5 minute read

Mise Eoghan

30

Timire

Lís Ní Chulainn MISE EOGHAN

Dia dhaoibh, a chairde óga,

agus an Samhradh tagtha chugainn, chun deireadh a chur le ranganna agus chun sinn a scaoileadh amach faoin aer úr. Ach mo léan, leis an Samhradh tagann scrúduithe – an staidéar go meánoíche agus an díomá nuair a bhíonn ceisteanna ar an scrúdpháipéar faoi gach ábhar seachas an ceann a ndearna tú staidéar air. Nó, níos measa fós, nuair a bhíonn boscaí, agus na freagraí chomh cosúil lena chéile agus gan aon scríbhneoireacht ach an ‘tic’ a chur sa bhosca. Bíonn an seansagart anseo sa Choláiste ag taispeáint dúinn conas mar a chuir na manaigh fadó an t-eolas sna leabhair le cleite agus dúch, agus a rá, deir sé, nach ndéanann scoláirí ach ‘tic’ i mbosca.

Féiríní Nollag

Thosaigh an chaint sa rang mar gheall ar fhéiríní na Nollag agus cad a cheannóimis don sagart. Chuala mé féin é go minic ag caint ar a chosa agus ar dhéantúsóirí bróg ón iasacht, agus ar bhás an tseanghréasaí a dhéanadh bróga agus buataisí dó.

‘Ní fheadar mé,’ a dúirt sé liom lá amháin, ‘cén fáth go gceapann daoine go bhfuil an cruth céanna ar mhéara coise gach duine nuair nach bhfuil. Mo ghreidhn é sean-Liam a dhéanadh poll beag sa leathar san áit a raibh an fadharcán ag borradh, is a chuirfeadh píosa breise leathair san áit a raibh baol go siúlfadh cos amháin isteach ar an gcos eile. Conas a thuigfeadh an boc mór sin sa tSín nó san Iodáil cosa na nGael?’, a deireadh sé liom, agus ar ndóigh ní raibh freagra na ceiste agam. Ach nuair a luaigh mé sa rang go mb’fhéidir nár mhiste dul ag cuimhneamh ar phéire bróg nó buataisí mar bronntanas Nollag thosaigh siad go léir ag magadh fúm.

Timire 31

Bróga agus Buataisí

Ach lean mé orm. Tá na buataisí atá á gcaitheamh ag an sagart faoi láthair réasúnta compórdach, ach tá siad seanchaite, briste, salach. Ach cén rang a thabharfadh péire buataisí mar bhronntanas do shagart? Agus conas a scríobhfadh éinne rud éigin orthu a mbeadh baint ar bith aige leis an Nollaig. I ndeireadh báire, dúirt mé go raibh mé féin ag dul a lorg buataisí dó agus da mba mhaith leo bheith liom san iarracht, go bhféadfaidís teacht ag cabhrú liom.

Uaireanta, deireadh an sagart liom go mbíódh an bhuatais chlé compórdach go leor ach gur chuid dá Phurgadóireacht an bhuatais dheis, agus rith sé liom da gceannóinn dhá phéire go dtiocfadh buatais chlé a thriall ar an gcois dheis, agus ansin an dá bhuatais eile a chaitheamh amach. Ach pér bith faoi bhronntanas Nollag a dhéanamh de phéire buataisí, conas a dhéanfainn bronntanas de dhá bhuatais chlé? Agus nach mbeinn i mo cheap magaidh ag an rang? Plean Nua

Bhí mé ar mo dhícheall ag iarraidh teacht ar sheift éigin don bhronntanas Nollag sin, agus cad deir sibh, nuair a shiúil mé amach ag cúl an Choláiste chonaic mé an gabhdán mór seo agus na seanbhuataisí caite ann. I ngan fhios don saol, chuir mé i mála iad agus thug mé liom iad go dtí mo sheomra. Ní foláir nó gur shin-sean-bhuataisí a bhí agam, mar ba iad na buataisí céanna a bhí á gcaitheamh ag an sagart na cinn a bhí air an lá roimhe sin. Um thráthnóna, tar éis na ranganna go léir, thóg mé amach na buataisí agus scrúdaigh mé iad go géar. M’anam go raibh léarscáil agam sa leathar de chosa cráite an tsagairt – cnoc agus gleann ar an mbonn agus ar na méara, agus ba léir go raibh fadharcáin agus buinneáin go fl úirseach. Ba léir dom nárbh fhiú dul go dtí siopa ar bith ,agus bhí mé cinnte dá mbeadh gréasaí le fáil in aon áit gar don Choláiste go mbeadh an sagart ag caint leis cheana féin. Agus mé fós ag iarraidh teacht ar réiteach , tharla go bhfaca mé fógra i siopa na milseán go raibh duine éigin ag tosú ar bhróga a dheisiú i seomra cúil, agus siúd isteach mé i lár oibre agus é i mbun meanaithe agus snáth céireach agus ceap – gléasanna nach bhfaca mise cheana, mar ní dheisítear bróga anois – is labhair mé leis an bhfear, agus bhí an-suim aige i mo scéal.

‘Is féidir liom bróga agus buataisí a dhéanamh’, ar sé, ‘ach níl éinne á n-iarraidh mar tagann na mílte díobh ar phraghas an-saor ón iasacht.’

Ar ais liom go dtí an Coláiste gur thug mé liom an seanphéire buataisí. Thóg sé an bhuatais chlé ina lámh agus stán sé air; ‘D’fhoghlaim mise conas déileáil le cosa mar sin,’ ar sé. ‘Seanghréasaí ó Chontae Mhaigh Eó a mhúin dom an cleas.’

‘Féach leat!’ ar sé liom ansin, ‘Beidh mé breá sásta freastal ar na cosa sin, pé duine ar leis iad, agus ní iarrfaidh mé ach luach an leathair ort.’

Coicís ón lá sin bhí mo bhronntanas agam. Cheannaigh mé dhá iall ar a raibh ‘Nollaig Shona’ scríofa, agus bhí liom. Bhí an rang breá sásta. An Nollaig seo, beidh an sagart ag ceiliúradh ina chroí agus ina anam – agus ina chosa!

Nollaig Shona daoibh go léir agus go gcuire Íosagán na beannachtaí go fl úirseach chugaibh! na beannachtaí go fl úirseach chugaibh!

Aspalacht na hUrnaí

An Ofráil Laethúil

A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… (féach thíos) … agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Intinní an Phápa

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Nollag, 2011

Go gcuire náisiúin na cruinne le chéile go sítheach sámh, trí bhíthin eolas a chur ar a chéile agus urraim a thabhairt dá chéile dá réir.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhi Eanáir, 2012

Go bhfaighe na daoine a fhulaingíonn faoi thubaistí nádúrtha an sólás spioradálta agus ábhartha is gá dóibh chun a saol a atógáil.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2012

Go raibh teacht ag daoine gach áit ar uisce agus ar na hacmhainní is gá dóibh le haghaidh a riachtanais laethúla.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Márta, 2012

Go dtuga an saol mór aitheantas don mhéid atá déanta ag na mná chun an tsochaí dhaonna a fhorbairt.

This article is from: