![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/df9a86d3237b465823da9ae3d6088570.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Lig do na páistí Kay Finnegan
6
Timire
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/45ed666a790fc0c24162bf1fe1f6c89c.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/ecb4b92ac3fb290c619ceac81a0768dc.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/d2d8bf8414d429758079db428c144c8b.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/0ab87ba6b992b252e9fead7afed18309.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Lig do na páistí teacht chugam
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/9d37a27db1d2930687998be3c7b82f1a.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Kate Finnegan
I dteagasc Maria Montessori, is léir gur baolach gur constaic é an duine fásta d’fhorbairt an linbh, go háirithe nuair nach ligeann an duine don leanbh a theacht ar eolas as a stuaim féin. Ar aon dul leis sin, chonaic mé ó am go chéile daoine fásta (mé féin san áireamh) agus iad ina mballa mór idir leanbh agus Dia, ag cur Ríocht na bhFlaitheas i bhfolach ar an leanbh. Bím á chur i gcuimhne dom féin de shíor, agus mé i mbun teagasc Críostaí le páistí, nach dual dom mo chuid smaointe féin ar an saol, ná ar na Scrioptúir, a chur chun cinn. Ní hé an bealach a mothaím Dia i mo shaol féin is tábhachtaí. Caithfi dh mise, afach, a bheith dofheicthe le go ndéantar slí díom do Bhriathar Dé, agus ansin tiocfaidh an páiste ar Dhia leis féin. Má éistimid leis na páistí, inseoidh siadsan dúinn cad é mar a fheiceann siad Dia agus cad é go díreach a fheiceann siad.
I saothar Maria Montessori agus Sofi a Cavalletti, feicimid go bhfuil difear mór idir an bealach a dtéann an timpeallacht agus Dia féin i bhfeidhm ar pháiste 3-6 bliain d’aois agus ar pháiste 7-12 bliain d’aois. Súnn páistí idir trí agus sé bliana gach aon rud isteach, agus bíonn caidreamh nádúrtha lúcháireach acu le Dia ar dhóigh atá éagsúil ar fad leis an bheatha spioradálta atá againne mar dhaoine fásta. Cuidíonn an cur chuige atá ag Cavallettí le páistí bheith iontach ciúin gan corraí, agus mar sin bíonn siad in ann na Scrioptúir a chloisteáil agus machnamh a dhéanamh orthu.
A mhalairt ar fad, is breá leis na páistí 7-12 bliain anailís agus sintéis a dhéanamh, agus déanann siad na scéalta agus na téamaí éagsúla a scrúdú agus a chur i gcomparáid lena chéile. Is leis an aois-ghrúpa seo a bhainim úsáid as ‘Godly Play’, ina bpléimid na Scrioptúir le pictiúirí agus le gluaiseachtaí a chuireann idir ionadh agus spéis ar na páistí i scéalta Dé.
Le bliain anuas, tá grúpa paidreoireachta bunaithe ar ‘Godly Play’ á reachtáil agam gach seachtain, agus
feicim an anailís agus an sintéis ag dul ar aghaidh. Bíonn na seisiúin rialta ag teastáil le go dté na páistí i dtaithi ar na scéalta. Sa chéad áit, foghlaimíonn siad cá háit a bhfuil na scéalta ar fáil sa seomra go fi siciúil. Ansin bíonn muinín acu parabal ón Tiomna Nua a leagan síos taobh le scéal ón Sean-Tiomna agus ciall a bhaint astu agus comparáid a dhéanamh eatarthu.
Cuireann na nascanna a dhéantar sa chomhthéacs seo ionadh orm. Lá amháin bhí Parabal an Phéarla Róluachmhair faoi chaibidil againn: ‘Is cosúil ríocht na bhfl aitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d’imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é’ (Matha 13:45). Sa ‘Godly Play’, rinneadh an scéal seo a insint le fi giúirí, agus feictear an ceannaí ag tabhairt a raibh de mhaoin an tsaoil aige uaidh ar mhaithe leis an Phéarla Róluachmhar. Ag an deireadh ní raibh rud ar bith ag an cheannaí ach amháin an Péarla. Íomhá iontach géar atá ann.
Chuir mé ceist ar na páistí: ‘An féidir rud ar bith a thabhairt chuig an pharabal ón seomra seo le cur leis an scéal?’ Chuaigh páiste amháin gur bhailigh sé fi giúr Íosagáin ón mhainséar agus chuir sé é taobh leis an Phéarla Róluachmhar. Chuir páiste eile fi giúr an Aoire Mhaith taobh leis an cheannaí, á rá: ‘Beidh an tAoire Maith in ann aire a thabhairt don cheannaí mar níl rud ar bith aige anois ach amhain an Péarla.’ Fuair an tríú páiste pota gliú gur chuir sé idir an cheanní agus an Péarla é: ‘Tá an Péarla greamaithe leis an cheannaí anois agus ní scaoilfi dh sé leis go deo.’
Nuair a smaoiním air seo, is é mo bharúil féin go bhfuil cumarsáid iontach domhain ar bun idir gach uile pháiste agus Dia. Tugann na heachtraí beaga seo léargas speisialta dúinn ar an mhéid a chonaic gach uile pháiste acu agus é ag ligean do Ríocht na bhFlaitheas dul i bhfeidhm air. Chuaigh páiste amháin gur bhailigh sé fi giúr Íosagáin ón mhainséar agus chuir sé é taobh leis an Phéarla Róluachmhar.
Timire 7
As Béal Feirste do Kate Finnegan agus is ball í de Chomhthionól Síón don Soiscéalú (Sion Community for Evangelism). Tá ionad paidreoireachta do pháistí bunaithe aici, Lárionad Síón, in Brentwood Shasana. Bíonn grúpaí paidreoireachta do pháistí á reachtáil aici go rialta, de réir cur chuige Sofi a Cavalletti (Catechesis of the Good Shepherd) do pháisti 3-6 bliain d’aois, agus Jerome Berryman (Godly Play) do pháistí 7-12 bliain d’aois. Tá an dá chlár seo bunaithe ar mhodhanna teagaisc seo bunaithe ar mhodhanna teagaisc Montessori a chuireann na Scrioptúir i Montessori a chuireann na Scrioptúir i láthair le fi giúirí agus le samhlacha. láthair le fi giúirí agus le samhlacha.
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/eedba784fbd6dcf42d3853ab1fcbeb25.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Nollag 2011
Go raibh páistí agus daoine óga ina dteachtairí ar an Soiscéal agus go dtugtar urraim dóibh agus cosaint ón uile fhoréigean agus dúshaothrú.
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093726-49393f30dadad8870c46205762c2425f/v1/f3976925d571bc60f58287cb85bd2c7f.jpeg?width=720&quality=85%2C50)