5 minute read

Ról an Teaghlaigh i Saol an Lae inniu David Quinn

Timire 15

Ról an Teaghlaigh i Saol an Lae Inniu

David Quinn

Is ceann de na fíricí is bunúsaí ar an saol seo ná go bhfuil, nó go mbíonn máthair agus athair ag gach leanbh. Is seafóid ar bealach gur gá é a rá ar chor ar bith, ach mairimid i saol ina gcreideann cuid mhaith daoine nach bhfuil tábhacht ró-mhór ag baint leis an cheist seo.Tá dhá dhearcadh ar an cheist. Tugann taobh amháin tús áite don phósadh. An dearcadh eile, tá sé bunaithe ar an éagsúlacht, ar shaoirse an duine nó na beirte a thagann le cheile. An dearcadh atá bunaithe ar an phósadh, is é seo an dearcadh atá ag an Eaglais. Ní amháin sin, ach is dearcadh é a bhí in uachtar i ngach tír beagnach go dtí le deireanas. De réir an dearcaidh seo, ba chóir go dtógfaí gach páiste a thagann ar an saol ag an bhfear agus an bhean a chuir ar an saol é.

Ar an ábhar seo, is institiúid chomhchoitianta shóisialta í an pósadh, idir fear agus bean (nó idir fear agus beirt bhan nó níos mó i bpobal polagamach). Tugadh stádas speisialta don phósadh, in achan tír ar domhan, agus é de chuspóir acu fi r agus mná a spreagadh le fanacht dílis dá chéile agus dá bpáiste, nó dá bpáistí, cibé méid acu a shaolaíonn siad. Dáiríre, tá ceangail éagsúla ann ar féidir le daoine a chruthú eadartha féin (e.g. cairdeas) ach is ag an bpósadh amháin atá stádas mar institiúid shóisialta, dá dtugtar cearta, deontais agus aitheantas faoi leith.

Tá dearcadh eile ann, áfach, dearcadh na héagsúlachta, a deir, nach bhfuil ins an chlann, atá bunaithe ar an phósadh, ach saghas amháin clainne; dá réir seo, tá a lán saghasanna clainne ann, a bhfuil ionannas agus an meas céanna ag dul dóibh ó cheart. Deir a lucht tacaíochta seo go bhfuil, san lá atá inniu ann, a lán daoine ag maireachtáil le chéile gan a bheith pósta, agus go bhfuil mórán clann eile nach bhfuil ach tuismitheoir amháin acu; clanna eile atá bunaithe ar leas-tuismitheoir(í), chomh maith le clanna a bhfuil tuismitheoirí leispiacha nó homaighnéasacha ina mbun.

Agus tá an ceart acu. Déanta na fi rinne, tá an tír seo ar na tíortha is airde céatadán san Eoraip i gcás clanna aontuismitheora. Níl an ráta céileachais móran níos ísle ná ráta Shasana agus tá ár ráta níos airde ná ráta na Stát Aontaithe. Tá lion na lánúnacha scartha/colscartha méadaithe ó 40,000 in 1986 go 200,000 in 2006.

Céard ba chóir a dhéanamh mar gheall ar mhéadú na héagsúlachtaí a thacaíonn leis seo? Maítear gur abhar céiliúrtha atá ann. Ach cén fáth a ndéanfaimis céiliúradh? Déarfadh daoine áirithe go rabhamar, muintir na hÉireann, an-chruálach san am atá caite i leith lánúnacha nár chloígh leis na ghnáthcleachtais agus go gcaithfi mid cúiteamh a dhéanamh orthu anois.

Rud eile a mhaítear ná go mbeadh níos mó saoirse ann dá mbeadh daoine ábalta gach sórt clainne a chruthú, agus dá mbeadh cead acu páistí a chur ar an saol gan pósadh. Ar léibhéal amháin, shamhlófaí go raibh an dearcadh sin iomlan réasúnta. Tar éis an tsaoil, cén

16

Timire

duine san lá atá inniu ann ar mhaith leis bheith éagórach ar dhream eile, nó dul i gcoinne na saoirse? Déarfaí fosta, ar an taobh sin, nár chóir go mbeadh stádas faoi leith ag an bpósadh, mar gur éagóir é sin ar clanna de shaghas eile, dá bhfuil na cearta céanna ag dul dóibh. Sé sin le rá, gur fabhraíocht é deontais agus cearta clainne a thabhairt do dhream amháin thar dreamanna eile.

Ach smaoinigh céard go dírech atá i gceist le méadú seo na héagsúlachta. An rud a chiallaíonn seo ná go bhfuil méadú suntasach seasta ar líon na bpaistí nach bhfuil á dtógáil ag a máthair agus a n-athair féin. Tá páiste amháin as gach ceathrar á thógail taobh amuigh den chlann pósta agus tá a bhformhór sin á dtógáil gan athair a bheith in aontíos leo. Cuid acu, fiú, ní heol dóibh a n-athair féin. I bhformhór na gcásanna mar sin, sé an thoradh atá le h-éagsúlacht clainne ná nach mbíonn cónaí ag an athair sa teach ina bhfuil a chuid páistí, nó níl baint ar bith aige lena saol. Is fíor-dheacair a rá gur ábhar ceiliúrtha é seo.

Is é cuspóir an phósta ná a chinntiú, chomh fada agus is féidir é, go nglacfaidh na páirtithe, go háirithe an fear, cúram na bpáistí air féin agus go bhfanfaidh sé dílis dá bhean agus dá pháistí. Is pobal fíor-aisteach é a bheadh den tuairim gur cuma leo an scéal a bheith amhlaidh. Is fíor, fosta, a rá go bhfuil an taighde ar an ábhar ag tacú go mór leis an phósadh. Tá staidéar déanta ag a lán, ar pháistí a tógadh taobh istigh de phósadh atá saor ó aighneas, agus arbh iad na tuismitheoirí, an fear agus an bhean, a chuir ar an saol iad. De réir na taighde atá déanta, éiríonn níos fearr leis na páistí seo sa saol sóisialta, agus ó thaobh na mothúcháin agus an oideachais de, ná le páistí a thagann as clanna de shaghasanna eile. Ní hé sin

Timire

17

le rá nach n-éiríonn go maith le páistí a tógadh taobh amuigh den phósadh (éiríonn go maith le go leor díobh). Agus is féidir le páistí a tógadh taobh istigh den phósadh déanamh go dona chomh maith (teipeann ar a lán acu).

Is measa a chruthóidh páistí den dara sórt, áfach, de réir dealramh, ná páistí a thagann as chlann phósta. Tá ábhar machnaimh anseo, mar sin, má tá leas na bpáistí chomh tábhachtach linn is a deirimid. Breathnaíonn cuid mhaith againn ar institiúid an phósta mar rud buan seasta. Feicimid go bpósann móramh na ndaoine in eaglais, agus glacaimid mar sin go mairfidh an institiúid faoi bhláth. Tá an pósadh, áfach, faoi ionsaí ar dhá bhealach. Tá níos mó clanna ag briseadh ó chéile, agus tá stádas speisialta an phósta (pósadh idir fear agus bean san áireamh) faoi ionsaí níos mó agus níos mó in ainm an ‘ionannais’.

Tá an dá ionsaí seo ag luí go trom ar an bpósadh sa tír seo, agus is gá dúinn, mar sin, labhairt amach níos mó go neamhbhalbh ar a shon.

Tá David Quinn ina stiúrthóir ar an Iona Institute, eagras a chuireann béim faoi leith ar ról an phósta agus an chreidimh sa tsochaí. Is iriseoir iomráiteach é, le colúin aige faoi láthair san Irish Independent agus san Irish Catholic.

Intinn Choitianta an Phapa do Mhí na Bealtaine, 2012

Go gcuirtear chun cinn laistigh den tsochaí dhaonna na tionscnaimh a chosnaíonn agus a chothaíonn ról an teaghlaigh.

This article is from: