An Timire - Samhradh 2012

Page 1

Timire

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

SAMHRADH 2012

an Chroí Ró-naofa € 3.75/Stg£3.25

50ú COMHDHÁIL EOCAIRISTEACH IDIRNÁISIÚNTA

TIMIRE Summer_2012.indd 1

03/05/2012 16:09


2

Timire

Eagarfhocal Tá ceiliúradh Céad Bliain foilsithe an Timire (1911-2011) déanta agus buíochas gafa le daoine a bhain leis an ngaisce. Ach ní féidir dóthain buíochais a ghabháil leo seo riamh. In 1950 nuair a bhí an Timire in ísle brí, tháinig Cuallacht Mhuire i gcabhair is cuireadh borradh nua faoi. Tá cuid de stair an éachta sin le léamh in eagrán an chéid. Tá cuid de na daoine a bhí páirteach san athnuachan sin gníomhach i gcónaí, tá cuid eile gníomhach in Aspalacht na hUrnaí ar Shlí na Fírinne. Ach tá athruithe tar éis tarlú is muid ar thairseach na haoise nua. Rud nach raibh muid ag súil leis ná go mbeadh ar ár n-eagarthóir imeacht uainn. Iarradh ar an Athair Alan Mac Eochagáin post lánaimsire a ghlacadh i nDeoise an Dúin agus Choinnire agus bhí air éirí as mar eagarthóir linne. Tá muid thar a bheith buíoch de as an obair go léir a rinne sé ó 1999 ar aghaidh. Beidh trácht ar a shaothar go ceann blianta. Ach ní fhéadfadh seisean ná duine ar bith eile gach ar éirigh leis an Timire a bhaint amach gan mhuintir na Cuallachta is in éagmais na foirne a bhí thar timpeall air. Ach tá gach duine ag éirí níos sine is ní féidir a cheapadh go bhféadfaidís siúd a d’iompair an t-ualach le leathchéad bliain é a iompar gan chabhair go deo. Ach tá an coiste á neartú is daoine nua ag teacht i gcabhair orainn ó thaobh na heagarthóireachta. Beidh tuairimí ár léitheoírí uainn ó thaobh an ábhair léitheoireachta san iris agus ó thaobh na teanga a bheith soléite go leor. Agus céard a chothóidh spioradáltacht lánúineacha óga, daoine idir scór is dhá scór bliain d’aois? Cén ‘Timire’ a chuirfear chucu? An bhfuil áit ann do Chuallacht nua a chothódh spioradáltacht atá in oiriúint do ghlúin nua mar a chothaigh an sean Chuallacht agus an Timire spioradáltacht na muintire a chuaigh rompu? Go leor ceisteanna le cur agus cabhair de dhíth le teacht ar fhreagraí. Beannachtaí ó bhaill Choiste an Timire.

Cuireadh duit. Oilithreachtaí Dúchasacha. Sna blianta sula raibh deis taistil thar lear ag muintir na tíre seo bhí go leor oilithreachtaí dúchasacha chuig tobair bheannaithe agus áiteanna eile a raibh sean naoimh na hÉireann luaite leo. Tá súil againn sraith altanna a fhoilsiú amach anseo ar oilithreachtaí traidisiúnta na hÉireann. Má tá fonn ort píosa a scríobh faoi oilithreacht ar bith, bí i dteagmháil linn i dtosach ar r-phost: antimire@gmail.com nó tríd an bpost chuig 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2.

An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE Summer_2012.indd 2

03/05/2012 16:09


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Tá Uan Dé linn

An tAthair Benny McHale

6

Gairdín na hEorpa

Seán Ó Catháin

8

Dúshlán dúinn mar Náisiún

Joe Higgins T.D.

10

Seirbhís thar lear agus sa bhaile

Diarmaid Ua Bruadair

12

Oscailt Croí agus Tuisceana

Frainc Mac Brádaigh SJ

14

Ról na hÓige in Eaglais an Lae Inniu

Joe MacAodhagáin

16

Nóibhéine do Chroí Íosa

Alan Mac Eochagáin SJ

20

Is Muidne Corp Chríost

Caoimhín Ó Ruairc SJ

22

Doimhne agus Airde an Duine

Leon Ó Giolláin SJ

24

Sliocht as na hAirciví

26

Im Leabharlann Dom

30

Mise Eoghan

Seán de Fréine

Clúdach tosaigh: Cloigín na Comhdhála Eocairistí

Ar dheis Dé:

An tSiúr Cecilia Ní Ghríofa agus Mícheál Mac Cárthaigh

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: antimire@gmail.com Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

TIMIRE Summer_2012.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir. Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 448 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Bealtaine 2012 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Dearadh: Messenger Publications Design Department

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

03/05/2012 16:09


4

Timire

Tá Uan Dé Linn An tAthair Benny McHale Sé a cheapann formhór na ndaoine, Caitlicicigh san áireamh, go bhfuil an Eocairist nó an tAifreann i seilbh an tsagairt ós é atá i gceannas an tsearmanais ina iomláine. Mar a dúrthas tráth is leis an sagart an chaid/pheil ach corruair faighimid an deis imirt. Bhí an dearcadh seo go mór chun tosaigh nuair ba Laidin teanga an Aifrinn agus i rith léamh an Aifrinn go raibh ár bpaidreacha príobháideacha féin againn le rá. NÍ raibh aon ghníomh pearsanta ann ag pobal Dé ach ag am glactha Comaoine. Chonacthas é mar dheasgnáth agus mar mhodh diúité reiligiúnda Sabóide a chomhlíonadh. Is beag impleachtaí a bhí aige ar ghnáth-shaol an duine nó gur tháinig athruithe móra ón Dara Comhairle Vatacánach. Anois seachas an sagart a bheith lárnach go hiomlán, bheadh ról suntasach ag an bpobal i gceiliúradh a chum Íosa dúinn. Gach uair a cheiliúrtar an tAifreann ceiliúrtar An Suipéar Deireanach, An Céasadh ar an gCros, Mistéir/rúndiamhair na Cásca agus iad inár láthair inniu. Ní stair an tAifreann, murab ionann is 1916, ach gníomh a tharlaíonn anois inár láthair. Ní rabhamar leis na hAspail tofa fadó ach anois táimidne mar chuid den fhoireann. Tá téama na Comhdhála Eocairistí tofa go ciallmhar: ‘Comaoin le Críost agus lena chéile’. Saol Íosa a cheangal linne agus é inár measc inniu. Sé an bunchloch ná ár gComaoin le Críost. Is iad siúd atá baistithe a fhaigheann an phribhléid a bheith páirteach i gceiliúradh an Aifrinn. Nascann an Baisteadh duine le Críost. Go dtí go mbaistear sinn níl ionainn ach créatúirí Dé. Trí bhaisteadh bíonn

TIMIRE Summer_2012.indd 4

gaol speisialta domhain againn le Dia. Anois glaoimid Abba ar Dhia, ár nAthair ionmhain. Sin teideal nach mbeadh cead ag Giúdach (ná Moslamach) a úsaid. Is teacht le chéile clainne é an tAifreann. Muna raibh conradh an Bhaiste idir tú agus Dia bhí ort an comhluadar a fhágaint roimh Guí an Phobail. Éinne nach raibh mar bhall baistithe ní raibh cead aige/aici Comaoineach Naofa a ghlacadh. Mar a léiríonn an phaidir Ár nAthair sna focail ‘maith dúinn ár bhfiacha mar a mhaithimid dár bhféichiúnaithe féin’, is san uimhir iolra atá na focail ag cur i gcuimhne dúinn gur comhluadar atá i gceist i ndomhain chomaoin le Críost agus ag roinnt an spiorad céanna atá doirte isteach i ngach clann. Tugtar an dúshlán don duine Dia a ghráú lena chroí go hiomlán, lena anam agus treise aigne. Glaoití Agape air seo; sé sin íobairt/féinthabhairt grá. Bhí sé chomh lárnach do chomhluadair luath-Chríostaíochta gur glaodh Féasta Agape ar an Eocairist. Spreagadh an Críostaí chun a íobairtí féin a nascadh le híobairtí Chríost agus bheith réidh chun a bheatha a thabhairt ar son a chairde. Iad siúd a bhí toilteanach é seo a dhéanamh glaodh mairtírigh orthu agus go dtí an lá inniu ann luaitear iad sa Phaidir Eocairisteach. Agus mar sin bhí an tAifreann lárnach - foinse agus buaicphointe na hEaglaise ina iomláine. Is ar an Domhnach go hiondúil a cheiliúradh an tAifreann, lá an Aiséirí. Ag briseadh le nós na staire Giúdaí chruinnigh leantóirí Íosa ar an Domhnach chun buíochas a ghabháil (brí na Eocairiste) lena ndearna Dia dóibh i gCríost ina saoil. D’admhaigh siad a bpeacaí, thug moladh do Dhia, ag

03/05/2012 16:09


Timire

éisteacht le Íosa agus a raibh le rá ins na Soiscéil. Dhearbhaíodar a gcreideamh, rinneadar achainí do Dhia dá riachtanais féin, roinn a n-iarmhais leis na bochtáin,agus rinne mar a d’ordaigh an Tiarna le fíon agus arán; thóg an abhlann agus an chailís choisricthe ag tnúth le dara teacht an Tiarna. De thoradh an Aifrinn thugadar aghaidh ar an saol ag craobhscaoileadh a theagasc dóchais, creidimh agus grá do dhomhan naimhdeach. Is é mo ghuí go gcabhróidh an Chomhdháil atá romhainn athghabháil

5

a dhéanamh san Eaglais in Éirinn ar ár n-oidhreacht iontach. Tá an Tíogar Ceilteach gan luach anois ach nach iontach go bhfuil Uan Dé i gcónaí linn. Is sagart de chuid Ard-Deoise Thuama an tAthair Benny. Sa físdiosca dar teideal ‘The Eucharist, linking Heaven and Earth’ (Killadoon Productions) déanann sé cur síos ar na codanna difriúla den Aifreann agus léiríonn sé an nasc atá idir an tAifreann agus ‘Aifreann ár mBeatha’. Is féidir teacht ar an fhísdiosca trí ghlaoch ar 087 258 2154/087 949 1489

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí an Mheithimh Go n-aithní creidmhigh go bhfuil an Té a d’aiséirigh ina láthair go beo san Eocairist, agus go mbíonn sé ina gcuideachta ina mbeatha laethúil.

TIMIRE Summer_2012.indd 5

03/05/2012 16:09


6

Timire

Gairdín na hEorpa: Íomhá na Críostaíochta Seán Ó Catháin Seid umschlungen millionen! Diesen kuss der ganzen welt! Bruder uberm sternenzelt, Muss ein lieben vater wohnen. Cuireann intinn seo an Phápa i gcuimhne dom Gairdín na hEorpa atá tógtha, i Lios Tuathail i gCo. Chiarrai, i gcuimhne ar bhunú Chomhphobal na hEorpa. Séard atá ann ná gairdín ar imeall na coille, Gort an Aird, le crainn agus plandaí i gcúinní difriúla, bainteach leis an daréag ball den Chomhphobal ag an am tógála (1992). I gceann an ghairdín tá dealbh den fhealsamh Gearmánach Schiller, a bhronn Ambasáid na Gearmáine, leis na focail thuas i nGearmáinis agus i mBéarla greanta air. Seo brí na bhfocal sin. Tugaim barróg do na milliúin de mo dheartháireacha Agus póg don domhan uile, Mar tuigim, a dheartháir, Go bhfuil ár nAthair grámhar i láthair os cionn na réalta. Nách álainn na focla sin agus an mothúcháin atá taobh thiar díobh. Ag bun an ghairdín tá structúr mór dubh déanta d’adhmad agus slabhraí, i gcuimhne ar an Uileloisceadh (Holocaust), inar cuireadh chun báis suas le sé milliún Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tá sé gan teideal gan inscríbhinn ach meabhraíonn sé dúinn cad is féidir tarlú nuair a dhéanaimid dearmad gur bráithre sinn go léir i gclann Dé agus an gá atá le seasamh a dhéanamh de shíor ar son an chirt agus na córa.

TIMIRE Summer_2012.indd 6

Dúirt Robert Schuman, fear mór na Fraince, a bhí ar cheann de na daoine a bhunaigh Comhphobal na hEorpa in 1956, (An tAontas Eorpach mar a thugamid anois air), ‘Is é Columbán naomh éarlamh na ndaoine atá ag iarraidh Eoraip Aontaithe a chur ar bun’. Ceann de phríomhaidhmeanna bhunaitheorí an Chomhphobail sin ná go ndaingneodh sé muintearas idir tíortha agus pobail na hEorpa ionas nach mbeadh riamh arís an cruatan agus an slad a d’eascair as an dá chogadh domhanda san caoga bliain roimhe sin. Ba léir do Schuman nach leor mar bhunchloch na haontachta sin an geilleagar amháin. Bhi cáil riamh ag manaigh na hÉireann as an gcreideamh agus na clasaicí a hathbheochan ar fud na hEorpa ón mbliain 600 ar aghaidh go deireadh na Meánaoiseanna. Ni raibh á iompar acu ach an creideamh agus an misneach. Bhunaigh siad mainistreacha ar fud na hEorpa a d’fhág a rian ar saol na hEorpa go dtí an lá atá inniu ann. Ba é Naomh Columbán ceann de na céad manaigh agus ceann de na daoine is mó a d’fhág a mharc ar stair na hEorpa. Bhunaigh sé mainistreacha cáiliúla ar fud na Mórroinne, leithéid Luxeuil sa Fhrainc agus Bobbio san Iodáil. Cad a thug ar Naomh Columbán agus a comhthaistealaithe, agus iad siúd a lean as Éirinn é, droim a thabhairt lena dtír dhúchais agus aghaidh a thabhairt ar tíortha nárbh eol dóibh, uaireanta i measc treabhanna barbartha, chun dea-scéal Íosa a scaipeadh? Nach gcuirfidís i gcuimhne do dhuine na turasanna a thug na

03/05/2012 16:09


Timire Lios Tuathail i gCo. Chiarraí haspail orthu féin, tar éis bhás Íosa, sa Mheánoirthear agus níos fuide ar aghaidh. Ni raibh aon easpa mhisnigh ar Naomh Columbán ná ar na manaigh Éireannacha eile a lean é, ná easpa fhéiniúlachta ach oiread. Ach iad lán de spiorad agus lán de mhianta chun focal Dé a scaipeadh i measc mhuintir na hEorpa, agus a gcuid léinn a roinnt, go háirithe sa 7ú agus 8ú haois nuair a bhí ré dhorcha aineolach i bhfeidhm sna tíortha sin. ‘Sé is dócha an dúshlán atá againne in Eoraip na linne seo, ná an soiscéal a fhógairt trí bheith ina n-eiseamláir mar Chríostaithe dá chéile agus do gach éinne mór thimpeall orainn. Sa bhealach sin beimid ag tabhairt misnigh dá chéile agus ag tabhairt eiseamláire dóibh siúd nach gcreideann i gCríost. Cheana féin tá ár Éireannaigh óga ag dul ar imirce arís ar fud na hEorpa, agus ar fud an domhain, ag tógaint leo an oiliúint Chríostaí agus an daonnacht a fuair siad on gcliabhán sa bhaile agus ag dul i bhfeidhm ar na daoine lena mbuaileann siad. Go

7

gcumhdaí Dia iad ar a mbealach! Do bhí na Gaeil chomh cleachtach sin ar bheith ar deoraiocht san Eoraip sna céadta luatha sin, ag bunú mainistreacha, agus loistíní d’oilithrigh, agus ag roinnt a gcuid léinn go fial, go ndúirt scríobhaí san Eilvéis fúthu c.850 ‘tá náisiún na nGael chomh cleachtach sin ar nós na deoraíochta gur beag nach den dúchas iontu é’. Fuair na naomh manaigh sin lucht leanta i ngach áit a chuireadar fúthu, agus sa bhealach sin scaipeadh an dea-scéal athuair. Chuaigh siad i bhfeidhm ar uasal agus ar íseal lena scoláireacht, lena ndíograis, lena naofacht, lena ndiongbháilteacht, agus iad ar lasadh le spiorad Dé. Ta raidhse mór eolais, ar bheatha agus ar tionchur na naomh Éireannach san Eoraip, le fáil sa leabhar údarasach sin a d’fhág an Cairdinéal Tomás Ó Fiach dúinn dár teideal ‘Gaelscrínte san Eoraip‘ (foilsithe ag FS agus fós ar fáil uathu). Ar dheis Dé go raibh a anam uasal!

Intinn an Phápa do Mhí an Mheithimh 2012 Go n-aimsí Críostaithe san Eoraip a bhféiniúlacht cheart arís, agus go nglaca siad páirt le breis díograise i bhfógairt an tSoiscéil.

TIMIRE Summer_2012.indd 7

03/05/2012 16:09


8

Timire

Dúshlán dúinn mar náisiún Joe Higgins TD Níl aon dabht ach gurb í an dífhostaíocht ceann de na fadhbanna is géire inár dtír i láthair na huaire. Is tubaisteach an scéal é go bhfuil tuairim is 300,000 duine lán dífhostaithe agus 140,000 eile gan lánfhostaíocht. Is cailliúint uafásach dár sochaí é seo. Seachas an strus and an fhulaingt a chuirtear go pearsanta ar dhaoine nach bhfuil in ann postanna a fháil agus ar na daoine atá ag brath ar an teacht isteach ioncaim, ciallaíonn sé go bhfuil an saibhreas breise agus na hacmhainni breise a d’fhéadfadh na daoine úd a chruthú trína gcuid talann agus oibre ar ceal ón ár gcóras cánach agus ár seirbhísí poiblí. San Aontas Eorpach ar fad tá tuairim is 25 milliún duine dífhostaithe agus ar ndóigh is féidir na rudaí céanna a rá faoin chailliúint atá i gceist anseo don Mhór-roinn. Is ar an gcóras caipidil agus ar na margaí airgeadais atá an milleán don tragóid seo. Tá daoine ag éileamh postanna agus tá géar gá le níos mó earraí agus níos mó seirbhísí poiblí. Tá na billiúin Euro ag luí i mbainc ag comhlachtaí ollmhóra ach níl síad ag infheistiú an airgid seo de bharr nach bhfuil go leor brabúis le fáil. Is féidir a rá mar sin go bhfuil stailc infheistíochta ar siúl ag an aicme mór gnó agus nach bhfuil siad sásta acmhainní an tsochaí, ina measc an lucht oibre, a thabhairt le chéile chun postanna a chruthú, saibhreas a chruthú agus dá bhrí sin cánacha breise a chur ar fáil chun maoiniú a dhéanamh ar sheirbhisí cosúil le Sláinte agus Oideachas. Seafóid amach is amach atá ins an polasaí ‘déine’ (austerity) atá á cur i bhfeidhm ag an rialtas seo agus a bhí mar pholasaí ag an rialtas deireanach

TIMIRE Summer_2012.indd 8

freisin. Ta na billiúin á dtógaint as pócaí an lucht oibre, pinsinéiri agus daoine dífhostaithe chun iad a chur chuig na hinstitiúidí móra airgeadais agus lucht amhantraíochta (speculators) chun cúiteamh a dhéanamh as an airgead a chailleadar i gcúrsaí tógála sa tír seo. Tuigeann leanbh nach féidir sin a dhéanamh gan tionchar mór ar chumas na ngnáthdhaoine airgead a chaitheamh ins na siopaí agus ar sheirbhísí agus dá bhrí go gcaillfidh na mílte a bpostanna atá ag brath ar an chaiteachas sin. Duir an tAire Airgeadais le déanaí go bhfuil an-jab déanta ag an rialtas maidir le polasaithe an Troika a chur chun cinn agus go bhfuil eacnamaíocht na tíre seo chun eitilt cosúil le ‘roicéad’. Faraíor tá caint den tsaghas seo ag cur an dallamullóg ar dhaoine. Trí bliana ó shoin bhí rudaí den tsort céanna a rá le muintir na Gréige agus dá nglacfaidís leis an bpian ar feadh cúpla bliain go raghadh rudaí chun tosaigh ina dhiaidh san. Faraíor tá an Ghréig á bascadh de bharr torthaí na bpolasaithe seo. Tá an dífhostaiocht agus an bochtanas taréis méadú go mór agus tá seirbhisí poiblí amhail Oideachas agus Sláinte dá mbanú le ciorruithe. Maidir lenár dtír féin chrap an eacnamaíocht 2.2% ins an mbliain seo chaite de réir figiúirí an PhríomhOifig Staidrimh (CSO). Chuaigh an dífhostaiocht i méid agus tá dian-bhrú ar sheirbhísí poiblí. Caithfear deireadh a chur leis na polasaithe seo atá ag tabhairt na mbilliún do lucht mórairgeadais chun iad a shábháil ón tubaist a rinneadar lena cuid amhantraíochta. Caithfear infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúir poiblí mór thimpeall na tíre rud a d’fhéadfadh na mílte post a

03/05/2012 16:09


Timire

chruthú. Caithfear polasaí raidiceach a chur chun cinn chun freagra a fháil don ghéarchéim seo sa chóras. Ní thiocfaidh sé seo ón rialtas. Tá siad siúd ag cloí leis na margaí airgeadais agus leis an chóras céanna atá ag teip chomh tubaisteach san i láthair na huaire. Caithfear stad a chur le tuilleadh airgid a thabhairt do lucht na mbannaí. Caithfear cáin bhreise a chur ar an 5% den daonra a bhfuil beagnách 50% de shaibhreas na tíre ina seilbh. Caithfear na hacmhainní breise ón méid seo a infheistiú in infreastruchtúir poiblí atá ag teastáil go géar ins an Stáit. Ins an tslí seo is féidir na mílte a bhaint ó líon

9

na ndaoine dífhostaithe agus postanna a chur ar fáil. Chuirfeadh gníomh den tsórt seo na mílte daoine ar ais ag obair, ag íoc cánacha agus ag cabhrú leis an tír teacht as an bponc ina bhfuilimíd i láthair na huaire. Seo an t-aon slí inar féidir dul chun cinn a dhéanamh. Seo réiteach bunaithe ar pholasaí sóisialach, polasaí ar mhaithe le tromlach ghnáth mhuintir na tíre é. Measaim de réir mar a théann an ghéarchéim ar aghaidh go mbeidh tacaíocht do pholasaithe den tsaghas seo ag méadú agus go bhfuilimid chun athruithe móra polaitaíochta a fheiscint dá réir.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Iúil 2012 Go raibh obair le fáil ag gach duine faoi thoscaí slán-sábháilte..

TIMIRE Summer_2012.indd 9

03/05/2012 16:09


10

Timire

Seirbhís thar lear agus sa bhaile Diarmaid Ua Bruadair Nuair a thosaigh mé ag freastal ar phléghrúpa (discussion group) do dhaoine óga i Mainistir Chluain Ard i mBéal Feirste ag deireadh na 1980í níor shíl mé riamh go raibh sé i ndán dom seal a chaitheamh sa Bhrasaíl roinnt blianta ina dhiaidh sin! Bhí fócas an phléghrúpa ar an fhorbairt phearsanta agus ba iad beirt shagart de chuid Chumann an tSlánaitheora a bhí ina bhun. Bhí duine acu, Michael Kelleher, i ndiaidh tréimhse dhá bhliain a chaitheamh sa Bhrasaíl agus chuir na scéalta faoin tír sin agus na daoine ar bhuail sé leo faoi dhraíocht mé. Ba mhian liom níos mó eolais a fháil ar an chultúr iontach sin. Bhí spéis riamh agam san obair dheonach. I nGaeltacht uirbeach Bhóthar Seoighe, Béal Feirste, a tógadh mé. Cruthaíodh an Ghaeltacht sin tríd an obair dheonach, agus theagasc mo thuismitheoirí dom go hóg go raibh an tseirbhís don phobal agus do dhaoine eile tábhachtach. Fuair mé oideachas den scoth, tugadh deis dom ollscolaíocht a fháil, ach bhí a fhios agam i m’intinn féin i gcónaí go raibh daoine in áiteanna eile nach raibh na deiseanna céanna acu agus ba mhian liom rud éigin a thabhairt ar ais. Chuir mé in iúl do Michael go mbeadh suim agam tréimhse a chaitheamh ag obair sa Bhrasaíl agus chuaigh sé i mbun idirbheartaíochta leis na Slánaitheoirí thall. Glacadh le m’iarratas agus, i ndiaidh go leor ullmhúcháin, thug mé aghaidh ar an Bhrasaíl i Mí Iúil 1995. Chaith mé trí bliana san iomlán ag obair thall ar bhun deonach agus ba é an tréimhse ab fhearr de mo shaol é an t-eispéireas a bhí agam i measc chosmhuintir uasal na tíre sin.

TIMIRE Summer_2012.indd 10

D’fhoghlaim mé go leor faoin saol agus faoin Chríostaíocht. Bhí mé féin agus sagart as Corcaigh darbh ainm Brian Mac Thomáis ar fhoireann a d’fhreastail ar bhunphobail Chríostaithe i gceantair iargúlta san Amasóin. Bhí sé de nós againn trí seachtaine nó níos mó a chaitheamh ag timireacht agus muid ag bogadh ó phobal go pobal ag ceiliúradh na sacraimintí agus ag dul i ngleic le dushláin na ndaoine. Thaistil muid ar bhóthar, ar bhád agus ar mhuin capaill le bheith in éineacht lenár gcairde agus ba léir go raibh na daoine sin, a raibh neamhaird ag na húdaráis orthu, buíoch as ár n-iarrachtaí cabhrú leo. Chuir an taithí seo ar mo shúile dom an tábhacht a bhain leis an chreideamh a bheith ag tabhairt dóchais do dhaoine agus chomh maith leis sin go raibh dlúthcheangal idir an creideamh agus an saol. Chuaigh Diagacht na Saoirse i bhfeidhm orm agus d’aithin mé narbh fhiú dúinn a bheith ag caint le tuathánaigh, a raibh cos ar bolg á dhéanamh ag lucht an rachmais orthu, faoi ghrá Dé agus gan iarracht a dhéanamh freastal ar na géarriachtanais a bhí acu. Dúirt buachaill óg faoin Athair Brian Mac Thomáis nuair a hiarradh air an raibh aithne aige air agus ar a chuid oibre: ‘Déanann sé Aifreann agus déanann sé tithe’!, i bhfocail eile tugann sé aire don spioradáltacht agus troideann sé gualainn ar ghualainn leis na daoine lena gcearta bunúsacha a bhaint amach. Ba léir go mbeadh tionchar nach beag ag an Bhrasaíl orm agus ar mo shaol, ach is beag a d’aithin mé go mbeadh an tionchar chomh suntasach sin go dtí go raibh mé láimh le Brasaíleach mná ar altóir an phósta! Bheartaigh mé féin agus mo bhean nuaphósta, Alvina, cur fúinn i

03/05/2012 16:09


Timire mBéal Feirste agus is anseo sa Ghaeltacht uirbeach inár tógadh mé atáimid agus ár dtriúr iníonacha Lára, Emília agus Alana inár gcónaí go fóill. Nuair a d’iarr an eagraíocht forbartha agus obair dheonach SERVE orainn bheith páirteach i dtionscnamh thógáil tithe pobail in oirthuaisceart na Brasaíle in 2007, bheartaigh muid ar rud a dhéanamh orthu. Tugann SERVE deis do dhaoine obair a dhéanamh i dtíortha atá i mbéal forbartha agus iarradh orm féin agus ar Alvina dul i mbun grúpa de chúigear déag ar feadh cúig seachtaine i mbaile beag darbh ainm Parnaíba. Fiafraíonn daltaí scoile díom an raibh mé ag tógáil tithe do na daoine bochta agus deirim nach raibh – go raibh mé ag tógáil tithe leis na daoine bochta! Leagtar an seanbhothán ina bhfuil na teaghlaigh ina gcónaí agus is ar an láithreán céanna a thógtar an teach nua. Bíonn muintir an tí, an tógálaí oilte Brasaíleach agus na hoibrithe deonacha Éireannacha ag obair gualainn ar ghualainn le ceart bunúsach na dteaghlach – dídean a bheith acu - a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil tairbhe shuntasach sa tionscnamh seo do mhuintir Parnaíba, ach ní próiséas aonbhealaigh atá i

11

gceist. Tagann na hoibrithe deonacha ar ais go hÉireann agus iad saibhrithe ar bhealaí nach raibh siad ag dúil leis. Cé nach bhfuil mórán maoine Dealbh de Chríost an ag an phobal Slánaitheoir i Rio de bocht thall Janeiro na Brasaíle tá rudaí eile, teaghlach, pobal, creideamh agus meas dá chéile an-tábhachtach acu agus téann sin i bhfeidhm ar mhuintir s’againne. Táimid ag ullmhú le tionscnamh 2012 a reachtáil agus beidh grúpa níos mó arís ag teacht amach linn i mbliana. Cé go bhfuil an obair dúshlánach, níl aon dabht ach go mbainim féin agus mo theaghlach tairbhe as an deis atá againn le SERVE. Dúirt m’iníon is sine liom nuair a tháinig muid ar ais i ndiaidh an chéad turas: ‘Daidí nuair atá mise mór ba mhaith liom bheith i mo rock star nó i mo volunteer!’. I mbliain seo na hoibre deonaí ba chóir an deis a thapú agus triail a bhaint as an tseirbhís dheonach- thar lear nó anseo sa bhaile- ní bheadh a fhios agat cad é a bheadh i ndán duit! Is múinteoir sinsearach é Diarmaid Ua Bruadair i gColáiste Feirste (Gaelcholáiste). Is ball é de Bhord Stiúrtha SERVE (www. serve.ie) chomh maith, eagraíocht atá tiománta don obair dheonach agus do thionscadail fhorbartha in Éirinn agus thar lear.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Iúil 2012 Go dtuga oibrithe deonacha Críostaí sna críocha misinéireachta fianaise ar ghrá Chríost.

TIMIRE Summer_2012.indd 11

03/05/2012 16:09


12

Timire

Oscailt Croí agus Tuisceana Frainc Mac Brádaigh SJ An bhféadfadh sé go mbeadh sé ag teacht idir an Pápa agus codladh na hoíche ‘go riarfaí ar phríosúnaigh go cothrom agus le meas ar a ndínit dhaonna’. Cad chuige nach bhféadfaí? Pé ar bith, is minic a thagann an riar a fhaigheann príosúnaigh, taobh istigh agus taobh amuigh den phríosún, idir iad agus codladh na hoíche. Is sna 1980í a thosaigh mise ag cur aithne ar phríosúnaigh agus ar phríosúin sa Phoblacht. A bhuíochas do shéiplíneacht an phríosúin i bPríosún Mhuinseo agus Naomh Pádraig a thosaigh mé ag tabhairt cuairteanna ar dhrugóirí óga a raibh grúpa againn ag obair leo i lár Bhaile Átha Cliath. B’oscailt súl dom é. Bhí seans agam cuairt a thabhairt orthu ina gcillíní féin agus iad a bhailiú, uaireanta, i ngrúpaí beaga le héisteacht is le labhairt leo. Lean mé leis an nós sin ar feadh beagnach deich mbliana. Agus i rith an ama sin lean mé iad go príosúin eile sa Phoblacht. Is i bpríosún Luimnigh a chuir mé aithne ar an gCeallach. Bean ard deadhéanta sna 40í a bhí inti nuair a casadh ormsa í. Drugóir. Bhí sí sa phríosún de bharr gur phléadáil sí ciontach as coir a bhí duine de mhangairí móra Átha Cliath ag an am freagrach as. Bhí uaisleacht aisteach ag baint léi, í ábalta a laigí a admháil ach í leochaileach soghonta chomh maith, í díreach ina cuid cainte, go háirithe nuair a goineadh í, í lán de spiorad agus de gháire gnaíúil a bhíonn ag duine gur féidir léi gáire a dhéanamh fúithi féin san áit a bhfuil sé sábháilte sin a dhéanamh. Níor naomh de shaghas ar bith í. Bhí sí i gcónaí ábalta an fód a

TIMIRE Summer_2012.indd 12

sheasamh nuair a ba ghá agus tá mé cinnte gur dhíol sí drugaí nuair a ba ghá é sin a dhéanamh lena handúil a shásamh. D’éirigh léi an ceann ab fhearr a fháil ar an andúil chéanna ach thit sí siar agus, ó nach raibh a corp in ann neart na hearóine a fhulaingt, cailleadh í. Agus ba chaillteanas pearsanta domsa a himeacht. Nuair a d’éirigh mé as a bheith ag obair leis na drugóirí le dul ag obair i bparóiste i mBaile Munna, tar eis briseadh dhá bhliain i mbun staidéir, ní dheachaigh mé ar ais chun na bpríosún. Bhraith mé an t-am sin ar fad go raibh na príosúnaigh tréigthe agam. Nuair a tháinig mé go Port an Dúnáin, Co Ard Mhacha, fuair mé an deis arís agus thapaigh mé í. Tugann mo chuairteanna ar an bpríosún cleachtadh saoil difriúil dom agus tá mé buíoch de phríosúnaigh agus de bhairdéirí as an gcleachtadh sin. Cinnte, tagaim ar dhaoine gur féidir liom a shamhlú iad a bheith leithleasach agus ag smaoineamh orthu féin amháin. Cinnte, tagaim ar dhaoine gur féidir liom a shamhlú iad a bheith crua agus ábalta daoine a ghortú. Ach nuair a thugann fear, óg nó sean, cuireadh dom suí leis ina chillín féin nó ag bord iarainn greamaithe den urlár i seomra bia lom, agus nuair a thosaíonn sé ag oscailt a chroí, ag cur beagán muiníne ionam, ag labhairt faoi na rudaí atá ag déanamh buartha dó feicim duine daonna soghortaithe. Feicim duine a bhfuil dínit mar dhuine daonna ag dul dó, is cuma céard atá déanta aige roimhe seo. Feicim duine a bhfuil cothrom na Féinne dlite dó mar dhuine a chruthaigh Dia. Feicim duine gur mó seans go dtabharfaidh sé an riar céanna do dhaoine eile má fhaigheann

03/05/2012 16:09


Timire

sé riar cothrom uaimse, ó bhairdéirí, ó lucht oibre eile an phríosúin agus go háirithe ón lucht stiúrtha. Tá Dia san áit seo. Tá bealach ag príosúnaigh a fháil amach go han-sciopa an bhfuil suim agat iontu i ndáiríre. Tá bealach acu le tabhairt le fios duit go pras, go díreach nó go hindíreach, má ligeann tú síos iad, nó má tá tú sásta éisteacht leo is na teachtaireachtaí uathu a thabhairt faoi deara. Ní bhíonn mórán sa bhreis le cailliúint acu agus a saoirse caillte acu. Tá féith an ghrinn iontu agus tig leo gáire a dhéanamh fúthu féin nuair a thagann tú orthu ag cleasaíocht leat.

13

Tugaim faoi deara go bhfuil ionraiceas aisteach ag baint leo. Tá briseadh croí ag baint le bheith ag obair leo, go háirithe de réir mar a fhásann tuiscint an duine ar an ualach gortaithe atá á iompar ag daoine, de réir mar a fhásann tuiscint ar an ualach gortaithe gur féidir leo is linn ar fad a chur anuas ar a chéile, de réir mar a fhásann tuiscint ar a éagothroime agus atá córas a chuireann an oiread sin den chosmhuintir faoi ghlas. Ach má tá féin, tá an tseoid ann; go bhfuil croílár an duine dhaonna le tabhairt faoi deara anseo – acu siúd a bhfuil súile acu di.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Lúnasa 2012 Go riarfaí ar phríosúnaigh go cothrom agus le meas ar a ndínit dhaonna.

TIMIRE Summer_2012.indd 13

03/05/2012 16:09


14

Timire

Ról na hÓige in Eaglais an Lae inniu Seosamh Mac Aodhagáin Ní thuigeann Críostaithe óga na hÉireann sa lá atá inniu ann cé chomh tábhachtach is atá a bpáirt i bhfógairt an tsoiscéil. Is rud príobháideach é a gcreideamh do dhaoine óga anois. I measc dreamanna áirithe rud míbhéasach a bheadh ann do chreideamh a lua. Ní dhéanann ár gcultúr aon chothú ar an reiligiún taobh amuigh den scoil nó den teaghlach. Má choimeádann daoine óga a gcreideamh is d’ainneoin an chultúir é, ní dá bharr. Tá sin i gcontrárthacht ar fad leis na glúine a chuaigh romhainn. Is i dteaghlach Críostaí a thógtar suas a lán daoine óga agus téann siad ar scoil Chríostaí. Ach nuair a théann siad go coláiste nó ag obair bíonn siad i dtimpeallacht an-difriúil ar fad. Is timpeallacht é nach ndéanann aon chothú in aon chor ar chreideamh; is amhlaidh atá sé naimhdeach dó. Go minic ní leor na rudaí a d’fhoghlaim siad ar scoil le haghaidh maireachtáil mar dhaoine fásta i sochaí shaolta. Is minic a shamhlaíonn daoine óga atá dílis dá gcreideamh go bhfuil siad scoite amach ón gcuid eile. Ina theannta sin bíonn daoine óga sceiptiúil ó nádur, go háirithe sa lá atá inniu ann. Is furasta é sin a thuiscint mar is léir dóibh go raibh lochtanna áirithe ar an Eaglais agus ar an tír go dtí seo. Tá siad níos amhrasaí ná a dtuismitheoirí i dtaobh gluaiseachtaí nó fealsúnachtaí. Creideann a lán daoine óga gur theip ar na sean-aidhmeanna agus nach bhfuil fágtha anois ach cultúr an duine aonair. Ní shéanann an chuid is mó acu Dia. Ach ina dtuairim féin tá a saol maith go leor gan aon teagmháil a bheith acu leis

TIMIRE Summer_2012.indd 14

an Eaglais. ‘Táim spioradálta, ach nílim diaganta’ a deireann siad. Cad atá le déanamh más ea? B’fhéidir go bhfuil freagraí le fáil i scríbhinní agus i saothar an Athar Joseph Cardijn, sagart ón mBeilg a bhunaigh an ghluaiseacht, Saothraithe Óga Críostaí (Young Christian Workers). Rugadh é i 1882, chuaigh sé isteach sa chliarscoil go luath sna déaga, san am a bhí a chairde ag tosú ag obair sna monarchana. Ar a fhilleadh abhaile dó ar sos fuair sé amach go raibh a chairde lán den chultúr frithreiligiúnach a bhí go láidir i measc na hóige agus na n-oibrithe sa Bheilg san am sin. Dhiúltaigh a lán dá sheanchairde dó; chreid siad nach raibh aon suim aige ina saol crua mar oibrithe ós rud é gur ábhar sagairt a bhí ann. Bhí Cardijn an-bhuartha mar gheall ar an easpa creidimh a chonaic sé i measc a chairde. Gheall sé a shaol a chaitheamh ag fáil amach conas ab fhéidir na hoibrithe óga a thabhairt ar ais go dtí an creideamh. Rinne sé iarracht cumainn óige de chineálacha éagsúla a chur ar bun. Ar dtús thosaigh sé ag seanmóireacht agus seasamh anmhórálta aige, ach níor thaitin sé sin mórán le daoine. Lean sé ar aghaidh ag triail modhanna éagsúla, féachaint cad é an rud ba cheart a dhéanamh. Thuig Cardijn conas a théann an cultúr agus an timpeallacht i bhfeidhm ar chreideamh agus ar iompar daoine. Bhí gá le cultúr Críostaí san áit oibre, bunaithe ar na soiscéil, chun daoine óga a iompú go dtí Críost. ‘Caithfimid an t-uisce a athrú sula n-athróimid an t-iasc’ a dúirt sé. Thuig sé go gcaithfeadh baint a bheith ag an gcreideamh le saol na h-óige, agus go gcaithfeadh sé a

03/05/2012 16:09


Timire

bheith bunaithe ar chúrsaí an tsaoil, olc agus maith, áthasach agus brónach, ní ar thaithí diagairí nó daoine reiligiúnacha. Ba mhian leis cultúr Críostaí a bhunú a bheadh oiriúnach do shaol na n-oibrithe óga. Dhiúltaigh sé don seandearcadh, go mbeadh na heagraíochtaí á stiúrú ón mbarr anuas. Bheadh páirt ag an gcléir, ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí san obair. Ach i ndeireadh na dála is iad an dream óg a mhúnlódh a gcúltúr féin agus a gcreideamh féin. Ar na prionsabail seo bhunaigh Cardijn Na Saothraithe Óga Críostaí sa bhliain 1919. D’éirigh thar barr leis. Taobh istigh d’achar gearr leath an ghluaiseacht seo go dtí tíortha eile agus bhí cúpla milliún ball acu. Mhúin Cardijn go raibh áit lárnach ag na tuataí, go háirithe an dream óg, i misean na hEaglaise. Bhí tionchar mór ag an teagasc sin ar an

15

tuiscint nua ar an Eaglais a tháinig chun cinn i gComhairle na Vatacáine II. Agus tá a rian le fáil ina lán de na heagraíochtaí óige atá ann innu. An chuid is mó de na heagraíochtaí seo is iad na daoine óga féin a stiúrann iad, le cabhair ó shagairt agus ó dhaoine rialta. Cuireann siad spás ar leith ar fáil do Chríostaithe óga chun fás ina gcreideamh le cabhair óna chéile. Tá sárobair ar siúl ag na grúpaí seo, agus tá a ndíograis le moladh go mór. Ach ar ndóigh ní leor an méid sin. Caithfidh Críostaithe leanúint ar aghaidh ag cothú cultúr Críostaí, bunaithe ar na soiscéil, i ngach réimse den saol. Ar nós an Athar Cardijn caithfimid a bheith i gcónaí ag triail modhanna nua. Tá na torthaí le feiscint cheana féin. Leanfaidh siad orthu ag fás fad a fhanfaimid oscailte don Spiorad Naomh atá de shíor ag obair sa saol.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Lúnasa 2012 Go raibh daoine óga toilteanach a ngairm ó Chriost a leanúint, an soiscéal a fhógairt, agus fianaise a thabairt ina leith, go himeallchríocha an domhain.

TIMIRE Summer_2012.indd 15

03/05/2012 16:09


16

Timire

Nóibhéine do Chroí Íosa

7ú go 15ú Meitheamh (Féile an Chroí Ró Naofa) Alan Mac Eochagáin, SJ

Conas an Nóibhéine a dhéanamh

Gach aon lá is gá achar beag ‘ciúin’ a chur i leataobh – go leor chun machnamh beag a dhéanamh ar ábhar an lae sin. Léigh an scrioptúr, go mall, uair nó dhó. Bíonn ceisteanna ann i gcónaí. Ná rith tharstu. Lig do gach ceist mo dhúshlán a thabhairt agus mé a ghríosú chun urnaithe. Má tá grúpa beag ag déanamh an nóibhéine le chéile, ba dheas an inspioráid a roinnt le chéile i ndiaidh an achar ciúnais. Críochnaigh le hUrnaí an Nóibhéine

Urnaí an Nóibhéine

A Íosa dhiaga, is tú a dúirt; ‘Iarraigí agus tabharfar daoibh; lorgaígí agus gheobhaidh sibh; buailigí agus osclófar daoibh.’ Seo mise ar mo ghlúine ag do chosa, lán de muinín as na geallúintí uilig a thug tú dúinn. Tá a fhios agam go n-osclaíonn ár laigí do chroí atá lán le taise dóibh siúd atá ag fulaingt. Cuirim m’intinn os do chomhair, lán dóchais (luaigh an intinn go ciúin). Ach mura chun glóir Dé ná leas m’anama m’impí, faighse dom an rud is fearr dom, ionas gur féidir liom mo chuid a dhéanamh chun ríocht do ghrá a thógáil ar an domhan seo. Amen

An Chéad Lá (7 Meitheamh)

Foinse na Beatha agus na Naofachta

Scrioptúr: Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar…Rinneadh an uile ní tríd, agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh. (Eoin 1:1,3) Machnamh: • As gach aon rud atá déanta ag Dia, cad é an ceann is mó a chuireann ionadh orm? Rúndiamhair an chosmais? Rudaí beaga an ghnáthshaoil? Cuirim i gcuimhne dom gur trí Bhriathar Dé a rinneadh an uile ní. • Tá cumhacht iomlán an Bhriathair sin i gCroí Íosa. • An gcreidim go bhfuil áit ann domsa ina leithéid de Chroí? Urnaí: A Íosa is tú mo Dhia, trínar cruthaíodh an ghrian is na réaltaí, mo chruthaitheoir féin. Ach, níl tú i bhfad uaim. Is tú mo dhlúthchara a shiúlann an bealach liom agus nach dtréigfidh mé go deo. Adhraim thú, a Dhia liom; tugaim mé féin duit, a chara liom. Amen A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

TIMIRE Summer_2012.indd 16

03/05/2012 16:09


An Dara Lá (8 Meitheamh)

An Grá i gCroí-Lár Dé

Scrioptúr: Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d’fhéach sé agus b’shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó ... ‘Ná tar níos gaire,’ arsa an Tiarna, ‘bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é’ (Eax. 3:2) Machnamh: An féidir liomsa Dia a shamhlú mar fhoirnéis thine faoi mar a nocht sé é féin do Mhaois? Cad é mar a bheadh sé sin domsa? Tine ghrá a thugann teas agus sólás dom? Nó rud a chuirfeadh scanradh orm? Caithim nóméad amháin ag samhlú Croí Íosa ar lasadh le grá Dé domsa? Urnaí: A Thiarna Dia, cuidigh liom teacht níos gaire do thine do ghrá gan eagla, gan andóchas. Go n-adhna an Spiorad splancacha grá ionam a bheidh ina lasair do dhaoine eile. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

An Tríú Lá (9 Meitheamh)

I gCroí-Lár na hEaglaise

Scrioptúr: ‘Má tá tart ar aon duine,’ arsa Íosa, ‘tagadh sé chugamsa agus óladh sé! An té a chreideann ionamsa, faoi mar a deir an scrioptúr, rithfidh as a chroí istigh sruthanna d’uisce beo.’ (Eoin 7:37,38) Machnamh: Sruthanna d’uisce beo ag rith as mo chroí bocht suarach? Ní féidir é a bheith amhlaidh! … Fós féin, creidim i bhfocail Íosa, nach gcreidim? Cad é a bhfuil sé ag tagairt dó, mar sin? Conas a bheadh an t-uisce beo seo ag rith amach asam? Iarraim ar Íosa é seo a mhíniú dom. Urnaí: A Thiarna, tá tart orm, ar mo dhóigh áirithe féin. Tagaim chugat mar chuid den Eaglais a bheathaíonn tú agus a líonann tú le do ghrásta. Cuidigh liom maireachtáil ar d’iontaoibh agus ligint do mo chroí féin bheith ina fhoinse d’uisce beo, faoi mar a gheall tú – agus mar a d’éiligh tú. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

An Ceathrú Lá (10 Meitheamh)

Corp agus Fuil Chríost

Scrioptúr: Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: ‘Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.’ (Lúcás 22:19) Machnamh: Cad é mar a théann na focail sin atá le tabhairt ar bhur son i bhfeidhm orm? Cad é a bhí i gcroí Íosa nuair a bhunaigh sé an Eocairist? An raibh áit ina chroí dúinn? – domsa? Urnaí: A Thiarna, is tríd an Eocairist thar rud ar bith eile a bhíonn do ghrásta á ndoirteadh ar an domhan uile. Cabhraigh linne, a bhfuil sé de phribhléid againne Críost a ghlacadh san Eocairist, grá Chríost a thaispeáint dár gcomharsa – ‘mar chuimhne air’. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

TIMIRE Summer_2012.indd 17

03/05/2012 16:09


18

Timire

An Cúigiú Lá (11 Meitheamh)

Tagaigí Chugam

Scrioptúr: Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa, uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha. (Matha 11:28,29) Machnamh: Cad é an saothar agus tromualach atá orm nó ar mo mhuintir? Cé hiad na ceachtanna atá á múineadh dom i ‘scoil Íosa’, i láthair na huaire? An fhoighde? An umhlaíocht? Muinín i gCroí Íosa? An bhfuil mé réidh le foghlaim ón té atá ‘ceansa uiríseal ó chroí’? Urnaí: Tiocfaidh mé chugat faoi mar a deir tú, a Thiarna, mar creidim go mbíonn tú ag obair do mo leas san uile ní. Bí tusa i do mhúinteoir agam agus cuidigh liom mo shaol ar fad a chaitheamh i do ghrá. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

An Séú Lá (12 Meitheamh)

Is cuma! Tagaigí!

Scrioptúr: Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord… ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos. (Lúcas 7:37) Machnamh: Cad é mar a d’fhéach Íosa ar an bhean bhocht – pheacúil – seo, ag gol ag a chosa? Conas a chaitheann sé le daoine atá lag dearóil? Cén dóigh a bhí uirthi, meas tú, agus í ag dul abhaile an oíche sin? Cén ceacht atá anseo domsa? Urnaí: A Íosa tagaim chugat sa nóiméad seo faoi mar atá mé. Tá a fhios agam go bhfuil tú ag fanacht liom le fáilte ghrámhar. Maith dom mo chionta agus leigheasaigh mé. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

An Seachtú Lá (13 Meitheamh)

Croí Úr

Scrioptúr: Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit. (Eiz.36:26) Machnamh: Uair amháin mhothaigh Naomh Mairéad le Muire gur thóg an Tiarna a croí agus chuir ina Chroí féin ar feadh tamaill é. Ina dhiaidh sin mhothaigh sí go raibh cuid de thine Ghrá Dé ina croí féin. An ligfidh mé dó croí nua a thabhairt dom? Urnaí: A Athair, lena chroí feola féin taispeánann do mhac Íosa nach bhfuil teorann leis an ghrá a thugann sibhse don chine daonna, go mór mór do dhaoine atá ag fulaingt. Cuidigh linne grá a thabhairt dár gcomharsa i gcruachás. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

TIMIRE Summer_2012.indd 18

03/05/2012 16:09


Timire An t-Ochtú Lá (14 Meitheamh)

19

Mise ‘de dhíth’ Air.

Scrioptúr: Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: ‘Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?’ D’fhreagair Síomón Peadar é: ‘A Thiarna, cé chuige a rachaimid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.’ (Eoin 6:67,68) Machnamh: Agus na deisceabail seo ag iompú uaidh, cad é mar a mhothaíonn Íosa? Nach bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil siad ‘de dhíth’ air? An ritheann sé liom go mothaíonn sé uaidh mé nuair a dhéanaim neamart ann? Cén áit nó cén dóigh a bhfuil Íosa ag fanacht le go dtabharfaidh mise grá dó? Urnaí: A Thiarna Íosa, mar aon leis an dáréag cloisim na focail;‘An mian leatsa freisin imeacht?’ agus deirim mar aon le Peadar, ‘Cé chuige a rachaidh mé, is agatsa atá briathra na beatha síoraí’. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

An Naoú La (15 Meitheamh)

Croí Gonta le Grá

Scrioptúr: Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. (Eoin 19:33-34) Machnamh: Nuair a fheicim croí Íosa tollta le sleá, cad é mar a théann sé i bhfeidhm orm? Ábhar uafáis? Sóláis? Ceann faoi? Cén teachtaireacht a bhainim as do mo shaol féin? Cad é atá Dia a rá liom san eachtra seo? Urnaí: A Íosa, cuireann tú ionadh orm. Téann tú thar fóir i do ghrá domsa. Níor choinnigh tú siar rud ar bith duit féin. Cabhraigh liomsa mo chroí beag lag a oscailt i ngrá duitse agus do mo chomharsana. A Chroí Ró-Naofa Íosa, is ort atá mo sheasamh

Cuireadh bheith ina Shíntiúsóir d’iris An Timire Tá gá i gcónaí le níos mó síntiúsóirí a fháil chun todhchaí an Timire a chinntiú. Má thaitníonn an iris leat tabhair cuireadh do chara leat bheith ina shíntiúsóir. Ní gá dó/di ach nóta a chur chuig An Timire, f/c Teach Manresa SJ, Baile na gCorr, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3 nó glaoigh ar 01 8325138 agus beimid i dteagmháil. An síntiús bliana ná €15/Stg £13.

TIMIRE Summer_2012.indd 19

03/05/2012 16:09


20

Timire

Is Muidne Corp Chríost Caoimhín Ó Ruairc SJ Seo leanas an t-aitheasc a thug an tAthair Caoimhín ag Aifreann ceiliúrtha 100 bliain an Timire in Avila, Ionad na gCairmilíteach, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, ar 24ú Meán Fómhair, 2011. Tá trí íomhá le cur agam os bhur gcomhair inniu. I dteach na nÍosánach i Vanves, bruachbhaile i bPáras, nuair a théann tú isteach sa séipéal, feicfidh tú pictiúr le hÍosa ina shuí chun boird le beirt dá dheisceabail i dteach ósta i mbaile beag Emmaus. Tá an scéal ar eolas go maith againn. Mar a shiúladar an bóthar le chéile; Íosa á mhíniú féin dóibh cé nach raibh fhios acu gurbh É a bhí ann. Agus mar a d’áitigh siad air fanacht leo mar go raibh deireadh an lae ag druidim. Sa phictiúr seo, ar aon nós, má bhreathnaíonn tú go cúramach air, feicfidh tú rud éigin briste ina lámha ag Íosa. Ní raibh mé in ann bheith cinnte arbh é a chroí féin, a chroí a bhí briste de bharr fhulaingt ar son an ghrá, nó arbh é arán beannaithe na beatha a bhí á bhriseadh agus á ofráil aige. Ach tharla rud dom scór bliain roimhe sin a chabhraigh liom an cheist a réiteach. Bhí mé ag guí os comhair na NaomhShacraiminte i séipéal i Manresa na Spáinne, áit ar chaith Naomh Iognáid seal dá shaol agus é ar thóir thoil Dé. Mar a tharlaíonn ó am go chéile agus muid ar thuras an chreidimh, d’oscail Dia mo shúile. Thuig mé go soiléir an lá úd gurbh ionann Croí na NaomhShacraiminte, Croí na hEaglaise, Croí na Maighdine Muire, Croí an chine dhaonna, Croí na cruinne ar fad, Croí Dé féin, Croí Ró-Naofa Íosa. Tá buille chroí (heartbeat) Íosa, buille Chroí Dé, i gceartlár gach a bhfuil ann. Grá gan teorann. Agus an bheirt in Emmaus? Is É

TIMIRE Summer_2012.indd 20

féin agus a ghrá, a bhí á thabhairt dóibh ag Íosa, trí mheán an aráin bheannaithe. Tuairim scór bliain ó shoin, thug cara liom pictiúr dom d’Íosa céasta ar an gCrois. Duine de bhuntreabh Cheanada a tharrainig an pictiúr; ní ar Chrois, ach ar chrann, atá Íosa céasta. Ní fheictear an bheirt eile a céasadh taobh leis, nó ní fheictear a mháthair nó Naomh Eoghan. Ach i ngéaga an chrainn feictear éanlaithe, ainmhithe, beacha, féileacáin agus feithidí. Faoin chrann, feictear péisteanna agus éisc, iad ar fad buartha, deora ar na leicne, ar nós go raibh fhios ag an nádúr féin go raibh an Cruthaitheor á chur chun báis. Tá mé ag breathnú ar an bpictiúr sin le blianta, ach den chéad uair riamh thug mé rud nua faoi deara, le déanaí, nach bhfaca mé go dtí seo, agus nach bhfaca mé in aon phéinteáil nó ealaíon ar bith eile. Céard tá ina dhá lámh ag Íosa, ach bláthanna. É maslaithe, ciontaithe go h-éagórach, sciúrsáilte, briste, táirní trína lámha agus a chosa, ach fós tá bláthanna, comharthaí an ghrá, aige dúinn. A bhuille chroí corpartha ag dul i léig, ach grá níos láidre ná riamh. Le gairid, táim ag iarraidh tuiscint níos doimhne a fháil ar an nasc idir an tAifreann agus Cnoc Chalvaire. Ní tuiscint cinn nó éirime, ach tuiscint inmheánach, ó chroí. An Mháirt seo chaite, bhí mé ag comhcheiliúradh Aifrinn le sagart a bhfuil galar intinne air. Is minic é in ísle brí le dúlagar (depression) agus bíonn air táibléidí a thógáil; mar thoradh air sin, ní bhionn sé in ann labhairt go soiléir. Amanta casann sé an leathanach mícheart, nó ní bhíonn fhios aige cén chuid den Aifreann atá léite aige. Ach thuig mé an mhaidin sin go raibh sé ag siúl an Via Dolorosa, céim ar chéim le hÍosa. Crois

03/05/2012 16:09


Timire

21

Íosa agus na deisceabail ar an mbóthar chuig Emmaus. Dearadh le Gustave Dore. Foilsithe i Stuttgard 1885

a dhaonnachta agus a thinnis á iompar aige. Tá an fear sin á íobairt féin do Dhia, mar a dhéanann muid ar fad nuair a ghlacaimid páirt san Aifreann. Glacann Dia lenár ndeacrachtaí agus

TIMIRE Summer_2012.indd 21

ár bhfulaingt, agus aontaíonn sé ár n-iobairtí lena iobairt féin san Aifreann. Is muide a chorp anois, is muidne corp Chríost. ‘Tagaigí chugamsa’, adeir sé, ‘sibhse atá ag iompar ualach trom, agus tabhairfidh mé faoiseamh daoibh’.

03/05/2012 16:09


22

Timire

Doimhne agus Airde an Duine Leon Ó Giolláin SJ I leabhair álainn a scríobh Luigi Giussani, sagart Iodálach a chur tús leis an ngluaiseacht eaglasta ‘Communio e Liberazione’ (Comaoin agus Saoirse) – leabhar dár teideal The Religious Sense - insíonn sé eachtra a tharla dó agus é ina leaid óg agus a d’fhág rian mór ar a anam. Bhí sé amuigh ar siúlóid lena thuismitheoirí i gcoill mhór Domhnach amháin nuair a chuaigh sé ar seachrán. Bhí sé scartha amach óna thuismitheoirí. Sar i bhfad, thosaigh an oíche ag titim agus bhí sé scanraithe, imníoch. Thosaigh ag screadaíl in ard a ghutha ‘Mamma, Papa’ - ach ar feadh i bhfad ní raibh freagra ar bith le cloisint. Bhí sé i dtánaiste an anama, amach is amach. Agus ansin, trí thost scranraitheach na hoíche, chuala sé glór a athar ag béicíl thar n-ais: ‘Luigi, Luigi’. ‘Ní fhéadfá a shamhlú an sólás agus an faoiseamh anama a mhothaigh mé an nóiméad sin’, a dúirt sé! Bhí sé slán, ar ais i mbaclainn shábháilte a thuismitheoirí. Ag machnamh siar ar an eachtra sin na blianta fada ina dhiaidh, thuig Giussani go bhfuil an duine daonna cosúil leis an bpáiste beag sin: caillte, ag siúl sa dorchadas, ag béicíl amach as an staid uafásach, éadóchasach ina bhfaigheann sé é féin. ‘Níl aon chiall leis an cri-decoeur seo’, a deir sé, ‘muna bhfuil dóchas agus creideamh éigin sa duine go bhfuil ‘Freagra’ ar an ‘cri’ seo le fáil. Is é Dia féin an Freagra, a deir sé. Glaonn sé ar ainm orainn. Agus nuair a chloisimid an glór sin, líontar croí an duine le sólás anama thar cuimse. Tuigeann sé go bhfuil sé – agus go deimhin, go raibh sé i gcónaí slán.

TIMIRE Summer_2012.indd 22

Cuireann an scéal sin de chuid Luigi Giussani i gcuimhne dom an píosa ealíne fíochmhar sin a chum Edvard Munch, ealaíontóir ón Iorua, sa bhlian 1893. ‘Shrik’ an t-ainm atá air san Ioruach – anchóngarach don bhfocal ‘shriek’ as Béarla – ‘scread’ as Gaeilge. Scread léanmhar atá ann, gan amhras, mar is léir ón rud a scríobh an t-údar féin faoi ina dhialann: Bhí mé ag siúl ar chosán le beirt chara – bhí an ghriain ag dul faoi – go tobann tháinigh dath cródhearg ar an spéir – bhí mé traochta agus sheas mé droim le balla chun sos a thógaint - bhí fuil agus teangacha tine os cionn an fjord dhuibh agus os cionn na cathrach – lean mo chairde orthu ag siúl ach d’fhan mise i mo sheasamh, ag crith le himní - agus bhraith mé scread infinideach ag dul trid an nádúr. Bhí Munch féin cráite go minic cosúil le Iób féin: chaill sé a mháthair agus a dheirfiúr leis an eitinn agus chuaigh deirfiúr eile dá chuid as a meabhar. Bhí an claonadh céanna ann féin, de réir dealraimh, cé gur éirigh leis fanacht ar a chiall ar feadh a shaoil. Dob’é, ar bhealach, a scread eisiach daonna féin a mhothaigh sé an oíche úd agus a thug léargas dó ar uafás ríocht an duine go ginearálta, i. la condition humaine. Scríobh an Dara Comhairle Vatacánach, ag trácht ar staid an duine: The call to grandeur and the depths of misery, both of which are a part of human experience, find their ultimate and simultaneous explanation in the light of revelation (Gaudium et Spes, 13). Is cuid d’eispéireas an duine dhaonna ‘doimhneas an éadóchais’. Ach, ag an am céanna, braitheann an duine ina chroí istigh ‘airde na gairme daonna’, agus mar sin tá dóchas ann, tá solas nó ‘dea-scéal’ éigin taobh thiar den chrá.

03/05/2012 16:09


Timire

23

ó ‘Shrik’ le Edvard Munch

Ina Thréadlitir ar an nDóchas (Spe Salvi), déanann an Pápa Beinidict machnamh arís ar Shalm 23 – Is É an Tiarna m’Aoire – ag cur i gcuimhne dúinn an tuiscint úrnua a bhí ag na Luath-Chríostaithe ar an téacs ársa bíobalta seo: i. gurb’é Críost an t-aon duine ar féidir lán-mhuinín a bheith againn as de bhrí gur ghlac sé air féin an nádúr daonna agus mar sin gur thuig ina Phearsa féin buairt an duine, crá an duine, ainnis an duine. Ina Phearsa féin agus ina Pháis féin, thug sé ‘Freagra’ ar an uile bhuairt dhaonna, agus ina aiséirí thug dóchas don uile dhuine go raibh bealach amach as an ndorchadas. Dá bharr san, tig leis an gCríostaí a rá: Fiú da siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor

TIMIRE Summer_2012.indd 23

bhaol liom an t-olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom. Is é seo grásta ollmhór an chreidimh Chríostaí: cinnteacht inmheánach go bhfuil Dia linn go fíor. Fiú nuair a shiúlaimid sa dorchadas agus nuair is fada uainn a ghlór agus a ghlóir, ní chliseann an dóchas orainn. Leanaimid orainn ag glaoch amach chuige, ag súil le freagra. Tuigimid go bhfuil go deimhin ‘Freagra’ ar an uile ní agus go dtiocfaidh Sé luath nó mall chun sinn a tharrtháil. Guímis nach gcaillfimid choíche an dóchas doimhin seo in Íosa Mac Dé a chónaigh inár measc agus a gheall go mbeadh sé in éineacht linn i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil. Amen.

03/05/2012 16:09


24

Timire

Sliocht as na hAirciví Cúis Bheo Mairtírigh na hÉireann Liam Tuireadh, O.S.A.

(foilsithe san Timire, Fómhar 1992) Rugadh Liam Tuireadh (William Tirry) i gcathair Chorcaí sa bhliain 1608. Ceannaithe ba ea a mhuintir ansin leis na céadta bliain. Caitlicigh mhaithe ba ea iad. Ní fios cár thug sé a mhóideanna in Ord Naomh Agaistín ná cá ndearnadh sagart de. Ar ndóigh, san aois sin níorbh fholáir dul thar lear chun barr a chur ar chúrsai oideachais. Chuaigh se ar dtús go Valladolid na Spáinne agus as sin go Páras, mar a raibh sé sna blianta 1636-41. Chríochnaigh se a chúrsa diagachta i bPáras agus thug tamall i mBruiséil na Beilge roimh fhilleadh go hÉirinn, go teach an Oird i gCorcaigh. Thug sé tamaillín mar rúnaí dá uncail, Uilliam Tuiridh, a bhí ina easpag ar Chorcaigh agus Chluain Uamha, agus tamall ina dhiaidh sin bhí sé mar shéiplíneach d’fhear céile aintín leis, Doiminic Sáirséal, Bíocúnt Chill Mocheallóg, agus mar oide dá bheirt mhac sin. Sa bhliain 1646 ceapadh é mar chompánach nó rúnaí do chúigíoch nua an Oird, an tAthair Donnchadh Ó Drisceoil, agus bhí sí ina theannta ar feadh trí bliana, agus is cosúil gur i bhFiodh Ard i gContae Thiobraid Árann a bhí siad. Ceapadh an tAthair Liam ina phrióir (prior) i Scrín i gContae na Mí i Meitheamh 1649, ach ní dócha gur chónaigh sé riamh ann mar go luath ina dhiaidh sin bhí an dúiche faoi smacht arm Shasana. D’fhan sé go ciúin ina chónaí i bhFiodh Ard ón mbliain 1651 go dtí 1654. Bhí sé ansin ina oide ag aonmhac Amy Bean Eibhearard, baintreach, a raibh gaol

TIMIRE Summer_2012.indd 24

pósta aige léi. Thugadh sé na sacraimintí agus chaitheadh sé formhór a chuid ama ag guí agus ag seirbhís do Dhia. Gabhadh an tAthair Liam Dé Sathairn na Páise, an 25ú Márta 1654. Rinne triúr fear é a bhrath ar son an £5 a gheobhadh an té a sceithfeadh ar shagart chun é a ghabháil. Tugadh go Cluain Meala é agus cuireadh i bpríosún é i dteannta roinnt eile sagart. Fuarthas scríbhinní ina sheilbh ag cosaint an Chreidimh in aghaidh na bProtastúnach agus lena chois sin nuair a réab na saighdiúirí isteach sa teach bhí sé gléasta chun Aifrinn. Coimeádadh ar feadh beagnach mí sa phríosún é agus chuaigh sé i bhfeidhm ar chách trína urnaitheacht agus déine a bheatha. Ag an am sin b’ionann agus ardtréas, de réir dhlí Shasana, ag aon chléireach a bheith in Éirinn agus bheadh pionós an bháis ag dul dó. Sin í an choir a cuireadh i leith an Athar Liam agus an Athar Maitiú Ó Fógartaigh,O.F.M Cap. ar an 26 Aibréan. D’fhreagair sé nach raibh uaidh cur in aghaidh an rialtais i gcúrsaí saolta, os acu a bhí an t-údarás, a dúirt sé, ach maidir le cúrsaí creidimh agus coinsiasa, b’éigean dó rud a dhéanamh ar a chuid uachtarán agus ar an bPápa. Mar sin féin, daoradh an bheirt chun a gcrochta. Níor crochadh an Fógartach, ámh. Lá Bealtaine, cuireadh in iúl don Athair Liam agus do thuata darbh ainm Peadar de Paor, go gcurifí chun báis iad. Ar chloisteáil an scéala sin don sagart chuaigh sé ar a ghlúine, bhuail a bhosa agus dúirt go deorach de ghuth ard as Gaeilge (ach is san aistriú Laidine atá sé): ‘Glóir agus onóir do Rí na cruinne atá domharfach dofheicthe, do Dia amháin a thug domsa an bás róshona seo a fháil’. Tar éis an scéala a fháíl don áthair Liam go raibh a uair féin tagtha, cuireadh geimhleachta air agus ghluais sé leis,

03/05/2012 16:09


Timire

25

Dealbh den Athair Liam Ó Tuireadh i bhFiodh Ard, Co. Thiobrad Árann

corran an Oird rialta ar a cheann agus é gléasta san aibíd Agaistíneach, an Choróin Mhuire á rá aige agus é ag tabhairt a bheannachta do na daoine ar gach taobh. Théadh sé ar a ghlúine gach ré seal ag guí nó gur tháinig sé i gcóngar na croiche agus lean de bheith

TIMIRE Summer_2012.indd 25

ag feacadh glúin go dtí gur crochadh a chompánach, Peadar de Paor. Nóta ón eagarthóir: Ar 24ú Meán Fómhair, 1992 rinne an Pápa Eoin Pól II seacht mairtíreach déag de chuid na hÉireann a bheannú, ina measc an tAthair Liam Ó Tuireadh.

03/05/2012 16:09


26

Timire

Im Leabharlann dom

Tá na Barbaraigh ag teacht inniu: Dánta Nua-Ghréigise Eoghan Mac Aogáin a d’aistrigh, Coiscéim 2010 100 lch €7.50

Sceach sa Bhearna Seán Hutton, Coiscéim 2011 64 lch €7.50

Ní Iontas go bhFuil an Spideog ag Gearán: Dánta i nGaeilge / Poèmes en irlandais Pádraig Breandán Ó Laighin, Coiscéim 2011 103 lch Crua €10

TIMIRE Summer_2012.indd 26

Seán de Fréine Blas an-ilnáisiúnta ar dhíolaim filíochta na ráithe seo: cuimsíonn siad comhfhoilsiú dánta Gaeilge le teach foilsitheoireachta in Montréal; tacar dánta ar scríobhadh cuid díobh i Sasana; agus cnuasach d’aistriúcháin ón nua-Ghréigis, maraon lena mbunleaganacha. Murar leor sin, tá aistriúcháin ón Ghréigis (Sappho) agus ón Laidin (Catullus), maraon le leaganacha Gréigise agus Laidine, ins an tríú leabhar trasna. Faighimid diminsean stairiúil clasaiceach, más ea, chomh maith le diminsean leathan geografach, idir na trí leabhar seo. Agus dánta nua Gaeilge san mheascra. Ní beag sin mar lón. Tá an t-ádh linn, lucht léite litríocht na Gaeilge, go bhfuil scoláire Gréigise den scoth inár measc, is é sin Eoghan Mac Aogáin. Cheana féin, tá leabhar próis fíorshuimiúil curtha ar fáil aige i dtaobh Johannes Scotus Eriugena, mar a thug sé air féin, sé sin a gineadh (rugadh) in Éirinn. Bhí an Jonannes seo ar an Ghaeilgeoir-Gréigiseoir ba mhó le rá sna meánaoiseanna. Seo chugainn anois leabhar breá eile le hEoghan: Tá na Barbaraigh ag Teacht inniu. Tá ábhar ann atá tearc go leor i litríocht reatha an Bhéarla, is é sin, dánta Gréigise de chuid an lae inniu, arna n-aistriú ó nua-Ghréigis na linne seo. Tugtar samplaí dúinn dá saothar ag cúigear déag d’fhilí a chum ó naoú céad i leith, tráth athmhúscailte na Gréigise. Is díol suime é seo ann féin dúinne, Éíreannaigh. Ach tá níos mó le fáil. Ar aghaidh amach gach dán (a aistrítear go feillbhinn go Gaeilge nádúrtha) tá an bundán in aibítir shainiúil na Gréigise. Tar éis na ndánta a bhlaiseadh, gheobhaidh an léitheoir tá tobar eolais faoi chineál na filíochta Gréigise freacnaircí. Tá nóta gairid ar bheatha gach file, agus nótaí gairide faisnéise ar dhánta, de réir mar is cuí.

03/05/2012 16:09


Timire Tá neart eolais iontu, cud de an-tráthúil ag an am seo. Mar shampla, deireann an t-eagarthóir linn: ‘Is ar chúiseanna fíorlaga a tugadh an Ghréig isteach san CEE (an tAontas Eorpach anois) in 1981. Cuimhní rómánsúla na scoláirí is mó ba chúis leis…’. Bíodh sin mar atá, is mór is fiú an fhilíocht seo a bheith ar fáil dúinn, filíocht a bhfuil difríochtaí suntasacha idir í agus an cineál is mó taithí againne uirthi in iarthar na hEorpa. Ach más ea, tá rudaí i bpáirt againn chomh maith. Mar a chuireann Giorgios Drosinis, duine de na filí atá againn anseo, in iúl dúinn ina dhán, ‘Cré na Gréige’: ‘Anois is mé réidh chun dul thar sáile /…lig dom briocht a thabhairt liom / mar chosaint ar olc is ar uaigneas. /mar chosaint ar thinneas is ar an mbás. /dornán beag, sin uile, cré na Gréige.’ Is maith mar a léiríonn na dánta seo meon rocach na Gréige, meon atá difriúil ón mheon níos boige a bhfuil muide i dtaithí air. Ach tír rocach atá sa Ghréig, agus stair rocach a bhí ag a muintir, fiú i laetha a glóire clasaicí. Ní hionadh go mbeadh an tsintréith chéanna le fáil mar sin i bhfilíocht an lae inniu. Ach as an charraig lom chruthaigh a dealbhóirí agus a cuid ailtirí áilleacht atá ina cuid luachmhar de oidhreacht chultúrtha na hEorpa. Mar sin, is féidir le file eile sa díorma seo, Costis Palamis, a rá go fírinneach, ‘Tagann an phiocóid thochailte ar an Áilleacht de thaisme.’ Más crua righin meon na nGréagach, tá an áilleacht acu chomh maith, rud a gheobhaidh an léitheoir anseo. Dá mbeadh ábhar casaoide agam leis an leabhar, is é go bhfuil a aistí eolais ag an deireadh seachas ag an tús. B’fhearr liom dá mbeidís ag an tosach. Ach is mionrud é seo. Cnuasach eile leis an fhile dílis Seán Hutton is ea Sceach sa Bhearna. Dílis,

TIMIRE Summer_2012.indd 27

27

ar an ábhar go bhfuil sé ag saothrú leis i nGaeilge ar feadh na mblianta, cé go bhfuil formhór a shaoil caite aige i Sasana. Tá an-éagsúlacht ábhair le plé aige san díolaim is deireanaí seo leis, ó aimsir Chogadh na Talún i leith, go dtí an lá inniu. Tosaíonn sé le hinsint bhreá ar eachtra a tharla sa Chogadh sin a léiríonn an réabhlóid intinne agus meanma náisiúnta a tharla lena linn. Eachtra bheag áitiúil a bhí ann, agus níor ghá ach fear amháin a labhairt amach chun críoch a chur leis an lútáil agus leis an sodar i ndiaidh na n-uasal a bhíodh róchoitianta i mbailte na tíre seo, idir bheag is mhór, lá den saol. Leanann Hutton ar aghaidh lena thuairimí agus a mhothúcháin a nochtadh faoi imeachtaí ilchineálacha reatha a thagann faoina aird radharcghéar, an Iaráic, Libia, an Afganastáin, agus an Mheán-Oirthear. Agus Éire (in ‘Ceathrú Trua na Scéalaíochta’) mar a scríobhann sé (mar atá déanta ag an-chuid filí reatha eile) faoi na páistí sin den náisiún gur tugadh drochúsáid dóibh. Maidir leis an scannal sin, leagann sé an locht san áit cheart, orainne uile, pobal, eaglais, lucht cumarsáide agus eile – ‘oidhrí na saoránach a chosc a súile agus a gcluasa’. Tugann sé ómós agus aird freisin, do fhilí Bhéarla a bhí thuas, lenár linn féin, ach a bheadh, b’fhéidir, ‘ar an imeall’ chomh fada is a bhaineann le cuid mhór de mhuintir na hÉireann, amhail Heath Stubbs, Eddie Linden (an fear iontach a bhunaigh an iris filíochta Aquarius agus gan aige ina phóca de bhunairgead chun cur chuige sin ach £70). Tá aistriúcháin leis ar chuid de shaothar na bhfilí seo. Tá aistriúcháin déanta aige leis ar chúpla dán leis an fhile Laidineach, Catullus, a mhair seal gairid (ní raibh ach tríocha bliain de shaol aige) san aois roimh Chríost. Liriceoir clúiteach, ach garbhchainteach gan amhras.

03/05/2012 16:09


28

Timire

I gCuid a Trí den leabhar tá ocht leathanach de natháin lionóilghearrtha a raibh lámh ag an fhile ina ndealbhú. An ceann deiridh díobh, léiríonn dearcadh nach gcuirfinn ina choinne: ‘Ní beo don neamhpholaitiúil.’ Leabhar an-suimiúil is ea Ní Iontas go bhFuil an Spideog ag Gearán, ar comhfhoilsiú é le teach foilsitheoireachta Édition de Lis in Montréal, áit a raibh an Roscománach Ó Laighin ina Ollamh le Socheolaíocht nuair a d’fhoilsigh sé a chéad leabhar filíochta, Ealáin Draoi agus Adhlacadh Éabha breis is scór bliain ó shin. Is breá an rud é go bhfuil sé ag saothrú leis fós in úllord na filíochta. N’fheadar an bhfuil aon rud foilsithe aige idir an dá linn, nó cad tá ar siúl aige anois. Ní insítear aon cheo faoi sin, nó fiú faoina chéad shaothar, ins an leabhar seo nó ar an chlúdach. Tá an-éagsúlacht ábhar agus téamaí á bplé aige, agus (an gcreidfeá?) tá aistriúcháin aige ar dhánta le Catullus agus ar thrí dhán ón Ghréigis le Sappho (go bun leaganacha san aibítir Ghréagach). Ní dóigh liom go bhfuil comhcheilg litríochta ar siúl idir na filí atá faoi mheas anseo, áfach. Níl ann ach gur fianaise é an comhtharlú ar an ildánacht agus an cosmapolatánachas atá i litríocht Gaeilge na linne seo. Tá suíomh an chéad dáin sa chnuasach seo sa Tuirc, leis an dán fíorshimplí álainn, ‘Ní Thuigim Cén Fáth?’ i dtaobh an chailín atá diúltaithe ag a leannán. Is ealaíonta mar a théann an méid nach bhfuil ráite sa dán, ach atá curtha i dtuiscint gan é a rá, i gcion ar an léitheoir. Dúblaíonn sé ar an chomhbhá a mhothaíonn tú leis an chailín faoina léan pearsanta. Tá an íogaireacht mhothúcháin chéanna le sonrú ar dhánta eile. Eascraíonn cuid de na dánta as an inspioráid a fhaigheann an file ó chás na n-imirceach ó Éirinn a phlódaigh isteach go Ceanada, go Québec ach go háirithe, sa naoú céad déag. Dream briste cloíte ag gorta, agus ón éagóir ba chúis le Cogadh

TIMIRE Summer_2012.indd 28

na Talún níos déanaí. Is ábhar tógáil croí é an réabhlóid meanma atá ar a sliocht inniu i gCeanada, réabhlóid atá le sonrú ins na dánta sin, amhail ‘Oileán na nGael’ (Grosse-Île). Tá ábhar mórtais agus bród iontu, mar is dual do chine nach bhfuil a sliocht cloíte feasta. Is cuimhin liom a fheiceáil, in Kingston, baile in Ontario nach bhfuil rófhada ó Québec, an chrois álainn Cheilteach a cuireadh suas ansin roinnt blianta ó shin i gcuimhne na dteifeach ó Éirinn, agus comóradh orthu i dtrí theanga, Gaeilge, Fraincís agus Béarla. Ábhar sásaimh í d’aon Éireannach a ghabhfadh thar bráid. Ach tá rudaí a chuireann fearg ar an fhile seo, meatacht an pussy cat Ceilteach, mar shampla: ‘Nach deas iad na comharthaí in Inis Arcáin / i mBéarla snoite agus Gearmáinis ghonta / ag fógairt fan amuigh ar Ghaeil / lena keep out no entry is keep out verboten’ (in ‘Ó Inis Arcáin go hAraile’). Ach cén teanga a thabharfá ar an truflais a bhfuil cur síos cumasach déanta aige sa dán ‘An Chomaoin a d’Fhág Ó Donnabháin agus an tSuirbhéireacht Ordanáis Orainn’: ‘Aderawinney is barnatonicane / is ballydivlin don diabhlaíocht. Níl ansin ach an dá chéad líne. Tá samplaí i bhfad níos measa fós aige, ach ní scanróidh mé sibh leo. Is trua le rá é, ach bhí an Donnabhánach cloíte go leor, d’ainneoin is gur scoláire Gaeilge é. Ach ná cuirimis an locht airsiud. Bhain sé le ré eile ar fad, ar deacair é a shamhlú anois. D’ainneoin na feirge, tá féith an ghrinn le haireachtáil i gcuid de na dánta, agus ní leasc leis an údar cleasanna liteartha a imirt orainn anois is arís, mar atá in ‘Cárta ó La Tuque’ agus in ‘Ní Iontas go bhFuil an Spideog ag Gearán’. Níor iontas leis an spideog seo de léirmheastóir dá mbheadh a thuilleadh den diabhlaíocht grinn sin nár airigh sé le fáil i ndánta eile. Ach níl sé ag gearán, ach sa mhéid seo: Más é seo an dara leabhar filíochta leis, is mithid.

03/05/2012 16:09


Club Leabhar FS

Foilseacháin Ábhair Spioradálta An bhfuil tú id bhall den club leabhar iontach seo, a bhunaigh na hÍosánaigh in 1956, agus a chuireann trí leabhar ar fáil dá bhaill gach bliain? Thíos tá liosta de na leabhair a foilsíodh le cúpla bliain anuas Urnaí na hEaglaise – na Séasúir

€ 15

Cá bhfuil Walsingham? Proinsias Mac Brádaigh SJ

€ 10

Litreacha San Clár Máiréad Ní hUallacháin

€5

An tOideachas Caitliceach Helen Ó Murchú

€ 7.50

Rún Ardchros Éireann Oilibhéar Ó Croilligh

€8

Machnaimh Shoiscéalacha, B Cothraí Gógan

€ 12

Ag teacht amach an bhliain seo: An Spioradáltacht Ceilteach leis An tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith; Machnaimh Shoiscéalacha, Bliain C le Cothraí Gógan; An Tiomna Nua agus na Sailm. Chun leabhar a ordú, ballraíocht a ghlacadh, nó catalóg a fháil, bígí i dteagmháil linn ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2. R-phost: eolas@spiorad.ie Fón: 01 7758502

Tomhas an Timire: 168

1

2

3

4

5

6

7

8

Cén focal Gaeilge a chiallaíonn buíon nó dream daoine ag obair i gcomhar le chéile? Tá liosta focal thíos. Tóg litir amháin as gach focal chun an freagra a fháil. Comhar, ceart, éist, ceist, áthas, seo, ceann, solas.

Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 21ú Meitheamh. Tomhas 167: Freagra: Mullach Bhaile Shláine Buaiteoir: Éanna Ó hEanaigh, Lochán Beag, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

TIMIRE Summer_2012.indd 29

03/05/2012 16:09


Timire

Lís Ní Chulainn

30

MISE EOGHAN Dia daoibh, a chairde óga, agus tá an samhradh linn arís - ach, mo bhrón, na scrúduithe chomh maith. Tagann an teas chugainn le Páipéar a hAon agus Páipéar a Dó, agus gach cruacheist níos measa ná a chéile, agus tú múchta laistigh de bhallaí seomra nó halla agus an ghrian ag taitneamh lasmuigh ag magadh fút. Tá an bhéim faoi láthair ar an eolaíocht agus ar an teicneolaíocht. Mar a deir an sean-sagart anseo, shílfeá orthu nár thuig na seandaoine an saol seo ar chor ar bith. Bhí sé féin ag gáire an lá cheana nuair ab éigean dó teicneolaí sároilte a thabhairt isteach ag deisiú an dorais ghalánta atá i seomra an innealra. Bheadh eagla ort lámh a leagan air, tá sé chomh húdarásach sin ag oscailt ar chód amháin agus ag dúnadh ar chód eile. Nuair a tháinig an teicneolaí, cad a bhí aige, meas sibh? Buidéal íle, ambaiste, mar a bheadh agat do do rothar.

TIMIRE Summer_2012.indd 30

03/05/2012 16:09


Timire

31

An Tionscnamh Pé scéal é dúirt an t-oide eolaíochta linn cuimhneamh ar fheachtas éigin eolaíochta nár chuimhnigh éinne air cheana. Níl sé éasca, a deirim libh. Ach tá an-suim agam i mbláthanna an bháin - na bláthanna sin a fhásann as a stuaim féin gach bliain agus a chruthaíonn áilleacht inár dtimpeall, dár súile, dár srón agus dár n-intinn. Is ionadh liom i gcónaí go leanann siad neamhspleách ar a chéile, gach bláth díobh ag feidhmiú de réir rialacha a threibhe féin. Chuir mé chuige chun bláth nua a chur ag fás a bheadh ina mheascán de bhláthanna. Ní raibh sé éasca na síolta d’fháil mar nuair a imíonn an bláth ní bhíonn an síol sofheicthe go minic i measc an fhéir. Ach d’éirigh liom síol sabhaircín agus síol bainne bó bleachtáin agus síol cloigín gorm d’fháil. Bhí fonn orm lus an chromchinn a chur san iarracht freisin ach níor éirigh liom mar is bleibín atá ann agus ní síol.

Bosca Bláthanna Chuir mé na síolta go léir go dlúth lena chéile i bpíosa cré i mbosca agus d’fhan mé ag faire orthu gach lá agus ag tabhairt uisce dóibh. Chuir mé an bosca isteach i dteach gloine. Tar éis míosa ní raibh borradh ar bith as agus bhí mé in éadóchas faoi mo thionscnamh. Ní bheadh tada agam le tabhairt isteach agus bhí mé cinnte go raibh na síolta ag teacht aniaraduaidh orm. Cé thógfadh orthu é? Tharla go bhfaca an sagart mé ag faire ar mo bhosca agus cuma bhuartha orm. ‘Cad tá agat ansin, a Eoghain’, ar sé liom agus d’inis mé dó, ach mé ag iarraidh air é a choimeád ina rún. Bhí uaim rud a chruthú nach raibh a leithéid ag éinne eile riamh. Bhí miongháire ar a bhéal nuair a dúirt sé: ‘’Eoghain, a stóir, céard a thugann ort a cheapadh go bhfásfaidh na bláthanna fiáine agus iad go compordach laistigh de theach gloine. Tá siad cleachtach ar ghaoth na mara ag séideadh tharstu agus péist nó dhó ag beannú dóibh. Cuir amach ar an bhfeirm iad agus geallaim duit go dtosóidh fás éigin laistigh de sheachtain.’ Ba mhór an faoiseamh dom é sin a chlos uaidh. Ta sé chomh gar sin don dúlra go labhraíonn sé le héan agus crann agus bláth agus féach go raibh sé ag cabhrú liom chun cur isteach ar an sabhaircín agus ar an mbainne bó bleachtáin agus iad a phósadh ar a chéile, mar a déarfá. Agus bhí an ceart aige. Seachtain ina dhiaidh sin, chonaic me spota beag glas agus coicís ina dhiaidh sin bhí bláth nua agam - bláth nach mbeadh a leithéid ag éinne eile. Agus nach mé a bhí bródúil. Bhí na tionscnaimh eile, mar a déarfá, ar leathlámh, agus fuair mé lánmharc sa scrúdú. Bhí an-suim ag an oide sa triail a rinne mé. Ach ní fheadar uaireanta an fiú an taighde uile go léir a dhéanann na heolaithe. Féach go bhfuil bláth úrnua agam. Cen faid a sheasfaidh sé? Mí, ar a mhéad, a déarfainn. Agus ina dhiaidh sin ní féidir úsáid a bhaint as síol an úrbhlátha seo. Pointí i scrúdú i gcoiteann a bhíonn sna tionscnaimh agus ní eolaíocht i ndáiríre. Ach tá an Samhradh romhainn leis na laethanta fada agus leis an tsaoirse ó ranganna agus an lá ar fad againn chun dul ag caint le seilmide nó le frog nó le hiora rua. Ach níl siadsan rua a thuilleadh mar bhuaigh an t-iora liath orthu. Go raibh saoire iontach agaibh go léir agus go dtuga Dia an soineann dúinn.

TIMIRE Summer_2012.indd 31

03/05/2012 16:09


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a dó An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí

Intinní an Phápa Mí an Mheithimh 2012 Go n-aithní creidmhigh go bhfuil an Té a d’aiséirigh ina láthair go beo san Eocairist, agus go mbíonn sé ina gcuideachta ina mbeatha laethúil. Mí Iúil 2012 Go raibh obair le fáil ag gach duine faoi thoscaí slán-sábháilte Mí Lúnasa 2012 Go riarfaí ar phríosúnaigh go cothrom agus le meas ar a ndínit dhaonna Mí Mheán Fómhair Go ngníomhaí polaiteoirí i gcónaí le macántacht, le hionracas agus le grá don fhírinne

TIMIRE Summer_2012.indd 32

03/05/2012 16:10


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.