2 minute read

Scéal Robbie

Timire

29

Scéal Robby

Bhí Mildred Horndorf ina múinteoir ceoil in Des Moines, Iowa. D’inis sí scéal Robby ar an idirlíon, buachaill a bhí aon bhliain déag d’aois, leanbh máthair shingil. Seo leanas mar a scríobh sí.

Ag a chéad cheacht ceoil, mhínigh Robby gur aisling a bhíodh ag a mháthair i gcónaí ná go gcloisfeadh sí é ag seinm an phianó. Ach ón tús, cheap mé gur shaothar gan toradh a bhí san iarracht é a mhúineadh. Thar na míonna, rinne mé iarracht, arís agus arís eile, é a theagasc. D’éistinn leis agus phlámásainn agus dhéanainn gach iarracht é a spreagadh. Gach seachtain déarfadh sé, ‘Cloisfidh mo mháthair mé ag seinm lá éigin’. Ní raibh ach aithne súl agam ar a mháthair. Chroitheadh sí lámh agus dhéanadh sí meangadh liom i gcónaí. Ansin stop Bobby ag teacht chun na gceachtanna. Mar nach raibh ábaltacht aige, shíl mé. Bhí áthas orm nár tháinig sé: drochtheist ar mo mhúinteoireacht a bheadh ann!

Cuid mhaith seachtainí ina dhiaidh sin, chuir mé imlitir chuig tithe cónaithe na mac léinn faoi cheadal ceoil a bhí le reachtáil. Chuir sé ionadh orm nuair d’iarr Robby cead orm bheith sa cheadal – fuair sé an imlitir freisin. Bhí a mháthair breoite agus ní raibh sí in ann é a thabhairt ar na ceachtanna pianó, ach bhí sé ag cleachtadh. ‘A Iníon Horndorf, caithfidh mé seinm!’ Ní shásódh aon rud eile é.

Tháinig oíche an cheadail. Bhí an giomnáisiam lán de thuismitheoirí agus dá gcairde. Chuir mé Robby ag deireadh an chláir. Thiocfadh aon damáiste a dhéanfaí ag an deireadh, agus bheadh mé in ann an scéal a tharrtháil le mo bhailchríoch. Bhuel, chuaigh an ceadal gan tuisliú. Ansin tháinig Robby ar an ardán. Bhí a chuid éadaí ina gclupaidí, agus cheapfá gur chuir sé buailteoir ubh trína a chuid gruaige. ‘Cén fáth nár chuir a mháthair air, ar a laghad, a chuid gruige a chíoradh?’, a smaoinigh mé.

Cuireadh ionadh orm gur roghnaigh Robby Coinséartó Uimhir 21 le Mozart agus é sin i mórghléas C, agus ní raibh mé ullamh don chéad rud eile a chuala mé. Rinne a mhéaranna damhsa éasca ar na heabhraí. Chuaigh sé ó pianissimo go fortissimo, ó allegro go virtuoso. Níor chuala mé riamh Mozart á sheinm chomh maith sin ag leanbh a aoise. Tar éis nóiméad go leith, chríochnaigh sé le crescendo mór agus bhí gach duine ar a gcosa agus ag tabhairt na gártha molta dó.

Rith mé suas ar an ardán agus na deora le mo shúile. ‘Robby, conas a d’éirigh leat é sin a dhéanamh, a d’fhiafraigh mé de. Leis an micreafón mhínigh sé: ‘A Iníon Horndorf, an gcuimhníonn tú gur dhúirt mé leat go raibh mo mháthair breoite? Bhuel, i ndáiríre bhí ailse uirthi, agus fuair sí bás ar maidin inniu. Bhí sí bodhar ón mbroinn, agus mar sin, anocht an chéad uair riamh a chuala sí mé ag seinm. Bhí uaim aire faoi leith a thabhairt di’.

Bhí Robby curtha faoi chúram altramais an oíche sin. Maraíodh é i mbuamáil Oklahoma in Aibreán 1995.

Aistriúchán ag Pádraig Ua Corbaidh ar ‘Robby’s Story’ as iris ‘Alive’, Meán Fómhair 2005, le caoinchead na nDoiminiceach, Tamhlacht.

This article is from: