1 minute read

Paidir agus Tomhas

Next Article
Scéal Robbie

Scéal Robbie

Timire 21

Paidir do Ghaeilgeoirí

A Thiarna, labhair tú leis na ciníocha ina dteangacha dílse féin Domhnach Cincíse. Labhair tú fós le muintir na hÉireann ina dteanga féin trí Phádraig, Bhríd, Cholmcille agus naoimh uile ár dtíre. Soilsigh ár n-aigne chun urraim a thabhairt don oidhreacht uasal a tháinig chugainn tríd an teanga sin, agus neartaigh ár dtoil chun í a shlánú agus a láidriú chun do ghlóire féin agus onóir na hÉireann, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Tomhas an Timire: 167

1 2 3 4 5 6 7

Ba ar Mhullach Bhaile ... a las Naomh Pádraig an chéad tine Chásca. Líon isteach an focal in easnamh. Tóg litir amháin as ainm gach ceann de na bailte thíos chun an freagra a fháil: An Inse, Damhliag, Cill Dealga, Baile Átha Buí, Cluain Ioraird, Ceanannas, Cill Mheasáin.

Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Aibreán, 2012. Tomhas 166: Freagra: Oirthear Buaiteoir: Caitlín Ní Ghallchobhair, Beann Traoi, Co Chorchaí

This article is from: