Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
EARRACH 2012
an Chroí Ró-naofa € 3.75/Stg£3.25
Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna (Fil. 4:4)
TIMIRE Spring_2012.indd 1
21/02/2012 11:00
2
Timire
Eagarfhocal In eagrán an Gheimhridh rinne mé tagairt don phost úr atá agam, i mo stiúrthóir ar ‘Oifig na hEaglaise Beo’ i nDeoise an Dúin agus Choinnire. Fuair mé spreagadh iontach ó rud a dúirt an tAthair Micheál de Liostún linn nuair a bhí sé i láthair ag ‘Díseart Lae’ i mBéal Feirste i Mí Eanáir. Is é an bharúil atá ag Micheál gurb é an priomhrud agus an rud is tábhachtaí ar ceart dúinn a chur ar bun i bparóiste nó i bpobal Críostaí ar bith ná ‘coiste fáiltithe’. ‘Cad chuige ar tháinig Íosa ar talamh?’ a deir Micheál. Tháinig sé le cuireadh a thabhairt dúinn teacht ina chuideachta chuig a bhaile féin. Sa bhaile sin tá fáilte an mhuintearais romhainn faoi mar a bhí I dteach airneála ar bith in Éirinn fadó. Tá Íosa agus a Athair ina suí cois tine agus ciorcal mór cathaoireacha thart ar an tine, agus beidh áit ann i gcónaí do chathaoir amháin eile. Osclófar an ciorcal do dhuine ar bith a thagann isteach, comharsa, coimhthioch, nó ‘namhaid’ féin. Bhí slua breá – níos mó na cúigear is fiche – i láthair an lá sin, agus muidne inár suí i gciorcal. Ansin tháinig duine isteach go déanach. Bhí orainn an ciorcal a leathnú agus cathaoir bhreise a thabhairt isteach faoina choinne. ‘Fágtar cathaoir fholamh sa chiorcal díreach taobh istigh den doras!’ a dúradh, ‘le gur féidir leis an duine déanach teacht isteach gan náire a bheith air.’ Foilsíodh tuarascáil i ndeoise s’againne as ar tháinig an oifig úr seo. Chuir muintir na deoise béim ar leith ar chúig phointe sa tuarascáil sin: an chloch is mó ar a bpaidrín go mbeadh chomhpháirtíocht agus chomhfhreagracht idir cléir agus tuataí agus an dara rud, go mbeadh pobal oscailte fáiltiúil againn san Eaglais Chaitliceach in Éirinn. Tá íomhá álainn agam agus mé ag dul I mbun gnó: an tAthair agus an Mac cois tine (an Spiorad Naomh) agus ciorcal oscailte, fáiltiúil, agus cathaoir fholamh díreach taobh istigh den doras. Agus mé ag fágáil chathaoir an eagarthóra, guím gach uile bheannacht ar lucht léite uile An Timire. Alan Mac Eochagáin SJ
TEARMANN
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com
Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann TIMIRE Spring_2012.indd 2
21/02/2012 11:00
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4
Banlaoch Mhuire
6
Caitríona Uí Chatháin
Saoirse Chreidimh faoi Ionsaí
Pádraig Ó Murchú SSC
8
Guígí Máistír an Fhómhair
Caitríona Uí Chatháin
10
Náisiún ag éirí as a shuan
Peadar Bairéad
12
Críost Aiséirithe
Ekeno Augostine SJ
14
Paidreacha
Pádraig Ó Conaill
15
Ról an Teaghlaigh i Saol an Lae inniu
David Quinn
18
Villa Spada na Róimhe
Brian Mac Cuarta SJ
21
Paidir agus Tomhas
22
Chuir Muire chun bóthair
An tAthair Pádraig Ó Máille
24
Paidir Íosa
Frainc Mac Brádaigh SJ
26
Im Leabharlann Dom
Seán de Fréine
29
Scéal Robbie
30
Mise Eoghan
Ar dheis Dé: An tAthair John Fitzgerald SJ, Micheál Ó Cinnéide, Martin Ó Gacháin, Chris Uí Cheallacháin
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.
Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Caitríona Uí Chatháin Seosamh MacAodhagáin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB
Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 447 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Feabhra 2012
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas
TIMIRE Spring_2012.indd 3
Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí
Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire
Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta
Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138
Dearadh: Messenger Publications Design Department
Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624
21/02/2012 11:00
4
Timire
Banlaoch Mhuire Caitríona Uí Chatháin Ag machnamh dom ar intinn an Phápa don mhí seo, tháinig bean isteach i mo cheann a raibh tionchar mór aici ar an saol. An duine atá i gceist ná Éadáil Ní Choinn, ball den Léigiún Mhuire, a chaith blianta deireanacha a saoil. go dtí a bás, ag saothrú i ngort an Tiarna san Afraic. Rugadh Éadáil i gCeann Toirc, Contae Chorcaí, sa bhliain 1907. D’fhéadfá a rá gur chailín speisialta a bhí inti, de bhrí go raibh sí i gcónaí gealgháireach agus cairdiúil, fonn spóirt uirthi agu í ‘i gcónaí réidh le cleasaíocht gan urchóid.’ Chomh maith leis sin, bhí sí cráifeach agus an-deabhóid aici don Aifreann, don tSacraimint Ró-Naofa, agus don
tubaiste mhór di nuair a buaileadh í leis an eitinn. Chaith sí timpeall deich mí i sanatóir an Chaisleáin Nua, i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. D’fhág sí an sanatóir sula raibh biseach ceart uirthi, ach de bharr shárchúram a máthar agus aire éifeachtach a dochtúra, bhí sí ar ais gan mórán moille ina post, ag obair agus ag gabháil le misean an Léigiúin. Sa bhliain 1936 roghnaíodh í mar Leagáid an Léigiúin Mhuire don Afraic Thoir. Is san Afraic a chruthaigh sí an miotal a bhí inti. Níor theip ar an misneach uirthi riamh, cé gurbh iliomad na constaicí a bhí ina haghaidh, agus go háirithe crá na drochshláinte, an mhaláire san áireamh. Ach an dóchas diaga a bhí ina croí; is ón Aifreann, ón tSacraimint
Chorraigh a dúthracht agus a misneach croíthe daoine, agus d’fhág Léigiún Mhuire agus an Afraic faoina comaoin go deo Mhaighdean Mhuire, rud a d’fhoglaim sí óna tuismitheoirí. Ní hionadh é, mar sin, go raibh síol na Beatha Crábhaidh ag borradh ina croí. Tar éis na meánscolaíochta, thosaigh sí ag obair mar rúnaí, agus sula i bhfad (1929) bhí sí ina ball den Léigiún Mhuire. (Ba é Frank Duff, státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais, a bhunaigh gluaiseacht aspalda an Léigiún Mhuire i mBaile Átha Cliath in 1921). Dúirt Éadáil gurbh é ‘grá a croí é an Léigiún’. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí Ord na gCláiríní Bochta (Poor Clares) ar tí í a ghlacadh ina gcomhluadar i mBéal Feirste, ach bhain
TIMIRE Spring_2012.indd 4
Ró-Naofa, agus ón Mhaighdean Mhuire, Banríon an Léigiúin, a tháinig an dóchas sin agus an neart miorúilteach. Thosaigh sí ag obair i dtosach in Nairobi na Céinia ag bunú brainsí (praesidia) den Léigiún. Thaisteal sí ar fud na Céinia agus as sin go dtí Uganda, An Taingainíc, agus Sainsibeár, limistéar a faoi faoi cheannas na Breataine ag an am. An modh oibre a bhí aici ná dul i dteagmháil leis an gcléir agus a gcomhoibriú a fháil. Ansin bhíodh cruinniú Domhnaigh aici nuair a labhraíodh sí leis an bpobal, agus ina dhiaidh sin, thionólfaí cruinniú tosaigh
21/02/2012 11:00
Timire
5
Theas, agus d’fhill sí ar de Praesidium nua. Nairobi Mí Eanáir 1943. Thabharfadh sí athchuairt Cé go raibh sí fós breoite, ar an áit ina dhiaidh sin a lag agus tuirseach, lean chinntiú go raibh ag éirí sí uirthi leis an obair. leis an bPraesidium, nó Fuair sí bás 12ú Bealtaine ag réiteach deacrachtaí 1944, agus tá sí curtha i beaga. Bhí obair Nairobi na Céinia. aspalda idir lámha ag na Ar a leac, tá na focail Praesidia, mar shampla, seo leanas: ‘Chorraigh ag féachaint chuige go a dúthracht agus a dtiocfadh na páistí ar misneach croíthe daoine, scoil, cabhrú sa scoil agus d’fhág Léigiún agus sa séipéal, cuairt a Mhuire agus an Afraic thabhairt ar na heasláin faoina comaoin go deo. agus iad siúd sna priosúin, Mhol an tAthair Naofa agus orthu siúd a bhí féin a cuid saothair ar neamhchúramach faoi son na hEaglaise’. Is chleachtadh creidimh. cinnte gur fhág Éadáil Uaireanta, bhíodh drogall oidhreacht iontach ina ar an gcléir glacadh leis diaidh. De bharr a cuid an Léigiún agus cuireadh oibre cuireadh na céadta go leor constaicí ina praesidia ar bun agus coinne. Go minic, bhí go leor ard-chomhairlí uirthi dul ar thurasanna Fuinneog san eaglais i gCnoc (Curia) ina diaidh ar bhun fada ar leoraí nó a leithéid Mhuire, Co. Mhuigheo seasta. San lá atá inniu trí phuiteach ar drochann tá na mílte Afracaigh páirteach in bhóithre, agus fiú amháin aibhneacha obair aspalda an Léigiúin. faoi thuile a thrasnú. Ar an 15ú Nollaig 1994, rinne an Pápa Chaith Éadáil cuid mhaith den bhliain Eoin Pól II forógra ag gairm Urramach 1940 ar Oileán Mhuirís (Mauritius), di, nó Venerabilis, ag dearbhú naofacht oileán i lár an Aigéin Indiaigh, atá breis laochas Éadáil. Tá éachtaí iontacha is míle míle ó mhórthír na hAfraice, agus ár Laoch Aspalda san Afraic inste go d’éirigh go geal léi ann. Ansin thosaigh críochnúil agus go hálainn ag an sí ag obair i Niasalainn (nó an Mhaláiv gCanónach Séamas S de Vál ina leabhar, mar a thugtar anois uirthi ) ach d’éirigh sí Éadáil Ní Chuinn – Laoch na hAspalachta an-tinn. Bhí idir an mhaláire, an pliúirisí, san Afraic. an dinnireacht, agus dar ndóigh an (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2007. eitinn, don dara huair, ag cur isteach €12.50 móide postas, le fáil ó Oifig an uirthi. Chaith sí tréimhse i sanatóir taobh Timire, Sráid Líosain). amuigh de Johannesburg na hAfraice
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí an Mhárta 2012 Go dtuga an saol mór aitheantas don mhéid atá déanta ag na mná chun an tsochaí dhaonna a fhorbairt.
TIMIRE Spring_2012.indd 5
21/02/2012 11:00
6
Timire
Saoirse Chreidimh faoi Ionsaí Pádraig Ó Murchú SSC Níl saoirse chreidimh le fáil i gceithre thír is seasca ina maireann 70% de phobal an domhain. Tá furmhór na dtíortha sin san Afraic Thuaidh, sa Mheán Oirthear agus soir tríd an Áis go dti an Chóiré Thuaidh. Cónaíonn dhá chéad milliún Críostaí iontu go léir, an mionlach creidimh is mó ar domhan. Maireann siad faoi leithcheal agus go ró-mhinic faoi ghéarleanúint. Tá saoirse creidimh i dtír nuair is féidir cleachtadh poiblí a dhéanamh air agus bheith ábalta é a chraobhscaoileadh chun lucht leanúna a chothú. Lena chois sin, bheith ábalta athrú ó chreideamh amhain go creideamh eile nó go dtí gan aon chreideamh in aon chor. Ina lán tíortha Ioslamacha glaotar ‘seantóir’ (renegade), ‘neamhchreidmheach’ (unbeliever) nó ‘namhaid Ioslaim’ ar aon Ioslamach a iompaíonn ar chreideamh eile. Ina lán tíortha Ioslamacha, is coir in aghaidh dlí sibhialta na tíre a leithéid sin a dhéanamh. Leanann sciuirseáil phoiblí, téarma fada priosúin nó daoradh chun báis an malartú sin. Is minic an íde chéanna i ndán don neamh-Ioslamach nach géilleann don iallach chun iompú ina Ioslamach. Ní hionadh go bhfuil an oiread sin Críostaithe ag teitheadh as na dúichí sin le blianta beaga anuas. Bhi bunúsaíochas (fundamentalism) riamh le fáil i measc na nIoslamach ach tháinig sé chun foirfeachta leis an gComhaltas Ioslamach (Muslim Brotherhood) – bunaithe san Éigipt in 1928 – agus le tathaint ó idéeolaíocht Wahhabi san Araib Shádach. Anois, tá béim ar chiall litriúil a bhaint as Ioslamachas agus filleadh siar á dheanamh ar bhun-phréamh Ioslaim a
TIMIRE Spring_2012.indd 6
bhi á chleachtadh in aimsir Mahamad. Creideann an ghluaiseacht sin go bhfuil naimhde an chreidimh go tiubh ina dtimpeall. I measc na naimhde, tá rialtais lofa Ioslamacha ann, dar leo, atá ag adhradh déithe bréige na hAoise Nua. Deir siad go mbaineann mórchuid de phobal an Iarthair le haindiachas coilíneach. Glaonn siad ‘crosáidirí’ fiú ar na Críostaithe a mhaireann cliathánach leo leis na cianta. Fógraíonn na hIoslamaigh radacacha sin go bhfuil foréigean agus sceimhliú ina chuid d’adhradh Allah. Tá naimhde le scriosadh ón saol. Baintear ciall litriúil as jihad (coiriúlacht ar son an chreidimh). Glacann a lán acu go bhfuil gá le buamaí agus le dúnmharú chun cuspóiri diaga a chur chun cinn. Tá an diagacht, an pholaitíocht agus an gnáthshaol fite fuaite isteach ar a chéile agus ní féidir idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Aontaíonn mórchuid Ioslamach le plean Al Qaeda chun fórsaí míleata Mheiriceá a dhíbirt ó gach dúiche Ioslamach, an dli Sharia a chur i bhfeidhm i measc an phobail, agus gach tír Ioslamach a aontú le chéile in aon mhór-stát amháin, sé sin Cailifeacht (Caliphate). Inniu, níl fiú foirgneamh amháin Críostaí ina sheasamh san Afganastáin. Tá 75% den phobal Críostaí teite as an Iaráic ó thosnaigh scriosadh an Iarthair (le Desert Storm) in 1991. Ruaig pobal na hÉigipte an tUachtarán Mubarak ó chumhacht in Aibreán 2011. Ta an tArm ag riaradh na tíre ó shoin. Ar an 25u lá de Mhí Dheireadh Fómhair mharaigh an tArm cúig is fiche Críostaí Coptach a bhi páirteach i sluachorraíl shíochanta ar mhaithe le saoirse creidimh. Ag deireadh 2011 agus i Mí Eanáir na bliana
21/02/2012 11:00
Timire
seo bhí olltoghcháin ann ina bhfuair an Comhaltas Ioslamach agus páirtithe Ioslamacha eile tromlach na vótaí. Tá eagla ar deich milliún Críostaí Coptach go gcuirfear dlí sharia i bhfeidhm sa tír. Tá imní ar Chríostaithe uile an Mheánoirthir faoin todhchaí ina dtíortha féin. Bagraíonn an tÉirí amach sa tSiria ar an Uachtarán Bashar al-Assad. Thosaigh a athair, Hafez al-Assad, deachtóireacht sa tír in 1970 agus lean Bashar é in 2000. Thug an bheirt acu cead a dtola do mhionlach Ioslamach Alawi chun smacht a choimeád ar an dtír dóibh. Má theipeann ar réim Assad tiocfaidh tromlach Ioslamach Sunni chun cinn. Tá 10% de phobal Siriach ina gCríostaithe agus ceapann siad go leanfaidh ansmacht an mhalairt chumhachta sin. Dá olcas iad Saddam Hussein, Hosni Mubarak, Hafez agus Bashar al-Assad thugadar cosaint riamh dos na Críostaithe. Tá na Críostaithe anois
7
teanntaithe ag an saol. Is cuma le rialtais an Iarthair mar gheall ar a gcás. Níl uathu sin riamh ach an phingin is airde ar an margadh. Ní theastaíonn uatha baint nó páirt a bheith acu leo. Dúirt Uachtarán Sarkozy na Fraince le Patrarc Beshara Rai na Liobáine go mbeadh a chuid Críostaithe níos fearr as dá dtiocfaidís ar imirce go dtí an Fhrainc. Ní bhuailfeadh an tUachtarán Obama leis an Patrarc nuair a chuaigh sé go Washington chun cás Chríostaithe an Mheánoirthir a phlé leis. Is fuirist dearmad a dhéanamh ar na Críostaithe sin. Ta sé de dhualgas orainn cabhrú leo i ngach slí gur féidir linn agus guigh go mbeidh siad dílis d’oidhreacht uasal a muintire. Ba mhór an trua é muna mbeadh aon Chríostaithe ag maireachtáil sa taobh sin den domhan ina rugadh ár Slánathóir. Tá an tAthair Pádraig ag obair mar mhisinéir sa Choiré ó 1968 ar aghaidh.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mhárta 2012 Go ndeona an Spiorad Naomh buanseasmhacht dóibh siúd go léir a fhulaingíonn leithcheal, géarleanúint nó an bás in ainm Chríost, san Áise ach go háirithe.
TIMIRE Spring_2012.indd 7
21/02/2012 11:00
8
Timire
Guígí Máistir an Fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar (Matha 9:38)
Caitríona Uí Chatháin
Scéal Olivia Mary Taaffe
Nuair a thosaigh mé ag obair mar státseirbhíseach óg sna seascaidí, chuala mé den chéad uair faoi Cumann Ábhair Sagart le Seosamh Naofa (St. Joseph’s Young Priests’ Society) a bhí ag cabhrú le fir óga bheith ina sagairt anseo in Éirinn agus thar lear. Ghlac mé le cuireadh síntiús rialta a thabhairt chun cabhrú leis an obair fhiúntach a bhí idir lámha acu. Ba í Olivia Mary Taaffe a rugadh i nGaillimh a bhunaigh an Cumann thart ar 1895, agus tá an Cumann beo agus faoi bhláth fós leis na céadta brainsí ar fud na tíre. Eagraíonn an Cumann cruinnithe urnaí ar son gairmeacha chun na sagartóireachta, agus bíonn oilithreachtaí, adhradh na hEocairiste, seimineáir, agus cúrsaí spioradálta ar siúl chomh maith. Is ar bonn paróiste is mó a oibríonn an Cumann, le cead an tsagairt pharóiste. Buaileann an brainse le chéile gach mí chun guí agus chun na himeachtaí a eagrú. Cabhraíonn an Cumann le mic léinn ó dheoise ar bith sa tír, tar éis moladh ó Bhord Sagart atá ceaptha ag Ardeaspaig na hÉireann. Cabhraíonn an Cumann freisin le hábhar sagairt ar fud an domhain, pé áit ina bhfuil cabhair de dhíth. Is cabhair airgid agus urnaí atá i gceist.
Rugadh Olivia Mary Blake in 1832. Fuair a máthair bás go gairid tar éis a breithe, agus ba iad a seanmháthair agus a haintíní a thóg í. Bhog siad go Baile Átha Cliath nuair a bhí sí óg. Tógadh í i dtimpeallacht an-reiligiúnach, agus fuair sí oideachas príobháideach, den chuid is mó ó mháistreás cónaithe ón Fhrainc . De bharr sin, bhí sí go mór faoi thionchar na hEaglaise sa Fhrainc agus san Iodáil le linn a hóige. Chríochnaigh sí a cuid oideachais i bPáras na Fraince agus í go luath ina fichidí. Sa Fhrainc chonaic sí Mórshiúl na Naomh-Shacraiminte, agus chuaigh an deabhóid a bhí ag an bpobal di i gcion go mór uirthi. D’fhás grá mór inti freisin do Naomh Seosamh. In 1867 phós Olivia John Taaffe, duine a raibh suim mhór aige, amhail í féin, sna Íosánaigh, agus deabhóid aige do Naomh Seosamh. Bhí cónaí orthu i gCo Lú. Saolaíodh mac dóibh in 1871, ach fuair eisean bás faraor in 1893 in aois dhá bhliain is fiche dó. Fuair a céile bás cúpla bliain roimhe sin. Tar éis bhás a céile agus a mic, bhog Olivia go Dún Laoghaire agus níos déanaí go Domhnach Broc. I rith a bpósta thaisteal Olivia agus John ar fud na hEorpa. I Maranville sa Fhrainc, bhí gluaiseacht a bhunaigh An Canónach Seosamh Roy do chairde Naomh Seosamh, mar Chosantóir na bhFíréan, agus bhíodh i gcónaí cúpla buachaill ó theaghlaigh bhochta sa pharóiste ag cabhrú leis an liotúirge agus ag ullmhú chun bheith ina sagairt. Fuair siad oideachas sa Laidin agus
TIMIRE Spring_2012.indd 8
21/02/2012 11:00
Timire ábhair eile agus thug daoine cráifeacha cúram dóibh ó thaobh cúrsaí airgid agus spioradálta de. Thug Olivia féin cúnamh do cheann de na buachaillí sin. Chuir sé seo smaoineamh i gceann Olivia. Tar éis bhás a céile agus a mic, chuir sí a croí isteach i gComhbhráitheachas (Fraternity) Naomh Seosamh, brainse Éireannach den ghluaiseacht in Maranville. Chabhraigh an sagart Íosánach, Joseph Darlington, a bhí féin ina iompaitheach (convert) chun leagan Béarla den nuachtlitir Francach, La Gerbe, a chur ar fáil faoin ainm St Joseph’s
PAIDIR AR SON GAIRMEACHA A Íosa, cuir oibrithe isteach i do ghoirt, atá ag fanacht le haspail naofa, le sagairt chráifeacha, le misinéirí cróga agus le siúracha agus bráithre dílse. Adhain i gcoíthe ár muintire lasar na naomhghairme. Deonaigh go mbeidh fonn ar theaghlaigh Críostaí cúntóirí a sholáthar dod Eaglais agus dá saothar sa todhchaí. Amen
9
Sheaf. Foilsíodh an nuachtlitir den chéad uair ar fhéasta Naomh Seosamh in 1895. An chéad achainí a bhí ann ba ar son buachaill altóra i nDún Laoghaire í a raibh na tréithe cearta aige don tsagartóireacht ach nach raibh a dhóthain airgid ag a thuistí chun íoc as a chuid oideachais. Chomh maith le cuid dá cuid airgid féin a chur ar fáil dó, d’iarr Olivia cúnamh ó léitheoirí na nuachtlitreach. D’éirigh leis an achainí, agus bhí ar chumas an leaid óig freastal ar Choláiste Mungairit, Co. Luimnigh, lena chuid oiliúna a fháil. Ag éirí as an toradh seo, d’iarr Olivia cúnamh chun cabhrú lena lán fir óga eile agus faoi chríoch an dara bliain bhí na léitheoirí ag tabhairt cúnaimh do dheichniúr mac léinn. Bhí Cumann Naomh Seosamh ar an saol. Chomh maith le cúnamh a thabhairt do mhic léinn a bhí ag ullmhú don tsagartóireacht chun obair in Éirinn agus i dtíortha mar Mheiriceá, an Astráil agus an Afraic Theas, iarradh ar an gCumann cabhrú leis na misin sa tSín agus san Chianoirthear (Far East), agus ghlacadar leis an dúshlán nua seo ag am nach raibh aon dream Éireannach eile ag cabhrú sna críocha sin. San lá atá inniu ann, tá an Cumann ag cabhrú le níos mó ná ocht gcéad mac léinn san Afraic, san Áis, i Meiriceá Theas, in Oirthear na hEorpa agus in Éirinn. Más mian leat bheith páirteach sa Chumann, breathnaigh ar: www.stjosephsyoungpriestssociety.com nó cuir scairt ar: (01) 6762953 Olivia Mary Taaffe
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Aibreáin 2012 Go n-éiste mórán daoine óga le gairm Chríost agus go leana siad é sa tsagartóireacht agus sa bheatha chrábhaidh.
TIMIRE Spring_2012.indd 9
21/02/2012 11:00
10
Timire
Náisiún ag éirí as a shuan Peadar Bairéad
Cartlann an Ath. de Brún, Davison and Associates
TIMIRE Spring_2012.indd 10
21/02/2012 11:00
Timire Cuimhní Cinn na hÓige Tá cuimhne mhaith agam fós ar an mbliain 1932. Bhí an Stát s’againne fós ina óige. Bhí corraíl draíochta san aer, agus borradh úr ag teacht in anam agus in aigne an náisiúin. Bhí cónaí orm féin in Iorras na nIontas, thiar i gContae Mhaigh Eo, ag an am, agus thabharfadh duine ar bith faoi deara go raibh meisce na saoirse fós ag coipeadh i bhfuil agus i bhfeoil na cosmhuintire. Ná ceap anois, go raibh saol an mhadaidh bháin fós curtha in áirithe dár muintir. B’fhada uainn an saol
11
nach mbeadh sise, nó sinne, páirteach sa cheiliúradh sin.
Bratacha ar foluain Is cuimhin liom, freisin, gur mhol an sagart paróiste dá phobal bratacha náisiúnta agus bratacha an Phápa a fháil agus a chur in airde ar shimléaraí a dtithe, leis an ócáid stairiúil sin a cheiliúradh. Sea, agus rinneadar rud air freisin, agus geallaimse duit é gur ghalánta corraitheach an radharc é, breathnú ar na bratacha sin, ar foluain le gaoth,
Mhínigh sí go raibh muid ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta chun na tíre seo Útóipeach sin fós, nó ní raibh acu ach ón láimh go dtí an béal, agus Conchúr Mór sa Chúinne ag a mbunús fós. Ach bhí dóchas ina gcroí istigh acu go raibh an Geimhreadh thart.
Ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta Ar scoil dúinn, rinne ár múinteoir, Iníon Uí Choinn, chuile iarracht ar sholúntacht na hócáide a chur i dtuiscint dúinn. Sea, agus thugadh sí sinn ar thurasanna chuig Theach Pobail an Gheata Mhóir, agus mhíníodh sí dúinn tábhacht an cheiliúrtha a bhí ar siúl i dtír seo na hÉireann, ag an am. Mhínigh sí go raibh muid ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta chun na tíre seo, cúig chéad déag bliain roimhe sin, nó nár tháinig Pádraig Mac Calprainn féin chugainn, leis an gCríostaíocht a chraobhscaoileadh anseo inár measc, sa bhliain AD 432? Thuig sí nach mbeadh a chómhaith de cheiliúradh againn sa tír seo arís go dtí an bhliain 2032, agus chuile sheans, dár lei,
TIMIRE Spring_2012.indd 11
os cionn simlearaí na dtithe aoldaite ceanntuí, agus iad ag seoladh go bródúil ó cheann ceann an bhaile, faoi mar ba chabhlach mara iad. Sin iad na cuimhní a rith liom, an lá cheana, nuair a chuala mé go rabhthas le Comhdháil Eochairisteach a thionól i dtír seo na hÉireann arís, sa bhliain 2012, le cuimhne cheithre scór bliain Chomhdháil 1932 a chomóradh. Ba ansin a tuigeadh dom go raibh breall ar Iníon Uí Choinn, agus nach mbeadh orainn fanacht céad bliain don chéad cheiliúradh eile. Sea, is fada liom uaim é an ceiliúradh céanna sin, nó ba bhreá liom meisce dhraíochta na Comhdhála Eochairistí a bhlaiseadh athuair.
Nóta ón Eagarthóir: Beidh an Chomhdháil Eocairisteach 2012 ar siúl i mBaile Átha Cliath ón Domhnach, 10ú Meitheamh go dtí an Domhnach, 17ú Meitheamh. Beidh clár imeachtaí ar siúl gach lá, ag críochnú le hAifreann i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Tá a thuilleadh eolais ar: www.iec2012.ie
21/02/2012 11:00
12
Timire
Críost Aiséirithe ina Chomhartha Dhóchais don Afraic Ekeno Augostine SJ
Mar Chríostaí Afracach ó ilchríoch atá ar cheann de na cinn is dainséaraí ar domhan, ní fhéadfainn gan bheith ag ceistiú cén bhrí atá le Focal Dé do na milliúin Afracach atá ina gcónaí i gceantair choimhlinte atá faoi rialtais neamh-sheasmhacha; dóibh siúd atá ag dul a luí agus ocras orthu; do na milliúin dílleachtaí Afracach; do na milliúin leanbh atá ag fáil bháis ó mhaláire; agus don bhreis is dhá mhilliún is fiche duine atá ag fulaingt le SEIF (AIDS). Cén bhrí atá ann dóibh le baint as an Cháisc – Aiséirí Chríost ó na mairbh. Cén chiall atá le focail Chríost: ‘Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sé acu go fial’; ‘Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh é mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air’; ‘Labhair mé na nithe sin libh, ionas go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.’ Do Chríostaithe na hAfraice atá ag tabhairt aghaidh ar na fadhbanna truamhéileacha atá luaite agam thuas, tá cuma chianda gan brí le focail Chríost faoin tsíocháin. Níl san fhocal ‘síocháin’
TIMIRE Spring_2012.indd 12
ach smaoineamh nach bhfuil aon bhunús leis. Déarfainn gur mó ar fad an chiall a bhainfeadh na Críostaithe as focail seo leanas Chríost: ‘An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, a deirim libh, ach easaontas. Óir as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt’; ‘Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé ar talamh. Ní síocháin a tháinig mé chun cur ann ach claíomh. Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair, agus bean mhic le máthair a céile, agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine‘; ‘Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é…agus an té nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.’ Tá a fhios againn go raibh Íosa ag labhairt i gcomhthéacs difriúil; bhí sé ag tagairt don choimhlint a d’fhéadfadh tarlú i lár teaghlaigh faoina gcreideamh nó a ndíchreideamh ann. Ach tá cuma na fírinne ar na focail sin do chluasa Afracacha. Is ionann focail Íosa agus ‘an status quo’ – ceann gruama atá sainmhínithe go soiléir le ‘claimhte’, ‘coimhlintí’ agus ‘easaontas’. Gan dabht, tá an saol lán de fhulaingt agus den bhás. Amhail Íosa, níl taithí ag roinnt mhaith Afracach, idir óg agus aosta, ach ar ‘Aoine an Chéasta’. Amhail Íosa, daoradh chun báis iad de bharr galair, coimhlintí agus rialtais leatromacha. Buíochas le Dia, éiríonn le roinnt mhaith acu a ndóchas a chur ‘i ngrá Dé fiú nuair nach mbraitheann siad é’. Anois agus muid ag ceiliúradh na Cásca,
21/02/2012 11:00
Timire creidim go láidir nach é Calvaire deireadh an scéil. Calvaire atá ann maidir leis na dálaí náireacha agus contúirteacha atá faoi láthair san tSomáil, in Darfur, san tSiombáib, i gCósta an Eabhair (Ivory Coast), san tSúdáin Theas, sa Chongó. Cé go bhfuil sé fíor go bhfuil go leor daoine sna tíortha siúd fós ‘greamaithe den chrois’, ag fáil bháis agus á gcur san uaigh go tapa, tá an fhianaise ann freisin ar chumhacht Dé chun daoine a shaoradh. Ag féile na Cásca, is ea a chinnítear diacht Íosa – féile a thugann deis don chlann daonna siúl freisin ‘i mbeatha úrnua’. Tá dhá choinníoll ag baint leis an bheatha úrnua seo a bhronnann stádas mar leanaí Dé orainn, sé sin, ‘bua ó pheaca’ agus ‘páirt úrnua sa ghrásta’. Tugann an Cháisc trí dheis do mhuintir na hAfraice síocháin a bhlaiseadh. Is scéal dóchasach é an Cháisc do íospairtigh (victims) neamhurchóideacha, de réimis shóisialta, eacnamaíochta, pholaitiúla agus de gach saghas cumhachtaí eile nach bhfuil neart acu orthu. Is bua é an tAiséirí ar éadóchas ‘Aoine an Chéasta’ seo, lena scéal faoin chóir ag fáil an lámh in uachtar ar an éagóir, an mhaitheas ar an olc, agus an fhírinne ar an neamhfhírinne. Ar an dara dul síos, agus ag leanúint dea-shampla Chríost, tá cúis againn ‘ár gcreideamh a chur sa ghrian,
13
fiú muna bhfuil sí ag taitneamh’, agus a fhios againn go mbeidh sí ag lonradh arís ar ball. Amhail Chríost, níl ag roinnt mhaith Afracach ach Dia amháin, chun a muinín a chur ann, os rud é go bhfuil an cine daonna ‘scriosach’ agus ‘neamhiontaofa’. Tá creideamh láidir i nDia le feiceáil i ngach áit san athnuachan leathan sna hEaglaisí, atá lán de dhaoine idir óg agus aosta. An tríú gné ná misneach – ba trína throid mhisniúil ar son na fírinne a fuair ár dTiarna an lámh in airde ar an bpeaca. I ndálaí deacra is é an daingne spioradálta an rud is géirchéimí nó criticiúla. Is é an tAiséirí a chuireann bunús nua faoi chlann daonna lán de ghrásta Dé agus a thugann geallúint dúinn de bhua trí Chríost. Bhuaigh Íosa an chath ar an dorchadas, agus déanfaimidne an rud céanna freisin. Tá gá go dtuigfeadh muintir na hAfraice go bhféadfadh siad an bua a fháil ar chumhachtaí an oilc, ach a ndóchas a chur i nDia uilechumhachtach grámhar, nach bfuil le braith, uaireanta, ach atá i gcónaí i láthair. Tá Ekeno Augostine ó Oirthear na hAfraice ina scolaí (scholastic) Íosánach; tá sé ag staidéar faoi láthair i gColáiste na Tríonóide le haghaidh Máistir Fealsúnachta sa Léann um Shíocháin Idirnáisiúnta.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Aibreáin Go raibh Críost arna Aiséirí ina chomhartha chinnte dhóchais do fheara agus do mhná Mhór-roinn na hAfraice.
TIMIRE Spring_2012.indd 13
21/02/2012 11:00
14
Timire
Paidir chun Micheál Naofa A Mhichíl Naofa, Ón bpeaca saor sinn, Ag gabháil trí chéasadh An tsaoil dúinn. Bí láithreach romhainn Mar threoir i gcóir. Agus tabhair go Neamh Leat féin sinn. Paidir chun na Maighdine Muire A Mháire, a Mhuire na nGrást, Leath do bhrat ar ár saol-na Áitimid ort. Tabhair do chúnamh don té Atá tláith, Agus treoraigh chugat féin Ins na Flaithis muid. Paidir chun Dia na Glóire A Dhia, nuair atá tuaiplisí an tsaoil Ag cur brú ar m’inchinn is m’aigne, Ar do chúnamh le muinín sea glaoim Chun mé a threorú ar bhóthar mo leasa-sa. Trí dhán le Pádraig Ó Conaill, 2011
TIMIRE Spring_2012.indd 14
21/02/2012 11:00
Timire
15
Ról an Teaghlaigh i Saol an Lae Inniu David Quinn
Is ceann de na fíricí is bunúsaí ar an saol seo ná go bhfuil, nó go mbíonn máthair agus athair ag gach leanbh. Is seafóid ar bealach gur gá é a rá ar chor ar bith, ach mairimid i saol ina gcreideann cuid mhaith daoine nach bhfuil tábhacht ró-mhór ag baint leis an cheist seo.Tá dhá dhearcadh ar an cheist. Tugann taobh amháin tús áite don phósadh. An dearcadh eile, tá sé bunaithe ar an éagsúlacht, ar shaoirse an duine nó na beirte a thagann le cheile. An dearcadh atá bunaithe ar an phósadh, is é seo an dearcadh atá ag an Eaglais. Ní amháin sin, ach is dearcadh é a bhí in uachtar i ngach tír beagnach go dtí le deireanas. De réir an dearcaidh seo, ba chóir go dtógfaí gach páiste a thagann ar an saol ag an bhfear agus an bhean a chuir ar an saol é. Ar an ábhar seo, is institiúid chomhchoitianta shóisialta í an pósadh, idir fear agus bean (nó idir fear agus beirt bhan nó níos mó i bpobal polagamach). Tugadh stádas speisialta don phósadh, in achan tír ar domhan, agus é de chuspóir acu fir agus mná a spreagadh le fanacht dílis dá chéile agus dá bpáiste, nó dá bpáistí, cibé méid acu a shaolaíonn siad. Dáiríre, tá ceangail éagsúla ann ar féidir le daoine a chruthú eadartha féin (e.g. cairdeas) ach is ag an bpósadh amháin
TIMIRE Spring_2012.indd 15
atá stádas mar institiúid shóisialta, dá dtugtar cearta, deontais agus aitheantas faoi leith. Tá dearcadh eile ann, áfach, dearcadh na héagsúlachta, a deir, nach bhfuil ins an chlann, atá bunaithe ar an phósadh, ach saghas amháin clainne; dá réir seo, tá a lán saghasanna clainne ann, a bhfuil ionannas agus an meas céanna ag dul dóibh ó cheart. Deir a lucht tacaíochta seo go bhfuil, san lá atá inniu ann, a lán daoine ag maireachtáil le chéile gan a bheith pósta, agus go bhfuil mórán clann eile nach bhfuil ach tuismitheoir amháin acu; clanna eile atá bunaithe ar leas-tuismitheoir(í), chomh maith le clanna a bhfuil tuismitheoirí leispiacha nó homaighnéasacha ina mbun. Agus tá an ceart acu. Déanta na firinne, tá an tír seo ar na tíortha is airde céatadán san Eoraip i gcás clanna aontuismitheora. Níl an ráta céileachais móran níos ísle ná ráta Shasana agus tá ár ráta níos airde ná ráta na Stát Aontaithe. Tá lion na lánúnacha scartha/colscartha méadaithe ó 40,000 in 1986 go 200,000 in 2006. Céard ba chóir a dhéanamh mar gheall ar mhéadú na héagsúlachtaí a thacaíonn leis seo? Maítear gur abhar céiliúrtha atá ann. Ach cén fáth a ndéanfaimis céiliúradh? Déarfadh daoine áirithe go rabhamar, muintir na hÉireann, an-chruálach san am atá caite i leith lánúnacha nár chloígh leis na ghnáthcleachtais agus go gcaithfimid cúiteamh a dhéanamh orthu anois. Rud eile a mhaítear ná go mbeadh níos mó saoirse ann dá mbeadh daoine ábalta gach sórt clainne a chruthú, agus dá mbeadh cead acu páistí a chur ar an saol gan pósadh. Ar léibhéal amháin, shamhlófaí go raibh an dearcadh sin iomlan réasúnta. Tar éis an tsaoil, cén
21/02/2012 11:00
16
Timire
duine san lá atá inniu ann ar mhaith leis bheith éagórach ar dhream eile, nó dul i gcoinne na saoirse? Déarfaí fosta, ar an taobh sin, nár chóir go mbeadh stádas faoi leith ag an bpósadh, mar gur éagóir é sin ar clanna de shaghas eile, dá bhfuil na cearta céanna ag dul dóibh. Sé sin le rá, gur fabhraíocht é deontais agus cearta clainne a thabhairt do dhream amháin thar dreamanna eile. Ach smaoinigh céard go dírech atá i gceist le méadú seo na héagsúlachta. An rud a chiallaíonn seo ná go bhfuil méadú suntasach seasta ar líon na bpaistí nach bhfuil á dtógáil ag a máthair agus a n-athair féin. Tá páiste amháin as gach ceathrar á thógail taobh amuigh den chlann pósta agus tá a bhformhór sin á dtógáil gan athair a bheith in aontíos leo. Cuid acu, fiú, ní heol dóibh a n-athair féin. I bhformhór na gcásanna mar sin, sé an thoradh atá le h-éagsúlacht clainne ná
TIMIRE Spring_2012.indd 16
nach mbíonn cónaí ag an athair sa teach ina bhfuil a chuid páistí, nó níl baint ar bith aige lena saol. Is fíor-dheacair a rá gur ábhar ceiliúrtha é seo. Is é cuspóir an phósta ná a chinntiú, chomh fada agus is féidir é, go nglacfaidh na páirtithe, go háirithe an fear, cúram na bpáistí air féin agus go bhfanfaidh sé dílis dá bhean agus dá pháistí. Is pobal fíor-aisteach é a bheadh den tuairim gur cuma leo an scéal a bheith amhlaidh. Is fíor, fosta, a rá go bhfuil an taighde ar an ábhar ag tacú go mór leis an phósadh. Tá staidéar déanta ag a lán, ar pháistí a tógadh taobh istigh de phósadh atá saor ó aighneas, agus arbh iad na tuismitheoirí, an fear agus an bhean, a chuir ar an saol iad. De réir na taighde atá déanta, éiríonn níos fearr leis na páistí seo sa saol sóisialta, agus ó thaobh na mothúcháin agus an oideachais de, ná le páistí a thagann as clanna de shaghasanna eile. Ní hé sin
21/02/2012 11:00
Timire
le rá nach n-éiríonn go maith le páistí a tógadh taobh amuigh den phósadh (éiríonn go maith le go leor díobh). Agus is féidir le páistí a tógadh taobh istigh den phósadh déanamh go dona chomh maith (teipeann ar a lán acu). Is measa a chruthóidh páistí den dara sórt, áfach, de réir dealramh, ná páistí a thagann as chlann phósta. Tá ábhar machnaimh anseo, mar sin, má tá leas na bpáistí chomh tábhachtach linn is a deirimid. Breathnaíonn cuid mhaith againn ar institiúid an phósta mar rud buan seasta. Feicimid go bpósann móramh na ndaoine in eaglais, agus glacaimid mar sin go mairfidh an institiúid faoi bhláth. Tá an pósadh,
17
áfach, faoi ionsaí ar dhá bhealach. Tá níos mó clanna ag briseadh ó chéile, agus tá stádas speisialta an phósta (pósadh idir fear agus bean san áireamh) faoi ionsaí níos mó agus níos mó in ainm an ‘ionannais’. Tá an dá ionsaí seo ag luí go trom ar an bpósadh sa tír seo, agus is gá dúinn, mar sin, labhairt amach níos mó go neamhbhalbh ar a shon. Tá David Quinn ina stiúrthóir ar an Iona Institute, eagras a chuireann béim faoi leith ar ról an phósta agus an chreidimh sa tsochaí. Is iriseoir iomráiteach é, le colúin aige faoi láthair san Irish Independent agus san Irish Catholic.
Intinn Choitianta an Phapa do Mhí na Bealtaine, 2012 Go gcuirtear chun cinn laistigh den tsochaí dhaonna na tionscnaimh a chosnaíonn agus a chothaíonn ról an teaghlaigh.
TIMIRE Spring_2012.indd 17
21/02/2012 11:00
18
Timire
Villa Spada na Róimhe Brian Mac Cuarta SJ
Scríobh Brian Mac Cuarta SJ, atá i mbun Chartlann Chumann Íosa sa Róimh, an t-alt seo a leanas an bhliain seo caite, ar Ambasáid na hÉireann ag an Suí Naofa, mar a bhí ag an am. Idir an dá linn, athraíodh stádas an tí sin, faraor, ach fós féin cuirfidh léitheoirí An Timire suim sa scéal. Tá ciall leis an abairt dheireanach anois nach raibh ann nuair a scríobhadh í. Reachtáladh féilte pobail ar fud na hIodáile ar an 17ú Marta 2011 – gasúir ag gabháil ceoil ar ardáin mhaisithe leis an mbratach náisiúnta; mórshiúlta le daoine feistithe dála laochra stair na tíre, iad ar mhuin capaill; mórchuid óráid ó lucht polaitíochta, gan trácht ar chlár teilifíse istoíche a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an bpobal, ag tabhairt ardú meanmna dóibh i dtráth seo na corraíle is na hísle brí i saol polaitiochta na tíre. Comóradh 150 bliain ar aontú polaitiúil na tíre ba chúis leis an gceiliúradh. Direach an lá céanna sa bhliain 1861, sheas Vittorio Emmanuele II, Rí na Sairdíne, ar bhalcóin i lár chathair Torino, is d’fhógair sé ríocht nua-aontaithe na hIodáile. Inniu féin, cuimhnítear ar ar tharla
TIMIRE Spring_2012.indd 18
sa Villa Spada (suíomh Ambasáid na hÉireann ag an Suí Naofa ón mbliain 1946 go dtí 2011) sa choimlint chorrach as ar eascair aontacht na tíre. Ni mór an cúlra staire a rianú beagáinín. Bhí páirt lárnach ag an bPápa i saol polaitiúil na hIodáile ó thurnamh Impireacht na Róimhe sa chúigiú haois i leith. Tháinig an Pápa i gcomharbacht ar an Impire sa mhéid is gurbh é a bhí i gceannas ar chríocha lár na hIodáile, ‘Stáit an Phápa’, mar a ghlaotaí orthu. Tar éis míle trí chéad bliain den chóras polaitiuil seo, bhí an tuairim go forleathan san 19ú haois nach bhféadfadh an Phápacht féin maireachtáil a thuilleadh in uireasa na cumhachta polaitiúla seo. Mar sin, dhealraití gurbh ionann ionsaí ar Stáit an Phápa is ionsaí ar an Phápacht féin. Ceann de phríomh-aidhmeanna ghluaiseacht na haontachta san 19ú haois (ar ghluaiseacht frith-chléireach í) deireadh a chur le Stáit an Phápa, is na críocha sin a chur leis an aonad nua polaitiúil a bhi á chruthú ar fud na leithinise. I mí Feabhra na bliana 1848 phléasc réabhlóid ar shraideanna Pháras. Ar nós tine aitinne ar mhullach sléibhe, thosaigh réabhlóid in an-chuid cathracha móra eile de chuid na hEorpa, agus na háitreabhaigh ag déanamh aithrise ar phobal Pháras, a iarraidh cearta sibhialta is deireadh leis an seanréimeas. Sa Róimh, bhunaigh an laoch náisiúnta Garibaldi poblacht, is tugadh bata is bóthar don Phápa, Pio IX. Ach tháinig arm na Fraince i gcabhair ar an ancien regime. Chuir na Francaigh léigear ar chathair na Róimhe. Throid Garibaldi
21/02/2012 11:00
Baisleach Pheadair sa Róimh
is a chomrádaithe go cróga ar son na poblachta. I mí an Mheithimh 1849, bhí an troid go fíochmhar ar imeall iarthar na cathrach, díreach sa dúiche ina bhfuil Villa Spada. Bhris na Francaigh trí na fallai cosanta. Bhog Garibaldi a cheannáras soir go dtí an Villa Spada. Cúpla lá ina dhiaidh sin, ba sa teach céanna a tháinig críoch leis an gcogadh: bhí an bua ag na Francaigh; cuireadh deireadh le Poblacht na Róimhe; is i gceann tamaill d’fhill an Pápa ar an Róimh. Sa bhliain 1870-1, áfach, d’fhág arm na
TIMIRE Spring_2012.indd 19
Timire
19
Fraince an Róimh, ghabh náisiúnaithe na hIodáile an chathair, is bhí deireadh le Stáit an Phápa; tar éis cúpla bliain, ba í an Róimh príomhchathair ríocht aontaithe na hIodáile. Maidir leis an bPápa, in ainneoin an tsean-tuairim faoin nasc a ceapadh a beith idir an chumhacht mar rialathóir stáit is an chumhacht eaglasta, de réir a chéile ba léir gurbh éifeachtaí go mór an Phápacht is í saor ó na cúraimí polaitiúla áitiúla a bhíodh uirthi roimhe sin. Inniu, tuigtear gur fearrde í an Eaglais is na cúraimi riaracháin stáit a bheith
21/02/2012 11:00
20
Timire
bainte di, cúraimí a shíolraigh ó stair chasta na tíre. Leoga, i Márta na bliana 2011, chuir an Pápa Beinidict XVI fáilte roimh an gcomóradh 150 bliain ar aontú polaitiúil na hIodáile; chuir sé béim ar an pháirt lárnach a bhí ag an gCríostaíocht i múnlú saíocht is cultúr na tíre. De bharr imeachtaí na bliana 1848-9, is cuid d’oidhreacht náisiúnta na hIodáile an dúiche sa Róimh thart fan Gianicolo, an cnoc ar a bhfuil an Villa Spada; is mór ag na hIodálaigh an ceantar is iad ag breathnú siar ar stair chorraitheach an aontaithe, an Risorgimento. Tá suíomh álainn ag Villa Spada – faiche le radharc iontach soir thar an Tibir ar dhíonta na Róimhe, cuppole na dteampall is páláis mhaorga le rianú An Villa Spada go soiléir ar imeall na spéire. I bhfoisceacht cúpla scór méadar, tá an Fontana dell’Acqua Paola, tobar mór is uisce ag stealladh anuas ó chloigne leoin cloiche, tobar a tógadh i réimeas an Phápa Paulo V i dtús an 17ú haois. Sa cheantar céanna tá Eaglais San Pietro in Montorio, a gceaptar gur tógadh í san áit inar cuireadh an tAspal Peadar chun báis. Tá dlúth-bhaint ag an eaglais seo le rí-theaghlach na Spáinne. Is anseo a cuireadh Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, nuair a cailleadh é in 1616, maraon le mórchuid dá lucht leanúna a tháinig chun na Róimhe leis ó Ráth Maolain sa bhliain 1608. Tógadh Villa Spada sa tréimhse céanna, sna 1630í, mar theach saoire do mhuintir Nobili. Tá Cnoc Gianicolo ar an taobh thiar den Tibir, agus é scoite mar sin ón seanchathair. Inniu féin tá rian de dhreach na tuaithe ar an Gianicolo. Tá gairdiní fairsinge mórthimpeall an ti,
TIMIRE Spring_2012.indd 20
iad leagtha amach go foirmiúil ar an nós Iodálach. Tá suaimhneas, solas is dúlra na tuaithe ag baint leis an villa. B’iomaí corr i stair an villa. Rinneadh scrios is réabadh ar an teach le linn an léigir in 1848-9. Bhí buíon ban rialta, d’ord nua a bunaíodh le saothrú i ngort na misean, ina gcónaí ann ag deireadh an 19ú haois; ba sa villa a fuair bunaitheoir an oird sin bás sa bhliain 1894. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, cheannaigh rialtas na hÉireann an villa mar shuíomh don Ambasáid don Suí Naofa; cuireadh fáilte sa villa le mórchuid grúpaí ó Éirinn a tháinig chun na Róimhe le linn na Bliana Naofa sa bhliain 1950. Ba sna 1920í a bhunaigh an Saorstát taidhleoireacht chun an tSuí Naofa, a bhí ar na taidhleoireachtaí thar lear ba thúisce a bhunaigh an stát nua. Roimhe sin, ba é Coláiste na nGael lárionad an chaidrimh pholaitiúil idir an ghluaiseacht náisiúnta sa bhaile agus an Vatacáin sa Róimh. Sna blianta 2004-7, cuireadh caoi ar an villa is rinneadh i a ath-mhaisiú. Tá stair ársa fairsing casta ag baint leis an Villa Spada, stair ar féidir í a rianú siar go haimsir Imeacht na nIarlaí. Is muid ar thairseach ré nua sa chaidreamh idir an Eaglais is an Stát in Éirinn, is siombal í an villa féin ar an ngaol casta idir eaglais is polaitíocht, is ar an sean-chaidreamh idir Éire is an Suí Naofa.
21/02/2012 11:00
Timire
21
Paidir do Ghaeilgeoirí A Thiarna, labhair tú leis na ciníocha ina dteangacha dílse féin Domhnach Cincíse. Labhair tú fós le muintir na hÉireann ina dteanga féin trí Phádraig, Bhríd, Cholmcille agus naoimh uile ár dtíre. Soilsigh ár n-aigne chun urraim a thabhairt don oidhreacht uasal a tháinig chugainn tríd an teanga sin, agus neartaigh ár dtoil chun í a shlánú agus a láidriú chun do ghlóire féin agus onóir na hÉireann, trí Chríost ár dTiarna. Amen.
Tomhas an Timire: 167
1
2
3
4
5
6
7
Ba ar Mhullach Bhaile ... a las Naomh Pádraig an chéad tine Chásca. Líon isteach an focal in easnamh. Tóg litir amháin as ainm gach ceann de na bailte thíos chun an freagra a fháil: An Inse, Damhliag, Cill Dealga, Baile Átha Buí, Cluain Ioraird, Ceanannas, Cill Mheasáin.
Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Aibreán, 2012. Tomhas 166: Freagra: Oirthear Buaiteoir: Caitlín Ní Ghallchobhair, Beann Traoi, Co Chorchaí
TIMIRE Spring_2012.indd 21
21/02/2012 11:00
22
Timire
Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh sí go deirfreach faoi dhéin na gcnoc (Lúcás 1:39)
An tAthair Pádraig Ó Máille Braithim i gcónaí is mé i mbun mo Phaidrín gurb é an Dara Rúndiamhair Áthasach, Cuairt Mhuire ar Eilís, ‘An Fiosrú’, an rúndiamhair is nádúrtha; an rúndiamhair is daonna agus is cóngaraí do mo thuiscint is do mo chleachtadh ar an saol. Is cuimhin liom nuair a bhí mé im ghasúr, cé chomh minic is a ghabhadh mo mháthair agus máithreacha nárbh í ar aistir fhada ar rothar nó de shiúl a gcos chun teacht i gcabhar ar dhaoine muinteartha a bheadh faoi bhrú. Agus
TIMIRE Spring_2012.indd 22
go minic, ní daoine muinteartha a bhí i gceist, ach créatúirí bochta nach raibh éinne acu chun freasta orthu. Smaoiním orthu go léir is ar a ndaonnacht – an daonnacht a d’fhoghlaim mé uathu – is mé ag macnamh ar dhaonnacht Mhuire sa Rúndiamhair Áthasach seo. Bhí Muire Máthair mar eiseamláir, mar spreagadh agus mar chomhluadar acu i seirbhís Dé agus a ríochta. Is i Muire Banríon an Domhain agus Réalt na Soiscéalaíochta. Agus ba mhisinéir í ina saol féin, ó Theachtaireacht an Aingil di i leith. ‘Chuir sí chun bóthair
21/02/2012 11:00
Timire ... agus d’imigh sí go deifreach faoi dhéin na gcnoc.’ Céad turas miseanda Mhuire, Máthair ár misinéirí. Bheadh aistir eile le cur di aici i rith a saoil: aistear go Beithil, áit ar rugadh a maicín, Íosa, mac Dé; aistear mar theifeach go dtí an Éigipt, le Iósaf agus a leanbh, Íosa, ag éalú ó thíorántacht Héaróid. Aistear go dtí an teampall chun dlí Dé a chomhlíonadh. Aistear truamhéileach na Páise. Aistear le deisceabail Íosa go dtí an Seomra Uachtarach, ina raibh siad ‘ag guí gan staonadh is iad ag feitheamh ar theacht an Spioraid Naoimh’. Isé is mian lenár bPápa Beinidict, in intinn na míosa seo do na misin, go mbeadh Muire Máthair mar phátrún agus mar theoraí ag gach misinéir. Go mbeadh Muire Máthair mar chosantóir ag ár misinéirí ar a n-aistir ar fud an domhain is iad ag craobhscaoileadh deascéal Ríochta Dé. Sin í an teachtaireacht a bhí ag an bPápa, Eoin Pól, dúinn nuair a thug sé cuairt orainn sa Mhaláiv (Malawi) sa bhliain 1989. Ar iarratas ó na heaspaig ansin rinne sé tír agus pobal na Moláive a choisreacan do Mhuire. Mheabhraigh an tArdeaspog Chiona don Phápa go mba é an chéad rud a rinne Misinéirí Naomh Louis Marie de Montfort ar shroisint an Mhaláiv dóibh, an tír a choisreacan do Mhuire, Banríon na hAfraice. Mar a scríobh duine acu ina dhialann: ‘Ar an naoú lá fichead de Mheitheamh 1901, tar éis trí Aifreann a cheiliúradh, rinne muid an misean nua a choisreacan do
23
Mhuire, Banríon gach croí. Tá muid lánchinnte gur ghlac sí lenár dtabhartas.’ Seo leanas sleachta as paidir an Phápa don ócáid: A bhean bheannaithe, is tú go fírinneach banríon ár gcroíthe. Dearc anuas le trua agus le cineáltas ar an tír seo, ar phobal na tire agus ar ár gceannairí. ...Treoraigh iad ar bhóthar na síochána. ... Líon a gcroíthe le grá dá chéile agus don domhan mór. ... Fágaim faoi do chúram ár nEaspaig, ár sagairt, ár misinéirí agus pobal uile na tire. ... Sé do bheatha, a Mhuire, iníon agus máthair do mhic. Moladh go deo leis!’ Bíodh na focail seo, nó focail mar iad, mar phaidir againn ar son an domhain mhóir ina mairimid. Bíodh Muire, Máthair, mar phatrún againn is muid ag comhlíonadh ár ngairm mar Chríostaithe. Ná déanaimís dearmad ariamh ar ár ndualgas Críostaí: gur Soiscéalaí, gur misinéir, gach duine againn; gur fúinne atá sé dea-scéala na Ríochta a fhógairt.
Intinn Mhiseanach an Phápa Go ngabha Muire, Banríon an Domhain agus Réalt na Soiscéalaíochta, in éineacht le chuile misinéir chun a mac, Íosa, a fhógairt.
TIMIRE Spring_2012.indd 23
21/02/2012 11:00
24
Timire
Paidir Íosa Tháinig Frainc Mac Brádaigh ar Phaidir Íosa tríocha bliain ó shin in The Way of A Pilgrim, leagan Béarla de leabhar Rúiseach ón 19ú haois. San alt seo déanann sé cur síos ar an dóigh a ndeachaigh an phaidir i bhfeidhm air.
Frainc Mac Brádaigh SJ Tá ‘Paidir Íosa’ bunaithe ar an ngiota sin de Shoiscéal Lúcáis, caibidil 18, agus Íosa ag teacht i ngar do Ireachó ar a bhealach go hIarúsailéim. Bhí fear dall ar thaobh an bhóthair ag lorg déirce, agus nuair a chuala sé an callán, d’fhiosraigh sé céard a bhí ar siúl. Nuair a chuala sé go raibh Íosa ag dul thar bráid, ghlaoigh sé amach, ‘A Íosa, a mhic Dháiví, déan trócaire orm’. Chuala Íosa é, d’fhiafraigh sé de céard a bhí uaidh, agus d’fhreagair seisean; ‘ A Thiarna, radharc na súl a bheith agam’. Thug Íosa sin dó. Thóg an dithreabhach, nó an t-oilithreach Rúiseach, paidir an fhir dhaill, agus rinne mantra (paidir) as, mar a déarfaí inniú: ‘A Thiarna Íosa Críost, a mhic Dháiví, déan trócaire ormsa, peacach róshuarach’ Seans gur mé féin a chuir an t-aguisín, ‘peacach róshuarach’ le deireadh na paidreach, nó is cosúil nach bhfuil sé mar chuid den bhunphaidir, mura bhfuil dul amú orm. Ghlac mé leis an bpaidir sin, is thosaigh mé á húsáid. Leis an fhírinne a insint, is beag paidir eile a chleacht mé i rith breis agus fiche bliain ina dhiaidh sin. Murab ionann agus mo chomhleacaithe Íosánacha, níor chleacht mé midheamhain (miúin), urnaí mhachnaimh, rinnfheitheamh (comtemplation), ná mo mharana, a dhéanamh ar aon bhealach rialta eile ar maidin, tráthnóna ná am ar bith eile den lá, ar feadh na mblianta sin idir dhá
TIMIRE Spring_2012.indd 24
oilithreacht. Níor choinnigh mé an oiread sin stiúir ar mo shaol le go ndéanfainn amhlaidh, agus d’éirigh mo bheatha spioradálta tur seirgthe dá bharr, nó sin an chosúlacht a bhí ar an scéal domsa ag an am. Tráth dorchadais a bhí ann. Bhí an chinnteacht a bhraith mé na blianta roimhe sin imithe faoi smúdar an tsaoil, is go leor ceistiúcháin faoi bhrí an tsaoil is faoi Dhia éirithe ina háit in athuair. Ach lean mé orm ag aithris ‘Paidir Íosa’. Uaireanta bheinn á haithris i mBéarla, uaireanta eile i nGaeilge. Agus mé á haithris i nGaeilge, d’athróinn í, scaití, is déarfainn: ‘A Thiarna Íosa Críost, a mhic Dé Bhí (Davy), déan trócaire ormsa peacach’, agus mé ag imirt leis na focail agus ag athrú na paidreach de réir mar a thagadh sé chugam. Chuimhneoinn ar phaidir a rá agus mé ag tiomáint nó ag siúl agus seo liom arís á haithris. Bhí fíorbheagán cur amach agam ar mhiúin oirthear domhain ach bhainfinn triall as aird a thabhairt do m’análú, agus uaireanta ar Phaidir Íosa a rá in aonacht le rithim m’anála. Chaillinn fócas ansin tar éis tamaill; d’imíodh mo smaointe ar fán; bheadh tamall fada ann sula dtabharfainn sin faoi deara; agus ansin nuair a thabharfainn, thosaínn ar athrá na paidreach arís. Is mar sin a lean mé orm ar feadh na mblianta. Agus is go mall a thug mé athrú faoi deara. An chéad rud a d’airigh mé ná an gheonaíl. Bhíodh geonaíl i mo ghlór is mé á rá, geonaíl a bhí ag tabhairt le fios gur mé an té ba thruacánta amuigh! Thóg sé tamall orm aird a thabhairt air seo, ach faoi dheireadh bhí sé chomh follasach sin nár fhéad mé fanacht dall air. Tuige an bhfuil mé ag ligean orm go bhfuil mé chomh suarach, truacánta seo nuair atá saol maith agam: an oiread sin bronnta
21/02/2012 11:00
Timire
orm idir chairde is chomhleacaithe a thugann tuiscint is aitheantas dom; neart len ithe is len ól agam; is saibhreas an tsaoil thart orm, léann, oiliúint, agus cur amach ar stráicí den saol nach mbeadh feicithe ag mórán?’ Thosaigh mé dom cheistiú féin, is thosaigh mo phaidir ag athrú. Bhí sé de nós agam go mbínn ag éisteacht liom féin, ag tabhairt aird ar mo ghlór féin, agus bhí sin ag nochtadh cuid dem anam is dem spriorad a bhí ceilte orm go dtí sin. Nach aisteach gurb é a bhí ón dall, is é ag impí ar Íosa, thiar ansin taobh amuigh de Ireachó, ‘radharc na súl a bheith aige’; agus seo mise ag fáil amharc nua orm féin tri phaidir a bhí bunaithe ar a phaidir siúd, á rá is á hathrá go dtí go raibh sé iompaithe ina raiméis agam? Lean mé orm ag athrá is ag éisteacht, ag tabhairt aird is ag fiosrú, ‘An é atá á rá agam le Dia agus an deilín seo á aithris agam, “tá a fhios agam nach bhfuil tú chun a bheith trócaireach liom, a Dhia, ach ní féidir leat a chaitheamh suas i mo bhéal nár iarr mé trócaire ort, agus sin go minic!” ’
TIMIRE Spring_2012.indd 25
25
An raibh cuid den mheon reibiliúnach sin ag baint liom agus an meon sin ní hamháin do mo chosc ar ghlacadh le trócaire is maithiúnas Dé, ach do mo chosc, leis, ar réaltachtaí mo shaoil a aithint agus éirí as a bheith ag síordhíriú m’aire orm féin? Mar a bheadh follasach don dall is dúramánta amuigh, ba dom féin a bhí mé ag guí; agus orm féin a bhí an phaidir dírithe. Thosaigh mé ag tabhairt aird ar an méid a raibh síorathrá an phaidir ag nochtadh dom fúm féin; bhí mo shúile dá n-oscailt; agus de réir a chéile bhí mo dhearcadh saoil ag athrú de bheagán, is mé ag tosú ag breathnú amach uaim ar an saol mór; ag tabhairt faoi deara an bhail a bhí ar dhaoine eile ar na saolta seo; is ag gabháil buíochais as gach a raibh bronnta orm féin. Turas fada do fhoghlaimeoir mall, ach b’fhiú an t-am a chaith mé leis. Is cuid de dhialann oilithreachta iad na focail thuas a scríobh Frainc agus é ar an Camino de Santiago. Táthar ag súíl le go bhfoilseofar an dialann amach anseo.
21/02/2012 11:00
26
Timire
Im Leabharlann dom
Dánta Eoin Pól II Ciarán Ó Coigligh
a d’aistrigh Coiscéim 204 lch €15
Soilse an Chroí Peadar Ó hUallaigh
Coiscéim 141 lch €10
Le Seán de Fréine Ar an droichead i mBaile an Mhuilinn, i mBaile Átha Cliath, tá na focail ‘John Paul II, we love you’ greanta. Tá siad ann le tríocha bliain, buanscríofa ag graifíteoir éigin, sular thriomaigh an choincréit. Seo in ómós fir a chaith seal dá óige ag obair mar chairéalaí, ag baint blocanna cloiche san Pholainn. Caithfidh gur duine neamhghnách a bhí ann gan amhras, agus é in ann a leithéid seo de iomrá agus de omós a bhaint amach ar an taobh bóchnach den Eoraip thiar. Tugann an chéad leabhar ar ár liosta
TIMIRE Spring_2012.indd 26
léargas dúinn ar an sórt duine a bhí laistiar den íomhá phoiblí pápúil. Tar éis réamhrá cumasach gonta leis an aistritheoir, tugtar dúinn bailiúchán cuimsitheach shaothar filíochta Eoin Pól II dúinn, in aistriúcháin atá breá soiléir. Mar ba dhuine le domhainsmaointe é an Pápa seo, agus ní filíocht bhog mhaoithneach a chuir sé roimhe a scríobh. Ach tosaíonn sé le dán lán simplíochta; ‘Os cionn d’uaighe báinese’, a scríobh sé in aois a naoi déag, i gcuimhne ar a mháthair a fuair bás agus é ina ghasúr naoi mbliana d’aois. Éinne a bhfuair a mháthair bás agus iad chomh hóg sin, rachaidh an dán seo go smior iontu. Is é seo a chéad chéim ar oilithreacht fhada dó, mar chlochadóir, oibrí monarchan, aisteoir, dhrámadóir, sciálaí, ábhar sagairt faoi rún, easpag, phápa. Is annamh file leis an réimse leathan seo d’eispéiris aige – gan trácht ar phápa neamh-fhileata! D’fhan sé dílis don fhilíocht mar mheán chun a mhothúcháin agus a smaointe a fhoirbriú agus a léiriú. Bí sé diongbháilte dílis don fhís a chuir sé roimhe. Ní raibh an chonair amach roimhe réidh ná bog. Agus é fágtha gan dlúthghaol san tsaol, a thuismitheoirí agus a dheartháir aonair marbh, agus a thír dhúchais faoi chois, scríobh sé sraith de dhánta, ‘Amhrán an Dé Folaigh’. Ní raibh sé ach fiche ceathair bliana d’aois. Tour de force gan amhras faoi na dálaí sin. Dia, Briathar Dé (san Sean-Tiomna agus sna Soiscéil), an Stair, an Duine, an Eaglais, an Machnamh, an Pholainn, a dhúchas Slavach – is iad seo na pointí inspioráide agus na téamaí buana a bhí aige mar lón anama agus mar iomas gréine ar a aistear.
21/02/2012 11:00
Timire Filíocht stuama, mheáite, fhealsúnach a scríobhann sé, ach is féidir leis cur síos go fórsúil ar eachtraí nuair is gá. Seo é ag tuairisc ar thonóisc mhonarchan a thug bás do chomhoibrí leis, fear breá a raibh ‘cuma na hoibre air i gcónaí,agus tuiscint ar an éagóir’: B’fhoréigeanach an stopadh a cuireadh lena sheal: thug saigheada / na gclog íseal-voltais léim, ansin thit anuas go nialas arís/…Leag siad amach é, a dhroim ar bhratach gairbhéil./ Tháinig a bhean, caite ag imní; thriall a mhac ón scoil. Uaire eile, sníonn nathanna deasa tríd an chorpas filíochta seo, cosúil leis an tagairt don ‘Dia ar deoraíocht…i ruainne an aráin.’ Leabhar de chineál eile is ea an dara ceann thuas, Soilse an Chroí. Fearacht an chéad chinn, tá sé leagtha amach ina sraitheanna – cúig cinn, a bhaineann go ginearálta leis na ceithre harda agus ball lárnach, ar ionann iad is Cúig hArda na hÉireann. Táimid ag breathnú ar an eisint (essence) Ghaelach anois. Cuirtear an eisint inár láthair go trí-thoimhseach: leithead na réimse Gaelaí, ó Chorca Dhuibne go críocha sceirdiúla na hAlban, aduaidh ansin, le sciúirdeanna neamhghnácht go Cill Shléibhe i ndeisceart stairiúil Uladh, agus go dtí an tOileán Úr; fad na réimse fhaid, ó Nua-Ghaeilge an lae inniu siar go dti an tSean-Ghaeilge; agus doimhneas, i réim a saíochta agus a hanama. Taistealaíonn an t-údar mórán críocha eile ar a thimchuaird. Buaileann sé le duine de shliocht Uí Cheallaigh, an t-oibrí bocht gorm in Chicago a bhí aineolach ar fad ar Éirinn. Ach amháin, sa mhéid gur roinn sé leis an fhile ‘an cnagaire breá fuisce’ a bhí aige, agus iad beirt i bhfolach nuair ba chóir dóibh bheith ag obair. Fáilte Uí Cheallaigh, i ngan fhios dó féin. Nó d’fhéadfá a rá, b’fhéidir: briseann an dúchas…
TIMIRE Spring_2012.indd 27
27
Tá súil ghéar aige, agus lámh líofa, chun gnéithe an dúlra a leagan os ár gcomhair, amhail an cur síos ar lúbarnaíolacha (eels) agus ar sciúirdeanna mhór-ealta éan, druideanna, fud fad na spéire, rud a mhaolaigh a aire ón ábhar crá a bhí ar a intinn, an bás a bhí ag druidim lena athair. (Agus níl aon imeartas focal i gceist anseo). Léirítear féith thaitneamhach an fhile i línte mar, ‘Ardaím seol samhlaíochta / agus Lá ’le Bríde tharam / is siar ón gcósta coitianta / a leanaim liom im aisling… go samhail-tír na mianta.’ Dán eile, de chineál eile, is ea ‘Gliceas’, atá thar a bheith tráthúil na laetha seo: ‘Dá dhona bithiúnaigh / ag robáil le harm, / seacht measa iad slíbhíní ag beartú seifte / le ríomhaire is peann.’ Tá greann san dán Braighdeanas, a bhlaisfidh éinne ar tharla dóibh ar shráideanna Luimnigh le linn téarma scoile, agus tá spraoi na hóige le mothú sa dán, Samhain. Gné eile is ea an t-aistriú ar aitheasc clúiteach an taoisigh Rua-Indiaigh, Seattle, chuig rialtas Mheiriceá. Agus a bhfuil de aistriúcháin ó theangacha éagsúla na Cruinne le fáil i nGaeilge anois, is mithid an dán seo Seattle a bheith againn anois. Cnuasach fónta is ea an leabhar seo, agus gan tuairisc ar a leath dá bhfuil ann déanta agam. Sula gcróchnaím, is tráthúil cloch le carn agus paidir le hanam a chur leis an fhile Pearse Hutchinson, a fuair bás le déanaí. File ionraic díreach ba ea é, a chaith cuid mhaith dá shaol thar lear, san Eilvéis ar dtús, agus ansin in Barcelona na Catalóine. Is mór agam mo chóip dá leabhar, Faoistin Bhacach, a bhfuil tiomnú pearsanta uaidh dom, scríofa ina pheannaireacht mhaisiúil féin, san chló Gaelach a chleacht sé riamh anall. Ar dheis Dé go raibh sé.
21/02/2012 11:00
Club Leabhar FS
Foilseacháin Ábhair Spioradálta An bhfuil tú id bhall den club leabhar iontach seo, a bhunaigh na hÍosánaigh in 1956, agus a chuireann trí leabhar ar fáil dá bhaill gach bliain? Thíos tá liosta de na leabhair a foilsíodh le cúpla bliain anuas Urnaí na hEaglaise – na Séasúir
€ 15
Cá bhfuil Walsingham? Proinsias Mac Brádaigh SJ
€ 10
Litreacha San Clár Máiréad Ní hUallacháin
€5
An tOideachas Caitliceach Helen Ó Murchú
€ 7.50
Rún Ardchros Éireann Oilibhéar Ó Croilligh
€8
Machnaimh Shoiscéalacha, B Cothraí Gógan
€ 12
Ag teacht amach an bhliain seo: An Spioradáltacht Ceilteach leis An tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith; Machnaimh Shoiscéalacha, Bliain C le Cothraí Gógan; An Tiomna Nua agus na Sailm. Chun leabhar a ordú, ballraíocht a ghlacadh, nó catalóg a fháil, bígí i dteagmháil linn ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2. R-phost: eolas@spiorad.ie Fón: 01 7758502
Cuireadh Ba bhreá le hEagarthóir an Timire cloisint uaibh, a léitheoirí dílse. Cad a cheapann sibh faoin Timire? An bhfuil aon rud gur maith libh a bheith ann nach bhfuil faoi láthair? Ba bhreá linn bhur dtuairimí agus moltaí a fháil. Seol iad chuig An Timire, 37 Sr Íocht., Baile Átha Cliath 2 Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr an t-ábar a sheoladh ar ríomhphost nó ar dhioscó, más féidir é.
TIMIRE Spring_2012.indd 28
21/02/2012 11:00
Timire
29
Scéal Robby Bhí Mildred Horndorf ina múinteoir ceoil in Des Moines, Iowa. D’inis sí scéal Robby ar an idirlíon, buachaill a bhí aon bhliain déag d’aois, leanbh máthair shingil. Seo leanas mar a scríobh sí. Ag a chéad cheacht ceoil, mhínigh Robby gur aisling a bhíodh ag a mháthair i gcónaí ná go gcloisfeadh sí é ag seinm an phianó. Ach ón tús, cheap mé gur shaothar gan toradh a bhí san iarracht é a mhúineadh. Thar na míonna, rinne mé iarracht, arís agus arís eile, é a theagasc. D’éistinn leis agus phlámásainn agus dhéanainn gach iarracht é a spreagadh. Gach seachtain déarfadh sé, ‘Cloisfidh mo mháthair mé ag seinm lá éigin’. Ní raibh ach aithne súl agam ar a mháthair. Chroitheadh sí lámh agus dhéanadh sí meangadh liom i gcónaí. Ansin stop Bobby ag teacht chun na gceachtanna. Mar nach raibh ábaltacht aige, shíl mé. Bhí áthas orm nár tháinig sé: drochtheist ar mo mhúinteoireacht a bheadh ann! Cuid mhaith seachtainí ina dhiaidh sin, chuir mé imlitir chuig tithe cónaithe na mac léinn faoi cheadal ceoil a bhí le reachtáil. Chuir sé ionadh orm nuair d’iarr Robby cead orm bheith sa cheadal – fuair sé an imlitir freisin. Bhí a mháthair breoite agus ní raibh sí in ann é a thabhairt ar na ceachtanna pianó, ach bhí sé ag cleachtadh. ‘A Iníon Horndorf, caithfidh mé seinm!’ Ní shásódh aon rud eile é. Tháinig oíche an cheadail. Bhí an giomnáisiam lán de thuismitheoirí agus dá gcairde. Chuir mé Robby ag deireadh an chláir. Thiocfadh aon damáiste a dhéanfaí ag an deireadh, agus bheadh mé in ann an scéal a tharrtháil le mo bhailchríoch. Bhuel, chuaigh an ceadal gan tuisliú. Ansin tháinig Robby ar an ardán. Bhí a chuid éadaí ina gclupaidí, agus cheapfá gur chuir sé buailteoir ubh
TIMIRE Spring_2012.indd 29
trína a chuid gruaige. ‘Cén fáth nár chuir a mháthair air, ar a laghad, a chuid gruige a chíoradh?’, a smaoinigh mé. Cuireadh ionadh orm gur roghnaigh Robby Coinséartó Uimhir 21 le Mozart agus é sin i mórghléas C, agus ní raibh mé ullamh don chéad rud eile a chuala mé. Rinne a mhéaranna damhsa éasca ar na heabhraí. Chuaigh sé ó pianissimo go fortissimo, ó allegro go virtuoso. Níor chuala mé riamh Mozart á sheinm chomh maith sin ag leanbh a aoise. Tar éis nóiméad go leith, chríochnaigh sé le crescendo mór agus bhí gach duine ar a gcosa agus ag tabhairt na gártha molta dó. Rith mé suas ar an ardán agus na deora le mo shúile. ‘Robby, conas a d’éirigh leat é sin a dhéanamh, a d’fhiafraigh mé de. Leis an micreafón mhínigh sé: ‘A Iníon Horndorf, an gcuimhníonn tú gur dhúirt mé leat go raibh mo mháthair breoite? Bhuel, i ndáiríre bhí ailse uirthi, agus fuair sí bás ar maidin inniu. Bhí sí bodhar ón mbroinn, agus mar sin, anocht an chéad uair riamh a chuala sí mé ag seinm. Bhí uaim aire faoi leith a thabhairt di’. Bhí Robby curtha faoi chúram altramais an oíche sin. Maraíodh é i mbuamáil Oklahoma in Aibreán 1995. Aistriúchán ag Pádraig Ua Corbaidh ar ‘Robby’s Story’ as iris ‘Alive’, Meán Fómhair 2005, le caoinchead na nDoiminiceach, Tamhlacht.
21/02/2012 11:00
Timire
Lís Ní Chulainn
30
MISE EOGHAN Dia dhaoibh, a chairde óga, Agus na laetheanta ag dul i bhfad arís! Nach bhfuil sé go deas tar éis na ranganna siúl amach agus an lá fós geal, agus féachaint ar an treániarracht atá á dheanamh ag an chrann cnó capaill na bachlóga a bhrú amach arís? Ní fada uainn anois go mbeidh fás agus glaise in ár dtimpeall arís. Deir an seansagart anseo ins an Choláiste gur mór an tuar dóchais é Earrach nua don dúlra. Mór an trua, deir sé nach gcloíonn daoine le rialacha aiceanta a thabharfadh faill do Dhia tacú leo, agus iad a athnuachan faoi mar a dhéanann Sé leis an bhféar agus leis na sabhaircíní agus le lus an chromchinn.
Brid i mbun Dráma Bhí litir agam ó mo dheirfiúr, Bríd, an lá cheana. Idir ghol agus gáire a bhí sí ag insint a scéil. Is mór an ceilíuradh a dhéanann siad ins an Choláiste ina bhfuil sí ar Lá le Bríde, agus is
TIMIRE Spring_2012.indd 30
21/02/2012 11:00
Timire
31
aoibhinn le Bríd an t-ullmhúchán go léir. Tá cúpla céad duine den lucht siúil gar dóibh, agus ina measc tá cúpla dosaen de chailíní agus de bhuachaillí deasa simplí a thuigeann Naomh Bríd agus a saol i bhfad níos feárr ná mar a thuigeann go leor de na daoine compordacha nach bhfaca lá ocrais riamh. Pé scéal é, chum Bríd dráma beag simplí don fhéile, agus mhúin sí na focla agus na dánta do na páisti siúil óga. Bhí sé ag dul rite léi na fuaimeanna a fháil uathu i gceart, mar ní osclaíonn siad an béal go leathan – rud atá riachtanach do ghutaí na Gaeilge. Mhúin sí cúpla véarsa de ‘Gabham Molta Bríde’ doibh, agus bhí sí féin á dtionlacan le feadóg stáin. Ins an cheolchoirm a bhí eagraithe don Choláiste féin bhí na gléasanna nua-aimseartha agus leictreachais acu don fhuaim agus cnaipe orthu a dhéanann cordaí gan spleáchas do na cantairi. Mar adeir Bríd, is fada uaidh sin a bhíodh na hiomainn ag Naomh Bríd agus ag na Siúracha ins an chlochar. Thriail sí dán eile ‘Dearc anuas, féach mar táimid, a Naoimh álainn, féach sinn’. Ach níor eirigh go rómhaith leis na páistí, mar bhí na línte rófhada.
An Plota Ins an dráma bhí an cailín beag seo ag aisteoireacht mar Naomh Bríd agus í ag caint leis an tiarna talaimh mar gheall ar an méid talaimh a bhí uaithi i gCill Dara chun clochar a thógáil. Bhí ceist ó bhuachaill - é gléasta mar thiarna talaimh - ‘Cé mhéad atá uait?’, agus ansin d’fhreagair Naomh Brid, ‘Oiread is a chlúdóidh m’fhallaing’. Ní bhíonn “ing” ag an lucht siúil i mBéarla ná i nGaeilge ná ina dteanga féin. Ach d’éirigh le Bríd, deir sí, é a mhúineadh, agus bhí sí breá sásta. ‘Dáiríre’, a deir sí liom ins an litir, ‘Bhí mé ag tnúth leis an miondráma seo a chur ar an stáitse ins an halla mar chuid den cheolchoirm mhór ar Fhéile Bríde.
Campa Folamh Tháinig siad go léir ag cleachtadh ar an Máirt, an 31 Eanáir, agus rinne Bríd socrú leo go rachadh sí féin chun iad a bhailiú ins an champa ar a cheathair a chlog an lá dár gcionn – Lá ’le Bríde. Tháinig Bríd ins an mionbhus go dtí an campa agus níor chreid sí radharc a dá shúl. Bhí an campa imithe scun scan. Chuir sí ceist ar dhuine a bhí ag gabháil timpeall. ‘Ó, an campa sin’, ar sé. ‘D’imigh siad aréir go dtí iarthar Chorcai. Tá go leór dá ngaolta ansin.’ Bríd bhocht agus a dráma, bailithe leo go Corcaigh! Bhí fiche nóiméad den cheolchoirm folamh cheal drama Bhríde, agus b’éigean do na ceoltóirí agus do na rinceoiri an bhearna a líonadh. Bhí Bríd idir ghol agus gháire agus na haisteoiri ón choláiste féin ag magadh fúithi. Níor chuir an eachtra isteach ar an Mháthair Beinidict ar chor ar bith. Ta sí seanchleachtach ar an lucht siúil. Ag gáire a bhí sí nuair a d’fhógair sí on árdán insan halla: ‘D’imigh na haisteoiri beaga go léir go Corcaigh aréir. Cá hionadh é? Nach chuige sin a thugaimid “lucht siúil” orthu? Agus tá mé cinnte gurbh é an chéad rud a rinne na páistí sin ar maidin ná dul ar lorg Bhríde ins an champa nua agus na héadaí don dráma orthu. Ní nós leo bheith chomh haireach linne i dtaobh cúrsaí spáis agus ama, mar ní gá dóibh de bharr an chineáil saoil atá acu. Ach tá mé ag ceapadh go ndearna siad an dráma beag agus an t-iomann ins an champa nua gan aon lucht éisteachta.’ Thug an slua ins an halla bualadh bos mór do Bhríd ansin, agus mar a deir sí, ‘Ní thriailfidh mé an dráma choíche arís le lucht siúil. Múinfidh mé rud don lá reatha - cócaireacht nó fuáil nó ealaín éigin – agus ní ullmhóidh mé éinne díobh don lá amarach.
TIMIRE Spring_2012.indd 31
21/02/2012 11:00
Aspalacht na hUrnaí An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Intinní an Phápa Mí an Mhárta 2012 Go dtuga an saol mór aitheantas don mhéid atá déanta ag na mná chun an tsochaí dhaonna a fhorbairt. Mí Aibreáin 2012 Go n-éiste mórán daoine óga le gairm Chríost agus go leana siad é sa tsagartóireacht agus sa bheatha chrábhaidh. Mí na Bealtaine 2012 Go gcuirtear chun cinn laistigh den tsochaí dhaonna na tionscnaimh a chosnaíonn agus a chothaíonn ról an teaghlaigh. Mí an Mheithimh 2012 Go n-aithní creidmhigh go bhfuil an Té a d’aiséirigh, ina láthair go beo san Eocairist, agus go bhfuil sé ina gcuideachta ina ngnóthaí laethúla.
TIMIRE Spring_2012.indd 32
21/02/2012 11:00