1 minute read
Litir ó Hong Kong Seosamh Ó Mealláin, SJ
26
Timire
Timire
27
Litir don Eagarthóir ó Hong Kong
8 Mí Iúil, 2011
A Athair Alan dhil
Is mithid dom beagán briathra buíochais a sheoladh chuig lucht An Timire de cheann an leabhrán a chur chugam soir go féiltiúil le suim blianta anuas gan teip.
Sí an chúis a spreag mé le litir a scríobh san am seo – sibhse atá ag ceiliúradh an céadú bliain ó tháinig An Timire amach á fhoilsiú den chéad uair.
Ní bréag ná áibhéil é a rá gur an-ard le tamall anuas caighdeán na dréachta atá le léamh ann. Sin é mo bharúil is mo mheas air – ní hé le rá gur ionmholta é mo mheas féin ar nithe liteardha. Murach meirg bheith ar an stór Gaeilge atá agam agus ó bhíonn ormsa seanmóir i gCantoinéis a ullmhú in aghaidh na seachtaine, bheadh dúil ionam alt a chur le chéile don Timire ó am go ham. Ach níor bronnadh féith an phinn orm ach oiread.
Beannacht agus biseach
Seosamh Ó Meallain SJ
Nóta ón Eagarthóir
Is mac le Mícheál Ó Mealláin, ceann de ceannairí Éirí Amach 1916, an tAthair Seosamh. Bhí a athair i gceannas i bhFaiche Stiabhna i rith an Éirí Amach. Cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann ar 8ú Bealtaine 1916. Tá an tAthair Seosamh fós ag obair i ngort an Tiarna sa tSín in aois 95 dó.