6 minute read

Diarmuid Ó Laoghaire SJ Connla Ó Dúláine, SJ

16

Timire

Iar-eagarthóir ar An Timire: An tAthair Diarmuid Ó Laoghaire SJ

Rugadh ar talamh é 1915 (Lá Lúnasa) Rugadh ar neamh é 2001 (21 Iúil)

Connla Ó Dúshláine SJ

Nuair nach spreagann siad pobal Dé chun feirge, tá cúrsaí na hEaglaise in Éirinn le tamall anuas ag cothú díomá agus droch-mhisneach ionainn. Shíleas, mar sin, gur tráthúil is gur tairbheach an rud é, cuimhne a mhúscailt ar dhream beag oibrithe a shaothraigh le sárdhúthracht i mbun foilsiú Timire an Chroí Ró-Naofa agus ar féidir leo dá bharr sin bheith ina n-inspioráid dúinn agus ina n-údar misnigh. Íosánaigh is ea iad, ní nach ionadh, óir is ar Chumann Íosa, chomh maith le Siúracha na Toirbhirte (ar díobh Naomh Máiréad Máire Alacoque) a leag Mac Dé an cúram deabhóid dá Chroí Ró-Naofa a chraobhscaoileadh i measc phobal na hEaglaise. Ní cúram éasca é, ná éadrom; ní hannamh, agus mé féin im’ eagarthóir ar an iris, go mb’fhacthas dom gurbh obair amú m’iarrachtaí. B’fhacthas dom gur ‘Ghlór mé ag éamh sa bhfásach’, ainneoin a raibh de chúntóirí dílse ag obair im’theannta. Údair mhisnigh agus ionspioráide iad siúd freisin – tá a n-ainmneacha le feiceáil taobh istigh den iris ar leathanach 3: tá bualadh bos tuillte acu, agus paidir uait! Cuirim tús, mar sin, agus focail spreagúla Osboirn Uí Aimhirgín ag rith trím intinn:

Canaim laoithe dóchais

I dteanga bhinn na Fódla

Leanaimis an lóchrann

Do las ár sinsir romhainn

Is seasaimis go beomhar

Os comhair an tsaoil.

Ag breathnú dó ar an scoláire óg i Rang a Cúig, nach raibh suim ar bith aige sa Ghaeilge, theip ar a fhoighid ag an múinteoir. Arsa sé le searús: ‘ O’Leary, you’ll be Professor of Irish in Trinity College some day if you’re not careful!’ Leis an té a bheadh ina dhiaidh sin ina shagart, ina Íosánach, ina ollamh agus ina shárscoláire ar an nGaeilge agus ar an Léann Ceilteach a bhí sé ag caint – an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire SJ. Ach le linn na ndéaga, ba mhó suim O’Leary sa chruicéad ná sa Ghaeilge go dtí… Bhuel, mar a dúirt an Piarsach, ‘Oibríonn Dia miorúiltí i gcroíthe na n-óg’ : ba de bharr bualadh leis an Máistir Tadhg Ó Murchadha sa Séú Bliain i mBelvedere a tharla an mór-chlaochlú i nDiarmuid. Chonaic sé, den chéad, uair uaisleacht agus áilleacht an chultúir Ghaelaigh i gcolainn dhaonna an tsár-fhir seo. Spreag Tadhg ‘O’Leary’ leis an gCumann Gaelach a chur ar bun timpeall 1932 – cumann a chuidigh liomsa mo chumas Gaeilge a choinneáil nuair a bhíos féin im dhalta ag Tadhg, ó 1943 go dtí-48.

In aois a hocht mbliana déag dó, chuaigh Diarmuid isteach i nóivíseacht na nÍosánach in Imeach (Emo) le taobh Chúil a’ tSúdaire. Ghlac sé na trí móideanna – bochtaineacht, geanmnaíocht agus umhlaíocht – ar fhéile Bhreithlá Mhuire, 8 Meán Fómhair 1935. Sé bliana déag ina dhiaidh sin, sheas sé ceart don ómós a léirítear do Mhuire Mháthair Dé sa chreideamh Caitliceach, i gcomhfhreagras san Irish Times. Trí bliana i Raithean Uí bhFáilí (suíomh mhór-mhainistir Charthaigh Naofa fadó) i mbun fealsúnachta, agus ansin thug sé céim ollmhór chun tosaigh i mbun an staidéir ba ansa leis: bhain sé amach Dochtúireacht sa Léann Ceilteach in Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatainn Bheag. Oirníodh ina shagart é Iúil 1948, agus tháinig críoch lena chúrsa oiliúna i gCumann Íosa i 1950.

Shilfeá, agus an oiliúint a bhí faighte aige chun dul i mbun taighde fhuaimintiúil ar stór ollmhór na litríochta Gaeilge, go scaoilfí Diarmuid (fearacht Láimhbheartach Mac Cionnaith, John Ryan agus Aubrey Gwynn, mar shampla) i mbun saol agus ról an scoláire ollscoile. Ach bhí riarthóirí de dhíth – agus, pé d’fheil sé dó nó nár fheil – ceapadh é i mbun riaracháin: deich mbliana i mbun na macléinn ollscoile ó 1950-1960; dhá bhliain i mBelvedere mar ardmháistir (de bharr a airde is a thanaí a bhí sé, bhaist na buachaillí ‘Stretch’ air); máistir scoile ansin i gColáiste Gonzaga (áit ar chuir sé iontas an domhain ar chách lena chumas sa chruicéad – a rogha cluiche óna óige). Ar deireadh, in 1977, tugadh post dó mar léachtóir sa Spioradáltacht Cheilteach in Institiúid Pháirc an Mhuilinn.

Agus céard faoin Timire, a deir tú? Bhuel, ceapadh é ina eagarthóir air ó Fhómhar na bliana 1971 agus beirt shagart eile, Seosamh Ó Muirthile SJ agus Seán Ó Duibhir SJ ag cuidiú leis ó am go ham. Ach bhí Diarmuid ag scríobh altanna don iris le fada roimh 1971. ‘Níl An Timire ar na hirisí is mó le rá ar domhan ná fiú in Éirinn’, ar seisean, ‘ach ní miste a rá…gur oidhre é ar chuma éigin ar ár sinsir sa Chreideamh agus gur mó, b’fhéidir, a ghealfadh croí ár sinsear leis ná le formhór irisí cráifeacha eile na hÉireann’ – toisc gur ina dteanga dhúchais atá sí scríofa.

Faoi thionchar Ollamh le Gaeilge Choláiste Mhaigh Nuat, leag Diarmuid béim ar thábhacht thraidisiún spioradálta na Gaeilge. Rinne sé seo in iliomad altanna i nGaeilge agus i mBéarla, i léachtaí go leor, agus sa leabhrán breá uaidh, Irish Spirituality. Tá a lán scríofa faoin ábhar ó shin, ach ba cheannródaithe iad Diarmuid Ó

Timire

17

18

Timire

Laoghaire agus Donnchadh Ó Floinn. Sé buaic uile a shaothair i ngort na spioradáltachta dúchais, ámh, an leabhar beag téagartha (atá gafa trí cheithre athchló), Ár bPaidreacha Dúchais. Ós iad an teanga amháin iad an Ghaeilge agus Gaidhlig na hAlban, tarraingíonn an leabhar as saibhreas an dá thobar. Agus – tuilleadh torthúlachta – ghin an leabhar céanna dá mhionleabhar, nuair a d’fhoilsigh an tAthair Stephen Redmond SJ, le caoinchead an Athar Diarmuid, Faith of Two Peoples agus Prayers of Two Peoples. Iontu araon tá na bunphaidreacha dúchais Ghaeilge maraon le saoraistriú fíor-fhileata sa Sacs-Bhéarla ar a n-aghaidh amach.

‘Is fada fairsing iad iarsmaí an drochbhirt’, adeirtear. Ach in ainm Dé, nach bhfuil sé thar am againn cuimhniú – le lúcháir agus le buíochas – ar thionchar (‘iarsmaí’) dea-bhearta, dea-shampla agus dea-ghníomhartha na ndea-dhaoine, leithéidí Thaidhg Uasail (agus ba uasal é) Uí Mhurchadha a d’adhain i gcroí an Athar Diarmuid cíocras chun an tsaibhris úd ar thug an Piarsach ‘ár nAthardha’ air. Anuas, mar dhrúcht na maidne, ó lámha is ó chroíthe do sheacht sinsear a thagann sé chugat. Ná diúltaigh dó, ach fáisc chugat é, déan do chuid féin de, mar a rinne Diarmuid nuair a fuair sé léargas air – agus roinn thart é ar do chomharsana. Is mó ná riamh atá gá leis, agus Éire in isle brí mar atá. D’oscail Diarmuid mo chluas is mo thuiscint d’áilleacht ár n-amhrán. Canam, dá bhrí sin, laoithe dóchais, i dteanga bhinn na Fódla agus seasaimis go beomhar os comhair an tsaoil. Mar, a chairde, de réir Irenéus Naofa, ‘Is é is glóire Dé ann, an duine ina lánbheatha’. Agus toibreacha na beatha, is i gCroí Mhic Dé go fial, go flaithiúil is go flúirseach atá siad, mar a theagasc an tAthair Diarmuid agus An Timire, le briathar is le gníomh: ‘Tarraingeoidh sibh uisce go lúcháireach as toibreacha an tSlánaithe’. I gcochall Chroí Íosa go raibh tú, a Dhiarmuid. (Tráchtfar arís ar eagarthóirí eile a bhí ar An Timire.)

Tomhas an Timire: 166

1 2 3 4 5 6 7 8

Tháinig An Triúr Saoithe ón ...? Tá liosta d’ainmneacha fear thíos. Tóg litir as gach ceann acu chun an freagra a fháil. Eoghan Nioclás Diarmuid Risteard Mícheál Seán Cathal Peadar

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Bealtaine, 2012. Tomhas 165: Freagra: Colmcille Buaiteoir: Zara Mulkerrins, Carna, Co. na Gaillimhe.

This article is from: