiteanna eile ar fud na cruinne, agus as ar tháinig teachtaireacht an tsoiscéil, “de réir mar a chaith tú leis an té is ísle
25/05/2010 15:33
Timire díobh seo, mo bhráithre, is amhlaidh a chaith tú liomsa” (Matha 24:45), tugann an fhianacht sin dea-shampla do na hÁisigh go dtí an lá atá inniu féin ann. Iarrtar ar an eaglais anseo gníomhú ar son an tslánaithe, a chothaíonn an aontacht i measc na héagsúlachta agus a bhunaíonn an tsíocháin agus an tsíth trína hinstitiúidí oideachais, a cúram tréadach, a cuid carthannachtaí agus an dialóg, a spreagann daoine chun tuairimí agus eolas a mhalartú lena chéile, an maithúnas agus an fhulaingt a chleachtadh d’fhonn an cómheas ar a chéile a mhéadú i measc na bpobal uile. Ní gá gur údar aighnis a bheidh sna difríochtaí idir dhaoine ach foinse chun daoine a shaibhriú, chun oibre i dtreo na comhthuisceana agus chun comhréitigh i measc gach aicme den phobal. Caitheann an eaglais san Áise a bheith ar a dícheall ionas nach coimhthíoch ar an mór-roinn a bheidh inti, agus nach mar choimhthíoch ansin a bhreathnófar uirthi, ach chun go ndéanfaidh sí a bhfuil de mhaitheas ina hoidhreacht chultúrtha agus spioradálta a chomhshamhlú ina beatha agus ina haspaldacht. De réir mar a chuireann ceannairí na hEaglaise ceannaireacht ar fáil mar a dhéanann a máistir, an Tréadaí Maith, ba cheart do na tuataí, tríd an bheatha Chríostaí a chaitheamh mar eiseamláir, trína gcumas ina gcuid gairmeacha
7
agus a bpáirt sa saol poiblí, a ndícheall a dhéanamh a bheith ina saoránaigh mhaithe agus ina gCríostaithe maithe agus, dá réir sin, Dia a ghlóiriú os comhair a gcomhdhaoine. Tharla gur tréad beag atá inti, déantar an eaglais a chiapadh ar an mór-roinn seo ag fórsaí fanaiceacha bunchreidmheacha. Meabhraítear dúinn go duairc sna hionsaithe a rinneadh ar Chríostaithe le déanaí i stát Orissa san India, nuair a buaileadh na Críostaithe, nuair a dódh a dtithe, nuair a ionsaíodh sagairt agus nuair a scriosadh na séipéil, go bhfulaingíonn an eaglais géarleanúint i gcónaí. I gcás mar sin iarrtar ar an eaglais neart a bhreith chuici féin ón Tiarna, a dúirt “Má thiteann gráinne cruithneachta isteach san ithir agus go bhfaigheann bás, is leis féin a bheidh sé i gcónaí; ach má fhaigheann sé bás, is mór an toradh a thugann sé” (Eoin 12:24). Mar sin, agus í i measc ciníocha a bhfuil creidimh éagsúla agus éagsúlachtaí dúchais agus cultúir acu, iarrtar ar an Eaglais Chaitliceach san Áise fianacht a thabhairt le háthas don Tiarna Aiséirithe agus teachtaireacht na síochána, an áthais agus an bhráithreachais á scaipeadh aici ina steillbheatha. Múinteoir le fealsúnacht is ea an tAthair Lawrence Fernandes in Institiúid Satya Nilayam do Scolaithe Íosánacha na hÁise Theas.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí an Mheithimh 2010 Go dtuigfeadh na hEaglaisí san Áis, tréidíní beaga i measc na múrta tréad Neamh-Chríostaí, an dóigh ab fhearr leis an Soiscéal a scaipeadh agus a ndílseacht do Chríost a nochtadh faoi aoibhneas.
TIMIRE May.indd 7
25/05/2010 15:33
8
Timire
Cultúr Uirbeach i gComhair an Oideachais, na Córa, na Dlúthpháirtíochta agus na Síochána
S.M. Cyril Mooney Tá an tSiúr Cyril ina príomhoide ar Scoil Lae Loreto, Sealdah agus ainm na carthanachta uirthi. In Kolkata (Calcutta mar a bhí), tá breis is fiche milliún duine dingthe isteach i gceantar atá ar chóimhéid, a bheag nó a mhór, le Baile Átha Cliath. Tá Kolkata, más ea, ar na ‘mórcheantair uirbeacha’ sin atá i gceist ag an Athair Naofa. San alt seo déantar cur síos ar a bhfuil á dhéanamh ag scoil amháin in Kolkata chun cluas agus gníomh a thabhairt mar fhreagairt ar ghairm seo an Athar Naofa. Ar gach mórchathair ar domhan bíonn bolg bog mísciamhach na bochtaineachta. Ach is minic a bhíonn sé i bhfolach faoi dhroichid is i gcúlsráideanna ionas nach bhfeiceann an turasóir díomhaoin é. Ach in Kolkata léirítear an bhochtaineacht go hoscailte, gan scáth, mar cónaíonn an saibhir
TIMIRE May.indd 8
is an daibhir le hais a chéile. Ní bhíonn aon chaidreamh acu lena chéile, áfach, ach amháin nuair a fhaigheann na bochtáin seal oibre mar chailíní agus mar bhuachaillí aimsire i dtithe na nuasal. Mar sin, is féidir le daoine saol breá sona a chaitheamh anseo, gan an bhochtaineacht atá thart timpeall orthu cur isteach orthu. Sin é an fáth go mbaineann an oiread sin tábhachta leis an chineál oideachais a thugaimid dár ndaltaí: is cuid dá n-oideachas breathnú go díreach ar an bhochtaineacht, agus tuiscint a fháil ar an mhíbhail a imríonn sí ar shaol daoine eile. San India, córas éagórach is ea an córas oideachais. Tríd síos, dáileann na scoileanna Béarla caighdeán fiúntach oideachais. Ach ní fhaigheann siad cúnamh ón Rialtas. Mar sin, tá an t-oideachas gann. Bíonn ardmheas air dá réir, agus ardphraghas. Dá dheasca sin, bíonn dhá chiorcal mhallaithe (vicious circles) faoi shiúl i gcónaí. Ceann amháin acu is ea ciorcal an rachmais: más féidir leat íoc as dea-oideachas do do leanbh, gheobhaidh sí post maith, agus beidh sise in ann dea-oideachas a thabhairt dá clann, ionas go bhfaighidh siadsan postanna maithe. Agus leanann an ciorcal sin ar siúl mar sin. Ar an taobh eile, tá ciorcal na bochtaineachta: bíonn ar na bochtáin a
25/05/2010 15:33
Timire
9
réir a chéile chun grá agus maithiúnas leanaí a chur chuig scoileanna Rialtais. a thabhairt dá chéile agus freastal ar a Sna scoileanna seo, bíonn na ranganchéile. Is é is dual di, an cómhuintearas na plódaithe (150 dalta in aghaidh a shnaidhmeadh le gach uile dhuine an mhúinteora, b’fhéidir) sa chaoi, dá agus le Dia’. Is gnó do chách an Ríocht. fheabhas an múinteoir, go mbíonn na Is í is brí le saothrú ar son na Ríochta daltaí ag streachailt leo, nó éiríonn siad ná ‘gníomhaíocht Dé a adhmháil agus as, agus gabhann caol díreach isteach i a chur chun cinn, d’fhonn fuascailt a margadh oibre na bpáistí. fháil ó gach olc, is cuma cén cruth atá Dá bharr sin, is gairm dhúshlánach a air.’ bhíonn ag príomhoide ar scoil ar bith i Ní coincheap teibí nó foirceadal (ábgcroílár Kolkata a bhfuil an Béarla mar har teagaisc) an Ríocht. Thar rud ar mheán múinte inti, más mian léi feibith eile, is pearsa an Ríocht, is é sin dhmiú de réir luachanna eile seachas Críost, a tháinig chun an ‘so-scéal’ (as luachanna an mhargaidh (nó an toma dtagann an focal ‘soishaltais) agus na hiomaíocéal’, is é sin, ‘dea-scéal’) chta. Mura mbíonn na a fhógairt dúinn go bhdea-luachanna eile seo i fuil grá bith-bhuan ag gceist, níl an dara rogha Dia don domhan agus aici ach neamhshsuim a do chuile dhuine dínn. dhéanamh dá bhfuil ag Cad iad na himtarlú timpeall uirthi, sa pleachtaí atá aige seo saol lasmuigh den scoil, Ag obair maidir le riaradh ár agus díriú go hiomlán scoileanna? Go háirithe, ar oideachas a sholáthar maidir lenár scoileanna a riaradh i do leanaí lucht an rachmais; agus uair gcomhair an mhórchuid sin dár ndaltaí sa bhliain, b’fhéidir, cóisir nó fleá a gustalacha. Cinnte, is mór acu a bhreachtáil do ‘leanaí na tearcmhaoine’, faigheann siad inár n-institiúidí – idir ár d’fhonn smearadh de ‘choinsias sóidtraidisiúin bhreátha oideachais agus sialta’ a thabhairt do dhaltaí na scoile. cultúir, ár ndisciplín, na torthaí maithe Muide, mar sin, Príomhoidí in Kolka bhainimid amach, ár luachanna glaata atá inár gcónaí i ngar do dhaoine na. Ach an leor é sin? An fhianaise a ar imeall na sochaí, tugtar dúshlán thugaimid ar an chaoi ar chaith Críost fúinn gníomh eile a dhéanamh le cois a shaol – cén bhaint atá aici sin leis an scoileanna maithe a reachtáil – is é sin, tuiscint dár scoileanna atá ag na daodúshlán chun bheith inár ‘Scoileanna ine atá lasmuigh díobh? ar son na Ríochta’. Cad is ciall leis an Na daoine sin ‘lasmuigh’, baineann Ríocht? Dar le Misean an tSlánaitheosiad a dtuiscint siúd de réir na ndearra, is í feidhm na Ríochta, ‘an caidreamh caí atá acu féin cheana. An chliantacht agus an gaol atá idir dhaoine a athrú chompordach úd atá ina suí go te, a ó bhonn, ionas go bhfásfaidh siad de
TIMIRE May.indd 9
25/05/2010 15:33
10
Timire
ainnise dhaonna atá thart timpeall bhfuil a gclann ina ndaltaí inár scoilorainn. Téann sampla Chríos i gcion eanna, nó atá ag tnúth lena gcur iontu, orainn. Mothaímid a Spiorad ionainn. measann siad go bhfuilimidne inár Mar sin, tá fonn orainn stró a chur n-áis iontach oideachais, a thugann orainn féin, agus dúshlán a thabhairt forbairt dea-eagartha, féinsmachta, dár múinteoirí, dár ndaltaí, agus dá oilte don duine óg ionas go mbeidh dtuismitheoirí, stró a chur orthu féin cumas agus teacht i láthair aici sa saol freisin, ar mhaithe lenár gcomharsana iarscoile. Na bochtáin atá thart timatá i ndíth. Ceann de na peall orainn, má ritheann rudaí is mó atá in easnamh ar sé leo ar chor ar bith muid na comharsana seo is ea an a aireachtáil mar chuid t-oideachas. Agus sin an riaden chur amach atá acu ar chtanas is mó is féidir linne a a saol féin, is mar fhoinse shásamh. déirce agus síneadh láimhe Seo í an chéad chéim – ‘sé a airíonn siad muid de ghis ciall le misean, fianaise is náth, fiú má bhíonn leanaí slí bheatha a chaitheamh a acu ag freastal ar ár scoillonraíonn do dhaoine eile’. eanna. Már sin, cá bhfuil an An bhfuil an tslí bheatha caidreamh gaolmhar sin de atá ag ár scoileanna ag chuid na Ríochta á thógáil, lonrú do dhaoine eile trína mar a gcuireann daoine n-oscailteacht agus trína stró orthu féin ar mhaithe An tSiúr Cyril ag múineadh dtoilteanacht glacadh leis lena gcomharsana – mar ‘a an phráisc agus leis an phraidtugann duine a anam ar seach dhaonna is dual don son a chairde’. bhochtaineacht? Ní bhíonn sé éasca Má tá ár scoileanna le bheith ina nuair a thagann na bochtáin isteach. ‘so-scéal’, caithfidh cúram lándáiríre Gan amhras, caithfimid saothrú níos do na daoine atá brúite faoi chois, na déine! hainniseoirí, na anawim, bheith ag Agus an gcuirimid ár gcumhacht preabarnach i gcuisle na scoile – áit a agus ár n-acmhainní ar fáil chun leas dtabharfar gean agus cóir dóibh mar na ndaoine atá i bhfíorghátar? Mar, dhaoine atá ar comhchéim linne, mar a gan amhras, tá cumhacht againn, teagnglactar leo gan cheist, mar a gcronómhálacha, bealaí chun rudaí a chur á far iad le mairgne dho-shamhlaithe ndéanamh. An mbreathnaítear orainn mura mbíonn siad inár láthair. Agus mar dhaoine a bhfuil trua againn mar déanaimid é seo de bhrí go bhfuilimid a bhí ag Críost? Mar dhaoine atá réidh tar éis grá Dé a mhothú ionainn, agus chun ár gcumhacht a úsáid ar mhaithe gur corraíodh muid an oiread sin nach leis na bochta agus an aicme atá faoi féidir linn scoil a reachtáil san India leatrom, ionas go ndéanfar an ceart? mura dtugaimid aird ar a mhéad den
TIMIRE May.indd 10
25/05/2010 15:34
Timire Chun dul i bhfiontar ar son na luachanna a gcreidimid iontu? Fiú más baol linn míshásamh na dtuismitheoirí atá ina suí go teann? Gan cheart gan chóir, ní féidir linn dlúthpháirtíoch nó síocháin a chruthú idir dhaoine. Conas is féidir pobal cóir a thógáil má dhéanaimid neamhshuim de na sluaite a bhfuil an t-oideachas is bunúsaí féin ceilte orthu? Bhí ceisteanna mar seo ina n-ábhar buartha dúinn, agus an míshuaimhneas a corraíodh as bheith páirteach i gcóras scolaíochta a thug dea-oideachas don dornán pribhléidithe fad a bhí a gcomhionanna de dhaoine fud fad na háite agus gan a dhath, ach ar éigean, ar fáil acu. Chuir siad orm Loreto Sealdah a oscailt le fáiltiú roimh an chuid ba bhoichte de bhochtáin na sráide, ionas go mbeadh meascra folláin de leanaí ón tsráid, ó na slumaí agus ó chúlraí teanna ag staidéar, ag saothrú, ag súgradh le chéile ar comhchéim. Mar sin, tá ár scoil anois ina Lárionad Acmhainní do na daoine is boichte den chosmhuintir, agus í ag dul i bhfeidhm ar shaol tuairim is 450,000 leanbh agus tríothu sin ar mhórán eile de na daoine is boichte, agus ag cur Ríocht Dé chun cinn trína cuid daltaí a fhoirmiú ina ngníomhairí chun athrú daonna a dhéanamh sa phobal, agus ciorcal mallaithe na bochtaineachta a bhriseadh: a) trí 50% de na leanaí is boichte a ligean isteach gach tráth iontrála nua. Glacaimid leis na Caitlicigh go léir a lorgaíonn áit, agus roghnaímid an chuid is
TIMIRE May.indd 11
11
boichte de na neamh-Chaitlicigh ionas go mbíonn 700 acu sa líon iomlán de 1,400 dalta. (Cuirtear na hiontrálacha go léir ar chrainn lena roghnú.) b) Tá Clár ‘Ildaite’ againn trína múineann na gnáthdhaltaí na páistí sráide gach lá le linn a dtráth chun Saothar Úsáideach Táirgiúil Sóisialta a dhéanamh. Bíonn dhá thráth sa tseachtain chuige seo i gclár ama gach dalta. Trí na tráthanna a eagrú ceann i ndiaidh a chéile, bíonn rang de 50 dalta saor agus ullamh i gcónaí chun páiste ar bith a mhúineadh a bhuaileann isteach ón tsráid. Dá bharr seo, pé am a thagann páistí sráide isteach, faigheann siad páistí ó na gnáthranganna saor agus ullamh lena dteagasc. Is féidir linn glacadh lom láithreach le páiste ón tsráid in aois a haon déag, agus í a ullmhú le haghaidh Rang V laistigh de aon bhliain amháin. Ag féachaint ar anchás girseacha mar seo a bhíonn ina n-aonar ar na sráideanna istoíche, chinn Loreto Sealdah ar fháiltiú a chur rompu, agus Áras Dídin sábháilte Loreto a chur ar fáil dóibh laistigh den scoil. Faoin am seo, tá 800 páiste sráide (‘Ildaiteacha’) ina gcónaí sna cúig Scoil Lae Loreto in Kolkata. c) Páiste tuaithe le páiste scoile, faoina dtugann ár ndaltaí (Ranganna V go XII) gach Satharn (ár saoire sheachtainiúil) chun dul a mhúineadh 3,500 páiste tuaithe sna scoileanna sráidbhaile, áit nach mbíonn ach máistir scoile amháin le haghaidh 120 leanbh. Mar sin, uair sa tseachtain ar a laghad, tugtar roinnt
25/05/2010 15:34
12
Timire
aire phearsanta, ar bhonn aonair, do leanaí i scoileanna Rialtais. d) Reachtálaimid 15 lárionad oideachais ar an Seachród Oirthearach. Freastalaíonn siad ar 2,000 páiste. Agus tá tús curtha le déanaí le 20 lárionad eile a bhunú faoi choinne 1000 páiste eile sna garraithe brící, láimh le Howrah. e) Tugann na Bunmhúinteoirí s’againne oiliúint múinteoireachta i gclár speisialta ar a dtugtar Oiliúint do Mhúinteoirí Cosnochta. Oileadh breis is 1,200 múinteoir chun 470 ionad a reachtáil le haghaidh 27,000 páiste ar fud Kolkata uile (Clár Shilkshalaya Prakalpo). Oileadh, chomh maith, 12,000 múinteoir chun soláthar a thabhairt sna ceantair tuaithe mar a bhfuil mórán múinteoirí gan oiliúint ar bith. f) Bíonn baint ag ár ndaltaí ó rang V ar aghaidh, san obair chun páistí a aimsiú atá ceaptha faoi cheilt chun gabháil de shaothar tís, agus iad a tharrtháil. Tá 500 díobh ar a laghad tugtha slán go nuige seo isteach sa phríomhshruth oideachais. g) Tá baint againn freisin le cúrsaí micra-chreidmheasa chun tuismitheoirí bochta a chumasú seasamh ar a mbonna féin agus éalú as ciorcal mallaithe na bochtaineachta. San obair seo uile, tá an scoil ag dul i bhfeidhm ar an saol a chaitheann timpeall 430,000 de na leanaí is boichte, agus san am céanna is ‘scoil mhaith trí
TIMIRE May.indd 12
mheán an Bhéarla’ í le torthaí fiúntacha acadúla aici. Chun an cur chuige seo a bhuanú le héifeacht le linn na dtríocha bliain seo caite, d’athraigh an scoil ar na bealaí seo leanas: An smaoineamh seo i dtaobh an oideachais mar oideachas ar son an chomhluadair, nó an phobail, seachas an t-oideachas mar rud iomaíoch, b’éigean do na múinteoirí, na mic léinn sinsearacha agus na tuismitheoirí é a ghrinnscrúdú. Ba é toradh an mhachnaimh seo ná atmaisféar an rannpháirteachais a chruthú sa scoil seachas an iomaíocht, le dearcadh úr den ‘tabhair agus gheobhaidh tú’. Is éigean don scoil breathnú uirthi féin i gcomhthéacs na hIndia uile, mar a bhfuil na milliúin duine agus gan teacht acu ar oideachas ar bith. Is é a d’eascair as seo, meon daingean toilteanach chun a bhfuil againn den tsainoilteacht, d’áiseanna, de sheirbhís, d’am, a roinnt le daoine eile. Is síor-dhúshlán é dár gcumas cruthaitheachta bealaí agus deiseanna a aimsiú chun ár nacmhainní a shíneadh an méad is féidir chun dul i gcabhair an oiread is féidir. B’éigean don Scoil aitheantas a thabhairt do bhua na Solúbthachta. Cuidíonn an tSolúbthacht linn seanfhadhbanna a láimhseáil le nua-réitigh, agus tabhairt faoinár ndeacrachtaí le smaointeoireacht úr. Is í an tSolúbthacht a chuireann ar chumas na scoile bheith ina hionad forbartha pobail, agus fanacht ina scoil san am céanna. Mar bharrshamhail, mar idéal, is éigean dúinn dul ar thóir na Simplío-
25/05/2010 15:34
Timire
13
Íosa grá a thabhairt dár gcomharsa mar chta. Is den riachtanas an tsimplíocht, a thugaimid grá dúinn féin. Tugaimid i dtír mar a bhfuil an-chuid scoileanna fianaise ar Chríost sa tslí ina mairimid, gan fiú clár dubh acu. An cóir dúinn, agus sa tslí ina riaraimid ár scoileanna más ea, institiúidí eiseamláireacha a chun an t-oideachas a scaipeadh, agus thógáil nuair a d’fheadfaí riar ar fiche ar an dóigh sin an dlúthpháirtíocht agus scoil as costas ríomhaire amháin? an tsíocháin a fhréamhú sa tsochaí. Tríd Tugann an tsimplíocht dúshlán don an taithí shaoil a fhaigheann ár maca leanbh freisin, a saol féin a chruthú – léinn, cleachtann siad na luachanna saol inarb iad obair dhian agus freacéanna agus fásann siad in atmaisféar gracht phearsanta critéir an ratha agus mar a bhfuil do chomharsa a ghráú ina an dul chun cinn, seachas airgead agus chuid den saol féin. maoin ábhartha. Sinne, siúracha LoreSin é an fáth go bhfuil an to, tá seacht scoil déag scoil curtha in oiriúint don againn ar fud na hIndia, leanbh is boichte, mar tia bhformhór díobh sna ocfaidh an leanbh saibhir ‘mórcheantair uirbeacha’ slán, pé ait a mbíonn sí. Is atá luaite ag an Phápa. féidir anois nósanna caidTá sé cinn díobh in Kolkrimh a bhunú ins an scoil ata, maraon le Coláiste féin a sháraíonn bacanna Sa scoil céime, gairmoiliúint cúnga chóras na gceast agus oiliúint múinteoirí; (caste), na gcreideamh, agus seacht gcinn i gcathracha eile na gcaighdeán eacnamaíochta. Dá de chuid na hIndia; agus gan ach ceibhrí sin, is mó is indéanta na nósanna thre cinn amuigh sna sráidbhailte. San sin a bhunú sa mhórphobal uirbeach iomlán, saothraímid chun an ceart, an chomh maith. dlúthpháirtíocht, an tsíocháin a chur Is mionlach beag iad na Críostaithe chun cinn tríd an chóras oideachais atá san India. Is de chreidimh eile móramh againn, agus é bunaithe ar na luachanár ndaltaí (Hiondúigh timpeall 60%, na ceannanna céanna. Ar an dul seo, agus roinnt Moslamach, Saíceach agus tugtar dúshlán dár ndaltaí a gcumas a Búdaíoch leis). Agus muide i mbun shíneadh thar an mhéid is dual dóibh, scoileanna a reachtáil, baineann ciall d’fhonn lámh éifeachtach a thabhairt an-tábhachtach ar leith leis an chaoi a chun an Chóir a chur chun cinn. dtugaimid fianaise ar theachtaireacht
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Iúil 2010 Go ndéana Críostaithe a ndícheall chuile áit, agus go háirithe sna mórcheantair uirbeacha, leis an Oideachas, an Chóir, an Dlúthpháirtíocht agus an tSíocháin a chur chun cinn.
TIMIRE May.indd 13
25/05/2010 15:35
14
Timire
Ar bhain triail as go fóill? Fírinne natúhAigne www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.
Library of Congress Prints and Photographs Division Washington, D.C.
G K Chesterton
Dervla Kennedy Comhrá clúiteach a thit amach idir Gilbert Keith Chesterton agus George Bernard Shaw (Bhí meáchan Shaw thíos ag an am agus meáchan Chesterton thuas): G. K. Chesterton: Is léir go raibh gorta sa tír le déanaí Shaw: Is léir cé a bhí taobh thiar de.
TIMIRE May.indd 14
G B Shaw
Níl ansin ach scéilín grinn, dar ndóigh. Ná tógtar orm é má thugaim faoin ábhar trom, dá dhroim sin. Tarlaíonn i dtíortha áirithe go mbíonn duine áirithe nó rialtas faoi leith taobh thiar den ocras agus den éagóir- den ghorta féin, fiú amháin. Tugann na meáin le fios don phobal go mbuaileann gorta tír, de bharr an daonra a bheith ‘ró-ard’. Cúinsí polaitíochta, eacnamaíochta nó bitheolaíochta is minicí a chu-
25/05/2010 15:35
Timire ireann faobhar ar ghorta, áfach. Má tharlaíonn rialtas leatromach i réim, is géire an gorta. Bhí cuid den fhírinne ag Sinéad O Connor i gcás na hÉireann, nuair a dúirt: Is mian liom labhairt ar an ‘ngorta’ go háirithe An gorta nárbh ann dó, An gorta nár tharla Seanscéal is ea scéal ghorta na hÉireann. Ní haon scéal nua é scéal na Siombáibe, ach an oiread. Is é an scéal is giorra do mo chroí féin é. Tá lagmhisneach ar an bpobal anseo agus is beag a spéis i gcúrsaí toghcháin. Bhí ‘an cad is fiú-chas?’ chun tosaigh, i mí Feabhra agus tá sé thuas i gcónaí. Seo thíos an port is minicí ó na daoine ar casadh orm iad: Ní haon mhaith toghchán. Bhain Tsvangirai an toghchán an chéad lá agus tar éis míosa, dúradh nach raibh an céatadán cuí aige agus go gcaithfí an dara toghchán a reáchtáil idir é féin agus Mugabe. Siúd le Mugabe agus an Zanu-pf ag cur sceimhle ar na pobail bheaga tuaithe, ag bagairt báis orthu agus ag marú polaiteoirí de chuid an MDC. Ní bheidh aon toghchán cóir ann sa tSiombáib. Ní chleachtófar an ceart anseo go brách, feictear dom, gan cur isteach ó phobal ar nós phobal na hÉireann. Tá dán an-ionraic ag Seán Ó Ríordáin ina moltar dúinn ár ‘muidne’ ceart
15
a chur chun cinn agus an rud cóir a dhéanamh, Ní haon mhaith dúinn dul i muinín na dtoghchán nó na rialtas, seans. Níl an dara dul suas againn, mar Chríostaithe ach dul inár muinín féin agus i muinín Dé. I bhfírinne na haigne Tá oileán séin, Is tusa atá ar marthain ann Is triall fád dhéin, Ná bíodh ort aon chritheagla Id láthair féin, Cé go loiscfidh sé id bheatha thú, Do thusa féin, Mar níl ionat ach eascaine A dúirt an saol, Níl ionat ach cabaireacht Ó bhéal go béal: Cé gur cumadh tú id phaidir gheal Ar bhéal Mhic Dé Do scoiltis-se do thusa ceart Le dúil sa tsaol, Ach is paidir fós an tusa sin Ar oileán séin, A fhan go ciúin ag cogarnach Ar bheolaibh Dé Nuair do rincis-se go macnasach Ar ghob an tsaoil. Is mór an chabhair an scílín grinn, leithéidí Shaw agus Chesterton agus muid ag tabhairt faoin obair bheannaithe sin. Is macléinn í Dervla Kennedy.
Intinn Choitainta an Phápa do Mhí Iúil 2010 Go dtoghfaí lucht rialacháin i ngach tír ar domhan ar bhealach cóir, ionraic, macánta, i dtreo is go léireofaí meas ar thoil na ndaoine.
TIMIRE May.indd 15
25/05/2010 15:35
16
Timire
Hakim
Hakim (ainm cumtha) ar theacht dó go Preda ar dtús agus trí bliana anonn, é i dteannta an Ath. Shay.
An tAth. Shay Cullen Cillín dorcha i gcarcair phlódaithe a bhí ann, agus é pulctha le colainneacha allasmhara tatuáilte na gcoirpeach ba scaollmhairí dá bhfaca tú riamh. Ní fhéadfainn Hakim a fheiceáil sa phluais ghránna gharbh seo d’ainnis agus de dhríodar daonna a bhí níos measa, gan áibhéil, ná a d’fhéadfá a shamhlú. Ansin, sa chúinne, in aice leis an pholl bréan san urlár a bhí mar leithreas acu, chonaic mé na súile móra ag stánadh orm as an aghaidh thanaí mhílítheach. Ba léir go raibh faitíos an domhain ar an bhuachaill. Nuair a dhearc mé isteach trí na barraí, chorraigh na cimí eile. Bhéic siad orm, a éileamh bia, toitíní, airgid, alcóil.
TIMIRE May.indd 16
Dhein mé comhartha don gharda. Scaoil sé an glas mór trom, agus shleamhnaigh Siobhán an bolta le torann. Scairt an garda,‘ Hakim, tar amach’. D’fhéach an stócach suas, an sceoin le feiceáil ina shúile. D’éirigh sé ar a bhonna bogadaigh. Ní raibh ann ach cnámharlach, amhail scaoinse ó Auschwitz, amhail Lazaras ón uaigh. Thug sé céim éiginnte chun tosaigh, agus dóbair dó titim. Bhí sé tréithlag, caite, stiúgtha leis an ocras, nocht, gan faic na ngrást air ach bríste gairid cadáis. Bhí rian ha heitinne air, ó bhun go barr, ar nós taiséadach an bháis uime. Bhí sé ar aon dul le mórán eile dár tharrtháil muid. Ba shamhail den ainnise agus den bhochtaineacht é. Threoraíomar é go cúramach as an áit
25/05/2010 15:35
Timire uafásach sin, síos an pasáiste plódaithe go dtí oifig an mhaoir. Shínigh sé cáipéis a scaoilte le lámh chrathach. Bhí sé slán, saor. Ba dhuine luachmhar daonna é a bhíothas tar éis a sciobadh saor. Ní raibh ann ach iarsma de longbhriseadh an tsaoil, cuid den bhruth faoi thír a fágadh ar an trá tar éis racht na stoirme, gan fiúntas, gan fáilte roimhe ag éinne, ná roimh a ghnúis dhorcha is a ghruaig chatach. Ní raibh ann ach bundúchasach suarach, den cheast (caste) ab ísle. Ach, anois, bhí sé tagtha slán sábháilte, tugtha saor ón bhás cinnte a bhí daite dó murach sin. ‘Tháinig mé chun saoirse a thabhairt do na cimí’, a dúirt Íosa; agus ba chóir dúinn uile an rud céanna a dhéanamh. Tig linn casadh le hÍosa, go díreach, i bpearsa gach duine ar nós Hakim, eisean agus an tochas ar a chraiceann, le logaill mhodartha na súl scaollmhar. ‘Insím an fhírinne daoibh, cibé rud a rinne tú don té is lú de na bráithre seo liom, domsa a rinne tú é.’ Laistiar dínn, dhruid an doras de phlimp, agus ar an lá úd i mí Mhárta, shiúil Hakin amach ina dhuine fuascailte. Stad sé nóiméad, ag sú isteach solas scalltach neamhghnách na gréine. Bhí mála plaisteach ina ghlac, nach raibh ann ach T-léine shalach, an t-aon tráithnín de mhaoin an tsaoil ba leis. Smaoinigh mé arís ar an mhéid sin d’earraí gan úsáid, gan úsáideacht fiú, a bhí agam. Dhein mé geallúint ansin go scaoilfinn leo, faoi dheireadh.
TIMIRE May.indd 17
17
Lastall den plaza, tháinig cling an chloig ó Eaglais Santa Lucia, ag comóradh Theachtaireacht an Aingil. Mheabhraigh mé Banóglach an Tiarna, agus a hurnaí iontach, an Magnificat: ‘Scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí…agus d’ardaigh sé daoine ísle. Líonfaidh sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus cuirfidh sé na saibhre uaidh folamh’. Ó, go raibh lá na fuascailte den chinéal sin ar na gaobhair do mhuintir faoi leatrom na bhFilipíneach, agus do mhuintir gach náisiúin a bhfuil éagóir agus dúshaothrú á ndéanamh orthu. Bhris dúchas an Ghorta Mhóir trí shúile mo chuid smaointe. Ach bhí sé in am trátha le haghaidh ‘nithe maithe’. Lón, mar shampla. Chuireamar na smaointe réabhlóideacha ar leataobh, agus thionlaic Hakin ocrach isteach inár veain, agus ar aghaidh linn go dtí an bhialann Jollybee ba chóngaraí, le slám de bhia gasta a fháil. Bhí sé in am an seang a bheathú. D’ordaigh muid rís agus sicín, agus uachtar reoite. Ach ní héasca a chuaigh Hakimn i seilbh a shaoirse. Ar dtús, bhí móramhras air inár leith, ag samhlú, b’fhéidir, nach raibh ionainn ach ‘drong na n-aenna’, drong a d’fhuadaigh agus a mharaigh roinnt tachrán sráide, lena mbaill bheatha inmheánacha a bhaint amach astu agus a dhíol. Bhí moill ar Hakim chun ite. Bhí sé rólag chun an píosa sicín a chogaint i gceart, an chéad bhlúire feola a bhí
25/05/2010 15:35
18
Timire
faighte aige le blianta. D’fhéach sé thart timpeall, agus ba dhoiligh leis a chreidiúint go raibh sé tar éis cillíní an phríosúin a chur de. Chaith sé deich mí gan chuairteoir, deich mí gan aon rud a tharlú dó diomaite de dhá chuairt ghairide chun na cúirte. Ceann amháin díobh, chun coir a chur ina leith a raibh sé dall air; agus cé gur dhúirt sé go raibh sé 15 bliana d’aois, ní raibh sé in ann é sin a chruthú, agus áiríodh é mar dhuine fásta. Ar an dara huair sa chúirt dó, ní raibh aon fhianaise, nó fhinné, nó ábhar gearáin lena chúiseamh. Mar sin féin, cuireadh ar ais chun brúidiúlacht an phríosúin é, agus ligeadh é i ndearmad ansin. Ó shin i leith, fágadh é i dtóin an mhála sa phríosún: ní raibh ann ach bundúchasach gnúisdorcha as treibh éigin, Moslamach ó oileán cogachéasta Mindanao. Sórt namhad é, inimirceach ó thír eachtranach, d’fhéadfá a rá. Cuireadh a shráidbhaile trí thine, theith na daoine ón chogaíocht. Thóg gaolta le Hakim leo é ar sheanárthach meirgeach a bhí plódaithe le teifigh chogaidh, ach scaradh ó chéile iad nuair a bhuail an long le carraig gur báthadh mórán de na daoine. D’éirigh leis Manila a bhaint amach, agus bhí sé ag déircíneacht ar na
sráideanna nuair a cheap na póilíní é, agus chuir goid ina leith. Ba é an seanchleas acu é, duine a sháinniú ar chiontú bréige, ionas go bhféadfaidís a mhaíomh go raibh coir fuascailte acu, agus go bhfaighidís cúiteamh airgid dá bharr; agus gaisce eile déanta acu chun go gcomhlíonfaidís a gcuóta de choirpigh a ghabháil, agus bheith níos airde ar an dréimire chun ardú céime a fháil. Bhí Hakim ar an aicme ba lú aire agus aird, ar na daoine ba mhó a ndéantaí leithcheal orthu. Ní osclófaí an doras dó riamh, ach gur scaoil Mina, Siobhán agus Síle an bolta, agus thug leo é chun na saoirse. De réir mar a chuaigh na laetha thart, tháinig Hakim chuige féin as díomuachas na príosúnachta. Agus nuair a ghlac na buachaillí eile ins an Preda New Dawn Home leis, gur dhearbhaigh siad bráithreachas agus cairdeas leis, bhorraigh an mhuinín ann arís, agus d’fhás an meangadh beag ina aoibh cheart gháire. An chóir leighis agus an bia a tugadh dó, agus an suan sámh a bhíodh aige faoi scáth fionnuar an chrainn mhangó, chuaigh siad i gcion air go dearfach. Fuair sé a leigheas. An lá inniu, is dalta coláiste é Hakim. Is sagart Misinéireachta Caitlicí as Baile Átha Cliath é an tAth. Shay Cullen. Chuidigh sé le bunú an charthanais Preda sa bhliain 1974.
Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Lúnasa 2010 Go raibh an Eaglais ina dídean ag gach cine, agus go raibh sí ullamh chun fáilte a fhearadh roimh chuile dhuine atá ag fulaingt leithcheal ciníoch nó creidimh, nó ocras, nó cogaí a chuireann orthu imirce a dhéanamh go tíortha eachtracha.
TIMIRE May.indd 18
25/05/2010 15:36
Timire
19
An Té atá Thíos
Peter McVerry SJ Díreach roimh Nollaig, tugadh lánúin as Port Láirge os comair cúirte i gcás athshealbhaithe. Faigheann an mháthair liúntas cúramóra (liúntas laghdaithe ó bhí an cháináisnéis ann) as cúram a thabhairt dá mac 17 bliain d’aois a bhfuil riachtannais speisialta aige. Bhí a bpoist le Waterford Crystal caillte aici féin agus ag a fear céile agus iad taobh thiar €40,000 ar an morgáiste a bhí glactha acu leis an iasachtóir fophríomha Stepstone Mortgage Funding. Bhí €1,900 in aghaidh na míosa á íoc ag an teaghlach seo ag ráta úis 11 %. Thairg siad €800 in aghaidh na míosa a íoc uathu, agus iomlán a liúntais san áireamh, ach dhiúltaigh Stepstone den tairiscint sin. Seo mar a rinne an teaghlach cur síos ar lá na cúirte: “Níl fáil ar chomhairle dlí. Isteach leat san Ard-Chúirt agus mearbhall an domhain ort. Gan tuiscint dá laghad agat ar an gcóras, gan fios suí ná seasaimh féin agat. I do sheasamh duit, tá slua anaithnid i do thimpeall agus saol do bheatha acu uile go léir, scéal do sparáin, an líon tí atá agat- bíonn fios feasa ag cách, lá cúirte. Fágtar gan
TIMIRE May.indd 19
dídean thú, gan dínit. Ag snámh in aghaidh easa atá tú agus faic agat dá bharr.” Níor mhair an cás ina iomláine thar nóiméad nó dhó. Ní raibh dlíodóir ina n-acmhainn féin agus cúis Stepstone á hagairt ag plúr na ndlíodóirí. B’iad Stepstone a bhain an lá, agus teideal athshealbhaithe acu de réir dlí. €100,000 dá gcuid féin a bhí infheistithe ag an teaghlach ina dteach, teach a bhí le baint díobh. Leanann géarchéim an duine aonair géarchéim geilleagair. Beagnach 450,000 duine atá gan obair anois, agus beagnach 60,000 teaghlach ag streachailt le morgáistí tí. Tá a bhformhór trí mhí taobh thiar leis na híocaíochtaí agus éileamh foirmiúil athshealbhaithe buailte ar 8,000 duine. Chaití anuas ar lucht dífhostaithe anmhinic aimsir an Tíogair, tráth a dtagadh na sluaite as Iarthar na hEorpa chugainn chuile mhí, ar mhaithe leis an obair. Dúradh an-mhinic an uair sin, go raibh an tÉireannach neamhfhostaithe rófhalsa le tabhairt faoi lá oibre, sin nó go raibh sé róshóch chuige. Nach raibh a chuid pócaí á líonadh ag an Stát! An rud nach ndúradh, go roghnaíodh formhór na bhfostóirí an tIar-Eorpach tharstu. Bhí céimeanna tríú leibhéil ag an dream as Iarthar na hEorpa, bhí siad sásta obair neamhoilte a ghlacadh orthu féin agus uaireanta fada a chur isteach, gan focal astu faoi dhálaí oibre. Ní tharraingeodh siad ceardchumann
25/05/2010 15:36
20
Timire
anuas ar éinne mar nach raibh uathu ach stór airgid a chruinniú a sciobtha agus ab fhéidir leo. D’fhéadfadh fostóirí teacht i dtír ar an dream ón taobh amuigh. Formhór na nÉireannach a bhí gan obair an uair sin, ní raibh mórán cáilíochtaí acu agus ní fhéadfaidís dul in iomaíocht leis na hEachtrannaigh; roinnt acu, bhí siad i sáinn na bochtaineachta; roinnt eile, bhí fadhbanna pearsanta acu, idir andúlachas agus eile. Ní raibh aon bhunús lena gcáineadh, lucht dífhostaithe, nuair a bhí an Tíogar ina bheatha agus is lú fós a bhunús inniu. Bhí poist mhóra, mhaithe ag leath lucht liúntais, bliain nó leithbhliain ó shin. Tá siad ar gcúl anois ag cúlú nár chruthaigh siad féin. Tá líon an-scáthmhar teaghlach i mbaol athshealbhachais cheana féin agus ní rachaidh an scéal ach chun donais. Tithe ré an bhorrtha a cheannaíodar, agus anois go bhfuil siad gan obair, tá ag dul díobh íoc as a gcuid
TIMIRE May.indd 20
morgáistí. Ní fheileann an focal cáinte anseo, beag ná mór. Scannal náisiúnta is ea borradh na réadmhaoine. D’imigh lucht bainc chun rabairne neamheiticiúil ar mhaithe leis an mbrabús aon oíche. Is é an pobal mór atá thíos leis anois, agus an baol ann go ndéanfadh an dream céanna athshealbhú ar an teach nár íocadh praghas cothrom air an chéad lá. Tabharfar daoine áirithe os comhair cúirte, gan aon abhcóide ag labhairt ar a son, agus fathaigh an dlí ina n-aghaidh, iad á n-íoc go fial ag na hinstitiúidí airgeadais. An té atá thíos, buailtear cos air. Is géire an cruatan ach an t-uaigneas agus an easpa tuisceana a bheith ina searbbhóntaí air. Bhí an mé-féineachas anmhór chun tosaigh, aimsir an Tíogair. Le chéileachas a theastaíonn anois. Is é an cur le chéile a chleachtódh Críostaí ceart. Is é a mholann an Soiscéal, go mairfeadh an comhthionól fuinte ar scáth a chéile. Sheas Íosa leis an mbochtán, thar éinne eile. Cuireadh ina leith an-mhinic nár thaithigh sé ach na peacaigh agus lucht bailithe cánach. An pobal a dhéanann imeallú ar dhaoine, cuireann siad deireadh lenár ndínit mar chlann Dé. Tá iachall orainne mar Chríostaithe, struchtúir agus meicníochta a éileamh a bhainfeadh an t-ualach díobh siúd atá thíos leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Ní foláir do na bainc fanacht ar feadh 12 mí anois roimh chur isteach ar iarratas athshealbhaithe. Céim chun tosaigh atá ansin agus is ceart tacaíocht a thabhairt di. Éileamh eile ba cheart don phobal
25/05/2010 15:37
Timire Críostaí a dhéanamh ar ár bpolaiteoirí is ea comaoin 12 mí a cheadú roimh iarratas, sos íocaíochtaí, cosc a chur ar ús pionóis a ghearradh ar íocaíochtaí neamhghlanta, déanacha nó riaráistí, faoi mar atá molta ag Coiste an Oireachtais um Ghnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Ní mór don phobal féachaint chuige nach ndéantar laghdú ar liúntais ná nach mbíonn moill leo, i gcás na ndaoine nach raibh ar a gcumas obair a dhéanamh riamh nó i gcás na ndaoine a bhfuil loicthe ag an stát orthu. Ba chóir dúinn féachaint chuige go bhfreastlódh na polaiteoirí, agus na córais sóisialacha agus eacnamaíochta ar an dream atá thíos mar is ceart agus is cóir, ach ní leor sin ann féin. Iarrtar ar phobal Dé íobairtí pearsanta a dhéanamh agus a gcuid acmhainní, a gcuid ama agus a bhfuinneamh a chaitheamh ar son a gcomhdhaoine. Clann is ea pobal Dé; agus is ar scáth a chéile a mhaireann clann. Is ionann an cúram a dhéanann muid dár gcomhdhaoine agus croílár ár gcreidimh. Déanfar neart an chreidimh sin a phromhadh, agus an ghéarchéim náisiúnta ag drannadh inár dtimpeall. Tá an tAth. Peter McVerry SJ ag obair leis na daoine óga gan dídean i mBaile Átha Cliath le breis agus 30 bliain.
21
An tAiséirí Ní chreideann tú san Aiséirí, a deir tú. Ní mó a chreideann tú san éirí? a deirim. Cad tá ann? a deir tú. Tá tú ann, tú fhéin? a deirim. Tá, a deir tú. Conas a tharlaíonn go bhfuil tú ann? a deirim. Is mó a ghlacfainn leis an té faoi deara le tú bheith ann tú a thabhairt ann arís, ná a ghlacfainn le do dhiúltúsa teacht ann arís: An bhfuilim ann in aon chor? arsa tú. Ach oiread leis an gcloichín a bhain deoir bheag fola as Berkeley faoi log na cluaise nuair a tharraing tú d’ordóg súghaidh amach as do bhéal? a deirim. Liam Prút
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Lúnasa 2010 Go n-osclófar an doras dóibh siúd atá gan obair nó gan dídean agus go bhfaighidís cabhair phraiticiúil le cruatan an tsaoil á shárú.
TIMIRE May.indd 21
25/05/2010 15:37
22
Timire
Camchuairt ar an Seachtar Teampall Apacailipsis Caib 2 agus 3
Pergamum
Le Damhlaic Mag Shamhráin
“Scríobh go dtí Aingeal na hEaglaise in Eifeasas.” Cé tá ag scríobh? Cén bhrí a bhaineann leis an teideal úd “Aingeal na hEaglaise”? Agus maidir leis an údar, deir Brollach an Bhíobla as Gaeilge “údar Apacailipsis, tugann sé Eoin air féin cei-
TIMIRE May.indd 22
thre huaire…” ach é sin ráite tá amhras ar údar an Bhrollaigh agus ní ghlacann sé leis an tuairim gurb ionann “Eoin” agus Eoin Aspal. Léigh mé an saothar seo arís agus arís le leathchéad bliain anuas agus theip orm mórán céille a bhaint as. Dá bharr siúd thapaigh mé an deis i mbliana a dhul ar chamchuairt ar na cathracha a luaitear sna Caibidlí sin 2 agus 3.
25/05/2010 15:37
Timire Shíl mé ar a laghad go dtuigfinn meoin an údair nó cuid éigin di ach seasamh le scathamh i ngach aon bhall díobh. Cé hiad féin ach seachtar cathracha (nó cathracha iad tráth dá raibh) in iarthar na Tuirce mar athá anois. Ar oileán mara amach ón chósta úd darb ainm Patmós a bhí an t-údar nó na húdair agus an saothar seo á chumadh am éigin sa chéad aois i ndiaidh bás Íosa. Cé nach bhfuil Patmós ach cúpla ciliméadar ón chósta, baineann sé leis an Ghréig. Is ionann an scéal ag go leor des na hoileáin atá an-ghar don Tuirc inniu. Is iad na heaglaisí a luaitear ná an Eaglais in Eifeasas, ceann i Smiorna, an tríú ceann i bPeargamas, an ceathrú ceann i dTíaitíora, ceann i Sairdis, ceann eile i bhFilideilfia, agus an Eaglais deiridh díobh i Láodicéa. Seachas Eifeasas agus Smiorna is beag rian athá fágtha des na cathracha úd – fothracha fánacha don chuid is mó iad na bailte eile anois. Luaitear an seachtar in ord mar sin, Eifeasas i dtús báire agus Láodicéa sa deire. Ach tá ciall leis an chóras sin. Ag toiseacht mar sin in Eifeasas tá said leagtha amach mar a bheadh aghaidh an chloig: Eifeasas ag a seacht a’chloig, Smiorna ag an ocht, Peargamas ar a dó dhéag, agus mar sin de. Agus b’shin an treoir a lean mise i mbliana ar an bhus, tréimhse na Cásca 2010. Coicís a mhair an turas. Ghabh pléisiúr faoi leith le hoíche na Cásca a chaitheamh ag “teach Mhuire” in aice le hEifeasas, an áit ina bhfuair
TIMIRE May.indd 23
23
Máthair Dé bás dar le scéalta áirithe. Léadh an tAifreann as Béarla, Iodáilis agus as Laidin. Dúirt mise an Phaidir as Gaeilge. Canadh iomainn as iliomad teangacha – an Ghearmáinis agus an Rómháinis ina measc. Agus céard faoi na cathracha anois? Baile nua-aimseartha agus é cuíosach mór is ea Selcuk na Tuirce nó Eifeasas an Bhíobla. Tá réimse leathan fhothracha ann. An ceann is suntasaí ná an foirgneamh ar a dtugtar Leabharlann Chelsus. Agus thairis sin tá sráideanna,teampaill agus séipéil ó ré na Róimhe. An séipéal is mó gan díon air arnó ná an ball inar tháinig easpaig na heaglaise le chéile ag MórChomhdháil na bliana 431. Bronnadh an teideal “Máthair Dé” ar Mhuire ag an Chomhdháil. Shuigh mé sa halla inar tionóladh an Chomhdháil. Agus rinne macnamh ar feadh chúpla uaire, siar an mile go leith bhlianta. An lá dar gcionn ar aghaidh liom ar bhus go dtí Smiorna nó Izmir na Tuirce. Cathair ollmhór le daonra dhá mhiliún inti. Cois na farraige agus is suíomh an-tarraingteach é. Níl sé soiléir cén fáth go ndeir ”Eoin” (Ap.2:8) “tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin ach nach amhlaidh dóibh ach gur Sionagóg le Sátan iad”. Díol suntais iad an dá chathair ó thaobh na seandálaíochta. An tríú “eaglais” ná Peargamas, Bergama na Tuirce. Cáineann an t-údar “ríchathair Shátain” (Ap:2:12). B’fhéidir gur Teampall íontach an Impire,ar barr
25/05/2010 15:38
24
Timire
chnoic athá i gceist aige. Fothrach iontach fiú sa lá athá inniu ann. Dála go leor suíomh sa domhan Clasaiceach, ghoid seandálaithe na hEorpa codanna móra. Tá Altóir Zeus as Peargamas anois san Ardmhúsaeum i mBeirlin! N’fheadar an dtabharfar arais í choíche dá suíomh cheart as ar tógadh í? Cáintear Eaglais Pheargamas fosta (Ap:2;14). Cuirtear ina leith go bhfuil “daoine agat ansin ag cloí le teagasc Bháláim…Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú,tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil”. Fíorbheagán seachas cúpla balla briste athá sa cheathrú láthair Tíaitíora,in aice le hAkhizar na Tuirce. Bhí an t-údar sásta go leor le muintir na hEaglaise seachas an bhean bhocht “Izeibil, a thugann banfháidh uirthi fhéin agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranais…” (Ap.2:20). Cén mhíiompar a bhí ar siúl ansin,dhá mhíle bliain ó shoin? Cáineann an túdar an Eaglais i Sairdis freisin: “Is eol dom bhúr n-oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo ach gur marbh thú”. (Ap.3:1). Agus cinnte is marbh an áit anois í, seachas fothracha iontacha an Teampaill. Ar aghaidh linn go Filideilfia,eaglais uimhir a sé ar an chamchuairt. Is léir ins na fothracha gur chathair fíorthabhachtach a bhí inti le linn réimeas na Róimhe. (Don chuid is mó an fáth gur
TIMIRE May.indd 24
fothracha iad na bailte seo anois ná sraith chriothanna talún sa tríú agus sa cheathrú aois. Samhlaíodh do dhaoine gur léirigh tuitim na dteampall agus na ndealbh nach rabh na seandéithe marthainneach a thuille. Deir an leabhar (Ap.3:12) “an té a bheireann bua déanfaidh mé colún de i dTeampall mo Dhé”. Arnó ní scriosann crith talún an “colún” meafarach sin.) Tá sé casta go leor teacht tar an Eaglais dheiridh, Láoidicéa. Suite in aice le seanchathair Hierapolis, nó Pamukkale na Tuirce. Seo an Eaglais is faide soir ón chósta sa tsraith ar fad. Níl aon mhór-bhóthar ag dul ann agus ba dheacair an áit a aimsiú. Tagairt fhíorshuimiúil athá ag ár n-údar (Ap.3:15): ”Is eol dom do oibreacha,nach fuar thú agus nach te…De bhrí go bhfuil tú alabhog,gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach!” Pé saghas pobail a bhí ann anallód, níl duine ná deoraí i Láoidicéa anois. Ach tá Amharclann ann ina suíodh na mílte fadó, na suíocháin folamh anois. Cuma anáilinn ar an áit agus mise i mo shuí ann le ceapaire agus buidéal beorach ag samhlú an dráma. Ní déarfainn gur sásamh ná díol suntais iad an seachtar bailte ag an ghnáth-thurasóir, ach don té a bhfuil spiorad na sean-aoise ann, is mór is fiú an chamchuairt a chur i gcrích, seasamh iontu agus macnamh a dhéanamh ar na daoine a bhunaigh na hEaglaisí míle go leith bliain ó shoin.
25/05/2010 15:38
Timire
25
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.
An Ofráil laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá…(féach leathanach cúil)… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Tomhas an Timire: 160 Buail agus........ ?
1
2
3
4
5
6
7
8
Tá liosta d’ainmneacha ban thíos. Roghnaigh litir as gach focal chun an freagra a fháil Laoise, Sinéad, Cáit, Laoise, Órfhlaith, Síofra, Sinéad, Ríonach. Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Meitheamh, 2010. Tomhas 159: Freagra: An Cháisc Buaiteoir: Sinéad Ní Thuathail, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
TIMIRE May.indd 25
25/05/2010 15:38
26
Timire
Im Leabharlann Dom Criathar Meala
Pádraig Ó Fiannachta (eag.) An Sagart, 2009, 185 lch, €12 Léirmheas le Niamh Ní Mhuirí
Déarfá gurbh fhiú go mór í i bhfianaise Criathar Meala, bailiúchán a d’fhoilsigh an tAthair Pádraig Ó Fiannachta mar thoradh ar iarrachtaí saithe beach a thagadh le chéile go rialta, in imeacht bliana sa Díseart, Co. Chiarraí. Seachtar ‘beach’ ar fad a bhí páirteach i gceardlann an Mhoinsíneora, é féin san áireamh agus níl aon ach amhras ach gurb í mil na meala a dtáirgeadh. Faoi mar adeir Brenda Ní Shúilleabháin sa réamhrá a chuireann sí leis an gcnuasach: Labhrann an leabhar seo as croí pobail, le dlúthaithne, le tuiscint agus le hinspioráid. Saothar bliana, léargas comhaimseartha atá sa díolaim seo, díolaim nach tagann a leithéid ach go hannamh. Tá blaise nua idirnáisiúnta ar dhánta áirithe de chuid na díolaime. ‘Li Bai’ Louis Mulcahy, cuirim i gcás: Ar nós saothar grafnóir Taoch ar aer chomh briosc le seanphár:
I mbrollach an leabhair Ceardlann 85 (Coiscéim, 1988), díolaim eile a d’eascair as cumadóireacht ceardlainne, déanann Seán Mac Mathúna seancheist a mheá: ‘an féidir an scríbhneoireacht a mhúineadh, scríbhneoir a dhéanamh de dhuine?’ Is í an cheist atá air, dáiríre, ‘an fiú faic ceardlann scríbhneoireachta?’
TIMIRE May.indd 26
Dáinín feidhmiúil éifeachtach is ea an ceann sin agus agus is deas ann é le hais na n-iarrachtaí fada ó leithéidí Dhomhnaill Mhic Shíthigh agus Pheadair Uí hUallaigh. Ní mil úrnua amháin atá á tairiscint in Criathar Meala, gan amhras. Feictear an traidisiún neamhbhriste anseo,
25/05/2010 15:38
Timire
chomh maith. Faoi mar adeir Mac Síthigh faoin leabhar a d’fhuáil is a cheangal sé féin: Nuair a leagaim mo láimh air mothaím tréithe mo shinsear ag eascairt cuimhnte ar mhaintíneacht is déanamh éadaigh ar tháilliúireacht is déanamh cultacha Tuigeann siad seachtar tábhacht na ceardaíochta, bealach amháin nó bealach eile. Tá sí in ‘Ceangal’ villanelleiúil Uí hUallacháin, mar shampla: Leathchéad eala ar Loch Conn go ciúin córach faoi ghile ghréine. Fuadaítear as tosca an tsaoil mé. Tá an cheardaíocht le sonrú in ‘Caoineadh do Dhónall Ó Liatháin’, chomh maith, caoineadh den seandéanamh a chum an Moinsíneoir féin: Do chuala scéal a ghoin go hae mé Go raibh Dónall sínte i mbláth a shaoghail, Gur thit an peann as a láimh shaothrach Is é ag cur barr slachta ar iomann éaga... Sa dán ‘An Caisleán Normannach’, measctar an sean agus an nua, nuair a shamhlaíonn Aifric Mac Aodha laincisí an chaidrimh nua-aimseartha
TIMIRE May.indd 27
27
le teacht na Normannach: Tuigeann an duine conas titim isteach Le dlíthe, teanga agus nósanna. Sa chaisleán istigh, Ligeann fuinneoigín a leithead. Saol an ghrá, saol an chrá, faoi mar a nochtann Ceaití Ní Bheildiúin, leis: Bean mhíshásta i gcúinnne, fear suite ar chathaoir ag fiosrú cad tá cearr léi... go gcloiseann sí an fear ag sranntarnaigh. Tá an focal grinn anseo agus an focal mór. Maidir le ceist Mhic Mhathúna, tá freagra dá cuid féin ag Maria Ní Mhurchú uirthi. Ag caint ar scaoileadh ‘bac scríbhneora’ atá sí in ‘Cá bhfuil mo Dhán uaim?’: Nuair a thosnóidh an Cheardlann Scríbhneoireachta Beadsa sa tslí chéanna Dúch gorm ar sileadh ó mo mhéaranta Ar pháipéar bán An Monsíneor im’ threorú. – Shamhlófá ar Criathar Meala, go ndéantar scríbhneoir de scríbhneoir ach an Díseart cuí a bheith ar fáil dó.
25/05/2010 15:38
28
Timire
Léirmheasanna le Seán de Fréine
Raiftearaí i gCeartlár a Dhaoine san Aonú hAois is Fiche Colette Nic Aodha Coiscéim, 2009. 77 lch, €7.00
Ainteafan Colette Nic Aodha Coiscéim, 2008. 47 lch. €7.50
Scéal ón Oirthear Colette Nic Aodha Coiscéim, 2009. 57 lch. €7.50
An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire Biddy Jenkinson Coiscéim, 2008. 246 lch. €10 Dhá leabhar filíochta agus dhá leabhar próis atá againn an iarraidh seo. Agus baineann an chéad cheann próis le beathaisnéis file – Antaine Raiftearaí. Chuir mé spéis ar leith sa leabhar seo ar chúiseanna pearsanta, cés moite de mo mheas ar Raiftearaí mar fhile, file atá chomh binn le Robbie Burns, agus níos ceolmhaire ná é go minic. An chéad chúis atá agam ná go bhfuil earra luachmhar ag gaolta dem chuid (a bhfuil aithne mhaith agam orthu, cé nach garghaolta liom iad). Tá seanfhidil ina seilbh a fágadh le huacht ag athair na clainne na blianta ó shin. Cé go bhfuil sé féin ar shlí na fírinne le fada, maireann a chuimhne liom. Fear séimh cineálta cultúrtha a bhí ann. Ina mhúinteoir scoile. Agus é ar na Gaeilgeoirí dúchais deireanacha i bhfíor-oirthear Mhaigh Eo. Fágadh an fhidil ina chúram ag seanmhúinteoir eile as an chontae céanna. Dúirt sé gurbh é fidil Raiftearaí
TIMIRE May.indd 28
é. Theastaigh uaidh go gcaomhnófaí slán í. Ní fhaca mé féin riamh í – tá sé i dtaisce daingean – ach níl aon chúis amhrais orm faoin scéal. Ní lucht buaileam sciath iad an mhuintir a bhfuil an tseanuirlis cheoil ina bhfeighil anois. An dara cúis spéise atá agam ná nuair a thug mé cuairt i gcéaduair ar theach feirme muintir mo bhean chéile, thionlaic siad mé go binn an tí agus dúirt liom go bródúil, ‘Féach sall ansin. Sin Cill Aodáin, an áit ar rugadh Raiftearaí, agus is i measc na gcrann sin díreach ar chlé a raibh cónaí ar Frainc Taaffe’. Is leabhar álainn gleoite faoi Raiftearaí atá againn anseo, agus tá ábhar agus léargais nua ann a chnuasaigh an t-údar in agallaimh le cuid de mhuintir na háite inar tógadh é, chomh maith lena cuid léitheoireachta féin. Ó mo thaithí phearsanta, mar sin, is léir go maireann cuimhne ar Raiftearaí an file go fóill. Leabhar eolach soléite é seo. Chuir sé gliondar ar mo chroí agus ar mo intinn, agus bhí mé arís óg! Cé is fearr chun leabhar a scríobh faoi Raiftearaí ná file eile ón Chontae céanna? Is leis an údar céanna an dá leabhar filíochta thuas. Ar ndóigh, tá neart eile scríofa aici cheana, i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá a sciar den cháil bainte amach aici roimhe seo, agus í tuillte aici. Duine í atá i ngrá le bheith beo, agus ar féidir léi cúrsaí an tsaoil a ionramháil, idir chith is ghealán. Faigheann sí a hinspioráid chuile áit, in Éirinn, thar lear, sa Ghalltacht, sa Ghaeltacht, in imeachtaí a clann mhac. Tá na dánta soiléir sothuigthe, agus a cuid fiilíochta chomh gléineach lena cuid próis. Sin rud a thaitníonn liom, mar is deacair,
25/05/2010 15:39
Timire
dar liom, cur suas le filíocht phostúil atá casta ar mhaithe le castacht, agus gan mórán mianaigh le baint aisti go minic i ndeireadh báire de thoradh do chuid dua agus saothair. Bua atá ag an fhile seo, gur féidir léi gáire a dhéanamh fúithi féin. Tá léiriú maith ar a cumas sin sa dán ‘Iníon Dhrabhlásach’ mar a gcanann si: ‘Sceitimíní orm…ag réiteach don fhilleadh abhaile…/ Cuireadh ó mo dheartháir is sinne filleadh abhaile/ is cabhrú leis na fataí a bhaint./ B’in an fáiltiú ab fhearr /a fuair mé le fiche bliain anuas.’ Tá gontacht chomh maith le soiléire sna dánta seo, agus is minic sonc lena chois, mar atá sa sampla thuas. Airím macallaí de fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin ina cuid dánta, cé gur mór idir stíl agus cur chuige na beirte. Ach d’ainneoin sin, measaim go mbeadh Seán sásta lena saothar. Agus Raiftearaí chomh maith, lánsásta. Leabhar éagsúil ar fad atá sa cheann deiridh sa chnuasach seo. Eachtraí bleachtaireachta an Athar Pádraig Ó Duinnín á ríomh dúinn ag Biddy Jenkinson. Éinne a bhfuil saothar le Biddy léite acu cheana, beidh siad ag súil le greann oilte cliste. Agus ní bheidh diomá orthu tar éis an leabhair seo a léamh. Duine ar bith a bhfuil faoi dhraíocht cheana ag an Duinníneach de bharr a fhoclóra, agus
TIMIRE May.indd 29
29
é lomlán de eolas aisteach leithleach le chois bríonna focal, bainfidh sé nó sí taitneamh as an chor úrnua seo ina shaol, mar a léirítear dúinn anseo. Sraith de ghearrscéalta atá anseo ina mbíonn ar an sagart ildánach fadhbanna dúnmharaithe a fhiosrú agus a scaoileadh. Tá aon fhadhb déag le réiteach ag an chléireach caoin, iad go léir difriúil ón a chéile. Ach beireann ár laoch an bua leis i gcónaí. Ní féidir é a shárú. Téann sé go Londain, fiú, chun lámh chúnta a thabhairt don bhleachtaire clúiteach eile sin, Sherlock Holmes, agus é ag dul rite leis siúd an lámh in uachtar a fháil ar an bhithiúnach danartha sin, Professor Moriarty. I gcomparáid leis an Éireannach, is é ba oiriúnaí a thabhairt ar an Sasanach ná Sheer Luck Holmes! Ní hamháin go gcuirtear dúshlán intleachta ar an léitheoir sna scéalta seo, ach bainfidh an duine céanna spraoi astu chomh maith. Duine barrúil a bhí san fhoclóirí féin, agus is mac beo barrúil é sna scéalta seo freisin, agus é de shíor ag lorg rudaí milse len ithe, nó duine chun ispíní a bhruith don tae dó. Má bhíonn an t-ádh linn, b’fhéidir go bhfeicimid é i mbun oibre bleachtaireachta arís. Scríobh Chesterton a shraith féin de scéalta faoi Father Brown. Ón fhianaise atá romhainn anseo, tá an tAthair Ó Duinnín lán chomh hinniúil leis.
25/05/2010 15:39
30
Timire
MISE EOGHAN Lís Ní Chulainn
Dia dhaoibh, a chairde óga
Agus aimsir na scrúduithe chugainn arís. Nach mear mar a shleamhnaíonn an tEarrach uainn agus go mbímid gafa arís le páipéir scrúdaithe – scrúdú cainte agus scrúdú éisteachta, oidí crosta agus scoláirí buartha. Ní maith leis an seansagart anseo sa Choláiste aimsir na scrúduithe. Is éard adeir sé: “Má bhímid go léir réidh don scrúdú deireanach a chuirfidh Naomh Peadar orainn lá éigin, is leor sin.” Ach lean an fuadar agus an brú agus an cosc ar dhul amach faoin aer rómhinic. Ní raibh againn ach rang, staidéar, agus ansin rang arís agus staidéar.
Tinneas Capaill Agus mé i lár staidéir, chuala mé an chasachtach ón bhfeirm. Bhuail tinneas éigin ceann de chapaill feirme an Choláiste – an ceann is láidre díobh agus tháinig casachtach chrua air a bhogfadh croí cloiche. Chuala mé i lár chodladh na hoíche é agus bhí an créatúr bocht go dona. Chuaigh mé amach don stábla ag iarraidh sólás a thabhairt dó. Ach bhí sé fánach agam. Bhí a fhios agam gur cuireadh fios ar an tréidlia – duine óg cliste – ach chonaic mé na fir ag craitheadh a gceann go brónach agus chuala mé an fhochaint – seachtain eile agus bheadh orthu deireadh a chur lena shaol. Lean an chasachtach de ló agus d’oíche agus bhí mé buartha. Ní mórán m’iontaoibh as na daoine nua le céim faighte ó leabhair agus iad mantach go leor maidir le leigeas capaill. Chinn mé féin ar mo ladhar a chur isteach.
TIMIRE May.indd 30
25/05/2010 15:39
Timire
31
Cnónna Bíonn cnónna agam i gcónaí, cnó capaill, gollchnó, collchnó agus dearcán. Coimeádaim iad i bpoll éadoimhin ar imeall an ghoirt is gaire don Choláiste, áit a fhanann siad úr go leor tríd an bhliain ar fad. Amach liom i lár na hoíche agus thug mé liom dornán cnó capaill. Ghlan mé iad le ceirt agus síos liom go dtí an stábla faoi scáth an dorchadais. Mhothaigh mé mar a bheadh aisteoir i ndráma mistiúil éigin. Shiúil mé go dtí an stábla agus thairg mé na cnónna don chapall. Shlog sé siar iad láithreach agus shíl mé gur tháinig maolú ar an gcasachtach. D’fhill mé go dtí mo sheomra agus d’éist mé go géar. Ní raibh an chasachtach chomh crua, chomh scanraitheach is a bhí cheana. Tháinig uchtach chugam agus shíl mé ar an rud céanna a dhéanamh arís. Ach cad a tharlódh dá mbéarfaí orm i lár na hoíche? Ní raibh údarás ar bith agam. B’ag an tréidlia óg an chumhacht agus ag na taibléid ardnósacha le hainm fada léannta. Ach d’oibrigh mé go ciúin arís – síos liom go dtí an capall agus mála beag cnónna agam an babhta seo. Thóg an capall ina bhéal iad agus d’alp sé iad amhail is dá mba thuig sé go raibh leigheas iontu dó. Tháinig casachtach lag air, agus ansin stad de. Tharraing an capall anáil fhada agus thit a chodladh air. Níor chuala mé casachtach ar bith ar mo bhealach ar ais, ná ina dhiaidh sin. Bhí deireadh leis an gcasachtach agus ní raibh an capall i mbaol bháis a thuilleadh.
Cé a Rinne? Dhá lá ina dhiaidh sin, ghlao an sagart amach as an rang mé. “’Eoghain” ar sé, “Tá an tréidlia anseo agus tá sé á rá gur tugadh bia eile don chapall thar mar a d’ordaigh sé. Chonaic duine éigin tusa insan stábla.” “Sea” arsa mise, “Leigheas mé an chasachtach mar is ag dul in olcas a bhí sé.” Chuir an sagart an tréidlia chugam agus m’anam go raibh fáitíos orm ar feadh nóiméid nó dhó. Ach labhair sé go cneasta. “Cad a thug tú don chapall?” “Cnónna capaill” arsa mé féin, “Tá an chasachtach imithe uaidh.” “Tá” arsa an tréidlia, “Cé a thug an t-eolas sin duitse?” “Nach shin é an fáth go dtugtar ‘cnó capaill’ air” arsa mise. “Níl an t-eolas in aon leabhar” ar sé. “An bhfuil roinnt fágtha agat?” Thug mé dó a raibh fágtha agam, agus teacht an Fhómhair, beidh mé ag bailiú arís. Bhí an Sagart ag gáire. “Tuigim duit, ’Eoghain” ar sé, “ Nuair a bhíonn tú ag gearán faoi na scrúduithe. Féach gur chaith mo dhuine ceithre bliana nó níos mó ag déanamh scrúduithe agus níor chuala sé trácht riamh ar chnó capaill.” “ Léan ina cheann cipín” arsa mise agus ar ais liom go dtí an rang agus don ullmhúchán don eolas leabhair. Bíodh saoire dheas agaibh ar fad agus scríobh chugam leis na heachtraí go léir.
TIMIRE May.indd 31
25/05/2010 15:40
Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.
Intinní an Phápa Mí an Mheithimh 2010 Go ndéana gach institiúid náisiúnta agus trasnáisiúnta dícheall chun meas ar an mbeatha dhaonna a ráthú ó ghiniúint go bás le hadhairt. Mí Iúil 2010 Go ndéana Críostaithe a ndícheall chuile áit, agus go háirithe sna mórcheantair uirbeacha, leis an Oideachas, an Chóir, an Dlúthpháirtíocht agus an tSíocháin a chur chun cinn. Mí Lúnasa 2010 Go n-osclófar an doras dóibh siúd atá gan obair nó gan dídean agus go bhfaighidís cabhair phraiticiúil le cruatan an tsaoil á shárú. Mí Mheán Fómhair 2010 Go ndéana fógairt Bhriathar Dé misneach na ndaoine a athnuachan sna críocha ar bheagán forbartha, agus spreagadh a thabhairt dóibh saothrú le dícheall ar son fíordhul chun cinn sóisialta.
TIMIRE May.indd 32
25/05/2010 15:40