2 minute read

Comhfhreagras An Bráthair D.C Ó Muirthile

24

Timire Litir

8/1/2013 Blessed Edmund Rice House Westcourt, Callainn Co Chill Chainnigh

An tEagarthóir

A chara,

Ar léamh dom ‘An Timire’ (Geimhreadh 12/13) bhain mé taitneamh ar leith as an sliocht a scríobh an An Br. de Barra faoi Éamann Rís Beannaithe. Cé go raibh tionchar domhanda ag Éamann agus bunaitheoirí eile a linne is beag a scríobhtar futhu na laethanta seo.

Tá laghdú tagtha ar líon na mBráithre sa domhan thiar ach tá borradh agus fás san Aifric, san Ind, i Meiriceá Theas agus Oceania. Chomh maith leis sin, tá forfhás ag teacht ar lucht leanúna agus Cairde Éamainn Rís ar fud an domhain.

Tar éis 250 (Beyond 250 Edmund Rice Appeal)

I rith 2012, bliain comórtha 250ú lá breithe Éamainn, tosaíodh ar fheachtas idirnáisiúnta ‘Beyond 250 Appeal’ chun airgead a sholáthar do na hoibreachta atá ar bun ag na Bráithre sa tríú domhan. Is iontach cé chomh fi al agus atá muintir na hÉireann in am seo an ghátair.

Westcourt, Callain

Timpeall mile slí thiar ó Bhaile Callainn, tá an teach ina rugadh Éamann Rís. Tógadh an teach seo breis is 300 bliain ó shin. I 1962, cheannaigh na Bráithre Críostaí an teach agus roinnt beag talún ó Mhuintir Uí Néill a bhfuil gaol acu leis na Rísigh. Sa teach stairiúil seo, chuir siad iarsmalann agus tógadh séipéal cuimhneacháin in aice an tí. Freisin, tógadh láthair cuairteoireachta a osclaíodh in 1974. Tagann oilithrigh agus cuairteoirí ó chian agus ó chóngar go Callainn chun eadarghuí Éamainn Bheannaithe a fháil do dhaoine atá tinn nó i gcruatan. I rith 2012 tháinig daoine ó Buenos Aires, Montevideo, Sidney, Auckland chun omós a thabhairt do Bhunaitheoir na mBráithre. Más mian le duine ar bith achainí a chur trí eadarghuí Éamainn Bheannaithe is féidir scríobh go dtí na Bráithre Críostaí, Westcourt, Callainn, Co. Chainnigh. Cuirfear a n-ainmneacha i leabhar speisialta agus beidh siad i bpaidreacha laethiúla na mBráithre agus beidh cuimhne ar leith orthu in Aifreann mhí na Bealtaine.

Cnoc Síon, Port Láirge

Is i bPort Láirge, a chaith Éamann Rís an chuid is mó dá shaol; is ann a pósadh é agus is ann a bhunaigh sé ord rialta. Nuair a fuair sé bás in aois 80, adhlacadh é i gCnoc Síon. I 2008, osclaíodh iarsmalann nua agus séipéal álainn ina bhfuil corp Éamanin Bheannaithe curtha. Áit thábhachach is ea Cnoc Síon i saol na cathrach. Tá cúrsaí agus imeachtaí d’óg agus aosta ar siúl ann. Tugtar ard agus aire ar leith d’eachtrannaigh, go mór mór dóibh siúd nach bhfuil Béarla acu agus iad sin atá ag lorg oibre nó áit cónaithe. Comhluadar idirnáisiúnta a chónaíonn sa mhainistir i gCnoc Síon atá faoi bhainistíocht ag Bráithre na Toirbhirte agus na Bráithre Críostaí.

D.C Ó Muirthile

Tuilleadh eolais: www.edmundrice.ie & www.edmundrice.org

This article is from: