3 minute read

Ina fhéiniúlacht féin Breandán Mac Partholáin SJ

12

Timire

Ina fhéiniúlacht féin, aimsíonn an t-imirceach a ghuth

Breandán Mac Partholáin SJ

Tá clú ar réabhlóid thionsclaíoch agus ar shaormhargadh Shasana an naoú céad déag mar gheall ar an mbochtanas Dickensiach agus an rathúnas Victeoiriach a bhain leo. Mar an gcéanna, tá rachmas ollmhór agus dinimic dhomhanda á gcruthú ag an nuatheicneolaíocht agus ag an trádáil idirnáisiúnta, mar sin bíonn gá le himirce ar scála an-mhór. Saortar airgead agus earraí le dul chuig na margaí is mó brabúis. Bíonn ar dhaoine dul mar thosca táirgeachta go dtí na háiteanna ina mbíonn oibrithe ag teastáil.

Ó thaobh na n-imirceach féin de, leanann siad an tuar dóchais go mbeidh saol níos fearr i ndán dóibh agus dá gclanna. Cén fáth go bhfuil an oiread sin imirceach i mo bhaile beag anaithnid? Mar tá gá ag na monarchana le hoibrithe agus níl gá ag muintir na háite le hobair neamh-tharraingteach le drochphá.

Ansin d’imigh an taoide eacnamaíochta amach agus fágadh dífhostaithe cuid mhaith des na hoibrithe gur imircigh iad. Caithfi dh an caipitleachas iomaíoch brabús a dhéanamh as saothar an duine. Ag an am céanna, is féidir leis seo deiseanna a thabhairt d’oibrithe agus dá gclanna, deiseanna nach mbeadh acu sa bhaile. Bíonn an dul chun cinn i sochaí chaipitleach míchothrom áfach. Cruthaíonn sé domhan neamhfhorbartha agus éagothrom atá faoi réir ag borradh nuair a éiríonn leis agus a ghéilleann don choimhlint agus don ghorta nuair a theipeann air.

Nuair a bhíonn rath ar an ngnó, tosaíonn an t-imirceach nua-thagtha ag bun an dréimire. Tá gá leis chun an obair chontúirteach, shalach agus leadránach a dhéanamh, an cineál oibre nach bhfuil muintir na háite sásta glacadh léi. Chomh maith le bheith ag déileáil le timpeallacht nua, teanga nua, agus stádas nua sa chóras, caithfi dh sé cuir suas le dúshaothrú agus le pá íseal. Is coimhthíoch é faoi dhlí na h-imirce. Caitheann cleachtas fostaíochta leis go neamhfhabhrach. Ní aithnítear a éagsúlacht mar ábhar spéise, níl luach ar a éagsúlacht mar fhoinse shaibhriúcháin, ach mí-aithnítear é mar dhuine leadránach agus déantar díspeagadh air amhail is dá mba bhagairt é.

Ach is féidir droichid a dhéanamh as baic. Saorann fáilte agus féile an t-imirceach ó aitheantas atá as riocht agus cinntíonn siad a fhéiniúlacht mar bhall eile den chine daonna. Déantar comharsa de nuair a shocraíonn sé isteach i dteach nó i scoil. Ligeann fostaíocht isteach i gcaidreamh comhghleacúil é agus tugann sé deis dó cánacha a théann chun socair don leas

Timire 13

coiteann a íoc. Eascraíonn saoránacht agus imeascadh as meas a léiriú ar a chomhchearta. Bronntar féiniúlacht air trí aghaidheanna daoine eile a aithint. Ina fhéiniúlacht féin, aimsíonn an t-imirceach a ghuth.

Ní dual do dhaoine le féin-mhuinín ballaí a thógáil. Chonaiceamar seo i dtitim bhalla Bheirlín. Ina gcroíthe, lorgaíonn daoine comhbhráithreachas. Cothaíonn Dia comhpháirteachas ina chroí féin. Uair sa bhliain, déantar ceiliúradh ar an Aifreann i mBéarla agus i Spáinnis ag an am céanna thar teorainn Mheicsiceo leis na Stáit Aontaithe. Ciallaíonn agus cruthaíonn an ceiliúradh seo comhbhráithreachas.

Glaonn ár bparóistí áitiúla ar a bpobail, a n-imircigh san áireamh, bogadh ó bheith scoite amach agus a n-éagsúlacht a cheiliúradh le chéile. I gcomhair le briathar Dé tugann siad guth dá bhféiniúlacht i gCríost. Le briseadh an aráin, nascann siad a bhfulaingt le fulaingt an Uain a íobraíodh ag an gcóras. Nuair a roinntear arán agus fíon, bíodh nach bhfuil ann ach cúig bhullán agus dhá iasc, is siombail é agus is é is cúis le dáileadh earraí an domhain ionas go mbeidh gach duine iomlán.

Tríd a gcomaoin mar aon chorp amháin, aithníonn siad aghaidh Chríost a shiúlann leo ar an domhan seo chun ríocht an dea-chaidrimh a thógáil. Cuirfear ina gceart caidrimh atá curtha ar sceabh – idir daoine agus eagraíocht, idir an duine socruithe agus an t-imirceach, idir fir agus mná, idir daoine agus an nádúr.

Smaoinigh go speisialta ar mhná gur imircigh iad atá brúite faoi chois ag leatrom dúbalta. Chomh maith le stádas íochtaránach a bheith acu, is orthu a thiteann dualgais chúram agus íobartha. Tabhair tacaíocht dá ngrúpaí féinchabhracha, mar is iontu atá an dóchas go gcuirfear athruithe i bhfeidhm trí shíocháin a dhéanamh, cuimsiú sóisialta a chur i bhfeidhm, pobail a comhtháthú agus a bheith ag maireachtáil i dtiúin leis an nádúr. Theith Muire, máthair Íosa lena páiste mar theifeach chun na hÉigipte. Níl aon eolas againn faoina taithí siúd ach tuigeann sí taithí mháithreacha atá ar imirce agus ise a roghnaíodh chun muid a threorú ar an turas daonna go neamh.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2013

Go gcothófaí agus go raibh tionlacan ag clanna na n-imirceach, máithreacha ach go háirithe.

This article is from: