Timire
25
Crainn na Nollag
Caitlín Ní Luasaigh
Tá siad ann a deir go raibh trí chrann lasmuigh de dhoras tí na Beithile- crann darach, crann olóige agus crann giúise. Thosaigh an dá chrann mhóra ag maíomh, lá.
‘Mise,‘ arsa an crann darach ‘sínfidh mé amach mo ghéaga mar scáth nuair a chuirfidh an mháthair an leanbhín sa chliabhán amach faoin aer’.
‘Mise,’ arsa an crann olóige, ‘ligfidh mé do m’ológa titim i dtreo go mbeidh ola aici chun an leanbhín a chuimilt go suaimhneach sásta’.
‘Ó, faire go deo,’ arsa an crann giúise, ‘ní féidir liomsa faic na ngrást a dhéanamh. Tá mo ghuairí róspíonta agus mo bhuaircíní rógharbh dá lámha boga míne’.
‘Faic fónta go deimhin’ arsa an bheirt eile d’aon gháire.
Leis sin tharla go raibh aingeal ag eitilt thart a chuala an comhrá. Lig sí do réalt beag a bhí ag glioscarnaigh go gléineach titim ar bharr an chrainn ghiúise agus bhuail an leanbhín a bhosa le háthas ag an radharc.
Síol
Caitlín Ní Luasaigh Bíonn eithne beag i ngach cnó Croíeachán i ngach cillín beo Croí i ngach neach daonna A chruthaigh Sé Eithne, croíeachán, croí na Nollag, in A mhainséar É.
Slán le Peigí
Tá an lá cinniúnach tagtha agus caithfimid slán a fhágáil le laoch mór i ndul chun cinn an Timire, sé sin Peigí Ní Dhurcáin. Is beag duine atá ina bhall den Timire nach bhfuil aithne acu nó cloiste acu faoi Pheigí. Mar bhall de Chraobh Aspalacht na hUrnaí den Chuallacht Mhuire d’oibrigh Peigí go dian thar na blianta ar son an Timire agus le fada an lá mar chisteoir/rúnaí ballraíochta ar an iris. Rinne Peigí gach iarracht cairdeas agus nasc a chothú leis na síntiúsoirí agus leis na scríbhneoirí a chuir altanna ar fáil don iris trína nótaí pearsanta agus glaonna fóin. Bhí Peigí ansásta i gcónaí gach fadhb a bhain le ballraíocht a réiteach agus é sin a dhéanamh go séimh, cumasach agus ar ndóigh ar bhonn deonach. Tá an Timire go mór faoi chomaoin aici agus murach í seans nach mbeadh an iris fós beo. Ba iarmhúinteoir í Peigí agus chaith sí an dua céanna leis an Timire is a chaith sí lena slí bheatha. Bhí alt an-deas uaithi in eagrán an Chéid (Fómhar 2011) den iris inar chuir sí síos ar an pháirt a ghlac Cuallacht Mhuire in obair an Timire. Guímid gach rath agus seán uirthi féin agus ar a deirfiúr Eibhlín agus ar an fhoireann a chabhraigh léi chun an iris a dháileadh gach ráithe, sé sin Dora agus Ciarán Ó Dúláine. Go gcúití Dia a gcuid oibre leo uile.