1 minute read
Guth na nÓg Gráinne Ní Lorcáin
Guth na nÓg
Gráinne le cuid dá cairde óga sa tSaimbia
Gráinne Ní Lorcáin
Ar an gcúigiú lá de mhí Iúil 2012, thaistil mise agus ceathrar cairde liom go baile Kasama sa tSaimbia, chun tréimhse dhá sheachtain a chaitheamh ag obair go deonach i scoileanna ann. Bhíomar ag ullmhú dun turas seo le naoi mí, agus muid sa séú bliain i gColáiste Íosagáin agus i gColáiste Eoin, Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath. Tá baint ag Coláiste Íosagáin leis an mBráthair Dominique Sykes atá ina chónaí i Kasama le blianta anuas, agus is leis an mBráthair a bhíomar ag obair. Bhailíomar €12,000 i rith na bliana atá á úsáid anois chun feabhas a chur ar an Chifwani Skills Centre, ionad a mhúineann scileanna ríomhaireachta agus táilliúireachta do dhaltaí taréis dóibh an scoil a fhágáil.
Chaitheamar am i dtrí scoil i Kasama: St Martin de Porres, naíonra le páistí díreach cosúil leis na páistí anseo i mBaile Átha Cliath, lán d’fhuinneamh agus de spraoi; Chifwani Basic School, bunscoil agus meánscoil measctha inar mhúineamar Mata, Eolaíocht agus Béarla. Ach an áit a chuaigh i bhfeidhm ormsa go mór ná Chileshe Chipela, scoil chónaithe agus dílleachtlann do pháistí míchumasacha. Bhí páistí de gach aois ansin, le gach saghas máchail, fi siciúil agus intinne. D’fhoghlaimíomar teanga comharthaíochta chun cumarsáid a dhéanamh leo, agus mhúin siad a gcluichí agus a gceachtanna dúinn. Bhímis ag súgradh leo ar feadh an lae gan focal á rá againn, toisc nach raibh acu ach gáire agus caoineadh.
Is domhan iomlán eile é amuigh sa tSaimbia. Cuireadh ionadh orainn gach lá leis an méid bochtanais agus tinnis a chonaiceamar timpeall orainn, ach chuir áthas agus beocht na bpáistí ionadh orainn chomh maith. Chuir muintir Kasama lán fháilte romhainn, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an ngrá a thaispeáin siad dúinn.
Thángamar abhaile, agus tá dearcadh difriúil agamsa ar an saol. Táim ag déanamh staidéar ar leigheas san ollscoil, agus le cúnamh Dé beidh mé ar ais i Kasama go luath ar cuairt ag mo chairde, agus ag cur leis an obair iontach atá ar siúl ag an mBráthair Dominique ansin.