![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/b54ebfb0a0e378851072231819b32da1.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
2 minute read
Bain triail as: Ceardaíocht don Aos Óg Méabh Ní Choileáin
Méabh Ní Choileáin
Timire 31
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/0a90d2c320db3dee3967da276d14b31e.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
BAIN TRIAIL AS!
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/2b56e7b41da841c3ec6565395343202d.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/79e4b55674e2d36cc2f7fad8e340c6d6.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/397d47780189241f5971392645b4195a.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/75ac39e7fb7945fa70c6e0550d61feb4.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/9fc1841d7e4a803642b2cda7dbadc7c0.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Caipíní Cásca
Nuair a smaoinítear ar aimsir na Cásca, tá go leor rudaí a thagann chun cuimhne, ina measc: bláthnanna deasa ag teacht aníos ón bhféar, uibheacha seacláide i bhfolach sa ghairdín, agus ainmhithe beaga atá díreach tagtha ar an saol.
Lig ort gur féidir leat preabadh ar nós coinín óg nó ‘típ típ’ a rá amhail sicín beag leis na caipíní gleoite seo!
Ag teastáil:
Páipéar: dath bándearg, bán, buí agus oráiste Olann chadáis: dath bán, buí agus dubh (ar fáil i siopaí ceardaíochta agus siopaí puint) Gliú (ar nós Pritt-Stick) 1. Gearr amach banda páipéir mór go leor le dul thar timpeall do chinn. 2. Gearr amach cliatháin, cluasa, súile agus gné ar bith eile a smaoiníonn tú air. 3. Greamaigh leis an mbanda iad agus fág ar leathtaobh chun greamú. Nod: Is féidir gealra (glitter), péint nó do rogha rud eile a úsáid ar na caipíní beaga seo!
Aspalacht na hUrnaí
Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh:
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/8e7a51aeae89a76013ba735189f27195.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a dó
An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna
Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Inti nní an Phápa don mhí
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/9786973bfea1ee7d0094606753c2db01.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Intinní an Phápa
Márta 2013
Go méadaítear ár meas ar an nádúr, agus ar an fh ios gur ó lámh Dé a tháinig an chruthaíocht uile lena cur faoi chúram an chine dhaonna ionas go mbeadh an duine freagrach as. Aibreán 2013
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/dc9bbd952a3204f042a02be01b48b0e6.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Go raibh ceiliúradh an chreidimh go poiblí agus le dúthracht mar bhuntobar na beatha do na fí réin. Bealtaine 2013
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/f305cd4c2bc8fd9757e5da4b48f7bc7f.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Go ndéana lucht riartha an chirt agus na córa gníomhú i gcónaí le hionracas agus le coinsias glan. Meitheamh 2013
Go mbuanaítear cultúr i measc na náisiún den chomhphlé, den chomhéisteacht agus den chomhurraim.
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/c9cdf213cd79124cf98273ae61e76614.jpeg?width=720&quality=85%2C50)