5 minute read
Mise Eoghan
30
Timire
Lís Ní Chulainn
MISE EOGHAN
Dia dhaoibh, a chairde óga,
Agus na laetheanta ag dul i bhfad arís! Nach bhfuil sé go deas tar éis na ranganna siúl amach agus an lá fós geal, agus féachaint ar an treániarracht atá á dheanamh ag an chrann cnó capaill na bachlóga a bhrú amach arís? Ní fada uainn anois go mbeidh fás agus glaise in ár dtimpeall arís. Deir an seansagart anseo ins an Choláiste gur mór an tuar dóchais é Earrach nua don dúlra. Mór an trua, deir sé nach gcloíonn daoine le rialacha aiceanta a thabharfadh faill do Dhia tacú leo, agus iad a athnuachan faoi mar a dhéanann Sé leis an bhféar agus leis na sabhaircíní agus le lus an chromchinn. Brid i mbun Dráma
Bhí litir agam ó mo dheirfiúr, Bríd, an lá cheana. Idir ghol agus gáire a bhí sí ag insint a scéil. Is mór an ceilíuradh a dhéanann siad ins an Choláiste ina bhfuil sí ar Lá le Bríde, agus is
Timire 31
aoibhinn le Bríd an t-ullmhúchán go léir. Tá cúpla céad duine den lucht siúil gar dóibh, agus ina measc tá cúpla dosaen de chailíní agus de bhuachaillí deasa simplí a thuigeann Naomh Bríd agus a saol i bhfad níos feárr ná mar a thuigeann go leor de na daoine compordacha nach bhfaca lá ocrais riamh. Pé scéal é, chum Bríd dráma beag simplí don fhéile, agus mhúin sí na focla agus na dánta do na páisti siúil óga. Bhí sé ag dul rite léi na fuaimeanna a fháil uathu i gceart, mar ní osclaíonn siad an béal go leathan – rud atá riachtanach do ghutaí na Gaeilge. Mhúin sí cúpla véarsa de ‘Gabham Molta Bríde’ doibh, agus bhí sí féin á dtionlacan le feadóg stáin. Ins an cheolchoirm a bhí eagraithe don Choláiste féin bhí na gléasanna nua-aimseartha agus leictreachais acu don fhuaim agus cnaipe orthu a dhéanann cordaí gan spleáchas do na cantairi. Mar adeir Bríd, is fada uaidh sin a bhíodh na hiomainn ag Naomh Bríd agus ag na Siúracha ins an chlochar. Thriail sí dán eile ‘Dearc anuas, féach mar táimid, a Naoimh álainn, féach sinn’. Ach níor eirigh go rómhaith leis na páistí, mar bhí na línte rófhada. An Plota
Ins an dráma bhí an cailín beag seo ag aisteoireacht mar Naomh Bríd agus í ag caint leis an tiarna talaimh mar gheall ar an méid talaimh a bhí uaithi i gCill Dara chun clochar a thógáil. Bhí ceist ó bhuachaill - é gléasta mar thiarna talaimh - ‘Cé mhéad atá uait?’, agus ansin d’fhreagair Naomh Brid, ‘Oiread is a chlúdóidh m’fhallaing’. Ní bhíonn “ing” ag an lucht siúil i mBéarla ná i nGaeilge ná ina dteanga féin. Ach d’éirigh le Bríd, deir sí, é a mhúineadh, agus bhí sí breá sásta. ‘Dáiríre’, a deir sí liom ins an litir, ‘Bhí mé ag tnúth leis an miondráma seo a chur ar an stáitse ins an halla mar chuid den cheolchoirm mhór ar Fhéile Bríde. Campa Folamh
Tháinig siad go léir ag cleachtadh ar an Máirt, an 31 Eanáir, agus rinne Bríd socrú leo go rachadh sí féin chun iad a bhailiú ins an champa ar a cheathair a chlog an lá dár gcionn – Lá ’le Bríde. Tháinig Bríd ins an mionbhus go dtí an campa agus níor chreid sí radharc a dá shúl. Bhí an campa imithe scun scan. Chuir sí ceist ar dhuine a bhí ag gabháil timpeall.
‘Ó, an campa sin’, ar sé. ‘D’imigh siad aréir go dtí iarthar Chorcai. Tá go leór dá ngaolta ansin.’ Bríd bhocht agus a dráma, bailithe leo go Corcaigh! Bhí fiche nóiméad den cheolchoirm folamh cheal drama Bhríde, agus b’éigean do na ceoltóirí agus do na rinceoiri an bhearna a líonadh. Bhí Bríd idir ghol agus gháire agus na haisteoiri ón choláiste féin ag magadh fúithi. Níor chuir an eachtra isteach ar an Mháthair Beinidict ar chor ar bith. Ta sí seanchleachtach ar an lucht siúil. Ag gáire a bhí sí nuair a d’fhógair sí on árdán insan halla:
‘D’imigh na haisteoiri beaga go léir go Corcaigh aréir. Cá hionadh é? Nach chuige sin a thugaimid “lucht siúil” orthu? Agus tá mé cinnte gurbh é an chéad rud a rinne na páistí sin ar maidin ná dul ar lorg Bhríde ins an champa nua agus na héadaí don dráma orthu. Ní nós leo bheith chomh haireach linne i dtaobh cúrsaí spáis agus ama, mar ní gá dóibh de bharr an chineáil saoil atá acu. Ach tá mé ag ceapadh go ndearna siad an dráma beag agus an t-iomann ins an champa nua gan aon lucht éisteachta.’
Thug an slua ins an halla bualadh bos mór do Bhríd ansin, agus mar a deir sí, ‘Ní thriailfidh mé an dráma choíche arís le lucht siúil. Múinfidh mé rud don lá reatha - cócaireacht nó fuáil nó ealaín éigin – agus ní ullmhóidh mé éinne díobh don lá amarach.
Aspalacht na hUrnaí An Ofráil Laethúil
A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar inti nn Chroí Íosa agus ar inti nní an Phápa, mar atá ... (féach thíos)... agus ar m’inti nní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Intinní an Phápa
Mí an Mhárta 2012 Go dtuga an saol mór aitheantas don mhéid atá déanta ag na mná chun an tsochaí dhaonna a fh orbairt. Mí Aibreáin 2012 Go n-éiste mórán daoine óga le gairm Chríost agus go leana siad é sa tsagartóireacht agus sa bheatha chrábhaidh. Mí na Bealtaine 2012 Go gcuirtear chun cinn laisti gh den tsochaí dhaonna na ti onscnaimh a chosnaíonn agus a chothaíonn ról an teaghlaigh. Mí an Mheithimh 2012 Go n-aithní creidmhigh go bhfuil an Té a d’aiséirigh, ina láthair go beo san Eocairist, agus go bhfuil sé ina gcuideachta ina ngnóthaí laethúla.