An Timire - Earrach 2011

Page 1

an Chroí Naofa FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

EARRACH 2011

€ 2.50/Stg£2

LAI G SEA H AN CH CH A T A DÉ INÍ RGHA L 1 IS UA TO SAI IN -4:

SAL Ain M agu t. Cuir hÉi GH e s gip adh d’fhu adh ca l c h 4 s i b h . tigh, a lain raim thú 0 0 g sé a ghló U i m e g u s c is é . o ar á r Chrío r t r so h a r agus c s i n m á n a s m a n. T st an T l ra n o gh a í leit i éan h l i g c i n í o c le mo c é i l l e a n t h ó g m am arna OM h h h B M a n si é li onr ag , ó gus eid AID AN bhu h sibh ir is li o léir, adh be bh do om IN teaf N l c h i r o a 1 l a b h n á i s i ú a g a m s m s a a i m o s dhh sib m o htai in, sail 5 2 - 1 5 a in heil h n co n d róid ma n I. 4 b h s se, omh isric bhu h tú gus ullm e a r t le c ar n a he. cain ríoc h FRE l r S a S t h i i n f eac ait t sa c as n ia HA ad. n Io Eise A G R A h g R D d an t s a r n rt nAt tain ael. a br Salt Eax É ha F. A an a sh G E A iath , in air S R a . 19 t ra a eac ir tru V. A huair orfaidh R bh h : 4 - 6 aSpring_2011.indd 1 níl a t a i n 3 f é i n TIMIRE gus sinn 02/02/2011 16:16 F. on ón a ó

Comorádh 100 bliain an Timire 1911-2011


2

Timire

Eagarfhocal Tá cara de mo chuid a bhfuil fadhbanna sách mór aici. Tá a clann mhac iompaithe ina coinne agus ní thuigeann sí cén fáth. Bean mhaith ionraic atá inti agus tá sí ag guí Dé an t-am ar fad comhartha a thabhairt di; cad é is cóir di a rá nó a dhéanamh? Tá sí ag iarraidh éisteacht le glór Dé ach mothaíonn sí nach bhfuil ann ach ciúnas go dtí seo. Fós féin tuigeann sí gur féidir go bhfuil fírinne Dé á nochtadh di sa phróiseas chiotach dheacair a bhfuil sé ag maireachtáil tríd. Cuireann beirt mhac, atá fásta suas anois, an milleán uirthi ina gcuid deacrachtaí pearsanta féin. Tá an cathú ann neamhaird a dhéanamh dá mic agus iad a fhágáil go dtí go bhfása siad suas. (Ní dócha go bhfuil Dia le fáil an bealach sin!) Creideann mo chara go mbeidh Dia i láthair agus ceachtanna le foghlaim aici má théann sí i ngleic leis na fadhbanna go foighdeach carthanach, cé nach dtuigeann sí na gearáin a dhéantar ina coinne. B’fhéidir go bhfoghlaimeodh sí rudaí fúithí féin nach bhfaca sí cheana. Ar dhóigheanna éagsúla tá an Eaglais in Éirinn in aimhréidh faoi láthair díreach mar atá teaghlach mo charad. Is é an réiteach atá ar an scéal éisteacht le chéile; easpaig, sagairt, pobal agus lucht na beatha rialta, go foighdeach carthanach. Tá neart gearán ann agus milleán á chur ach níl comhrá ann mar is ceart. Tá gá le próiseas éisteachta agus comhrá ag gach aon leibhéal; paróiste, deoise agus eile, ach é a bheith foighdeach carthanach. Alan Mac Eochagáin SJ

An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE Spring_2011.indd 2

02/02/2011 16:16


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Rúin agus Rúin

Aoife Ní Néill

6

Solas agus Sólás

8

Briseann an Dóchas amach

10

Trí bhithin chraobhscaoileadh an tsoiscéil

12

Na Meáin Chumarsáide

14

Tuar Dóchais Dhílseacht na gCreidmheach An tAth. Seán Ó Cearbhalláin

17

Dán

18

Dul i bplé le beannaitheacht an duine eile

22

Des Hommes et Des Dieux

Micheál Ó Cróinín

24

An Dóchas agus an tUileloscadh

Pól Ó Dochartaigh

26

Im Leabharlann Dom

30

Mise Eoghan

An tAth. Shay Cullen An tAth. Frainc Mac Brádaigh SJ An tAth. John O’Keeffe Antaine Mac Donncha Liam Prút Joe Mac Donagh

Séan de Fréine

Ar dheis Dé:

Micheál Ó Conchúir, Carmel Ní Uiteacháin, An tSr Éanna (Ursula), An tSr Seosamh Eammanuel (Phil Nic Liam).

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.

Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB

Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 442 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Eanáir 2011

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.

TIMIRE Spring_2011.indd 3

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E2.50 / Stg£2 Go ceann bliana: E10 / Stg£8 Seiceanna iníoctha leis An Timire

Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138

Dearadh: Messenger Publications Design Department

Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

02/02/2011 16:16


4

Timire

Rúin agus Rúin Aoife Ní Néill Sa bhliain 1948 a bunaíodh ECLAC (Economic Commission for Latin America and the Caribbean), eagraíocht eacnamaíochta a fhéachann leis an gcomhoibriú a chur chun cinn i measc bhallstáit an réigiúin. Dar leis an gcoimisiún sin go bhfuil níos mó den easpa ionannais le feiceáil i Meiriceá Laidine ná i gceantar ar bith eile ar domhan. ‘Ríocht na héagothroime’ a thugtar mar leasainm ar an réigiún ina iomláine. Is é an bochtannas atá chun tosaigh ann agus is bochtannas ó ghlúin go glúin é. Is amhlaidh fós nach mbíonn cead isteach ag an mbochtán sna hinstitiúidí druidte sin ar bunaíodh iad aimsir na cóilíneachta. Ní bhíonn cara sa chúirt, sa saol polaitiúil etc ag an mbochtán. Is minic a chualas nath spáinnise ó chairde liom is mé ar cuairt acu: ‘Is cumhachtach an boc é an t-airgead’.

TIMIRE Spring_2011.indd 4

Ní cumhachtach formhór na ndaoine i Meiriceá Laidine. Is mór an chonstaic cúrsaí cine, craicinn, chúlra tuaithe nó a ghnéas féin don té a theastódh éisteacht uaidh. Is mór idir a d(h)eis-sean agus deis a bhráthar fhirinn, ghil, chathrúil. An deicíl is saibhre i Meiriceá Laidine, is iadsan a thuilleann 48% d’ioncam iomlán an réigiúin. Ní thugann an deicíl is boichte ach 1.6 de leo. Le blianta anuas, táthar ag féachaint le deireadh a chur leis an mbearna, áfach. Tá an-mholadh ag cairde liom do thrí chlár faoi leith: Progresa Oportunidades (Meicsiceo), Bolsa Escola (An Bhrasaíl) agus Chile Solidario (An tSile). Cuireann na cláir sin airgead ar fáil do theaghlaigh bhochta agus é le tuiscint go ndéanfaidís infheistíocht in oideachas agus i sláinte a gclann. Is mian le lucht na gclár stop a chur leis an gciorcal fí agus féachaint chuige nach mbeadh an dealús gan dóchas mar oidhreacht ag chuile dhuine óg de

02/02/2011 16:16


Timire

bhunú an bhochtannais. Feictear antoradh ar a gcuid iarrachtaí. Ní hamháin go bhfuil na daoine óga ag freastal ar an scoil agus iad ag cloí léi, ach tá feabhas an-mhór tagtha ar a sláinte. Is é an cuimsiú sóisialta atá mar aidhm ag na cláir cheannródaíocha seo agus é mar aidhm acu críoch a chur le leasainm an réigiúin. Ríocht úr atá á tógáil acu céim ar chéim. Cuimhnítear gur Caitlicigh is ea c. 71% den phobal. Na cairde atá agamsa, dhéarfaidís gurb é Dia féin a threoraigh tríd an ainnise iad. Duine amháin acu, tá sé an-dúthrachtach agus is deacair leis cur suas le leathshuim, gan trácht ar chaint san aer chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí creidimh. Anseo in Éirinn.

5

Thug sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath mar go bhfuil an-suim aige i gcúrsaí litríochta agus gur theastaigh uaidh Spáinnnis a chur ar fhilíocht Hartnett. Bhain ‘neamhchráifeacht’ na gCaitliceach an taobh seo tíre siar as. Tagann an-cheann faoi orm ag éisteacht leis. Guím go mbeadh náisiúin Mheiriceá Laidine dílis do bhriathar Dé agus go mbeadh an chothroime, an ceartas sóisialta agus an tsíocháin á gcleachtadh acu go fial ach guím leis, go mbeadh an rud céanna fíor fúinn féin agus faoi mhuintir na hEorpa i gcoitinne, go háirithe sna míonna éidreomhara atá romhainn amach. Is mac léinn í Aoife Ní Neill.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí an Mhárta 2011 Go mbeadh náisiúin Mheiriceá Laidine dílis do bhriathar Dé agus go mbeadh an chothroime, an ceartas sóisialta agus an tsíocháin á gcleachtadh acu go fial.

TIMIRE Spring_2011.indd 5

02/02/2011 16:16


6

Timire

Tá gá le solas agus neart an Spioraid Naoimh

An tAth. Shay Cullen

Tá taithí ag muintir na hÉireann ar fhoréigean seicteach. Ó 1960 ar aghaidh maraíodh os cionn trí mhíle duine i dTuaisceart Éireann de bharr easaontais pholaitiúil agus seicteachais idir Protastúnaigh agus Caitlicigh. Tháinig deireadh leis an ré sin in 1998

TIMIRE Spring_2011.indd 6

le Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá na créachtaí fós á leigheas. Nuair a ghuigh an Pápa Beinidict ‘Go dtuga an Spiorad Naomh solas agus neart do na pobail Chríostaí atá faoi ghéarleanúint nó faoi leatrom de bharr an tSoiscéil’, bhí ar intinn aige gan dabht na Críostaithe atá faoi ionsaí ag míleataigh Ioslamacha de bharr a gcreidimh. Lá Nollag seo caite, phléasc buama i séipéal an Chroí Ró-Naofa i gceantar Sulu, Mindanao na nOileán Filipíneach, ag gortú aon duine dhéag. Cháin an tEaspag Cúnta Jose Colin Bagaforo an t-uafás agus d’iarr sé ar Chríostaithe agus ar Mhuslamaigh oibriú le chéile ar son síochána i gceantar atá

02/02/2011 16:16


Timire réabtha le fada le foréigean. ‘Agus muid ag cáineadh na buamála gan chiall de Chríostaithe neamhurcóideacha, ba mhaith linn teachtaireacht síochána agus dóchais a sheoladh chuig daoine de gach cineál cultúir agus traidisiúin’ a dúirt an tEaspag Antonio Ledesma. Tá an Eaglais Chaitliceach ag tabhairt le fios go láidir gur mhaith leo comhphlé agus teagmháil a bheith acu leis na Moslamaigh ar mhaithe le síocháin bhuan in Mindanao. Tá an chuid is mó de na hionsaithe ar eaglaisí curtha i gcrích ag grúpa-mílitea antoisceach agus ba mhór an trua é eagla agus claontacht a spreagadh i gcoinne na Moslamach ar fad, pobal atá den chuid is mó síochánta agus deabhóideach. Meastar gur grúpa Ioslamach antoisceach darb ainm Abu Sayyaf ba chúis leis an mbuamáil Lá Nollag agus go bhfuil baint acu le al-Qaida. Tá Críostaithe faoi ionsaí láidir tríd an Mheánoirthear ar fad. Mí Eanáir na bliana seo, maraíodh aon Chríostaí is fiche de bharr buamadóra fhéinmharaithe, agus iad ag bualadh le chéile do cheiliúradh Coptach na Nollag. Baineadh geit as an náisiún ar fad. Chónaigh Críostaithe agus Muslamaigh le chéile go síochánta le fada an lá ach le blianta beaga anuas tá grúpaí antoisceacha ag feidhmiú. ‘Cloisim go minic go bhfuil seans ann gurb é seo an chéad cheann de shraith ionsaithe, ag cur cuma na hIaráice ar an Éigipt’, a dúirt urlabhraí ar son an Phríomh ‘Mufti’ Ali Gomaa, an t-oifigeach reiligúnach is airde san Éigipt. ‘Tá cúrsaí ag athrú go mór agus is gá tabhairt faoin seicteachas’ a dúirt

7

an New York Times ar 7ú Eanáir. San Iaráic féin tá na mílte Críostaithe ag teitheadh ón tír le blianta beaga anuas. Ach mhéadaigh ar an teitheadh i ndiaidh léigir ar eaglais Chaitliceach, Muire an tSlánaithe, in Bagdad nuair a maraíodh beirt sagart agus aon Chríostaí is caoga de bharr ionsaithe ag mílíste (Militia) le gránáidí (grenades). Cleachtann na hionsaitheoirí cineál antoisceach d’Ioslam. Pé áit a tharlaíonn achrann seicteach tá gá le guí ar son na ndaoine a fhulaingíonn dá bharr agus caithfimid tacaíocht agus misneach a thabhairt dóibh. Ach ná ligimis don fhuath nó don díoltas greim a fháil orainn. Caithfimid an chóir a lorg agus deireadh a chur le gníomhartha an oilc agus na géarleanúna trí oibriú domhanda síochánta. In ainneoin chomh deacair is atá sé, caithfidh Críostaithe tuiscint a lorg ar na gníomhartha foréigin agus ar an gcogadh a chleachtann na Jihadi Ioslamacha. Breathnaíonn siad siúd orthu féin mar laochra naofa ag troid ar son cineáil cleachtais reiligúnach fíorghlan. Cáineann siad Sochaí an Iarthair mar phobal ábharach, leatromach, gan Dia. Déanann siad ionsaí ar réimis Ioslamacha a mheasann siad a bheith saolta, ag leanúint nósanna an Iarthair nó atá i gcoinne a seicte Ioslamaí féin. Tá an luí seo le sceimhlitheoireacht mícheart. Tá géarghá le neart spioradálta chun oibriú ar son na síochána agus chun réitigh chearta a chur ar fáil d’fhadhbanna an bhochtanais agus na héagóra. Is sagart Misinéireachta Caitlicí as Baile Átha Cliath é an tAth. Shay Cullen

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí an Mhárta 2011 Go dtuga an Spiorad Naomh solas agus neart do na pobail Chríostaí atá faoi ghéarleanúint nó faoi leatrom de bharr an tSoiscéil’

TIMIRE Spring_2011.indd 7

02/02/2011 16:16


8

Timire

Briseann an Dóchas amach

Frainc Mac Brádaigh SJ

I bPríosún Luimnigh, siar i lár na n-óchtóidí a casadh ‘An Ceallach Nic A..’ orm don chéad uair. Bhí mé ag tabhairt cúirt ar phríosúnach mná eile an lá sin. Is i ngeall go raibh mé ag obair le drugóirí Bhaile Átha Cliath ag an am a d’iarr mo chara orm focal a bheith agam leis an gCeallach. Is comhartha na huaisleachta uaimse an t-ainm cleite ‘An Ceallach’. Agus ba duine uasal í. Ní ba uasal de na

TIMIRE Spring_2011.indd 8

h-uaisle Gaelacha ná uasal de huaisle na Sean Ghall í, ach uasal de drugóirí na Cathrach! Bhí sí sa phríosún i ngeall gur ghlac sí ciontacht choir a ba chirte a thitim ar dhuine de na mangairí móra agus bhí a téarma beagnach curtha isteach aici. Ní i ngeall ar ghlacadh leis an gciontacht sin a bhaistim Uasal uirthi mar is riall dhocht i measc na haicme sin go nglacann an t-íochtarán le ciontacht as coir is nach sceitheann riamh ar an mangaire ceannasach. Tugaim Uasal uirthi mar go raibh an cháilíocht sin aici ó nádúr. Ba bhean í a bhí go maith amach sna ceathrachaidí faoin am sin, bean a raibh blianta caite aici le handúlaíocht drugaí, seanshondúir de dhrugóir! Bhí dúil ag ‘An Ceallach’ tús nua a chur lena saol agus shíl mo chara

02/02/2011 16:16


Timire go bhféadfainn cabhrú léi. Saonta go maith, b’fhéidir, bhí mise lán réidh lámh chuidithe a thairiscint di. Ní hé nach raibh sí lán dáiríre. Bhí go deimhin. Labhair muid le chéile cúpla geábh sa phríosún sul má scaoileadh saor í. Go gairid tar éis di bheith amuigh tháinig sí chugainn san ionad a bhí againn le haghaidh dhrugóirí i lár na cathrach. Faraoir, faoin am sin, bhí sí gafa arís ag an andúilíocht agus í ag lorg cabhrach uainn a saoirse a fháil ar ais tré détocsúchán a dhéanamh. Ag an am ní raibh na seirbhísí ann atá ar fáil do dhrugóirí anois agus thriail muid cabhrú léi greim na handúlaíochta a scaoileadh le cabhair dochtúra hómeopatach agus a chuid cógas. Tobstaonadh crua a bhí ann ach ó ba bhean cheannasach, cheanndána í d’éirigh léi ar a bealach féin. Bhíodh sí ag freastal go rialta ar an ionad buail-isteach a bhí againn i lár na cathrach, áit a raibh sé de riall, leagtha síos ag na drugóirí féin, nach dtagadh aon duine a bhí ag úsáid isteach agus iad faoi thionchar na ndrugaí. Ach níl a fhios agam ar éirigh léi ariamh greim na ndrugaí uirthi a scaoileadh go hiomlán. D’admhaigh sí liom, lá, go raibh a dúil in úsáid na snáthaide, chomh láidir sin gur chuir sí steallaire lán le huisce isteach i gcuisle léi, uair amháin, leis an dúil fhianta a mhaolú. Cuireadh ina leith, uair eile, go raibh sí ag mangaireacht arís. Chuaigh sí os comhair cheann de chúirteanna sin an phobail a cuireadh ar bun sna hochtóidí le mangaireacht a stopadh. Sheas sí an fód, chuir sí ina luí ar phobal na háite bailithe san halla gur i ngeall go raibh sí éirithe as úsáid na ndrugaí a bhíodh an

9

oiread sin drugóirí isteach is amach as an árasán aici agus iad ag lorg cabhrach uaithi. Níl a fhios agam ar creideadh go hiomlán í ach scaoileadh léi. Fuair sí bás de bharr ródháileog drugaí roimh dheireadh na n’ochtóidí, san áit a d’úsáid sí arís den uair deireanach agus gan aon chomhfhulaingt ag a corp don hearóin sa steallaire. Bhí go leor de dhrugóirí na cathrach ag a sochraid agus ómós acu don iarracht a bhí déanta aici conair nua a shiúil, conair a thabharsadh misneach dóibh, dream daoine a raibh mórán gach cúis mhisnigh crosta orthu ariamh go dtí sin. Níor fhill ‘An Ceallach’ ar chleachtadh traidisiúnta na hEaglaise riamh. Níor shíl sí go mbeadh glacadh léi. Ní aithneodh sí aon chuid dá saol, aon chúnamh dar thug sí dá comhdhrugóirí, ná aon chéim dar ghlac sí chun saoirse phearsanta a fháil ar a andúilíocht mar fhógairt Dheáscéal Íosa. Ach ba bhean í a d’fhógair a dóchas agus a dúil i mbeatha dhaonna saor ó chuibhreacha na handúilíochta do gach uile duine dá d’aicme a thug aird uirthi. Ba chríostaí í, ar a bealach féin. An féidir linne a leithéid de shaol, a raibh teip ‘fhollasach’ mar dheireadh air, a thuiscint mar fhógairt inchreidte ar Dheáscéal Íosa? Nó cé na cáilíochtaí a theastaíonn le gur féidir a rá go bhfuil fógraíocht an Deáscéil, ag duine nó ag Pobal Dé, inchreidte? Is as Cill Mhantáin do Frainc Mac Brádaigh. Is Íosanach é agus tá leabhar foilsithe aige le déanaí: Cá Bhfuil Walsingham? The Fumbles of our Funny God.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí Aibreáin 2011 Tré fhógairt an Deáscéil ar bhealach inchreidte, go dtuga Pobal Dé, i gcónaí is go síoraí, údair dóchais as an bheatha dhaonna do ghlúnta óga ag fás aníos.

TIMIRE Spring_2011.indd 9

02/02/2011 16:16


10

Timire

Trí bhithin chraobhscaoileadh an tsoiscéil An tAthair John O’Keeffe ‘Trí bhithin chraobhscaoileadh an tsoiscéil, go n-éirí leis na misinéirí Críost a thabhairt do gach duine nach bhfuil aithne acu air.’ Nuair a smaoinímid ar intinn mhiseanach seo an Phápa do Mhí Aibreáin 2011, ní mór dúinn ár n-aigne a dhíriú ar an domhan ar an leibhéal idirnáisiúnta. Toisc go bhfuil an-chaint agus díospóireacht ar siúl na laethanta seo ar mhéadú agus ar thionchar an domhain Mhoslamaigh, ní mór don Eaglais craobhscaoileadh a dhéanamh as an nua ar bheatha agus ar Shoiscéal Íosa Críost. Breathnaíonn na Moslamaigh orainne, muintir na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, mar dhaoine atá le sábháil. Mura nglacaimid le Machmad mar fháidh oifigiúil Dé, táimid caillte; ni fheicfimid go deo aghaidh Dé. Is é Machmad an fáidh atá oifigiúil mar thoscaire Dé. Níl in Íosa Críost agus a lucht leanúna ach dream nach bhfuil dílis, agus mar sin is dream iad nach bhfeicfidh go deo radharc ar Dhia. Tá coimhlint ar siúl faoi láthair idir craobhscaoileadh an chreidimh Mhoslamaigh agus craobhscaoileadh an chreidimh Chaitlicigh Rómhánaigh. Anseo san Eoraip, tá dul chun cinn an-mhór ar fad á dhéanamh ag an gcreideamh Moslamach. Tá moscanna á dtógáil ag na Moslamaigh i mórán cathracha agus bailte ar fud na hEorpa. Buíochas le Dia, tá cairdeas ar leibhéal daonna leis na Moslamaigh agus na Caitlicigh Rómhánacha in an-chuid áiteanna san Eoraip agus lasmuigh den

TIMIRE Spring_2011.indd 10

Eoraip. Mar shampla, tá cairdeas anmhaith idir na Proinsiasaigh sa Talamh Naofa agus na Moslamaigh. I roinnt mhaith cathracha ar fud na hEorpa agus ar fud an Mheánoirthir, tá meas agus grá daonna idir na Caitlicigh agus na Moslamaigh. Ta an Eaglais Chaitliceach Rómhánach buartha go bhfuil líon maith Caitliceach tar éis an Eaglais Chaitliceach a fhágáil. Ní hamháin go bhfuil foirgnimh tréigthe, tá daoine anois a bhí baistithe ina gCaitlicigh atá tar éis gníomh creidimh a dhéanamh i Machmad mar thoscaire Dé, mar ghuth Dé don domhan seo, san bhlain 2011. Is dócha go mbeadh sé fíor a rá go bhfuil aithne ag roinnt mhaith againn ar dhaoine a bhí uair amhain ina gCaitlicigh Rómhánacha atá anois ina Moslamaigh, daoine ná glacann a thuilleadh le hÍosa Críost mar thoscaire Dé , mar Mhac Dé. Tá súil ag an bPápa go n-éireoidh le misinéirí ar fud an domhain eolas ar Chríost a thabhairt do dhaoine ná fuil aithne acu ar Chríost mar Mhac Dé agus mar ár Slánaitheoir. Rud tábhachtach a tharla i Mí Mheán Fómhair an bhliain seo caite ná bunú coimisiún speisialta ar ar tugadh Pontificio Consiglio per la Nuova Evangelizzazione, sé sin, Coimisún speisialta a bhfuil sé de chuspóir ag baill an Chomisiúin an Soiscéal a chraobhscaoileadh i slí a rachaidh i bhfeidhm ins an bhliain seo 2011 agus ins na blianta atá romhainn. Ní rabhamar ach tagtha isteach sa bhliain nua nuair a thogh an Papa Beinidict XVI an-chuid ball don Choimisiún nua seo. Ní inné ná inniu atá suim ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach san Soiscéal a

02/02/2011 16:16


Timire chaobhscaoileadh as an nua. Mhínigh an Papa Eoin XXIII nach bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar an ngníomh creidimh atá againn, ach go bhfuil sé riachtanach módhanna nua a fháil agus a chruthú i dtreo is go n-éireoidh leis an Eaglais teagmháil a dhéanamh leis na daoine, go háirithe leis an nglúin óg. Ní mór don Eaglais, a dúirt an Pápa Beinidict, a bheith ina solas do mhuintir an lae inniu, go háirithe do na daoine óga. Deireann an Pápa gur misinéirí sinn i gcónaí: ní thagann críoch riamh le craobhscaoileadh an chreidimh. Tá glaoch á chur ar an Eaglais na laethanta seo craobhscaoileadh as an nua a dhéanamh ar Shoiscéal Chríost, ní hamháin mar chabhair do dhaoine ná creideann, ach freisin dúinne a chreideann. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún nua seo tosú san Eoraip le craobhscaoileadh nó le hathchraobhscaoileadh an chreidimh. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún pleananna a dhéanamh an Soiscéal a ath-chraobhscaoileadh do mhuintir na hEorpa a bhi uair amháin gníomhach mar bhaill den Eaglais Chaitliceach. Déanfar teagmháil leis na gluaiseachtaí eaglasta éagsúla atá gníomhach, chun comhoibriú a chur ar bun idir na gluaiseachtaí seo agus na daoine atá ar an gCoimisiún nua. Tá sé riachtanach go mbeimis ag teacht le chéile, ag obair le chéile, ag éisteacht leis an Spiorad Naomh a chabhróidh leis an gCoimisiún Nua atá bunaithe do chaobhscaoileadh an tSoiscéil san Eoraip sa bhliain seo 2011. Is féidir le gach duine againn a pháirt féin a ghlacadh, mar tá bronntanais speisialta

11

faighte ag gach duine againn chun go gcuirfimis i bhfeidhm craobhscaoileadh nua an chreidimh ins na blianta atá romhainn. Tá ionadaí an Phápa ar an gCoimisiún nua seo ag taisteal ar fud an domhain, ag déanamh teagmháil le hEaspaig agus le hionadaithe éagsúla na ngluaiseachtaí uile ar fud an domhain a bhfuil obair chraobhscaoileadh an chreidimh ar bun acu. Tá súil ag uachtarán an Choimisiúin, an tArdeaspag Rino Fisichella, aontacht a chruthú idir na gluaiseachtaí éagsúla

a bhfuil craobhscaoileadh an chreidimh idir lámha acu: ‘Ós é Críost, a chuir an tAthair uaidh, is tús agus foinse d’aspalacht na hEaglaise ar fad, is léir go mbraitheann torthúlacht na haspalachta sin, cé acu ag ministrí oirnithe nó ag tuataigh, ar aontacht a mbeatha le Críost.’( Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, uimh. 864) Tá an tAth.O Keeffe lonnaithe sa Róimh

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Aibreáin 2011 Trí bhithin chraobhscaoileadh an tsoiscéil, go n-éirí leis na misinéirí Críost a thabhairt do gach duine nach bhfuil aithne aige air.

TIMIRE Spring_2011.indd 11

02/02/2011 16:16


12

Timire

Na Meáin Chumarsáide

Antaine Mac Donncha Tír a meastar a bheith liobrálach in a lán bealaí is ea an Fhrainc, ach tá ar a laghad gné amháin de shaol na tíre sin

TIMIRE Spring_2011.indd 12

atá coimeádach go maith le hais tíortha eile – a mhéid a cheadaíonn an dlí do na meáin tuairisciú ar shaol an tsaoránaigh. Cé go gcintíonn bunreacht na Fraince saoirse an phreasa, glacann an pobal

02/02/2011 16:16


Timire leis - daoine cáiliúla, fiú amháin - go dtugann an dlí cosaint áirithe dóibh nuair a fhéachann na meáin lena ladar a chur isteach. A mhalairt atá fíor i dtíortha eile, gan amhras. Tá cáil ar nuachtáin áirithe Shasanacha ní amháin as príobháideachas an tsaoránaigh anaithnid agus an réalta mhóir araon a shárú, ach de bhrí nach leasc leo bréaga a chumadh chun teacht ar scéalta. Ní fada ó shin a bhí ar stiúrthóir cumarsáide chomhrialtas Shasana éirí as, mar gheall ar an mbaint a bhí aige, agus é ina eagarthóir ar an News of the World, le cúléisteacht mhídhleathach a dhéanamh le gutháin phearsanta, gutháin pholaiteoirí sinsearacha ina measc. Cé go bhfuil caighdeán na meán in Éirinn sách ard i gcónaí ón taobh sin de, níl siad saor ó locht, ach an oiread. De réir mar a cheannaíonn comhlachtaí móra idirnáisiúnta nuachtáin, stáisiúin teilifíse is raidió agus seirbhísí nuachta idirlín, scaipeann cleachtais nua ar fud an domhain. Ní fada ó shin gurbh é an Evening Herald an t-aon nuachtán ‘tablóideach’ a bhí sa tír seo, ach cur síos a bhí san fhocal sin ar chrot cearnógach an pháipéir níos mó ná na luachanna nuachta a bhí ag na heagarthóirí agus na húinéirí. Idir an dá linn thosaigh nuachtáin Shasanacha ar nós an Sunday Times ag díriú eagráin speisialta ar mhargadh na hÉireann. Bhíodh cuid de na scéalta bainteach le hÉirinn, ach ba léir nach in Éirinn a scríobhadh iad ó thagairtí do ‘the Irish Prime Minister’ agus a leithéid. Ba ghearr ina dhiaidh sin go bhfacthas leaganacha ‘Éireannacha’ de

13

na tablóideacha cáiliúla míchlúiteacha, an Star agus an Sun abhus. Go deimhin, maíonn cuid de na páipéir sin anois gur fíornuachtáin Éireannacha iad, de bhrí go bhfuil siad ceannaithe ag nuachtáin eile atá seanbhunaithe sa tír seo, gur in Éirinn atá a n-oifigí agus gur iriseoirí Éireannacha atá fostaithe acu. Agus is scéalta Éireannacha den chuid is mó a chlúdaíonn siad, idir phríomhscéalta agus mhionscéalta. Cé nach féidir a mhaíomh gur thar tír isteach a thagann gach donas agus nach bhfuil aon locht orainn féin, is léir gur cleachtais nua cuid de na nósanna a bhíonn ag nuachtáin áirithe. Táthar ag cur suime as cuimse anois i saol pearsanta daoine agus bíonn comhthuiscint agus trócaire in easnamh go minic. Seachas tuairisc a thabhairt ar fhíricí an scéil a bhíonn le hinsint, bítear ag iarraidh mothúcháin an léitheora a spreagadh agus tionchar a imirt ar thuairimíocht. Ar chlúdach páipéir amháin cúpla mí ó shin mar shampla, foilsíodh grianghraf de bhaintreach duine mór le rá agus í ag fágáil a tí, agus míníodh san fhotheideal gur ag iarraidh éalú ó na grianghrafadóirí a bhí sí, faoi mar ba ghnáthrud é sin, gan an íoróin dhóite a bhí ann a bheith tugtha faoi deara, ba léir! Mar a thaispeáin an méid a tharla sa saol polaitiúil le déanaí, féadann deis chun feabhsaithe teacht aníos am ar bith. Ní gá glacadh leis go bhfuil cead gan srian ag na meáin chun dínit phríobháideach an duine. Is mac léinn iarchéime é Antaine Mac Donncha

Intinn Choitianta an Phápa do mhí Bealtaine 2011 Go raibh meas i gcónaí ag daoine a oibríonn sna meáin chumarsáide ar an bhfírinne, ar an dlúthpháirtíocht agus ar dhínit an uile dhuine.

TIMIRE Spring_2011.indd 13

02/02/2011 16:16


14

Timire

Tuar Dóchas Dhílseacht na gCreidmheach

An tAth. Seán Ó Cearbhalláin Fadhb fhadtréimhseach í staid na hEaglaise sa tSín. Fadhb í a bhfuil a lán gnéithe ag baint léi, gné na polaitíochta, gné na staire, gnéithe áirithe daonna, gné na taidhleoireachta, gné na cumarsáide agus aroile. Tá a lán focheisteanna eile

TIMIRE Spring_2011.indd 14

ann: ceist choibhneas na Vatacáine leis an Téaváin, ceist na hEaglaise sa Téaváin, ceist shíorbhunúsach fá dtaobh de chearta daonna don uile dhuine a bhful suim agus páirt aige i ndán agus i dtodhchaí na tíre móire ársa seo. A bhuí le Dia nach bhfuil gné an chreidimh ann: is dílis don Phápa, don

02/02/2011 16:16


Timire

Eaglais agus don chreideamh iad a bhformhór, na Caitlicigh oifigiúla agus iad atá “faoi thalamh” mar a deirimid. Dá bhrí sin, caithfidmid bheith cúramach faoin dóigh a thuigimid dílseacht don Soiscéal sa chás seo. Ó thaobh an chreidimh de, tá siad a bhfórmhór dílis don soiscéal leis na blianta dorcha

TIMIRE Spring_2011.indd 15

15

anuas ó tháinig an Páirtí Cumannach i réim. Ach de bharr na polaitíochta, tháing scoilt idir muintir na eaglaise oscailte agus an mhuintir arb ansa leo a ndílseacht a dhearbhú in eaglais rúnda faoi thalamh. Is mór an trua go bhfuil an scoilt sin iontach searbh in áiteanna, agus mar sin is doiligh iad a thabhairt

02/02/2011 16:16


16

Timire

le chéile nuair is pianmhar géar go fóill iad cneácha na staire agus cuimhní an bhraith. Is é a scríobh an Pápa i litir chun na hEagalise sa tSín roinnt blianta ó shin: Is é bealach an athmhuintearais an t-aon bhealach amháin chun an tsuaimhnis, na haontachta agus na cneasachta. Deireadh an tArd-Easpag Dominic Tang, a chaith na blianta sa phríosún de bharr a dhílseachta, nár chóir dúinn caint faoi “Eaglais Thírghrách” ach faoi Chomhaltas Tírghrách na hEaglaise Caitlicí. B’fhíor dó, mar sin é an teideal a thugann Rialtas na Síne ar an eagras a mbaineann siad feidhm as leis an Eaglais Chaitliceach a choinneáil faoi smacht. Níor theastaigh ón rialtas Eaglais nua a chur ar bun, Eaglais náisiúnta, mar a tharla i dtíortha eile, aimsir Luther. B´fhéidir gurbh é ba bhun leis an smaoineamh sin nach mbeadh tairbhe ar bith le heaglais mar sin agus go dteipfeadh ar iarracht den tsórt. Theastaigh uathu leanúint leis an Eaglais Chaitliceach ach í bheith faoi cheannas an Rialtais. Mar sin de, ní ceist éacúiméineach atá ann nuair a labraimid faoi fhás san aontacht, ach aontacht idir dhá chomhthionól Chaitliceacha, ceann acu a chloíos leis an Chomhaltas Tírghrách mar mheán maireachtála agus oibre, agus comhthionól eile “faoi thalamh”. Tá an tSín chomh mór leathan sin mar thír go bhfuil gné eile de cheist shaoirse na heaglaise ann, mar atá ceist na tíreolaíochta! Is féidir leis an rialtas i mBeijing polasaí amháin a reachtáil mar dhlí, mar shampla polasaí shaoirse an chreidimh. Ach ní hionann sin is a rá go nglacann gach oifigeach (cadre)

amuigh faoin tuath leis an pholasaí sin nó go bhfuil a fhios aige go bhfuil a leithéid de pholasaí ann in aon chor. Is ionann an cás freisin do chraobhacha an Pháirtí Chumannaigh sna ceantair i bhfad ó Bheijing. Bíonn tionchar ag a lán mothúchán ar radharc agus ar ghníomhaíocht na n-oifigeach uilig: éad, eagla, saint, naimhdeas, faltanas, cuthach. An té a bhfuil gaois an tsaoil aige, tuigfidh sé go mbíonn an ghné sin dhaonna i gceist i gcónaí nuair a bhíonn ceist na polaitíochta ann, rud atá fíor i mBeijing féin. Cinntíonn an rialtas polasaí agus i measc na dtuataí toradh eile a thagas air. Má éiríonn le rialtas na Síne agus an Vatacáin ceist na hEaglaise a réiteach, beidh roint mhaith daoine as obair: ní beidh an Comhaltas Tírghrách ann feasta ná an stadas agus an chumhacht a bhaineas leis. Tá sin soiléir i gcás an tseanduine atá i mbun an Chomhaltais i mBeijing. Deir sé gur Caitliceach é ach is cuma cén treo a dtéann an Rialtas le fadhb na hEaglaise a reiteach, rachaidh seisean, dá dheoin nó dá aineoinn bealach eile, agus is cinnte go mbeidh sé ina staic don aontas agus do réiteacht na faidhbe fhad a mhaireas sé. Sin duine amháin ach tá a lán daoine eile mar eisean ann. Mar sin de, ní furasta an cheist í aontacht na hEaglaise sa tSín, ach tá na Caitlicigh iontach dílis agus sin an tuar dóchais is mó: tuilleann siad uilig ár n-urnaí tacaíochta. Is treise grásta Dé ná scéiméireach na ndaoine. Is Íosánach é Seán Ó Cearbhalláin agus cónaí air in Hong Kong le fada

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Bealtaine 2011 Go ndeonaí an Tiarna ar an eaglais sa tSín an cumas chun coinneáil lena dílseacht don Soiscéal agus chun fás san aontacht.

TIMIRE Spring_2011.indd 16

02/02/2011 16:16


Timire

17

Dán Liam Prút

Ní chreideann sibh i nDia! Ní bheadh sibh chomh saonta is go gcreidfeadh sibh i nDia; tá sibh ann roimhe sin: pé saghas é ní rómhaith a dhein sé a chúram. Ní chreideann sibh ann ach creideann sibh sa duine? Tá an duine ann ó aois na gcat, is a rian ar an saol. Sin a bhfuil de Dhia ann — an duine! Agus tar éis an tsaoil, séard is duine ann tú féin.

TIMIRE Spring_2011.indd 17

02/02/2011 16:16


18

Timire

Dul i bplé le beannaitheacht an duine eile : Carol Wojtyla agus Mikhail Bakhtin Joe Mac Donagh

‘Má léimid le cúram na scéalta i nGeineasas faoi chruthú an domhain daonna, fecimid go mbraitheann bláthú daoine duine ar a gcumas chun a bhféiniúlacht a thabhairt do dhaoine eile, seachas í a choinneáil acu féin. Sainchomhartha den mhórfhírinne mhorálta sin is ea an comhbhronnadh dá chéile is féidir linn a dhéanamh san ghrá gnéasach de bhrí go bhfuilimid inchollaithe mar fhireanna agus baineanna.’ (Weigel: 338, Witness to Hope) San alt gairid seo ba mhaith liom roinnt chomparáidí a dhéanamh idir saothar fealsúnach an Phápa Eoin Pól II agus saothar Mikhail Bakhtin, an fealsamh Rúiseach agus teoiriceoir liteartha. Go háirithe, maidir leis na smaointe a dhúisíonn siad i dtaobh an phlé a dhéanaimid le daoine eile in imeachtaí ár saoil ó lá go lá. Tagann an sliocht treorach thuas as beathaisnéis ar an Phápa Eoin Pól II le George Weigel, saothar a bhfuil dea-cháil air agus a scríobhadh le cead agus le lán-

TIMIRE Spring_2011.indd 18

chomhoibriú an Phápa féin. San sliocht céanna, cuireann Weigel síos ar an téama cúraim don Phápa Eoin Pól a bhí ‘i mbeart Dé an cine daonna a chruthú mar fhireanna agus baineanna…[agus]… cad tá le foghlaim againn ó dhaonnacht atá bunaithe ar an fhireannacht agus ar an bhaineannacht maidir leis an staid daonna go ginearálta, agus maidir le fir agus mná go háirithe?’ Chíor an Pápa Eoin Pól an cheist seo i dtéarmaí Ádhaimh agus Éava, ag breathnú ar Ádhamh mar aonarán ar dtús, agus ag breathnú air arís agus duine eile in éíneacht leis, Éava, a bhí cosúil leis, ach difriúil mar sin féin. Mar is eol dúinn, díbríodh Ádhamh is Éava beirt ina dhiaidh sin, agus tháinig náire orthu toisc go raibh siad nocht. I bhfocail Weigel, ‘músclaíonn Eoin Pól II an smaoineamh gurb ionann ‘náire’, go bunúsach, agus faitíos roimh an duine eile, agus go dtagann faitíos orainn roimh an duine eile sin nuair a dhéantar an duine sin a athrú ionas nach bhfuil iontu a thuilleadh, dar linn, ach rud (oibiacht)’. Ar na samplaí de ‘rudú’ an duine, tá an phornagrafaíocht. Cé go bhfuil an phornagrafaíocht dleathach i mórán tíortha, íslíonn sí an duine eile trína laghdú go leibhéal ruda le haghaidh sásamh ginearálta gnéasach, gan beann ná aird ar indibhiúlacht shainiúil an duine eile sin. Mar sin, is í ‘náire’ na pornagrafaíochta ná nach bhfuil san duine eile ach rud le haghaidh

02/02/2011 16:16


Timire

sásaimh ghnéasaigh lucht féachana an drúisábhair sin. Ní cheadaítear ról don duine eile seachas ról mar rud gnéasach. De thoradh air sin, go hiondúil, glacann lucht féachana agus úsáide na pornagrafaíochta leis nach bhfuil ann ach oibiacht san uile fhear agus san uile bhean a chastar leo, agus bíonn siad dall dá réir ar an bheannaitheacht a bhaineann le daoine eile máguaird orthu. Chun dul i bplé le beannaitheacht an duine eile, ní foláir dúinn an tuiscint a shaothrú, nach ionann ar aon chor daoine eile agus samplaí ginearálaithe d’fhear nó de bhean, amhail is nach raibh

TIMIRE Spring_2011.indd 19

19

sainiúlacht indibhidiúil dá gcuid féin acu faoi seach. Spreagann Mikhail Bakhtin an tuairim go ndéanaimid plé le daoine eile ar dhá dhóigh. Ins an chéad áit, tuigimid go bhfuil bealaí seanbhunaithe ann trína ndéanann daoine plé le chéile, chun dul in aithne ar a chéile thar thréimhse ama, agus taitneamh (agus grá) a thabhairt dá chéile le himeacht na haimsire sin. San dara háit, ní foláir nó go bhfuil brí bhreise i gceist ins an phlé sin, san mhéid go dtuigimid, agus go dtugaimid aire, do shainiúlacht na ndaoine eile mar phearsana indibhidiúla. Dar le Deborah Hicks, taighdeoir oideachais Meiriceánach, is ionann agus

02/02/2011 16:16


20

Timire

speisialú eiticiúil é an chaoi ina dtugaimid aire do shainiúlacht an duine eile agus, freisin, an chaoi ina mbíonn gach plé le duine eile ina ghníomh úrnua. Is é sin le rá, má thugaimid freagairtí seanchaite caighdeánacha orthu, táimid ag déanamh neamhshuim de shainiúlacht an duine aonair lena bhfuilimid ag caidreamh. Má dhéanaimid amhlaidh, táimid ag plé leo ar bhonn ginearálaithe, amhail is nach bhfuil sna daoine eile seo dáiríre ach oibiachtaí nó rudaí, b’fhéidir. Mar mhalairt air sin, deireann si go n-éilíonn gach idirphlé a bhíonn againn le daoine eile freagairt uainn de réir mar is gá don ócáid sin; ní ceart freagairt chaighdeánach réamhullmhaithe a

a deireann siad, agus leis an chaoi a ndeireann siad é, seachas scripteanna réamhullmhaithe a aithris leo de réir mar a mheasaimid a bheith oiriúnach don chatagóir sin de dhaoine lena mbaineann siad. Go bunúsach, mar sin, nuair a dhéanaimid plé le daoine eile, is gá go ndéanfaimid é ar bhealach eile seachas dul i muinín an tseandóigh phlásánta réchúiseach atá ina nós seanbhunaithe. Dul i bplé le beannaitheacht an duine eile: séard is ciall leis sin ná bheith íogair mothaitheach don duine atá os ár gcomhair, d’ainneoin a laghad is féidir linn dá n-iompar a thuar, d’ainneoin mhéad a n-aistíle, d’ainneoin

“Músclaíonn Eoin Pól II an smaoineamh gurb ionann ‘náire’, go bunúsach, agus faitíos roimh an duine eile.” thabhairt, ach freagairtí atá speisialaithe don duine atá i gcaidreamh linn, agus lena chois sin, freagairtí ar chaint agus ar ráitis randamacha fána na hócáide sin, nach féidir a thuar roimh ré. Is é an dúshlán atá romhainn, mar sin, tuiscint a thabhairt don fhíric go mbaineann daoine le catagóirí leathana éagsúla, amhail ‘fear’, ‘bean’, ‘gorm’, ‘geal’, ‘éagumais’, agus mar sin de – ach, i dtreo is nach ndéanfaimid daoine a oibiachtú (iad a mheas mar ‘rudaí’), caithfimid ár n-intinn a aclú chun an tsaintaithí atá acu mar chách ar an saol a thuiscint. Mar sin, caithfimid éisteacht leis an mhéid

TIMIRE Spring_2011.indd 20

líonmhaire a bhfaillíocha. Ag leanúint as sin, ‘an comhbhronnadh dá chéile san ghrá gnéasach’, faoi mar atá i gceist ag an Phápa Eoin Pól, is féidir linn é a thabhairt i gcrích, má dhéanaimid freagairt fhírinneach iontaofa ar an tsainiúlacht phearsantachta atá inchollaithe sa duine dá dtugaimid grá, freagairt a réitíonn le réalaíocht an duine sin seachas leis an tsamhail díobh is inmhianaithe linn. Is léachtóir le síceolaíocht in Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta é Joe Mac Donagh.

02/02/2011 16:16


Timire

21

Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.

An Ofráil Laethúil

A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá … (féach leathanach cúil) … agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Tomhas an Timire: 163

1

2

3

4

5

6

7

8

Anois Teacht an --------? Aimsigh freagra na ceiste i measc na n-ainmneacha thíos: Máire, Aoife, Róisín, Ríona, Caoimhe, Sinéad, Gobnait, Caoimhe Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Bealtaine, 2011. Tomhas 162: Freagra: Aoire Buaiteoir: Sala Ní Fhátharta, Oileán Árainn, Co. na Gaillimhe.

TIMIRE Spring_2011.indd 21

02/02/2011 16:16


22

Timire

Des Hommes et Des Dieux

Micheál Ó Cróinín

Íomhá thragóideach ná Críostaithe in Alexandria na hÉigipte le déanaí agus iad ag féachaint go truamhéileach ar íomhá bheannaithe, rian na fola fós le feiscint ar aghaidh an tSlánaitheora. Ach níor chuir an t-ealaíontóir an fhuil seo isteach d’aon ghnó chun cur síos a dhéanamh ar mhairtíreacht an Chríost. Tháinig an fhuil seo ón ionsaí ar an eaglais Choptach sa chathair. Fuair aon duine is fiche bás san

TIMIRE Spring_2011.indd 22

eirleach brúidiúil seo a chuir tús brónach leis an athbhliain. Leis na hionsaithe leanúnacha ar Chríostaithe san Iaráic agus sa tSúdáin agus in áiteacha nach iad is furasta a shamhlú go bhfuil cruth neamhshuaimhneach ar an gcaidreamh idir an dá chreideamh aondiacha, an Chríostaíocht agus an Moslamachas. Ní nach ionadh, cruthaíonn an eagla agus an mhímhuinín fuath agus foréigean. Bíonn an baol ann i gcónaí go bhfillfidh ar an dá thaobh reitric mharfach na gCrosáidí. Sa chomhthéacs seo, is éacht ealaíne agus seoid eagna an scannán nua le Xavier de Beauvois, Des hommes et Des Dieux a tháinig amach anuraidh agus a fuair duais speisialta ag an bhFéile Scannánaíochta i gCannes. Cheana féin tá an scannán feicthe ag

02/02/2011 16:16


Timire trí mhilliún duine sa bhFrainc agus tá sé ainmnithe le haghaidh Oscair mar an scannán eachtrannach is fearr le bliain anuas. Bunaithe ar fhíorscéal, déanann an scannán cur síos ar mhainistir Chistéirseach san Ailgéir i lár na n-ochtóidí. In ainneoin an chogaidh chathartha fhíochmhair idir an tArm agus na reibiliúnaithe Ioslamacha leanann na manaigh ar aghaidh lena gcuid deasghnátha agus lena gcuid oibre agus tugann siad aire leighis rialta do mhuintir na háite is cuma cén creideamh atá acu. Ach diúltaíonn na manaigh leigheas luachmhar a thabhairt do cheannaircigh a thagann chun na mainistreach mar tá géarghá ag an bpobal áitiúil leis an leigheas céanna. Diúltaíonn said freisin aon chosaint nó choimirce a ghlacadh ón Arm mar is é an tuairim atá ag na manaigh ná gur tearmann í an mhainistir atá tiomnaithe do chúis na síochána. Tá a fhios ag an Ab agus ag na manaigh uile go bhfuil said sa bhearna bhaoil go mór mór nuair a chuirtear scata oibrí Crótach chun báis go fraochta toisc gur eachtrannaigh agus gur Críostaithe iad. Tar éis neart cur is cúiteamh beartaíonn na Cistéirsigh fanacht san áit, Tibéhrine. Sa deireadh thiar thall, áfach, tagann tuar éadóchasach na n-údarás faoin tairngreacht. Fuadaíonn scata fear armtha na manaigh agus is léir gur maraíodh iad mar ó shin i leith níl tásc ná tuairisc ar na manaigh. Ach ní scannán faisnéise é an scannán seo. Is follas gurb í an phríomhchuspóir atá ag an scannánaí ná léargas a thabhairt don lucht féachana ar luachanna agus ar spioradáltacht na manach. Tá a gcreideamh i gcroílár an scannáin agus ní ar an imeall mar rud seachtrach, allúrach. Taispeántar na manaigh agus iad ag ceiliúradh an aifrinn, ag guí go ciúin agus os ard, ag canadh salm. Ach níl aon rian den mhaoithneachas ar an scannán.

TIMIRE Spring_2011.indd 23

23

Feicimid an sceon, an éiginnteacht, an t-amhras, an t-easaontas fiú i measc na manach mar is fir iad freisin le mothúcháin dhaonna agus tuigeann said go rímhaith cad a tharlóidh i gcás ionsaí ar an mhainistir. Is é is buaicphointe an scannáin radharc fada, éachtach atá le feiceáil ag an deireadh. Sórt Eocairist thuata á ceiliúradh ag na manaigh. Itheann said gnáthbhia agus ólann said fíon Francach agus níl faic le cloisteáil ach ceol Tchaikovsky. Ach is leor teanga na rosc agus is iontach an méid paisin agus diongbháilteachta atá le feiscint i súile na bhfear cráifeach agus an cena, an Suipéar Déanach seo, á ithe acu i bproinnteach na mainistreach. Tuigeann an tAb, an tAthair Christian, luach tromchúiseach na dílseachta. Tuigeann sé freisin baol eile a bhaineann leis an chinneadh atá déanta ag Pobal Dé san áit seo i measc na gcnoc Atlas, is é sin baol fuilteach na bolscaireachta. Bíonn meas ag na manaigh ar chreideamh a mbráithre agus a ndeirfiúracha Moslamacha agus ní mó ná sásta atá siad le drochiompar arm na hAilgéire sa réigiún. Mar chlabhsúr ar an scannán cloisimid téacs ó pheann an athar Christian. Téacs fileata, snoite, grámhar ina gcáineann sé an fuath agus an dímheas agus diúltaíonn sé d’aon léamh seicteach ar íobairt na manach. An teachaireactht is tábhachtaí ag teacht chugainn ó chnoic mhaorga an Atlas ná droim láimhe a thabhairt d’fhorógraí an naimhdis agus cloí go daingean le fíortheachtaireacht na manach, teachtaireacht na comhbhá. Ní féidir le rian na fola soiscéal an ghrá a ídiú, a mhalairt atá fíor a déarfadh fir Thibérine. Tá an tOllamh Micheál Ó Crónín ina stiúrthóir ar an Centre for Translation and Textual Studies in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

02/02/2011 16:16


24

Timire

An Dóchas agus an tUileloscadh An tOll. Pól Ó Dochartaigh, MRIA

In Oirthear na Gearmáine, nuair a bhí stát cumannach ann, agus é dar leis na cumannaigh féin ina stát “frithfhaisisteach”, cuireadh béim ar an chomhrac frithsheasmhach a thug Cumannaigh na Gearmáine do na Naitsithe agus an cogadh mór a throid Arm na Sóivéide sa Dara Cogadh Domhanda. Mar sin féin, bhí scaifte beag de bhunadh an stáit ann nach raibh sásta neamhshuim a dhéanamh den Uileloscadh. Ba scríbhneoirí (agus ba Ghiúdaigh) roinnt acu, leithéidí Anna Seghers, Stephan Hermlin, Fred Wander, Stefan Heym agus Arnold Zweig, daoine a tháinig slán as na blianta sin os rud é gur aithin siad, luath go leor sna tríochaidí, an chontúirt a bhí ann sa Ghearmáin agus gurbh í an imirce a ba rogha leo. A mhalairt de bheatha ar fad a bhí ag an Chríostaí Johannes Bobrowski a throid in Arm na Gearmáine i rith an chogaidh. Scríobh seisean filíocht agus prós sna caogaidí agus sna seascaidí faoin chaidreamh idir Gearmánaigh, Giúdaigh agus Slavaigh sna críocha ilchultúrtha san oirthear sular mhill na Naitsithe agus an Cogadh an saol sin. I measc na scríbhneoirí sin bhí Jurek Becker. Timpeall na bliana 1937 i Łódz na Polainne a rugadh é agus chaith sé na blianta idir 1939 agus 1945 i ngéibheann i sluachampaí Ravensbrück agus Sachsenhausen. Níor thainig

TIMIRE Spring_2011.indd 24

slán ón chogadh ach triúr dá chlann mhór: é féin, a athair, agus aint dá chuid a chuaigh ar imirce go Meiriceá. Le cúnamh ó JOINT, gníomhaireacht fóirithinte Ghiúdach-Mheiriceánach, d’éirigh lena athair teacht ar Becker ach ní go Meiriceá ná chun na Palaistíne ná ar ais chun na Polainne ach an oiread a chuaigh siadsan. “Ní leis na Gearmánaigh a tháinig an frith-Ghiúdachas chun na Polainne”, a dúirt an t-athair agus bhain siad fúthu in Oirthear Bheirlín. Sa bhliain 1969 foilsíodh úrscéal nua, Jakob der Lügner (Iacób Bréagach), an chéad leabhar de chuid Becker. Tá an scéal suite i gceantar samhailteach Giúdach atá faoi cheannas na Naitsithe agus tá trí ghné ann a bhréagnaíonn an litríocht faoin dara cogadh domhanda a foilsíodh roimhe in Oirthear na Gearmáine. I dtosach báire, níl aon fhrithsheasamh cumannach ann. Barraíocht a bhí scríofa go dtí sin, dar le Becker, faoi “ghaiscíocht na gcumannach” agus faoi na “fuascailteoirí Rúiseacha” a shaor pobal na Gearmáine ón “chuing Naitsíoch”. Is taobh eile den ré uafásach sin a bhí Becker ag iarraidh a phlé. Rud eile de, tá greann ann fosta agus é sin i gcomhthéacs an Uileloiscthe. Ní raibh a leithéid ann riamh roimhe i litríocht na Gearmáinise, ach greann caoin atá ann faoi shaighdiúirí na Gearmáine nó faoin searbhas a ligeann Giúdach ar leith amach agus é míshásta le hobair Ghiúdaigh eile. Ach tá an plota lárnach bunaithe ar an dóchas a thugann Iacób do na Giúdaigh lena chuid bréag. Lá amháin agus é istigh i mbeairic na nGearmánach, cluineann sé ar an raidió go bhfuil na Gearmánaigh “ag troid go fíochmhar i gcomhrac cosanta” in aice le Bezanika. Níl raidió ag duine ar

02/02/2011 16:16


Timire

25

bith i ngheiteo seo na cumadóireachta (ní hionann agus sna fíorgheiteonna) agus mar gheall air sin níl a fhios cé acu atá na Rúisigh ag troid béal dorais nó an amhlaidh go bhfuil an tSibéir i lámha na nGearmánach. Tá a fhios ag Iacób anois gur 400km soir as sin atá na Rúisigh ach ní thig leis a rá go dtáinig sé slán sábháilte as an bheairic ar eagla go sílfeadh na géibheannaigh gur spiaire atá ann. Insíonn sé faoin chomhrac do dhuine amháin, chun é a shábháil ó na saighdiúirí, agus deir sé go bhfuair sé an t-eolas ó raidió atá i bhfolach aige. Sceitheann mo dhuine an scéal faoin raidió le daoine eile agus cuireann siadsan brú ar Iacób tuilleadh scéalta a insint. Faigheann siad a n-iarraidh: dea-scéalta ar fad faoi dhíomuanna Gearmánacha, ach níl san iomlán ach bréaga. Ar an láimh eile de, tugann na bréaga seo dóchas do na Giúdaigh. Síleann siad go bhfuil deireadh an chogaidh in aice láimhe, agus tosaíonn siad a dhéanamh pleananna don am atá le teacht i ndiaidh an chogaidh. Pléann lánúin óg an leanbh a ba mhaith leo a bhreith agus a thógáil. Titeann ráta an fhéinmharaithe anuas go dtí náid faoin chéad. Tá dóchas ann. Ach ba réalaí é Becker. Fuair formhór na nGiúdach bás sa chogadh agus is ionann an cás é do na Giúdaigh san úrscéal seo. Is é an tríú dúshlán a thugann an t-úrscéal do na cumannaigh nach bhfuil aon deireadh séanmhar nó aon ré nua le feiceáil ann i ndiaidh aimsear na Náitsithe. Ní athraíonn na bréaga an chinniúint ag na Giúdaigh, ach léirítear cumhacht an dóchais, na daonnachta agus an ghrinn chun an saol seo a athrú. Dhá bhliain agus fiche atá sé ó tháinig mé ar an leabhar seo agus táim fíorbhuíoch ar a shon sin go fóill. Is é Pól Ó Dochartaigh déan dhámh na nEalaíon in Ollscoil Uladh.

TIMIRE Spring_2011.indd 25

02/02/2011 16:16


26

Timire

Im Leabharlann Dom Pietas

Bríd Ní Mhóráin An Sagart, An Daingean, 2010 83 lch maille le léaráidí €12

Le Seán de Fréine Ins na hocht-déag-nóchaidí, nuair a tháinig an Corcaíoch óg, Osborn Bergin (Ó hAimhirgín) faoi anáil an náisiúnachais chultúrtha, gur chinn sé ar an Ghaeilge a fhoghlaim, bhí ábhar a spéise chomh haisteach sin, agus an t-éileamh ar a leithéid chomh gann sin, gurbh éigean dó triall céad míle siar óna chathair dhúchais go leithinis Bhéarra, chun múinteoir le léamh agus scríobh na Gaeilge a fháil, a d’fhéadfadh an teanga a theagasc dó. De bharr na tréimhse sin ina shaol, scíobh Ó hAimhirgín an t-amhrán álainn ‘Maidin i mBéarra’. (Cogar i leith: Tuige nach gcluintear an t-amhrán sin á chanadh ach ar éigean; agus Danny Boy, ar an fhonn céanna, le cloisteáil uair san mhí, déarfainn?) Pé réiteach atá ar an fhadhb sin, bhainfeadh an tAimhirgíneach sásamh as an chnuasach breá seo, ina gcomórtar le hurraim an ceantar seo agus iarthar Chiarraí, idir Iarthar Dhuibhneach agus Uíbh Ráthach (ar foinsí inspioráide iad don fhile); agus a muintir agus a sinsir, leis; agus an traidisiún agus an dúchas,

TIMIRE Spring_2011.indd 26

móide a luachanna, atá ina n-oidhreacht shaibhir aici, agus a roinneann sí go fial éifeachtach orainne, na léitheoirí. File cruthanta cruthaithe í Brid Ní Mhóráin, le trí leabhar agus saothar tábhachtach eile faoi Ghaeltacht Uíbh Ráthach curtha ar fáil aici cheana. Is maith a oireann Pietas mar theideal don chnuasach seo. Tá sé ar an chnuasach is tábhachtaí agus is cumasaí léi go fóill. Tugann sí chun cuimhne saol atá imithe ar fad i línte a léiríonn snáthaid an traidisiúin bheo a d’fhigh a haintín di in óige an fhile: Fé sholas lag an lampa íle is fé dheirge lampa an Chroí Ró-Naofa. nochtais féith an dúchais dom … i bhfaoiseamh an mheathsholais, thumais do pheata in iomar na sinsear agus chuiris a chodladh í, ceithre aingeal an treabhchais á faire. (‘Imeoidh seo ar fad leis’) San dán ‘Aes Triplex’, léiríonn sí an greann agus na sceitimíní áthais a tháinig uirthi nuair a fuair sí an chasóg bhreá i gceartlár an tsamhraidh ‘ó fhear na deamhéine, mo chumann is mo mhíle stór’. Agus í cuachta go teolaí inti, mar chnó coill i sliogán cosanta do sheirce is mé ná malartódh le Madonna an leathair ná le Lís na heirmíne a chaitheann an choróin agus a shuíonn ar ríchathaoir Shasana. Mar is léir ón dá shliocht seo, tá éagsúlacht téamaí le fáil san chunasach seo. An-éagsúlacht, gan amhras. Is géar an chúis shilte súl atá in ‘Juden’, dán beag faoi bheirt leanaí Giúdacha, Suzi agus Zoltan, a cailleadh in ‘ifreann na geimhle’ in Belsen. Ach, rud suntasach

02/02/2011 16:16


Timire tábhachtach a bhaineann leis an saothar seo go léir is ea an spiorad daingean docht dochloíte nach féidir a mhúchadh i gcroí an duine. Tá trí scór de bhlianta ó leagadh an córas Naitsíoch, ‘ó thit réimeas na mbuataisí’, agus d’ainneoin an uafáis sin, agus Srebenice agus Nyange agus na n-uafás eile, nach mbíonn críoch leo riamh, de réir cosúlachta, ní ag boltaí nó ag buamaí a bheidh rith an ráis, ach ag solas coinnle tríd an sreang ag preabarnach. Maith mar atá, mar is anseo atá an chéad dán nó earra litríochta atá feicthe agam ina bhfuil cur síos (‘Bás na Brúide’) ar oidhe an Tíogair chlamhaigh Cheiltigh. Nach maith an rud é gur chlis ar Lehman Brothers nuair a dhein? Murach gur tharla, is doimhne fós in abar na díchéille a bheimis gafa um an dtaca seo, mar ‘go raibh an bhaois ag eitlit go hard, / mar árthach spéireach i dtreo na gréine, / an teaspach is an gustal ar a muin’. Ach, d’ainneoin sin, bíodh is go bhfuil an phraiseach ar fud na mias, is í an chomhairle chiallmhar a thugtar dúinn anseo, dul ‘ag comhrac go misniúil / leis an gcinniúint shóinseálach, / féachaint an gcasfaidh sí a roth / deiseal chun go bhfillfidh a bláth / is a crot ar ár stáidbhean.’ Is eisceacht é an dán deiridh seo, san mhéid go bhfuil ‘teachtaireacht’ á fógairt ann. De ghnáth, measaim nach cóir d’fhilí a leithéid a dhéanamh. Gnó é sin do lucht polaitíochta, eacnamóirí, lucht moráltachta, daoine a bhíonn ag plé le fíricí agus lena n-éifeacht shóisialta. Gnó an fhile na mothúcháin a nochtadh a bhaineann le hócáid, le staid fhíorúil éigin, faoi mar a dhein Wordsworth ins an dán ‘Fair Daffodils’ agus Yeats in ‘The Lake Isle of Inisfree’. Ar ndóigh, níor dhuine fíorúil nó stairiúil atá san dán ‘Ozymandias’ le Shelley, ach is samhlaoid é de rud

TIMIRE Spring_2011.indd 27

27

atá fíorúil go leor, ‘an Teamhair ina féar’ agus ‘an Traoi mar atá’. Mar sin, is ábhar dlisteanach mothúcháin é dán Shelley. Ach ar uaire, ar ócáidí mórchorraithe, bíonn ar an fhile catairse shíceolaíoch nó purgóid intinne a sholáthar chun suaitheadh meabhrach an phobail a chur i bhfocail, agus a mhaolú dá réir. Is amhlaidh a dhein Thomas Kinsella in ‘Butcher’s Dozen’, dán a cáineadh ag roinnt smaointeoirí éadoimhne. Dhein Yeats é in ‘Easter 1916’. Tá sé déanta arís anseo ag Bríd Ní Mhóráin san dán ‘Bás na Brúide’, agus is maith ann é. Thairis seo, cloíonn Ní Mhóráin le gnó bailí an fhile, macántacht mothúchán a léiriú de bharr agus de réir mar a théann imeachtaí agus cuimhní fíora i bhfeidhm uirthi, agus na rudaí a rá fúthu ba mhaith leis an chuid eile againn a rá fúthu, dá mbeadh ar ár gcumas iad a chur i bhfocail. Tarraingíonn sí gan stró as an fhilíocht shinseartha (agus as foinsí comhchoiteanna filíochta na hEorpa), de réir mar is gá, chun riar ar a cás. Blaisim macallaí agus rithimí anseo, idir chian agus chóngar, a shaibhríonn a saothar, gan cur isteach ar a hionracas féin mar fhile – ó Aimhirgín (an chéad cheann acu!), Feirtéir, Ó Ríordáin, Seán Ó Conaill (an seanchaí) agus eile. Is leathan a heangach liteartha chun gabháil mhaith a thairbhiú. Tá brollach fónta le Máirín Nic Eoin mar mhaisiú ar an leabhar, mar aon le léaráidí agus cur amach taitneamhach. Agus ní féidir liom críochnú gan nóta pearsanta a radadh isteach. Go dtí seo, ní fhaca mé riamh le mo linn dán, nó véarsa filíochta fiú, a thug aitheantas dá laghad do lucht na heite clé. Anois, tá sé agam: ‘lámh mo inspioráde tú / Mo chiotóg dhearg abú!’ (lch. 66). Is maith liom sin. Thar ceann an mhionlaigh, gabhaim buíochas!

02/02/2011 16:16


28

Timire

Comorádh 100 bliain

TIMIRE Spring_2011.indd 28

02/02/2011 16:17


Timire

29

an Timire 1911-2011

TIMIRE Spring_2011.indd 29

02/02/2011 16:17


30

Timire

Lís Ní Chulainn

MISE EOGHAN Dia dhaoibh, a chairde óga,

agus an tEarrach ag filleadh go leisciúil drogallach orainn. Bhí an Geimhreadh reoite go leor le moill ar an trácht agus an t-uisce gann in a lán áiteanna. Nuair a d’fhilleamar ar an choláiste anseo chaitheamar trí lá gan uisce reatha. B’éigean dúinn gach soitheach a líonadh as taiscumar a bhí lán d’uisce báistí agus iad d’iompar timpeall chun freastal ar gach rang. Nuair a thosaigh uisce ag teacht ó na buacairí arís d’ardaíomar liú áthais! Arsa an seansagart linn: ‘Cuimhnigí go raibh Maois bocht ag iarraidh uisce d’fháil trí bhualadh ar charraig, ar ordú an Tiarna agus gur theip air. Is dócha go ndearna na hIosraeilítigh bualadh bos mall á cháineadh. Féach go gceapann daoine go bhfuil an cine daonna uilechumhachtach – go dtí an lá ina bhfágtar iad gan braoinín uisce!”

TIMIRE Spring_2011.indd 30

02/02/2011 16:17


Timire

31

BRÍD AG PLEANÁIL

Bhí litir agam an lá cheana ó mo dheirfiúr, Bríd. Bíonn an Mháthair Benedict ina coláiste siúd de shíor ag iarraidh síocháin a choimeád le húdaráis na hEorpa agus an síorphort acu: “Níl cead agat barr uimhir 50B a chur i ngort a ceathair ná uimhir 52A i ngort a cúig”. Ag an am céanna bíonn Bríd faoi mar a bhí Dónall Ó Conaill fadó ag iarraidh capall agus cóiste a thiomáint trí na dlíthe. “Cá bhfios don phleice sin sa Bhruiséil cad a chuir ár sinsir ins na gortanna sin ná conas a d’fhan siad beo aimsir an ghorta,” deir Bríd. “Ní thiocfaidh siad ag fiosrú, geallaim duit. Níl ann ach an píosa páipéir a bheith acu ar an dath ceart agus beidh linn. Úsáidfimid an focal “meacain” do gach barr. Is focal iontach é – meacain ráibe do na turnaipí agus meacain dhearga do na cairéid agus meacain bhána don phléascán – nó an ‘parsnip’ mar a thugann siadsan air, meacain dhubha don chompráidhe. Dheamhan ‘fhios a bheidh acu cén barr atá in aon ghort agus beidh siad iontach sásta leis na dathanna.”

GOIRTÍN BEAG BHRÍDE

Tá paiste beag talaimh ag Bríd féin mar de ghort a ceathair – gort Bhríde a thugann sí féin air agus cuireann sí an iliomad saghas planda ann – idir ghlasraí agus luibheanna agus bhláthanna. Tá sé de nós insan Choláiste le tamall anuas Bríd agus an Mháthair Benedict do dhul le cúpla fear oibre ar Lá ‘le Bríde agus píosa beag den ghoirtín sin – dhá mhéadar cearnach – a romhar, nó a thochailt féachaint conas mar atá an chré agus conas mar atá an tsláinte ag na péisteanna thíos fúithi, agus chun ligint do na héin dul síos ina measc agus síol nó dhó a chur más maith leo. Ach i mbliana ní thiocfaidh fear oibre ar bith ar an ngnó sin. “Nach raibh sioc agus sneachta go flúirseach againn” ar siad “agus nach bhfuil an talamh chomh crua le cloch?” “Ach ar Lá ‘le Bríde gar dúinn Earrach Éireann” arsa Bríd leo. Freagra ní bhfuair sí ach an chluas bhodhar. Bhí an lá saor ó na ceachtanna acu mar is gnách ar Fhéile Bhríde.

BRÍD AGUS BIC

Go luath ar maidin siúd Bríd ag triall ar stábla an asailín, Bic, gur chuir sí cairt faoi chun na huirlisí d’iompar – spáid agus tua agus gabhal. Bhí fir oibre na feirme ag magadh fúithi á rá go mbeadh an sioc reoite isteach insan chré agus go mbeadh sí féin agus Bic reoite chomh maith laistigh de leathuair a’ chloig. Ghluais bríd léi go mall agus bhí áthas ar Bhic a bheith amuigh ag siúl fiú ar thalamh reoite. Ní raibh sneachta ná báisteach ag titim agus bhí Bríd ag caint le Bic an t-am ar fad agus í cinnte go raibh Bic ag éisteacht le gach focal. Faoi dheireadh shroich siad goirtín Bhríde agus caidé mar iontas a bhí os a gcomhair. Gan spleáchas don EC bhí na sabhaircíní ag bláthú. Bhris siad tríd an sioc nuair a tháinig Lá ‘le Bríde agus bhí siad ansin ag tabhairt dúshlán an tsneachta agus an tseaca agus an chúlaithe eacnamaíochta agus ag fógairt an Earraigh le boladh cumhra aoibhinn. Ní dhearna Bríd aon tochailt ná aon romhar ach d’fhill sí don Choláiste agus thóg sí an Mháthair Benedict amach léi chun an t-iontas seo d’fheiscint. “A bhuí le Dia” arsa an Mháthair Benedict. “Nach iontach an lá é Lá Fhéile Bríde – is dócha go gcuirfeadh mo dhuine ón mBruiséil cosc leo dá mb’fhéidir leis”.

TIMIRE Spring_2011.indd 31

02/02/2011 16:17


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.

Intinní an Phápa Mí an Mhárta 2011

Go dtuga an Spiorad Naomh neart agus solas don fhíréin agus don phobal Críostaí a fhulaingíonn leatrom nó géarleanúint ar son an tSoiscéil.

Mí Aibreáin 2011

Go ndéana misinéirí a bhfuil forógra an tSoiscéil agus finnéacht ar an mbeatha acu Críost a chur i láthair gach duine nach bhfuil aithne fós acu Air.

Mí Bealtaine 2011

Go ndeonaí an Tiarna ar an eaglais sa tSín an cumas chun coinneáil lena dílseacht don Soiscéal agus chun fás san aontacht.

Mí an Mheithimh 2011

Go mbaine an spiorad naomh flúirse gairmeacha misinéireachta as measc ár bpobal, a bheidh toilteanach iad féin a choiscreacan go huile do Ríocht Dé a scaipeadh.

TIMIRE Spring_2011.indd 32

02/02/2011 16:17


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.