An Timire - Earrach 2012

Page 21

Timire

21

Paidir do GhaeilgeoirĂ­ A Thiarna, labhair tĂș leis na cinĂ­ocha ina dteangacha dĂ­lse fĂ©in Domhnach CincĂ­se. Labhair tĂș fĂłs le muintir na hÉireann ina dteanga fĂ©in trĂ­ PhĂĄdraig, BhrĂ­d, Cholmcille agus naoimh uile ĂĄr dtĂ­re. Soilsigh ĂĄr n-aigne chun urraim a thabhairt don oidhreacht uasal a thĂĄinig chugainn trĂ­d an teanga sin, agus neartaigh ĂĄr dtoil chun Ă­ a shlĂĄnĂș agus a lĂĄidriĂș chun do ghlĂłire fĂ©in agus onĂłir na hÉireann, trĂ­ ChrĂ­ost ĂĄr dTiarna. Amen.

Tomhas an Timire: 167

1

2

3

4

5

6

7

Ba ar Mhullach Bhaile ... a las Naomh Pådraig an chéad tine Chåsca. Líon isteach an focal in easnamh. Tóg litir amhåin as ainm gach ceann de na bailte thíos chun an freagra a fhåil: An Inse, Damhliag, Cill Dealga, Baile Átha Buí, Cluain Ioraird, Ceanannas, Cill Mheasåin.

Scriobh TOMHAS ar chlĂșdach do litreach, agus seol do rĂ©iteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 SrĂĄid LĂ­osain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 AibreĂĄn, 2012. Tomhas 166: Freagra: Oirthear Buaiteoir: CaitlĂ­n NĂ­ Ghallchobhair, Beann Traoi, Co ChorchaĂ­

TIMIRE Spring_2012.indd 21

21/02/2012 11:00


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.